EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1390

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1390 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/163/AE maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5636) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5636

IO L 210, 11.8.2022, p. 7–17 (BG, CS, DA, DE, ET, EL, EN, GA, HR, IT, LV, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SL, FI, SV)
IO L 210, 11.8.2022, p. 7–18 (ES, FR, LT, SK)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R2293

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1390/oj

11.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 210/7


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1390 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Lúnasa 2022

lena leasaítear Cinneadh 2011/163/AE maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5636)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar iarmhair na substaintí sin in ainmhithe beo agus i dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 29(1), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 29(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le Treoir 96/23/CE, maidir le tríú tíortha a bhfuil údarú ag na Ballstáit ainmhithe agus táirgí ainmhithe a chumhdaítear sa Treoir sin a allmhairiú uathu, nach mór do na tíortha sin pleananna faireacháin maidir le hiarmhair a chur isteach, pleananna lena gcuirfear ar fáil na ráthaíochtaí a cheanglaítear (“na pleananna”). Tá na grúpaí iarmhar agus substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/23/CE le bheith cumhdaithe sna pleananna.

(2)

Le Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (2), formheastar na pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha áirithe agus a bhaineann le hainmhithe agus táirgí ainmhithe, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Is ann do thríú tíortha áirithe nach bhfuil ag úsáid ach amhábhair ó cé acu na Ballstáit nó ó thríú tíortha eile arna bhformheas i dtaobh teacht isteach amhábhar den sórt sin san Aontas. i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh 2011/163/AE, chun táirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart iontrálacha le haghaidh na dtíortha sin a mharcáil le “Δ”, rud a léiríonn trádáil thriantánach i gcás na speiceas nó na dtráchtearra ábhartha sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(4)

Tríú tíortha nach bhfuil plean curtha i láthair acu maidir le speicis bhuaibheacha, speicis de chineál na gcaorach/na ngabhar, speicis mhucúla, speicis eachaí nó éanlaith chlóis, ach a n-iarrann siad táirgí ilchodacha a mhonarú a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas trí úsáid a bhaint as táirgí ainmhithe próiseáilte ó na speicis sin, ba cheart cead a bheith acu, arna iarraidh sin, táirgí ilchodacha den sórt sin a ullmhú ar choinníoll go bhfaightear na táirgí ainmhithe próiseáilte sin ó Bhallstát nó ó thríú tír fhormheasta faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a leagtar amach i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/625 (3) agus (AE) 2020/692 (4) ón gCoimisiún agus i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (5) agus (AE) 2021/404 (6) ón gCoimisiún. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart iontrálacha le haghaidh na dtíortha sin a mharcáil le “O” sa cholún don speiceas ainmhí ábhartha amháin a iarrtar sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(5)

Tríú tíortha a bhfuil plean curtha i láthair acu maidir le cé acu táirgí dobharshaothraithe nó bainne nó uibheacha, agus a n-iarrann siad táirgí ilchodacha a mhonarú, ba cheart cead a bheith acu táirgí ilchodacha a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas agus ina bhfuil na táirgí próiseáilte sin a ullmhú, trí úsáid a bhaint as aon cheann de na táirgí próiseáilte sin, ar choinníoll go bhfaightear na táirgí próiseáilte nach bhfuil plean curtha i láthair ina leith ó na Ballstáit nó ó thríú tíortha formheasta. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart iontrálacha le haghaidh na dtíortha sin a mharcáil le “O” i gcás na gcatagóirí sin atá fágtha sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(6)

Is gá tríú tíortha a liostú le haghaidh moileasc i ngeall ar an athrú ar na ceanglais deimhniúcháin maidir le moilisc shaothraithe. Faoi láthair, níl aon cheanglas ann faoi Threoir 96/23/CE go gcuirfeadh tríú tíortha pleananna le haghaidh moileasc faoi bhráid an Choimisiúin. Is de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (7) a dhéantar an t-aon fhaireachán ábhartha maidir le hiarmhair le haghaidh táirgeadh moileasc saothraithe a bhaineann le héilleáin, agus liostaítear na tríú tíortha a chomhlíonann na coinníollacha sin in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (8). Ós rud é go gcomhlíonann na tríú tíortha sin ceanglais Airteagail 56 go 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le faireachán maidir le hiarmhair, dá bhrí sin ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na tíortha sin a mharcáil le “M” sa cholún “Dobharshaothrú” sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE, rud a chuirfidh “moilisc” in iúl.

(7)

Táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí próiseáilte ó mhoilisc de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha formheasta a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, d’iarr tíortha áirithe na táirgí sin a onnmhairiú chuig an Aontas. Na tíortha sin atá marcáilte le “X” sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na tráchtearraí seo a leanas: tráchtearraí ó speicis bhuaibheacha, ó speicis de chineál na gcaorach/na ngabhar, ó speicis mhucúla, ó éanlaith chlóis, tráchtearraí dobharshaothraithe, bainne, uibheacha nó géim, tá ráthaíochtaí leordhóthanacha tugtha ag na tíortha sin i ndáil leis an gcóras rialaithe oifigiúil atá i bhfeidhm acu. Dá bhrí sin, ba cheart na tíortha sin uile a mharcáil le “P” sa cholún “Dobharshaothrú” den tábla sin lena gceadaítear dóibh táirgí próiseáilte ó mhoilisc de thionscnamh Ballstát nó tríú tíortha formheasta a úsáid chun táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí próiseáilte ó mhoilisc a tháirgeadh agus a onnmhairiú.

(8)

Sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE, roinntear an chatagóir “Táirgí dobharshaothraithe” i gceithre fhochatagóir, chun na fochatagóirí sin a ailíniú leis na fochatagóirí a chumhdaítear le deimhnithe caighdeánacha maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (9), agus leis na liostaí comhfhreagracha de thríú tíortha a údaraítear maidir le teacht isteach táirgí den sórt sin san Aontas a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

(9)

Is léir ón taithí a fuarthas le déanaí nach dtugann fochatagóiriú táirgí dobharshaothraithe an tsoiléireacht is gá do bhaill foirne rialaithe ag poist rialaithe teorann an Aontais. Dá bhrí sin, is iomchuí filleadh ar cholún amháin le haghaidh “Dobharshaothrú” sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(10)

An Astráil, an Bhanglaidéis, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Hondúras, an Indinéis, an India, an Chóiré Theas, Srí Lanca, Madagascar, an Mhalaeisia, Maenmar/Burma, Meicsiceo, Panama, Peiriú, na hOileáin Fhilipíneacha, an Araib Shádach, an Téalainn, an Téaváin, na Stáit Aontaithe agus Vítneam, tá pleananna a chumhdaíonn táirgí dobharshaothraithe curtha isteach ag na tíortha sin. Leis na pleananna sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart iad a fhormheas dá bhrí sin.

(11)

An Albáin, an Airméin, an Airgintín, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhealarúis, an Eilvéis, an tSile, Oileáin Fháclainne, Oileáin Fharó, an Ríocht Aontaithe, Oileán Mhanann, Iosrael, an tSeapáin, an Chéinia, Maracó, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, Oileán Mhuirís, an Nua-Shéalainn, an tSeirbia, Singeapór, an Túinéis, an Tuirc, an Úcráin agus Uragua, tá pleananna nach gcumhdaíonn ach iasc eite curtha isteach ag na tíortha sin. Leis na pleananna sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart iad a fhormheas dá bhrí sin, agus raon feidhme teoranta d’iasc eite ag gabháil leo.

(12)

Brúiné, an Bheilís, Cúba, Guatamala, Mósaimbíc, an Nua-Chaladóin, an Nigéir, Nicearagua, an Tansáin agus Veiniséala, tá pleananna nach gcumhdaíonn ach crústaigh curtha isteach ag na tíortha sin. Leis na pleananna sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart iad a fhormheas dá bhrí sin, agus raon feidhme teoranta do chrústaigh ag gabháil leo.

(13)

Tá plean curtha isteach nach gclúdaíonn ach eochraí agus caibheár agus crústaigh ag an Iaráin. Leis an bplean sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart iad a fhormheas dá bhrí sin, agus raon feidhme teoranta d’eochraí agus caibheár agus crústaigh ag gabháil leis.

(14)

Andóra, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Cholóim, an Ríocht Aontaithe, Hong Cong, Maracó, Meicsiceo, an Mhalaeisia, Singeapór, San Mairíne, an Téalainn agus an Chosaiv, níor chuir na tíortha sin pleananna i láthair maidir le speicis áirithe ainmhithe agus táirgí ainmhithe áirithe de bhun cheanglais Airteagal 7 de Threoir 96/23/CE. Mar sin féin, tá ráthaíochtaí leordhóthanacha tugtha ag na tíortha sin i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh 2011/163/AE chun táirgí den sórt sin a onnmhairiú chuig an Aontas, ar táirgí iad de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír fhormheasta. Dá bhrí sin, ba cheart na tríú tíortha sin a fhormheas le haghaidh trádáil thriantánach.

(15)

An Astráil, Ceanada, an Eilvéis, an tSile, an Ríocht Aontaithe, Geansaí, an Ghraonlainn, Oileán Mhanann, Iamáice, Geirsí, an tSeapáin, an Chóiré Theas, Maracó, an Nua-Shéalainn, Peiriú, an Téalainn, an Túinéis, an Tuirc, an Úcráin, na Stáit Aontaithe, Uragua agus Vítneam, liostaítear na tíortha sin in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 mar thríú tíortha a údaraítear maidir le teacht isteach moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart na tríú tíortha sin a mharcáil le “M” sa cholún “Dobharshaothrú” sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(16)

Andóra, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Albáin, an Airméin, an Airgintín, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhanglaidéis, Brúiné, an Bhrasaíl, an Bhotsuáin, an Bhealarúis, an Bheilís, an tSín, an Cholóim, Cósta Ríce, Cúba, Eacuadór, Oileáin Fháclainne, Oileáin Fharó, Guatamala, Hong Cong, Hondúras, an Indinéis, Iosrael, an India, an Iaráin, an Chéinia, Srí Lanca, an Mholdóiv, Montainéagró, Madagascar, an Mhacadóin Thuaidh, Maenmar, Oileán Mhuirís, Meicsiceo, an Mhalaeisia, Mósaimbíc, an Namaib, an Nua-Chaladóin, an Nigéir, Nicearagua, Panama, na hOileáin Fhilipíneacha, Saint Pierre agus Miquelon, Paragua, an tSeirbia, an Rúis, an Araib Shádach, Singeapór, San Mairíne, Eswatini, an Téaváin, an Tansáin, Veiniséala agus an Afraic Theas, d’iarr na tíortha sin táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí próiseáilte a dhíorthaítear ó mhoilisc a onnmhairiú. Tá ráthaíochtaí tugtha ag na tíortha sin i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh 2011/163/AE nach n-úsáidfidh siad ach moilisc de thionscnamh na mBallstát nó de thionscnamh tríú tíortha formheasta a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 agus ba cheart iad a mharcáil le “P” sa cholún “Dobharshaothrú” den tábla sin.

(17)

Tá plean maidir le mil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ina gcumhdaítear aon réigiún amháin. Leis an bplean sin tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin. Ba cheart iontráil le haghaidh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir le mil a chur leis an tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE, agus í teoranta don réigiún sin.

(18)

Liostaítear an tSile agus an Ghraonlainn sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE i ndáil le feoil ó ainmhithe de chineál caorach agus ó ainmhithe de chineál gabhair a onnmhairiú chuig an Aontas. Chuir an tSile agus an Ghraonlainn in iúl don Choimisiún, áfach, nach bhfuil spéis acu a thuilleadh feoil ó ainmhithe de chineál gabhair a onnmhairiú chuig an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha le haghaidh na Sile agus na Graonlainne maidir le feoil ó ainmhithe de chineál caorach agus feoil ó ainmhithe de chineál gabhair sa tábla sin a shrianadh d’fheoil de chineál caorach.

(19)

Liostaítear Geansaí sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE i ndáil le feoil ó bhó-ainmhithe agus bainne a onnmhairiú chuig an Aontas. Chuir Geansaí in iúl don Choimisiún, áfach, nach bhfuil spéis aici a thuilleadh feoil ó bhó-ainmhithe a onnmhairiú chuig an Aontas. Ba cheart an iontráil le haghaidh Gheansaí maidir le feoil ó bhó-ainmhithe agus bainne sa tábla sin a shrianadh do bhainne.

(20)

Níor chuir Singeapór ná an Téalainn plean maidir le huibheacha faoi bhráid an Choimisiúin. Mar sin féin, thug Singeapór agus an Téalainn ráthaíochtaí nach n-úsáidfidh siad ach uibheacha de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha a údaraítear maidir le teacht isteach táirgí den sórt sin san Aontas agus chuir siad in iúl don Choimisiún nach mbeidh na huibheacha sin atá le honnmhairiú chuig an Aontas teoranta do tháirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí uibhe próiseáilte. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha le haghaidh Shingeapór agus na Téalainne maidir le huibheacha a mharcáil le “Δ” sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(21)

Níl pleananna curtha ar fáil ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ná ag Srí Lanca maidir le bainne ó speicis bó-ainmhithe, speicis ainmhithe de chineál caorach nó speicis ainmhithe de chineál gabhair de bhun cheanglais Airteagal 7 de Threoir 96/23/CE. Mar sin féin, tá ráthaíochtaí tugtha acu nach n-úsáidfidh siad ach táirgí bainne de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha formheasta chun táirgí ilchodacha atá le honnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha le haghaidh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Shrí Lanca maidir le táirgí bainne a mharcáil le “O” sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE lena n-áirítear táirgí uibheacha, ós rud é go bhfuil “X” ar a laghad ag luaite leis na tríú tíortha sin le haghaidh bainne camaill (Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha), nó táirgí dobharshaothraithe (Srí Lanca) sa tábla sin.

(22)

Níl plean maidir le bainne agus uibheacha curtha ar fáil ag an Malaeisia de bhun cheanglais Airteagal 7 de Threoir 96/23/CE. Mar sin féin, tá ráthaíochtaí tugtha an Malaeisia nach n-úsáidfidh sí ach bainne agus uibheacha de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha formheasta chun táirgí ilchodacha atá le honnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil le haghaidh na Malaeisia maidir le bainne agus uibheacha a mharcáil le “O” sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE.

(23)

Liostaítear Siarra Leon faoi láthair sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/163/AE le haghaidh meala agus liostaítear Uganda le haghaidh táirgí dobharshaothraithe. Ós rud é nach bhfuil pleananna maidir leis na táirgí sin faoi bhráid an Choimisiúin ag na tríú tíortha sin, ba cheart na hiontrálacha sin a scriosadh ón tábla sin.

(24)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/163/AE a leasú dá réir.

(25)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/163/AE mar a leanas:

1.

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 2:

“Airteagal 2a

Tríú tíortha nach bhfuil pleananna faireacháin maidir le hiarmhair curtha i láthair acu i ndáil le hainmhithe agus táirgí ainmhithe ach, ar bhonn iarraidh ó thríú tír, a bhfuil sé beartaithe acu táirgí ainmhithe arna n-ullmhú trí úsáid a bhaint as amhábhar de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó Bhallstát nó ó thríú tír a onnmhairiú chuig an Aontas, ar tíortha iad a sholáthair plean faireacháin maidir le hiarmhair i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE, déantar iad a mharcáil le ‘Δ’ sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, rud a chuireann trádáil thriantánach in iúl.

Airteagal 2b

Tríú tíortha nach bhfuil plean faireacháin maidir le hiarmhair curtha i láthair acu maidir le speicis bhuaibheacha, speicis de chineál na gcaorach/na ngabhar, speicis mhucúla, speicis eachaí nó éanlaith chlóis ach, bunaithe ar iarraidh ó thríú tír, a bhfuil sé beartaithe acu táirgí ilchodacha a onnmhairiú chuig an Aontas, trí úsáid á baint as táirgí ainmhithe próiseáilte ó na speicis sin agus a fuarthas ó Bhallstát nó ó thríú tír fhormheasta, déantar iad a mharcáil le ‘O’ sa cholún le haghaidh na speiceas ainmhithe ábhartha sa tábla san Iarscríbhinn, agus le haghaidh na speiceas sin amháin.

Airteagal 2c

Ar bhonn iarraidh ó thríú tír, na tríú tíortha atá marcáilte le ‘X’ i gceachtar de na catagóirí táirgí dobharshaothraithe, bainne nó uibheacha sa tábla den Iarscríbhinn, déantar iad a mharcáil le ‘O’ sa tábla sin le haghaidh na gcatagóirí sin atá fágtha.

Airteagal 2d

Na tríú tíortha uile a liostaítear le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, déantar iad a mharcáil le ‘M’ sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh, rud a chuireann moilisc in iúl.

Airteagal 2e

Na tríú tíortha uile a tháirgeann táirgí ilchodacha ó tháirgí próiseáilte a dhíorthaítear ó mhoilisc, sa mhéid go bhfuil na moilisc dhébhlaoscacha phróiseáilte de thionscnamh na mBallstát nó na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, déantar na tíortha sin a mharcáil le ‘P’ sa cholún ‘Dobharshaothrú’ sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, rud a chuireann táirgí próiseáilte a dhíorthaítear ó mhoilisc.”.

2.

cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 10.

(2)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le teacht isteach coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le teacht isteach coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Cód ISO2

Tír  (1)

Speicis bhuaibheacha

Speicis de chineál na gcaorach/na ngabhar

Speicis mhucúla

Speicis eachaí

Éanlaith chlóis

Dobharshaothrú  (17)

Bainne

Uibheacha

Coiníní

Géim fiáin

Géim saothraithe

Mil

Craicne

AD

Andóra

X

X

Δ

X

 

P

 

 

 

 

 

X

 

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

 

 

 

 

 

Δ

P

X (2)

O

O

 

 

 

X (3)

 

AL

an Albáin

 

X

 

 

 

X (14)

P

O

X

 

 

 

 

X

AM

an Airméin

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

X

 

AR

an Airgintín

X

X

 

X

X

X (14)

P

X

X

X

X

X

X

X

AU

an Astráil

X

X

 

X

 

X

M

X

X

 

X

X

X

X

BA

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

BD

an Bhanglaidéis

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

BF

Buircíne Fasó

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

BJ

Beinin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

BN

an Bhurúin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

BR

an Bhrasaíl

X

 

 

X

X

X

P

O

O

 

 

 

X

X

BW

an Bhotsuáin

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

 

BY

an Bhealarúis

 

 

 

X (8)

 

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

X

BZ

an Bheilís

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

CA

Ceanada

X

X

X

X

X

X

M

X

X

X

X

X

X

 

CH

an Eilvéis

X

X

X

X

X

X (14)

M

X

X

X

X

X

X

X

CL

an tSile

X

X (5)

X

 

X

X (14)

M

X

O

 

X

 

X

X

CM

Camarún

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

CN

an tSín

 

 

 

 

X

X

P

O

X

X

 

 

X

X

CO

an Cholóim

 

 

 

 

 

X

P

X

Δ

 

 

 

 

X

CR

Cósta Ríce

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

CU

Cúba

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

DO

an Phoblacht Dhoiminiceach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

EC

Eacuadór

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

EG

an Éigipt

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

ET

an AETÓIP

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

FK

Oileáin Fháclainne

X

X (5)

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

FO

Oileáin Fharó

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

GB

an Ríocht Aontaithe (6)

X

X

X

X

X

X (14)

Δ

M

X

X

X

X

X

X

X

GE

an tSeoirsia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

GG

Geansaí

 

 

 

 

 

O

M

X

O

 

 

 

 

 

GL

an Ghraonlainn

 

X (5)

 

 

 

M

 

 

 

 

X

 

 

GT

Guatamala

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

HK

Hong Cong

 

 

 

 

 

Δ

P

 

Δ

 

 

 

 

 

HN

Hondúras

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

ID

an Indinéis

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

IL

Iosrael (4)

 

 

 

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

IM

Oileán Mhanann

X

X

X

 

 

X (14)

M

X

O

 

 

 

X

 

IN

an India

 

 

 

 

O

X

P

O

X

 

 

 

X

X

IR

an Iaráin

 

 

 

 

 

X (15)

X (16)

P

O

O

 

 

 

 

X

JE

Geirsí

X

 

 

 

 

M

X

O

 

 

 

 

 

JM

Iamáice

 

 

 

 

 

M

 

 

 

 

 

X

 

JP

an tSeapáin

X

 

X

 

X

X (14)

M

X

X

 

 

 

Δ

X

KE

an Chéinia

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

KR

an Chóiré Theas

 

 

 

 

X

X

M

O

O

 

 

 

Δ

 

LB

an Liobáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

LK

Srí Lanca

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

MA

Maracó

 

 

 

 

X

X (14)

Δ

M

O

O

 

 

 

 

X

MD

an Mholdóiv

 

 

 

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

ME

Montainéagró

X

X (5)

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

MG

Madagascar

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

X

 

MK

an Mhacadóin Thuaidh

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

X

 

X

 

MM

Maenmar

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

X

 

MN

an Mhongóil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

MU

Oileán Mhuirís

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

Δ

 

MX

Meicsiceo

 

 

Δ

 

 

X

P

O

X

 

 

 

X

 

MY

an Mhalaeisia

 

 

 

 

Δ

X

P

O

O

 

 

 

 

 

MZ

Mósaimbíc

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

NA

an Namaib

X

X (5)

 

 

 

P

 

 

 

X

 

 

 

NC

an Nua-Chaladóin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

X

X

 

NG

an Nigéir

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

NI

Nicearagua

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

NZ

an Nua-Shéalainn

X

X

O

X

O

X (14)

M

X

O

O

X

X

X

X

PA

Panama

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

PE

Peiriú

 

 

 

 

 

X

M

O

O

 

 

 

 

 

PH

na hOileáin Fhilipíneacha

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

PK

an Phacastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

PM

San Pierre agus Miquelon

 

 

 

 

X

P

 

 

 

 

 

 

 

PN

Oileáin Pitcairn

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

PY

Paragua

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

X

RS

an tSeirbia (7)

X

X

X

X (8)

X

X (14)

P

X

X

X

X

 

X

X

RU

an Rúis

X

X

X

 

X

O

P

X

X

 

 

X (9)

X

X

RW

Ruanda

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SA

an Araib Shádach

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

SG

Singeapór

Δ

Δ

Δ

X (10)

Δ

X (14)

P

Δ

Δ

 

X (10)

X (10)

 

 

SM

San Mairíne

X

 

Δ

 

 

O

P

X

O

 

 

 

X

 

SV

an tSalvadóir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SY

an tSiria

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

SZ

Eswatini

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

 

TG

tóga

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

TH

an Téalainn

O

 

O

 

X

X

M

O

Δ

 

 

 

X

 

TN

an Túinéis

 

 

 

 

 

X (14)

M

O

O

 

 

 

 

X

TR

an Tuirc

 

 

 

 

X

X (14)

M

X

X

 

 

 

X

X

TW

an Téaváin

 

 

 

 

 

X

P

O

X

 

 

 

X

 

TZ

an Tansáin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

UA

an Úcráin

X

 

X

 

X

X (14)

M

X

X

X

 

 

X

X

UG

an Téaváin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

US

Na Stáit Aontaithe

X

X (11)

X

 

X

X

M

X

X

X

X

X

X

 

UY

Uragua

X

X

 

X

 

X (14)

M

X

O

 

X

 

X

X

UZ

an Úisbéiceastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

VE

Veiniséala

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

VN

Vítneam

 

 

 

 

 

X

M

O

O

 

 

 

X

 

WF

Vailís agus Futúna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

XK

an Chosaiv (12)

 

 

 

 

Δ

 

 

 

 

 

 

 

 

ZA

an Afraic Theas

 

 

 

 

 

P

 

 

 

X

X (13)

 

 

ZM

an tSaimbia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 


(1)  An liosta tíortha agus críoch (níl sé teoranta do thíortha arna n-aithint ag an Aontas).

(2)  Bainne camaill, agus é sin amháin.

(3)  Réigiún Ras al Khaimah, agus an réigiún sin amháin.

(4)  Ní chuimsítear na limistéir gheografacha a tháinig faoi riarachán Stát Iosrael tar éis an 5 Meitheamh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

(5)  Speicis de chineál na gcaorach, agus iad sin amháin.

(6)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha Iarscríbhinní II go XXII, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(7)  Ní chuimsítear an Chosaiv (tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive).

(8)  Onnmhairiú eachainmhithe beo chun an Aontais a bhfuil sé beartaithe iad a mharú (ainmhithe a ndéantar táirgí díobh, agus na hainmhithe sin amháin).

(9)  Réinfhianna, agus iad sin amháin.

(10)  Tráchtearraí feola úire de thionscnamh na Nua-Shéalainne, arb é an tAontas is ceann scríbe dóibh agus a dhíluchtaítear, a athluchtaítear nó a chuirtear faoi bhealach, cuirtear i stóras iad nó ná cuirtear, trí Shingeapór, agus na tráchtearraí sin amháin.

(11)  Speicis de chineál an ghabhair, agus iad sin amháin.

(12)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(13)  Raitítigh, agus iad sin amháin.

(14)  Éisc eite, agus iad sin amháin.

(15)  Crústaigh, agus iad sin amháin.

(16)  Eochraí agus caibheár, agus iad sin amháin.

(17)  Le dobharshaothrú, cuimsítear iasc eite, lena n-áirítear eascanna, agus táirgí ó éisc eite (amhail eochraí agus caibheár) agus crústaigh.


Top