EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0304

Cás C-304/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Kammergericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh a 10 Bealtaine 2022 – PM v Senatsverwaltung für Justiz, Vielfalt und Antidiskriminierung

IO C 318, 22.8.2022, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/25


Iarraidh ar réamhrialú ó Kammergericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh a 10 Bealtaine 2022 – PM v Senatsverwaltung für Justiz, Vielfalt und Antidiskriminierung

(Cás C-304/22)

(2022/C 318/36)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Kammergericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: PM

Cosantóir: Senatsverwaltung für Justiz, Vielfalt und Antidiskriminierung

Páirtí leasmhar: CM

Na ceisteanna a tharchuirtear

Tarchuirtear na ceisteanna seo a leanas maidir le léirmhíniú ar Airteagal 1(1)(a), Airteagal 2, pointe 2, Airteagal 21(1) agus Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheoirí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (1) le haghaidh réamhrialú:

1.

An cinneadh maidir le colscaradh de réir bhrí Rialachán IIa na Bruiséile é colscaradh de bhun Airteagail 82, 87, 89 agus 90 de Chód Sibhialta na Spáinne?

2.

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist roimhe seo, an gcaithfear caitheamh le colscaradh de bhun Airteagail 82, 87, 89 agus 90 de Chód Sibhialta na Spáinne i gcomhréir leis an riail in Airteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile maidir le doiciméid agus comhaontuithe?


(1)  IO 2003 L 338, lch. 1.


Top