EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0087

Cás C-87/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 – TT v AK

IO C 213, 30.5.2022, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 213, 30.5.2022, p. 23–23 (GA)

30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 213/23


Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 – TT v AK

(Cás C-87/22)

(2022/C 213/34)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht Korneuburg

Páirtithe sna príomhimeachta

Achomharcóir: TT

Freagróir: AK

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (1) a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go gceadaítear do na cúirteanna i mBallstát a bhfuil dlínse acu maidir leis an tsubstaint, má mheasann siad go mbeadh cúirt i mBallstát eile, a bhfuil ceangal sonrach ag an leanbh sin leis, i riocht níos fearr chun an cás a éisteacht, nó cuid shonrach den chás, a iarraidh ar an gcúirt sin dlínse a ghlacadh fiú sa chás ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh sa Bhallstát eile sin i ndiaidh aistriú éagórach?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 2201/2003 a léirmhíniú sa chiall go bhfuil na critéir maidir le haistriú dlínse a leagtar amach san Airteagal sin rialaithe go huilechuimsitheach, gan gá le tuilleadh critéar a mheasúnú i bhfianaise na n-imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 8(f) de Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí?


(1)  IO 2003 L 338, lch. 1.


Top