EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0758

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/758 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2021 maidir le stádas táirgí áirithe mar bhreiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le breiseáin bheatha áirithe a tharraingt siar ón margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3152

IO L 162, 10.5.2021, p. 5–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/758/oj

10.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/758 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2021

maidir le stádas táirgí áirithe mar bhreiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le breiseáin bheatha áirithe a tharraingt siar ón margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) agus Airteagal 10(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán le húsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Go háirithe, in Airteagal 10(2), i gcomhar le hAirteagal 10(7) den Rialachán sin, tá foráil maidir le nósanna imeachta sonracha i leith athmheastóireacht ar bhreiseáin a formheasadh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle agus Threoir 82/471/CEE (2) ón gComhairle (3).

(2)

Le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, forchuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena ndéantar breiseáin bheatha a tharraingt siar ón margadh, breiseáin bheatha nár cuireadh aon fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) den Rialachán sin ar fáil ina leith laistigh de thréimhse shonraithe. Tá feidhm ag an oibleagáid chéanna maidir le breiseáin bheatha nár cuireadh iarratais isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (7) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an sprioc-am dá bhforáiltear sna forálacha sin, agus maidir le breiseáin bheatha ar cuireadh iarratas isteach ina leith ach a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart breiseáin bheatha den sórt sin a tharraingt siar ón margadh. Ós rud é nach ndéantar idirdhealú in Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 idir údaruithe a eisíodh le teorainn ama agus údaraithe a eisíodh gan teorainn ama, ar mhaithe le soiléireacht is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le breiseáin bheatha a tharraingt siar ón margadh, breiseáin bheatha a bhfuil na tréimhsí údaraithe teoranta a bhaineann leo imithe in éag cheana, is é sin tréimhsí údaraithe de bhun Threoir 70/524/CEE.

(4)

I gcás breiseán beatha ar cuireadh iarratais isteach ina leith le haghaidh speiceas áirithe ainmhithe nó catagóirí áirithe ainmhithe agus le haghaidh na speiceas nó na catagóirí sin amháin, nó i gcás breiseán beatha ar tarraingíodh siar iarratais ina leith le haghaidh speiceas ainmhithe nó catagóirí áirithe ainmhithe agus le haghaidh na speiceas nó na catagóirí sin amháin, níor cheart go mbainfeadh an tarraingt siar ón margadh ach leis na speicis ainmhithe agus na catagóirí ainmhithe nár cuireadh iarratas isteach ina leith nó ar tarraingíodh an t-iarratas siar ina leith.

(5)

Mar thoradh ar tharraingt siar na mbreiseán beatha ón margadh, is iomchuí na forálacha lena ndéantar a n-údarú a aisghairm, i gcás ina mbeidh na forálacha sin fós i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 ón gCoimisiún (4) a leasú dá réir. Ina theannta sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 880/2004 (5) a aisghairm toisc go bhfuil an dá iontráil san Iarscríbhinn a ghabhann leis le scriosadh, mar gheall ar an mbéite-charaitéin a úsáidtear le haghaidh canáraithe a bheith á tarraingt siar ón margadh, úsáid dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, Caibidil I.A, cuid 2, agus mar gheall ar an gcantacsaintín a úsáidtear le haghaidh éin ornáideacha a bheith údaraithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 ón gCoimisiún (6). Thairis sin, ós amhlaidh a húdaraíodh/ós rud é gur údaraíodh cantacsaintín le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 agus ós rud é gur tarraingíodh siar an breiseán sin ón margadh i gcás speicis agus úsáidí neamhúdaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1145 ón gCoimisiún (7), is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 775/2008 (8) a aisghairm, Rialachán lenar bunaíodh uasteorainneacha iarmhair le haghaidh cantacsaintín.

(6)

Maidir le breiseáin bheatha nach dtéann a n-údarú in éag go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí idirthréimhse a cheadú le haghaidh páirtithe leasmhara, idirthréimhse inar féidir stoic a úsáid de na breiseáin lena mbaineann atá ann cheana, chomh maith le réamh-mheascáin, ábhair bheatha agus beatha chumaisc a táirgeadh leis na breiseáin sin, agus seilfré beatha áirithe ina bhfuil na breiseáin lena mbaineann san áireamh.

(7)

Na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith á dtarraingt siar ón margadh, ní fhágann sin nach féidir a n-údarú ná nach mbeidh siad faoi réir beart maidir lena stádas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(8)

Tá éiginnteacht ann i leith roinnt substaintí, miocrorgánach agus ullmhóidí (dá ngairtear “táirgí”) i dtaobh cé acu an breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nó nach ea. Táirgí áirithe a bheith cuimsithe in dhá áit, is iad sin Clár na mbreiseán beatha dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus Catalóg na n-ábhar beatha a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), d’fhéadfadh sé gurb é sin is cúis leis an éiginnteacht. D’fhéadfadh sé go bhfuil an éiginnteacht ag teacht freisin ó amhras nó ceisteanna arna gcur in iúl ag údaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as rialuithe oifigiúla nó ag oibreoirí eacnamaíocha maidir le haicmiú táirgí áirithe, agus aird á tabhairt go háirithe ar na treoirlínte a bunaíodh le Moladh 2011/25/AE ón gCoimisiún (10).

(9)

An éiginnteacht sin maidir leis an stádas atá ag táirgí áirithe i ndáil le breiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’fhéadfadh margaíocht na dtáirgí beatha ar fud an Aontais a bheith i mbaol mar gheall uirthi, ós rud é go bhfuil impleachtaí ag an idirdhealú idir breiseáin bheatha agus táirgí beatha nach iad i leith na gcoinníollacha faoina gcuirtear ar an margadh iad, ag brath ar an reachtaíocht ábhartha is infheidhme.

(10)

Ar mhaithe leis an éiginnteacht a mhaolú i leith an stádais atá ag táirgí áirithe mar bhreiseáin bheatha, is iomchuí bearta ábhartha a ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 chun an stádas sin a shoiléiriú. Bheadh comhsheasmhacht ann i leith láimhseáil na dtáirgí lena mbaineann de bharr na mbeart sin, maidir le hobair na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as rialuithe oifigiúla, b’fhusaide an obair sin na bearta sin, agus chabhródh na bearta sin leis na hoibreoirí eacnamaíocha leasmhara gníomhú i gcreat lena ndéanfaí foráil maidir le leibhéal iomchuí deimhneachta dlíthiúla.

(11)

Ionas gur féidir a chinneadh an breiseáin bheatha iad táirgí faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is iomchuí na treoirlínte maidir le hidirdhealú idir breiseáin bheatha, ábhair bheatha agus táirgí eile a cheadú, treoirlínte a bunaíodh le Moladh 2011/25/AE. Go sonrach, déantar foráil sna treoirlínte sin maidir le roinnt critéar atá le meas go comhuaineach i meastóireacht cás ar chás chun próifíl a chruthú le haghaidh gach táirge sonrach, agus na saintréithe uile a bhaineann leis san áireamh. Sna critéir úsáideacha chun idirdhealú a dhéanamh idir breiseáin bheatha agus ábhair bheatha, cuimsítear an modh táirgthe agus próiseála, an sainmhíniú ceimiceach, an leibhéal caighdeánaithe nó íonaithe, na coinníollacha sábháilteachta, an modh úsáide, agus feidhmiúlacht an táirge lena mbaineann. Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht, is de réir analaí ba cheart táirgí a bhfuil airíonna comhchosúla acu a aicmiú.

(12)

Na táirgí ciotráití sóidiam, ciotráití potaisiam, soirbíotól, mainníotól agus hiodrocsaíd chailciam, áirítear na táirgí sin i gClár na mbreiseán beatha mar tháirgí atá ann cheana agus nár cuireadh iarratais isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an sprioc-am a leagtar síos san fhoráil sin. Áiríodh na táirgí sin i gCatalóg na n-ábhar beatha freisin le Rialachán (AE) Uimh. 575/2011 ón gCoimisiún (11). Is é ba chonclúid don athscrúdú a rinneadh ar phróifíl na dtáirgí sin maidir leis na critéir a mholtar i Moladh 2011/25/AE, áfach, gur cheart a mheas gur breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Go sonrach, déantar iad a shainmhíniú de réir na bhfeidhmeanna sonracha atá acu dá dtagraítear i gClár na mbreiseán beatha, agus mar gheall gó bhfuil stádas acu mar bhreiseáin bhia tá raon feidhme níos fearr ann i ndáil le bainistiú éifeachtach na dtáirgí sin i dtéarmaí sábháilteachta agus an mhodh úsáide. Ina theannta sin, aicmiú na dtáirgí sin mar bhreiseáin le húsáid i mbia, is rud é a chuirtear san áireamh.

(13)

Is gá na táirgí ciotráití sóidiam, ciotráití potaisiam, soirbíotól, mainníotól agus hiodrocsaíd chailciam a tharraingt siar ón margadh mar gheall ar an stádas mar bhreiseán beatha atá acu, faoi mar a fhoráiltear dó sin le hAirteagal 10(5) de Rialachán(CE) Uimh. 1831/2003. Ba cheart idirthréimhse níos faide a cheadú áfach i leith na mbreiseán beatha sin a tharraingt siar ón margadh chomh maith le beatha a bhfuil na breiseáin sin mar chuid di, ar mhaithe leis an éiginnteacht dhlíthiúil maidir lena n-aicmiú a chur san áireamh, chun go bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas nua a chur isteach ar údarú na mbreiseán beatha sin faoi na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(14)

Formhór na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II, is táirgí iad a áirítear i gCatalóg na n-ábhar beatha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún (12). Sa bhreis air sin, áfach, tá na táirgí uile liostaithe i gClár na mbreiseán beatha nó tá siad faoi réir tarraingt siar ón margadh mar bhreiseáin bheatha faoi Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le stádas na dtáirgí sin, rinneadh scrúdú ar phróifíl na dtáirgí i bhfianaise na gcritéar a mholtar i Moladh 2011/25/AE, agus is é ba chonclúid don scrúdú sin gur cheart a mheas nár bhreiseáin bheatha iad a thuilleadh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(15)

Maidir le lipéadú na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II, táirgí a cheadaítear ar an margadh mar bhreiseáin bheatha fós, agus maidir le lipéadú na réamh-mheascán, na n-ábhar beatha agus na beatha chumaisc a bhfuil na táirgí sin mar chuid dóibh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí beatha iad féin a oiriúnú. Thairis sin, ba cheart na táirgí sin a scriosadh ó Chlár na mbreiseán beatha.

(16)

Áirítear xilíotól, lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam i gCatalóg na n-ábhar beatha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún. Cuireadh amhras in iúl áfach, go háirithe amhras na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as rialuithe oifigiúla, maidir le stádas dlíthiúil na dtáirgí sin, an rud ba chúis leis an scrúdú a rinneadh ar phróifíl na dtáirgí sin bunaithe ar na critéir a mholtar i Moladh 2011/25/AE. Is éard ba chonclúid don scrúdú sin gur cheart a mheas gur breiseáin bheatha iad na táirgí sin faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Go sonrach, tá saintréithe xilíotóil an-chosúil le saintréithe manniotóil agus sorbatóil, táirgí a meastar gur breiseáin bheatha iad, agus bheadh comhsheasmhacht ann i leith láimhseáil na dtáirgí comhchosúla sin ach xilíotól a aicmiú mar bhreiseán beatha de réir analaí. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh aicmiú xilíotóil mar bhreiseán le húsáid i mbia. Maidir le lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam, is substaintí íonaithe iad atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de agus a fheidhmíonn feidhm shonrach, feidhm a shainmhínítear in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Mar gheall go bhfuil stádas mar bhreiseáin bheatha acu, tá raon feidhme níos fearr ann i ndáil le bainistiú éifeachtach i dtéarmaí sábháilteachta agus an mhodh úsáide. Thairis sin, dá ndéanfaí lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam a aicmiú mar bhreiseáin bheatha, bheadh comhsheasmhacht ann i ndáil le táirgí comhchosúla eile a meastar gur breiseáin bheatha iad, próipianáit amóiniam nó formáit amóiniam, cuir i gcás.

(17)

Mar gheall go bhfuil xilíotól, lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam aicmithe mar bhreiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse a cheadódh do pháirtithe leasmhara iad féin a oiriúnú do stádas nua na dtáirgí sin, próiseas a chuimseodh iarratas ar údarú a chur isteach agus tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na hiarratais sin, faoi na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(18)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tarraingt siar ón margadh

Déanfar na breiseáin bheatha a shonraítear in Iarscríbhinn I a tharraingt siar ón margadh i ndáil leis na speicis ainmhithe nó na catagóirí ainmhithe faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha i leith na mbreiseán beatha atá le tarraingt siar ón margadh

1.   Na stoic atá ann cheana de na breiseáin bheatha a liostaítear i gCaibidlí I.A agus I.C d’Iarscríbhinn I, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2022.

2.   Réamh-mheascáin a tháirgtear leis na breiseáin dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Lúnasa 2022.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a tháirgtear leis na breiseáin dá dtagraítear i mír 1 nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 2, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2023..

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, na breiseáin bheatha ciotráití sóidiam, ciotráití potaisiam, soirbíotól, mainníotól agus hiodrocsaíd chailciam, breiseáin a liostaítear i gCaibidlí I.A d’Iarscríbhinn I, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2028.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 358/2005

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 358/2005, scriostar iontráil E 141 maidir le coimpléasc copair clóraifille.

Airteagal 4

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 880/2004 agus (CE) Uimh. 775/2008.

Airteagal 5

Táirgí nach meastar gur breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003

1.   Na substaintí, miocrorgánaigh agus ullmhóidí (dá ngairtear “táirgí”) a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ní breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

2.   Táirgí dá dtagraítear i mír 1 atá ar an margadh go dleathach agus a lipéadaítear mar bhreiseáin beatha agus mar réamh-mheascáin roimh 30 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe. Tá feidhm ag an méid sin freisin maidir le hábhair bheatha nó beatha chumaisc a thagraíonn do na táirgí sin mar bhreiseáin bheatha ina lipéadú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009.

Airteagal 6

Táirgí a mheastar gur breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003

1.   Na substaintí, miocrorgánaigh agus ullmhóidí (dá ngairtear “táirgí”) a leagtar amach in Iarscríbhinn III, is breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

2.   Táirgí dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2028.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe (IO L 213, 21.7.1982, lch. 8).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 ón gCoimisiún an 2 Márta 2005 maidir le breiseáin áirithe a údarú gan teorainn ama agus maidir le húsáidí nua breiseán a údaraíodh cheana in ábhair bheatha a údarú (IO L 57, 3.3.2005, lch. 3).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 880/2004 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena n-údaraítear úsáid béite-charaitéine agus cantacsaintín, gan teorainn ama, mar bhreiseáin in ábhair bheatha a bhaineann leis an ngrúpa ábhar dathúcháin lena n-áirítear líocha (IO L 162, 30.4.2004, lch. 68).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2015 maidir le húdarú cantacsaintín mar bhreiseán beatha le haghaidh catagóirí áirithe éanlaithe, catagóirí áirithe iasc ornáideach agus catagóirí áirithe éan ornáideach (IO L 229, 3.9.2015, lch. 5).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1145 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir leis an tarraingt siar ón margadh a údaraíodh i gcás breiseán beatha áirithe de bhun Threoracha 70/524/CEE agus 82/471/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear na forálacha lena n-údaraítear na breiseáin bheatha sin, forálacha atá imithe i léig (IO L 166, 29.6.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 775/2008 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2008 lena mbunaítear uasteorainneacha iarmhair le haghaidh an bhreiseáin beatha cantacsaintín, sa bhreis ar na coinníollacha dá bhforáiltear i dTreoir 2003/7/CE (IO L 207, 5.8.2008, lch. 5).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).

(10)  Moladh 2011/25/AE ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 lena mbunaítear treoirlínte maidir le hidirdhealú idir ábhair bheatha, breiseáin bheatha, táirgí bithicídeacha agus táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 11, 15.1.2011, lch. 75).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2011 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2011 maidir le Catalóg na n-ábhar beatha (IO L 159, 17.6.2011, lch. 25).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir le Catalóg na n-ábhar beatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Breiseáin bheatha atá le tarraingt siar ón margadh, dá dtagraítear in Airteagal 1

CAIBIDIL I.A.

Breiseáin bheatha a údaraíodh gan teorainn ama

Cuid 1

Breiseáin bheatha atá le tarraingt siar ón margadh le haghaidh gach speiceas agus catagóir ainmhithe

Uimhir Aitheantais

Breiseán

Speiceas nó catagóir ainmhithe

Leasaithigh

E 331

Ciotráití sóidiam

Gach speiceas

E 332

Ciotráití potaisiam

Gach speiceas

E 325

Lachtáit sóidiam

Gach speiceas

E 326

Lachtáit photaisiam

Gach speiceas

Eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin

E 420

Soirbíotól

Gach speiceas

E 421

Mainníotól

Gach speiceas

Ceanglóirí, oibreáin frithstolptha agus téachtaigh

E 558

Beintinít-montmairíllinít

Gach speiceas

Vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh na gceimiceán de agus atá ar aon éifeacht le chéile

 

Ribeaflaivin nó Vitimín B2. Gach foirm, cé is moite de na foirmeacha seo a leanas:

Foirm sholadach ribeaflaivine a tháirgtear le Ashbya gossypii DSM 23096 (1) (3a825i);

Foirm sholadach ribeaflaivine a tháirgtear le Bacillus subtilis DSM 17339 agus/nó DSM 23984 (1) (3a825ii);

Foirm sholadach salainn monasóidiam eistir 5’-fosfáite ribeaflaivine a tháirgtear tar éis fosfairiliú ribeaflaivine 98 %, ar ribeaflaivin 98 % í a tháirgtear le Bacillus subtilis DSM 17339 agus/nó DSM 23984  (1) (3a826);

Ribeaflaivin (80 %) a tháirgtear le Bacillus subtilis KCCM-10445  (2).

Gach speiceas

E 160 a

Béite-charaitéin. Gach foirm cé is moite den bhéite-charaitéin a údaraíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103 ón gCoimisiún  (3) (3a160(a))

Gach speiceas

Breiseáin sadhlais

Miocrorgánaigh

 

Enterococcus faecium CNCM I-3236/ATCC 19434

Gach speiceas

 

Bacillus subtilis MBS-BS-01

Gach speiceas

 

Lactobacillus plantarum DSM 11520

Gach speiceas

Datháin lena n-áirítear líocha

Datháin eile

E 153

Dubh carbóin mar oibreán dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail

Gach speiceas

Blaistiú agus substaintí blaistithe

Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh na luibheolaíochta de

 

Allium cepa L.: Dlúthán oinniúin CoE 24

Gach speiceas

 

Allium sativum L.: Dlúthán gairleoige (bunaithe ar uisce)

Gach speiceas

 

Amyris balsamifera L.: Ola amyris CoE 33

Gach speiceas

 

Anacardium occidentale L.: Ola caisiú CoE 34

Gach speiceas

 

Anethum graveolens L.: Eastóscán síl an lusa mhín 8006-75-5 CoE 42 Einecs 289-790-8

Gach speiceas

 

Apium graveolens L.: Eastóscán síl an tsoilire CAS 89997-35-3 FEMA 2270 CoE 52 Einecs 289-668-4

Gach speiceas

 

Artemisia absinthium L.: Ola mormónta CAS 8008-93-3 FEMA 3116 CoE 61 Einecs 284-503-2

Gach speiceas

 

Artemisia annua L.: Eastóscán an liathlusa mhilis (bunaithe ar uisce)/Ola an liathlusa mhilis

Gach speiceas

 

Artemisia pallens Wall.: Ola davana CAS 8016-03-3 FEMA 2359 CoE 69 Einecs 295-155-6

Gach speiceas

 

Bacopa monnieri (L.) Pennell: Tintiúr gratiola na tíme

Gach speiceas

 

Carum carvi L. = Apium carvi L.: Eastóscán shíol an chearbhais/Oiléaroisín an chearbhais CAS 8000-42-8 CoE 112 Einecs 288-921-6

Gach speiceas

 

Cimicifuga simplex (Wormsk. ex DC.) Ledeb.

= C. racemosa (L.) Nutt.: Eastóscán sarashina shoma

Gach speiceas

 

Cinnamomum aromaticum Nees, C. cassia Nees ex Blume: Eastóscán caisia CAS 84961-46-6 FEMA 2257 CoE 131 Einecs 284-635-0

Gach speiceas

 

Cinnamomum zeylanicum Bl., C. verum J.S. Presl: Oiléaroisín coirte cainéil CAS 84961-46-6 FEMA 2290 CoE 133 Einecs 283-479-0

Gach speiceas

 

Citrus aurantium L.: Ola neroli bigarade CAS 8016-38-4 FEMA 2771 CoE 136 Einecs 277-143-2/Petitgrain bigarade íon CAS 8014-17-3 CoE 136 Einecs 283-881-6

Gach speiceas

 

Citrus reticulata Blanco: Mandairín, teirpéiní táinséirín CoE 142

Gach speiceas

 

Citrus x paradisi Macfad.: Ola seadóige agus é súite amach CAS 8016-20-4 FEMA 2530 CoE 140 Einecs 289-904-6/Eastóscán seadóige CoE 140

Gach speiceas

 

Glycyrrhiza glabra L.: Eastóscán liocrais (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 97676-23-8 FEMA 2628 CoE 218 Einecs 272-837-1

Gach speiceas

 

Juniperus communis L.: Eastóscán caora an aitil CAS 84603-69-0 CoE 249 Einecs 283-268-3

Gach speiceas

 

Laurus nobilis L.: Eastóscán duilliúr an labhrais/Oiléaroisín duilliúr an labhrais CAS 84603-73-6 FEMA 2613 CoE 255 Einecs 283-272-5

Gach speiceas

 

Lavandula latifolia Medik.: Ola labhandair leathanduilligh CoE 256

Gach speiceas

 

Lepidium meyenii Walp.: Eastóscán ghinsing Pheiriú

Gach speiceas

 

Leptospermum scoparium J. R. et G. Forst.: Ola an chrainn tae

Gach speiceas

 

Macleaya cordata (Willd.) R. Br.: Poipín cleití agus é íon/Eastóscán poipín cleití/Ola poipín cleití/Tintiúr poipín cleití

Gach speiceas

 

Mallotus philippinensis (Lam.) Muell. Arg.: Eastóscán kamala CoE 535

Gach speiceas

 

Malpighia glabra L.: Eastóscán asaróla

Gach speiceas

 

Malus sylvestris Mill.: Dlúthán na n-úll CoE 386

Gach speiceas

 

Medicago sativa L.: Tintiúr alfalfa CoE 274

Gach speiceas

 

Melissa officinalis L.: Ola lus na meala CoE 280

Gach speiceas

 

Mentha pulegium L.: Ola borógaí CAS 8013-99-8 FEMA 2839 CoE 283 Einecs 290-061-1

Gach speiceas

 

Myristica fragrans Houtt.: Ola maicise CAS 8007-12-3 FEMA 2653 CoE 296 Einecs 282-013-3/Oiléaroisín noitmige CAS 8408268-8 CoE 296 Einecs 282-013-3

Gach speiceas

 

Myroxylon balsamum (L.) Harms: Eastóscán bhalsam Tolú (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 9000-64-0 FEMA 3069 CoE 297 Einecs 232-550-4

Gach speiceas

 

Myroxylon balsamum (L.) Harms var. Pereirae: Eastóscán bhalsam Pheiriú (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 8007-00-9 FEMA 2117, 2116 CoE 298 Einecs 232-352-8

Gach speiceas

 

Ocimum basilicum L.: Ola basal CAS 801573-4 FEMA 2119 CoE 308 Einecs 283-900-8

Gach speiceas

 

Opopanax chironium (L.) Koch, Commiphora erythrea Engler: Ola opoponax CAS 8021- 36-1 CoE 313 Einecs 232-558-8

Gach speiceas

 

Passiflora edulis Sims. = P. incarnata L.: Eastóscán na páiseoige (bunaithe ar uisce) CoE 321

Gach speiceas

 

Pelargonium asperum Her. ex Spreng.: Ola geiréiniam

Gach speiceas

 

Peumus boldus Mol.: Eastóscán boldo CoE 328/Tintiúr boldo CoE 328

Gach speiceas

 

Pinus pinaster Soland.: Ola na péine

Gach speiceas

 

Pimenta racemosa (Mill.) J.W.Moore: Ola na labhróige CAS 8006-78-8 CoE 334

Gach speiceas

 

Piper methysticum G. Forst.: Tintiúr kava kava

Gach speiceas

 

Quillaja saponaria Molina: Eastóscán quillaia (bunaithe ar thuaslagóirí) CoE 391/Dlúthán quillaia

Gach speiceas

 

Ribes nigrum L.: Eastóscán cuiríní dubha CoE 399

Gach speiceas

 

Satureja hortensis L.: Ola garbhóige garraí CAS 8016-68-0 FEMA 3013 CoE 425 Einecs 283-922-8

Gach speiceas

 

Sophora japonica L.: Ola an chrainn pagoda

Gach speiceas

 

Styrax benzoin Dryand., S. tonkinensis (Pierre) Craib ex Hartwich: Roisíneoid beansóine CAS 9000 -05-9 FEMA 2133 CoE 439 Einecs 232-523-7

Gach speiceas

 

Tagetes erecta L., T. glandulifera Schrank., T. minuta L. e.a.: Ola tagetes CAS 8016- 84-0 FEMA 3040 CoE 443/494 Einecs 294-862-7

Gach speiceas

 

Thea sinensis L. = Camellia thea Link. = Camellia sinensis (L.) O. Kuntze: Tintiúr tae CoE 451

Gach speiceas

 

Uncaria tomentosa L. = Ourouparia guianensis Aubl.: Eastóscán fhéith bhuí na gcat

Gach speiceas

 

Valeriana officinalis L.: Tintiúr fréimhe an chaorthainn chorraigh CoE 473

Gach speiceas

 

Vetiveria zizanoides (L.) Nash.: Ola veitibhir CAS 8016-96-4 CoE 479 Einecs 282-490-8

Gach speiceas

 

Vitis vinifera L.: Ola cognac ghlas CAS 8016-21-5 FEMA 2331 CoE 485 Einecs 232-403-4/Ola cognac bhán CAS 801621-5 FEMA 2332 CoE 485 Einecs 232-403-4

Gach speiceas

 

Vitis vinifera L.: Eastóscán síl fíonchaoire CoE 485

Gach speiceas

 

Yucca mohavensis Sarg. = Y. schidigera Roezl ex Ortgies: Eastóscán ghioca Mojave (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 90147-57-2 FEMA 3121 Einecs 290-449-0/Dlúthán na gioca/Iarmharaigh na gioca

Gach speiceas

 

Zingiber officinale Rosc.: Eastóscán sinséir CAS 84696-15-1 FEMA 2521 CoE 489 Einecs 283-634-2

Gach speiceas

Táirgí nádúrtha agus táirgí sintéiseacha comhfhreagracha

 

Uimh. CAS 1128 -08-1/3-Meitil-2-peintilcioglaipeint-2-éin-1-ón/Uimh. Flavis 07.140

Gach speiceas

 

Uimh. CAS 352195-40-5/Ionóisín Déshóidiam-5-Monafosfáit (IMP)

Gach speiceas

Cuid 2

Breiseáin bheatha atá le tarraingt siar ón margadh i gcás speicis agus catagóirí ainmhithe áirithe

Uimhir Aitheantais

Breiseán

Speiceas agus catagóir ainmhithe

Riandúile

E 7

Molaibdéineam – Mo, Molabdáit sóidiam

Gach speiceas agus catagóir ainmhithe seachas na caoirigh

Rialtáin aigéadachta

E 503 (i)

Carbónáit amóiniam

Cait; Madraí

E 503 (ii)

Hidrigincharbónáit amóiniam

Cait; Madraí

E 525

Hiodrocsaíd photaisiam

Cait; Madraí

E 526

Hiodrocsaíd chailciam

Cait; Madraí

Datháin lena n-áirítear líocha

Caraitéanóidigh agus xantaifillí

E 160 a

Béite-charaitéin

Canáraithe

Datháin eile

E 141

Coimpléasc copair clóraifillin mar oibreán dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail

Gach speiceas agus catagóir ainmhithe seachas madraí agus cait

E 141

Coimpléasc copair clóraifille mar oibreán dathúcháin

(grúpa feidhmiúil 2 a (iii))

Éin ornáideacha a itheann gráin; Creimirí beaga; Éisc ornáideacha

E 153

Dubh carbóin mar oibreán dathúcháin

(grúpa feidhmiúil 2 a (iii))

Éisc ornáideacha

E 172

Dearg Ocsaíde Iarainn, Dubh & Buí mar oibreáin dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail

Capaill

Blaistiú agus substaintí blaistithe

Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh luibheolaíochta de

 

Helianthus annuus L.: Eastóscán lus na gréine

Cait; Madraí

 

Hyssopus officinalis L. = H. decumbens Jord. & Fourr.: Ola na híosóipe ící CAS 8006-83-5 FEMA 2591 CoE 235 Einecs 283-266-3

Cait; Madraí

 

Sus scrofa (eastóscán ó fhaireoga paincréasacha mucúla díshaillte)

Cait, madraí agus ainmhithe coimhdeachta feoiliteacha agus uiliteacha eile, firéid cuir i gcás

Aimínaigéid agus na salainn agus na hanalóga atá iontu

3.2.7.

Meascáin de:

(a)

L-lísín-monaihidreaclóiríd, a bhfuil íonacht ann sa chiall theicniúil, agus

(b)

DL-meitiainín, a bhfuil íonacht ann sa chiall theicniúil

atá cosanta le vinil-piridín comhpholaiméire/stiréin

Ba bainne

CAIBIDIL I.B.

Breiseáin bheatha a údaraíodh le haghaidh tréimhse ama teoranta

Uimhir Aitheantais

Breiseán

Speiceas nó catagóir ainmhithe

Coicideastait agus substaintí íocshláinte eile

E 758

Hidreaclóiríd róibeinidín 66 g/kg (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium SA)

Turcaithe

E 770

Alfa amóiniam madúraimícin 1 g/100 g (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium SA)

Turcaithe

CAIBIDIL I.C.

Breiseáin bheatha nár cuireadh fógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 isteach ina leith

Uimhir Aitheantais

Breiseán

Speiceas nó catagóir ainmhithe

Aimínaigéid agus na salainn agus na hanalóga atá iontu

3.2.6.

Fosfáit L-lísín agus a fotháirgí a tháirgtear le coipeadh le Brevibacterium lactofermentum NRRL B-11470

Éanlaith chlóis; Muca


(1)  Údaraíodh na foirmeacha ribeaflaivine sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/901 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 maidir le húdarú ribeaflaivine a tháirgtear le Ashbya gossypii (DSM 23096), údarú ribeaflaivine a tháirgtear le Bacillus subtilis (DSM 17339 agus/nó DSM 23984) agus údarú salainn monasóidiam eistir 5′-fosfáite ribeaflaivine a tháirgtear le Bacillus subtilis (DSM 17339 agus/nó DSM 23984) (foinsí vitimín B2) mar bhreiseáin bheatha le haghaidh gach speiceas ainmhithe (IO L 144, 3.6.2019, lch. 41).

(2)  Diúltaíodh údarú don fhoirm ribeaflaivine seo le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1254 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2018 maidir le diúltú údaraithe ribeaflaivine (80 %) ar ribeaflaivin é a tháirgtear le Bacillus subtilis KCCM-10445 mar bhreiseáin bheatha atá sa ghrúpa feidhmiúil vitimíní, próivitimíní agus substaintí mionsainithe ó thaobh ceimiceán de agus atá ar aon éifeacht le chéile (IO L 237, 20.9.2018, lch. 5).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2015/1103 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 maidir le húdarú béite-charaitéine mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhithe (IO L 181, 9.7.2015, lch. 57).


IARSCRÍBHINN II

Táirgí nach breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 dá dtagraítear in Airteagal 5(1)

1.   

Plúr síl na tamaraine

2.   

Ortafosfáit dhéhidrigine photaisiam

3.   

Ortafosfáit hidrigine dhéphotaisiam

4.   

Ortafosfáit tríphotaisiam

5.   

Ortafosfáit dhéhidrigine amóiniam

6.   

Ortafosfáit hidrigine dé-amóiniam

7.   

Défhosfáit dhéhidrigine dhéshóidiam

8.   

Défhosfáit tríphotaisiam

9.   

Trífhosfáit pheinteapotaisiam

10.   

Seiscea-charbónáit sóidiam

11.   

Hidrigincharbónáit photaisiam

12.   

Ocsaíd chailciam

13.   

Eistir shiúcróis d’aigéid shailleacha (eistir de shiúcarós agus d’aigéid shailleacha inite)

14.   

Siúcraglicrídí (meascán d’eistir de shiúcarós agus de mhonai-ghlicridí agus dé-ghlicrídí d’aigéid shailleacha inite)

15.   

Eistir polaigliocróile d’aigéid shailleacha inite neamh-pholaiméirithe

16.   

Monai-eistir de phrópán-1,2 dé-ól (próipiléingliocóil) agus d’aigéid shailleacha inite, ina n-aonar nó i meascáin le dé-eistir

17.   

Merluccius capensis, Galeorhinus australis e.a.,/Loingeán


IARSCRÍBHINN III

Táirgí ar breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 dá dtagraítear in Airteagal 6(1)

1.   

Xilíotól

2.   

Lachtáit amóiniam

3.   

Aicéatáit amóiniam


Top