EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0658
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on guidelines for trans-European energy infrastructure and repealing Decision No 1364/2006/EC
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE
/* COIM/2011/0658 leagan deireanach - 2011/0300 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE /* COIM/2011/0658 leagan deireanach - 2011/0300 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Forais agus cuspóirí an togra Ní mór móriarrachtaí a dhéanamh chun bonneagar
fuinnimh na hEorpa a nuachóiriú agus a leathnú agus chun gréasáin a idirnascadh
thar theorainneacha chun príomhchuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais maidir le
hiomaíochas, inbhuanaitheacht agus cinnteacht an tsoláthair a bhaint amach. Dá bhrí sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún
ar thosaíochtaí maidir le bonneagar fuinnimh don bhliain 2020 agus ina dhiaidh
sin[1], a glacadh an 17 Samhain 2010,
iarradh beartas nua bonneagair fuinnimh don AE chun forbairt gréasáin a
chomhordú agus a bharrfheabhsú ar scála ilchríche. Dearbhaíodh inti go háirithe
an gá atá ann beartas agus creat maoinithe na nGréasán Tras‑Eorpach
Fuinnimh (GTE‑F) reatha a ollchóiriú. Tá beartas nua den sórt sin ríthábhachtach
lena áirithiú go bhfeidhmeoidh dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, go gcuirfear
an margadh inmheánach fuinnimh i gcrích agus go nascfar réigiúin iargúlta, go
dtiocfaidh bealaí eile soláthair nó tarchurtha agus foinsí eile fuinnimh chun
cinn agus go bhforbrófar foinsí in-athnuaite fuinnimh agus go gcuirfear san
iomaíocht iad le foinsí traidisiúnta, mar a thug an Chomhairle Eorpach chun
suntais an 4 Feabhra 2011. An 29 Meitheamh 2011, ghlac an
Coimisiún an Teachtaireacht A Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip
2020) maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2014‑2020)[2], ina mbeartaítear an tSaoráid um Chónascadh
na hEorpa a chruthú chun tabhairt chun críche bonneagar tosaíochta fuinnimh, iompair
agus digiteach a chur chun cinn le ciste aonair EUR 40 billiún, as a
dtiomnaítear EUR 9.1 billiún i leith fuinnimh[3]. Leagtar síos rialacha sa togra seo maidir le
forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil gréasán tras-Eorpach fuinnimh chun
cuspóirí bheartas fuinnimh an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a
bhaint amach a áiritheoidh dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus
cinnteacht an tsoláthair san Aontas, agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus
forbairt cineálacha nua fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn, chomh
maith le hidirnascadh gréasán fuinnimh a chur chun cinn. Go sonrach, is é is aidhm don Rialachán seo an
margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú go hiomlán, lena n‑áirítear
trína áirithiú nach bhfuil aon Bhallstát aonraithe ón ngréasán Eorpach,
rannchuidíonn sé le forbairt agus cosaint inbhuanaithe an chomhshaoil trína
chur ar chumas an Aontais a spriocanna a bhaint amach maidir le hastaíochtaí
gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 20 %[4],
éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi 20 % agus sciar an fhuinnimh in‑athnuaite
san ídiú fuinnimh deiridh a mhéadú faoi 20 % faoin mbliain 2020, agus
cinnteacht an tsoláthair agus dlúthpháirtíocht idir Ballstáit á áirithiú ag an
am céanna. Trí na cuspóirí sin a shaothrú, cuidíonn an
togra seo le fás cliste inbhuanaithe uilechuimsitheach agus téann sé chun
sochair an Aontais ar fad ó thaobh iomaíochais de agus ó thaobh comhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de. Chuige sin, sainaithnítear sa tionscnamh seo,
don tréimhse go dtí 2020 agus ina dhiaidh sin, líon teoranta conairí agus
réimsí tosaíochta tras‑Eorpacha a chumhdaíonn gréasáin leictreachais agus
gáis chomh maith le bonneagar iompair ola agus dé‑ocsaíd charbóin, arb
iad is mó a bhfuil gníomhaíocht ón Aontas Eorpach de dhíth orthu. Tá sé mar
aidhm aige ansin na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme tríd an méid seo a
leanas a dhéanamh: –
nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú a
chuíchóiriú chun fad tréimhse na nósanna imeachta le haghaidh tionscadal leasa
choitinn a laghdú agus rannpháirtíocht phoiblí agus glacadh poiblí maidir le
cur chun feidhme tionscadal den sórt sin a mhéadú; –
cóir rialála na dtionscadal leasa choitinn i
leictreachas agus i ngás a éascú trí chostais a leithdháileadh ag brath ar na
sochair a bhaineann leo agus trína áirithiú go bhfuil fáltais cheadaithe i
gcomhréir leis na rioscaí arna n‑iompar; –
cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn a
áirithiú trí thacaíocht airgeadais riachtanach margadhbhunaithe agus dhíreach
ón AE a chur ar fáil. Maidir leis an gcás deireanach sin, tá foráil sa togra
maidir leis an mbonn incháilitheachta a bheidh ag tionscadail leasa choitinn a
gheobhaidh cúnamh airgeadais ón AE faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa atá
faoi réir togra reachtaigh ar leithligh. Is tosaíocht straitéiseach i gClár Oibre an
Choimisiúin le haghaidh 2011 é an togra. Comhthéacs ginearálta Dúshlán suntasach, práinneach is ea an dúshlán
ár mbonneagar fuinnimh a idirnascadh leis na riachtanais nua agus é a oiriúnú
dóibh, agus baineann sé leis na hearnálacha fuinnimh ar fad. Ní mór gréasáin leictreachais a uasghrádú agus
a nuachóiriú le freastal ar an éileamh leictreachais méadaitheach i ngeall ar
mhóraistriú i slabhra agus i meascán foriomlán an luacha fuinnimh. Ní mór na
heangacha a leathnú agus a uasghrádú ar bhonn práinneach chomh maith, lena
n-áirítear trí mhórbhealaí leictreachais, chun comhtháthú an mhargaidh a chothú
agus na leibhéil reatha de shlándáil an chórais a choimeád, agus go háirithe
chun an leictreachas a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite, a mheasfar go
méadóidh sé faoi dhó agus níos mó sa tréimhse 2007-2020, a iompar agus a
chothromú. Ag an am céanna, ní bheifear ábalta spriocanna éifeachtúlachta
fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite an AE don bhliain 2020 a bhaint amach gan
tuilleadh nuálaíochta agus faisnéise sna gréasáin ar leibhéal tarchurtha agus
dáilte araon, go háirithe trí bhíthin teicneolaíochtaí na faisnéise agus na
cumarsáide. Leanfaidh gás nádúrtha de phríomhról a imirt i
meascán fuinnimh an AE sa fiche nó tríocha bliain amach anseo, ar an gcoinníoll
go gcinntítear an soláthar, agus beidh sé níos tábhachtaí fós mar bhreosla
cúltaca le haghaidh giniúna leictreachais inathraithe. Sa mheántéarma, tá gá le
hallmhairí breise éagsúlaithe de réir mar a dhéantar na hacmhainní traidisiúnta
dúchasacha de ghás nádúrtha a ídiú. Tá ceanglais solúbthachta bhreise sa chóras
maidir le gréasáin gáis, an gá le píblínte déthreocha, feabhas ar acmhainní
stórála agus soláthar solúbtha, lena n‑áirítear gás nádúrtha leachtaithe
(GNL) agus comhbhrúite (GNC). I bhfianaise an róil atá ag ola sa mheascán
fuinnimh sa fiche bliain nó mar sin atá le teacht, baineann tábhacht
straitéiseach le soláthairtí amhola gan bhriseadh a choimeád le tíortha
talamhiata an AE i Lár na hEorpa Thoir, ar tíortha iad atá spleách faoi láthair
ar bhealaí soláthair teoranta. Ar deireadh, laghdódh teicneolaíochtaí um
ghabháil agus stóráil charbóin (CCS) astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin ar
mhórscála agus bheifí ábalta breoslaí iontaise a úsáid leis, a bheidh mar
fhoinse thábhachtach i gcónaí le haghaidh giniúna leictreachais thar an fiche
bliain nó mar sin atá le teacht. Is gá bearta a ghlacadh anois ar mhaithe le
forbairt a dhéanamh amach anseo ar ghréasán trasteorann iompair dé-ocsaíd
charbóin chun bonneagar ar leibhéal na hEorpa a phleanáil agus a fhorbairt. Ina thuarascáil don Chomhairle Fuinnimh
Meitheamh 2011[5],
mheas an Coimisiún go bhfuil gá le hinfheistíocht iomlán de thuairim is EUR 200
billiún suas go dtí 2020 i mbonneagair fuinnimh a bhfuil tábhacht ar leibhéal
na hEorpa ag baint leo: –
Thart ar EUR 140 billiún le haghaidh córas
tarchurtha leictreachais ardvoltais, ar an tír mhór agus amach ón gcósta
araon, stóráil, agus feidhmeanna eangaí cliste ar leibhéal tarchurtha agus
dáilte; –
Thart ar EUR 70 billiún le haghaidh píblínte
tarchurtha gáis ardbhrú (ag teacht isteach san AE agus idir Ballstáit an AE),
stóráil, críochfort gáis nádúrtha leachtaithe/comhbhrúite (GNL/GNC) agus le
haghaidh bonneagair sreibhe cúltreo; –
Thart ar EUR 2.5 billiún le haghaidh
bonneagair iompair dé-ocsaíd charbóin. Idir 2011 agus 2020 tiocfaidh méadú 30 %
ar mhéideanna infheistíochta le haghaidh gáis agus méadú suas le 100 % le
haghaidh leictreachais i gcomparáid leis na leibhéil reatha. I bhfianaise a
dhúshlánaí agus a phráinní atá an infheistíocht seo is léir nach ionann
bonneagair fuinnimh agus bonneagair in earnálacha eile, toisc nach mór gréasáin
fuinnimh a bheith ann chun spriocanna 2020 maidir le fuinneamh agus an aeráid
agus na cuspóirí aeráide níos fadtéarmaí a bhaint amach. Maidir leis na bacainní is mó atá sainaitheanta,
a chuirfidh bac ar na hinfheistíochtaí seo faoi na toimhdí 'gnó mar is gnách'
nó a chuirfidh moill orthu i bhfad thar an spriocdháta do 2020, is fadhbanna
iad a bhaineann le deonú ceadanna (nósanna imeachta um dheonú ceadanna atá fada
agus neamhéifeachtach, mar aon le lucht freasúra phoiblí), le rialú (creat nach
bhfuil dírithe ar thosaíochtaí bonneagair Eorpacha a bhaint amach) agus le
maoiniú (acmhainní teoranta maoinithe oibreoirí, easpa ionstraimí cistiúcháin
oiriúnaithe agus tacaíochta leordhóthanaí). Forálacha reatha Rinneadh an creat GTE‑F a fhorbairt agus
a mhúnlú sna 1990í tríd na treoirlínte leantacha GTE‑F agus an Rialachán
maoinithe comhfhreagrach. Liostaíodh i dTreoirlínte 2006 le haghaidh Gréasán
Tras-Eorpach Fuinnimh[6]
thart ar 550 tionscadal a bhí incháilithe maidir le tacaíocht ón gComhphobal, á
n-aicmiú sna trí chatagóir seo a leanas: tionscadail a bhaineann le leas na
hEorpa (42 san iomlán); tionscadail tosaíochta agus tionscadail leasa choitinn.
Ní chumhdaítear ach bonneagar leictreachais agus gáis sna tionscadail seo. Bhí
sé de thátal sa tuarascáil maidir le cur chun feidhme an chreata GTE‑F sa
tréimhse 2007‑2009[7], a
foilsíodh in Aibreán 2010, cé gur chuir an beartas méid deimhneach leis na
tionscadail a roghnaíodh trí infheictheacht pholaitiúil a thabhairt dóibh, bhí
easpa fócais, solúbthachta agus cur chuige ó bharr anuas ann maidir le bearnaí
arna sainaithint sa bhonneagar a líonadh. Leagtar amach i Rialachán maoinithe GTE[8], a glacadh an 20 Meitheamh 2007,
na coinníollacha maidir le tionscadail GTE‑F a chómhaoiniú, le buiséad EUR 155
milliún don tréimhse 2007-2013. Ní leor acmhainní airgeadais agus leagan amach
Chlár an GTE‑F, áfach, i bhfianaise an aistrithe paraidíme chuig córas
fuinnimh ísealcharbóin agus, dá bhrí sin, tá gá le mórfhorbairt agus
infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh sna blianta le teacht (buiséad teoranta,
gan ionstraimí maolaithe riosca ar bith, gan cistiú ar bith lasmuigh den AE,
sineirgíochtaí neamhleora le cistí eile ón AE). Bunaithe i gcomhthéacs na géarchéime
eacnamaíche agus airgeadais, rinne an Plean Fuinnimh Eorpach do Théarnamh[9] den chéad uair, méideanna suntasacha
aonuaire a leithdháileadh (thart ar EUR 3.85 billiún) ar líon teoranta
tionscadal incháilithe sa réimse bonneagar leictreachais agus gáis, i
dtionscadail ghaoithe amach ón gcósta agus i dtionscadail taispeántais CCS. Comhchuibheas le beartais agus cuspóirí
eile an AE Tá an tionscnamh seo daingnithe in Europe
2020 – A strategy for smart, sustainable and inclusive growth (Eoraip 2020
– Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach)[10], ina gcuirtear na bonneagair fuinnimh ar
thús cadhnaíochta mar chuid den tionscnamh suaitheanta Resource efficient
Europe (Eoraip atá tíosach ar acmhainní). Cuireadh
béim ann ar an ngá gréasáin na hEorpa a uasghrádú ar bhonn práinneach i dtreo
"oll-eangach cliste" Eorpach, á n-idirnascadh ar leibhéal ilchríche,
go háirithe chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú. Tá na tosaíochtaí a sainaithníodh agus na bearta
arna mbeartú sa tionscnamh seo maidir le deonú ceadanna, rialú agus maoiniú i
gcomhréir go hiomlán leis na cuspóirí sin. Is é is aidhm don togra na Treoirlínte GTE‑F
reatha a ionadú agus cruthaítear leis pacáiste loighciúil leis an tSaoráid um
Chónascadh na hEorpa (SCE) a forbraíodh d’fhonn an Rialachán maoinithe GTE
reatha a ionadú. Cuireann an tionscnamh seo go mór freisin le
baint amach an dá sprioc cheangailteacha chun foinsí in-athnuaite fuinnimh agus
astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 20%[11] agus tá sé d’aidhm aige a bheith i
gcomhréir leis an mbealach atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún
maidir le Treoirchlár chun bogadh i dtreo geilleagair iomaíoch ísealcharbóin
faoi 2050 agus i gcomhréir le cuspóir fadtéarmach an AE astaíochtaí gáis
cheaptha teasa a laghdú faoi 80‑95 % faoi 2050 i gcomparáid le
leibhéil 1990[12]. I gcomhréir le hAirteagal 11 den CFAE,
leis an togra déantar na ceanglais reatha maidir le cosaint an chomhshaoil a
chomhtháthú i gcomhthéacs bonneagair fuinnimh. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán, sonraí a bhailiú agus
saineolas a úsáid Bunaíodh an togra seo ar bhonn raon leathan
rannchuidithe ó Bhallstáit agus ó pháirtithe leasmhara a soláthraíodh ar ócáidí
éagsúla (comhdhálacha ardleibhéil, ceardlanna, suirbhéanna), lena n-áirítear
dhá chomhairliúchán phoiblí maidir le deonú ceadanna agus maidir le húsáid
bannaí tionscadal le haghaidh tionscadal bonneagair[13]. Rinneadh anailís ar thionchar na roghanna
beartais éagsúla atá beartaithe in dhá mheasúnú tionchair a rinneadh in 2010
agus in 2011 ag úsáid torthaí na samhlacha éagsúla agus staidéar iomadúil, ar
coimisiúnaíodh trí cinn acu go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais
infheistíochta, ar dheonú ceadanna agus ar shaincheisteanna maoinithe. Tugadh
aghaidh sa dá mheasúnú tionchair ar thionchair eacnamaíocha, sóisialta agus
chomhshaoil na roghanna, agus prionsabail na coimhdeachta agus na
comhréireachta á gcur san áireamh. Measúnú tionchair Sa chéad mheasúnú tionchair (MT) in 2010
díríodh ar raon feidhme an tionscnaimh úir i dtéarmaí na n-earnálacha fuinnimh
arna gcumhdach, díríodh ar a cheapadh i dtéarmaí tosaíochtaí a shainaithint
agus tionscadail leasa choitinn a roghnú, ar an gcineál comhordaithe agus
comhair réigiúnaigh i gceist agus ar phrionsabail ghinearálta maidir le deonú
ceadanna. Bunaithe ar an gcéad anailís seo, déantar
anailís i bhfad níos mionsonraithe in MT 2011 ar roghanna beartais sna réimsí
maidir le deonú ceadanna agus comhairliúchán poiblí, rialú agus maoiniú ar
cheart feidhm a bheith acu maidir leis na tionscadail leasa choitinn a
roghnaíodh chun na tosaíochtaí bonneagair a sainaithníodh roimhe sin a chur
chun feidhme. Maidir le gach ceann de na bacainní éagsúla a sainaithníodh,
déantar measúnú ar réitigh atá ar fáil, atá éifeachtach agus atá éifeachtúil ó
thaobh costais de. Deonú ceadanna agus comhairliúchán poiblí Déantar comparáid san anailís idir trí rogha:
córas leasa choitinn a bhunú; rialacha maidir le heagrú agus maidir le fad
tréimhse an phróisis deonaithe ceadanna, go sonrach "ionad uileghnó
iomlán" agus teorainn ama; meascán den dhá rogha sin roimhe. Maidir leis na bearta a bhaineann leis an
Treoir maidir le Gnáthóga, táthar ag súil nach mbeidh an tionchar ar fhlóra
agus ar fhána áitiúil an chórais Eorpaigh leasa choitinn ábhartha ach amháin i
gcás foshraithe bige tionscadal leasa choitinn a sainaithníodh mar thionscadail
a d’fhéadfadh bheith ar neamhréir le limistéir Natura2000, ach atá
ríthábhachtach fós féin chun cuspóirí beartais fuinnimh agus aeráide a bhaint
amach. Meastar gurb é tionchar foriomlán na rogha
beartais is déanaí an tionchar is deimhní ar fad, toisc go dtabharfaí beagnach
gach ceann de na tionscadail riachtanacha uile i gcrích in am faoi 2020 mar
thoradh ar an mbeartas sin, ar an gcoinníoll go bhfuil bearta cuí maidir le
rialú agus maidir le maoiniú i bhfeidhm. Táthar ag súil go mbeidh tionchair
chomhshaoil, tionchair shóisialta ar fhostaíocht agus tionchair eacnamaíocha ar
OTI níos láidre faoin rogha beartais seo toisc go mbeadh na tionscadail ar fad
curtha i gcrích, agus bheadh na coigiltis ar chostais riaracháin suntasach. Saincheisteanna rialála Déantar comparáid san anailís idir trí rogha:
leithdháileadh trasteorann costas; dreasachtaí infheistíochta; meascán den dhá
rogha sin roimhe. Taispeántar san anailís go bhfuil gá le
meicníocht leithdháilte trasteorann costas ex-ante agus dreasachtaí atá
i gcomhréir leis na rioscaí arna n‑iompar ag an oibreoir d’fhonn cur chun
feidhme na dtionscadal leasa choitinn ina bhfuil dúshláin le sárú maidir lena
n-inmharthanacht a áirithiú. Beidh tionchar mór deimhneach eacnamaíoch,
sóisialta agus comhshaoil acu. Maoiniú D’fhonn measúnú a dhéanamh ar raon iomlán na
mbeart féideartha maidir le bonneagar a fhorbairt, pléitear ceithre rogha
mhaoinithe san anailís freisin, fiú má dhéantar a n-aistriú isteach i mbearta
beartais sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa: úsáid ionstraimí roinnte riosca
(lena n-áirítear bannaí agus ráthaíochtaí tionscadal); úsáid ionstraimí
caipitil riosca (lena n-áirítear rannpháirtíochtaí cothromais); úsáid
tacaíochta deontais le haghaidh staidéar agus tógáil tionscadal; meascán de
dheontais, roinnt rioscaí agus ionstraimí caipitil riosca. Is é tionchar foriomlán na rogha beartais is
déanaí an ceann is deimhní, toisc go mbailíonn sé tionchair dheimhneacha na
roghanna aonair agus soláthraíonn sé bosca solúbtha uirlisí d’ionstraimí
margadhbhunaithe agus tacaíocht airgeadais dhíreach, as a dtiocfaidh
sineirgíochtaí agus méadú ar éifeachtúlacht tríd an réiteach is éifeachtúla ó
thaobh costais de a thairiscint le haghaidh rioscaí sonracha tionscadal.
Léiríonn an rogha beartais seo na bearta arna mbeartú faoin tSaoráid um
Chónascadh na hEorpa chomh maith. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá
beartaithe Tugtar tosaíocht sa Rialachán atá beartaithe
do 12 chonair agus réimse straitéiseacha maidir le bonneagar fuinnimh
tras-Eorpach. Leagtar amach rialacha ann d’fhonn tionscadail leasa choitinn
(TLCanna) a shainaithint laistigh de shraith catagóirí um bonneagar fuinnimh
atá riachtanach chun na tosaíochtaí seo a chur chun feidhme. Chuige sin,
bunaítear próiseas roghnúcháin atá bunaithe ar ghrúpa saineolaithe réigiúnacha,
agus ról comhairleach don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh
(ACER) i leictreachas agus i ngás. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh
deiridh, a thabharfar cothrom le dáta gach dhá bhliain, maidir le liosta uile‑Aontais
de thionscadail leasa choitinn. Cuirtear de chúram ar na grúpaí saineolaithe
réigiúnacha agus ar an nGníomhaireacht um Chomhar Fuinnimh faireachán agus
meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na TLCanna. Féadfaidh an
Coimisiún comhordaitheoirí Eorpacha a ainmniú le haghaidh TLCanna a bhfuil
deacrachtaí ag baint leo. Leis an togra, bunaítear córas leasa choitinn
le haghaidh TLCanna, ina dtugtar freagrachtaí ar leith d’údarás inniúil
náisiúnta amháin laistigh de gach Ballstát chun an próiseas deonaithe ceadanna
le haghaidh TLCanna a chomhordú agus a mhaoirsiú, ina leagtar síos
íoschaighdeáin maidir le trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí agus ina
socraítear an fad tréimhse uasta atá ceadaithe don phróiseas reachtúil
deonaithe ceadanna. Is féidir TLCanna a chur chun feidhme faoi choinníollacha
áirithe faoin togra más le leas an phobail go sáraitheach é arna sainiú i dTreoir
92/43/CE agus i dTreoir 2000/60/CE. Tá na bearta sin comhréireach toisc gurb é
is aidhm dóibh nósanna imeachta náisiúnta riaracháin a ailíniú diaidh ar
ndiaidh chun cur chun feidhme TLCanna - ar TLCanna trasteorann iad den chuid is
mó - a éascú. Féadfaidh Ballstáit a nósanna imeachta inmheánacha féin a
cheapadh i gcomhréir lena gcórais náisiúnta dlí d’fhonn cheanglais an
Rialacháin seo a chomhlíonadh. Déantar foráil sa Rialachán atá beartaithe
maidir le modheolaíocht agus próiseas le haghaidh anailíse comhchuibhithe uile‑chórais
costais is tairbhe ar fhuinneamh a leagan amach maidir le tionscadail leasa
choitinn um leictreachas agus um ghás. Ar bhonn na modheolaíochta sin, tugtar
freagracht d’údaráis rialaitheacha náisiúnta agus don ACER as costais a leithdháileadh
thar theorainneacha le haghaidh TLCanna sna hearnálacha seo de réir na sochar
sna Ballstáit a bhfuil baint dhíreach nó baint indíreach acu leis na TLCanna
sin. Iarrtar ar údaráis rialaitheacha náisiúnta chomh maith dreasachtaí iomchuí
a dheonú trí tharaifí d’fhonn TLCanna a bhfuil rioscaí níos airde ag baint leo
ar chúiseanna a bhfuil údar leo a chur chun feidhme. Ar deireadh, cinntear sa Rialachán na
coinníollacha maidir le hincháilitheacht TLCanna cúnamh airgeadais a fháil ón
Aontas faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, le haghaidh staidéar (ar fáil do
gach TLC ach amháin TLCanna in earnáil na hola) agus le haghaidh oibreacha (ar
fáil do gach TLC sna heangacha cliste agus san earnáil dé-ocsaíd charbóin, agus
do TLCanna i leictreachas agus gás a chomhlíonann coinníollacha áirithe, go
sonrach go bhfuarthas cinneadh um leithdháileadh costas trasteorann ina leith). Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 172 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De réir Airteagal 171(1),
"bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí
agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán tras-Eorpach;
sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn". Sonraítear in Airteagal 172
go nglacfar na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 171(1)
faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta. Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir
leis an togra seo a mhéid is nach bhfuil beartas fuinnimh faoi inniúlacht
eisiach an Aontais. Is de chineál tras-Eorpach nó trasteorann ar a laghad é an
bonneagar tarchurtha fuinnimh nó tá tionchair thras-Eorpacha nó trasteorann ar
a laghad ag baint leis. Ní oireann rialú ar leibhéal Ballstáit agus níl
inniúlacht ar bith ag riaracháin náisiúnta aonair chun déileáil leis na
bonneagair seo ina n-iomláine. Ó thaobh an gheilleagair de, is é an dóigh is
fearr le forbairtí gréasán fuinnimh a bhaint amach ná iad a phleanáil i
gcomhthéacs na hEorpa, ag cuimsiú ghníomhaíochta an AE agus na mBallstát araon
agus a gcuid inniúlachtaí faoi seach á n‑urramú ag an am céanna. Dá bhrí
sin, urramaíonn an Rialachán atá beartaithe prionsabal na coimhdeachta. Prionsabal na comhréireachta agus rogha
ionstraime dlí Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach
chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach, i bhfianaise na gcuspóirí
beartais fuinnimh agus aeráide a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais agus na
mbacainní ar fhorbairt bonneagar fuinnimh leormhaith. Is Rialachán í an
ionstraim arna roghnú, a bhfuil feidhm dhíreach aige agus é go hiomlán
ceangailteach. Tá beart den sórt sin riachtanach chun cur chun feidhme tráthúil
na dtosaíochtaí bonneagair fuinnimh a áirithiú faoi 2020. Go háirithe, maidir le bunú creata deonaithe
ceadanna le húdaráis inniúla ar leibhéal náisiúnta agus teorainneacha ama
soiléire, faoina bhféadfar an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích de
réir sainiúlachtaí náisiúnta, tá sé comhréireach leis an gcuspóir chun an
próiseas deonaithe ceada a luathú. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Gach impleacht buiséadach a bhaineann leis an
togra seo, déileáiltear léi faoi ráiteas reachtúil airgeadais an Togra le
haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana Má ghlactar leis an togra, déanfar an Cinneadh
1364/2006/CE a aisghairm ón 1 Eanáir 2014 i leith. Mar sin féin, ní
dhéanfaidh sé seo difear do dheonú, do leanúint nó do mhodhnú na cabhrach
airgeadais arna bronnadh ag an gCoimisiún ar bhonn na nglaonna ar thograí a
seoladh faoin Rialachán maoinithe GTE atá ann cheana le haghaidh tionscadal atá
sonraithe sa Chinneadh seo, nó le haghaidh tionscadail GTE‑F a bhaineann
leas as tacaíocht trí bhíthin cistí struchtúracha. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) Tá baint ag an Togra le hábhar LEE agus ba
cheart feidhm a bheith aige maidir leis dá bhrí sin. 2011/0300 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair
tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[14], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[15], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
An 26 Márta 2010, chomhaontaigh an
Chomhairle Eorpach leis an togra ón gCoimisiún chun straitéis nua "Eoraip
2020"[16] a
sheoladh. Tá fás inbhuanaithe ar cheann de thosaíochtaí na straitéise
"Eoraip 2020" agus bainfear sin amach trí gheilleagar atá níos
éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos glaise agus níos iomaíche a chur chun
cinn. Sa straitéis cuireadh bonneagair fuinnimh ar thús cadhnaíochta mar chuid
den tionscnamh suaitheanta Resource efficient Europe (Eoraip atá tíosach
ar acmhainní) trí bhéim a chur ar an ngéarghá le gréasáin na hEorpa a uasghrádú
chun iad a idirnascadh ar leibhéal ilchríche agus go háirithe chun foinsí
fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú. (2)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Energy
infrastructure priorities for 2020 and beyond – A Blueprint for an integrated
European energy network (Tosaíochtaí maidir le bonneagar fuinnimh don
bhliain 2020 agus ina diaidh - Treoirphlean maidir le gréasán fuinnimh
comhtháite Eorpach)[17],
agus ina dhiaidh sin i gconclúidí na Comhairle Iompair Teileachumarsáide agus
Fuinnimh an 28 Feabhra 2011 agus i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2011,
éilíodh beartas nua bonneagair fuinnimh chun forbairt gréasán a bharrfheabhsú
ar leibhéal na hEorpa don tréimhse go dtí an bhliain 2020 agus ina diaidh, chun
cur ar chumas an Aontais a phríomhchuspóirí beartais fuinnimh a bhaint amach,
i.e. iomaíochas, inbhuanaitheacht agus cinnteacht an tsoláthair. (3)
Leag an Chomhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011
béim ar an ngá le bonneagar fuinnimh na hEorpa a nuachóiriú agus a leathnú chun
gréasáin a idirnascadh thar theorainneacha, chun dlúthpháirtíocht idir na
Ballstáit a chur i bhfeidhm, chun foráil a dhéanamh maidir le bealaí eile
soláthair nó idirthurais agus le foinsí eile fuinnimh agus chun foinsí
in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt in iomaíocht le foinsí traidisiúnta. D'áitigh
sí nár cheart go mbeadh Ballstát ar bith de chuid an Aontais aonraithe ó
ghréasáin gáis agus leictreachais na hEorpa i ndiaidh 2015 ná go mbeadh a
chinnteacht fuinnimh i gcontúirt mar gheall ar easpa nasc iomchuí. (4)
Leagtar síos treoirlínte do ghréasáin
thras-Eorpacha fuinnimh i gCinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair[18].
Tá sé mar chuspóir leis na Treoirlínte sin do Ghréasáin Thras-Eorpacha Fuinnimh
(GTE‑F) tacú le cur i gcrích mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais agus
táirgeadh, iompar, leithdháileadh agus úsáid réasúnach acmhainní fuinnimh á
spreagadh ag an am céanna, aonrú na réigiún is lú buntáiste agus na réigiún
oileánach a laghdú, soláthairtí fuinnimh an Aontais a dhaingniú agus a éagsúlú
trí chomhar le tríú tíortha, agus cur le forbairt inbhuanaithe agus cosaint an
chomhshaoil. (5)
Taispeánadh go soiléir i meastóireacht a rinneadh
ar an gcreat GTE‑F reatha, cé go raibh tionchar dearfach ag an mbeart sin
ar roinnt tionscadal roghnaithe trí infheictheacht pholaitiúil a thabhairt
dóibh, nach bhfuil dóthain físe, fócais ná solúbthachta ag baint leis an mbeart
chun bearnaí sainaitheanta sa bhonneagar a líonadh. (6)
Tá sé riachtanach dlús a chur faoi athchóiriú an
bhonneagair fuinnimh reatha agus bonneagar fuinnimh nua a úsáid chun cuspóirí
bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, i.e. an margadh
inmheánach fuinnimh a chur i gcrích, cinnteacht an tsoláthair a ráthú, go
háirithe le haghaidh gáis agus ola, astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú
faoi 20 %[19],
sciar an fhuinnimh in-athnuaite san ídiú fuinnimh deiridh a mhéadú go 20 %[20], agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi
20 % faoin mbliain 2020. Ag an am céanna, ní mór don Aontas a
bhonneagar a ullmhú do thuilleadh dícharbónaithe sa chóras fuinnimh san
fhadtéarma idir seo agus 2050. (7)
D'ainneoin gurb ann don mhargadh inmheánach
fuinnimh de réir dlí mar a shainítear i dTreoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don
mhargadh inmheánach sa leictreachas[21]
agus i dTreoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009
maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha[22], tá sé ilroinnte fós de dheasca easpa
idirnasc idir gréasáin náisiúnta fuinnimh. Tá gréasáin chomhtháite ar fud an
Aontais fíorthábhachtach, áfach, chun margadh comhtháite iomaíoch dea‑fheidhmeach
a áirithiú a chuirfidh fás, fostaíocht agus forbairt inbhuanaithe chun cinn. (8)
Ba cheart bonneagar fuinnimh an Aontais a uasghrádú
chun tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine a chosc agus chun a sheasmheacht
a mhéadú i leith tubaistí den sórt sin, i leith éifeachtaí díobhálacha
athraithe aeráide agus i leith bagairtí ar a shláine, go háirithe maidir le
bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha atá leagtha amach i dTreoir 2008/114/CE ón
gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha
Eorpach a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an
ngá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú[23]. (9)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na
hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste
na Réigiún dar teideal Smart grids: from innovation to deployment
(Eangacha cliste: nuálaíocht go húsáid)[24],
aithníodh go bhfuil tábhachtach ag baint le húsáid eangach cliste maidir le
cuspóirí beartais fuinnimh an Aontais a bhaint amach.. (10)
Tugadh i bhfios go láidir sa Teachtaireacht ón
gCoimisiún dar teideal The EU Energy Policy: Engaging with Partners beyond
Our Borders (Beartas Fuinnimh an AE: I mbun oibre lenár gcomhpháirtithe
lasmuigh dár dteorainneacha)[25]
nach mór don Aontas forbairt bonneagair fuinnimh a chur chun cinn mar chuid dá
chaidreamh seachtrach d’fhonn tacú le forbairt shocheacnamaíoch an bhonneagair
lasmuigh de theorainneacha an Aontais. Ba cheart go n‑éascódh an tAontas
tionscadail bhonneagair a nascann gréasáin fuinnimh an Aontais le gréasáin tríú
tíortha, go háirithe i dtíortha comharsanacha agus i dtíortha ar bhunaigh an
tAontas comhar sonrach fuinnimh leo. (11)
Meastar, maidir leis na riachtanais infheistíochta
idir seo agus 2020 i mbonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis atá
ábhartha maidir leis an Eoraip, gurb ionann iad agus thart ar EUR 200
billiún. Mar gheall ar an méadú suntasach atá
tagtha ar mhéideanna infheistíochta i gcomparáid le treochtaí san am a chuaigh
thart agus mar gheall ar an bpráinn atá le cur chun feidhme na dtosaíochtaí
maidir le bonneagar fuinnimh, teastaíonn cur chuige nua maidir leis an mbealach
a dhéantar bonneagair fuinnimh, agus go háirithe na cinn sin de chineál
trasteorann, a rialú agus a mhaoiniú. (12)
I nDoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin chuig
an gComhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh an 10 Meitheamh 2011
dar teideal Energy infrastructure investment needs and financing
requirements (Riachtanais infheistíochta agus ceanglais airgeadais i ndáil
le bonneagar fuinnimh)[26],
cuireadh i bhfios go láidir go bhfuil baol ann nach seachadfar thart ar leath de
na hinfheistíochtaí ar fad is gá le haghaidh na ndeich mbliana roimh 2020 ar
chor ar bith nó nach seachadfar iad in am i ngeall ar bhacainní a bhaineann le
deonú ceadanna, le rialú agus le maoiniú. (13)
Leagtar síos rialacha sa Rialachán seo maidir le
forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil gréasán tras-Eorpach fuinnimh chun
cuspóirí bheartas fuinnimh an Chonartha a bhaint amach a áiritheoidh
dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus cinnteacht an tsoláthair
san Aontas, agus chun éifeachtúlacht fuinnimh, coigilt fuinnimh agus forbairt
cineálacha nua fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn, chomh maith le
hidirnascadh gréasán fuinnimh a chur chun cinn. Trí na cuspóirí sin a shaothrú,
cuidíonn an togra seo le fás cliste inbhuanaithe uilechuimsitheach agus téann
sé chun sochair an Aontais ar fad ó thaobh iomaíochais de agus ó thaobh
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de. (14)
Rinne an Coimisiún, i ndiaidh dlúthchomhairliúcháin
leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ar fad, 12 thosaíocht straitéiseacha
maidir le bonneagair fuinnimh tras-Eorpacha a shainaithint, ar tosaíochtaí iad
is gá a chur chun feidhme faoi 2020 chun cuspóirí bheartas fuinnimh agus
aeráide an Aontais a bhaint amach. Cuimsíonn
na tosaíochtaí sin réigiúin gheografacha nó réimsí téamúla éagsúla i réimse an
bhonneagair tarchurtha agus stórála leictreachais, an bhonneagair tarchurtha
agus stórála gáis, an bhonneagair gáis nádúrtha leachtaithe nó comhbhrúite,
agus cuimsíonn siad freisin iompar dé-ocsaíd charbóin agus bonneagar ola. (15)
Ba cheart sainaithint na dtionscadal leasa choitinn
a bhunú ar chritéir choiteanna trédhearcacha oibiachtúla i bhfianaise a
rannchuidithe leis na cuspóirí beartais fuinnimh. Maidir
le leictreachas agus gás, ba cheart na tionscadail atá beartaithe a bheith ina
gcuid den phlean deich mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt
gréasáin. Ba cheart a chur san áireamh sa
phlean sin go háirithe conclúidí na Comhairle Eorpaí an 4 Feabhra maidir
leis an ngá margaí forimeallacha fuinnimh a chomhtháthú. (16)
D'fhonn Airteagal 172 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, ba cheart grúpaí réigiúnacha a
bhunú chun tionscadail leasa choitinn a mholadh a bheidh le formheas ag na
Ballstáit. Chun comhaontú leathan a áirithiú
ba cheart do na grúpaí réigiúnacha sin dlúthchomhar a áirithiú idir Ballstáit,
údaráis rialaitheacha náisiúnta, tionscnóirí tionscadail agus geallsealbhóirí
ábhartha. Ba cheart an comhar sin a bhunú, a
mhéid is féidir, ar struchtúir réigiúnacha comhair atá bunaithe cheana ag údaráis
rialaitheacha náisiúnta agus ag oibreoirí córais tarchurtha agus ar struchtúir
eile atá bunaithe cheana ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún. (17)
Ba cheart an liosta uile‑Aontais de
thionscadail leasa choitinn a theorannú do na tionscadail a bhfuil an tionchar
is mó acu ar chur chun feidhme na gconairí agus na réimsí tosaíochta
straitéiseacha maidir le bonneagar fuinnimh. Dá
bhrí sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún an cinneadh maidir leis an liosta a
dhéanamh, ag urramú ag an am céanna an ceart atá ag na Ballstáit tionscadail
leasa choitinn a bhaineann lena gcríoch féin a fhormheas. De réir anailíse atá déanta sa mheasúnú tionchair a
ghabhann leis an togra seo, meastar go bhfuil thart ar 100 tionscadal den sórt
sin ann i réimse an leictreachais agus 50 ceann eile i réimse an gháis. (18)
Ba cheart tionscadail leasa choitinn a chur chun
feidhme a luaithe is féidir agus ba cheart dlúthfhaireachán agus
dlúthmheastóireacht a dhéanamh orthu, agus an t-ualach riaracháin i leith
tionscnóirí tionscadail á choinneáil chomh íseal agus is féidir. Ba cheart don Choimisiún comhordaitheoirí Eorpacha
a ainmniú le haghaidh tionscadal a bhfuil deacrachtaí ar leith ag baint leo. (19)
Maidir le nósanna imeachta údarúcháin, níor cheart
go dtiocfadh ualaí riaracháin astu atá ar neamhréir le méid nó le castacht an
tionscadail ná go gcruthóidís bacainní ar fhorbairt gréasán tras-Eorpach agus
ar rochtain ar an margadh. Chuir Comhairle Eorpach an 19 Feabhra 2009
béim ar an ngá le bacainní ar infheistíocht a shainaithint agus le deireadh a
chur leo, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta pleanála agus
comhairliúcháin a chuíchóiriú. Leag Comhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011
béim arís ar na conclúidí sin nuair a tugadh i bhfios go láidir an tábhacht a
bhaineann le nósanna imeachta údaraithe a chuíchóiriú agus a fheabhsú agus
inniúlachtaí náisiúnta a urramú ag an am céanna. (20)
Ba cheart "stádas tosaíochta" a thabhairt
do thionscadail leasa choitinn ar leibhéal náisiúnta chun láimhseáil ghasta
riaracháin a áirithiú. Ba cheart go measfadh údaráis inniúla gur chun leas an
phobail iad tionscadail leasa choitinn. Ba cheart tionscadail a údarú a bhfuil
drochthionchar acu ar an gcomhshaol, i gcás ar le leas an phobail go
sáraitheach é, má chomhlíontar na coinníollacha ar fad a bhfuil foráil déanta
ina leith i dTreoir 92/43/CE agus i dTreoir 2000/60/CE. (21)
Má bhunaítear údarás inniúil aonair ar leibhéal
náisiúnta a chomhtháthaíonn nó a chomhordaíonn na nósanna imeachta deonaithe
ceadanna go léir (“ionad uileghnó”) ba cheart go laghdófaí castacht, go
méadófaí éifeachtúlacht agus trédhearcacht agus go gcuideofaí le comhar a
fheabhsú i measc na mBallstát. (22)
D'ainneoin go bhfuil caighdeáin bhunaithe ann
maidir le rannpháirtíocht an phobail i nósanna imeachta cinnteoireachta maidir
leis an gcomhshaol, tá gá le bearta breise chun a áirithiú go bhfuil na
caighdeáin is fearr ann ó thaobh trédhearcachta agus rannpháirtíochta poiblí
maidir leis na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe
ceadanna do thionscadail leasa choitinn. (23)
Trí chur chun feidhme ceart agus comhordaithe
Threoir 85/337/CE ón gComhairle arna leasú agus Choinbhinsiúin Aarhus agus
Espoo, ba cheart go n‑áiritheofaí comhchuibhiú na bpríomhphrionsabal
maidir le measúnú ar éifeachtaí comhshaoil, lena n-áirítear i gcomhthéacs
trasteorann. Ba cheart do na Ballstáit a measúnuithe maidir le tionscadail
leasa choitinn a chomhordú agus foráil a dhéanamh maidir le measúnuithe
comhpháirteacha, nuair is iomchuí. (24)
I bhfianaise na práinne a bhaineann le bonneagair
fuinnimh a fhorbairt, ní mór sprioc‑am soiléir a bheith ag na húdaráis
inniúla ábhartha i dteannta na nósanna imeachta deonaithe ceadanna a shimpliú
chun an cinneadh a ghlacadh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart go
spreagfadh an teorainn ama sin sainiú agus láimhseáil níos éifeachtúla na
nósanna imeachta, agus níor cheart, ar chúinse ar bith, go ndéanfaí
comhghéilleadh faoi na hardchaighdeáin maidir le cosaint an chomhshaoil agus
rannpháirtíocht phoiblí. (25)
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, agus
go háirithe ag na forálacha maidir le ceadanna a dheonú, le rannpháirtíocht
phoiblí agus le tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme, gan dochar do
reachtaíocht idirnáisiúnta ná do reachtaíocht an Aontais, lena n‑áirítear
forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus forálacha
arna nglacadh faoin gComhbheartas Iascaigh agus Muirí. (26)
Ba cheart an plé maidir le leithdháileadh iomchuí
costas a bhunú ar an measúnú ar chostais agus ar shochair tionscadail
bhonneagair a dhéanfar ar bhonn modheolaíochta comhchuibhithe chun anailís uile-chórais
a dhéanamh ar fhuinneamh, faoi chuimsiú na bpleananna deich mbliana maidir le
forbairt gréasáin arna n‑ullmhú ag Gréasáin Eorpacha na nOibreoirí Córais
Tarchurtha de réir Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana
ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas[27], agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le
coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha[28], ar measúnú é a ndéanfaidh an
Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh athbhreithniú air de réir Rialachán
(CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009
lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh[29]. (27)
I margadh inmheánach fuinnimh atá ag éirí níos
comhtháite, tá gá le rialacha soiléire trédhearcacha maidir le leithdháileadh
costas thar theorainneacha chun dlús a chur le hinfheistíocht i mbonneagar
trasteorann. Leag Comhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011
béim ar an tábhacht a bhaineann le creat rialála a chur chun cinn a mheallfadh
infheistíocht i ngréasáin, le taraifí socraithe ag leibhéil atá comhsheasmhach
le riachtanais mhaoinithe agus leis an leithdháileadh iomchuí costas le
haghaidh infheistíochtaí trasteorann, agus iomaíocht agus iomaíochas á
bhfeabhsú, i measc tionscal Eorpach go háirithe, agus an tionchar ar
thomhaltóirí á chur san áireamh. (28)
Ceanglaítear leis an reachtaíocht reatha maidir
leis an margadh inmheánach fuinnimh go gcruthóidh taraifí le haghaidh rochtana
ar na gréasáin gáis agus leictreachais dreasachtaí iomchuí chun infheistíocht a
dhéanamh. Agus an reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh á cur
i bhfeidhm, ba cheart d’údaráis rialaitheacha náisiúnta a áirithiú go bhfuil
dreasachtaí le haghaidh tionscadal leasa choitinn, lena n-áirítear dreasachtaí
fadtéarmacha, i gcomhréir le leibhéal riosca sonraigh an tionscadail. I gcás
leictreachais, tá feidhm aige sin go háirithe maidir le teicneolaíochtaí
nuálacha tarchuir le go bhféadfar fuinneamh in‑athnuaite, acmhainní
fuinnimh dáilte nó freagairt ar éileamh a chomhtháthú ar mhórscála i gcás
gréasán idirnasctha, agus tá feidhm aige maidir le bonneagar tarchurtha gáis
lena dtugtar acmhainn ag céim chun cinn nó solúbthacht bhreise don mhargadh
chun trádáil ghearrthéarmach nó soláthar cúltaca a cheadú i gcás suaitheadh
soláthar. (29)
Léiríodh sa Chlár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh
(CFET)[30] an
breisluach a bhaineann le cistiú príobháideach a ghiaráil trí chabhair
shuntasach airgeadais ón Aontas d’fhonn deis a thabhairt tionscadail a bhfuil
tábhacht leo ar leibhéal na hEorpa a chur chun feidhme. D’aithin an Chomhairle
Eorpach an 4 Feabhra 2011 go bhféadfadh sé go mbeadh airgeadas poiblí
teoranta de dhíth ar roinnt tionscadal bonneagair fuinnimh d’fhonn cistiú
príobháideach a ghiaráil. I bhfianaise na
géarchéime eacnamaíche agus airgeadais agus srianta buiséadacha, ba cheart
tacaíocht spriocdhírithe a fhorbairt, trí bhíthin deontas agus ionstraimí
airgeadais, faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, rud a mheallfadh
infheisteoirí nua chun infheistíocht a dhéanamh sna conairí agus réimsí
tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh ag coinneáil ranníocaíochta buiséadaí
an Aontais chomh íseal agus is féidir ag an am céanna. (30)
Ba cheart tionscadail leasa choitinn i réimsí
leictreachais, gáis agus dé-ocsaíde carbóin a bheith incháilithe chun cúnamh
airgeadais a fháil ón Aontas le haghaidh staidéar agus, faoi choinníollacha
áirithe, le haghaidh oibreacha faoin Rialachán atá beartaithe le haghaidh na
Saoráide um Chónascadh na hEorpa (Rialachán SCE), agus ba cheart an chabhair
sin a bheith ar fáil i bhfoirm deontas nó i bhfoirm ionstraimí airgeadais
nuálaíocha. Áiritheofar leis sin gur féidir tacaíocht shaincheaptha a chur ar
fáil do na tionscadail leasa choitinn sin nach bhfuil inmharthana faoin gcreat
rialála reatha agus faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Ba cheart don chúnamh
airgeadais sin na sineirgíochtaí is gá a áirithiú le maoiniú ó ionstraimí faoi
bheartais eile de chuid an Aontais. Go háirithe, maoineoidh an tSáoráid um
Chónascadh na hEorpa bonneagar fuinnimh atá ábhartha maidir leis an Eoraip,
agus maoineoidh cistí struchtúracha gréasáin chliste dáilte fuinnimh a bhfuil
tábhacht áitiúil nó réigiúnach ag baint leo. Dá bhrí sin, déanfaidh an dá
fhoinse maoinithe a chéile a chomhlánú. (31)
Ba cheart, dá bhrí sin,
Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE a aisghairm. (32)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo, is é sin forbairt agus idir-inoibritheacht na ngréasán tras‑Eorpach
fuinnimh agus nascadh leis na gréasáin sin, nach féidir leo an cuspóir sin a
ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú dá bhrí sin ar
leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh
ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha
amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun
an cuspóir sin a bhaint amach. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I -
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1. Sa Rialachán seo leagtar síos
treoirlínte maidir le forbairt agus idir‑inoibritheacht thráthúil conairí
agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh tras‑Eorpach atá
leagtha amach in Iarscríbhinn I. 2. Déantar na nithe seo a leanas
go háirithe leis an Rialachán seo: (a)
leagtar síos rialacha chun na tionscadail leasa
choitinn a shainaithint is gá chun na conairí agus na réimsí tosaíochta sin a
chur chun feidhme, ar rialacha iad a thig faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh
maidir le leictreachas, gás, ola agus dé-ocsaíd charbóin atá leagtha amach in Iarscríbhinn II; (b)
éascaítear cur chun feidhme tráthúil tionscadal
leasa choitinn trí dheonú ceadanna a luathú agus trí rannpháirtíocht phoiblí a
fheabhsú; (c)
cuirtear rialacha ar fáil maidir le leithdháileadh
trasteorann costas agus maidir le dreasachtaí a bhaineann le riosca do
thionscadail leasa choitinn; (d)
cinntear coinníollacha incháilitheachta tionscadal
leasa choitinn chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoin [Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um
Chónascadh na hEorpa]. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na
sainmhínithe dá bhforáiltear i dTreoir 2009/28/CE, i dTreoir 2009/72/CE agus i
dTreoir 2009/73/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, i Rialachán (CE)
Uimh. 714/2009, agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, beidh feidhm ag
na sainmhínithe seo a leanas: 1. ciallaíonn 'bonneagar fuinnimh'
aon trealamh fisiceach a ceapadh chun leictreachas nó gás a tharchur agus a
dháileadh, chun ola nó dé-ocsaíd charbóin a iompar, nó chun leictreachas nó gás
a stóráil, ar trealamh é atá lonnaithe san Aontas nó a nascann an tAontas agus
tríú tír nó tríú tíortha; 2. ciallaíonn 'cinneadh
cuimsitheach' an cinneadh a ghlacann údarás inniúil údarú a dheonú nó a dhiúltú
maidir le bonneagar fuinnimh a thógáil a bhaineann le tionscadal, gan dochar
d’aon chinntí ina dhiaidh sin a ghlacfar chun rochtain a thabhairt ar
réadmhaoin, ná d'aon nósanna imeachta achomhairc riaracháin nó breithiúnaigh
ina dhiaidh sin; 3. ciallaíonn 'tionscadal' ceann
amháin nó níos mó de línte, de phíblínte, de shaoráidí, de threalamh, de
shuiteálacha agus de chatagóirí gaolmhara bonneagair atá leagtha amach in Iarscríbhinn II,
atá dírithe ar bhonneagar nua fuinnimh a thógáil nó ar bhonneagar reatha
fuinnimh a threisiú nó a athchóiriú; 4. ciallaíonn 'tionscadal leasa
choitinn' tionscadal a bhfuil gá leis chun na conairí agus réimsí tosaíochta
maidir le bonneagar fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chur
chun feidhme; 5. ciallaíonn 'tionscnóir
tionscadail': (a)
oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir córais
dáileacháin nó oibreoir nó infheisteoir eile atá ag forbairt tionscadail leasa
choitinn; nó (b)
má tá roinnt oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí
córais dáileacháin, oibreoirí eile, infheisteoirí nó aon ghrúpa díobh sin ann,
ciallaíonn sé an t-eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí
náisiúnta is infheidhme, a ainmníodh trí shocrú conarthach eatarthu agus a
bhfuil sé de chumas aige oibleagáidí dlíthiúla a ghabháil air féin agus
dliteanas airgeadais a glacadh chuige thar ceann na bpáirtithe sa socrú
conarthach. CAIBIDIL II -
TIONSCADAIL LEASA CHOITINN Airteagal 3
Tionscadail leasa choitinn a shainaithint 1. Bunóidh an Coimisiún liosta
uile‑Aontais de thionscadail leasa choitinn. Déanfar an liosta a
athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá gach dhá
bhliain. Glacfar an chéad liosta faoin 31 Iúil 2013 ar a dhéanaí. 2. Chun críche tionscadail leasa
choitinn a shainaithint, bunóidh an Coimisiún Grúpa Réigiúnach
("Grúpa" anseo feasta) mar a shainítear i roinn 1 d'Iarscríbhinn III
bunaithe ar gach conaire agus réimse tosaíochta agus ar chumhdach geografach gach
ceann acu sin mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. 3. Tarraingeoidh gach Grúpa suas
liosta de thionscadail leasa choitinn atá beartaithe i gcomhréir leis an
bpróiseas atá leagtha amach i roinn 2 d'Iarscríbhinn III, i gcomhréir
leis an méid a chuireann gach tionscadal le cur chun feidhme na gconairí agus
na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I
agus i gcomhréir le comhlíonadh na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 4.
Beidh de dhíth ar gach tionscadal atá beartaithe formheas ón mBallstát nó ó na
Ballstáit a bhfuil baint ag an tionscadal lena chríoch/gcríoch. 4. I gcás tionscadal
leictreachais agus gáis a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i
bpointe 1 agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, déanfaidh gach
Grúpa, sé mhí ar a dhéanaí roimh dháta glactha an liosta uile‑Aontais dá
dtagraítear i mír 1, a liosta de na tionscadail leasa choitinn atá beartaithe a
chur faoi bhráid na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh
("an Ghníomhaireacht" anseo feasta). I gcás tionscadal iompair ola agus dé-ocsaíde
carbóin a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 3 agus i
bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, déanfaidh gach Grúpa, sé mhí ar a
dhéanaí roimh dháta glactha an liosta uile‑Aontais dá dtagraítear i mír
1, a liosta de na tionscadail leasa choitinn beartaithe a chur faoi bhráid an
Choimisiúin. 5. I gcás tionscadal
leictreachais agus gáis a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i
bpointe 1 agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, cuirfidh an
Ghníomhaireacht, faoi cheann dhá mhí ó na liostaí de na tionscadail leasa
choitinn atá beartaithe agus atá leagtha amach sa chéad fhomhír de mhír 4
a fháil, cuirfidh sí tuairim chuig an gCoimisiún maidir leis na liostaí sin, ag
cur san áireamh go háirithe chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar atá
leagtha amach in Airteagal 4 sna Grúpaí ar fad mar aon le torthaí na
hanailíse arna déanamh ag na ENTSOnna (Gréasáin Eorpacha na nOibreoirí Córais
Tarchurtha) le haghaidh leictreachais agus gáis i gcomhréir le pointe 2.6
d’Iarscríbhinn III. 6. I gcás tionscadal iompair ola
agus dé-ocsaíd charbóin a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i
bpointe 3 agus i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, déanfaidh an
Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 4.
I gcás tionscadal iompair dé‑ocsaíd charbóin a thig faoin gcatagóir atá
leagtha amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, cuirfidh an Coimisiún
san áireamh freisin go bhféadfaí na tionscadail a leathnadh amach chun
Ballstáit eile a áireamh. 7. Tar éis chinneadh an
Choimisiúin, dá dtagraítear i mír 1, maidir le liosta a bhunú, beidh
tionscadail leasa choitinn ina gcuid ríthábhachtach de na pleananna
infheistíochta réigiúnaí ábhartha de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE)
Uimh. 714/2009 agus de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus ina gcuid
ríthábhachtach de na pleananna náisiúnta ábhartha deich mbliana maidir le
forbairt gréasáin de bhun Airteagal 22 de Threoir 72/2009/CE agus de
Threoir 73/2009/CE agus ina gcuid ríthábhachtach de na pleananna bonneagair
náisiúnta eile lena mbaineann, de réir mar is iomchuí. Tabharfar an tosaíocht
is airde is féidir do na tionscadail laistigh de gach ceann de na pleananna
sin. Airteagal 4
Critéir le haghaidh tionscadal leasa choitinn 1. Comhlíonfaidh tionscadail
leasa choitinn na critéir ghinearálta seo a leanas: (a)
beidh an tionscadal riachtanach chun na conairí
agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I
a chur chun feidhme; agus (b)
beidh inmharthanacht eacnamaíoch, shóisialta agus
chomhshaoil ag baint leis an tionscadal; agus (c)
bainfidh an tionscadal le dhá Bhallstát ar a
laghad, trí theorainn Ballstáit amháin nó níos mó a thrasnú go díreach nó trí
bheith lonnaithe ar chríoch Ballstáit amháin agus tionchar suntasach
trasteorann aige mar atá leagtha amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV; 2. Ina theannta sin, beidh
feidhm ag na critéir shonracha seo a leanas maidir le tionscadail leasa
choitinn faoi chatagóirí sonracha bonneagair fuinnimh: (a)
maidir leis na tionscadail tarchurtha agus stórála
leictreachais a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1(a) go
(d) d’Iarscríbhinn II, rannchuideoidh an tionscadal go mór le comhlíonadh
ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas: –
comhtháthú margaidh, iomaíocht agus solúbthacht an
chórais; –
inbhuanaitheacht, inter alia trí ghiniúint
in-athnuaite a tharchur chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála; –
idir-inoibritheacht agus oibríocht córais shláin; (b)
maidir le tionscadail gáis a thig faoi na catagóirí
atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, rannchuideoidh an
tionscadal go mór le ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a
leanas: –
comhtháthú margaidh, idir‑inoibritheacht agus
solúbthacht an chórais; –
cinnteacht an tsoláthair, inter alia trí
fhoinsí soláthair a éagsúlú, ag soláthar contrapháirteanna agus bealaí; –
iomaíocht, inter alia trí fhoinsí soláthair
a éagsúlú, ag soláthar contrapháirteanna agus bealaí; –
inbhuanaitheacht; (c)
maidir le tionscadail leictreachais a bhaineann le
heangacha cliste agus a thig faoin gcatagóir atá leagtha amach i
bpointe 1(e) d'Iarscríbhinn II, rannchuideoidh an tionscadal go mór
leis na feidhmeanna sonracha seo a leanas: –
comhtháthú agus rannpháirtíocht úsáideoirí gréasáin
a bhfuil riachtanais theicniúla nua acu maidir le soláthar leictreachais agus
leis an éileamh atá ann ar leictreachas; –
éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht tarchurtha
agus dáilte leictreachais in oibríocht gréasáin ó lá go lá; –
slándáil gréasáin, rialú an chórais agus cáilíocht
an tsoláthair; –
pleanáil bharrfheabhsaithe infheistíochtaí cost‑éifeachtúla
i ngréasáin sa todhchaí; –
feidhmiú an mhargaidh agus seirbhísí do
chustaiméirí; –
rannpháirtíocht úsáideoirí i mbainistíocht na
húsáide a bhaineann siad as fuinneamh; (d)
maidir le tionscadail iompair ola a thig faoi na
catagóirí atá leagtha amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn II,
rannchuideoidh an tionscadal go mór leis na trí chritéar shonracha seo a
leanas: –
cinnteacht an tsoláthair trí spleáchas ar fhoinse
nó bealach aonair soláthair a laghdú; –
úsáid éifeachtúil agus inbhuanaithe a bhaint as
acmhainní trí rioscaí comhshaoil a mhaolú; –
idir-inoibritheacht; (e)
maidir le tionscadail iompair dé‑ocsaíd
charbóin a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn II,
rannchuideoidh an tionscadal go mór leis na trí chritéar shonracha seo a
leanas: –
astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin a sheachaint, ar
chostas iseal, agus cinnteacht an tsoláthair fuinnimh á cothabháil ag an am
céanna; –
seasmheacht agus slándáil iompair dé-ocsaíd
charbóin a mhéadú; –
úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní, trí
nascadh iliomad foinsí CO2 agus láithreán stórála a éascú trí bhonneagar
coitianta agus trí ualach agus rioscaí comhshaoil a íoslaghdú. 3. Maidir le tionscadail a thig
faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointí 1 go 3 d’Iarscríbhinn II,
déanfar na critéir atá liostaithe san Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir leis
na táscairí atá leagtha amach i bpointí 2 go 5 d’Iarscríbhinn IV. 4. Agus tionscadail a
rannchuidíonn le cur chun feidhme na tosaíochta céanna a rangú, tabharfar aird
chuí freisin ar phráinne gach tionscadail atá beartaithe chun spriocanna an
bheartais fuinnimh a bhaint amach maidir le comhtháthú agus iomaíochas an
mhargaidh, inbhuanaitheacht agus cinnteacht an tsoláthair, líon na mBallstát a
bhfuil tionchar ag gach tionscadal orthu, agus maidir lena chomhlántaí atá siad
le tionscadail eile atá beartaithe. I gcás tionscadal a thig faoin gcatagóir
atá leagtha amach i bpointe 1(e) d’Iarscríbhinn II, tabharfar aird
chuí freisin ar líon na n-úsáideoirí a bhfuil tionchar ag an tionscadal orthu,
ar an ídiú fuinnimh bliantúil agus ar sciar na giniúna ó acmhainní nach féidir
a sheoladh sa limistéar ina bhfuil na húsáideoirí sin. Airteagal 5
Cur chun feidhme agus faireachán 1. Cuirfidh tionscnóirí
tionscadail tionscadail leasa choitinn chun feidhme de réir plean cur chun
feidhme lena n‑áirítear amchlár do staidéir féidearthachta agus deartha,
d’fhormheas rialála, do thógáil agus coimisiúnú, agus don sceideal maidir le
deonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3). Cuirfidh oibreoirí córais
tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin nó oibreoirí eile tionscadail leasa
choitinn atá ina limistéar féin i gcrích. 2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht
agus na Grúpaí faireachán ar an dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme na
dtionscadal leasa choitinn. Féadfaidh na Grúpaí a iarraidh go gcuirfear
faisnéis bhreise ar fáil i gcomhréir le mír 3, mír 4 agus mír 5,
féadfaidh siad an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a fhíorú ar an láthair, agus
cruinnithe a thionól leis na páirtithe ábhartha. Féadfaidh na Grúpaí iarraidh
ar an nGníomhaireacht freisin bearta a dhéanamh chun cur chun feidhme na
dtionscadal leasa choitinn a éascú. 3. Faoin 31 Márta gach
bliain tar éis na bliana ina roghnaítear tionscadal leasa choitinn de bhun Airteagal 4,
cuirfidh tionscnóirí tionscadail tuarascáil bhliantúil, maidir le gach
tionscadal a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1 agus i
bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, faoi bhráid na Gníomhaireachta nó, i
gcás tionscadal a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 3
agus i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, faoi bhráid an Ghrúpa lena
mbaineann. Mionsonrófar sa tuarascáil sin: (a)
an dul chun cinn a rinneadh maidir le forbairt,
tógáil agus coimisiúnú an tionscadail, go háirithe maidir le deonú ceadanna
agus nósanna imeachta comhairliúcháin; (b)
nuair is ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an
bplean cur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn. 4. Laistigh de thrí mhí ó na
tuarascálacha bliantúla a fháil, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil
chomhdhlúite faoi bhráid na nGrúpaí maidir leis na tionscadail leasa choitinn a
thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1 agus i bpointe 2
d'Iarscríbhinn II, ina ndéanfar meastóireacht ar an dul chun cinn a
rinneadh agus ina molfar, nuair is iomchuí, bearta chun na moilleanna agus na
deacrachtaí a tháinig chun cinn a shárú. Áireofar sa mheastóireacht freisin, i
gcomhréir le forálacha Airteagal 6(8) agus (9) de Rialachán (CE)
Uimh. 713/2009, cur chun feidhme comhsheasmhach na bpleananna forbartha
gréasáin uile‑Aontais i dtaca leis na conairí agus réimsí tosaíochta
maidir le bonneagar fuinnimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. 5. Gach bliain, tabharfaidh na
húdaráis inniúla lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 9, ag an
gcruinniú i ndiaidh dóibh na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 3 a
fháil, tabharfaidh siad tuairisc don Ghrúpa lena mbaineann maidir le stádas
agus, nuair is ábhartha, maidir le moilleanna ar chur chun feidhme tionscadal
leasa choitinn atá lonnaithe ar a gcríoch féin. 6. Má tá moill níos mó ná dhá
bhliain ar choimisiúnú tionscadail leasa choitinn i gcomparáid leis an bplean
cur chun feidhme agus gan údar leordhóthanach ag an moill sin: (a)
Glacfaidh tionscnóir an tionscadail sin le
hinfheistíochtaí ó oibreoirí nó ó infheisteoirí eile chun an tionscadal a chur
chun feidhme. Tabharfaidh an t‑oibreoir córais, a bhfuil an infheistíocht
lonnaithe ina limistéar féin, tabharfaidh sé gach faisnéis is gá chun an
infheistíocht a réadú do na hoibreoirí cur chun feidhme nó do na hinfheisteoirí
cur chun feidhme, nascfaidh sé sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha agus
déanfaidh sé a dhícheall go ginearálta chun cur chun feidhme na hinfheistíochta
a éascú chomh maith le hoibríocht agus cothabháil shlán, iontaofa agus
éifeachtúil an tionscadail leasa choitinn a áirithiú. (b)
Féadfaidh an Coimisiún glao ar thograí a sheoladh a
bheidh oscailte d’aon tionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil de
réir amlíne comhaontaithe. 7. Féadfar tionscadal leasa
choitinn a bhaint den liosta uile‑Aontais de na tionscadail leasa
choitinn de réir an nós imeachta atá leagtha amach sa dara habairt d’Airteagal 3(1)
sna cásanna seo a leanas: (a)
Mura bhfuil toradh dearfach don tionscadal ar an
anailís uile‑chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh arna déanamh ag na
ENTSOnna i gcomhréir le pointe 6 d'Iarscríbhinn III; (b)
Mura n‑áirítear an tionscadal a thuilleadh sa
phlean deich mbliana maidir le forbairt gréasáin; (c)
Má bhí an cinneadh an tionscadal a áireamh ar an
liosta dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 3 bunaithe ar fhaisnéis mhícheart
a bhí ina fachtóir cinntitheach maidir leis an gcinneadh; (d)
Mura bhfuil an tionscadal i gcomhréir le
reachtaíocht reatha an Aontais. Tionscadail a tharraingítear siar ón liosta uile‑Aontais,
cailleann siad gach ceart agus oibleagáid a eascraíonn as an Rialachán seo do
thionscadail leasa choitinn. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon mhaoiniú
ón Aontas a íoctar leis an tionscadal roimh chinneadh a dhéanamh tarraingt
siar. Airteagal 6
Comhordaitheoirí Eorpacha 1. Nuair a bhíonn deacrachtaí
cur chun feidhme ag baint le tionscadal leasa choitinn, féadfaidh an Coimisiún
comhordaitheoir Eorpach a ainmniú ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain
amháin, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó. 2. Comhlíonfaidh an
comhordaitheoir Eorpach na cúraimí seo a leanas: (a)
cuirfidh sé chun cinn an tionscadal nó na
tionscadail a bhfuil sé ainmnithe mar chomhordaitheoir Eorpach ina leith, chomh
maith le hidirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus gach
geallsealbhóir lena mbaineann; (b)
tabharfaidh sé cúnamh do gach páirtí, de réir mar
is gá, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus maidir leis
na ceadanna is gá a fháil don tionscadal nó do na tionscadail; (c)
áiritheoidh sé go gcuirfidh na Ballstáit lena
mbaineann tacaíocht agus an treoir straitéiseach iomchuí ar fáil chun an
tionscadal nó na tionscadail a ullmhú agus a chur chun feidhme; (d)
cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin
gach bliain maidir le dul chun cinn an tionscadail nó na dtionscadal agus
maidir le haon deacrachtaí agus bacainní a d’fhéadfadh moill shuntasach a chur
ar dháta coimisiúnaithe an tionscadail nó na dtionscadal. Tarchuirfidh an
Coimisiún an tuarascáil chuig na Grúpaí lena mbaineann agus chuig Parlaimint na
hEorpa. 3. Roghnófar an comhordaitheoir
Eorpach ar bhonn na taithí atá aige ó thaobh na gcúraimí sonracha a shannfar dó
i dtaca leis an tionscadal nó na tionscadail lena mbaineann. 4. Sonrófar
sa chinneadh lena gceaptar an comhordaitheoir Eorpach na téarmaí tagartha ina
mionsonrófar fad tréimhse an tsainordaithe, na cúraimí sonracha agus na
spriocdhátaí a ghabhann leo, agus an mhodheolaíocht atá le leanúint. Beidh an
iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta an
tionscadail nó na dtionscadal. 5. Oibreoidh na Ballstáit lena
mbaineann i gcomhar leis an gcomhordaitheoir Eorpach le linn dó a bheith ag cur
na gcúraimí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 i gcrích. CAIBIDIL III –
Ceadanna a dheonú agus rannpháirtíocht phoiblí Airteagal 7
Córas leasa choitinn 1. Chun dlús a chur leis na
nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus chun rannpháirtíocht phoiblí a
fheabhsú, beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le gach tionscadal
leasa choitinn. Airteagal 8
‘Stádas tosaíochta’ na dtionscadal leasa choitinn 1. Tabharfar an stádas náisiúnta
is airde is féidir do thionscadail leasa choitinn agus caithfear leo amhail is
go bhfuil an stádas sin acu i nósanna imeachta deonaithe ceadanna, i gcás ina
bhforáiltear go gcaithfear leo amhlaidh sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme
maidir leis an gcineál comhfhreagrach bonneagair fuinnimh. 2. Tríd an liosta uile‑Aontais
de thionscadail leasa choitinn a ghlacadh, suífear leas an phobail agus an gá
atá leis na tionscadail sin laistigh de na Ballstáit lena mbaineann, agus
aithneoidh gach páirtí lena mbaineann é sin. 3. Chun próiseáil éifeachtúil
riaracháin na gcomhad a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a áirithiú,
áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go
dtabharfar an chóir is fabhraí is féidir do na comhaid sin maidir leis na
hacmhainní a leithdháilfear. 4. Chun na teorainneacha ama atá
leagtha amach in Airteagal 11 a chomhlíonadh agus chun an t‑ualach
riaracháin a laghdú maidir le tabhairt i gcrích tionscadal leasa choitinn,
déanfaidh na Ballstáit bearta, laistigh de naoi mí ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo, chun na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a chuíchóiriú.
Beidh na bearta sin gan dochar d'oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht an
Aontais. Eiseoidh an Coimisiún treoir, laistigh de thrí mhí
ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun tacaíocht a thabhairt do
Bhallstáit agus bearta leordhóthanacha á sainiú acu agus chun a áirithiú go
gcuirfear nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a cheanglaítear faoi
reachtaíocht an AE maidir le tionscadail leasa choitinn, go gcuirfear iad sin i
bhfeidhm go comhleanúnach. 5. Maidir leis na tionchair
chomhshaoil ar díríodh orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CE
agus in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, measfar go bhfuil baint
ag tionscadail leasa choitinn le leas an phobail agus féadfar a mheas gur le
leas an phobail go sáraitheach iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na
coinníollacha ar fad dá bhforáiltear sna Treoracha sin. Má bhíonn gá le tuairim ón
gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 92/43/CE, áiritheoidh an Coimisiún agus
an t‑údarás inniúil de bhun Airteagal 9 go ndéanfar an cinneadh
maidir le baint sháraitheach tionscadail le leas an phobail laistigh den
teorainn ama de bhun mhír 1 d'Airteagal 11. Airteagal 9
An próiseas deonaithe ceadanna a eagrú 1. Laistigh de shé mhí ó theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta
amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna do thionscadail
leasa choitinn a éascú agus a chomhordú agus as cur chun feidhme na gcúraimí iomchuí
sa phróiseas deonaithe ceadanna mar a shainítear sa Chaibidil seo. 2. Eiseoidh an t‑údarás
inniúil an cinneadh cuimsitheach, gan dochar do cheanglais ábhartha faoi
reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht idirnáisiúnta, laistigh den teorainn
ama dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de réir ceann de na scéimeanna seo a
leanas: (a)
scéim chomhtháite: is é an cinneadh cuimsitheach
arna eisiúint ag an údarás inniúil an t-aon chinneadh atá ceangailteach ó
thaobh dlí de a thig ón nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I gcás ina
mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, is féidir leo a dtuairim a thabhairt
i ndáil leis an nós imeachta, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, agus
tabharfaidh an t‑údarás inniúil é sin san áireamh. (b)
scéim chomhordaithe: Féadfaidh an cinneadh
cuimsitheach iliomad cinntí aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de a
chuimsiú, ar cinntí iad a d’eisigh an tÚdarás Inniúil agus údaráis eile lena
mbaineann. Bunóidh an t‑údarás inniúil teorainn ama réasúnta faoinar gá
cinntí aonair a eisiúint, de réir an cháis. Féadfaidh an t‑údarás inniúil
cinneadh aonair a ghlacadh thar ceann údaráis náisiúnta eile lena mbaineann,
mura ndéanann an t‑údarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama agus
murar féidir údar leormhaith a thabhairt leis an moill. Féadfaidh an t‑údarás
inniúil rialú in aghaidh cinnidh aonair údaráis náisiúnta eile má mheasann sé
nach bhfuil bunús sách maith ag an gcinneadh maidir leis an mbunfhianaise arna
tíolacadh ag an údarás lena mbaineann. Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go
n‑urramófar na ceanglais ábhartha faoi reachtaíocht náisiúnta agus faoi
reachtaíocht an Aontais agus ní mór dó údar cuí a thabhairt leis an gcinneadh. 3. Má cheanglaítear le
tionscadal leasa choitinn gur gá cinntí a ghlacadh in dhá Bhallstát nó níos mó,
déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha gach beart is gá chun comhar agus
comhordú éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú eatarthu féin, lena n‑áirítear
comhlíonadh Choinbhinsiún Espoo agus comhlíonadh na bhforálacha dá dtagraítear
in Airteagal 11(3). Féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le
nósanna imeachta comhpháirteacha, go háirithe maidir le measúnú ar thionchair
chomhshaoil. 4. Féachfaidh Ballstáit lena
áirithiú go ndéileálfar le hachomhairc atá i mbun agóide in aghaidh
dlíthiúlachta substaintí nó gnásúla cinnidh chuimisthigh ar an mbealach is
éifeachtúla is féidir. Airteagal 10
Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí 1. Chun trédhearcacht a mhéadú
do na geallsealbhóirí go léir lena mbaineann, déanfaidh an t‑údarás
inniúil, laistigh de naoi mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,
lámhleabhar a fhoilsiú faoi na nósanna imeachta don phróiseas deonaithe
ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail leasa choitinn. Tabharfar an
lámhleabhar cothrom le dáta de réir mar is gá agus cuirfear ar fáil don phobal
é. Áireofar sa lámhleabhar sin ar a laghad an fhaisnéis a shonraítear i
bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI. 2. Gan dochar d'aon cheanglais
faoi Choinbhinsiúin Aarhus agus Espoo nó faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais,
cloífidh na páirtithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas deonaithe
ceadanna leis na prionsabail maidir le rannpháirtíocht phoiblí atá leagtha
amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI. 3. Déanfaidh an tionscnóir
tionscadail, laistigh de thrí mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna de bhun
mhír 1(a) d'Airteagal 11, coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí
a leagan amach agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Iarrfaidh an t‑údarás
inniúil modhnuithe ar an gcoincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí nó
formheasfaidh sé é laistigh d'aon mhí amháin. Áireofar sa choincheap sin ar a
laghad an fhaisnéis a shonraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI. 4. Seolfaidh an tionscnóir
tionscadail ar a laghad comhairliúchán poiblí amháin, nó, i gcás ina bhfuil sé
leagtha síos sa reachtaíocht náisiúnta, seolfaidh an t‑údarás inniúil é,
roimh an gcomhad iarratais a chur faoi bhráid an údaráis inniúil de bhun
mhír 1(a) d’Airteagal 11. Leis an gcomhairliúchán poiblí cuirfear na
geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn VI ar an
eolas faoin tionscadal go luath agus sainaithneofar an láthair nó an bealach is
oiriúnaí agus na saincheisteanna ábhartha ar gá aghaidh a thabhairt orthu sa
chomhad iarratais. Sonraítear líon íosta na rialacha mionsonraithe don
chomhairliúchán poiblí sin i bpointe 4 d’Iarscríbhinn VI. Ullmhóidh
an tionscnóir tionscadail tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na
ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail roimh sheoladh
isteach an chomhaid iarratais, agus seolfaidh sé isteach í in éineacht leis an
gcomhad iarratais chuig an údarás inniúil, a thabharfaidh aird chuí ar na
torthaí sin le linn dó an cinneadh cuimsitheach a dhéanamh. 5. I gcás tionscadal a
thrasnaíonn teorainn dhá Bhallstát nó níos mó, tarlóidh na comhairliúcháin
phoiblí de bhun mhír 4 i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann
laistigh de thréimhse nach faide ná dhá mhí ó dháta tosaigh an chéad
chomhairliúcháin phoiblí i gceann de na Ballstáit sin. 6. I gcás tionscadal a bhfuil
dealramh air go mbeidh drochthionchair shuntasacha trasteorann aige i mBallstát
comharsanachta amháin nó níos mó, má tá feidhm ag Airteagal 7 de
Threoir 85/337/CEE agus ag Coinbhinsiún Espoo, cuirfear an fhaisnéis
ábhartha ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit chomharsanachta nó na mBallstát
comharsanachta. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit chomharsanachta nó na
mBallstát comharsanachta in iúl más mian leis páirt a ghlacadh sna nósanna
imeachta ábhartha comhairliúcháin phoiblí. 7. Bunóidh an tionscnóir
tionscadail, nó an t‑údarás inniúil i gcás ina ndéantar foráil ina leith
sin sa reachtaíocht náisiúnta, bunóidh sé suíomh gréasáin tionscadail, chun
faisnéis iomchuí faoin tionscadal a fhoilsiú, a bheidh nasctha le suíomh
gréasáin an Choimisiúin agus a chomhlíonfaidh na ceanglais atá sonraithe i bpointe 5
d’Iarscríbhinn VI, agus tabharfaidh an tionscnóir an suíomh sin cothrom le
dáta go rialta. Coinneofar faisnéis íogair tráchtála faoi rún. Ina theannta sin, foilseoidh tionscnóirí
tionscadail faisnéis ábhartha trí mheán faisnéise iomchuí eile, a mbeidh
rochtain oscailte ag an bpobal air. Airteagal 11
Fad tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna 1. Beidh dhá chéim i gceist leis
an bpróiseas deonaithe ceadanna agus ní rachaidh sé thar thréimhse trí bliana: (a)
an nós imeachta réamhiarratais, a chumhdóidh an
tréimhse idir tús an phróisis deonaithe ceadanna agus an tráth a ghlacfaidh an
t‑údarás inniúil leis an gcomhad iarratais arna chur faoina bhráid, ní
rachaidh sé thar dhá bhliain. Chun tús a chur leis an bpróiseas deonaithe
ceadanna, tabharfaidh an tionscnóir tionscadail nó na tionscnóirí tionscadail
fógra i scríbhinn don údarás inniúil sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena
mbaineann, agus áireofar cur síos réasúnta mionsonraithe ar an tionscadal leis.
Tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis an fógra a fháil, glacfaidh an t‑údarás
inniúil leis an bhfógra nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách
forbartha le dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna, diúltóidh sé an fógra
i scríbhinn. Má dhiúltaítear an fógra, tabharfaidh an t‑údarás inniúil
údar lena chinneadh. Is é an dáta ar a síníonn an t‑údarás inniúil
glacadh leis an bhfógra a bheidh ina dháta tosaigh don phróiseas deonaithe
ceadanna. I gcás ina bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó i gceist, beidh an dáta ar
a nglacfaidh an t‑údarás inniúil deiridh i gceist leis an bhfógra ina
dháta tosaigh don phróiseas deonaithe ceadanna. (b)
An nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna, a
chumhdaíonn an tréimhse idir glacadh leis an gcomhad iarratais arna chur
isteach go dtí an tráth a ndéanann an t‑údarás inniúil cinneadh
cuimsitheach, ní rachaidh an nós imeachta sin thar bhliain amháin. Féadfaidh
Ballstáit dáta níos luaithe a shocrú don teorainn ama má mheastar go bhfuil a
leithéid iomchuí. 2. Laistigh de mhí amháin ó thús
an phróisis deonaithe ceadanna, de bhun mhír 1(a), sainaithneoidh an t‑údarás
inniúil, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, raon feidhme an
ábhair agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an
tionscnóir tionscadail, mar chuid den chomhad iarratais, chun iarratas a
dhéanamh ar an gcinneadh cuimsitheach. Beidh an seicliosta dá dtagraítear i
bpointe 1(e) d'Iarscríbhinn VI mar bhunús tsainaithint sin. Chun é sin a
bhaint amach, beidh ar a laghad cruinniú amháin ar siúl idir an t‑údarás
inniúil agus an tionscnóir tionscadail, agus, má mheasann an t‑údarás
inniúil gurb iomchuí, le húdaráis agus geallsealbhóirí eile lena mbaineann
freisin. Cuirfear cur síos mionsonraithe ar an iarratas, lena n-áireofar
torthaí an chruinnithe sin, chuig an tionscnóir tionscadail tráth nach déanaí
ná mí amháin tar éis an chruinnithe agus cuirfear é ar fáil don phobal. 3. Laistigh
de thrí mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna de bhun mhír 1(a),
leagfaidh an t‑údarás inniúil sceideal mionsonraithe amach don phróiseas
deonaithe ceadanna, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le
húdaráis eile lena mbaineann ag cur thorthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh
faoi mhír 2 san áireamh, agus sainaithneofar ann an méid seo a leanas ar a
laghad: (a)
na cinntí agus na tuairimí atá le fáil; (b)
na húdaráis, na geallsealbhóirí agus an pobal ar
dóigh dóibh a bheith i gceist; (c)
na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad
tréimhse a bhaineann leo; (d)
garspriocanna móra atá le baint amach agus na
spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le
déanamh; (e)
na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus
riachtanais acmhainní breise a d'fhéadfadh a bheith ann. I gcás tionscadal a thrasnaíonn an teorainn idir
dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann
a n‑amchlár ar chomhréim agus leagfaidh siad sceideal comhpháirteach
amach. 4. Áiritheoidh an tionscnóir
tionscadail go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus de cháilíocht leormhaith
agus iarrfaidh sé tuairim an údaráis inniúil maidir leis sin a luaithe is
féidir le linn an nós imeachta réamhiarratais. Oibreoidh an tionscnóir
tionscadail i gcomhar leis an údarás inniúil chun spriocdhátaí a bhaint amach
agus chun an sceideal mionsonraithe mar atá sé sainithe i mír 3 a chomhlíonadh. 5. Laistigh de mhí amháin ón
gcomhad iarratais a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil iarrataí eile,
más gá, maidir le faisnéis atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail agus
atá ar iarraidh. Is le hábhair a shainaithnítear sa chur síos mionsonraithe ar
an iarratas amháin a bhainfidh na hiarratais sin. Laistigh de mhí amháin ón
gcomhad iarratais iomlán a fháil, glacfaidh an t‑údarás inniúil, i
bhfoirm scríbhinn, leis an iarratas. Ní fhéadfar iarratais ar fhaisnéis bhreise
a dhéanamh ina dhiaidh sin ach amháin má tá dálaí nua ann a thugann údar leis
na hiarratais agus má mhíníonn an t‑údarás inniúil go cuí iad. 6. I gcás ina dtéann an teorainn
ama don chinneadh cuimsitheach in éag, déanfaidh an t‑údarás inniúil na
bearta a rinneadh nó atá le déanamh chun an próiseas deonaithe ceadanna a
thabhairt i gcrích leis an laghad moille agus is féidir, a chur os comhair an
ghrúpa inniúil. Féadfaidh an Grúpa iarraidh ar an údarás inniúil tuairisc
rialta a thabhairt maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis seo. 7. Beidh na teorainneacha ama
sna forálacha thuas gan dochar d'oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht
idirnáisiúnta agus as reachtaíocht an Aontais. CAIBIDIL IV –
Cóir rialála Airteagal 12
Anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh 1. Laistigh de mhí amháin ó
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an ENTSO le haghaidh
leictreachais agus an ENTSO le haghaidh gáis a modheolaíochtaí faoi seach faoi
bhráid na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin, lena n-áireofar a
modheolaíochtaí maidir le samhaltú gréasáin agus margaidh, i gcomhair anailíse
comhchuibhithe costais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais maidir
le tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i
bpointe 1(a) go (d) agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II. Leagfar
amach an mhodheolaíocht i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos in
Iarscríbhinn V. 2. Tabharfaidh an
Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún maidir leis an modheolaíocht tar éis di
dul i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar
ceann na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir, laistigh de thrí mhí ón
modheolaíocht a fháil. 3. Tabharfaidh an Coimisiún
tuairim uaidh maidir leis an modheolaíocht laistigh de thrí mhí ó thuairim na
Gníomhaireachta a fháil. 4. Laistigh de thrí mhí ó
thuairim an Choimisiúin a fháil, déanfaidh an ENTSO le haghaidh leictreachais
agus an ENTSO le haghaidh gáis a modheolaíocht a oiriúnú dá réir sin agus
cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin í lena formheas. 5. Laistigh de dhá sheachtain
tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún, foilseoidh an ENTSO le haghaidh
leictreachais agus an ENTSO le haghaidh gáis an mhodheolaíocht ar a suíomhanna
gréasáin. Tarchuirfidh siad na tacair sonraí ionchuir chomhfhreagracha atá
sainithe i bpointe 1 d’Iarscríbhinn V chomh maith le sonraí ábhartha
leorchruinne eile maidir leis an ngréasán, lód na sreibhe agus an margadh i
gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus le comhaontuithe rúndachta ábhartha,
tarchuirfidh siad iad chuig an gCoimisiún agus chuig an nGníomhaireacht, arna
iarraidh sin orthu. Beidh na sonraí bailí ar dháta na hiarrata. Áiritheoidh an
Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go ndéileálfaidh siad féin, agus aon pháirtí
a dhéanfaidh obair anailíse dóibh ar bhonn na sonraí sin, leis na sonraí a
fhaightear ar bhonn rúnda. 6. Cuirfear feabhas rialta ar an
modheolaíocht agus tabharfar cothrom le dáta go rialta í tríd an nós imeachta
atá leagtha síos i míreanna 1 go 5 a leanúint. Tar éis don Ghníomhaireacht dul
i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar gach
geallsealbhóir agus leis an gCoimisiún, féadfaidh sí nuashonruithe agus
feabhsúcháin den sórt sin a iarraidh má tá údar agus scálaí ama cuí leo. 7. Cuirfear an mhodheolaíocht i
bhfeidhm ar an anailís costais is tairbhe faoi gach plean deich mbliana maidir
le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin do leictreachas nó do ghás arna bhforbairt
ag na ENTSOnna le haghaidh leictreachais nó gáis de bhun Airteagal 8 de Rialachán
(CE) Uimh. 714/2009 agus de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. 8. Faoin 31 Nollaig 2016,
cuirfidh an ENTSO le haghaidh leictreachais agus an ENTSO le haghaidh gáis
comhshamhail de ghréasán agus de mhargadh leictreachais agus gáis faoi bhráid
an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta, samhail lena n-áirítear tarchur agus
stóráil leictreachais agus gáis agus faoina gcuimsítear na conairí agus na
réimsí tosaíochta a ainmníodh in Iarscríbhinn I agus a leagadh amach i
gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos in Iarscríbhinn V. Tar éis
don Choimisiún an tsamhail sin a fhormheas de réir an nós imeachta atá leagtha
amach i míreanna 2 go 4, áireofar sa mhodheolaíocht í. Airteagal 13
Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chur ar bun 1. An t-oibreoir córais
tarchurtha nó na hoibreoirí córais tarchurtha sa Bhallstát nó sna Ballstáit a
bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal orthu, is orthusan a bheidh na
costais infheistíochta a bhaineann le tionscadal leasa choitinn a thig faoi na
catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1(a) go (d) agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II,
agus íocfaidh úsáideoirí gréasáin as na costais sin trí tharaifí a ghearrfar as
rochtain ar an ngréasán. Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo
maidir le tionscadail leasa choitinn a bhfuil díolúine faighte acu de bhun Airteagal 36
de Threoir 2009/73/CE nó de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE)
Uimh. 714/2009. 2. Aon chostais iarbhír arna
dtabhú ag oibreoir córais tarchurtha nó ag tionscnóir tionscadail eile i ngeall
ar infheistíochtaí agus leithdháileadh trasteorann na gcostas comhfhreagrach dá
dtagraítear i mír 3, déanfaidh údaráis rialaitheacha náisiúnta na costais
sin a chur san áireamh agus taraifí á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le
hAirteagal 37(1)(a) de Threoir 2009/72/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 41(1)(a)
de Threoir 2009/73/CE, sa mhéid go bhfreagraíonn na costais sin do chostais
oibreora atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de. 3. Gan dochar d’infheistíochtaí
i dtionscadail leasa choitinn trí chomhaontú frithpháirteach idir na hoibreoirí
córais tarchurtha lena mbaineann, déanfaidh údaráis rialaitheacha náisiúnta
infheistíochtaí a fhormheas go comhpháirteach agus déanfaidh siad cinneadh
maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas le haghaidh tionscadal leasa
choitinn nó pacáistí díobh mar aon le cinneadh maidir le costais infheistíochta
a áireamh sna taraifí tarchurtha. 4. Coinneoidh tionscnóir nó tionscnóirí tionscadail leasa choitinn a thig
faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1(a) go (d) agus i
bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, coinneoidh siad gach údarás rialaitheach
náisiúnta lena mbaineann ar an eolas maidir le dul chun cinn an tionscadail sin
agus maidir le sainaithint na gcostas agus an tionchair a bhaineann leis. A
luaithe a bheidh tionscadal leasa choitinn arna roghnú de bhun Airteagal 3
agus a thig faoi na catagóirí dá dtagraítear i bpointe 1(a) go (d) agus i
bpointe 2 d’Iarscríbhinn II tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint
amach, déanfaidh an tionscnóir tionscadail iarratas ar infheistíocht, lena
n-áirítear leithdháileadh trasteorann costais, a chur faoi bhráid na n‑údarás
rialaitheach náisiúnta iomchuí, mar aon leis an méid seo a leanas: (a)
anailís costais is tairbhe ar bhonn na
modheolaíochta a leagadh amach de bhun Airteagal 12; agus (b)
plean gnó ina ndéantar luacháil ar inmharthanacht
airgeadais an tionscadail, lena n-áirítear an réiteach maoinithe roghnaithe
agus, i gcás tionscadal leasa choitinn a thig faoin gcatagóir dá dtagraítear i
bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, torthaí na tástála margaidh. Má tá tionscadal á chur chun cinn ag roinnt
oibreoirí nó infheisteoirí, cuirfidh siad a n-iarratas isteach go
comhpháirteach. I gcás tionscadal atá ar an gcéad liosta uile‑Aontais
de thionscadail leasa choitinn, cuirfidh tionscnóirí tionscadail a n-iarratas
isteach faoin 30 Meán Fómhair 2013. Cuirfidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta cóip
de gach iarratas infheistíochta faoi bhráid na Gníomhaireachta gan mhoill ar an
iarratas sin á fháil. Coinneoidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta
agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis íogair tráchtála faoi rún. 5. Laistigh de shé mhí ón dáta a
fhaigheann an t-údarás rialaitheach náisiúnta deiridh lena mbaineann an
t-iarratas deiridh, déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta
comhchinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis an tionscnóir nó leis na tionscnóirí
tionscadail lena mbaineann, maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta
atá le híoc ag gach oibreoir córais don tionscadal sin, agus comhchinneadh faoi
na costais sin a áireamh sna taraifí gréasáin. Féadfaidh na húdaráis
rialaitheacha náisiúnta cinneadh a dhéanamh gan ach cuid de na costais a
leithdháileadh nó costais a leithdháileadh i measc pacáiste de roinnt mhaith
tionscadal leasa choitinn. Agus cinneadh á dhéanamh costais a leithdháileadh
thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus sochair eacnamaíocha,
shóisialta agus chomhshaoil an tionscadail nó na dtionscadal sna Ballstáit lena
mbaineann agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le tacaíocht airgeadais. Tabharfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta
fógra faoin gcinneadh, gan mhoill, don Ghníomhaireacht, i dteannta na faisnéise
ábhartha uile maidir leis an gcinneadh. Áireofar san fhaisnéis go háirithe
cúiseanna mionsonraithe ar leithdháileadh costais i measc na mBallstát ar a
mbonn, amhail na nithe seo a leanas: (a)
meastóireacht ar na tionchair shainaitheanta, lena
n‑áirítear tionchair a bhaineann le taraifí gréasáin, atá ar gach ceann
de na Ballstáit lena mbaineann; (b)
meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i
mír 4(b); (c)
seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó
uile-Aontais, a thiocfadh as an tionscadal; (d)
toradh an chomhairliúcháin leis an tionscnóir nó
leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann. Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh. 6. I gcás nach dtagann na
húdaráis rialaitheacha náisiúnta lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an
iarratas infheistíochta laistigh de shé mhí ón dáta ar a bhfaigheann an
t-údarás rialaitheach náisiúnta deiridh lena mbaineann an t-iarratas deiridh,
cuirfidh siad sin in iúl don Ghníomhaireacht gan mhoill. Sa chás seo nó ar chomhiarratas a fháil ó na
húdaráis rialaitheacha náisiúnta lena mbaineann, déanfaidh an Ghníomhaireacht
cinneadh maidir leis an iarratas ar infheistíocht lena n-áirítear
leithdháileadh trasteorann costas dá dtagraítear i mír 4 chomh maith leis an
gcaoi a léirítear costas na n-infheistíochtaí sna taraifí agus déanfar sin
laistigh de thrí mhí ón iarratas a tharchur chuig an nGníomhaireacht. Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an
Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialaitheacha náisiúnta lena
mbaineann agus leis an tionscnóir nó leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar
síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse trí mhí sin dá dtagraítear sa dara
fomhír má iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse
bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh. 7. Tabharfaidh an
Ghníomhaireacht cóip de na cinntí uile, i dteannta na faisnéise ábhartha uile
maidir le gach cinneadh don Choimisiún gan mhoill. Féadfar an fhaisnéis sin a
chur isteach i bhfoirm chomhiomlán. Coinneoidh an Coimisiún aon fhaisnéis
íogair tráchtála faoi rún. 8. Ní bheidh tionchar ag
leithdháileadh na gcostas sin ar cheart oibreoirí córais tarchurtha táillí a
chur i bhfeidhm ná ar údaráis rialaitheacha náisiúnta táillí a fhormheas le
haghaidh rochtana ar ghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir
2009/72/CE agus de Threoir 2009/73/CE, le hAirteagal 14 de Rialachán (CE)
Uimh. 714/2009, agus le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
Airteagal 14
Dreasachtaí 1. I gcás ina n‑iompaíonn
tionscnóir tionscadail rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil,
feidhmíocht nó cothabháil tionscadail leasa choitinn a thig faoi na catagóirí
atá leagtha amach i bpointe 1 agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II,
cé is moite de thionscadail a bhaineann le stóráil leictreachais arna
hidreaphumpáil, i gcomparáid leis na rioscaí a thabhódh tionscadal bonneagair
incomparáide de ghnáth, agus i gcás nach gcumdaítear rioscaí den sórt sin faoi
dhíolúine de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE ná Airteagal 17
de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, áiritheoidh údaráis rialaitheacha
náisiúnta go ndeonófar dreasachtaí iomchuí ar an tionscadal sin nuair a
chuirfear Airteagal 37(8) de Threoir 2009/72/CE, Airteagal 41(8) de
Threoir 2009/73/CE, Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009,
agus Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 chun feidhme. 2. Agus cinneadh á dhéanamh ag
na húdaráis rialaitheacha náisiúnta dreasachtaí den sórt sin a dheonú, cuirfidh
siad torthaí na hanailíse costais is tairbhe san áireamh ar bhonn na
modheolaíochta a leagadh amach de bhun Airteagal 12 agus cuirfear san
áireamh go háirithe na seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile‑Aontais
a thiocfaidh as an tionscadal. Déanfaidh na húdaráis rialaitheacha náisiúnta
tuillleadh anailíse ar na rioscaí sonracha arna n‑iompar ag na
tionscnóirí tionscadail, ar na bearta maolaithe riosca arna ndéanamh agus ar an
údar leis an bpróifíl riosca i bhfianaise an ghlantionchair dhearfaigh atá mar
thoradh ar an tionscadal, i gcomparáid le rogha eile lena mbaineann riosca níos
ísle. Áireofar i measc rioscaí incháilithe go sonrach rioscaí a bhaineann le
teicneolaíochtaí nua tarchuir, ar an tír mhór agus amach ón gcósta araon,
rioscaí a bhaineann le hathghabháil neamhiomlán costas agus rioscaí forbartha. 3. Tabharfaidh an dreasacht arna
deonú faoin gcinneadh aird ar chineál sonrach an riosca a iompraítear agus
cumhdófar léi: (a)
rialacha maidir le hinfheistíocht oirchilleach; nó (b)
rialacha maidir le sainaithint costas a thabhaítear
go héifeachtúil roimh an tionscadal a choimisiúnú; nó (c)
rialacha lena ndéantar foráil maidir le toradh
breise a fháil ar an gcaipiteal arna infheistiú don tionscadal; nó (d)
aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach
agus iomchuí. 4. Faoin 31 Nollaig 2013,
eiseoidh an Ghníomhaireacht treoir i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán
(CE) Uimh. 713/2009: (a)
maidir leis na dreasachtaí dá dtagraítear i
mír 1 ar bhonn thagarmharcáil an dea‑chleachtais arna déanamh ag
údaráis rialaitheacha náisiúnta; (b)
maidir le modheolaíocht choiteann chun
meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí níos airde a iompraítear i gcás
infheistíochtaí i dtionscadail tarchurtha leictreachais agus gáis. 5. Faoin 31 Iúil 2013,
foilseoidh gach údarás rialaitheach náisiúnta a mhodheolaíocht agus na critéir
arna n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtionscadail
tarchurtha leictreachais agus gáis agus ar na rioscaí níos airde a bhaineann
leo. 6. Féadfaidh an Coimisiún
treoirlínte a eisiúint maidir leis na dreasachtaí atá leagtha síos san Airteagal
seo i gcomhréir le hAirteagal 18(1) go (3) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009
agus le hAirteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. CAIBIDIL V -
Maoiniú Airteagal 15
Incháilitheacht tionscadal do chúnamh airgeadais ón Aontas 1. Tá tionscadail leasa choitinn
a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointí 1, 2 agus 4 d’Iarscríbhinn II
incháilithe do thacaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas le haghaidh
staidéar agus i bhfoirm ionstraimí airgeadais i gcomhréir le forálacha
[Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an
tSaoráid um Chónascadh na hEorpa]. 2. Aon tionscadail leasa
choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1(a) go (d)
agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, cé is moite de thionscadail a bhaineann
le stóráil leictreachais arna hidreaphumpáil, beidh siad incháilithe freisin do
thacaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas d’oibreacha i gcomhréir le
forálacha [Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa], má thugtar fúthu i gcomhréir
leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 6(b) d’Airteagal 5 nó má
chomhlíonann siad na critéir seo a leanas: (a)
cuireann an anailís costais is tairbhe
tionscadal-oiriúnaithe arna déanamh de bhun mhír 4(a) d’Airteagal 13,
fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann,
amhail cinnteacht an tsoláthair, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht; agus (b)
níl an tionscadal inmharthana ó thaobh na tráchtála
de de réir an phlean gnó ná de réir measúnuithe eile arna ndéanamh ag
creidiúnaithe nó ag infheisteoirí féideartha go háirithe. Cuirfear an cinneadh
maidir le dreasachtaí agus an t‑údar leo dá dtagraítear i mír 3 d’Airteagal 14
san áireamh nuair atá inmharthanacht an tionscadail ó thaobh na tráchtála de á
mheas; agus (c)
tá cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann
costas faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 13 nó, i gcás tionscadal
a fuair díolúine de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE nó Airteagal 17
de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, tá tuairim ó na húdaráis inniúla
rialaitheacha náisiúnta agus ón nGníomhaireacht faighte maidir le
hinmharthanacht an tionscadail ó thaobh na tráchtála de. 3. Aon tionscadail leasa
choitinn a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1(e) agus i
bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin do
thacaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas d’oibreacha i gcomhréir le
forálacha [Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa], más féidir leis na tionscnóirí
tionscadail i gceist na seachtrachtaí suntasacha dearfacha a thagann as na
tionscadail a léirú go soiléir i dteannta leis an easpa inmharthanachta ó
thaobh na tráchtála de a bhaineann leo. CAIBIDIL VI -
Forálacha críochnaitheacha Airteagal 16
Tuairisciú agus meastóireacht Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur
chun feidhme tionscadal leasa choitinn tráth nach déanaí ná an bhliain 2017.
Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas: (a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt, le
tógáil agus le coimisiúnú tionscadal leasa choitinn a roghnaíodh de bhun Airteagal 3,
agus, nuair is ábhartha, moilleanna ó thaobh cur chun feidhme agus deacrachtaí
eile a tháinig chun cinn; (b)
na cistí arna n-úsáid agus arna n-eisíoc ag an
Aontas le haghaidh tionscadal leasa choitinn i gcomhréir le forálacha
[Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an
tSaoráid um Chónascadh na hEorpa], i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal
leasa choitinn atá cistithe; (c)
maidir leis na hearnálacha leictreachais agus gáis,
éabhlóid forbairt ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, forbairt
chomhfhreagrach na bpraghsanna fuinnimh agus líon na n‑uaireanta a chlis
ar an gcóras gréasáin, na cúiseanna leis na clistí sin agus an costas gaolmhar
eacnamaíoch; (d)
maidir le deonú ceadanna agus rannpháirtíocht
phoiblí: –
méantréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán na
nósanna imeachta údarúcháin le haghaidh tionscadal leasa choitinn, lena
n-áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta údarúcháin, i gcomparáid
leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear
in Airteagal 11(3); –
an leibhéal freasúra i gcoinne tionscadal leasa
choitinn (go háirithe líon na n‑agóidí scríofa le linn an phróisis chomhairliúcháin
phoiblí, líon na gcaingne dlí ); (e)
maidir le cóir rialála: –
líon na dtionscadal leasa choitinn ar deonaíodh
cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas orthu de bhun Airteagal 13; –
líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair
dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 14; Airteagal 17
Faisnéis agus poiblíocht Bunóidh an Coimisiún clár oibre trédhearcachta
bonneagair a mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne air go héasca. Beidh an
fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa chlár oibre sin: (a)
faisnéis ghinearálta a thabharfar cothrom le dáta
go rialta, lena n-áirítear faisnéis gheografach, do gach tionscadal leasa
choitinn; (b)
an plean cur chun feidhme maidir le gach tionscadal
leasa choitinn; (c)
príomhthorthaí na hanailíse costais is tairbhe ar
bhonn na modheolaíochta atá leagtha amach de bhun Airteagal 12 maidir leis
na tionscadail leasa choitinn lena mbaineann, seachas aon fhaisnéis tráchtála
íogair. Airteagal 18
Forálacha idirthréimhseacha Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do
dheonú, leanúint ná modhnú na cabhrach airgeadais arna deonú ag an gCoimisiún
ar bhonn na nglaonna ar thograí a seoladh faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31]
do thionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III
de Chinneadh 1364/2006/CE nó i bhfianaise na spriocanna, bunaithe ar na
catagóirí ábhartha caiteachais do GTE‑F, mar atá sainithe i Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle[32]. Airteagal 19
Aisghairm Déantar Cinneadh 1364/2006/CE a aisghairm leis
seo amhail ón 1 Eanáir 2014. Ní thiocfaidh aon chearta aníos faoin
Rialachán seo i gcás tionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn III
de Chinneadh 1364/2006/CE. Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013
ar aghaidh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis
na conairí agus réimsí tosaíochta seo a leanas i ndáil le bonneagar fuinnimh
tras-Eorpach:
1.
Conairí tosaíochta in earnáil an leictreachais
(1)
Eangach amach ón gcósta sna Mara Thuaidh
(""EACMT"): eangach chomhtháite
leictreachais amach ón gcósta sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, i Muir nIocht,
i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas a iompar ó fhoinsí
in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála
agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an
Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír, an
tSualainn, an Ríocht Aontaithe; (2)
Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar
na hEorpa "("ITT leictreachas an Iarthair"): idirnaisc idir Ballstáit an réigiúin sin agus le tríú tíortha na Meánmhara,
go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an
Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, Málta, an
Phortaingéil, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe; (3)
Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na
hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa ("ITT leictreachas an
Oirthir"): idirnaisc agus línte inmheánacha
Thuaidh-Theas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích agus
chun giniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an
Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Chipir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an
Iodáil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin; (4)
Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa
leictreachas "("Leictreachas PIMBF"): idirnaisc
idir na Ballstáit sa réigiún Baltach agus bonneagair eangaí inmheánacha á
dtreisiú dá réir, chun deireadh a chur le haonrú na Stát Baltach agus chun
comhtháthú an mhargaidh a chothú sa réigiún; Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an
Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an
tSualainn.
2.
Conairí tosaíochta in earnáil an gháis
(5)
Idirnaisc gáis Thuaidh-Theas in Iarthar na
hEorpa ("ITT Ghás an Iarthair"): acmhainní
idirnaisc le haghaidh sreabh gáis Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa chun
bealaí soláthair a éagsúlú tuilleadh agus chun inseachadacht ghearrthéarmach
gáis a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an
Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an
Phortaingéil, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe; (6)
Idirnaisc gáis Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa
Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa ("ITT Ghás an Oirthir"): naisc réigiúnacha gáis idir réigiún Mhuir Bhailt, Muir Aidriad agus an
Mhuir Aeigéach agus an Mhuir Dhubh, go háirithe chun éagsúlú agus cinnteacht an
tsoláthair gáis a bhreisiú; Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an
Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an
Iodáil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin; (7)
Conair Gáis an Deiscirt ("CGD"): tarchur gáis ó Imchuach Chaisp, ón Áise Láir, ón Meánoirthear agus ó
Imchuach na Meánmhara Thoir chuig an Aontas chun éagsúlú an tsoláthair gáis a
bhreisiú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an
Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Chipir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an
Ghréig, an Iodáil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin; (8)
Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa
ghás ("Gás PIMBF"): bonneagar chun deireadh
a chur le haonrú na dtrí Stát Bhaltacha agus na Fionlainne agus chun deireadh a
chur lena spleáchas ar sholáthraí aonair agus chun éagsúlú soláthairtí i
réigiún Mhuir Bhailt a mhéadú; Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an
Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an
tSualainn.
3.
Conair tosaíochta in earnáil an ola
(9)
Naisc soláthair ola i Lár na hEorpa Thoir
("NSO"): idir-inoibritheacht an ghréasáin
píblínte ola i Lár na hEorpa Thoir chun cinnteacht an tsoláthair a mhéadú agus
chun rioscaí comhshaoil a laghdú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, Poblacht
na Seice, an Ghearmáin, an Ungáir, an Pholainn, an tSlóvaic.
4.
Réimsí téamúla tosaíochta
(10)
Úsáid eangach cliste: teicneolaíochtaí
eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na
n-úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go
héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí
in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí. Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát; (11)
Mórbhealaí leictreachais: na chéad mhórbhealaí leictreachais faoi 2020, d’fhonn córas mórbhealaí
leictreachais a thógáil ar fud an Aontais; Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát; (12)
Gréasán dé-ocsaíd charbóin trasteorann: bonneagar iompair dé-ocsaíd charbóin a fhorbairt idir na Ballstáit agus
le tríú tíortha comharsanachta ag féachaint le dé‑ocsaíd charbóin a
ghabháil agus a stóráil. Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát. IARSCRÍBHINN II CATAGÓIRÍ BONNEAGAIR FUINNIMH Is iad seo a leanas na catagóirí bonneagair
fuinnimh atá le forbairt chun na tosaíochtaí bonneagair fuinnimh atá liostaithe
in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme: (1)
maidir le leictreachas: (a)
línte tarchurtha ardvoltais lasnairde, má ceapadh
iad le haghaidh voltas 220 kV nó níos mó, agus cáblaí tarchurtha faoi thalamh
agus faoi uisce, má ceapadh iad le haghaidh voltas 150 kV nó níos mó; (b)
maidir le mórbhealaí leictreachais go háirithe: aon
trealamh fisiciúil a ceapadh chun leictreachas a iompar ar leibhéal ardvoltais
agus ar leibhéal voltais an-ard, d’fhonn méideanna móra giniúna nó stórála
leictreachais a nascadh atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó nó i dtríú
tíortha agus a úsáidtear ar scála mór i mBallstát amháin eile nó níos mó; (c)
saoráidí stórála leictreachais a úsáidtear chun
leictreachas a stóráil ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach i mbonneagar os
cionn talún nó faoi thalamh nó ar láithreáin gheolaíocha, ar choinníoll go
bhfuil siad ceangailte go díreach le línte tarchurtha ardvoltais a ceapadh le
haghaidh voltas 110 kV nó níos mó; (d)
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair
fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil na gcóras atá sainithe in (a) go
(c), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach
leibhéal voltais; (e)
aon trealamh nó suiteáil, ar leibhéal tarchuir agus
ar leibhéal dáilte mheánvoltais araon, atá dírithe ar chumarsáid dhigiteach in
dhá threo, i bhfíor‑am nó gar d’fhíor-am, faireachán agus bainistíocht
idirghníomhach agus cliste ar ghiniúint, ar tharchur, ar dháileadh agus ar ídiú
leictreachais laistigh de ghréasán leictreachais d’fhonn gréasán a fhorbairt a
chomhtháthaíonn iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha
leis go héifeachtúil – gineadóirí, tomhaltóirí agus iad siúd a dhéanann an dá
rud – d’fhonn córas leictreachais a áirithiú atá éifeachtúil ó thaobh an
gheilleagair de agus inbhuanaithe agus a bhfuil caillteanais ísle agus
ardleibhéal cáilíochta, cinnteachta soláthair agus sábháilteachta ag baint
leis; (2)
maidir le gás: (a)
píblínte tarchuir chun gás nádúrtha agus bithghás a
iompar ar cuid de ghréasán iad a úsáideann píblínte ardbhrú go príomha, cé is
moite de phíblínte ardbhrú a úsáidtear chun gás nádúrtha a dháileadh in aghaidh
srutha nó a dháileadh go háitiúil, (b)
saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na
píblínte gáis ardbhrú thuasluaite, (c)
saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó
dí-chomhbhrúite le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) nó le haghaidh gáis
nádúrtha chomhbhrúite (GNC); (d)
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair
fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais nó atá riachtanach chun
acmhainn dhéthreoch a chumasú; (3)
maidir le hola: (a)
píblínte a úsáidtear chun amhola a iompar; (b)
stáisiúin chaidéalúcháin agus saoráidí stórála is
gá d’fheidhmiú píblínte amhola; (c)
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair
fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena
n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe agus feistí cúltreo; (4)
maidir le dé-ocsaíd charbóin: (a)
píblínte tiomnaithe, seachas gréasán píblínte in
aghaidh srutha, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a iompar ó
níos mó ná foinse amháin, i.e. suiteálacha tionsclaíocha (lena n-áirítear
gléasraí cumhachta) a tháirgeann gás dé-ocsaíd charbóin ó dhóchán nó ó
imoibrithe ceimiceacha eile lena ngabhann comhpháirteanna iontaise nó
neamhiontaise a bhfuil carbón iontu chun críocha stórála buaine geolaíche
dé-ocsaíd charbóin de bhun Threoir 2009/31/CE; (b)
saoráidí chun dé‑ocsaíd charbóin a leachtú
agus a stóráil go maolánach ag féachaint dá iompar ina dhiaidh sin. Ní áirítear
leis seo bonneagar laistigh d’fhoirmíocht gheolaíoch a úsáidtear chun críocha
stórála buaine geolaíche dé-ocsaíd charbóin de bhun Threoir 2009/31/CE ná
saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann leis sin. (c)
aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair
fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena
n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe. IARSCRÍBHINN III SAINAITHINT RÉIGIÚNACH TIONSCADAL LEASA CHOITINN
1.
Rialacha do Grúpaí réigiúnacha
(1)
I gcás na dtionscadal leictreachais a thig faoi na
catagóirí atá leagtha amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II, cuimseofar
i ngach Grúpa ionadaithe ó na Ballstáit, údaráis rialaitheacha náisiúnta,
oibreoirí córais tarchurtha, i gcomhréir leis an oibleagáid atá orthu
comhoibriú ar leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 6 de
Threoir 2009/72/CE agus le hAirteagal 12 de Rialacháin (CE)
Uimh. 714/2009, chomh maith le tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach
ceann de na tosaíochtaí ábhartha atá ainmnithe in Iarscríbhinn I, chomh
maith leis an gCoimisiún, an Ghníomhaireacht agus an ENTSO le haghaidh
leictreachais. I gcás na dtionscadal gáis a thig faoi na
catagóirí atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, cuimseofar
i ngach Grúpa ionadaithe ó na Ballstáit, údaráis rialaitheacha náisiúnta,
oibreoirí córais tarchurtha, i gcomhréir leis an oibleagáid atá orthu
comhoibriú ar leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 7 de
Threoir 2009/73/CE agus le hAirteagal 12 de Rialacháin (CE)
Uimh. 715/2009, chomh maith le tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach
ceann de na tosaíochtaí ábhartha atá ainmnithe in Iarscríbhinn 1, chomh
maith leis an gCoimisiún, an Ghníomhaireacht agus an ENTSO le haghaidh gáis. Maidir le tionscadail ola agus dé‑ocsáid
charbóin a thig faoi na catagóirí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II(3)
agus (4), beidh i ngach Grúpa ionadaithe ó na Ballstáit, tionscnóirí
tionscadail a bhaineann le gach ceann de na tosaíochtaí ábhartha atá ainmnithe
in Iarscríbhinn 1 agus an Coimisiún. (2)
Cuirfidh gach Grúpa a ualach oibre in eagar i
gcomhréir le hiarrachtaí comhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 6 de
Threoir 2009/72/CE, Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE, Airteagal 12
de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, agus Airteagal 12 de Rialachán (CE)
Uimh. 715/2009 agus struchtúir comhair réigiúnaigh eile atá ann cheana. (3)
Tabharfaidh gach grúpa cuireadh dóibh seo a leanas,
de réir mar is cuí d’fhonn na tosaíochta ábhartha arna hainmniú in Iarscríbhinn I
a chur chun feidhme: ionadaithe ó rialtais náisiúnta agus ó údaráis
rialaitheacha, tionscnóirí tionscadail agus oibreoirí córais tarchurtha ó
thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, na
balltíortha den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus de Chomhlachas Saorthrádála
na hEorpa, ionadaithe ó institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail Fuinnimh,
tíortha a chumhdaítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha a
bhfuil comhar sonrach fuinnimh bunaithe ag an Aontas leo. (4)
Rachaidh gach grúpa i gcomhairle leis na
heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ábhartha, lena
n-áirítear táirgeoirí, oibreoirí córais dáileacháin, soláthraithe, tomhaltóirí,
agus maidir leis na cúraimí atá leagtha amach i mír 2 d’Airteagal 5,
le heagraíochtaí cosanta comhshaoil. Féadfaidh an Grúpa éisteachtaí nó
comhairliúcháin a eagrú, nuair is ábhartha ar mhaithe lena chúraimí a chur i
gcrích.
2.
An próiseas sainaitheanta réigiúnaí
(1)
Cuirfidh gach tionscnóir tionscadail iarratas faoi
bhráid chomhaltaí an Ghrúpa lena mbaineann lena roghnú mar thionscadal leasa
choitinn, agus áireofar san iarratas sin measúnú ar a thionscadal nó ar a
thionscadail maidir leis an dóigh a gcuireann sé le cur chun feidhme na
dtosaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, maidir le comhlíonadh na
gcritéar ábhartha a shainítear in Airteagal 6, agus aon fhaisnéis ábhartha
eile chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionscadal. (2)
Coinneoidh gach faighteoir aon fhaisnéis íogair
tráchtála faoi rún. (3)
Beidh tionscadail bheartaithe tarchurtha agus
stórála leictreachais a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach i
bpointe 1(a) go (d) d’Iarscríbhinn II ina gcuid den phlean deich
mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin do leictreachas, arna
fhorbairt ag an ENTSO le haghaidh leictreachais de bhun Airteagal 8 de Rialachán
(CE) Uimh. 714/2009. (4)
Maidir le gach liosta uile‑Aontais de
thionscadail leasa choitinn a ghlacfar i ndiaidh 1 Lúnasa 2013, beidh
na tionscadail bheartaithe tarchurtha agus stórála gáis a thig faoi na
catagóirí atá leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II ina gcuid
den phlean deich mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin do
ghás, arna fhorbairt ag an ENTSO le haghaidh gáis de bhun Airteagal 8 de Rialachán
(CE) Uimh. 715/2009. (5)
Maidir le tionscadail bheartaithe iompair dé‑ocsaíd
charbóin a thig faoin gcatagóir atá leagtha amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II,
beidh siad ina gcuid de phlean, arna fhorbairt ag níos mó ná dhá Bhallstát,
d’fhonn bonneagar trasteorann iompair agus stórála dé-ocsaíd charbóin a
fhorbairt, a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann nó na heintitis arna
n-ainmniú ag na Ballstáit sin faoi bhráid an Choimisiúin. (6)
Agus meastóireacht á déanamh ar thionscadail
bheartaithe leictreachais agus gáis a thig faoi na catagóirí atá leagtha amach
i bpointí 1(a) go (d) agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II,
cuirfidh gach Grúpa san áireamh, gan dochar d'fhorálacha phointe 4, an
anailís a rinneadh, i gcomhréir le mír 7 d’Airteagal 12, le haghaidh
tionscadal beartaithe leictreachais agus gáis a thig faoi na catagóirí atá
leagtha amach i bpointe 1(a) go (d) agus i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II
sa phlean forbartha deich mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le gás agus
leictreachas, arna fhorbairt ag na ENTSOnna le haghaidh leictreachais agus gáis
de bhun Airteagal 8 de Rialacháin (CE) 714/2009 agus (CE) 715/2009. IARSCRÍBHINN IV RIALACHA AGUS TÁSCAIRÍ MAIDIR LE CRITÉIR LE hAGHAIDH TIONSCADAL LEASA
CHOITINN (1)
Tionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann
aige is ea tionscadal ar chríoch Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha seo
a leanas: (a)
maidir le tarchur leictreachais, athraíonn an
tionscadal acmhainn aistrithe na heangaí ag teorainn an Bhallstáit sin le
Ballstát eile nó le roinnt Ballstát eile, nó ag aon trasghearradh ábhartha eile
den chonair tarchurtha céanna, agus is athrú é sin de 500 MV ar a laghad i
gcomparáid leis an acmhainn aistrithe a bheadh ann mura ndéanfaí an tionscadal
a choimisiúnú; (b)
maidir le stóráil leictreachais, cuirtear acmhainn
stórála ar fáil leis an tionscadal lena bhféadfar ar a laghad 500 gigea‑vatuair
de leictreachas a ghiniúint in aghaidh na bliana; (c)
maidir le tarchur gáis, baineann an tionscadal le
hinfheistíocht in acmhainní sreibhe cúltreo nó athraíonn sé an cumas gás a
tharchur thar theorainn nó thar theorainneacha an Bhallstáit lena mbaineann
faoi 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an gcumas mar a bhí roimh an
tionscadal a choimisiúnú; (d)
maidir le stóráil gáis nó maidir le gás nádúrtha
leachtaithe/comhbhrúite, tá sé d’aidhm ag an tionscadal gás a sholáthar go
díreach nó go hindíreach do dhá Bhallstát ar a laghad nó an caighdeán
bonneagair (riail N-1) a chomhlíonadh ar leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(3)
de Rialachán (AE) Uimh. 994/2010; (e)
maidir le heangacha cliste, tá an tionscadal
ceaptha le haghaidh trealamh agus suiteálacha ar leibhéal ardvoltais agus
meánvoltais a ceapadh le haghaidh voltas 10 kV nó níos mó. Tá baint aige le
hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin ó dhá Bhallstát ar a laghad,
faoina gcuimsítear 100 000 úsáideoir ar a laghad a ghineann nó a ídíonn
leictreachas nó a dhéanann an dá rud i limistéar ídithe de 300 gigea-vatuair in
aghaidh na bliana ar a laghad, a dtagann ar a laghad 20% de ó acmhainní nach
féidir a sheoladh. (2)
Maidir le tionscadail a thig faoi na catagóirí atá
leagtha amach i bpointe 1(a) go (d) d’Iarscríbhinn II, déanfar na
critéir atá liostaithe in Airteagal 4 a thomhas mar seo a leanas: (a)
Déanfar comhtháthú margaidh, íomaíochas agus
solúbthacht an chórais a thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa
phlean deich mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin
leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: –
i gcás tionscadal trasteorann, an tionchar ar
acmhainn aistrithe na heangaí sa dá threo den sreafa cumhachta a ríomh, agus é
sin a dhéanamh i dtéarmaí mhéid na cumhachta (i meigeavata), nó, i gcás
tionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann acu, an tionchar ar acmhainn
aistrithe na heangaí a ríomh ag teorainneacha idir Ballstáit ábhartha, idir
Ballstáit ábhartha agus tríú tíortha nó laistigh de Bhallstáit ábhartha agus an
tionchar ar chothromú éilimh-soláthair agus ar oibríochtaí gréasáin a ríomh sna
Ballstáit ábhartha; –
measúnú a dhéanamh ar an tionchar, don limistéar
anailíse atá sainithe i bpointe 10 d’Iarscríbhinn V, maidir le giniúint
uile-chórais fuinnimh agus costais tarchuir agus éabhlóid na margadhphraghsanna
a ndéanann an tionscadal foráil ina leith faoi chásanna pleanála éagsúla, ag
cur na n‑athrúchán a spreagtar ar an ord fiúntais san áireamh go
háirithe. (b)
Déanfar tarchur giniúna fuinnimh in‑athnuaite
chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála a thomhas i gcomhréir leis
an anailís arna déanamh sa phlean deich mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le
forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a
dhéanamh: –
maidir le tarchur leictreachais, tríd an acmhainn
giniúna ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mheas (de réir teicneolaíochta, i
meigeavata), atá nasctha agus tarchurtha i ngeall ar an tionscadal, i
gcomparáid leis an acmhainn iomlán bheartaithe giniúna ó na cineálacha foinsí
in-athnuaite fuinnimh sin sa Bhallstát lena mbaineann in 2020 de réir na
bpleananna gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh in-athnuaite mar a
shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/28/CE. –
maidir le stóráil leictreachais, trí chomparáid a
dhéanamh idir an acmhainn nua a ndéanann an tionscadal foráil ina leith agus an
acmhainn iomlán reatha don teicneolaíocht stórála chéanna i limistéar na
hanailíse atá sainithe i bpointe 10 d’Iarscríbhinn V. (c)
Déanfar idir‑inoibritheacht agus slándáil na
hoibríochta córais a thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean
deich mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais,
go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas
an ionchais ualaigh don limistéar anailíse atá sainithe i bpointe 10
d’Iarscríbhinn V maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchuir i sraith
tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear
ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an
tionchar a bheadh acu sin ar sheasmheacht an bhonneagair. Cuirfear caiteachas iomlán an tionscadail thar a
shaolré teicniúil san áireamh nuair atáthar ag ríomh na dtáscairí sin. (3)
Maidir le tionscadail a thig faoi na catagóirí dá
dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir atá
liostaithe in Airteagal 4 a thomhas mar seo a leanas: (a)
Déanfar comhtháthú margaidh agus
idir-inoibritheacht a thomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca
le comhtháthú na limistéar margaidh agus cóineasú praghsanna agus le
solúbthacht fhoriomlán an chórais, lena n-áirítear an leibhéal acmhainne a
bhfuil foráil déanta ina leith maidir le sreabh cúltreo i gcásanna éagsúla. (b)
Déanfar iomaíochas a thomhas ar bhonn éagsúlaithe,
lena n-áirítear rochtain ar fhoinsí dúchasacha soláthair a éascú, ag cur san
áireamh ina dhiaidh sin éagsúlú foinsí, contrapháirteanna agus bealaí agus
tionchar na hacmhainne nua ar threoiruimhir Herfindahl-Hirschmann a ríomhtar ar
leibhéal acmhainne don limistéar atá sainithe i bpointe 10 d’Iarscríbhinn
V. (c)
Déanfar cinnteacht an tsoláthair gáis a thomhas trí
luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le seasmheacht ghearrthéarmach agus
fhadtéarmach an chórais agus i dtaca le solúbthacht iarmhair an chórais a
bhreisiú chun dul i ngleic le bristeacha soláthair i gcásanna éagsúla, agus
tríd an acmhainn bhreise a ndéanann an tionscadal foráil ina leith a thomhas i
ndáil leis an gcaighdeán bonneagair (riail N-1) ar leibhéal réigiúnach i
gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 994/2010. (d)
Déanfar inbhuanaitheacht a thomhas mar a mhéid a
chuidíonn tionscadal le hastaíochtaí a laghdú, le tacú le cúltacú giniúna
leictreachais in-athnuaite nó le tacaú le hiompar gáis a fhaightear ó
leictreachas agus iompar bithgháis, ag cur san áireamh athruithe a bhfuiltear
ag súil leo ar dhálaí aeráide. (4)
Maidir le tionscadail a thig faoin gcatagóir atá
leagtha amach i bpointe 1(e) d’Iarscríbhinn II, déanfar meastóireacht
ar gach feidhm atá liostaithe in Airteagal 4 i gcoinne na gcritéar seo a
leanas: (a)
An leibhéal inbhuanaitheachta: Déanfar an critéar
seo a thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an laghdú atá tagtha ar astaíochtaí
gáis cheaptha teasa, agus ar an tionchar comhshaoil atá ag bonneagar eangaí
leictreachais; (b)
Cumas na n‑eangach tarchurtha agus
dáileacháin leictreachas a nascadh le húsáideoirí agus leictreachas a thabhairt
ó úsáideoirí agus chuig úsáideoirí: Déanfar an critéar seo a thomhas trí chumas
suiteáilte acmhainní fuinnimh dáilte i ngréasáin dáilte a mheas, an t‑uas-instealladh
ceadaithe leictreachais gan rioscaí cúngaigh i ngréasáin tarchuir a mheas, agus
an fuinneamh nach bhfaightear ó fhoinsí in-athnuaite i ngeall ar chúngach nó ar
rioscaí slándála a mheas; (c)
Nascacht an ghréasáin agus rochtain ar gach
catagóir úsáideoirí gréasáin: Déanfar meastóireacht ar an gcritéar seo trí
mheasúnú a dhéanamh ar na modhanna a úsáideadh chun muirir agus taraifí a
ríomh, chomh maith lena struchtúr, le haghaidh gineadóirí, tomhaltóirí agus iad
siúd ar gineadóirí agus tomhaltóirí iad, agus trí mheasúnú a dhéanamh ar an
tsolúbthacht feidhmíochta atá ann chun cothromú dinimiciúil a dhéanamh ar
leictreachas sa ghréasán; (d)
Cinnteacht agus cáilíocht an tsoláthair: Déanfar
meastóireacht ar an gcritéar seo trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcóimheas idir
an acmhainn giniúna atá ar fáil go hiontaofa agus buaicéileamh, ar an sciar
leictreachais a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite, ar chobhsaíocht an chórais
leictreachais, ar fhad tréimhse agus ar mhinicíocht na mbristeacha in aghaidh
an chustaiméara, lena n‑áirítear bristeacha a bhaineann leis an aeráid,
agus ar fheidhmíocht cáilíochta voltais; (e)
Éifeachtúlacht agus cáilíocht seirbhíse i soláthar
leictreachais agus i bhfeidhmiú eangaí: Déanfar an critéar seo a mheas trí
mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal na gcaillteanas i ngréasáin tarchurtha agus
dáileacháin, ar an gcóimheas idir íoséileamh agus uaséileamh leictreachais
laistigh de thréimhse shonraithe ama, ar rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh i
margaí leictreachais agus i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh, ar an úsáid i gcéatadáin
(i.e. meánualú) a bhaintear as comhpháirteanna gréasáin leictreachais, ar
infhaighteacht comhpháirteanna gréasáin (a bhaineann le cothabháil bheartaithe
agus neamhbheartaithe) agus an tionchar atá aige sin ar fheidhmíochtaí
gréasáin, agus ar infhaighteacht iarbhír na hacmhainne gréasáin maidir lena
luach caighdeánach; (f)
Rannchuidiú le margaí leictreachais trasteorann trí
bhíthin sreabh ualaigh a rialú chun lúbshreabha a mhaolú agus chun acmhainní
idirnaisc a mhéadú. Déanfar an critéar seo a mheas trí mheasúnú a dhéanamh ar
an gcóimheas idir acmhainn idirnaisc Ballstáit agus éileamh an Bhallstáit sin
ar leictreachas, trí mheasúnú a dhéanamh ar shaothrú acmhainní idirnaisc, agus
ar na cíosanna plúchta thar na hidirnaisc. (5)
Maidir le tionscadail iompair ola a thig faoi na
catagóirí atá leagtha amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn II, déanfar na
critéir atá liostaithe in Airteagal 4 a thomhas mar seo a leanas: (a)
Déanfar cinnteacht an tsoláthair ola a thomhas trí
mheasúnú a dhéanamh ar luach breise na hacmhainne nua tionscadail i dtaca le
seasmheacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach an chórais agus i dtaca le
solúbthacht iarmhair an chórais a bhreisiú chun dul i ngleic le bristeacha
soláthair i gcásanna éagsúla. (b)
Déanfar idir-inoibritheacht a thomhas trí mheasúnú
a dhéanamh ar a mhéid a fheabhsaíonn an tionscadal feidhmiú an ghréasáin ola,
go háirithe trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfaidh sreabha cúltreo a bheith ann. (c)
Déanfar meastóireacht ar úsáid éifeachtúil agus
inbhuanaithe acmhainní trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhaineann an
tionscadal úsáid as bonneagar atá ann cheana agus ar a mhéid a chuireann sé le
hualach agus le rioscaí comhshaoil agus aeráide a íoslaghdú. IARSCRÍBHINN V ANAILÍS UILE-CHÓRAIS COSTAIS IS TAIRBHE AR FHUINNEAMH Déanfaidh an mhodheolaíocht le haghaidh
anailíse chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh do
thionscadail leasa choitinn na prionsabail atá leagtha síos san Iarscríbhinn
seo a chomhlíonadh. (1)
Beidh an mhodheolaíocht bunaithe ar thacar
comhchoiteann sonraí ionchuir a léiríonn córais leictreachais agus gáis an
Aontais sna blianta n+5, n+10, n+15, agus n+20, mar a bhfuil n cothrom leis an
mbliain a rinneadh an anailís. Cuimseofar iad seo a leanas ar a laghad sa tacar
sonraí sin: (a)
Maidir le leictreachas: cásanna maidir le héileamh,
acmhainní giniúna de réir cineálacha breosla (bithmhais, fuinneamh
geoiteirmeach, fuinneamh hidrileictreach, gás, fuinneamh núicléach, ola,
breoslaí soladacha, gaoth, grianfhuinneamh fótavoltach, dian‑ghrianfhuinneamh,
teicneolaíochtaí in‑athnuaite eile) agus a suíomh tíreolaíoch, praghsanna
breosla (lena n-áirítear bithmhais, gual, gás agus ola), praghsanna dé-ocsaíd
charbóin, comhdhéanamh an ghréasáin tarchurtha agus, más ábhartha, an gréasáin
dáileacháin, agus a fhorbairt, ag cur gach giniúna nua suntasaí san áireamh
(lena n-áirítear acmhainn chun dé-ocsaíd charbóin a ghabháil), tionscadail
tarchurtha agus stórála a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith
agus atá le coimisiúnú faoi dheireadh na bliana n+5; (b)
Maidir le gás: cásanna maidir le héileamh,
allmhairí, praghsanna breosla (lena n-áirítear gual, gás agus ola), praghsanna
dé-ocsaíd charbóin, comhdhéanamh an ghréasáin tarchurtha, agus a fhorbairt, ag
cur gach tionscadal nua a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith
agus atá le coimisiúnú faoi dheireadh na bliana n+5 san áireamh; (2)
Léireofar sa tacar sonraí reachtaíocht an Aontais
agus an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm ag dáta na hanailíse. Beidh na
cineálacha tacar sonraí a úsáidtear le haghaidh leictreachais agus gáis faoi
seach comhoiriúnach dá chéile, go háirithe maidir le toimhdí faoi phraghsanna
agus faoi mhéideanna i ngach margadh. Leagfar amach an tacar sonraí i ndiaidh
dul i gcomhairle go foirmiúil leis na Ballstáit agus leis na heagraíochtaí a
dhéanann ionadaíocht thar ceann na ngeallsealbhóirí ábhartha uile. Áiritheoidh
an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go bhfuil rochtain ar na sonraí tráchtála
is gá ó thríú páirtithe nuair is infheidhme. (3)
Tabharfar treoir sa mhodheolaíocht maidir le
forbairt a dhéanamh ar an samhaltú gréasáin agus margaidh is gá le haghaidh na
hanailíse costais is tairbhe agus maidir le húsáid an tsamhaltaithe sin. (4)
Beidh an anailís costais is tairbhe bunaithe ar
mheastóireacht chomhchuibhithe ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leis
na catagóirí éagsúla tionscadal arna n‑anailísiú, agus cuimseoidh sí an
tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad. (5)
Cuirfear na costais seo a leanas ar a laghad san
áireamh san anailís costais is tairbhe: caiteachas caipitiúil, feidhmíochta
agus cothabhála thar shaolré theicniúil an tionscadail agus costais
díchoimisiúnaithe agus bainistíochta dramhaíola, nuair is ábhartha. Tabharfar
treoir sa mhodheolaíocht maidir le rátaí lascaine atá le húsáid sna ríomhanna. (6)
Maidir le tarchur agus stóráil leictreachais,
áireofar san anailís costais is tairbhe ar a laghad na tionchair ar na táscairí
atá sainithe in Iarscríbhinn III. I gcomhréir leis na modhanna a chuirtear
i bhfeidhm chun an plean deich mbliana is déanaí atá ar fáil a leagan amach
maidir le forbairt gréasáin leictreachais, áireofar go háirithe san anailís
freisin na tionchair atá ag an tionscadal ar na nithe seo a leanas: (a)
Iomaíochas maidir le cumhacht mhargaidh na
n-oibreoirí difriúla agus cóineasú praghsanna idir na Ballstáit dhifriúla; (b)
Costas giniúna, tarchurtha agus dáiliúcháin
leictreachais, lena n-áirítear an costas a bhaineann le féinídiú gléasra
cumhachta agus na costais a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa agus
le caillteanais tarchuir thar shaolré theicniúil an tionscadail; (c)
Costais sa todhchaí a bhainfidh le hinfheistíocht
nua giniúna agus tarchuir thar shaolré teicniúil an tionscadail; (d)
Solúbthacht feidhmíochta, lena n-áirítear
barrfheabhsú seirbhísí rialála cumhachta agus seirbhísí coimhdeacha; (e)
Solúbthacht an chórais, lena n-áirítear solúbthacht
i leith tubaistí agus i leith na haeráide, agus slándáil an chórais, go
háirithe i gcás bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha mar atá sainithe i dTreoir
2008/114/CE. (7)
Maidir le gás, cuirfear san áireamh san anailís
costais is tairbhe torthaí na tástála margaidh ar a laghad, amhail séasúir
oscailte, na tionchair ar na táscairí atá sainithe in Iarscríbhinn III
agus na tionchair seo a leanas: (a)
Iomaíochas maidir le cumhacht mhargaidh na
n-oibreoirí difriúla agus cóineasú praghsanna idir na Ballstáit dhifriúla; (b)
Seasmhacht an chórais, lena n-áirítear seasmhacht i
leith tubaistí agus i leith na haeráide, agus slándáil an chórais, go háirithe
i gcás bonneagar ríthábhachtach Eorpach mar atá sainithe i dTreoir 2008/114/CE; (c)
Dóchúlacht agus cainníocht fuinnimh nach bhfuil á
chur ar fáil agus méadú ar chinnteacht agus ar cháilíocht an tsoláthair; (d)
Rannchuidiú le comhtháthú na limistéar difriúil ina
bhfuil margaí gáis, (e)
Solúbthacht agus cúngach sa ghréasán gáis. (8)
Maidir le heangacha cliste, cuirfear na tionchair
ar na táscairí atá sainithe in Iarscríbhinn III san áireamh san anailís
costais is tairbhe. (9)
Leagfar amach an modh mionsonraithe arna úsáid chun
na táscairí dá dtagraítear i bpointí 6 go 8 a chur san áireamh i ndiaidh dul i
gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann
na ngeallsealbhóirí uile. (10)
Saineofar limistéar anailíse sa mhodheolaíocht don
anailís costais is tairbhe a dhéanfar ar gach tionscadal agus don anailís ar
leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal uile‑Aontais. Cuimseofar sa limistéar
sin ina ndéanfar anailís ar thionscadal ar leith, gach Ballstát agus tríú tír
ar a dtógfar an tionscadal, gach Ballstát comharsanachta agus gach Ballstát
eile a mbeidh tionchar suntasach ag an tionscadal orthu. (11)
Saineofar sa mhodheolaíocht an anailís atá le
déanamh, bunaithe ar an tacar sonraí ionchuir ábhartha, trí thorthaí na
spriocfheidhme a ríomh le gach tionscadal agus dá n‑uireasa.
Sainaithneofar san anailís na Ballstáit a bhfuil glantionchair dhearfacha ag an
tionscadal orthu (tairbhithe) agus na Ballstáit sin a bhfuil glantionchar
diúltach ag an tionscadal orthu (iompróirí costais). Áireofar i ngach anailís
costais is tairbhe anailísí íogaireachta a bhaineann leis an tacar sonraí
ionchuir, dáta coimisiúnaithe na dtionscadal difriúil sa limistéar céanna
anailíse agus paraiméadair ábhartha eile. (12)
Malartóidh oibreoirí córais tarchurtha agus
dáileacháin an fhaisnéis a theastaíonn chun an mhodheolaíocht a leagan amach,
lena n-áirítear an samhaltú gréasáin agus margaidh ábhartha. Aon oibreoir
córais tarchurtha nó dáileacháin atá ag bailiú faisnéise thar ceann oibreoirí
córais tarchurtha nó dáileacháin eile, tabharfaidh sé na torthaí ó bhailiú na
sonraí ar ais do na hoibreoirí rannpháirteacha córais tarchurtha agus
dáileacháin. Maidir leis an gcomhmhargadh leictreachais agus gáis agus an
samhaltú gréasáin atá leagtha amach i mír 8 d’Airteagal 12,
cuimseoidh an tacar sonraí ionchuir dá dtagraítear i bpointe 1 na blianta
n+10, n+20 agus n+30 agus ceadóidh an samhaltú go ndéanfar measúnú iomlán ar
thionchair eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, lena n‑áirítear go
háirithe costais sheachtracha amhail na costais sin a bhaineann le hastaíochtaí
gáis cheaptha teasa agus gnáthastaíochtaí truailleáin aeir agus iad sin a
bhaineann le cinnteacht an tsoláthair. IARSCRÍBHINN VI TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ (1)
Sonrófar na nithe seo a leanas ar a laghad sa
lámhleabhar nósanna imeachta: (a)
an reachtaíocht ábhartha ar a mbunaítear cinntí
agus tuairimí maidir leis na cineálacha difriúla tionscadal ábhartha leasa
choitinn, lena n‑áirítear reachtaíocht chomhshaoil; (b)
na cinntí agus na tuairimí ábhartha atá le fáil; (c)
ainmneacha agus sonraí teagmhála an údaráis
inniúil, údarás eile agus na ngeallsealbhóirí móra lena mbaineann; (d)
an sreabhadh oibre, ina gcuirtear síos ar gach céim
sa phróiseas, lena n-áirítear tréimhse ama tháscach; (e)
faisnéis faoi raon feidhme, faoi struchtúr agus
faoi leibhéal mionsonraithe doiciméad atá le cur isteach leis an iarratas ar
chinntí, lena n-áirítear seicliosta; (f)
na céimeanna agus na modhanna trína mbeidh an pobal
i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas. (2)
Chun rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas deonaithe
ceadanna a mhéadú, cuirfear na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm: (a)
Na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar ag tionscadal
leasa choitinn orthu, lena n‑áirítear údaráis ábhartha, úinéirí talún
agus saoránaigh atá ina gcónaí i gcóngar an tionscadail, an pobal i gcoitinne
agus a gcomhlachais, a n‑eagraíochtaí nó a ngrúpaí, cuirfear ar an eolas
iad go forleathan agus rachfar i gcomhairle leo ag an tús ar bhealach oscailte
agus trédhearcach. Nuair is ábhartha, tacóidh an t‑údarás inniúil go
gníomhach leis na gníomhaíochtaí a ghabhann an tionscnóir tionscadail ar láimh. (b)
Áiritheoidh údaráis inniúla go gcomhchruinnítear
nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí do thionscadail leasa choitinn nuair
is féidir. Cumhdófar faoi gach comhairliúchán poiblí gach ábhar a bhaineann le
céim áirithe den nós imeachta, agus ní thabharfar aghaidh ar ábhar amháin a
bhaineann le céim áirithe den nós imeachta i níos mó ná comhairliúchán poiblí
amháin. Cuirfear na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhairliúchán
poiblí in iúl go soiléir san fhógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí. (c)
Ní bheidh barúlacha agus agóidí inghlactha ach ó
thús an chomhairliúcháin phoiblí go dtí go rachaidh an spriocdháta in éag. (3)
Áireofar sa choincheap maidir le rannpháirtíocht
phoiblí faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad: (a)
na geallsealbhóirí lena mbaineann agus a bhfuil
teagmháil déanta leo; (b)
na bearta atá á mbeartú; (c)
an amlíne; (d)
na hacmhainní daonna atá leithdháilte ar na cúraimí
faoi seach. (4)
I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí atá le
déanamh roimh an gcomhad iarratais a chur isteach, déanfaidh na comhpháirtithe
ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad: (a)
foilseofar bileog faisnéise nach mó ná 15
leathanach ina dtabharfar, ar bhealach soiléir agus achomair, léargas ar
chuspóir agus ar dhréacht-tráthchlár an tionscadail, trí bhealach mhalartacha
breithnithe ar a laghad , na tionchair a mheastar a bheidh ag an tionscadal,
lena n-áirítear tionchair trasteorann, agus bearta maolaithe féideartha; (b)
cuirfear na páirtithe leasmhara uile a mbeidh
tionchar ag an tionscadal orthu ar an eolas faoin tionscadal tríd an suíomh
gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 10(7) agus trí mhodhanna ábhartha
faisnéise eile; (c)
tabharfar cuireadh i scríbhinn do gheallsealbhóirí
ábhartha a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu chuig cruinnithe tiomanta,
agus pléifear aon imní a bheidh orthu lena linn. (5)
Cuirfear na nithe seo a leanas ar a laghad ar fáil
ar shuíomh gréasáin an tionscadail: (a)
achoimre neamhtheicniúil a thugtar cothrom le dáta
go rialta agus nach mó ná 50 leathanach ina léirítear stádas reatha an
tionscadail agus ina gcuirtear in iúl go soiléir, i gcás faisnéise a tugadh
cothrom le dáta, athruithe ar leaganacha roimhe sin; (b)
pleanáil an tionscadail agus an chomhairliúcháin
phoiblí, ag léiriú go soiléir dátaí agus láithreacha do chomhairliúcháin
phoiblí agus d’éisteachtaí; (c)
sonraí teagmhála d’fhonn an tacar iomlán de
dhoiciméid iarratais a fháil; (d)
sonraí teagmhála d’fhonn barúlacha agus agóidí a
chur in iúl le linn na gcomhairliúchán poiblí; (e)
an lámhleabhar nósanna imeachta de bhun Airteagal 10(1). [1] COIM(2010) 677 [2] COIM(2011) 500/I críochnaitheach agus COIM(2011) 500/II críochnaitheach
(ComhaidBeartais) [3] Praghsanna na bliana 2011 atá luaite le gach méid [4] nó faoi 30 % má bhíonn coinníollacha cuí ann [5] SEC(2011)755 [6] Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE [7] COIM(2010)203 agus SEC(2010)505 [8] Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 [9] Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 [10] COIM(2010) 2020 [11] nó faoi 30 % má bhíonn
coinníollacha cuí ann [12] COIM(2011) 112 i gcomhcheangal le SEC(2011)288 [13] Féach roinn 1.2.1 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo. [14] IO C, , lch. . [15] IO C, , lch. . [16] COM(2010) 2020 [17] COIM(2010) 677 [18] IO L 262, 22.9.2006, lch. 1. [19] Faoi 30 % má bhíonn coinníollacha cuí ann [20] Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí
in-athnuaite a chur chun cinn, IO L 140, 5.6.2009, lch. 16. [21] IO L 211, 14.8.2009, lch. 55. [22] IO L 211, 14.8.2011, lch. 94. [23] IO L 345, 23.12.2008, lch. 75. [24] COIM(2011) 202 críochnaitheach [25] COIM(2011) 539 [26] SEC(2011) 755 [27] IO L 211, 14.8.2009, lch. 15 [28] IO L 211, 14.8.2009, lch. 36 [29] IO L 211, 14.8.2009, lch. 1 [30] IO L 200, 31.7.2009, lch. 31 [31] IO L 162, 22.06.2007, lch. 1. [32] IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.