EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0386

Cás T-386/22: Caingean arna tabhairt an 1 Iúil 2022 – QF v an Chomhairle

IO C 318, 22.8.2022, p. 43–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/43


Caingean arna tabhairt an 1 Iúil 2022 – QF v an Chomhairle

(Cás T-386/22)

(2022/C 318/57)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: QF (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/582 (1) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 (2) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar earráid fhollasach measúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann aon chuid den fhianaise ón gComhairle ceanglais chásdlí na hEorpa i dtéarmaí chaighdeán agus cháilíocht na fianaise agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon cheann de na dearbhuithe i ráiteas na Comhairle ar na cúiseanna bunaithe. Ar deireadh, cuireann an t-iarratasóir eilimintí de chineál airgeadais ar fáil chun tacú lena shaincheist, lena bhféadfar a dhearbhú go bhfuil ráiteas ar chúiseanna na Comhairle mícheart.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3).


Top