EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0306

Cás T-306/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Meitheamh 2022 – Hijos de Moisés Rodríguez González v EUIPO – Éire agus Ornua (La Irlandesa 1943) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh La Irlandesa 1943 – Cúiseanna le neamhbhailíocht iomlán – Dearbhú neamhbhailíochta ó Ard-Bhord Achomhairc méadaithe EUIPO – Fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair na Cúirte Ginearálta – Dáta ábhartha le scrúdú a dhéanamh ar dearbhfhorais neamhbhailíochta – Trádmharc de chineál a chuirfeadh dallamullóg ar an bpobal – Airteagal 7(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009) (anois Airteagal 7(1)(g) de Rialachán (AE) 2017/1001) – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán 2017/1001)

IO C 318, 22.8.2022, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/34


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Meitheamh 2022 – Hijos de Moisés Rodríguez González v EUIPO – Éire agus Ornua (La Irlandesa 1943)

(Cás T-306/20) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh La Irlandesa 1943 - Cúiseanna le neamhbhailíocht iomlán - Dearbhú neamhbhailíochta ó Ard-Bhord Achomhairc méadaithe EUIPO - Fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair na Cúirte Ginearálta - Dáta ábhartha le scrúdú a dhéanamh ar dearbhfhorais neamhbhailíochta - Trádmharc de chineál a chuirfeadh dallamullóg ar an bpobal - Airteagal 7(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009) (anois Airteagal 7(1)(g) de Rialachán (AE) 2017/1001) - Meon mímhacánta - Airteagal 52(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán 2017/1001)

(2022/C 318/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hijos de Moisés Rodríguez González, SA (Las Palmas de Gran Canaria, an Spáinn) (ionadaí: J. García Domínguez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: A. Folliard-Monguiral, D. Hanf agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Ard-Bhord Achomhairc EUIPO: Éire

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Ard-Bhord Achomhairc EUIPO, idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Ornua Coperative Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (Ionadaithe: E. Armijo Chávarri agus A. Sanz Cerralbo, Dlíodóirí)

Maidir le:

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an chinneadh ó Ard-Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Márta 2020 (Cás R 1499/2016-G) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Hijos de Moisés Rodríguez González, SA na costais a íoc.


(1)  IO C 247, 27.7.2020.


Top