EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0440

Cás C-440/22 P: Achomharc arna thabhairt an 4 Iúil 2022 ag Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-718/20, Wizz Air v an Coimisiún

IO C 318, 22.8.2022, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/32


Achomharc arna thabhairt an 4 Iúil 2022 ag Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-718/20, Wizz Air v an Coimisiún

(Cás C-440/22 P)

(2022/C 318/44)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (ionadaithe: E. Vahida, avocat, S. Rating, abogado, agus I.-G. Metaxas-Maranghidis, dikigoros)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní; agus

Cinneadh C(2020) 1160 final ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2020 maidir le Státchabhair SA.56244 (2020/N) – An Rómáin – Cabhair tarrthála do TAROM a chur ar neamhní; (1) agus a ordú don Choimisiún na costais a íoc; nó

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh athbhreithniú agus na costais ag an gcéad chéim agus ar achomharc a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Áitíonn an t-achomharcóir gur cheart an breithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní ar na forais seo a leanas:

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh gur comhlíonadh an coinníoll maidir le seirbhís thábhachtach a bheith ann atá deacair a mhacasamhlú de réir bhrí na dTreoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (2) (na “Treoirlínte”).

Ar an dara dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta na Treoirlínte maidir leis an bhfianaise ar an deacracht atá ag iomaitheoir seasamh isteach i bhfeidhm go mícheart.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta ciall shoiléir na fianaise a tugadh os a comhair a shaobhadh agus measúnú á dhéanamh aici ar acmhainneacht shaor ar an margadh agus cumas na n-aerlínte ar tháillí ísle oibriú ar bhealaí intíre.

Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína cinneadh nach bhféadfadh baint a bheith ag méaduithe caipitil le plean athstruchtúraithe.

Ar an gcúigiú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta ciall shoiléir na fianaise a tugadh os a comhair a shaobhadh agus measúnú á dhéanamh aici ar fhad tréimhse athstruchtúraithe TAROM.

Ar an séú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína cinneadh nach raibh aon ghá don Choimisiún a fhíorú an bhfuil an chabhair atá ann cheana ina chabhair nua.

Ar an seachtú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le mainneachtain an Choimisiúin nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh.


(1)  IO 2020 C 310, lch. 3.

(2)  IO 2014 C 249, lch. 1.


Top