EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0348

Cás C-348/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per la Puglia (an Iodáil) a taisceadh an 30 Bealtaine 2022 – Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato v Comune di Ginosa

IO C 318, 22.8.2022, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/29


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per la Puglia (an Iodáil) a taisceadh an 30 Bealtaine 2022 – Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato v Comune di Ginosa

(Cás C-348/22)

(2022/C 318/41)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per la Puglia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

Cosantóir: Comune di Ginosa

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An bhfuil Treoir 2006/123 (1) bailí agus ceangailteach ar na Ballstáit, nó an bhfuil sí neamhbhailí sa mhéid, mar Threoir chomhchuibhithe, a glacadh í trí vóta tromlaigh amháin, seachas d’aon toil, a sháraítear Airteagal 115 [de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh]?

2.

An leagtar síos i dTreoir 2006/123, dá ngairtear Treoir Bolkestein freisin, go hoibiachtúil agus ar bhonn teibí, rialacha sách mionsonraithe agus, mar sin, an gcoisctear aon discréid a bheith á feidhmiú ag reachtais náisiúnta, arb é sin an t-íoscheanglas ionas go measfar go bhfuil an Treoir sin féin-fhorghníomhaithe agus infheidhme láithreach?

3.

I gcás go gcinnfear nach bhfuil Treoir 2006/123 féin-fhorghníomhaithe, an bhfuil eisiamh nó gan an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm, mar an t-aon éifeacht amháin, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla fiú nuair nach féidir le cúirt náisiúnta an dlí naisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le dlí an Aontais nó, mar mhalairt air sin, an bhféadfaidh nó an gcaithfidh an dlí náisiúnta a bheith i bhfeidhm i gcás mar sin, gan dochar do na pionóis shonracha dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais as mainneachtain ag [Ballstát] a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Chonradh Aontachais (Airteagal 49 [CFAE]) nó mainneachtain i dtreoir a chur chun feidhme (imeachtaí um shárú)?

4.

An ionann éifeacht dhíreach a bheith ag Airteagal 121(1), (2) agus (3) de Threoir 2006/123 agus aitheantais do chineál féin-fhorghníomhaithe nó infheidhmeacht láithreach na Treorach sin, nó i gcás Treoir chomhchuibhithe amhail Treoir 2006/123 (“[Ní mór a mheas] go bhforáiltear le Airteagail 9 go 13 de Threoir 200/123 do chomhchuibhiú cuimsitheach ([mír 61 den] bhreithiúnas in Promoimpresa)), nó an gcaithfear a thuiscint go gceanglaítear ar [Bhallstát] bearta comhchuibhithe a ghlacadh nach bhfuil ginearálta amháin ach ceangailteach chomh maith maidir lena n-ábhar?

5.

An féidir nó an gcaithfear aicmiú Treorach mar fhéin-fhorghníomhaithe nó a mhalairt agus i gcás aicmiú Treorach mar fhéin-fhorghníomhaithe, an féidir a mheas go dtagann sí faoi dhlínse eisiach na gcúirteanna náisiúnta (dár tugadh, chun na críche sin, sásraí sonracha chun cabhrú le léirmhíniú, amhail tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú nó rialú a lorg ar bhunreachtúlacht) nuair a fhágtar dlí náisiúnta gan feidhm, ar bhonn coisctheach nó an dtagann sí faoi shainchúram oifigigh nó gceannairí bardais aonair chomh maith?

6.

I gcás go meastar, ina ionad sin, go bhfuil Treoir 2006/123 féin-fhorghníomhaithe, ós rud é gur cinneadh go gcuirtear cosc le hAirteagal 49 [CFAE] ar shíneadh uathoibríoch lamháltais nó udaruithe a bhaineann le maoin mhuirí atá faoi úinéireacht an Stáit d”úsáidí turasaóireachta agus áineasa “a mhéid [amháin] a bhaineann leas trasteorann leis na lamháltais sin”, an réamhriachtanas chun é Airteagal 12(1) agus (2) den Treoir [sin] a chur i bhfeidhm an coinníoll sin a chomhlíonadh?

7.

An bhfuil sé i gcomhréir leis na haidhmeanna arna saothrú ag Treoir 2006/123 agus Airteagal 49 [CFAE] do chúirt náisiúnta a chinneadh, go ginearálta agus ar bhonn teibí, go bhfuil leas trasteorann áirithe ann maidir leis an gcríoch náisiúnta ar fad nó, a mhalairt sin, i bhfianaise na gcumhachtaí atá ag bardais aonair san Iodáil, an gá a thuiscint go mbaineann measúnú le críoch cósta de gach bardais aonair, agus, mar sin, go dtagann sé go heisiach faoi shainchúram na mbardas sin?

8.

An bhfuil sé i gcomhréir leis na haidhmeanna arna saothrú ag Treoir 2006/123 agus Airteagal 49 [CFAE] do chúirt náisiúnta a chinneadh, go ginearálta agus ar bhonn teibí, go bhfuil ganntanas acmhainní agus lamháltas, agus í ag tagairt don chríoch náisiúnta ar fad nó, i gcodarsnacht leis sin, i bhfianaise na gcumhachtaí atá ag bardais aonair san Iodáil, an gá a thuiscint go mbaineann an measúnú sin le críoch cósta gach bardais aonair, agus, mar sin, go dtagann sé go heisiach faoi shainchúram na mbardas sin?

9.

I gcás go gcinntear, ar bhonn teibí, go bhfuil Treoir 2006/123 féin-fhorghníomhaithe, an féidir a mheas go mbaineann infheidhmeacht láithreach den sórt sin, fiú i gcomhthéacs reachtach mar atá san Iodáil, ina bhfuil Airteagal 49 den Codice della navigazione (Cód loingis) (lena bhforáiltear, ar dhul in éag do lamháltas, “go mbeidh an mhaoin dhochorraithe go léir mar mhaoin de chuid an Stáit, gan aon chúiteamh ná aisíocaíocht a bheith dlite”) i bhfeidhm, agus an bhfuil toradh den sórt sin ar chineál féin-fhorghníomhaithe nó infheidhmeacht láithreach na Treorach sin (go háirithe maidir le struchtúir saoirseachta údaraithe agus lamháltais ar mhaoin faoi úinéireacht an Stáit atá nasctha go feidhmiúil le gnó turasóireachta amhail óstán nó ionad saoire) i gcomhréir le cosaint ceart bunúsach, amhail an ceart chun maoine, a dtugtar cosaint speisialta dóibh faoi dhlí an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha?


(1)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36).


Top