EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0024

Cás C-24/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale ordinario di Pordenone – an Iodáil) – PH v Regione Autonoma Friuli Venezia Giulia, Direzione centrale risorse agroalimentari, forestali e ittiche – Servizio foreste e corpo forestale della Regione Autonoma Friuli Venezia Giulia (Tarchur chun réamhrialú – Talmhaíocht – Bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe – Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 – Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó sa chomhshaol – Treoir 2001/18/CE – Airteagal 26a – Deis do na Ballstáit bearta riachtanacha a ghlacadh chun nach mbeidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe i dtáirgí eile – Coinníollacha cur chun feidhme – Prionsabal na comhréireachta – Treoirlínte chun bearta náisiúnta comhaireachtála a fhorbairt chun nach mbeidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe nach rabhthar ag súil leo i ngnáthbharraí agus i mbarraí orgánacha – Beart a ghlac eintiteas fo-náisiúnta lena cuirtear cosc ar shaothrú ghrán buí géinmhodhnaithe ar a chríoch féin)

IO C 318, 22.8.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/7


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale ordinario di Pordenone – an Iodáil) – PH v Regione Autonoma Friuli Venezia Giulia, Direzione centrale risorse agroalimentari, forestali e ittiche – Servizio foreste e corpo forestale della Regione Autonoma Friuli Venezia Giulia

(Cás C-24/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Talmhaíocht - Bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe - Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 - Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó sa chomhshaol - Treoir 2001/18/CE - Airteagal 26a - Deis do na Ballstáit bearta riachtanacha a ghlacadh chun nach mbeidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe i dtáirgí eile - Coinníollacha cur chun feidhme - Prionsabal na comhréireachta - Treoirlínte chun bearta náisiúnta comhaireachtála a fhorbairt chun nach mbeidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe nach rabhthar ag súil leo i ngnáthbharraí agus i mbarraí orgánacha - Beart a ghlac eintiteas fo-náisiúnta lena cuirtear cosc ar shaothrú ghrán buí géinmhodhnaithe ar a chríoch féin)

(2022/C 318/08)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Pordenone

Páirtithe sna príomhimeachaí

Iarratasóir: PH

Cosantóirí: Regione Autonoma Friuli Venezia Giulia, Direzione centrale risorse agroalimentari, forestali e ittiche – Servizio foreste e corpo forestale della Regione Autonoma Friuli Venezia Giulia

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 26a de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003, arna léamh i bhfianaise an Rialacháin sin agus an mholta ón gCoimisiún an 13 Iúil 2010, lena leagtar síos treoirlínte chun bearta náisiúnta comhaireachtála a fhorbairt chun nach mbeidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe nach rabhthar ag súil leo i ngnáthbharraí agus i mbarraí orgánacha, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn nach gcuirtear bac ar bheart náisiúnta lena cuirtear cosc, chun nach mbeidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe nach rabhthar ag súil leo i dtáirgí eile, ar shaothrú orgánaigh ghéinmhodhnaithe i gcríoch réigiúin de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a údaraítear faoi Rialachán Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go n- áirithítear, leis an mbeart sin, an cuspóir a bhaint amach lena ráthaítear an rogha do thairgeoirí agus do thomhaltóirí idir tairgí a dhíorthaítear ó bharra géinmhodhnaithe agus táirgaí a dhíorthaítear ó bharraí orgánacha nó ó ghnáthbharraí agus, i bhfianaise saintréithe na mbarraí sin ar an gcríoch sin, go bhfuil an beart sin riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus na cuspóirí atá comhréireach ina leith.

2)

Sa chás ina chuirtear cosc, le beart náisiúnta, ar shaothrú ar chríoch an Bhallstáit d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a údaraítear faoi Rialachán Uimh. 1829/2003, i gcomhréir le Airteagal 26a de Threoir 2001/18, arna leasú le Rialachán Uimh. 1829/2003, arna léamh i bhfianaise an Rialacháin sin agus an mholta ón gCoimisiún an 13 Iúil 2010 lena leagtar síos treoirlínte chun bearta náisiúnta comhaireachtála a fhorbairt chun nach mbeidh orgánaigh ghnéithmhodhnaithe nach rabhthar ag súil leo i ngnáthbharra agus i mbarra orgánacha, ní gá a chinntiú, thairis sin, go leithleach, go gcomhlíonann an beart sin Airteagail 34 go 36 CFAE.


(1)  IO C 391, 27.09.2021.


Top