EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0625

Cás C-625/20: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social No 26 de Barcelona – an Spáinn) – KM v Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS) (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Cóir chomhionann idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta – Treoir 79/7/CEE – Airteagal 4(1) – Idirdhealú indíreach ar bhonn inscne – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil dhá phinsean easláine ceirde iomlána nó níos mó á fháil faoin scéim reachtúil slándála sóisialta chéanna ar neamhréir – Comhoiriúnacht pinsean den sórt sin a thagann faoi scéimeanna reachtúla slándála sóisialta éagsúla – Cinneadh d’idirdhealú indíreach ar bhonn sonraí staidrimh – Cinneadh faoi na grúpaí lena mbaineann atá le cur i gcomparáid – Bonn cirt)

IO C 318, 22.8.2022, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/3


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social No 26 de Barcelona – an Spáinn) – KM v Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

(Cás C-625/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Cóir chomhionann idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta - Treoir 79/7/CEE - Airteagal 4(1) - Idirdhealú indíreach ar bhonn inscne - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil dhá phinsean easláine ceirde iomlána nó níos mó á fháil faoin scéim reachtúil slándála sóisialta chéanna ar neamhréir - Comhoiriúnacht pinsean den sórt sin a thagann faoi scéimeanna reachtúla slándála sóisialta éagsúla - Cinneadh d’idirdhealú indíreach ar bhonn sonraí staidrimh - Cinneadh faoi na grúpaí lena mbaineann atá le cur i gcomparáid - Bonn cirt)

(2022/C 318/03)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Social No 26 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: KM

Cosantóir: Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile a léirmhíniú mar bhac ar an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar oibrithe atá cleamhnaithe leis an slándáil shóisialta teaglaim de dhá phinsean easláine ceirde iomlána a fháil i gcás ina dtagann na pinsin sin faoin scéim slándála sóisialta chéanna nuair a cheadaítear teaglaim den sórt sin i gcás ina dtagann na pinsin sin faoi scéimeanna slándála sóisialta éagsúla, i gcás ina gcuireann an reachtaíocht sin banoibrithe faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le hoibrithe fir, go háirithe a mhéid a cheadaítear leis an reachtaíocht sin do chion i bhfad níos airde d’oibrithe fir, arna gcinneadh ar bhonn na n-oibrithe fir uile atá faoi réir na reachtaíochta sin, i gcomparáid leis an gcion comhfhreagrach de bhanoibrithe, leas a bhaint as an teaglaim sin, agus i gcás nach bhfuil bonn cirt leis an reachtaíocht sin de bharr tosca oibiachtúla nach mbaineann le haon idirdhealú ar fhoras gnéis.


(1)  IO C 79, 08.03.2021


Top