EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0648
Case T-648/22: Action brought on 13 October 2022 — ClientEarth v Council
Cás T-648/22: Caingean arna tabhairt an 13 Deireadh Fómhair 2022 – ClientEarth v an Chomhairle
Cás T-648/22: Caingean arna tabhairt an 13 Deireadh Fómhair 2022 – ClientEarth v an Chomhairle
IO C 482, 19.12.2022, p. 25–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 482/25 |
Caingean arna tabhairt an 13 Deireadh Fómhair 2022 – ClientEarth v an Chomhairle
(Cás T-648/22)
(2022/C 482/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ClientEarth AISBL (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: C. Ziegler, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh dár dáta an 3 Lúnasa 2022 (SGS 22/3264) i ndáil leis an iarratas ar athbhreithniú inmheánach faoi Theideal IV de Rialachán Aarhus i ndáil le Rialachán (AE) 2022/515 ón gComhairle an 31 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO 2022 L 104, lch. 1) a chur ar neamhní; agus |
— |
a ordú don Chomhairle a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an iarratasóir. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus mheasúnaithe fhollasach maidir le raon feidhme rochtain an iarratasóra ar chearta achomhairc faoi Rialachán Aarhus, toisc gur dhearbhaigh an Chomhairle go raibh pléadálacha an iarratasóra, lena líomhnaíodh easpa inniúlachta na Comhairle agus mí-úsáid a cumhachtaí trí Rialachán Leasaitheach TAC a ghlacadh, do-ghlactha toisc iad a bheith lasmuigh de raon feidhme Airteagal 10 de Rialachán Aarhus. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráidí dlí agus mheasúnaithe follasacha i ndáil le heilimintí riachtanacha den dlí tánaisteach agus le raon feidhme inniúlacht na Comhairle TACanna a shocrú faoi Airteagal 43(3) CFAE, toisc an méid seo a leanas a bheith déanta ag an gComhairle:
|
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráidí measúnaithe follasacha i ndáil le hoibleagáidí na Comhairle:
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe fhollasach i ndáil leis an mí-úsáid a bhain an Chomhairle as a cumhachtaí agus í ag glacadh Rialachán (AE) 2022/515 ón gComhairle an 31 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO 2022 L 104, lch. 1). |