EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0368

Cás T-368/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 24 Márta 2022 – Di Taranto v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Dlí institiúideach – Comhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun – Rialachán (AE) 2017/1939 – Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cheapadh – Neamhdhleathacht díorthaithe – Iarrthóirí arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile – Ainmniú arna chur in aghaidh os comhair na cúirte náisiúnta – Do-ghlacthacht)

IO C 213, 30.5.2022, p. 39–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 213, 30.5.2022, p. 37–38 (GA)

30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 213/37


Ordú na Cúirte Ginearálta an 24 Márta 2022 – Di Taranto v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

(Cás T-368/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Dlí institiúideach - Comhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun - Rialachán (AE) 2017/1939 - Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cheapadh - Neamhdhleathacht díorthaithe - Iarrthóirí arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile - Ainmniú arna chur in aghaidh os comhair na cúirte náisiúnta - Do-ghlacthacht)

(2022/C 213/54)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Alessandro Di Taranto (an Róimh, an Iodáil) (ionadaí: G. Pellegrino, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (ionadaithe: L. De Matteis agus T. Gut, Gníomhairí)

Maidir le:

Iarraidh bhunaithe ar Airteagal 263 CFAE lena n-éilítear nach mór Cinneadh Uimh. 34/2021 ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 3 Bealtaine 2021 lena gceapadh 15 Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hIodáile a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean mar dhoghlactha.

2.

Ordaítear don Uasal Alessandro Di Taranto na costais a íoc.


(1)  IO C 368, 13.9.2021.


Top