EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2088

Rialachán (AE) 2019/2088 Ó Pharlaimint Na Heorpa Agus Ón Gcomhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/87/2019/REV/1

OJ L 317, 9.12.2019, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2088/oj

9.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/1


RIALACHÁN (AE) 2019/2088 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat domhanda nua um fhorbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ('Clár Oibre 2030'), a bhfuil na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ina chroílár. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip, déantar na SDGanna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartas de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain ar aon, go gcuirfear na SDGanna san áireamh ón tús. Leis na conclúidí uaidh an 20 Meitheamh 2017, dheimhnigh an Chomhairle tiomantas an Aontais agus a mBallstát maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara eile.

(2)

Tá an t‐aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na SDGanna ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. Féachann Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), a d’fhormheas an tAontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 (3) agus a tháinig i bhfeidhm an 4 Samhain 2016, leis an bhfreagairt ar an athrú aeráide a neartú, inter alia, trí shreafaí airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(3)

Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus laghdú suntasach a dhéanamh ar na rioscaí agus ar an tionchar atá ag an athrú aeráide, tá sé mar sprioc domhanda an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú do 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(4)

Le Treoracha 2009/65/CE (4), 2009/138/CE (5), 2011/61/AE (6), 2013/36/AE (7), 2014/65/AE (8), (AE) 2016/97 (9), (AE) 2016/2341 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013 (11), (AE) Uimh. 346/2013 (12), (AE) 2015/760 (13) agus (AE) 2019/1238 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá sé mar chomhchuspóir acu glacadh gníomhaíochtaí agus dul i mbun gníomhaíochtaí a éascú do ghnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI), institiúidí creidmheasa, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna), a dhéanann bainistiú nó margaíocht ar chistí infheistíochta malartacha, lena n‐áirítear cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFs), do ghnóthais árachais, gnólachtaí infheistíochta, idirghabhálaithe árachais, institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna), bainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha (bainisteoirí EuVECA), bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha (bainisteoirí EuSEF) agus soláthraithe táirgí pinsin phearsanta uile-Eorpaigh (TPPUnna). Áirithítear leis na Treoracha agus na Rialacháin sin cosaint níos aonfhoirmí d’infheisteoirí deiridh agus éascaítear dóibh tairbhe a bhaint as réimse leathan táirgí airgeadais, agus, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le rialacha a chuireann ar chumas infheisteoirí deiridh cinntí eolasacha infheistíochta a dhéanamh.

(5)

I ndáil le nochtaí d’infheisteoirí deiridh maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta, maidir le drochthionchair inbhuanaitheachta a mheas, maidir le cuspóirí inbhuanaithe infheistíochta nó maidir le tréithe comhshaoil nó sóisialta a chur chun cinn, i gcinnteoireacht infheistíochta agus i bpróisis chomhairleacha, níl na nochtaí sin forbartha go leor mar nach bhfuil siad faoi réir ceanglais chomhchuibhithe go fóill.

(6)

I dtaca leis an díolúine ón Rialachán seo do chomhairleoirí airgeadais ina bhfostaítear níos lú ná triúr, ba cheart sin a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtasruitear Treoracha 2014/65/AE agus (AE) 2016/97, go háirithe na rialacha maidir le comhairle infheistíochta agus árachais. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil ceangal ar chomhairleoirí den sórt sin faisnéis a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo, ceanglaítear orthu sna próisis chomhairleacha a bhaineann leo na rioscaí inbhuanaitheachta a mheas agus a chur san áireamh.

(7)

Maidir leis na heintitis a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag brath ar chineál na ngníomhaíochtaí siúd, ba cheart dóibh na rialacha maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chomhlíonadh nuair a mhonaraíonn siad táirgí airgeadais agus ba cheart dóibh na rialacha maidir le comhairleoirí airgeadais a chomhlíonadh i gcás ina dtugann siad comhairle infheistíochta nó comhairle árachais. Dá bhrí sin, nuair a dhéanann na heintitis gníomhaíochtaí de chuid rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i gcomhthráth le gníomhaíochtaí de chuid comhairleoirí airgeadais, ba cheart a mheas gur rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais iad na heintitis sin nuair a ghníomhaíonn siad i gcáil monaróirí táirgí airgeadais, lena n‐áirítear bainistíocht punainne, agus ba cheart a mheas gur comhairleoirí airgeadais iad nuair a thugann siad comhairle infheistíochta nó comhairle árachais.

(8)

Ós minice a bhíonn ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tubaisteacha dothuartha an athraithe aeráide, an ídithe acmhainní agus saincheisteanna eile ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, teastaíonn gníomh práinneach chun caipiteal a shlógadh ní hamháin trí bheartais phoiblí ach trí earnáil na seirbhísí airgeadais chomh maith. Dá bhri sin, ba cheart a bheith de cheangal ar na rannpháirtithe sa mhargadh agus ar na comhairleoirí airgeadais faisnéis shonrach a nochtadh i dtaca lena gcur chuige i dtaobh chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta agus i dtaobh breithniú a dhéanamh ar dhrochthionchair inbhuanaitheachta.

(9)

Gan rialacha comhchuibhithe Aontais a bheith ann maidir le nochtaí d’infheisteoirí deiridh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, is dócha go leanfar de bhearta éagsúla a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta agus b'fhéidir go leanfaí de chineálacha éagsúla cur chuige in earnálacha airgeadais éagsúla. Mar thoradh ar bhearta agus cur chuige an-éagsúil den sórt sin, bheadh mórshaobhadh iomaíochta ann fós i ngeall ar dhifríochtaí móra a bheith sna caighdeáin nochta. Ina theannta sin, mar thoradh ar fhorbairt a tháinig ag an am céanna ar chleachtais mhargadhbhunaithe atá dírithe ar an tráchtáil agus is cúis le torthaí éagsúla, tá an margadh faoi láthair á ilroinnt a thuilleadh agus tá seans ann go gcuirfeadh sé sin go mór le neamhéifeachtúlachtaí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh uaidh seo amach. Mar gheall ar chaighdeáin nochta agus cleachtais mhargadhbhunaithe éagsúla a bheith ann, is deacair comparáid a dhéanamh idir táirgí airgeadais éagsúla, cruthaítear éagothroime do na táirgí sin agus do bhealaí dáileacháin, agus cuirtear bacainní breise laistigh den mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh éagsúlachtaí den sórt sin mearbhall a chur ar infheisteoirí deiridh freisin agus d’fhéadfadh na héagsúlachtaí sin a gcinntí infheistíochta a shaobhadh. Agus comhréireacht le Comhaontú Pháras á áirithiú, tá baol ann go nglacfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta éagsúla a d’fhéadfadh bacainní a chruthú ar fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus a bheith le haimhleas rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais. Thairis sin, i ngeall ar easpa rialacha comhchuibhithe a bhaineann le trédhearcacht, tá sé deacair ag infheisteoirí deiridh comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí airgeadais éagsúla i mBallstáit éagsúla maidir lena rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe. Dá bhrí sin, is gá dul i ngleic leis na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus inchomparáideacht táirgí airgeadais a fheabhsú d’fhonn bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a sheachaint.

(10)

Is é aidhm an Rialacháin seo an éagothroime ó thaobh faisnéise sa ghaol idir príomhaí agus gníomhaire a laghdú i dtaobh comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta, i dtaobh drochthionchair inbhuanaitheachta a mheas agus i dtaobh tréithe comhshaoil nó sóisialta, chomh maith le hinfheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn trína cheangal go ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais nochtaí réamhchonarthacha agus leanúnacha d’infheisteoirí deiridh i gcás ina ngníomhaíonn siad mar ghníomhairí thar ceann na n‐infheisteoirí deiridh (príomhaithe).

(11)

Leis an Rialachán seo, forlíontar na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i dTreoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97, (AE) 2016/2341, agus Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013, (AE) 2015/760 agus (AE) 2019/1238 agus, chomh maith leis sin, i ndlí náisiúnta lena rialaítear táirgí pinsin phearsanta agus aonair. D’fhonn maoirseacht ordúil agus éifeachtach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith ag brath ar na húdaráis inniúla a ainmníodh cheana féin faoi na rialacha thuasluaite.

(12)

Sa Rialachán seo coinnítear na ceanglais atá ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar chomhairleoirí airgeadais gníomhú chun leas is fearr na n‐infheisteoirí deiridh, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta do, an ceanglas ar dhícheall cuí leordhóthanach a dhéanamh sula ndéantar infheistíocht, dá bhforáiltear i dTreoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97, (AE) 2016/2341, agus Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013 agus (AE) Uimh. 346/2013 agus, chomh maith leis sin, i ndlí náisiúnta lena rialaítear táirgí pinsin phearsanta agus aonair. D’fhonn na dualgais a leagtar orthu faoi na rialacha sin a chomhlíonadh, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais, ní hamháin na rioscaí airgeadais ábhartha uile a chomhtháthú ina bpróisis, lena n‐áirítear ina bpróisis díchill chuí, ach, chomh maith leis sin, na rioscaí ábhartha inbhuanaitheachta ar fad a d’fhéadfadh tionchar tábhachtach diúltach ábhartha a bheith acu ar thoradh airgeadais na hinfheistíochta nó na comhairle a chomhtháthú freisin agus ba cheart na rioscaí sin a mheasúnú ar bhonn leanúnach freisin. Dá bhrí sin, faoin Rialachán seo, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an bealach ina gcomhtháthaíonn siad na rioscaí sin agus ina bhfoilsíonn siad na beartais a shonrú ina mbeartas.

(13)

Ceanglaítear leis an Rialachán seo ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais a sholáthraíonn comhairle infheistíochta maidir le táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IBIPanna), gan beann ar dhearadh an táirge airgeadais agus an spriocmhargadh, beartais a fhoilsiú i scríbhinn maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta, agus an trédhearcacht a bhaineann leis an gcomhtháthú sin a áirithiú.

(14)

Ciallaíonn riosca inbhuanaitheachta teagmhas nó dáil ó thaobh an chomhshaoil nó an rialachais de, nó teagmhas nó dáil shóisialta, dá dtarlódh a leithéid, a d’fhéadfadh tionchar diúltach ábhartha a fhágáil ar luach na hinfheistíochta, mar a shonraítear sa reachtaíocht earnála, go háirithe i dTreoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97, (AE) 2016/2341, nó gníomhartha tarmligthe agus caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh dá mbun.

(15)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le comhtháthú rioscaí faoi Threoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97, (AE) 2016/2341, agus Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013 agus (AE) Uimh. 346/2013 agus, chomh maith leis sin, faoi dhlí náisiúnta lena rialaítear táirgí pinsin phearsanta agus aonair, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, critéir na comhréireachta ábhartha is infheidhme amhail méid, eagrúchán inmheánach agus cineál, raon feidhme agus castacht na ngníomhaíochtaí atá i gceist. Féachtar sa Rialachán seo le níos mó den trédhearcacht a bhaint amach i ndáil leis an gcaoi a gcomhtháthaíonn rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais rioscaí inbhuanaitheachta lena gcinntí infheistíochta, lena gcomhairle infheistíochta agus lena gcomhairle árachais. I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe maidir le rioscaí inbhuanaitheachta gur dóigh nach bhfuil aon rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha don táirge airgeadais, ba cheart na cúiseanna lena haghaidh sin a mhíniú. I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe go bhfuil na rioscaí seo ábhartha, ba cheart a nochtadh a mhéid a d’imreodh na rioscaí inbhuanaitheachta sin tionchar ar fheidhmíocht an táirge airgeadais — más go cáilíochtúil nó go cainníochtúil sin. I dtaca leis na measúnuithe maidir le rioscaí inbhuanaitheachta agus na nochtaí réamhchonarthacha ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, ba cheart iad sin a bheith ina gcuid de na nochtaí réamhchonarthacha ag comhairleoirí airgeadais. Ba cheart do na comhairleoirí airgeadais a nochtadh an chaoi a gcuireann siad rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh i bpróiseas roghnúcháin an táirge airgeadais a thugtar do na hinfheisteoirí deiridh sula gcuireann siad an chomhairle ar fáil, beag beann ar thosaíochtaí inbhuanaitheachta na n‐infheisteoirí. Ba cheart sin a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoracha 2014/65/AE agus (AE) 2016/97, go háirithe na hoibleagáidí ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais maidir le rialachas táirge, na measúnuithe ar a oiriúnacht agus feiliúnacht, agus na tástálacha éileamh-agus-riachtanas.

(16)

D’fhéadfadh cinntí agus comhairle infheistíochta a bheith ina gcúis le héifeachtaí diúltacha ar fhachtóirí inbhuanaitheachta, ina rannchuidiú leis na héifeachtaí sin, nó baint dhíreach a bheith acu leis na héifeachtaí sin, bíodh siad ábhartha nó gur dócha a bheidh siad ábhartha.

(17)

Chun cur i bhfeidhm comhleanúnach, comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, is gá sainmhíniú comhchuibhithe a leagan síos ar “infheistíochtaí inbhuanaithe”, lena ndéantar foráil go leanann na cuideachtaí infheistithe cleachtais mhaithe rialachais agus go n‐áiritheofar prionsabal an réamhchúraim, “ná déan aon dochar suntasach”, ionas nach ndéantar dochar suntasach don chuspóir comhshaoil ná don chuspóir sóisialta.

(18)

I gcás ina measann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, agus aird á tabhairt acu ar mhéid, cineál agus scála a ngníomhaíochtaí agus ar chineálacha a dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil, drochthionchair phríomha, bíodh siad ábhartha nó gur dócha a bheidh siad ábhartha, na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, ba cheart dóibh na nósanna imeachta chun na drochthionchair phríomha a mheas a chomhtháthú ina bpróisis, lena n‐áirítear ina bpróisis díchill chuí, in éineacht leis na rioscaí airgeadais ábhartha agus na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha. D’fhéadfaí go gcuirfí síos, san fhaisnéis maidir leis na nósanna imeachta sin, ar na mbealach ina gcomhlíonann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a bhfreagrachtaí maoirseachta ó thaobh na hinbhuanaitheachta de nó lena rannpháirtíocht scairshealbhóra eile. Ba cheart do na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faisnéis faoi na nósanna imeachta sin agus cur síos ar na drochthionchair phríomha a áireamh ar a suíomhanna gréasáin. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do Chomhchoiste an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (ÚÁPGE) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (an ESMA) (an “Comhchoiste”) (agus do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais an treoir maidir le dícheall cuí le haghaidh iompar gnó freagrach, arna forbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, arna dtacú ag na Náisiúin Aontaithe, a mheas.

(19)

Trí na fachtóirí inbhuanaitheachta a mheas sna próisis chinnteoireachta agus chomhairleacha maidir le hinfheistíocht, is féidir sochair a fhíorú a rachaidh níos faide ná na margaí airgeadais. Féadfar leis sin, athléimneacht an fhíorgheilleagair agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a mhéadú agus tríd an méid sin a dhéanamh, is féidir tionchar a imirt ar riosca agus toradh na dtáirgí airgeadais. Is den ríthábhacht, mar sin, go gcuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis riachtanach ar fáil chun go mbeidh ar chumas infheisteoirí deiridh cinntí oilte a dhéanamh faoi infheistíocht.

(20)

Rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, a mheasann drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar fhachtóirí inbhuanaitheachta, ba cheart dóibh, san fhaisnéis réamhchonartha, i gcás gach táirge airgeadais, an bealach inar measadh na drochthionchair phríomha a nochtadh, ar bhealach beacht, i dtéarmaí cáilíochtúla nó cainníochtúla, mar aon le ráiteas go bhfuil faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar fhachtóirí inbhuanaitheachta ar fáil sa tuairisciú leanúnach. Ba cheart drochthionchair phríomha a thuiscint mar thionchair ar chinntí infheistíochta agus ar chomhairle a mbíonn éifeachtaí diúltacha acu ar fhachtóirí inbhuanaitheachta.

(21)

Go dtí seo, forbraíodh táirgí inbhuanaithe a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine ag baint leo. Mar sin, chun críocha nochtadh réamhchonartha agus nochtadh trí bhíthin tuarascálacha tréimhsiúla is den ríthábhacht idirdhealú a dhéanamh idir na ceanglais do tháirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun cinn, agus na ceanglais sin do tháirgí airgeadais a bhfuil tionchar dearfach mar chuspóir leo, ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí. Dá thoradh sin, i dtaca leis na táirgí airgeadais a bhfuil tréithe comhshaoil nó sóisialta acu, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a nochtadh an bhfuil, agus an chaoi a bhfuil, an t‐innéacs ainmnithe, an t‐innéacs inbhuanaitheachta nó an t‐innéacs príomhshrutha ailínithe leis na tréithe sin agus i gcás nach n‐úsáidtear tagarmharc, faisnéis ar an gcaoi a n‐urramaítear tréithe inbhuanaitheachta na dtáirgí airgeadais sin. Maidir le táirgí airgeadais arb é is cuspóir leo tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a nochtadh cén tagarmharc inbhuanaitheachta a úsáideann siad chun an fheidhmíocht inbhuanaithe a thomhas agus, i gcás nach n‐úsáidtear tagarmharc, míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaintear an cuspóir inbhuanaithe amach. Ní mór na nochtaí sin a dhéanamh ina dtuarascálacha bliantúla.

(22)

Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha maidir le luach saothair nó maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht bhaill foirne na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na gcomhairleoirí airgeadais faoi Threoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97, (AE) 2016/2341, agus Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013 agus (AE) Uimh. 346/2013, nó do ghníomhartha cur chun feidhme agus, chomh maith leis sin, faoin dlí náisiúnta lena rialaítear táirgí pinsin phearsanta agus aonair, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, critéir comhréireachta ábhartha is infheidhme amhail méid, eagrúchán inmheánach agus cineál, raon feidhme agus castacht na ngníomhaíochtaí atá i gceist. Is iomchuí, áfach, tuilleadh trédhearcachta a bhaint amach i dtéarmaí cáilíochtúla nó cainníochtúla, maidir le beartais luacha saothair na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus na gcomhairleoirí airgeadais, i ndáil lena gcomhairle maidir le hinfheistíocht nó árachas, lena gcuirtear bainistiú riosca fónta, éifeachtach chun cinn i dtaca le rioscaí inbhuanaitheachta de bhrí nach spreagtar leis an struchtúr luacha saothair rioscaí iomarcacha a ghlacadh i ndáil le rioscaí inbhuanaitheachta agus go bhfuil sé nasctha le feidhmíocht riosca-choigeartaithe.

(23)

Chun trédhearcacht a fheabhsú agus infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas, ba cheart rialáil a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis i ndáil leis an gcaoi a ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais rioscaí inbhuanaitheachta tábhachtacha, ar riosca ábhartha iad nó ar rioscaí iad ar dócha go mbeidh siad ábhartha, a chomhtháthú sna próisis chinnteoireachta infheistíochta, lena n‐áirítear na gnéithe eagraíochtúla, bainistithe riosca agus rialachais de na próisis sin, agus ba cheart na próisis chomhairleacha sin, faoi seach, a rialáil trína cheangal ar na heintitis sin faisnéis bheacht a choinneáil maidir leis na beartais sin ar a suíomhanna ghréasáin.

(24)

Leis na ceanglais reatha maidir le nochtadh a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais, ní cheanglaítear nochtadh na faisnéise uile atá riachtanach chun infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas i gceart faoin tionchar atá ag a n‐infheistíochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de i dtáirgí airgeadais a bhfuil sé mar aidhm leo saintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó táirgí airgeadais a bhfuil cuspóirí inbhuanaitheachta ag gabháil leo, a chuimsiú. Mar sin de, is iomchuí ceanglais níos sainiúla agus níos caighdeánaí a leagan amach maidir le nochtadh a fhad a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe mar sin. Mar shampla, ba cheart tuairisciú rialta a dhéanamh ar an tionchar foriomlán atá ag táirgí airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, trí bhíthin táscairí atá ábhartha chun an cuspóir infheistíochta inbhuanaithe roghnaithe a thomhas. I gcás inar ainmníodh innéacs iomchuí mar thagarmharc, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar freisin le haghaidh an innéacs ainmnithe agus le haghaidh innéacs leathan margaidh freisin sa dóigh is gur féidir comparáid a dhéanamh eatarthu. I gcás ina gcuireann bainisteoirí EuSEF faisnéis ar fáil maidir leis an tionchar sóisialta dearfach atá mar chuspóir ag ciste faoi leith, an toradh sóisialta foriomlán a baineadh amach agus na modhanna gaolmhara a úsáideadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, d’fhéadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha na nochtaí faoin Rialachán seo.

(25)

Forchuirtear le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) oibleagáidí trédhearcachta maidir le gnéithe comhshaoil, sóisialta agus ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach i dtuairisciú neamhairgeadais. Níl foirm ná cur i láthair an tuairiscithe a éilítear leis an Treoir sin oiriúnach i gcónaí, áfach, lena úsáid ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ná ag comhairleoirí airgeadais agus iad ag plé le hinfheisteoirí deiridh. Ba cheart an rogha a bheith ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais faisnéis i dtuarascálacha bainistíochta agus i ráitis neamhairgeadais a úsáid chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir leis an Treoir sin, i gcás inarb iomchuí.

(26)

Chun a áirithiú gurb iontaofa an fhaisnéis a fhoilsítear ar shuíomhanna gréasáin rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais, ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta, agus ba cheart aon athbhreithniú nó aon athrú ar an bhfaisnéis a mhíniú go soiléir.

(27)

Cé nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo scéimeanna slándála sóisialta náisiúnta a chumhdaítear faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009, i bhfianaise go bhfuil na Ballstáit oscailt amach codanna de bhainistiú na scéimeanna éigeantacha pinsin laistigh dá gcórais slándála sóisialta do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó d’eintitis eile faoin dlí príobháideach níos mó agus níos mó, agus go bhfuil scéimeanna den sórt sin neamhchosanta ar rioscaí inbhuanaitheachta freisin ionas go bhféadfaidís drochthionchair inbhuanaitheachta a mheas nó tréithe comhshaoil nó sóisialta a chur chun cinn nó infheistíochtaí inbhuanaithe, ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le scéimeanna den sórt sin chun an éagothroime ó thaobh faisnéise sa chaidreamh sin idir príomhaí agus gníomhaire a mhaolú.

(28)

Níor cheart go gcuirtear cosc leis an Rialachán seo ar Bhallstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm, ar fhorálacha is déine iad maidir le beartais i ndáil le hoiriúnú don athrú aeráide, agus maidir le nochtaí breise maidir le rioscaí inbhuanaitheachta a bheith á bhfoilsiú d’infheisteoirí deiridh ar choinníoll go bhfuil ceannoifigí acu ar a gcríocha ag na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais sin a ndéantar difear dóibh agus ag na comhairleoirí airgeadais sin a ndéantar difear dóibh. Níor cheart go mbeadh forálacha den sórt sin ina mbacanna ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná ar bhaint amach a gcuspóirí, áfach.

(29)

Faoi Threoir (AE) 2016/2341, ceanglaítear ar IORPanna cheana rialacha rialachais agus bainistithe riosca a chur i bhfeidhm maidir lena gcinntí infheistíochta agus leis na measúnuithe rioscaí d’fhonn comhleanúnachas agus rialtacht a áirithiú. Ba cheart na cinntí infheistíochta agus measúnú na rioscaí ábhartha, lena n‐áirítear rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, a dhéanamh ar dhóigh ina n‐áirithítear comhréireacht le leasanna comhaltaí agus tairbhithe IORPanna. Ba cheart do ÚEÁPC treoirlínte a eisiúint ina sonrófaí mar a chuirtear san áireamh sna cinntí infheistíochta agus measúnuithe riosca de chuid IORPanna na rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais faoin Treoir sin.

(30)

Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE, do ÚEÁPC agus do ESMA (a dtugtar ÚMEnna orthu go cineálach), trí mheán an Chomhchoiste, d’fhonn dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófaí a thuilleadh mionsonraí faoi ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise a bhaineann le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair aeráide agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol, agus le hábhair shóisialta agus ábhair a bhaineann le fostaithe, faoi urraim do chearta an duine, le frithéilliú agus breabaireacht, chomh maith le cur i láthair agus ábhar na faisnéise i dtaca le saintréithe comhshaoil nó sóisialta a chur chun cinn agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaitheachta atá le nochtadh i ndoiciméid réamhchonarthacha, i dtuarascálacha tréimhsiúla bliantúla agus ar shuíomhanna ghréasáin rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a shonrú i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tairmlighte de bhun Airteagal 290 de Chonradh Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

(31)

Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, d’fhonn dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun cur i láthair caighdeánach na faisnéise ar chur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i gcumarsáidí margaíochta a chinneadh. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

(32)

Ós rud é go dtugtar achoimre i bprionsabal sna tuarascálacha bliantúla ar thorthaí gnó do bhlianta féilire iomlána, ba cheart nach mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le ceanglais trédhearcachta i dtuarascálacha den chineál sin go dtí an 1 Eanáir 2022.

(33)

Leis na rialacha maidir le nochtadh atá sa Rialachán seo, ba cheart forálacha Threoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97, agus (AE) 2016/2341, agus Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013, (AE) 2015/760, agus (AE) 2019/1238 a fhorlíonadh.

(34)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cosaint d’infheisteoirí deiridh a neartú agus nochtaí dóibh a fheabhsú, lena n‐áirítear i gcás ceannacháin trasteorann d’infheisteoirí deiridh, ach, mar gheall gur gá ceanglais nochta aonfhoirmeacha a leagan síos, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais maidir leis an trédhearcacht i dtaobh comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus i dtaobh dhrochthionchair inbhuanaitheachta a mheas ina bpróisis agus ó thaobh faisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a chur ar fáil i dtaca le táirgí airgeadais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais”:

(a)

gnóthas árachais a chuireann táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IBIP) ar fáil;

(b)

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;

(c)

institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IORP);

(d)

monaróir táirge pinsin;

(e)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIM);

(f)

soláthraí táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach (TPPU);

(g)

bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(h)

bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(i)

cuideachta bainistíochta maidir le gnóthas comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (cuideachta bainistíochta GCUI); nó

(j)

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;

(2)

ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas árachais atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2009/138/CE;

(3)

ciallaíonn “táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe” nó “IBIP”:

(a)

táirge infheistíochta atá árachas-bhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19); nó

(b)

táirge árachais, arna chur ar fáil d’infheisteoir gairmiúil agus a thairgeann luach aibíochta nó géilliúna atá neamhchosanta go páirteach nó go hiomlán, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí an mhargaidh;

(4)

ciallaíonn “bainisteoir cistí infheistíochta malartacha” nó “BCIM” BCIM mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(5)

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn “bainistíocht punainne” bainistíocht punainne mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(7)

ciallaíonn “institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde” nó “IORP” le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2016/2341 seachas institiúid a roghnaigh Ballstát d’fhonn Airteagal 5 den Treoir sin a chur i bhfeidhm nó institiúid a bhfuil scéimeanna pinsin á bhfeidhmiú aici, a bhfuil níos lú ná 15 bhall san iomlán iontu;

(8)

ciallaíonn “táirge pinsin”:

(a)

táirge pinsin dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014; nó

(b)

táirge pinsin aonair dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014;

(9)

ciallaíonn “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” táirge dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1238;

(10)

ciallaíonn “cuideachta bainistíochta GCUI”:

(a)

cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE; nó

(b)

cuideachta infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nár ainmnigh cuideachta bainistíochta arna húdarú faoin Treoir sin le haghaidh a bhainistithe;

(11)

ciallaíonn “comhairleoir airgeadais”:

(a)

idirghabhálaí árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i dtaca le IBIPanna;

(b)

gnóthas árachais a sholáthraíonn comhairle árachais i dtaca le IBIPanna;

(c)

institiúid chreidmheasa a sholáthraíonn comhairle infheistíochta;

(d)

gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta;

(e)

BCIM a sholáthraíonn comhairle infheistíochta i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 6(4) de Threoir 2011/61/AE; nó

(f)

cuideachta bainistíochta GCUI a sholáthraíonn comhairle infheistíochta i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 6(3) de Threoir 2009/65/CE;

(12)

ciallaíonn “táirge airgeadais”:

(a)

punann a bhainistítear i gcomhréir le pointe (6) den Airteagal seo;

(b)

cistí infheistíochta malartacha (CIM);

(c)

IBIP;

(d)

táirge pinsin;

(e)

scéim pinsin;

(f)

GCUI; nó

(g)

TPPU;

(13)

ciallaíonn “cistí infheistíochta malartacha” nó “CIManna” CIManna mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

(14)

ciallaíonn “scéim pinsin” scéim pinsin mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341;

(15)

ciallaíonn “gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe” nó “GCUI” gnóthas arna n‐údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(16)

ciallaíonn “comhairle infheistíochta” comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(17)

ciallaíonn “infheistíocht inbhuanaithe” infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar mór d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;

(18)

ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” cliant a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(19)

ciallaíonn “infheisteoir miondíola” infheisteoir nach infheisteoir gairmiúil é;

(20)

ciallaíonn “idirghabhálaí árachais” idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(21)

ciallaíonn “comhairle árachais” comhairle mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(22)

ciallaíonn “riosca inbhuanaitheachta” teagmhas nó dáil ó thaobh an chomhshaoil, nó an rialachais de, nó teagmhas sóisialta nó dáil shóisialta, a d’fhéadfadh, dá dtarlódh sé nó sí, tionchar diúltach ábhartha iarbhír nó ionchasach a imirt ar luach na hinfheistíochta;

(23)

ciallaíonn “ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach” nó “ELTIF” ciste atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/760;

(24)

ciallaíonn “tosca inbhuanaitheachta” cúrsaí comhshaoil, cúrsaí sóisialta agus ábhair a bhaineann le fostaithe, le hurraim do chearta an duine, leis an bhfrithéilliú agus leis an bhfrith-bhreabaireacht.

Airteagal 3

Trédhearcacht na mbeartas maidir le rioscaí inbhuanaitheachta

1.   Foilseoidh rannpháirtithe margaidh airgeadais ar a láithreáin ghréasáin faisnéis faoina mbeartais maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta sa phróiseas cinnteoireachta infheistíochta acu.

2.   Foilseoidh comhairleoirí airgeadais ar a láithreáin ghréasáin faisnéis faoina mbeartais maidir le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó comhairle árachais.

Airteagal 4

Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis

1.   Foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:

(a)

i gcás ina measann siad drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, ráiteas maidir le beartais díchill chuí i ndáil leis na drochthionchair phríomha sin, agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid, cineál agus scála a ngníomhaíochtaí agus ar chineálacha na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil; nó

(b)

i gcás nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, cúiseanna soiléire maidir leis an bhfáth nach ndéanann siad amhlaidh, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.

2.   Áireoidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 ar a laghad an méid a leanas:

(a)

faisnéis maidir lena mbeartais i ndáil le sainaithint drochthionchar agus táscairí príomha inbhuanaitheachta agus i ndáil lena gcur in ord tosaíochta;

(b)

tuairisc ar na drochthionchair phríomha inbhuanaitheachta agus ar aon ghníomhaíochtaí i ndáil leo a rinneadh nó, i gcás inarb ábhartha, atá beartaithe;

(c)

achoimrí gearra ar bheartais rannpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 3g de Rialachán 2007/36/CE, i gcás inarb infheidhme;

(d)

tagairt don chomhlíonadh uathu le cóid fhreagracha iompair agus don chomhlíonadh uathu le caighdeáin maidir le dícheall cuí agus tuairisciú a aithnítear go hidirnáisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, don mhéid a bhfuil siad ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras.

3.   De mhaolú ar mhír 1 ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sháraíonn ar a gclár comhardaithe an critéir i ndáil le meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le beartais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar máthairghnóthais atá ina bpáirt de ghrúpa mór iad dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE a sháraíonn ar chlár comhardaithe an ghrúpa, ar bhonn comhdhlúithe, an critéir i ndáil le líon de 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le cleachtais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

5.   Foilseoidh comhairleoirí airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:

(a)

faisnéis maidir le cé acu a ndéanann siad nó nach ndéanann, agus aird chuí á tabhairt ar a méid, ar a gcineál agus ar scála a ngníomhaíochtaí agus ar na cineálacha táirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith, drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a mheas ina gcuid comhairle infheistíochta nó comhairle árachais; nó

(b)

faisnéis maidir leis an bhfáth nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó ina gcomhairle árachais, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis san áireamh maidir le cibé an bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.

6.   Faoin 30 Nollaig 2020, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 chun táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann leis an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a shonrú, maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair aeráide agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol.

Déanfaidh na ÚMEnna ionchur a lorg, i gcás inarb ábhartha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Faoin 30 Nollaig 2021, i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta,

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

Trédhearcacht na mbeartas luacha saothair maidir le comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta

1.   Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais ar a mbeartais luacha saothair faisnéis faoin gcaoi a bhfuil na beartais sin ag teacht le comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus foilseoidh siad an fhaisnéis sin ar a láithreáin ghréasáin.

2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a áireamh i mbeartais luacha saothair a bhunóidh agus a chothóidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais i gcomhréir le reachtaíocht earnála, go háirithe Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97 agus (AE) 2016/2341.

Airteagal 6

Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta

1.   Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na nithe seo a leanas i nochtaí réamhchonartha:

(a)

an chaoi a gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta ina gcinntí infheistíochta; agus

(b)

torthaí an mheasúnaithe ar thionchair dhóchúla na rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil.

I gcás ina measfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach bhfuil na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha, áireoidh na tuairiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír míniú soiléir gonta ar an bhfáth leis an méid sin.

2.   Áireoidh comhairleoirí airgeadais tuairiscí ar na nithe seo a leanas i nochtaí réamhchonarthacha:

(a)

an chaoi a gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó árachais; agus

(b)

toradh an mheasúnaithe ar thionchair dhóchúla na rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith.

I gcás ina measfaidh comhairleoirí airgeadais nach bhfuil na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha, áireoidh na tuairiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír míniú soiléir gonta ar an bhfáth leis an méid sin.

3.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:

(a)

i gcás BCIManna, sna nochtaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE;

(b)

i gcás gnóthais árachais, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 185(2) de Threoir 2009/138/CE nó, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(c)

i gcás IORPanna, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d)

i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(e)

i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(f)

i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn in am trátha sula mbíonn infheisteoir miondíola faoi cheangal ag conradh a bhaineann le táirge pinsin;

(g)

i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;

(h)

i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;

(i)

i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;

(j)

i gcás idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna agus i gcás idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le táirgí pinsin atá nochta do luaineachtaí sa mhargadh, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;

(k)

i gcás BCIManna de chuid ELTIFanna, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2015/760;

(l)

i gcás soláthraithe TPPUnna, sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/1238.

Airteagal 7

Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal táirge airgeadais

1.   Faoi 30 Nollaig 2022, i gcás gach táirge airgeadais, nuair a chuirfidh rannpháirtí sa mhargadh airgeadais pointe (a) d’Airteagal 4(1) nó Airteagal 4(3) nó (4) i bhfeidhm, áireofar an méid seo a leanas sna nochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3):

(a)

míniú soiléir, réasúnaithe maidir le cibé an measann táirge airgeadais drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta agus i gcás ina measann sé, conas a dhéanann sé amhlaidh;

(b)

ráiteas go bhfuil faisnéis maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta ar fáil san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 11(2).

I gcás ina bhfuil cainníochtaithe maidir le drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta san fhaisnéis in Airteagal 11(2), féadfaidh an fhaisnéis sin a bhrath ar na forálacha sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagail 4(6) agus (7).

2.   I gcás gach táirge airgeadais, nuair a chuireann rannpháirtí sa mhargadh airgeadais pointe (b) d’Airteagal 4(1) i bhfeidhm, áireofar sna nochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) ráiteas nach ndéanann an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a mheas agus na fáthanna nach ndéanann sé amhlaidh.

Airteagal 8

Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta i nochtaí réamhchonarthacha

1.   I gcás ina gcuireann táirge airgeadais, i measc saintréithe eile, saintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó meascán díobh sin chun cinn, ar choinníoll go bhfuil na cuideachtaí a ndéantar na hinfheistíochtaí iontu ag cloí le dea-chleachtais rialachais, áireoidh an fhaisnéis a nochtfar de bhun Airteagal 6(1) agus (3) na sonraí seo a leanas:

(a)

faisnéis faoin gcaoi a gcomhlíontar na tréithe sin;

(b)

má ainmníodh innéacs mar thagarmharc, faisnéis faoi an bhfuil nó nach bhfuil an t‐innéacs sin i gcomhréir leis na tréithe sin agus an chaoi a bhfuil an t‐innéacs i gcomhréir leo.

2.   San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3), áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis an innéacs dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh.

3.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise atá le nochtadh de bhun an Airteagail seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt, cuirfidh na ÚMEnna san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na tréithe a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta chomh maith.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe i nochtaí réamhchonarthacha

1.   I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh agus i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3):

(a)

faisnéis ar an gcaoi a bhfuil an t‐innéacs ainmnithe ailínithe leis an sprioc sin;

(b)

míniú ar an bhfáth agus ar an gcaoi a bhfuil an t‐innéacs ainmnithe atá ailínithe leis an sprioc sin difriúil le hinnéacs leathan margaidh.

2.   I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, agus i gcás nár ainmníodh aon innéacs mar thagarmharc, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) míniú ar an gcaoi a bhfuil an sprioc sin le baint amach.

3.   I gcás ina bhfuil sé mar sprioc ag táirge airgeadais astaíochtaí carbóin a laghdú, áireofar san fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3) míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n‐áirithítear nochtadh astaíochtaí ísealcharbóin d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha i leith an téimh domhanda de Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil tagarmharc AE aistrithe aeráide nó tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) ar fáil, áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 míniú mionsonraithe ar an gcaoi a n‐áirithítear go leanfar den iarracht chun an sprioc sin d’astaíochtaí carbóin a laghdú a bhaint amach d’fhonn na spriocanna fadtéarmacha i leith an téimh domhanda de Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

4.   San fhaisnéis atá le nochtadh de bhun Airteagal 6(1) agus (3), áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais léiriú ar an áit a bhfuil fáil ar an modheolaíocht a úsáidtear leis na hinnéacsanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chomh maith leis na tagarmharcanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo a ríomh.

5.   Déanfaidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise atá le nochtadh de bhun an Airteagail seo.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na cuspóirí atá acu dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 agus na difríochtaí eatarthu chomh maith leis an aidhm nochtaí cruinne, cothroma, soiléire, nach bhfuil míthreorach, a dhéanamh, agus iad simplí agus gonta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10

Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe ar láithreáin ghréasáin

1.   I gcás gach táirge airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 9(1), (2) agus (3), foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis seo a leanas ar a láithreáin ghréasáin agus coinneoidh siad cothrom le dáta í:

(a)

tuairisc ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar an gcuspóir infheistíochta inbhuanaithe;

(b)

faisnéis ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú, tomhas agus faireachán a dhéanamh ar na tréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar na n‐infheistíochtaí inbhuanaithe a roghnaíodh don táirge airgeadais, lena n‐áirítear a fhoinsí sonraí, na critéir scagtha do na sócmhainní foluiteacha agus na táscairí inbhuanaitheachta ábhartha a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar thionchar inbhuanaithe foriomlán an táirge airgeadais;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9;

(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11.

Beidh an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na chéad fhomhíre soiléir, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí. Foilseofar an fhaisnéis sin ar bhealach atá cruinn, cothrom, soiléir, ar bhealach nach mbeidh míthreorach, atá simplí agus beacht agus in áit fheiceálach ar an láithreán gréasáin ar a bhfuil rochtain éasca.

2.   Forbróidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na mionsonraí maidir le hábhar na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus na ceanglais maidir le cur i láthair dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo amhail dá dtagraítear i mír 1 agus na difríochtaí eatarthu. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Trédhearcacht cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe i dtuarascálacha tréimhsiúla

1.   I gcás ina gcuireann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais táirge airgeadais ar fáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó in Airteagal 9(1), (2) nó (3), áireoidh siad tuairisc ar na nithe seo a leanas ina dtuarascálacha tréimhsiúla:

(a)

i gcás táirge airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1), a mhéid a bhaintear tréithe comhshaoil nó sóisialta amach;

(b)

le haghaidh táirge airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(1), (2) nó (3):

(i)

tionchar foriomlán an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de trí bhíthin táscairí inbhuanaitheachta ábhartha; nó

(ii)

i gcás inar ainmníodh innéacs mar thagarmharc, comparáid idir tionchar foriomlán atá ag an táirge airgeadais ó thaobh na hinbhuanaitheachta de leis an innéacs ainmnithe agus le tionchair an innéacs leathan margaidh trí tháscairí inbhuanaitheachta.

2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:

(a)

i gcás BCIManna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE;

(b)

i gcás gnóthas árachais, ar bhonn bliantúil i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 185(6) de Threoir 2009/138/CE;

(c)

i gcás IORPanna, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d)

i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;

(e)

i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;

(f)

i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn sa tuarascáil bhliantúil nó i dtuarascáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(g)

i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;

(h)

i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne, i dtuarascáil thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;

(i)

i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne, go bliantúil sna tuarascálacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE;

(j)

i gcás soláthraithe TPPU, i ráiteas sochair TPPU dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/1238.

3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis i dtuarascálacha bainistíochta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2013/34/AE nó an fhaisnéis i ráitis neamhairgeadais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 19a den Treoir sin i gcás inarb iomchuí.

4.   Forbróidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na mionsonraí maidir le cur i láthair agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt ag na ÚMEnna, cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla táirgí airgeadais, na saintréithe agus na cuspóirí a ghabhann leo agus na difríochtaí eatarthu. Tabharfaidh na ÚMEnna na caighdeáin theicniúla rialála cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíochta.

Cuirfidh na ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Nollaig 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 12

Athbhreithniú ar nochtaí

1.   Áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais go gcoimeádfar cothrom le dáta aon fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 3, 5 nó 10. I gcás ina leasaíonn rannpháirtithe margaidh airgeadais faisnéis den sórt sin, foilseofar míniú soiléir ar leasú mar sin ar an láithreán gréasáin céanna.

2.   Beidh mír 1 i bhfeidhm mutatis mutandis i gcás comhairleoirí airgeadais maidir le faisnéis ar bith a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 5.

Airteagal 13

Cumarsáid mhargaíochta

1.   Gan dochar do reachtaíocht earnála níos righne, go háirithe Treoracha 2009/65/CE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97 agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais nach mbréagnaíonn a gcumarsáid mhargaíochta an fhaisnéis a nochtar de bhun an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú chun cur i láthair caighdeánach na faisnéise ar chur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Na húdaráis inniúla

1.   Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla a ainmneofar i gcomhréir le reachtaíocht earnála, go háirithe an reachtaíocht earnála dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Rialachán seo, agus i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE, faireachán ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag rannpháirtithe margaidh airgeadais agus ag chomhairleoirí airgeadais. Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag na húdaráis inniúla atá riachtanach chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus tabharfaidh siad, gan aon mhoill mhíchuí, pé faisnéis dá chéile arb ábhartha chun críocha a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 15

Trédhearcacht i gcás IORPanna agus idirghabhálaithe árachais

1.   Foilseoidh IORPanna an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 36(2) de Threoir (AE) 2016/2341.

2.   Cuirfidh idirghabhálaithe árachais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4(5), Airteagal 5, Airteagal 6 agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(1), den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 16

Táirgí pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009

1.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh ar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar mhonaróirí táirgí pinsin atá ag oibriú scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009. Ina leithéid de chásanna, áireoidh monaróirí táirgí pinsin dá dtagraítear i bpointe (1)(d) d’Airteagal 2 den Rialachán seo monaróirí táirgí pinsin a oibríonn scéimeanna náisiúnta slándála sóisialaí agus táirgí pinsin dá dtagraítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 den Rialachán seo. Sa chás sin, maidir leis an sainmhíniú ar tháirgí pinsin i bpointe (8) d’Airteagal 2 den Rialachán seo, measfar go mbeidh tárgaí pinsin san áireamh dá dtagraítear sa chéad abairt.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na ÚMEnna ar an eolas faoin aon chinntí a dhéanfar de bhun mhír 1.

Airteagal 17

Díolúintí

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna ná i gcás gnólachtaí infheistíochta a chuireann comhairle infheistíochta ar fáil agus ar fiontair iad, beag beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, lena n‐áirítear daoine nádúrtha agus daoine féinfhostaithe ar choinníoll go bhfostaíonn siad níos lú ná triúr.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna nó ar ghnólachtaí infheistíochta a chuireann comhairle infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na ÚMEnna ar an eolas faoin aon chinntí a dhéantar de bhun mhír 2.

Airteagal 18

Tuarascáil

Déanfaidh na ÚMEnna breithniú ar mhéid na nochtaí deonacha i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) agus pointe (a) d’Airteagal 7(1). Faoin 10 Meán Fómhair 2022 agus gach bliain ina dhiadh sin, cuirfidh na ÚMEnna tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dea-chleachtais agus déanfaidh siad moltaí maidir le caighdeáin dheonacha tuairiscithe. Sa tuarascáil bhliantúil sin, déanfar impleachtaí na gcleachtas díchill chuí ar nochtaí a mheas faoin Rialachán seo agus tabharfaidh sí treoir maidir leis an ábhar seo. Déanfar an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.   Faoin 30 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus déanfaidh sé an méid a leanas a mheas go háirithe:

(a)

ar cheart an tagairt do mheánlíon fostaithe in Airteagal 4(3) agus (4) a choinneáil, a ionadú nó a bheith in éineacht le critéir eile, agus déanfaidh sé leas agus comhréireacht an ualaigh riaracháin bhaintigh a mheas;

(b)

an gcuirtear isteach ar fheidhmiú an Rialacháin seo de thoradh easpa sonraí nó a gcáilíocht a bheith fo-optamach, lena n‐áirítear táscairí maidir le drochthionchair ó thaobh tosca inbhuanaitheachta de ag cuideachtaí infheistiúcháin.

2.   Beidh an measúnú dá dtagraítear i mír 1 in éineacht le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 10 Márta 2021.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, Airteagal 4(6) agus (7), Airteagal 8(3), Airteagal 9(5), Airteagal 10(2), Airteagal 11(4) agus Airteagal 13(2) i bhfeidhm ó 29 Nollaig 2019 agus beidh Airteagal 11(1) go (3) i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 97.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(3)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(5)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(6)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(7)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(8)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(9)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(10)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaíagus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019. lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(18)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).


Top