EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R1371

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid

OJ L 315, 3.12.2007, p. 14–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 07 Volume 010 P. 143 - 170

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 06/06/2023; Arna aisghairm le 32021R0782

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1371/oj

3.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/14


RIALACHÁN (CE) UIMH. 1371/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2007

maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a ghlac an Coiste Idir-réitigh an 31 Iúil 2007 (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, tá sé tábhachtach cearta úsáideoirí maidir le paisinéirí iarnróid a choimirciú agus cáilíocht agus éifeachtúlacht na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a fheabhsú chun cuidiú le scair an iompair d’iarnród i gcomparáid le modhanna eile iompair a mhéadú.

(2)

Leagtar síos mar aidhm sa chumarsáid ón gCoimisiún dar teideal ‘Straitéis an Bheartais Tomhaltóirí 2002-2006’ (4) ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a bhaint amach i réimse an iompair i gcomhréir le hAirteagal 153(2) den Chonradh.

(3)

Ós é an paisinéir iarnróid an páirtí is laige sa chonradh iompair, caithfear cearta na bpaisinéirí a choimirciú ina leith sin.

(4)

Folaítear le cearta na n-úsáideoirí chun seirbhísí iarnróid faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Aon uair is féidir, ba chóir do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad an fhaisnéis sin a chur ar fáil roimh ré agus a luaithe is féidir.

(5)

Leagtar amach ceanglais mhionsonraithe maidir le soláthar faisnéise taistil a leagan amach sna sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (STIanna) dá dtagraítear i dTreoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid (5).

(6)

Le neartú ceart paisinéirí iarnróid ba chóir go gcuirfí leis an gcóras dlí idirnáisiúnta atá ann maidir leis an ábhar seo agus a chuimsítear in Iarscríbhinn A — Rialacha comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d’Iarnród (CIV) a ghabhann le Coinbhinsiún an 9 Bealtaine 1980 maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), arna mhodhnú le Prótacal an 3 Meitheamh 1999 lena modhnaítear an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (Prótacal 1999). Is inmhianaithe, áfach, raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú ionas go gcosnófaí ní amháin paisinéirí idirnáisiúnta ach paisinéirí intíre chomh maith.

(7)

Ba chóir do ghnóthais iarnróid comhoibriú chun aistriú paisinéirí iarnróid ó oibreoir go hoibreoir a éascú trí thréthicéid a chur ar fáil, aon uair is féidir.

(8)

Ba chóir soláthar faisnéise agus ticéad do phaisinéirí iarnróid a éascú trí chórais ríomhairithe a oiriúnú ar chomhshonraíocht.

(9)

Ba chóir cur chun feidhme na gcóras faisnéise taistil agus áirithinte taistil a fhorfheidhmiú amach anseo i gcomhréir leis na STIanna.

(10)

Ba chóir do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí dul chun sochair do na saoránaigh i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh deiseanna taistil d’iarnród atá inchomórtais leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile ann do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, más míchumas, aois nó aon toisc eile ba chúis leis seo. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta, chun saor-rogha agus chun neamh-idirdhealaithe ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile. Inter alia, ba chóir aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, le coinníollacha rochtana an rothra agus leis na háiseanna ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil mallachar céadfa orthu, ba chóir córais amhairc agus inchloiste a úsáid, de réir mar is iomchuí. Ba chóir go mbeadh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe in ann ticéid a cheannach ar an traein gan táillí breise.

(11)

Ba chóir do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin aird a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, tríd an STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh, lena áirithiú, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Chomhphobail, go mbeidh gach foirgneamh agus rothra inrochtana trí dheireadh a chur de réir a chéile le constaicí fisiceacha agus bacainní feidhmithe agus ábhar nua á fháil nó nuair a bheidh obair thógála nó mórobair athchóirithe ar siúl.

(12)

Ba chóir go mbeadh gnóthais iarnróid faoi cheangal árachas a bheith acu, nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh, in aghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce. Ba chóir go ndéanfaí athbhreithniú ar íosmhéid an árachais do ghnóthais iarnróid amach anseo.

(13)

Ba chóir go dtabharfadh neartú na gceart chun cúitimh agus chun cúnaimh i gcás ina mbeidh moill ar sheirbhís, ina gcaillfear nasc léi, nó ina gcealófar í spreagadh níos láidre don mhargadh iompar paisinéirí iarnróid, chun sochair do na paisinéirí.

(14)

Is inmhianaithe go gcruthódh an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moille a mbeadh baint aici le dliteanas an ghnóthais iarnróid, ar an mbonn céanna leis an gcóras idirnáisiúnta dá bhforáiltear le COTIF agus go háirithe le foscríbhinn CIV a ghabhann leis maidir le cearta paisinéirí.

(15)

I gcás ina ndeonaíonn Ballstát díolúine do ghnóthais iarnróid ó fhorálacha an Rialacháin seo, ba chóir go spreagfadh sé gnóthais iarnróid, i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí, socruithe a bhunú le haghaidh cúitimh agus cúnaimh i gcás mórbhriseadh ar sheirbhís iarnróid do phaisinéirí.

(16)

Is inmhianaithe freisin íospartaigh tionóiscí agus a gcleithiúnaithe a shaoradh ó imní ghearrthéarmach airgid sa tréimhse díreach tar éis na tionóisce.

(17)

Is ar mhaithe le leas na bpaisinéirí iarnróid go nglacfaí bearta leordhóthanacha, i gcomhaontú leis na húdaráis phoiblí, chun a slándáil phearsanta a áirithiú sna stáisiúin agus ar na traenacha.

(18)

Ba chóir go mbeadh paisinéirí iarnróid in ann gearán a dhéanamh le haon ghnóthas iarnróid a bheidh i dtreis maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo agus a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse réasúnach.

(19)

Ba chóir do ghnóthais iarnróid caighdeáin cháilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu.

(20)

Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le méideanna airgid a choigeartú don bhoilsciú agus maidir le ceanglais cháilíochta na faisnéise agus na seirbhíse i bhfianaise na bhforbairtí ar an margadh agus i bhfianaise éifeachtaí an Rialacháin seo ar cháilíocht na seirbhíse.

(21)

Níor chóir don Rialachán seo dochar a dhéanamh do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6).

(22)

Ba chóir do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba chóir do na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d’fhéadfadh íocaíocht cúitimh leis an duine a bheadh i gceist a bheith san áireamh leo.

(23)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon iarnróid an Chomhphobail a fhorbairt agus cearta paisinéirí a thabhairt isteach, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(24)

Áirítear ar aidhmeanna an Rialacháin seo feabhas a chur ar sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí sa Chomhphobal. Dá bhrí sin, ba chóir do na Ballstáit a bheith in ann díolúintí a dheonú le haghaidh seirbhísí i réigiúin ina bhfuil cuid shuntasach den tseirbhís á hoibriú lasmuigh den Chomhphobal.

(25)

D'fhéadfadh sé go mbeadh fadhbanna ag roinnt Ballstát forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm ina n-iomlán ar theacht i bhfeidhm dó. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann díolúintí sealadacha a dheonú ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo maidir le seirbhísí iarnróid intíre fadachair do phaisinéirí. Níor chóir go mbeadh feidhm ag an díolúine sealadach, áfach, ar fhorálacha an Rialacháin seo faoina bhfuil sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe rochtain a bheith acu ar thaisteal d’iarnród, ná ar fhorálacha an Rialacháin seo faoina bhfuil sé de cheart ag daoine ar mian leo ticéid le haghaidh taistil d’iarnród a cheannach, é sin a dhéanamh gan aon deacracht mhíchuí, ná ar na forálacha maidir le dliteanas gnóthas iarnróid i ndáil le paisinéirí agus a gcuid bagáiste, an ceanglas go mbeadh gnóthais árachaithe go leordhóthanach ná ar an gceanglas go nglacfaidh na gnóthais sin bearta leordhóthanacha chun sábháilteacht phearsanta na bpaisinéirí a áirithiú i stáisiúin traenach agus ar thraenacha agus chun priacail a bhainistiú.

(26)

Ní hionann carachtar seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisnéirí agus carachtar seirbhísí fadachair. Dá bhrí sin, cé is moite d’fhorálacha áirithe ar chóir feidhm a bheith acu maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar fud an Chomhphobail, ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann díolúintí a dheonú maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ar sheirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí.

(27)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(28)

Ba chóir, go háirithe, go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, nó lena fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaíonn an Rialachán seo rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag gnóthais iarnróid, conarthaí iompair a thabhairt i gcrích, ticéid a eisiúint agus Córas Ríomhairithe Faisnéise agus Áirithinte don Iompar d’Iarnród a chur chun feidhme,

(b)

dliteanas gnóthas iarnróid agus a n-oibleagáidí árachais i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste,

(c)

oibleagáidí gnóthas iarnróid i leith paisinéirí i gcás moille,

(d)

cosaint agus cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag taisteal d’iarnród,

(e)

caighdeán cáilíochta seirbhíse a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu, na priacal do shlándáil phearsanta na bpaisinéirí a bhainistiú agus gearáin a láimhseáil, agus

(f)

rialacha ginearálta maidir le forghníomhú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach aistear agus gach seirbhís iarnróid ar fud an Chomhphobail arna soláthar ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó ná gnóthas iarnróid amháin atá ceadúnaithe i gcomhréir le Treoir 95/18/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid (8).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i leith gnóthas iarnróid agus seirbhísí taistil nach bhfuil ceadúnaithe faoi Threoir 95/18/CE.

3.   Ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo beidh feidhm ag Airteagail 9, 11, 12, 19, 20(1) agus 26 maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar fud an Chomhphobail.

4.   Cé is moite de na forálacha a leagtar amach i mír 3, féadfaidh Ballstát, díolúine a dheonú, ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo maidir le seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, tréimhse a fhéadfar a athnuachan faoi dhó, ar feadh uastréimhse 5 bliana ar gach ócáid.

5.   Cé is moite de na forálacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, d’fhéadfadh Ballstát seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo. Chun idirdhealú a dhéanamh idir seirbhísí iarnróid uirbeacha, seirbhísí fo-uirbeacha agus seirbhísí réigiúnacha do phaisinéirí, cuirfidh na Ballstáit na sainmhínithe i bhfeidhm atá le fáil i dTreoir 91/440/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 maidir le forbairt iarnród an Chomhphobail (9). Agus na sainmhínithe sin á gcur i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit aird ar na critéir seo a leanas: fad, minicíocht seirbhísí, líon stadanna sceidealta, rothra a mbaintear úsáid as, scéimeanna ticéadaithe, luaineacht sa líon paisinéirí ag buaic-amanna agus ag amanna seachbhuaice, cóid agus amchláir traenacha.

6.   Ar feadh uastréimhse 5 bliana, féadfaidh Ballstát, ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, díolúine, a fhéadfar a athnuachan, a dheonú ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ar sheirbhísí nó ar thurais áirithe mar go ndéantar cuid shuntasach den tseirbhís iarnróid do phaisinéirí, lena n-áirítear ar a laghad stad sceidealta amháin i stáisiún, a oibriú lasmuigh den Chomhphobal.

7.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí a dheonaítear de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 6. Rachaidh an Coimisiún i mbun gníomhaíochta iomchuí má mheastar nach bhfuil díolúine den sórt sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2014 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi dhíolúintí a dheonaítear de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 6 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘gnóthas iarnróid’ gnóthas iarnróid mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2001/14/CE (10) é, agus aon ghnóthas poiblí nó príobháideach eile arb í a ghníomhaíocht iompar earraí agus/nó paisinéirí d’iarnród a sholáthar ar chuntar nach foláir don ghnóthas tarraingt a áirithiú; áirítear leis sin freisin gnóthais nach soláthraíonn ach tarraingt;

2.

ciallaíonn ‘iompróir’ an gnóthas iarnróid conarthach a bhfuil an conradh iompair tugtha i gcrích ag an bpaisinéir leis nó sraith de ghnóthais iarnróid atá faoi dhliteanas ar bhonn an chonartha sin;

3.

ciallaíonn ‘iompróir ionadach’ gnóthas iarnróid nach bhfuil conradh iompair tugtha i gcrích aige leis an bpaisinéir ach ar chuir gnóthas iarnróid is páirtí sa chonradh de chúram air, go hiomlán nó go páirteach, an t-iompar d’iarnród a fheidhmiú;

4.

ciallaíonn ‘bainisteoir bonneagair’ aon chomhlacht nó aon ghnóthas atá freagrach go háirithe as bonneagar iarnróid, nó cuid de, mar a shainmhínítear le hAirteagal 3 de Threoir 91/440/CEE é, a bhunú agus a chothabháil, lenar féidir a áireamh freisin bainistiú chórais rialúcháin agus shábháilteachta an bhonneagair; féadfar feidhmeanna an bhainisteora bonneagair maidir le gréasán nó cuid de ghréasán a chionroinnt ar chomhlachtaí éagsúla nó ar ghnóthais éagsúla;

5.

ciallaíonn ‘bainisteoir stáisiúin’ eintiteas eagraíochtúil i mBallstát, ar cuireadh de fhreagracht air stáisiúin iarnróid a bhainistiú agus a fhéadfaidh a bheith ina bhainisteoir bonneagair;

6.

ciallaíonn ‘tionscnóir turas’ eagraí nó miondíoltóir, seachas gnóthas iarnróid, de réir bhrí Airteagal 2, pointe(2) agus pointe (3) de Threoir 90/314/CEE (11);

7.

ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród, a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid thar ceann gnóthais iarnróid nó ar a chuntas féin;

8.

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh iompair ar luaíocht nó saor in aisce idir gnóthas iarnróid nó díoltóir ticéad agus an paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó ná seirbhís iompair amháin a sholáthar;

9.

ciallaíonn ‘áirithint’ údarú, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a thugann teidlíocht chun iompair faoi réir socruithe iompair phearsantaithe arna ndeimhniú roimh ré;

10.

ciallaíonn ‘tréthicéad’ ticéad nó ticéid a fhreagraíonn do chonradh iompair do sheirbhísí iarnróid leanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó ná gnóthas iarnróid amháin;

11.

ciallaíonn ‘seirbhís paisinéara d’iarnród intíre’ seirbhís iarnróid do phaisinéirí nach dtrasnaíonn teorainn ar bith de chuid Ballstáit;

12.

ciallaíonn ‘moill’ an difríocht idir am sroichte sceidealta an phaisinéara i gcomhréir leis an amchlár foilsithe agus am iarbhír nó ionchais a shroichte nó a sroichte;

13.

ciallaíonn ‘pas taistil’ nó ‘ticéad séasúir’ ticéad do líon neamhtheoranta aistear a thugann cead taisteal d’iarnód don sealbhóir údaraithe ar bhealach faoi leith nó ar líonra faoi leith le linn tréimhse sonraithe;

14.

ciallaíonn ‘Córas Ríomhairithe Faisnéise agus Áirithinte don Iompar d’Iarnród (CRFAII)’ córas ríomhairithe ina bhfuil faisnéis maidir leis na seirbhísí iarnróid arna dtairiscint ag gnóthais iarnróid; folóidh an fhaisnéis arna stóráil i CRFAII faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

sceidil agus amchláir sheirbhísí paisinéara;

(b)

fáil ar shuíocháin ar sheirbhísí paisinéara;

(c)

táillí agus coinníollacha speisialta;

(d)

inrochtaineacht na dtraenacha do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(e)

áiseanna lenar féidir áirithintí a dhéanamh nó ticéid nó tréthicéid a eisiúint a mhéid a chuirfear na háiseanna sin uile nó roinnt díobh ar fáil d’úsáideoirí;

15.

ciallaíonn ‘duine faoi mhíchumas’ nó ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe’ aon duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe nuair a bhíonn córas iompair á úsáid aige nó aici de bharr aon mhíchumais choirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, buan nó sealadach), de bharr míchumais nó mallachair intleachta, de bharr cúis mhíchumais ar bith eile nó de bharr aoise, agus ar gá aird iomchuí a thabhairt air nó uirthi agus an tseirbhís a chuirtear ar fáil do na paisinéirí uile a oiriúnú dá riachtanais speisialta;

16.

ciallaíonn ‘Coinníollacha Ginearálta Iompair’ coinníollacha an iompróra i bhfoirm coinníollacha ginearálta nó taraifí atá infheidhme go dleathach i ngach Ballstát agus a thagann chun bheith ina gcuid dhílis den chonradh iompair nuair a thugtar i gcrích é;

17.

ciallaíonn ‘feithicil’ mótarfheithicil nó leantóir a iompraítear tráth iompar na bpaisinéirí.

CAIBIDIL II

CONRADH IOMPAIR, FAISNÉIS AGUS TICÉID

Airteagal 4

Conradh iompair

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh tabhairt i gcrích agus comhlíonadh conartha iompair agus soláthar faisnéise agus ticéad faoi rialú ag forálacha Theideal II agus Theideal III d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Rothair

Cuirfidh gnóthais iarnróid ar chumas paisinéirí rothair a thabhairt ar an traein, ar tháille i gcás inar iomchuí, má tá siad éasca a láimhseáil, mura gcuirfidh sé sin isteach ar an tseirbhís áirithe sin agus má cheadaíonn an rothra é sin.

Airteagal 6

Tarscaoileadh agus leagan síos teorainneacha a eisiamh

1.   Ní fhéadfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó clásal sriantach sa chonradh iompair.

2.   Féadfaidh gnóthais iarnróid coinníollacha conarthacha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 7

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar maidir le scor seirbhísí iarnróid

Poibleoidh na gnóthais iarnróid nó, i gcás inar iomchuí, na húdaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, trí mheán iomchuí, cinntí maidir le scor seirbhísí iarnróid agus déanfar é sin roimh chur chun feidhme na gcinntí sin.

Airteagal 8

Faisnéis taistil

1.   Gan dochar d’Airteagal 10, gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar ceann gnóthais iarnróid amháin nó níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin dó nó di, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na haistir a bhfuil an gnóthas iarnróid lena mbaineann ag tairiscint conradh iompair ina leith. Déanfaidh díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair ar a gcuntas féin, agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina mbeidh fáil uaithi.

2.   I rith an aistir soláthróidh gnóthais iarnróid don phaisinéir ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II.

3.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 san fhormáid is mó is iomchuí. Tabharfar aird ar leith i dtaca leis seo ar riachtanais daoine a bhfuil mallachar cloisteála agus/nó amhairc ag gabháil dóibh.

Airteagal 9

Ticéid, tréthicéid agus áirithintí a bheith ar fáil

1.   Tairgfidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad ticéid, tréthicéid agus áirithintí i gcás ina mbeidh siad ar fáil.

2.   Gan dochar do mhír 4, dáilfidh na gnóthais iarnróid ticéid ar phaisinéirí trí cheann amháin ar a laghad de na díolphointí seo a leanas:

(a)

oifigí ticéad nó díolmheaisíní;

(b)

teileafón, an t-idirlíon nó aon mheán eile de theicneolaíocht an eolais atá ar fáil go forleathan;

(c)

ar thraenacha.

3.   Gan dochar do mhír 4 ná do mhír 5, dáilfidh na gnóthais iarnróid ticéid i gcomhair seirbhísí a chuirfear ar fáil faoi chonarthaí seirbhíse poiblí trí cheann amháin ar a laghad de na díolphointí seo a leanas:

a)

oifigí ticéad nó díolmheaisíní;

b)

ar thraenacha.

4.   Tairgfidh gnóthais iarnróid an fhéidearthacht ticéid don tseirbhís lena mbaineann a fháil ar an traein, mura ndéantar an fhéidearthacht sin a theorannú nó a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise, toisc go bhfuil áirithint traenach éigeantach nó ar fhorais tráchtála réasúnacha.

5.   I gcás nach mbeidh oifig ticéad nó díolmheaisín sa stáisiún imeachta, cuirfear in iúl do na paisinéirí ag an stáisiún:

a)

go bhféadfar ticéid a cheannach ar teileafón nó ar an idirlíon nó ar an traein, mar aon leis an nós imeachta do cheannach den sórt sin;

b)

an stáisiún iarnróid nó an áit is congaraí a mbeidh fáil ar oifigí ticéad agus/nó díolmheaisíní.

Airteagal 10

Córais faisnéise agus áirithinte taistil

1.   Chun an fhaisnéis a sholáthar agus na ticéid a eisiúint dá dtagraítear sa Rialachán seo, úsáidfidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad an CRFAII, a bhunófar de réir na nósanna imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, cuirfear i bhfeidhm na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (STIanna) dá dtagraítear i dTreoir 2001/16/CE.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, ar thogra a thíolacfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA), STI le haghaidh na bhfeidhmiúchán teileamaitice do phaisinéirí tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2010. Éascóidh an STI soláthar na faisnéise a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus eisiúint na dticéad arna rialú ag an Rialachán seo.

4.   Cuirfidh gnóthais iarnróid a CRFAII in oiriúint de réir na gceanglas arna leagan amach san STI i gcomhréir le plean imscartha arna leagan amach san STI sin.

5.   Faoi réir fhorálacha Threoir 95/46/CE, ní nochtfaidh aon ghnóthas iarnróid ná aon díoltóir ticéad faisnéis phearsanta maidir le háirithintí leithleacha do ghnóthais iarnróid eile agus/nó do dhíoltóirí ticéad eile.

CAIBIDIL III

DLITEANAS GNÓTHAS IARNRÓID I LEITH PAISINÉIRÍ AGUS A gCUID BAGÁISTE

Airteagal 11

Dliteanas i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo agus gan dochar don dlí náisiúnta is infheidhme lena ndeonaítear do phaisinéirí tuilleadh cúitimh i leith damáistí, beidh dliteanas gnóthas iarnróid i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste faoi rialú ag Caibidil I, ag Caibidil III agus ag Caibidil IV de Theideal IV, de Theideal VI agus de Theideal VII d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 12

Árachas

1.   Tuigfear go gcuireann an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 9 de Threoir 95/18/CE, a mhéid a bhaineann sí le dliteanas i leith paisinéirí, de cheanglas ar ghnóthas iarnróid árachas leordhóthanach a bheith aige nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh chun a dhliteanais faoin Rialachán seo a chumhdach.

2.   Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tráth nach déanaí ná 3 Nollaig 2010 tuarascáil maidir le híosmhéid árachais a shocrú do ghnóthais iarnróid. Más iomchuí, gabhfaidh tograí oiriúnacha nó moltaí ar an ábhar sin leis an tuarascáil sin.

Airteagal 13

Réamhíocaíochtaí

1.   Má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, déanfaidh an gnóthas iarnróid mar a thagraítear dó in Airteagal 26(5) d’Iarscríbhinn I gan mhoill, agus ar aon chuma tráth nach déanaí ná cúig lá dhéag tar éis céannacht an duine nádúrtha cúitimh a shuíomh, na réamhíocaíochtaí sin is gá chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha láithreacha ar bhonn comhréireach leis an damáiste a fulaingíodh.

2.   Gan dochar do mhír 1, ní lú ná EUR 21 000 in aghaidh an phaisinéara réamhíocaíocht i gcás báis.

3.   Ní chiallóidh réamhíocaíocht go n-aithnítear dliteanas agus féadfar í a fhritháireamh in aghaidh aon suimeanna a íocfar ina dhiaidh sin ar bhonn an Rialacháin seo ach ní bheidh sí inaischurtha ach amháin i gcásanna ina ndearnadh an damáiste de dheasca faillí nó locht de chuid an phaisinéara nó murab é an duine a fuair an réamhíocaíocht an duine a bhí i dteideal cúitimh.

Airteagal 14

Dliteanas a chonspóid

Fiú amháin má chonspóideann an gnóthas iarnróid a fhreagracht as díobháil choirp a tharlaíonn do phaisinéir atá ar iompar aige, déanfaidh sé gach iarracht réasúnach cúnamh a thabhairt do phaisinéir agus cúiteamh á éileamh aige ó thríú páirtithe i leith damáiste.

CAIBIDIL IV

MOILLEANNA, NAISC A CHAILLTEAR AGUS CEALUITHE

Airteagal 15

Dliteanas i leith moilleanna, i leith nasc a chailltear agus i leith cealuithe

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh dliteanas gnóthas iarnróid i leith moilleanna, naisc a chailltear agus cealuithe faoi rialú ag Caibidil II de Theideal IV d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 16

Aisíocaíocht agus athródú

I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil go réasúnach go rachaidh an mhoill ar shroicheadh an chinn scríbe chríochnaithigh faoin gconradh iompair thar 60 nóiméad, beidh rogha ag an bpaisinéir láithreach idir na nithe seo a leanas:

(a)

aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid, faoi na coinníollacha céanna faoinar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna de thuras an phaisinéara nach ndearnadh agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana mura bhfónann an turas a thuilleadh do phlean taistil tosaigh an phaisinéara, maille le seirbhís fillte, nuair is ábhartha, chuig an gcéad áit imeachta a luaithe is féidir. Íocfar an aisíocaíocht faoi choinníollacha is ionann leis na coinníollacha faoina n-íoctar an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 17; nó

(b)

leanúint nó athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe a luaithe is féidir; nó

(c)

leanúint nó athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe ar dháta níos déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéir.

Airteagal 17

Cúiteamh i leith phraghas an ticéid

1.   Gan an ceart chun iompair a chailliúint, féadfaidh paisinéir cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe nó roimpi idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear ar an ticéad agus nach ndearnadh an ticéad ina leith a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 16. Is iad seo a leanas íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna:

(a)

25 % de phraghas an ticéid le haghaidh moille nach lú ná 60 nóiméad agus nach mó ná 119 nóiméad,

(b)

50 % de phraghas an ticéid le haghaidh moille de 120 nóiméad nó níos mó.

Féadfaidh paisinéirí a mbeidh ticéad séasúir acu agus a dtarlóidh moilleanna nó cealuithe arís is arís eile dóibh le linn tréimhse bailíochta a dticéad séasúir cúiteamh a iarraidh i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid. Sonrófar leis na socruithe sin na critéir le haghaidh moille agus chun an cúiteamh a chinneadh.

Ríomhfar cúiteamh le haghaidh moille i gcoibhneas an phraghais a d’íoc an paisinéir go hiarbhír as an tseirbhís mhoillithe.

I gcás ina mbainfidh an conradh iompair le turas fillte, déanfar cúiteamh i leith moille don turas amach nó don turas ar ais a ríomh ar bhonn leath an phraghais a íocadh ar an ticéad. Ar an gcaoi chéanna, déanfar an cúiteamh i leith seirbhíse moillithe faoi chonradh iompair d’aon chineál eile faoinar féidir céimeanna éagsúla den turas a dhéanamh ina dhiaidh sin a ríomh ar comhréir leis an bpraghas iomlán.

Ní chuirfear san áireamh i ríomh na tréimhse moille aon mhoill is féidir leis an ngnóthas iarnróid a léiriú a tharla lasmuigh de chríocha ina bhfuil an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i bhfeidhm.

2.   Íocfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid laistigh d’aon mhí amháin tar éis chur faoi bhráid na hiarrata ar chúiteamh. Féadfar an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile má bhíonn na téarmaí solúbtha (go háirithe maidir leis an tréimhse bhailíochta agus leis an gceann scríbe). Íocfar an cúiteamh in airgead arna iarraidh sin ag an bpaisinéir.

3.   Ní asbhainfear den chúiteamh i leith phraghas an ticéid costais idirbheart airgid amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a chinneadh nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 4.

4.   Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag an bpaisinéir má thugtar fógra dó sula gceannaíonn sé ticéad go mbeidh moill ann, ná más lú ná 60 nóiméad moill a thig ó leanúint ar sheirbhís eile nó ó athródú.

Airteagal 18

Cúnamh

1.   I gcás moille ar theacht nó ar imeacht, coinneoidh an gnóthas iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin na paisinéirí ar an eolas maidir leis an staid agus maidir leis an am teachta measta agus leis an am imeachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   I gcás moille dá dtagraítear i mír 1 is mó ná 60 nóiméad, déanfar na nithe seo a leanas a thairiscint freisin do na paisinéirí saor in aisce:

(a)

béilí agus pronnlach ar comhréir réasúnach leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnach;

(b)

nuair is féidir sin go táigiúil, óstán nó cóiríocht eile, agus iompar idir an stáisiún iarnróid agus an t-ionad cóiríochta, i gcásanna ina dtiocfaidh fanacht oíche amháin nó níos mó ná oíche amháin nó fanacht breise chun a bheith riachtanach;

(c)

i gcás go mbeidh an traein blocáilte ar an iarnród, iompar ón traein go dtí an stáisiún iarnróid, go dtí pointe imeachta malartach nó go dtí ceann scríbe na seirbhíse, nuair is féidir sin go táigiúil.

3.   Mura féidir leanúint leis an tseirbhís iarnróid a thuilleadh, eagróidh na gnóthais iarnróid seirbhísí iompair malartacha do na paisinéirí a luaithe is féidir.

4.   Arna iarraidh sin ag an bpaisinéir, deimhneoidh gnóthais iarnróid ar an ticéad go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur chaill sí nasc nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidh.

5.   Agus mír 1, mír 2 agus mír 3 á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an gnóthas iarnróid a oibríonn an tseirbhís aird leithleach ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus daoine a bheidh á dtionlacan.

CAIBIDIL V

DAOINE FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A bhFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 19

An ceart chun iompair

1.   Bunóidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe a iompar nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan costas breise. Ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad ná tionscnóir turas diúltiú áirithint a ghlacadh ó dhuine faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe ná diúltiú ticéad a eisiúint chuige nó chuici ná ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid éileamh go dtionlacfadh duine eile an duine sin mura mbeidh dianghá leis sin chun na rialacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

Airteagal 20

Faisnéis le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

1.   Arna iarraidh sin, soláthróidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid agus maidir le coinníollacha rochtana an rothra i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus cuirfidh an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord.

2.   I gcás ina bhfeidhmeoidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad agus/nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 19(2), arna iarraidh sin cuirfidh sé faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta ar dhiúltaigh sé áirithint a dhéanamh nó ticéad a eisiúint nó a d’fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan.

Airteagal 21

Inrochtaineacht

1.   Áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, tríd an STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh, go mbeidh na stáisiúin, na hardáin, an rothra agus saoráidí eile inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.   Mura mbeidh foireann tionlacain ar thraein nó mura mbeidh foireann ag staisiún, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach iarracht réasúnach chun go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d’iarnród.

Airteagal 22

Cúnamh ag stáisiúin iarnróid

1.   Tráth duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe a imeacht ó stáisiún a bhfuil foireann ar fáil ann, idirthuras a dhéanamh ann nó é a shroichint, tabharfaidh an bainisteoir stáisiúin cúnamh dó nó di saor in aisce chun go bhféadfaidh an duine sin dul ar an tseirbhís imeachta nó tuirlingt ón tseirbhís teachta a bhfuil ticéad ceannaithe aige nó aici di, gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfar maolú ar mhír 1 i gcás daoine a bheidh ag taisteal ar sheirbhísí atá faoi réir conartha seirbhíse poiblí arna dheonú i gcomhréir le dlí Comhphobail, ar choinníoll go mbeidh áiseanna nó socruithe malartacha curtha ar fáil ag an údarás inniúil lena rathaítear leibhéal coibhéiseach nó leibhéal níos airde rochtana ar sheirbhísí iompair.

3.   I staisiúin nach mbeidh foireann ar fáil iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí staisiúin go mbeidh faisnéis a mbeidh teacht uirthi go furasta ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 19(1) maidir leis an stáisiún iarnróid is congaraí a mbeidh foireann ar fáil ann agus maidir le cúnamh a bheidh ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 23

Cúnamh ar an traein

Gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 19(1), soláthróidh gnóthais iarnróid cúnamh saor in aisce ar an traein do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus le linn dó nó di dul ar an traein agus tuirlingt di.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh cúnamh ar bord gach iarracht reasúnta chun cúnamh a thairiscint do dhuine faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe chun go mbeidh rochtain ag an duine sin ar na seirbhísí céanna ar an traein leis na paisinéirí eile, mura gceadaíonn míchumas an duine nó grád na soghluaisteachta laghdaithe don duine sin rochtain a bheith aige nó aici ar na seirbhísí sin go neamhspleách agus go sábháilte.

Airteagal 24

Coinníollacha faoina soláthraítear cúnamh

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 23 agus leis na pointí seo a leanas:

(a)

soláthrófar cúnamh ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil, ar a laghad 48 uair sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. I gcás ina gceadaíonn an ticéad ilturais, is leor fógra amháin ar chuntar go dtugtar faisnéis leordhóthanach maidir le hamanna na dturas ina dhiaidh sin;

(b)

glacfaidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas gach beart is gá maidir le fógraí a fháil;

(c)

mura ndéanfar fógra i gcomhréir le pointe (a), déanfaidh an gnóthas iarnróid agus an bainisteoir stáisiúin gach iarracht réasúnach chun cúnamh a sholáthar ionas go bhféadfaidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe taisteal;

(d)

gan dochar do chumhachtaí eintiteas eile maidir le limistéir atá suite lasmuigh d’áitreabh an stáisiúin iarnróid, ainmneoidh an bainisteoir stáisiúin nó aon duine eile a bheidh údaraithe pointí, laistigh den stáisiún iarnróid agus lasmuigh de, ag a bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe cur in iúl go bhfuil siad tagtha chuig an stáisiún iarnróid agus cúnamh a iarraidh más gá;

(e)

soláthrófar cúnamh ar choinníoll go mbeidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaiseacht nó a soghluaiseacht laghdaithe i láthair ag an bpointe ainmnithe tráth arna shonrú ag an ngnóthas iarnróid nó ag an mbainisteoir staisiúin a chuirfidh an cúnamh sin ar fáil. Ní bheidh aon am a shonrófar níos mó ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clarú. Mura sonrófar am a mbeidh ar an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaiseacht nó a soghluaiseacht laghdaithe a bheith i láthair, beidh an duine i láthair ag an bpointe ainmnithe ar a laghad 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clarú.

Airteagal 25

Cúiteamh i leith trealaimh ghluaiseachta nó trealaimh shonraigh eile

Má tá an gnóthas iarnróid faoi dhliteanas i leith chaillteanas iomlán nó pháirt-chaillteanas trealaimh ghluaiseachta nó trealaimh shonraigh eile arna úsáid ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó i leith damáiste a bhainfidh don trealamh sin, ní bheidh aon teorainn airgeadais infheidhme.

CAIBIDIL VI

SLÁNDAIL, GEARÁIN AGUS CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE

Airteagal 26

Slándáil phearsanta paisinéirí

Le comhaontú na n-údarás poiblí, déanfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus bainisteoirí stáisiúin bearta leordhóthanacha ina réimsí freagrachta faoi seach agus déanfaidh siad iad a oiriúnú don leibhéal slándála a shaineoidh na húdaráis phoiblí chun slándáil phearsanta paisinéirí a áirithiú i stáisiúin iarnróid agus ar thraenacha agus chun priacail a bhainistiú. Comhoibreoidh siad agus malartóidh siad faisnéis faoi dhea-chleachtais maidir le gníomhartha a chosc ar dóigh dóibh meath a chur ar an leibhéal slándála.

Airteagal 27

Gearáin

1.   Bunóidh gnóthais iarnróid meicníocht chun déileáil le gearáin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a fholaítear leis an Rialachán seo. Cuirfidh an gnóthas iarnróid a shonraí teagmhála agus a theanga nó a theangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirí.

2.   Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid lena mbaineann. Laistigh d’aon mhí amháin, tabharfaidh seolaí an ghearáin freagra réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir faoin dáta laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta an ghearáin a bhféadfar a bheith ag súil le freagra.

3.   Foilseoidh an gnóthas iarnróid sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 28 líon agus catagóirí na ngearán a fuarthas, líon na ngearán a próiseáladh, an t-am freagartha agus na gníomhartha féideartha feabhsaithe a rinneadh.

Airteagal 28

Caighdeáin cháilíochta seirbhíse

1.   Déanfaidh gnóthais iarnróid caighdeáin cháilíochta seirbhíse a shainiú agus córas bainistíochta cáilíochta a thabhairt isteach chun an caighdeán seirbhíse a chothabháil. Folóidh na caighdeáin cháilíochta seirbhíse ar a laghad na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.   Déanfaidh gnóthais iarnróid faireachán ar an gcaoi a gcruthóidh siad féin, mar a bheidh le brath ar na caighdeáin cháilíochta seirbhíse. Déanfaidh gnóthais iarnróid tuarascáil a fhoilsiú gach bliain ar a gcruthúnas cáilíochta seirbhíse chomh maith lena dtuarascáil bhliantúil. Foilseofar na tuarascálacha um chruthúnas cáilíochta seirbhíse ar láithreán gréasáin idirlín na ngnóthas iarnród. Ina theannta sin beidh na tuarascálacha sin le fáil ar láithreán gréasáin an ERA.

CAIBIDIL VII

FAISNÉIS AGUS CUR I bhFEIDHM

Airteagal 29

Faisnéis do phaisinéirí faoina gcearta

1.   Agus ticéid le haghaidh aistir d’iarnród á ndíol acu, cuirfidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus tionscnóirí turas paisinéirí ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun an ceanglas seo maidir le faisnéis a chomhlíonadh, is féidir le gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus tionscnóirí turas úsáid a bhaint as achoimre d’fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a chuirfear ar fáil dóibh.

2.   Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar mhodh iomchuí, ag an stáisiún agus ar an traein, maidir le mionsonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí a bheidh ainmnithe ag na Ballstáit de bhun Airteagal 30.

Airteagal 30

Forfheidhmiú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo. Glacfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramaítear cearta na bpaisinéirí.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ó thaobh eagrú, cinntí maoinithe, struchtúir dhlíthiúil agus cinnteoireachta ar aon bhainisteoir bonneagair, ar aon chomhlacht muirearaithe nó leithroinnte nó ar aon ghnóthas iarnróid.

Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an mír seo chomh maith lena dhualgais nó lena ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún.

2.   Féadfaidh gach paisinéir gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht iomchuí arna ainmniú de réir mhír 1, nó le haon chomhlacht iomchuí eile arna ainmiú ag Ballstát, faoi shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

Airteagal 31

Comhoibriú idir chomhlachtaí forfheidhmithe

Déanfaidh comhlachtaí forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 30 faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail chinnteoireachta agus a gcleachtas cinnteoireachta chun comhordú a dhéanamh ar a bprionsabail chinnteoireachta ó cheann ceann an Chomhphobail. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh i mbun an taisc seo.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin faoin 3 Meitheamh 2010 agus tabharfaidh siad fógra dó láithreach faoi aon leasú a dhéantar ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 33

Iarscríbhinní

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis, cé is moite d’Iarscríbhinn I, a chur in oiriúint, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 34

Forálacha leasaitheacha

1.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, agus a mbeidh gá leo chun Airteagal 2, Airteagal 10 agus Airteagal 12 a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí na méideanna airgeadais dá dtagraítear ann, seachas in Iarscríbhinn I, a choigeartú i bhfianaise an bhoilscithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 35

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna thionscnamh le hAirteagal 11a de Threoir 91/440/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 36

Tuarascáil

Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 3 Nollaig 2012, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na torthaí a bheidh air, agus go háirithe maidir leis na caighdeáin cháilíochta seirbhíse.

Beidh an tuarascáil seo bunaithe ar fhaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Airteagal 10b de Threoir 91/440/CEE. Beidh tograí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm 24 mhí tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair 2007.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 221, 8.9.2005, lch. 8.

(2)  IO C 71, 22.3.2005, lch. 26.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 (IO C 227 E, 21.9.2006, lch. 490), Comhsheasamh ón gComhairle an 24 Iúil 2006 (IO C 289 E, 28.11.2006, lch. 1), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil), Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2007 agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2007.

(4)  IO C 137, 8.6.2002, lch. 2.

(5)  IO L 110, 20.4.2001, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/32/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 2.6.2007, lch. 63).

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(8)  IO L 143, 27.6.1995, lch. 70. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(9)  IO L 237, 24.8.1991, lch. 25. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/103/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 344).

(10)  Treoir 2001/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithroinnt agus muirir ar úsáid bhonneagair a ghearradh (IO L 75, 15.3.2001, lch. 29). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/49/CE.

(11)  Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (IO L 158, 23.6.1990, lch. 59).


IARSCRÍBHINN I

Sliocht as na rialacha comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d’Iarnród (civ)

Foschríbinn A

A ghabhann le Coinbhinsiún an 9 Bealtaine 1980 maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) arna mhodhnú le Prótacal an 3 Meitheamh 1999 lena modhnaítear an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

TEIDEAL II

AN CONRADH IOMPAIR A THABHAIRT I GCRÍCH AGUS A FHEIDHMIÚ

Airteagal 6

Conradh iompair

1.   Leis an gconradh iompair, gabhfaidh an t-iompróir air féin an paisinéir a iompar chomh maith le bagáiste agus feithiclí, i gcás inar iomchuí, chuig an gceann scríbe agus an bagáiste agus na feithiclí a sheachadadh ag an gceann scríbe.

2.   Ní mór an conradh iompair a dhaingniú le ticéad amháin nó le níos mó a eiseofar chuig an bpaisinéir. Ar a shon sin, faoi réir Airteagal 9, ní dhéanfaidh easpa, mírialtacht ná caillteanas ticéid difear do mharthain ná do bhailíocht an chonartha a fhanfaidh faoi réir na Rialacha Comhionanna seo.

3.   Beidh an ticéad ina fhianaise prima facie ar thabhairt i gcrích an chonartha iompair agus ar a bhfuil ann.

Airteagal 7

An ticéad

1.   Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair foirm na dticéad agus a mbeidh orthu chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar iad a chló agus a dhéanamh amach.

2.   Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an ticéad:

(a)

an t-iompróir nó na hiompróirí;

(b)

ráiteas go bhfuil an t-iompar faoi réir na Rialacha Comhionanna seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a shonrú leis an acrainm CIV;

(c)

aon ráiteas eile is gá chun tabhairt i gcrích an chonartha agus a bhfuil ann a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh sin.

3.   Caithfidh an paisinéir a áirithiú, ar an ticéad a fháil, go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

4.   Beidh an ticéad inaistrithe mura ndearnadh amach in ainm an phaisinéara é agus murar cuireadh tús leis an turas.

5.   Féadfar an ticéad a bhunú i bhfoirm chlárú sonraí leictreonacha, a fhéadfar a thrasfhoirmiú ina siombail inléite scríofa. Caithfidh an nós imeachta a úsáidtear chun sonraí a chlárú agus a chóireáil a bheith coibhéiseach ó thaobh feidhme de, go háirithe a mhéid a bhaineann le luach fianaiseach an ticéid a léiríonn na sonraí sin.

Airteagal 8

An muirear ar iompar a íoc agus a aisíoc

1.   Faoi réir aon chomhaontaithe dá mhalairt idir an paisinéir agus an t-iompróir, beidh an muirear ar iompar iníoctha roimh ré.

2.   Cinnfear leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair na coinníollacha faoina ndéanfar an muirear ar iompar a aisíoc.

Airteagal 9

An ceart chun iompair. Eisiamh ó iompar

1.   Caithfidh an paisinéir, ó thús an turais, ticéad bailí a bheith ina sheilbh agus é a thabhairt ar aird tráth iniúchta ticéad. Féadfar foráil don mhéid seo a leanas leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair:

(a)

nach foláir do phaisinéir nach dtabharfaidh ticéad bailí ar aird formhuirear a íoc, i dteannta an mhuirir ar iompar;

(b)

go gceanglófar ar phaisinéir a dhiúltaíonn an muirear ar iompar nó an formhuirear a íoc nuair a iarrtar é scor dá thuras;

(c)

má tá an formhuirear le haisíoc agus na coinníollacha faoina mbeidh sé le haisíoc.

2.   Maidir le paisinéirí a dhéanann na nithe seo a leanas:

(a)

sábháilteacht agus dea-oibriú na n-oibríochtaí nó sábháilteacht na bpaisinéirí eile a chur i mbaol,

(b)

ceataí a dhéanamh do phaisinéirí ar mhodh do-ghlactha,

féadfar a fhoráil leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair go ndéanfar iad a eisiamh ó iompar nó go gceanglófar orthu scor dá dturas agus nach mbeidh na daoine sin i dteideal aisíocaíochta ar a muirear ar iompar ná ar mhuirear ar bith ar iompar bagáiste chláraithe a d’fhéadfadh a bheith íoctha acu.

Airteagal 10

Foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh

Caithfidh an paisinéir na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn údaráis chustaim nó údaráis eile riaracháin air a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Traenacha a bheith curtha ar ceal agus ag rith mall. Naisc a chailltear

Caithfidh an t-iompróir, i gcás inar gá, a dheimhniú ar an ticéad gur cuireadh an traein ar ceal nó gur cailleadh an nasc.

TEIDEAL III

IOMPAR BAGÁISTE LÁIMHE, AINMHITHE, BAGÁISTE CHLÁRAITHE AGUS FEITHICLÍ

Caibidil I

Forálacha Coiteanna

Airteagal 12

Earraí agus ainmhithe inghlactha

1.   Féadfaidh an paisinéir earraí a thabhairt leis is furasta a láimhsiú (bagáiste láimhe) agus ainmhithe beo freisin, i gcomhréir leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair. Ina theannta sin, féadfaidh an paisinéir earraí liopasta a thabhairt leis i gcomhréir leis na forálacha speisialta atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair. Ní cheadófar mar bhagáiste láimhe earraí nó ainmnithe ar dóigh dóibh paisinéirí a chrá nó ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis damáiste.

2.   Féadfaidh an paisinéir earraí agus ainmhithe a choinsíniú mar bhagáiste cláraithe i gcomhréir leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair.

3.   Féadfaidh an t-iompróir iompar feithiclí a cheadú tráth paisinéirí a iompar i gcomhréir le forálacha speisialta atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair.

4.   Caithfidh iompar earraí contúirteacha mar bhagáiste láimhe, mar bhagáiste cláraithe agus iompar na n-earraí sin i bhfeithiclí nó ar fheithiclí, a dhéantar d’iarnród i gcomhréir leis an Teideal seo, an Rialachán maidir le hIompar Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID) a chomhlíonadh.

Airteagal 13

Scrúdú

1.   Nuair a bheidh amhras ann, agus cúis mhaith leis, gur mainníodh na coinníollacha iompair a chomhlíonadh, beidh sé de cheart ag an iompróir a scrúdú, an bhfuil na hearraí (bagáiste láimhe, bagáiste cláraithe, feithiclí lena n-áirítear a luchtú) agus na hainmhithe a iompraítear, ag comhlíonadh na gcoinníollacha iompair, mura gcoisctear scrúdú den sórt sin le dlíthe agus le saintreoracha an Stáit ina ndéanfaí é. Caithfear a iarraidh ar an bpaisinéir freastal ar an scrúdú. Mura láithreoidh sé nó mura féidir dul i dteagmháil leis, caithfidh an t-iompróir a cheangal go mbeidh beirt fhinnéithe neamhspleácha i láthair.

2.   Má shuitear nár urramaíodh na coinníollacha iompair, féadfaidh an t-iompróir a cheangal ar an bpaisinéir na costais a thiocfaidh as an scrúdú a íoc.

Airteagal 14

Foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh

Caithfidh an paisinéir na foirmiúlachtaí a chomhlíonadh a cheanglaíonn údaráis chustaim nó údaráis eile riaracháin a chomhlíonadh nuair a bheidh earraí (bagáiste láimhe, bagáiste cláraithe, feithiclí lena n-áirítear a luchtú) nó ainmhithe á n-iompar aige agus é á iompar. Beidh sé i láthair ag iniúchadh na n-earraí seo ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt le dlíthe agus le saintreoracha gach Stáit.

Caibidil II

Bagáiste Láimhe agus Ainmhithe

Airteagal 15

Maoirsiú

Beidh sé de fhreagracht ar an bpaisinéir maoirsiú a dhéanamh ar an mbagáiste láimhe agus ar na hainmhithe a thabharfaidh sé leis.

Caibidil III

Bagáiste Cláraithe

Airteagal 16

Bagáiste cláraithe a choinsíniú

1.   Caithfear na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le bagáiste cláraithe a chur ar aghaidh a shuíomh le dearbhán cláraithe bagáiste a eiseofar chuig an bpaisinéir.

2.   Faoi réir Airteagal 22, ní dhéanfaidh easpa, mírialtacht ná caillteanas an dearbháin chláraithe bagáiste difear do mharthain ná do bhailíocht na gcomhaontuithe maidir leis an mbagáiste cláraithe a chur ar aghaidh, a fhanfaidh faoi réir na Rialacha Comhionanna seo.

3.   Beidh an dearbhán cláraithe bagáiste ina fhianaise prima facie ar chlárú an bhagáiste agus ar choinníollacha a iompair.

4.   Faoi réir a mhalairt d’fhianaise, toimhdeofar gur dealraitheach go raibh bail mhaith ar an mbagáiste cláraithe nuair a thóg an t-iompróir idir lámha é, agus go raibh líon agus mais na n-earraí bagáiste ar comhréir leis na hiontrálacha ar an dearbhán cláraithe bagáiste.

Airteagal 17

An dearbhán cláraithe bagáiste

1.   Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair foirm an dearbháin chláraithe bagáiste agus a mbeidh air chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar é a chló agus a dhéanamh amach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(5).

2.   Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an dearbhán cláraithe bagáiste:

(a)

an t-iompróir nó na hiompróirí;

(b)

ráiteas go bhfuil an t-iompar faoi réir na Rialacha Comhionanna seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)

aon ráiteas eile is gá chun na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann leis an mbagáiste cláraithe a chur ar aghaidh a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh iompair.

3.   Caithfidh an paisinéir a áirithiú, ar an dearbhán cláraithe bagáiste a fháil, go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

Airteagal 18

Clárú agus iompar

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair, ní dhéanfar bagáiste a chlárú go dtí go dtabharfar ticéad ar aird a bheidh bailí go dtí ceann scríbe an bhagáiste ar a laghad. Ar gach bealach eile, déanfar an bagáiste a chlárú i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm in áit an choinsínithe.

2.   Nuair a fhorálfar leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair go bhféadfar an bagáiste a ghlacadh chun iompair gan ticéad a thabhairt ar aird, beidh feidhm mutatis mutandis ag na Rialacha Comhionanna seo lena gcinntear cearta agus oibleagáidí an phaisinéara i ndáil lena bhagáiste cláraithe maidir le coinsíneoir bagáiste chláraithe.

3.   Féadfaidh an t-iompróir an bagáiste cláraithe a chur ar aghaidh ar thraein eile nó ar mhodh eile iompair agus ar chonair nach ionann agus an chonair a chuaigh an paisinéir.

Airteagal 19

Muirir d’iompar an bhagáiste chláraithe a íoc

Faoi réir aon chomhaontaithe dá mhalairt idir an paisinéir agus an t-iompróir, beidh an muirear ar iompar bagáiste cláraithe iníoctha ar é a chlárú.

Airteagal 20

Bagáiste cláraithe a mharcáil

Ní mór don phaisinéir a shonrú ar gach ítim bagáiste in áit a bheidh le feiceáil go soiléir agus ar mhodh a bheidh sách buan agus sách inléite:

(a)

a ainm agus a sheoladh;

(b)

an ceann scríbe.

Airteagal 21

An ceart chun bagáiste cláraithe a dhiúscairt

1.   Má cheadaítear leis na cúinsí agus mura sáraítear amhlaidh ceanglais ná riachtanais údarás riaracháin eile, féadfaidh an paisinéir a iarraidh go ndéanfar bagáiste a thabhairt ar ais ar láimh ag áit an choinsínithe ar thabhairt suas an dearbháin chláraithe bagáiste agus, má cheanglaítear amhlaidh leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair déanamh amhlaidh, ar thabhairt ar aird an ticéid.

2.   Féadfaidh forálacha eile a bhaineann leis an gceart chun bagáiste cláraithe a dhiúscairt a bheith sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, go háirithe modhnuithe ar an gceann scríbe agus na hiarmhairtí airgeadais a d’fhéadfaí a bheith le hiompar ag an bpaisinéir.

Airteagal 22

Seachadadh

1.   Déanfar bagáiste cláraithe a sheachadadh ar an dearbhán cláraithe bagáiste a thabhairt suas agus, i gcás inar iomchuí, ar na méideanna is inmhuirearaithe in aghaidh na coinsíneachta a íoc.

Beidh an t-iompróir i dteideal a scrúdú an bhfuil sealbhóir an dearbháin i dteideal glacadh le seachadadh, ach ní bheidh sé d’oibleagáid air é sin a scrúdú.

2.   Beidh na nithe seo a leanas coibhéiseach le seachadadh do shealbhóir an dearbháin chláraithe bagáiste, más rud é, i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm ag an gceann scríbe:

(a)

gur tugadh an bagáiste ar láimh do na húdaráis chustaim nó octroi ag a n-áitreabh nó ag a stórais, nuair nach mbeidh siad sin faoi réir mhaoirsiú an iompróra;

(b)

gur tugadh ainmhithe beo ar láimh do thríú páirtithe.

3.   Féadfaidh sealbhóir an dearbháin chláraithe bagáiste a cheangal go ndéanfar an bagáiste a sheachadadh ag an gceann scríbe a luaithe a bheidh an t-am caite a comhaontaíodh agus, i gcás inar iomchuí, a luaithe a bheidh an t-am caite is gá do na hoibríochtaí a dhéanfaidh na húdaráis chustaim nó riaracháin.

4.   Má mhainnítear an dearbhán cláraithe bagáiste a thabhairt suas, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an iompróir an bagáiste a sheachadadh ach chuig an duine a chruthóidh a cheart chuige; más dealraitheach nach bhfuil an cruthúnas a thairgtear leordhóthanach, féadfaidh an t-iompróir a cheangal go dtabharfar urrús.

5.   Déanfar bagáiste a sheachadadh ag an gceann scríbe ar dó a cláraíodh é.

6.   Féadfaidh sealbhóir dearbháin chláraithe bagáiste nach ndearnadh a bhagáiste a sheachadadh a cheangal go ndéanfar an lá agus an t-am a d’iarr sé an seachadadh a fhormhuiniú ar an dearbhán i gcomhréir le mír 3.

7.   Féadfaidh an duine atá ina theideal a dhiúltú an bagáiste a ghlacadh mura gcomhlíonfaidh an t-iompróir an iarraidh uaidh scrúdú a dhéanamh ar an mbagáiste cláraithe d’fhonn damáiste a líomhnaítear a shuíomh.

8.   Ar gach bealach eile, déanfar an bagáiste a sheachadadh i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm ag an gceann scríbe.

Caibidil IV

Feithiclí

Airteagal 23

Coinníollacha iompair

Sonrófar go sonrach sna forálacha speisialta maidir le hiompar feithiclí atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, na coinníollacha lena rialaítear glacadh chun iompair, clárú, luchtú agus iompair, díluchtú agus seachadadh, chomh maith le hoibleagáidí an phaisinéara.

Airteagal 24

Dearbhán iompair

1.   Caithfear na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le feithiclí a iompar a bhunú le dearbhán cláraithe a eiseofar chuig an bpaisinéir. Féadfar an dearbhán iompair a lánpháirtiú i dticéad an phaisinéara.

2.   Cinnfidh na coinníollacha ginearálta lena rialaítear iompar feithiclí, atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, foirm an dearbháin iompair agus a mbeidh air chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar é a chló agus a dhéanamh amach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(5).

3.   Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an dearbhán iompair:

(a)

an t-iompróir nó na hiompróirí;

(b)

ráiteas go bhfuil an t-iompar faoi réir na Rialacha Comhionanna seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)

aon ráiteas eile is gá chun na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le feithiclí a iompar a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh iompair.

4.   Caithfidh an paisinéir a áirithiú, ar an dearbhán iompair a fháil, go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

Airteagal 25

An dlí is infheidhme

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh feidhm maidir le feithiclí ag forálacha Chaibidil III a bhaineann le bagáiste a iompar.

TEIDEAL IV

DLITEANAS AN IOMPRÓRA

Caibidil I

Dliteanas i gcás Báis Phaisinéirí nó Díobhála Pearsanta do Phaisinéirí

Airteagal 26

Bonn an dliteanais

1.   Is é an t-iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste as eascróidh as bás paisinéara nó as díobháil phearsanta nó aon díobháil eile choirp nó intinne do phaisinéir, arb é is cúis leis tionóisc a eascraíonn as oibriú an iarnróid agus a tharla le linn don phaisinéir a bheith i bhfeithiclí iarnróid, nó ag dul isteach orthu nó ag tuirlingt díobh, is cuma cén bonneagar iarnróid a úsáidtear.

2.   Saorfar an t-iompróir ón dliteanas sin:

(a)

más é ba chúis leis an tionóisc imthosca nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid agus nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis;

(b)

a mhéid gur ar an bpaisinéir atá an locht gur tharla an tionóisc;

(c)

más é ba chúis leis an tionóisc iompar tríú páirtí nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis; ní mheasfar gur tríú páirtí é gnóthas eile a mbeidh an bonneagar céanna iarnróid á úsáid aige; ní dhéanfar difear don cheart cúláraigh.

3.   Más é iompar tríú páirtí is cúis leis an tionóisc, agus d’ainneoin sin, nach ndéantar an t-iompróir a shaoradh go hiomlán óna dhliteanas i gcomhréir le mír 2(c), beidh dliteanas iomlán air suas go dtí na teorainneacha a leagtar síos sna Rialacha Comhionanna seo ach gan dochar d’aon cheart cúláraigh a d’fhéadfadh an t-iompróir a bheith aige in aghaidh an tríú páirtí.

4.   Ní dhéanfaidh na Rialacha Comhionanna seo difear d’aon dliteanas a d’fhéadfadh an t-iompróir a thabhú i gcásanna nach bhforáiltear dóibh i mír 1.

5.   Más iompróirí comhleanúnacha a dhéanann iompar atá faoi rialú aon chonartha amháin, beidh an t-iompróir atá faoi cheangal, de bhun an chonartha iompair, seirbhís iompair a sholáthar ar lena linn a tharla an tionóisc, beidh sé faoi dhliteanas i gcás báis phaisinéirí, agus i gcás díobhálacha pearsanta do phaisinéirí. I gcás nach é an t-iompróir a sholáthair an tseirbhís seo, ach iompróir ionadach, beidh an dá iompróir faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i gcomhréir leis na Rialacha Comhionanna seo.

Airteagal 27

Damáistí i gcás báis

1.   I gcás bhás an phaisinéara, is éard a bheidh sna damáistí:

(a)

aon chostais is gá tar éis an bháis, go háirithe costais a bhaineann le hiompar an choirp agus costais sochraide;

(b)

mura dtarlaíonn an bás láithreach, na damáistí dá bhforáiltear in Airteagal 28.

2.   Más rud é, de bharr bhás an phaisinéara, go mbaintear a gcothú de dhaoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil air iad a chothabháil, déanfar an caillteanas sin a chúiteamh leis na daoine sin. Is faoi rialú an dlí náisiúnta a bheidh cearta caingne le haghaidh damáistí ag daoine a bhí á gcothú ag an bpaisinéir cé nach raibh ceangal dlíthiúil air amhlaidh a dhéanamh.

Airteagal 28

Damáistí i gcás díobhála pearsanta

I gcás díobhála pearsanta nó aon díobhála eile coirp nó intinne don phaisinéir, is éard a bheidh sna damáistí:

(a)

aon chostais is gá, go háirithe costais chóireála agus iompair;

(b)

cúiteamh as caillteanas airgeadais de bharr éagumais iomláin nó éagumais pháirtigh chun oibre nó de bharr riachtanas méadaithe.

Airteagal 29

Cúiteamh as díobháil eile choirp

Cinnfear le dlí náisiúnta an gcaithfidh an t-iompróir damáistí a íoc i leith díobhála coirp seachas díobháil choirp dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus in Airteagal 28 agus a mhéid a chaithfidh sé damáistí a íoc.

Airteagal 30

Foirm agus méid na ndamáistí i gcás báis nó díobhála pearsanta

1.   Caithfear na damáistí faoi Airteagal 27(2) agus faoi Airteagal 28(b) a dhámhachtain i bhfoirm cnapshuime. Ar a shon sin, má cheadaítear le dlí náisiúnta blianacht a íoc, déanfar na damáistí a dhámhachtain san fhoirm sin má iarrann an paisinéir díobhálaithe nó na daoine atá ina dteideal dá dtagraítear in Airteagal 27(2) amhlaidh.

2.   Déanfar méid na ndamáistí atá le dámhachtain de bhun mhír 1 a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chun críocha na Rialacha Comhionanna seo, áfach, socrófar an uasteorainn in aghaidh an phaisinéara ag 175 000 aonad cuntas mar chnapshuim nó mar bhliantacht bhliantúil a fhreagróidh don tsuim sin, i gcás ina bhforálfar leis an dlí náisiúnta d’uasteorainn is ísle ná an méid sin.

Airteagal 31

Modhanna eile iompair

1.   Faoi réir mhír 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás báis phaisinéirí, nó i gcás díobhála pearsanta dóibh, maidir le caillteanas nó damáiste a eascraíonn le linn an iompair, nach iompar d’iarnród a bhí ann, i gcomhréir leis an gconradh iompair.

2.   I gcás ina mbeidh feithiclí iarnróid á n-iompar d’fharantóireacht, áfach, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le dliteanas i gcás báis phaisinéirí nó as díobháil phearsanta do phaisinéirí, i leith caillteanais nó damáiste dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus Airteagal 33(1) arb é is cúis leis tionóisc a d’eascair as oibriú an iarnróid agus a tharla le linn don phaisinéir a bheith sna feithiclí sin, nó ag dul isteach orthu nó ag tuirlingt díobh.

3.   Nuair a chuirtear oibriú an iarnróid ar fionraí go sealadach, de bharr imthosca eisceachtúla, agus go ndéantar na paisinéirí a iompar de mhodh eile iompair, beidh dliteanas ar an iompróir de bhun na Rialacha Comhionanna seo.

Caibidil II

Dliteanas i gcás go Mainnítear Cloí leis an Amchlár

Airteagal 32

Dliteanas i gcás cealuithe, i gcás traenacha a bheith ag rith mall nó i gcás nasc a chailltear

1.   Beidh an t-iompróir faoi dhliteanas don phaisinéir i leith caillteanais nó damáiste a eascraíonn de bharr nach bhféadfaí, de bhíthin cealaithe, traein a bheith ag rith mall nó nasc a chailltear, leanúint lena thuras an lá céanna sin, nó nach bhféadfaí go réasúnach a cheangal go leanfaí leis an turas de bharr imthosca áirithe. Is éard a bheidh sna damáistí costais réasúnacha cóiríochta chomh maith leis na costais réasúnacha a tháinig toisc go raibh gá fógra a thabhairt do dhaoine a bhí ag súil leis an bpaisinéir.

2.   Saorfar an t-iompróir ón dliteanas sin i gcás ina mbeidh an cealú, an rith mall nó nasc caillte inchurtha i leith ceann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

imthosca nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid agus nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis,

(b)

locht ar an bpaisinéir; nó

(c)

iompar tríú páirtí nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis; ní mheasfar gur tríú páirtí é gnóthas eile a mbeidh an bonneagar céanna iarnróid á úsáid aige; ní dhéanfar difear don cheart cúláraigh.

3.   Cinnfear le dlí náisiúnta an gcaithfidh an t-iompróir damáistí a íoc i leith díobhála coirp seachas díobháil choirp dá ndéantar foráil i mír 1 agus a mhéid a chaithfidh sé damáistí a íoc. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin dochar d’Airteagal 44.

Caibidil III

Dliteanas i leith Bagáiste Láimhe, Ainmhithe, Bagáiste Chláraithe agus Feithiclí

ROINN 1

Bagáiste Láimhe agus Ainmhithe

Airteagal 33

Dliteanas

1.   I gcás báis phaisinéirí nó díobhála pearsanta dóibh, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas freisin i leith caillteanais iomláin nó páirt chaillteanais earraí a bhí ag an bpaisinéir nó a bhí leis nó léi mar bhagáiste láimhe nó i leith damáiste do na hearraí sin; beidh feidhm ag an méid seo freisin maidir le hainmhithe a thug an paisinéir leis nó léi. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 26.

2.   Thairis sin, ní bheidh an gnóthas iarnróid faoi dhliteanas i leith caillteanais iomláin nó páirt chaillteanais earraí nó ainmhithe a raibh an paisinéir freagrach as a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 15, ná i leith damáiste dóibh, murab é locht an iompróra ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste sin. Ní bheidh feidhm ag na hAirteagail eile de Theideal IV, ach amháin Airteagal 51, ná ag Teideal VI maidir leis an gcás sin.

Airteagal 34

Teorainn le damáistí i gcás caillteanais earraí nó damáiste dóibh

Nuair a bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas faoi Airteagal 33(1), caithfidh sé cúiteamh a íoc go feadh theorainn 1 400 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara.

Airteagal 35

Eisiamh dliteanais

Ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas don phaisinéir i leith caillteanais nó damáiste a eascraíonn as mainneachtain an phaisinéara na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn na húdaráis custaim nó údaráis riaracháin eile a chomhall.

ROINN 2

Bagáiste Cláraithe

Airteagal 36

Bonn an dliteanais

1.   Is é an t-iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste a eascraíonn as caillteanas iomlán nó páirt chaillteanas bagáiste chláraithe idir an t-am a dtógfaidh an t-iompróir an bagáiste idir lámha agus am an tseachadta, agus as moill ar sheachadadh.

2.   Saorfar an t-iompróir ón dliteanas sin a mhéid ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an seachadadh moillithe locht an phaisinéara, ordú a thug an paisinéir seachas de thoradh locht an iompróra, fabht bhunúsach sa bhagáiste cláraithe nó imthosca nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc.

3.   Saorfar an t-iompróir, áfach, ón dliteanas sin a mhéid a d’eascair an caillteanas nó an damáiste as priacal faoi leith atá ann go bunúsach in imthoisc amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

easpa pacála nó neamhdhóthanacht na pacála;

(b)

cineál speisialta an bhagáiste;

(c)

coinsíniú earraí mar bhagáiste nach bhfuil inghlactha don iompar.

Airteagal 37

An dualgas cruthúnais

1.   Is ar an iompróir a bheidh an dualgas a chruthú gur ceann de na cúiseanna a shonraítear in Airteagal 36(2) ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill seachadta.

2.   Má shuíonn an t-iompróir, ag féachaint d’imthosca cáis áirithe, go bhféadfadh an caillteanas nó an damáiste eascairt as priacal amháin nó níos mó de na priacail speisialta dá dtagraítear in Airteagal 36(3), toimhdeofar gur as priacal den sórt sin a d’eascair sé. Beidh de cheart ag an duine a mbeidh teidlíocht aige a chruthú, áfach, nach raibh an caillteanas ná an damáiste inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith ceann de na priacail sin.

Airteagal 38

Iompróirí comhleanúnacha

Más líon iompróirí comhleanúnacha a dhéanann iompar atá faoi rialú aon chonartha amháin, tiocfaidh gach iompróir, de bhíthin an bagáiste i dteannta an dearbháin chláraithe bagáiste nó an fheithicil i dteannta an dearbháin iompair a thógáil idir lámha, chun bheith ina pháirtí sa chonradh iompair maidir leis an mbagáiste a chur ar aghaidh nó na feithiclí a iompar, i gcomhréir le téarmaí an dearbháin chláraithe bagáiste nó an dearbháin iompair agus glacfaidh sé air féin na hoibleagáidí a eascraíonn as sin. I gcás den sórt sin beidh gach iompróir freagrach as an iompar thar an mbealach ar fad go dtí an seachadadh.

Airteagal 39

Iompróir ionadach

1.   I gcás inar chuir an t-iompróir comhlíonadh an chúraim iompair, go hiomlán nó go páirteach, de chúram ar iompróir ionadach, bíodh nó ná bíodh sé de bhun cirt faoin gconradh iompair chun é sin a dhéanamh, leanfaidh an t-iompróir de bheith faoi dhliteanas i leith an iompair iomláin.

2.   Forálacha uile na Rialacha Comhionanna seo lena rialaítear dliteanas an iompróra, beidh feidhm acu freisin ar dhliteanas an iompróra ionadaigh i leith an iompair arna dhéanamh aige. Beidh feidhm ag Airteagal 48 agus ag Airteagal 52 má thionscnaítear caingean in aghaidh na seirbhíseach nó aon duine eile ar bhain an t-iompróir ionadach úsáid as a sheirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh.

3.   Aon chomhaontú speisialta faoina nglacann an t-iompróir oibleagáidí air nach bhforchuirtear leis na Rialacha Comhionanna seo nó faoina dtarscaoileann sé cearta arna dtabhairt leis na Rialacha Comhionanna seo, ní bheidh aon éifeacht aige i leith an iompróra ionadaigh mura mbeidh glactha aige leis an gcomhaontú sin go sainráite agus i scríbhinn. Cibé acu ar ghlac nó nár ghlac an t-iompróir ionadach leis, leanfaidh an t-iompróir fós de bheith faoi cheangal aon oibleagáidí nó aon tarscaoiltí a thig ó chomhaontú speisialta den sórt sin.

4.   I gcás ina mbeidh agus a mhéid a bheidh an t-iompróir agus an t-iompróir ionadach araon faoi dhliteanas, beidh a ndliteanas ina dhliteanas comhpháirteach agus leithleach.

5.   Méid comhiomlán an chúitimh a bheidh le híoc ag an iompróir, ag an iompróir ionadach agus ag a seirbhísigh agus aon daoine eile a mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh, ní rachaidh sé thar na teorainneacha dá bhforáiltear sna Rialacha Comhionanna seo.

6.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do chearta cúláraigh a d’fhéadfadh a bheith ann idir an t-iompróir agus an t-iompróir ionadach.

Airteagal 40

Toimhde an chaillteanais

1.   Féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige, gan a bheith de cheangal air tuilleadh cruthúnais a thabhairt, a mheas go bhfuil mír bagáiste caillte nuair nach ndearnadh í a sheachadadh ná a chur ar fáil dó laistigh de cheithre lá dhéag ón lá a rinneadh iarraidh ar sheachadadh i gcomhréir le hAirteagal 22(3).

2.   Má aisghabhtar mír bagáiste a measadh a bheith caillte laistigh de bhliain ón iarraidh ar sheachadadh, caithfidh an t-iompróir fógra a thabhairt don duine a mbeidh teidlíocht aige más eol a sheoladh nó más féidir é a fhionnadh.

3.   Laistigh de thríocha lá ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige a éileamh go ndéanfaí an mhír bagáiste a sheachadadh dó. Sa chás sin, caithfidh sé na muirir a íoc i leith iompar na míre ón áit a coinsínithe go dtí an áit ina ndéantar í a sheachadadh agus an cúiteamh a fuarthas a aisíoc lúide, más iomchuí, aon chostas a áiríodh ann. Ar a shon sin, coinneoidh sé a chearta, dá bhforáiltear in Airteagal 43, chun cúiteamh a éileamh as moill ar sheachadadh.

4.   Mura ndéantar mír bagáiste a aisghabhadh a éileamh laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 3 nó má aisghabhtar í níos mó ná bliain tar éis na hiarrata ar sheachadadh, déanfaidh an t-iompróir í a dhiúscairt i gcomhréir leis na dlíthe agus na saintreoracha atá i bhfeidhm san áit ina bhfuil an mhír bagáiste.

Airteagal 41

Cúiteamh as caillteanas

1.   I gcás ina gcaillfear bagáiste cláraithe, go hiomlán nó go páirteach, caithfidh an t-iompróir a íoc mar a leanas, d’eisiamh gach damáiste eile:

(a)

má chruthaítear méid an chaillteanais nó an damáiste a rinneadh, cúiteamh is ionann leis an méid sin ach nach mó ná 80 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise atá in easnamh nó 1 200 aonad cuntais in aghaidh gach míre bagáiste;

(b)

mura suitear méid an chaillteanais nó an damáiste a rinneadh, damáistí leachtaithe 20 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise atá in easnamh nó 300 aonad cuntais in aghaidh gach míre bagáiste.

Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair modh an chúitimh, cibé acu in aghaidh gach cileagraim atá in easnamh nó in aghaidh gach míre bagáiste.

2.   Caithfidh an t-iompróir ina theannta sin an muirear ar iompar an bhagáiste agus na suimeanna eile a íocadh i ndáil le hiompar na míre caillte a aisíoc maille leis na dleachtanna custaim agus na dleachtanna máil a íocadh cheana.

Airteagal 42

Cúiteamh as damáiste

1.   I gcás damáiste do bhagáiste cláraithe, caithfidh an t-iompróir cúiteamh is ionann le caillteanas luacha an bhagáiste a íoc, d’eisiamh gach damáiste eile.

2.   Ní rachaidh an cúiteamh thar:

(a)

an méid a bheadh iníoctha i gcás caillteanais iomláin, má chaill an bagáiste go léir luach de dheasca damáiste;

(b)

an méid a bheadh iníoctha dá gcaillfí an chuid sin, murar chaill ach cuid den bhagáiste luach de dheasca damáiste.

Airteagal 43

Cúiteamh as moill ar sheachadadh

1.   I gcás moille ar sheachadadh bagáiste chláraithe, caithfidh an t-iompróir na méideanna seo a leanas a íoc as gach tréimhse iomlán de cheithre uair is fiche tar éis an seachadadh a iarradh, ach faoi réir uastréimhse ceithre lá dhéag:

(a)

má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, cúiteamh is ionann le méid an chaillteanais nó an damáiste suas le huasmhéid 0,80 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise den bhagáiste nó 14 aonad cuntais in aghaidh gach míre bagáiste a seachadadh go déanach;

(b)

mura gcruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, damáistí leachtaithe 0,14 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise den bhagáiste nó 2,80 aonad cuntais in aghaidh gach míre bagáiste a seachadadh go déanach.

Cinnfear leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair modhanna an chúitimh, cibé acu in aghaidh gach cileagraim atá in easnamh nó in aghaidh gach míre bagáiste.

2.   I gcás chaillteanas iomlán an bhagáiste, ní bheidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha de bhreis ar an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 41.

3.   I gcás pháirt chaillteanas an bhagáiste, beidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha in aghaidh na coda sin den bhagáiste nár cailleadh.

4.   I gcás damáiste do bhagáiste nach dtig de thoradh moille ar sheachadadh, beidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha, i gcás inar iomchuí, de bhreis ar an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 42.

5.   Ní rachaidh an cúiteamh iomlán dá bhforáiltear i mír 1, i dteannta an chúitimh is iníoctha faoi Airteagal 41 agus faoi Airteagal 42, ar aon chúinse thar an gcúiteamh a bheadh iníoctha i gcás chaillteanas iomlán an bhagáiste.

ROINN 3

Feithiclí

Airteagal 44

Cúiteamh as moill

1.   I gcás moille ar luchtú ar chúis is inchurtha i leith an iompróra nó moill ar sheachadadh feithicle, má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, caithfidh an t-iompróir cúiteamh a íoc nach rachaidh thar mhéid an mhuirir ar iompar.

2.   I gcás moille ar luchtú ar chúis is inchurtha i leith an iompróra, má roghnaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gan dul ar aghaidh leis an gconradh iompair, aisíocfar an muirear ar iompar leis. Ina theannta sin, má chruthaíonn sé gur tharla caillteanas nó damáiste de dheasca na moille, féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige cúiteamh a éileamh nach rachaidh thar mhéid an mhuirir ar iompar.

Airteagal 45

Cúiteamh as caillteanas

I gcás caillteanais iomláin nó páirt-chaillteanais feithicle, déanfar an cúiteamh is iníoctha leis an duine a mbeidh teidlíocht aige a ríomh ar bhonn ghnáthluach na feithicle. Ní rachaidh sé thar 8 000 aonad cuntais. Measfar gur feithicil leithleach í leantóir luchtaithe nó leantóir díluchtaithe.

Airteagal 46

Dliteanas i leith earraí eile

1.   Maidir le hearraí a fhágtar san fheithicil nó atá i mboscaí (e.g. boscaí bagáiste nó boscaí scíonna) atá daingnithe don fheithicil, ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas ach i leith caillteanais nó damáiste a tharlaíonn ar air féin atá an locht gur tharla sé. Ní rachaidh an cúiteamh iomlán is iníoctha thar 1 400 aonad cuntais.

2.   A mhéid a bhaineann le hearraí a stuáiltear ar an taobh amuigh den fheithicil, lena n-áirítear na boscaí dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith earraí atá ar an taobh amuigh den fheithicil ach amháin má chruthaítear gur tharla an caillteanas nó an damáiste de dheasca gnímh nó neamhghnímh a rinne an t-iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

Airteagal 47

An dlí is infheidhme

Faoi réir fhorálacha na Ranna seo, beidh feidhm maidir le feithiclí ag forálacha Roinn 2 a bhaineann le dliteanas i leith bagáiste.

Caibidil IV

Forálacha Comhchoiteanna

Airteagal 48

An ceart a chailliúint chun teorainneacha le dliteanas a agairt

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha le dliteanas dá bhforáiltear sna Rialacha Comhionanna seo i dteannta na bhforálacha den dlí náisiúnta lena dteorannaítear an cúiteamh go méid socraithe, má chruthaítear gur tharla an caillteanas nó an damáiste de dheasca gnímh nó neamhghnímh a rinne an t-iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

Airteagal 49

Comhshó agus ús

1.   I gcás inar gá suimeanna a shonraítear in airgeadra eachtrach a chomhshó chun an cúiteamh a ríomh, déanfar an comhshó ag an ráta malairte is infheidhme lá íoctha an chúitimh in áit íoctha an chúitimh.

2.   Féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige ús ar an gcúiteamh a éileamh, a dhéanfar a ríomh ag cúig faoin gcéad in aghaidh na bliana, ó dháta an éilimh dá bhforáiltear in Airteagal 55 nó, mura ndearnadh éileamh den sórt sin, ón lá a tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla.

3.   I gcás cúitimh is iníoctha de bhun Airteagal 27 agus Airteagal 28, áfach, ní fhabhróidh ús ach ón lá a tharla na teagmhais is ábhartha chun méid an chúitimh a mheas, más déanaí an lá sin ná lá an éilimh nó an lá a tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla.

4.   I gcás bagáiste, ní bheidh ús iníoctha ach amháin más mó an cúiteamh ná 16 aonad cuntais in aghaidh an dearbháin chláraithe bagáiste.

5.   I gcás bagáiste, mura gcuireann an duine a mbeidh teidlíocht aige na doiciméid tacaíochta is gá chun an t-éileamh a shocrú go críochnaitheach faoi bhráid an iompróra laistigh de thréimhse réasúnach arna deonú dó, ní fhabhróidh aon ús idir dul in éag na tréimhse sin agus taisceadh iarbhír na ndoiciméad.

Airteagal 50

Dliteanas i gcás taismí núicléacha

Saorfar an t-iompróir ó dhliteanas de bhun na Rialacha Comhionanna seo i leith caillteanais nó damáiste de dheasca taisme núicléiche nuair is oibreoir gléasra núicléach nó duine eile a ghabhann a ionad atá faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste de bhun dlíthe agus saintreoracha Stáit lena rialaítear an dliteanas i réimse an fhuinnimh núicléach.

Airteagal 51

Daoine a bhfuil an t-iompróir faoi dhliteanas thar a gceann

Beidh an t-iompróir faoi dhliteanas thar ceann a sheirbhíseach agus daoine eile a mbaineann sé úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh, i gcás ina mbeidh na seirbhísigh sin agus na daoine eile sin ag gníomhú faoi raon a bhfeidhmeanna. Measfar gur daoine a mbaineann an t-iompróir úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh iad bainisteoirí an bhonneagair iarnróid ar a ndéantar an t-iompar.

Airteagal 52

Caingne eile

1.   I ngach cás ina mbeidh feidhm ag na Rialacha Comhionanna seo, ní fhéadfar aon chaingean a thionscnamh i ndáil le dliteanas, is cuma cad iad na forais, ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos sna Rialacha Comhionanna seo.

2.   Is amhlaidh a bheidh maidir le haon chaingean arna tabhairt in aghaidh na seirbhíseach nó na ndaoine eile a bhfuil an t-iompróir faoi dhliteanas thar a gceann de bhun Airteagal 51.

TEIDEAL V

DLITEANAS AN PHAISINÉARA

Airteagal 53

Prionsabail speisialta an dliteanais

Beidh an paisinéir faoi dhliteanas don iompróir i leith aon chaillteanais nó damáiste:

(a)

a leanfaidh as mainneachtain an phaisinéara a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh

1.

de bhun Airteagal 10, Airteagal 14 agus Airteagal 20,

2.

de bhun na bhforálacha speisialta maidir le hiompar feithiclí atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, nó

3.

de bhun an Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), nó

(b)

arb é ba chúis leis na hearraí agus na hainmhithe a thugann an paisinéir in éineacht leis,

mura gcruthaíonn sé gurb é ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste imthosca nárbh fhéidir leis a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc, cé gur fheidhmigh sé an dúthracht is gá do phaisinéir consiasach. Ní dhéanfaidh an fhoráil seo aon difear do dhliteanas an iompróra de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 33(1).

TEIDEAL VI

DEARBHÚ NA gCEART

Airteagal 54

Páirt-chaillteanas nó damáiste a fhionnadh

1.   I gcás ina bhfaighidh an t-iompróir amach nó i gcás ina dtoimhdeoidh an t-iompróir, nó i gcás ina líomhnóidh an duine, a mbeidh teidlíocht aige gur tharla páirt chaillteanas earra a iompraítear faoi chúram an iompróra (bagáiste, feithiclí), nó i gcás ina ndearnadh damáiste dó, caithfidh an t-iompróir tuarascáil a dhréachtú láithreach, i láthair an duine a mbeidh teidlíocht aige más féidir, lena sonrófar, de réir chineál an chaillteanais nó an damáiste, bail an earra agus, a mhéid is féidir, méid an chaillteanais nó an damáiste, an chúis a bhí leis agus an uair a tharla sé.

2.   Caithfear cóip den tuarascáil a chur ar fáil saor in aisce don duine a mbeidh teidlíocht aige.

3.   I gcás nach nglacfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige leis na conclúidí sa tuarascáil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfadh saineolaí arna cheapadh ag na páirtithe sa chonradh iompair nó ag cúirt nó binse bail an bhagáiste nó na feithicle agus cúis agus méid an chaillteanais nó an damáiste a fhionnadh. Beidh an nós imeachta a bheidh le leanúint á rialú ag dlíthe agus saintreoracha an Stáit ina ndéantar an fionnadh sin.

Airteagal 55

Éilimh

1.   Caithfear éilimh a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás báis phaisinéirí, nó i gcás díobhála pearsanta dóibh, a dhíriú i scríbhinn chuig an iompróir ar féidir caingean a thabhairt ina choinne. I gcás iompair atá faoi rialú conartha aonair agus arna chur i gcrích ag iompróirí comhleanúnacha, féadfar na héilimh a dhíriú freisin chuig an gcéad iompróir nó chuig an iompróir deireanach chomh maith leis an iompróir a bhfuil a phríomháit ghnó nó an brainse nó an ghníomhaireacht a thug an conradh iompair i gcrích sa Stát ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpaisinéir.

2.   Caithfear éilimh eile a bhaineann leis an gconradh iompair a dhíriú i scríbhinn chuig an iompróir a shonraítear in Airteagal 56(2) agus (3).

3.   Tabharfar ar aird na doiciméid sin a measann an duine a mbeidh teidlíocht aige gur cuí iad a thaisceadh leis an éileamh, an leagan bunaidh nó cóipeanna díobh, i gcás inar iomchuí, agus na cóipeanna arna ndeimhniú go cuí má éilíonn an t-iompróir amhlaidh. Nuair a shocrófar éileamh, féadfaidh an t-iompróir a cheangal go dtabharfar suas an ticéad, an dearbhán cláraithe bagáiste agus an dearbhán iompair.

Airteagal 56

Iompróirí a bhféadfar caingean a thabhairt ina gcoinne

1.   Is in aghaidh an iompróra a bheidh faoi dhliteanas de bhun Airteagal 26(5) amháin a fhéadfar caingean a thabhairt a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás báis phaisinéirí, nó i gcás díobhála pearsanta dóibh.

2.   Faoi réir mhír 4, is in aghaidh an chéad iompróra, in aghaidh an iompróra dheireanaigh nó in aghaidh an iompróra a rinne an chuid sin den iompar ar lena linn a tharla an teagmhas ba chúis leis na himeachtaí, agus ina aghaidh sin amháin, a fhéadfar caingne eile arna dtabhairt ag paisinéirí a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair a thabhairt.

3.   I gcás iompair arna dhéanamh ag iompróirí comhleanúnacha, nuair a dhéanfar an t-iompróir a chaithfidh an bagáiste nó an fheithicil a sheachadadh a lua le toiliú uaidh ar an dearbhán cláraithe bagáiste nó ar an dearbhán iompair, féadfar caingean a thabhairt ina choinne i gcomhréir le mír 2 fiú mura bhfuair sé an bagáiste nó an fheithicil.

4.   Caingean chun suim a íocadh de bhun an chonartha iompair a ghnóthú, féadfar í a thabhairt in aghaidh an iompróra a bhailigh an tsuim sin nó in aghaidh an iompróra ar bailíodh thar a cheann í.

5.   Féadfar caingean a thabhairt in aghaidh iompróra seachas na hiompróirí a shonraítear i mír 2 agus i mír 4 nuair a thionscnófar mar fhrithéileamh nó mar eisceacht í in imeachtaí a bhaineann leis an bpríomhéileamh a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair céanna.

6.   A mhéid a bheidh feidhm ag na Rialacha Comhionanna seo ar an iompróir ionadach, féadfar caingean a thabhairt ina choinne freisin.

7.   Má bhíonn rogha ag an ngearánaí idir líon iompróirí, múchfar a cheart chun rogha a dhéanamh a luaithe a thabharfaidh sé caingean in aghaidh duine díobh; beidh feidhm ag an méid seo freisin i gcás ina mbeidh rogha ag an ngearánaí idir iompróir amháin nó níos mó agus iompróir ionadach.

Airteagal 58

Múchadh cirt chaingne i gcás báis nó díobhála pearsanta

1.   Aon cheart caingne ag an duine a mbeidh teidlíocht aige a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás báis phaisinéirí, nó i gcás díobhála pearsanta dóibh, múchfar é i gcás nach dtabharfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige fógra faoin tionóisc a tharla don phaisinéir do dhuine de na hiompróirí a bhféadfar éileamh a dhíriú chuige i gcomhréir le hAirteagal 55(1), laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar tháinig sé ar an eolas faoin gcaillteanas nó faoin damáiste. I gcás ina dtabharfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige fógra faoin tionóisc ó bhéal don iompróir, cuirfidh an t-iompróir admháil maidir leis an bhfógra sin ó bhéal ar fáil dó.

2.   Ar a shon sin, ní mhúchfar an ceart caingne

(a)

i gcás inar dhírigh an duine a mbeidh teidlíocht aige éileamh chuig duine de na hiompróirí a shonraítear in Airteagal 55(1) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 1;

(b)

i gcás ina bhfuair an t-iompróir atá faoi dhliteanas amach ar dhóigh eile laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 eolas ar an tionóisc a tharla don phaisinéir;

(c)

i gcás inar tugadh fógra faoin tionóisc, nó i gcás inar tugadh go déanach é, de dheasca imthosca nach inchurtha i leith an duine;

(d)

má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur locht an iompróra ba chúis leis an tionóisc.

Airteagal 59

Múchadh cirt chaingne a eascraíonn as iompar bagáiste

1.   Le glacadh an bhagáiste ag an duine, múchfar gach ceart caingne in aghaidh an iompróra a eascraíonn as an gconradh iompair i gcás páirt chaillteanais, damáiste nó moille ar sheachadadh.

2.   Ar a shon sin, ní mhúchfar an ceart caingne:

(a)

i gcás páirt chaillteanais nó damáiste,

1.

i gcás inar fionnadh an caillteanas nó an damáiste i gcomhréir le hAirteagal 54 sular ghlac an duine a mbeidh teidlíocht aige leis an mbagáiste,

2.

más de locht an iompróra amháin a fágadh ar lár an fionnadh ba chóir a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 54;

(b)

i gcás caillteanais nó damáiste nach léir agus a fionnadh tar éis don duine an bagáiste a ghlacadh,

1.

i gcás ina n-iarrfaidh an duine fionnadh i gcomhréir le hAirteagal 54 díreach tar éis dó an caillteanas nó an damáiste a bhrath agus tráth nach déanaí ná trí lá tar éis dó an bagáiste a ghlacadh, agus

2.

ina theannta sin, i gcás ina gcruthóidh sé gur tharla an caillteanas nó an damáiste idir an t-am a thóg an t-iompróir an bagáiste idir lámha agus am an tseachadta;

(c)

i gcás moille ar sheachadadh, má rinne an duine, a mbeidh teidlíocht aige laistigh de lá is fiche, a chearta a dhearbhú in aghaidh duine de na hiompróirí a shonraítear in Airteagal 56(3);

(d)

i gcás ina gcruthóidh an duine a mbeidh teidlíocht aige gur locht an iompróra ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste.

Airteagal 60

Caingne a theorannú

1.   Is é a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás báis phaisinéirí, nó i gcás díobhála pearsanta dóibh:

(a)

i gcás paisinéara, trí bliana ón lá tar éis na tionóisce;

(b)

i gcás daoine eile, a mbeidh teidlíocht acu trí bliana ón lá tar éis don phaisinéir bás a fháil, faoi réir uasteorann cúig bliana ón lá tar éis na tionóisce.

2.   Bliain amháin a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne a eascraíonn as an gconradh iompair. Ar a shon sin, dhá bhliain a bheidh sa tréimhse teorann i gcás caingne maidir le caillteanas nó damáiste de dheasca gnímh nó neamhghnímh a rinne an t-iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

3.   Beidh feidhm ag an tréimhse teorann dá bhforáiltear i mír 2 maidir le caingne:

(a)

le haghaidh cúitimh ar chaillteanas iomlán, ón gceathrú lá déag tar éis don tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) dul in éag;

(b)

le haghaidh cúitimh ar pháirt-chaillteanas, ar dhamáiste nó ar mhoill ar sheachadadh, ó lá an tseachadta;

(c)

i ngach cás eile a bhaineann le hiompar paisinéirí, ón lá a rachaidh bailíocht an ticéid in éag.

Ní chuirfear an lá a shonraítear do theacht i bhfeidhm na tréimhse teorann in áireamh sa tréimhse.

4.   […]

5.   […]

6.   Seachas sin, beidh fionraí agus briseadh tréimhsí teorann faoi rialú ag an dlí náisiúnta.

TEIDEAL VII

CAIDREAMH IDIR IOMPRÓIRÍ

Airteagal 61

Cionroinnt an mhuirir ar iompar

1.   Caithfidh aon iompróir a bhailigh muirear ar iompar nó ar chóir dó muirear ar iompar a bhailiú a sciartha faoi seach den mhuirear sin a íoc leis na hiompróirí lena mbaineann. Socrófar na modhanna íoctha le comhaontú idir na hiompróirí.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 6(3), Airteagal 16(3) agus Airteagal 25 ar an gcaidreamh idir iompróirí comhleanúnacha.

Airteagal 62

Ceart cúláraigh

1.   Beidh ceart cúláraigh ag iompróir a d’íoc cúiteamh de bhun na Rialacha Comhionanna seo in aghaidh na n-iompróirí a bhí páirteach san iompar i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)

is é an t-iompróir ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas ina leith;

(b)

nuair is líon iompróirí is chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, beidh gach duine díobh faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste a chúisigh sé; mura féidir idirdhealú den sórt sin a dhéanamh, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le pointe (c);

(c)

mura féidir a chruthú cén t-iompróir is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt idir na hiompróirí go léir a bhí páirteach san iompar, seachas iad siúd a chruthaíonn nach iad a chúisigh an caillteanas nó an damáiste; beidh an cionroinnt sin i gcomhréir lena sciartha faoi seach den mhuirear ar iompar.

2.   I gcás duine de na hiompróirí a bheith dócmhainneach, déanfar an sciar a bheidh dlite de agus gan íoc aige a chionroinnt idir na hiompróirí eile a bhí páirteach san iompar i gcomhréir lena sciartha faoi seach den mhuirear ar iompar.

Airteagal 63

An nós imeachta cúláraigh

1.   Ní fhéadfaidh an t-iompróir a ndéantar ceart cúláraigh a fheidhmiú ina choinne de bhun Airteagal 62 bailíocht na híocaíochta a rinne an t-iompróir a bheidh ag feidhmiú an chirt cúláraigh a dhíospóid nuair is cúirt nó binse a chinn an cúiteamh agus nuair a tugadh deis idiragartha sna himeachtaí don iompróir céadluaite a fuair fógra cuí i dtaobh na n-imeachtaí. Cinnfidh an chúirt nó an binse ar tugadh an phríomhchaingean os a comhair nó os a chomhair an t-am a cheadófar don fhógra sin faoi na himeachtaí agus don idiragairt sna himeachtaí.

2.   Caithfidh iompróir a fheidhmeoidh a cheart cúláraigh a éileamh a thíolacadh in aon imeachtaí amháin in aghaidh na n-iompróirí go léir nach bhfuil socrú déanta aige leo; dá uireasa sin caillfidh sé a cheart cúláraigh i gcás na n-iompróirí siúd nach ndearna sé imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne.

3.   Tabharfaidh an chúirt nó an binse a cinneadh nó a chinneadh in aon bhreith amháin maidir leis na héilimh cúláraigh go léir a thugtar os a comhair nó os a chomhair.

4.   Féadfaidh iompróir ar mian leis a cheart cúláraigh a fhorfheidhmiú a chaingean a thabhairt os comhair chúirt nó bhinse an Stáit ina bhfuil a phríomháit ghnó ag ceann de na hiompróirí a bhí páirteach san iompar, nó an brainse nó an ghníomhaireacht a thug an conradh iompair i gcrích.

5.   I gcás ina dtabharfar caingean in aghaidh líon iompróirí, beidh an t-iompróir is gearánaí i dteideal an chúirt nó an binse a dtionscnóidh sé na himeachtaí os a comhair nó os a chomhair a roghnú as na cúirteanna agus na binsí a bheidh inniúil de bhun mhír 4.

6.   Ní fhéadfar imeachtaí cúláraigh a cheangal le himeachtaí maidir le cúiteamh arna dtionscnamh ag an duine a mbeidh teidlíocht aige faoin gconradh iompair.

Airteagal 64

Comhaontuithe a bhaineann le cúlárach

Féadfaidh na hiompróirí comhaontuithe a chur i gcrích lena ndéantar maolú ar Airteagal 61 agus ar Airteagal 62.


IARSCRÍBHINN II

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE CUR AR FÁIL AG GNÓTHAIS IARNRÓID AGUS/NÓ DÍOLTÓIRÍ TICÉAD

Cuid I: Faisnéis roimh an turas

Coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh

Amchláir agus coinníollacha don turas is tapúla

Amchláir agus coinníollacha do na táillí is ísle

Inrochtaineacht, coinníollacha rochtana agus áiseanna ar bord do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Inrochtaineacht agus coinníollacha rochtana do rothair

Fáil ar shuíocháin i láthair chaite tobac agus láthair gan cead caite tobac, den chéad ghrád agus den dara grád, couchettes agus carráistí codlata

Aon ghníomhaíochtaí ar dóigh dóibh seirbhísí a bhriseadh nó iad a mhoilliú

Seirbhísí atá ar fáil ar bord

Nósanna imeachta chun bagáiste caillte a éileamh ar ais

Nósanna imeachta chun gearáin a thíolacadh.

Cuid II: Faisnéis le linn an turais

Seirbhísí ar bord

An chéad stáisiún eile

Moilleanna

Príomhsheirbhísí naisc

Ceisteanna slándála agus sábháilteachta.


IARSCRÍBHINN III

ÍOSCHAIGHDEÁIN CHÁILÍOCHTA SEIRBHÍSE

Faisnéis agus ticéid

Poncúlacht seirbhísí, agus prionsabail ghinearálta chun déileáil le briseadh seirbhísí

Cealuithe seirbhísí

Glaineacht an rothra agus áiseanna stáisiúin (cáilíocht an aeir sna carráistí, sláinteachas na n-áiseanna sláintíochta, etc.)

Suirbhé ar shásamh na gcustaiméirí

Láimhseáil gearán, aisíocaíochtaí agus cúiteamh as neamhchomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta seirbhíse

Cúnamh a sholáthrófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.


Top