EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SAN07/09/C

Act concerning the conditions of accession of the Republic of Bulgaria and Romania and the adjustments to the Treaties on which the European Union is founded - Annex VII:List referred to in Article 23 of the Act of Accession: transitional measures, Romania - 9.Environment - C.Water quality

IO L 157, 21.6.2005, p. 339–344 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12005SAN07/09/C



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0339 - 0344


C. CÁILÍOCHT AN UISCE

1. 31983 L 0153: Treoir 83/513/CEE ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 1983 maidir le luachanna teorantacha agus cuspóirí cáilíochta do sceitheadh caidmiam (IO L 291, 24.10.1983, lch. 1), mar atá arna leasú le:

- 31991 L 0692: Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23.12.1991 (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

31984 L 0156: Treoir 84/156/CEE ón gComhairle an 8 Márta 1984 maidir le luachanna teorantacha agus cuspóirí cáilíochta do sceitheadh mearcair ag earnálacha seachas tionscal an leictrealaithe chlóralcaile (IO L 74, 17.3.1984, lch. 49), mar atá arna leasú le:

- 31991 L 0692: Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23.12.1991 (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

De mhaolú ar Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I de Threoir 83/513/CEE agus Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I de Threoir 84/156/CEE, ní bheidh feidhm go dtí an 31 Nollaig 2009 sa Rómáin maidir leis na fearais thionsclaíocha seo a leanas ag na luachanna teorantacha do sceitheadh caidmiam agus mearcair sna huiscí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 76/464/CEE ón gComhairle an 4 Bealtaine 1976 maidir le truailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe a sceitheadh i dtimpeallacht uisceach an Chomhphobail [24]:

ARIEŞMIN SA Baia de Arieş-Valea Sărtaş- Baia de Arieş — contae Alba

ARIEŞMIN SA Baia de Arieş- ape de mină- Baia de Arieş — contae Alba

EM TURŢ — Turţ — contae Satu Mare

SM BAIA BORŞA-evacuare ape de mină Gura Băii — Borşa — contae Maramureş

SM BAIA BORŞA-evacuare ape de mină Burloaia — Borşa — contae Maramureş

SM BAIA BORŞA-evacuare Colbu-Toroioaga — Borşa — contae Maramureş

EM BAIA SPRIE — Baia Sprie — contae Maramureş

EM CAVNIC — Cavnic — contae Maramureş

EM BĂIUŢ — Băiuţ — contae Maramureş

S.C. Romplumb SA BAIA MARE-evacuare în canal de.transport — Baia Mare — contae Maramureş

SUCURSALA MINIERĂ BAIA MARE-flotaţie centrală — Baia Mare — contae Maramureş

SM BAIA BORŞA-evacuare ape flotaţie — Borşa — contae Maramureş

Romarm Tohan Zărneşti — Zărneşti — contae Braşov

S.C. Viromet SA Victoria — Victoria — contae Braşov

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 1 — Slatina — contae Olt

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 2 — Slatina — contae Olt

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 3 — Slatina — contae Olt

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 4 — Slatina — contae Olt

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 5 — Slatina — contae Olt

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 6 — Slatina — contae Olt

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 7 — Slatina — contae Olt

S.C. GECSAT Târnăveni — Târnăveni — contae Mureş

SGDP BAIA BORŞA — Borşa — contae Maramureş

SPGC SEINI — Seini — contae Maramureş

S.C. VITAL BAIA MARE-evacuare staţie — Baia Mare — contae Maramureş

S.C. IMI SA BAIA MARE-evacuare staţie mina Ilba — Baia Mare — contae Maramureş

S.C. WEST CONSTRUCT MINA SOCEA — Valea Socea — contae Maramureş

2. 31984 L 0491: Treoir 84/491/CEE ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1984 maidir le luachanna teorantacha agus cuspóirí cáilíochta do sceitheadh heicseaclóraicioglaiheacsáin (IO L 274, 17.10.1984, lch. 11), mar atá arna leasú le:

- 31991 L 0692: Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23.12.1991 (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

De mhaolú ar Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I de Threoir 84/491/CEE, ní bheidh feidhm go dtí an 31 Nollaig 2009 sa Rómáin maidir leis na fearais thionsclaíocha seo a leanas ag na luachanna teorantacha do sceitheadh liondáin sna huiscí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 76/464/CEE ón gComhairle an 4 Bealtaine 1976 maidir le truailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe a sceitheadh i dtimpeallacht uisceach an Chomhphobail [25]:

S.C. Sinteza SA Oradea — Oradea — contae Bihor

S.C. OLTCHIM SA Râmnicu Vâlcea — Râmnicu Vâlcea — contae Vâlcea

S.C. CHIMCOMPLEX SA Borzeşti — Borzeşti — contae Bacău

3. 31986 L 0280: Treoir 86/280/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le luachanna teorantacha agus cuspóirí cáilíochta do sceitheadh substaintí contúirteacha áirithe atá folaithe i Liosta I den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 76/464/CEE (IO L 181, 4.7.1986, lch. 16), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 31991 L 0692: Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23.12.1991 (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

De mhaolú ar Airteagal 3 agus Iarscríbhinn II de Threoir 86/280/CEE, ní bheidh feidhm go dtí an 31 Nollaig 2009 sa Rómáin maidir leis na fearais thionsclaíocha seo a leanas ag na luachanna teorantacha do sceitheadh heicseaclóraibeinséine, heicseaclórabútaidéine, 1,2-déchlóireatáin (EDC), tríchlóireitiléine (TRI) agus tríchlóraibeinséine (TCB) sna huiscí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 76/464/CEE ón gComhairle an 4 Bealtaine 1976 maidir le truailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe a sceitheadh i dtimpeallacht uisceach an Chomhphobail [25]:

S.C. NUTRISAM SATU MARE- Ferma MOFTIN — Satu Mare — contae Satu Mare

S.C. MARLIN SA ULMENI — Ulmeni — contae Maramureş

S.C. PROMET — Satu Mare — contae Maramureş

ARDUDANA ARDUD — Ardud — contae Maramureş

SM BAIA BORŞA- evacuare ape de mină Gura Băii — Borşa — contae Maramureş

SM BAIA BORŞA-evacuare Colbu-Toroioaga — Borşa — contae Maramureş

ERS CUG CLUJ-evacuare 3 — Cluj — Napoca — contae Cluj

S.C. ARMĂTURA CLUJ — 6 evacuări directe — Cluj-Napoca — contae Cluj

SUCURSALA MINIERĂ BAIA MARE-flotaţie centrală — Baia Mare — contae Maramureş

S.C. OLTCHIM SA — Râmnicu Vâlcea — contae Vâlcea

S.C. CHIMCOMPLEX SA Borzeşti-M 1 — Borzeşti — contae Bacău

S.C. Electrocarbon SA Slatina — R 2 — Slatina — contae Olt

S.C. TERAPIA CLUJ — evacuare staţie 3 + staţie 2 — Cluj-Napoca — contae Cluj

S.C. PHOENIX ROMÂNIA CAREI — Carei — contae Satu Mare

S.C. SILVANIA ZALĂU — Zalău — contae Sălaj

SNP PETROM SA — ARPECHIM Piteşti — Piteşti — contae Argeş

S.C. TEHNOFRIG CLUJ — evacuare 1 — Cluj-Napoca — contae Cluj

RBG ELCOND ZALĂU — Zalău — contae Sălaj

S.C. MUCART CLUJ — Cluj-Napoca — contae Cluj

S.C. CELHART DONARIS SA Brăila — Brăila — contae Brăila

STRATUS MOB SA Blaj — Blaj — contae Alba

4. 31991 L 0271: Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29.9.2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

De mhaolú ar Airteagail 3, 4 agus 5(2) de Threoir 91/271/CEE, ní bheidh feidhm iomlán go dtí an 31 Nollaig 2018 sa Rómáin ag na ceanglais do chórais bhailithe agus do chóireáil fuíolluisce uirbigh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- faoin 31 Nollaig 2013, beidh Airteagal 3 den Treoir comhlíonta i gceirtleáin ar mó coibhéis a ndaonra ná 10000;

- faoin 31 Nollaig 2015, beidh Airteagal 5(2) den Treoir comhlíonta i gceirtleáin ar mó coibhéis a ndaonra ná 10000.

Áiritheoidh an Rómáin méadú de réir a chéile ar sholáthar chórais bhailithe faoi Airteagal 3 i gcomhréir leis na rátaí íosta foriomlána coibhéise daonra seo a leanas:

- 61 % faoin 31 Nollaig 2010,

- 69 % faoin 31 Nollaig 2013,

- 80 % faoin 31 Nollaig 2015.

Áiritheoidh an Rómáin méadú de réir a chéile ar sholáthar cóireála fuíolluisce faoi Airteagail 4 agus 5(2) i gcomhréir leis na rátaí íosta foriomlána coibhéise daonra seo a leanas:

- 51 % faoin 31 Nollaig 2010,

- 61 % faoin 31 Nollaig 2013,

- 77 % faoin 31 Nollaig 2015.

5. 31998 L 0083: Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32), mar atá arna leasú le:

- 32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29.9.2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

De mhaolú ar Airteagail 5(2) agus 8, agus ar Iarscríbhinn I, Cuid B agus Cuid C, de Threoir 98/83/CE, ní bheidh feidhm go hiomlán ag na paraiméadair seo a leanas maidir leis an Rómáin faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos:

- go dtí an 31 Nollaig 2010 don inocsaíditheacht i gceirtleáin ar lú a ndaonra ná 10000;

- go dtí an 31 Nollaig 2010 d'inocsaíditheacht agus do mhoirtiúlacht i gceirtleáin a bhfuil daonra idir 10000 agus 100000 acu;

- go dtí an 31 Nollaig 2010 d'inocsaíditheacht, d'amóiniam, d'alúmanam, do lotnaidicídí, d'iarann agus do mhangainéis i gceirtleáin ar mó a ndaonra ná 100000;

- go dtí an 31 Nollaig 2015 d'amóiniam, do níotráití, do mhoirtiúlacht, d'alúmanam, d'iarann, do luaidhe, do chaidmiam agus do lotnaidicídí i gceirtleáin ar lú a ndaonra ná 10000;

- go dtí an 31 Nollaig 2015 d'amóiniam, do níotráití, d'alúmanam, d'iarann, do luaidhe, do chaidmiam, do lotnaidicídí agus do mhangainéis i gceirtleáin a bhfuil daonra idir 10000 agus 100000 acu.

Áiritheoidh an Rómáin go gcomhlíonfar ceanglais na Treorach, i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha atá leagtha amach sa tábla thíos:

Limistéir ag comhlíonadh faoin 31 Nollaig 2006

Daonra arna cheangal | Iomlán na limistéar | Inocsaíd-itheacht % | Amóiniam % | Níotráití % | Moirtiúlacht % | Alúmanam % | Iarann % | Caidmiam, Luaidhe % | Lotnaidicídí % | Mangainéis % |

<10000 | 1774 | 98,4 | 99 | 95,3 | 99,3 | 99,7 | 99,2 | 99,9 | 99,9 | 100 |

10000 - 100000 | 111 | 73 | 59,5 | 93,7 | 87 | 83,8 | 78,4 | 98,2 | 93,4 | 96,4 |

100001 - 200000 | 14 | 85,7 | 92,9 | 100 | 100 | 92,9 | 100 | 100 | 78,6 | 92,9 |

>200000 | 9 | 77,8 | 100 | 100 | 100 | 88,9 | 88,9 | 100 | 88,9 | 88,9 |

Iomlán | 1908 | 96,7 | 96,7 | 95,2 | 98,64 | 98,64 | 97,9 | 99,8 | 99,4 | 99,7 |

Limistéir ag comhlíonadh faoi dheireadh 2010

Daonra arna cheangal | Iomlán na limistéar | Inocsaíd-itheacht % | Amóiniam % | Níotráití % | Moirtiúlacht % | Alúmanam % | Iarann % | Caidmiam, Luaidhe % | Lotnaidicídí % | Mangainéis % |

<10000 | 1774 | 100 | 99,5 | 97,7 | 99,7 | 99,7 | 99,3 | 99,9 | 99,9 | 100 |

10000 - 100000 | 111 | 100 | 80,2 | 97,3 | 100 | 94,6 | 90 | 98,2 | 96,4 | 96,4 |

100001 - 200000 | 14 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 |

>200000 | 9 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 | 100 |

Iomlán | 1908 | 100 | 98,32 | 97,7 | 99,7 | 99,4 | 98,7 | 99,8 | 99,7 | 99,7 |

Níl feidhm ag an maolú seo maidir le huisce le hól atá ceaptha do phróiseáil bia.

[24] IO L 129, 18.5.1976, lch. 23. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

[25] IO L 129, 18.5.1976, lch. 23. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

--------------------------------------------------

Top