EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0042
Case C-42/22: Request for a preliminary ruling from the Supremo Tribunal Administrativo (Portugal) lodged on 19 January 2022 — Global, Companhia de Seguros, S.A. v Autoridade Tributária e Aduaneira
Cás C-42/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéal) a taisceadh an 19 Eanáir 2022 — Global, Companhia de Seguros SA v Autoridade Tributária e Aduaneira
Cás C-42/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéal) a taisceadh an 19 Eanáir 2022 — Global, Companhia de Seguros SA v Autoridade Tributária e Aduaneira
IO C 171, 25.4.2022, p. 17–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 171, 25.4.2022, p. 15–15
(GA)
25.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 171/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéal) a taisceadh an 19 Eanáir 2022 — Global, Companhia de Seguros SA v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-42/22)
(2022/C 171/21)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Global, Companhia de Seguros SA
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
Na ceisteanna a tharchuirtear:
A. |
An bhféadfar Airteagal 13, cuid B(a) den Séú Treoir CBL (1) agus dá réir, an tAirteagal reatha 135, mír 1(a), den Treoir CBL, a léirmhíniú sa bhrí go n-áirítear sa choincheap “idirbhearta árachais agus athárachais”, chun críocha díolúine ó CBL, na gníomhaíochtaí gaolmhara nó comhlántacha amhail fáil agus díol comhpháirteanna feithiclí damáistithe? |
B. |
An bhféadfar Airteagal 13, cuid B(c) den Séú Treoir CBL, agus dá réir, Airteagal 136(a) den Treoir CBL (2) dá éis, a léirmhíniú sa bhrí go measfar fáil agus díol comhpháirteanna feithiclí damáistithe a bheith sannta go heisiach d’eintiteas díolmhaithe, i gcás nach raibh ceart chun CBL a asbhaint ag gabháil leis na hearraí sin? |
C. |
An bhfuil sé contrártha le prionsabal neodrachta CBL mura bhfuil díol comhpháirteanna feithiclí damáistithe ag cuideachtaí árachais á dhíolmhú ó CBL, i gcás nárbh ann d’aon cheart chun CBL a asbhaint? |
(1) Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine, 1977, an Séú Treoir maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha ar láimhdeachas — Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach cánach (IO 1977, L 145, lch. 1; EE 09/01, lch. 54).
(2) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle, an 28 Samhain, 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (DO 2006, L 347, lch. 1).