EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0034

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an Séú Treoir CBL: cad atá in easnamh chun bearna CBL san Aontas a laghdú? (2020/2263(INI))

IO C 342, 6.9.2022, p. 88–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 342, 6.9.2022, p. 77–87 (GA)

6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/77


P9_TA(2022)0034

Cur chun feidhme an Séú Treoir CBL

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an Séú Treoir CBL: cad atá in easnamh chun bearna CBL san Aontas a laghdú? (2020/2263(INI))

(2022/C 342/10)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 4 agus 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint don Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 dar teideal The harmonisation of the laws of the Member States relating to turnover taxes – Common system of value added tax: [Comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha:] uniform basis of assessment [bonn aonfhoirmeach measúnaithe] (1) (an Séú Treoir CBL),

ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (2) (Treoir CBL),

ag féachaint do Threoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE maidir le hoibleagáidí cánach breisluacha áirithe i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí (3),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1910 ón gComhairle an 4 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le rialacha áirithe sa chóras cánach breisluacha a chomhchuibhiú agus a shimpliú chun cáin a ghearradh ar thrádáil idir na Ballstáit (4),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1995 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le forálacha a bhaineann le ciandíolacháin earraí agus soláthairtí áirithe intíre earraí (5),

ag féachaint do Threoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga, agus do Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (6),

ag féachaint do Threoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta (7),

ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (8),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (9),

ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2459 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (10),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 agus Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin i réimse na cánach breisluacha a neartú (11),

ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí a éascaítear le comhéadain leictreonacha agus leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánacha a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánacha, a dhéanann ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí intíre áirithe (12),

ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/194 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2020 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánacha a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánacha, a dhéanann ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí intíre áirithe (13), a bhaineann leis an bpacáiste r-thráchtála CBL,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 (14),

ag féachaint do thogra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le rátaí cánach breisluacha (COM(2018)0020),

ag féachaint do thogra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga (COM(2018)0021),

ag féachaint do thogra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla mionsonraithe a thabhairt isteach chun an córas cinntitheach CBL a fheidhmiú maidir le cáin a ghearradh ar thrádáil idir Ballstáit (COM(2018)0329) (15),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2011 dar teideal The future of VAT: Towards a simpler, more robust and efficient VAT system tailored to the single market (COM(2011)0851) [Todhchaí CBL: Ionsar chóras CBL níos simplí, níos láidre agus níos éifeachtúla agus atá saincheaptha don mhargadh aonair],

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal On the follow-up to the Action Plan on VAT: Towards a single EU VAT area – Time to act (COM(2017)0566) [Maidir leis an obair leantach ar an bPlean Gníomhaíochta CBL: Ionsar limistéar aonair CBL san Aontas Eorpach – An t-am chun gníomhú],

ag féachaint do phlean gníomhaíochta an Choimisiúin an 7 Aibreán 2016 dar teideal Towards a single EU VAT area – Time to decide (COM(2016)0148) [Ionsar limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach – An t-am le cinneadh a dhéanamh],

ag féachaint dá seasamh an 12 Feabhra 2019 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla mionsonraithe a thabhairt isteach chun an córas cinntitheach CBL a fheidhmiú maidir le cáin a ghearradh ar thrádáil idir na Ballstáit (16),

ag féachaint dá seasamh an 10 Márta 2021 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (17),

ag féachaint dá seasamh an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013(06116/1/2021 – C9-0179/2021 – 2018/0233(COD)) (18),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le todhchaí CBL (19),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2016 dar teideal “I dtreo córas cinntitheach CBL agus calaois CBL a chomhrac” (20),

ag féachaint do rún uaithi an 26 Márta 2019 maidir le coireanna airgeadais, imghabháil cánach agus seachaint cánach (21),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 dar teideal “Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú: deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh agus úsáid na hintleachta saorga (IS) a fheabhsú do thomhaltóirí na hEorpa” (22),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 dar teideal “Cur chun feidhme cheanglais an Aontais le haghaidh faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, ceachtanna a foghlaimíodh agus bacainní le sárú” (23),

ag féachaint do staidéar an 30 Lúnasa 2021 dar teideal VAT gap, reduced VAT rates and their impact on compliance costs for businesses and on consumers [An bhearna CBL, rátaí laghdaithe CBL agus a dtionchar ar chostais chomhlíonta do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí] arna dhréachtú ag DIW Econ agus arna fhoilsiú ag Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i bParlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Thuairim Uimh. 11/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (arna eisiúint de bhun Airteagal 287(4) agus Airteagal 322(2) CFAE) an 11 Nollaig 2020 maidir le dréacht-Rialachán (AE, Euratom) ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú,

ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 12/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 16 Iúil 2019 dar teideal E-commerce: many of the challenges of collecting VAT and customs duties remain to be resolved [R-thráchtáil: tá go leor de na dúshláin a bhaineann le bailiú CBL agus dleachtanna custaim fós le réiteach],

ag féachaint don chomhairliúchán poiblí a raibh teacht air ón 8 Feabhra 2021 go dtí an 3 Bealtaine 2021 dar teideal VAT rules for financial and insurance services – review [Rialacha CBL maidir le seirbhísí airgeadais agus árachais – athbhreithniú],

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0355/2021),

A.

de bhrí gur ghlac an Chomhairle an Séú Treoir CBL in 1977 leis an aidhm bonn aonfhoirmeach cánach a bhaint amach faoina mbeadh rátaí comhchuibhithe le leagan amach; de bhrí, ag an am sin, go raibh glactha cheana féin ag na Ballstáit uile le córas cánach breisluacha i gcomhréir leis an gcéad (24) Treoir agus leis an dara (25) Treoir ón gComhairle an 11 Aibreán 1967 maidir le comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais; de bhrí gur chinn na Ballstáit idirthréimhse a chur i bhfeidhm faoina bhféadfaí an méid sin a bhaint amach, idirthréimhse ar cuireadh síneadh léi ó shin;

B.

de bhrí go ndéantar an Séú Treoir CBL a athmhúnlú agus a aisghairm le Treoir CBL ar mhaithe le soiléireacht níos fearr; de bhrí go bhforáiltear leis an treoir seo go gcuirfear córas cinntitheach bunaithe ar chánachas sa Bhallstát tionscnaimh in ionad na rialacha idirthréimhseacha; de bhrí go bhfuil an córas idirthréimhseach casta, lochtach agus go bhfuil sé i mbaol calaoise ó thaobh struchtúir de;

C.

de bhrí go bhfuil gach Ballstát freagrach go príomha as CBL a bhailiú;

D.

de bhrí gur tionscnaíodh athbhreithniú suntasach in 2013 chun córas cinntitheach bunaithe ar phrionsabal na tíre cinn scríbe a thabhairt isteach, rud a d’fhágfadh nach mbeadh sé chomh leochaileach céanna ó thaobh calaoise de (26); de bhrí go dtugtar le tuiscint le prionsabal na tíre cinn scríbe go seoltar CBL chuig Ballstát an tomhaltais deiridh;

E.

de bhrí, an 25 Bealtaine 2018, gur glacadh togra le haghaidh treorach lenar tugadh isteach bearta mionsonraithe do chóras cinntitheach CBL le haghaidh trádáil gnólacht le gnólacht in earraí laistigh de AE agus lenar cuireadh deireadh leis an gcóras “idirthréimhseach” (27); de bhrí gur ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ina taobh an 12 Feabhra 2019; de bhrí nach bhfuil seasamh glactha ag an gComhairle fós; de bhrí go bhfuil an bac seo ar chinneadh a dhéanamh ag cur moill ar chinntí tábhachtacha maidir le CBL a oiriúnú do na dúshláin a bheidh romhainn le linn théarnamh gheilleagar AE agus de bhrí go gciallaítear leis an easpa gníomhaíochta gur ann do bhealaí éalaithe atá fós gan dúnadh a d’fhéadfadh ligean don bhearna CBL méadú tuilleadh;

F.

de bhrí go ndearnadh an bhearna CBL in AE a laghdú ó 20 % in 2009 go 10 % in 2019 agus gur léirigh na réamh-mheastacháin ag an am go bhféadfadh an bhearna titim faoi bhun EUR 130 billiún; de bhrí, i ngeall ar an bpaindéim agus ar na héifeachtaí socheacnamaíocha a bhain léi, gur aisiompaíodh an treocht sin in 2020; de bhrí go meastar gurb ionann an caillteanas agus EUR 164 billiún, agus go bhfuil aon trian de i seilbh calaoiseoirí agus líonraí coireachta eagraithe; de bhrí go bhféadfadh na caillteanais sin a bheith cothrom le bearna CBL de 13,7 %; de bhrí go n-éilítear roghanna beartais straitéiseacha leis an gcás seo;

G.

de bhrí, de réir Thuarascáil Deiridh 2020 an 10 Meán Fómhair 2020 den “Staidéar agus de na Tuarascálacha maidir leis an mBearna CBL i mBallstáit AE-28” a ullmhaíodh don Choimisiún, go bhfuil an bhearna CBL sna Ballstáit an-éagsúil, ó níos lú ná 1 % go dtí níos mó ná 33 %;

H.

de bhrí go ndéantar dochar leis an gcaillteanas sin do bhuiséad AE (is é CBL an dara hacmhainn dhílis atá ag AE), do na buiséid náisiúnta, do ghnólachtaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in AE;

I.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gclár Fiscalis do 2021-2027, ag a bhfuil buiséad EUR 269 milliún, an éagóir chánach a chomhrac trí chabhrú leis na húdaráis chánach náisiúnta comhoibriú níos fearr chun calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach chánach a chomhrac; de bhrí go raibh tabhairt isteach EUR 591 mhilliún in ioncam do AE leis an gclár a bhí ann roimhe sin;

J.

de bhrí, chun go mbeidh ardán shaineolaithe frithchalaoise na mBallstát, a cuireadh ar bun in 2020, éifeachtach, ní foláir é a neartú agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil dó chun anailísí riosca comhpháirteacha a dhéanamh, imscrúduithe a chomhordú agus comhoibriú leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), le Europol agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, go háirithe d’fhonn calaois CBL a imscrúdú; de bhrí go bhféadfadh córas rátaí difreáilte CBL agus costais arda chomhlíonta calaois a mhéadú;

K.

de bhrí go ndírítear le Tuairim Uimh. 11/2020 ón gCúirt Iniúchóirí ar mhodh nua atá beartaithe chun an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a ríomh; de bhrí go luaitear sa tuairim go ndéantar “ríomh acmhainní dílse na mBallstát atá bunaithe ar CBL a shimpliú go suntasach leis an togra i gcomparáid leis an gcóras reatha” ach gur “sainaithníodh ann an riosca nach mbeadh an Meánráta Ualaithe ilbhliantúil cinntitheach ionadaíoch do na Ballstáit uile”;

L.

de bhrí gur éilíodh iarrachtaí suntasacha fioscacha agus buiséadacha ó rialtais na mBallstát leis an ngéarchéim shocheacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19, lena n-áirítear i bhfoirm cúnamh do ghnólachtaí;

M.

de bhrí gurbh ionann an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL agus 11 % de bhuiséad AE in 2019, suim iomlán de EUR 17,8 billiún;

N.

de bhrí go bhfuil “plean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an téarnamh” mar chuid de straitéis nua AE chun cánachas a shimpliú agus a oiriúnú do dhigitiú an gheilleagair agus don aistriú glas, agus chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac; de bhrí go sainaithnítear ábhair a bhaineann le CBL mar thosaíochtaí sa phlean gníomhaíochta sin, lena ndírítear ar an gcomhrac i gcoinne calaois CBL agus ar nuachóiriú CBL ar sheirbhísí airgeadais, agus digitiú an gheilleagair á chur san áireamh;

O.

de bhrí, ó glacadh an Treoir CBL, go bhfuil seirbhísí airgeadais, cé is moite d’eisceachtaí áirithe, díolmhaithe ó CBL ar an bhforas go bhfuil siad faoi réir cánacha eile (amhail cáin ar phréimheanna árachais);

P.

de bhrí go mbailítear CBL, mar cháin indíreach arna bailiú ag na 27 mBallstát uile, faoi roinnt córais náisiúnta éagsúla, agus de bhrí gur féidir dea-chleachtais a bhaineann leo uile a shainaithint agus iad a chur i bhfeidhm d’athchóiriú ar fud AE; de bhrí gur cheart samplaí náisiúnta a mheas mar shamhlacha atá le cur san áireamh agus de bhrí nach foláir don Choimisiún gníomhú mar ardán chun na dea-chleachtais sin a mhalartú; de bhrí gur dea-shampla den sórt sin gurb ea na hathruithe reachtacha náisiúnta a thug Ballstát amháin isteach, lenar cruthaíodh dreasachtaí do thomhaltóirí i dtaobh sonraisc a iarraidh in earnálacha nach furasta cáin a ghearradh orthu;

Q.

de bhrí go bhfuil an cuspóir ginearálta maidir le cánachas a dhigitiú ríthábhachtach chun trédhearcacht, simplíocht, cuntasacht agus tuairisciú uathoibrithe a áirithiú, agus go bhfuil sé bunriachtanach le haghaidh córas CBL a bheidh cinntitheach, simplithe agus slán i bhfad na haimsire; de bhrí go raibh paindéim COVID-19 ina spreagadh d’fhorbairt an digitithe i gcás gach idirbheart; de bhrí go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i gcroílár an phróisis digitithe seo agus gur cheart tacú leo ina leith sin agus an teicneolaíocht agus an fios gnó is déanaí á bhfáil acu;

R.

de bhrí go bhfuil CBL comhchuibhithe go leathan ar leibhéal AE agus gur acmhainn dhílis é do bhuiséad AE, agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le comhar leitheadach a bheith ann ar leibhéal AE;

S.

de bhrí go n-urramaíonn Parlaimint na hEorpa prionsabal na ceannasachta cánach náisiúnta go hiomlán;

Rátaí cánach, boinn chánach agus bearnaí CBL sna Ballstáit

1.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an treocht fhoriomlán dearfach, agus an bhearna CBL ag titim go 10 % in 2019 ó 20 % in 2009 sna Ballstáit, rud a thugann le tuiscint go bhfuil meath ag teacht ar chalaois CBL in AE agus go bhfuil an t-ioncam ó CBL ag dul i méid mar chion den olltáirgeacht intíre;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit anailís agus malartú a dhéanamh ar na dea-chleachtais sna Ballstáit sin ar éirigh leo bearna mhór CBL a sheachaint; ag tacú leis an sprioc i dtaobh réitigh chánach nuálacha a chur ar bun i gcomhréir le réaltachtaí nua eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil;

3.

ag tabhairt dá haire, go bhféadfadh athchóiriú cánach atá neodrach ó thaobh ioncaim de, an ráta caighdeánach CBL ar an meán a laghdú seacht bpointe céatadáin in AE-27, chomh maith le costais chomhlíonta a laghdú; á thabhairt chun suntais, de réir na meastachán sin, go bhfuil méid an laghdaithe éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ó 2 (an Eastóin) go 13 phointe céatadáin (an Ghréig); ag tabhairt dá haire nach é seo an t-aon fhreagra amháin ar an ngá atá ann le dul i ngleic le castacht an chórais cánach; á thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé go rachadh ráta caighdeánach CBL níos ísle chun tairbhe do thomhaltóirí, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal; ag tabhairt dá haire go bhfuil an deis ag na Ballstáit a fhiosrú cad iad na buntáistí a bhainfeadh le ráta caighdeánach laghdaithe aonair don iomaíocht chóir ina margadh féin;

4.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil cuspóir dlisteanach sa tsochaí leis an iliomad rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm, go háirithe chun laghdú a dhéanamh ar chúlchéimniú an chórais CBL agus chun cabhrú le cuspóirí beartais náisiúnta áirithe a bhaint amach, amhail rochtain ar earraí riachtanacha agus ar earnálacha amhail na sláinte agus an bhia, ach go gcuireann sé freisin le castacht agus le deimhneacht an chórais cánach, go ndéantar méadú leis ar costais chomhlíonta agus go bhféadfadh sé calaois a éascú; á chur in iúl go dtuiginn sí go bhféadfadh laghdú ar an bpraghas don tomhaltóir a bheith mar thoradh ar rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm, ach go mbraitheann sé ar roinnt tosca eile; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hanailís chríochnúil agus le measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh;

5.

ag tabhairt dá haire na difríochtaí suntasacha sna rátaí caighdeánacha a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit agus castacht an chórais dá bharr sin, fiú má tá údar maith leis de bharr córais eacnamaíocha náisiúnta éagsúla; á chur i bhfios go láidir go ngéaraítear ar an gcastacht sin leis na bealaí éagsúla ina gcuirtear rátaí laghdaithe i bhfeidhm, rud atá dlisteanach chun cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a shaothrú; á mheabhrú go bhfuil an deis rátaí sárlaghdaithe (i gcúig Bhallstát) nó rátaí páirceála (i gcúig Bhallstát) a chur i bhfeidhm ina gconstaic bhreise ar chomhchóras comhleanúnach agus atá go hiomlán idir-inoibritheach;

6.

á chur in iúl go dtuiginn sí go bhfuil an córas ag éirí níos casta i ngeall ar na rátaí éagsúla, ach freisin de bharr díolúintí agus maoluithe, nach foláir dóibh a bheith ina n-eisceachtaí; ag meabhrú chás sonrach chóir neamh-chomhionann na mBallstát a tháinig isteach roimh 1992 agus ina dhiaidh sin, a bhfuil feidhm ag rialacha éagsúla ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin i dtograí reachtacha a bheidh ann amach anseo;

7.

ag tabhairt dá haire, le fiche bliain anuas, go bhfuil beagnach 200 nós imeachta um shárú maidir le CBL seolta ag an gCoimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún achoimre ar phríomhthorthaí na nósanna imeachta sin a thíolacadh mar bhonn do thograí reachtacha a bheidh ann amach anseo, eadhon maidir le rátaí laghdaithe, díolúintí agus neamh-thrasuí;

8.

ag tabhairt dá haire go ndearna paindéim COVID-19 bonn cirt a thabhairt le rialacha eisceachta a bhaineann le CBL, lena dtugtar cruthúnas leis an ngá atá le leibhéal áirithe solúbthachta a bheith ann nuair a thugtar aghaidh ar chúinsí práinneacha nó ar chúinsí gan choinne; ag tathant ar an gCoimisiún an méid sin a chur i gcuntas i dtograí reachtacha maidir le CBL a bheidh ann amach anseo;

9.

ag tabhairt faoi deara go n-athraíonn an bhearna CBL i gcomhréir leis an timthriall gnó, agus go mbaineann comhlíonadh cánach ísle le rátaí ardchaighdeáin CBL ar uairibh, le héifeachtúlacht dhlíthiúil agus bhreithiúnach níos ísle, le hinstitiúidí dlíthiúla níos laige, le leibhéil bhraite éillithe níos airde agus le sciar foriomlán an scáthgheilleagair sa gheilleagar i gcoitinne;

10.

ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach ndéanann roinnt Ballstát deontais chomhchineáil a dhíolmhú ó CBL go ginearálta, rud a fhágann go scriosann gnólachtaí earraí tomhaltais, go háirithe fillteacha, cé gur féidir díolúine den sórt sin a fháil faoin Treoir CBL atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a eisiúint do na Ballstáit, lena soiléirítear go mbeidh díolúintí CBL do dheontais chomhchineáil comhoiriúnach le dlí AE atá cheana ann maidir le CBL go dtí go nglacfaidh na Ballstáit togra COM(2018)0020 (Airteagal 98(2)) ón gComhairle;

11.

á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí atá ar fáil maidir le difríochtaí réigiúnacha, a d’fhéadfadh a bheith ina shrian mór ar an mbearna CBL a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún a sheiceáil an bhféadfaí tomhais réigiúnacha ar bhearna CBL a tháirgeadh agus a fhoilsiú mar uirlis luachmhar chun trédhearcacht a fheabhsú agus an bhearna CBL a laghdú;

Tionchar réimse leathan na rátaí laghdaithe ar ghnólachtaí

12.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcruthaítear ualaí riaracháin sa bhreis do ghnólachtaí le héagsúlacht na rátaí laghdaithe atá ann faoi láthair; ag tabhairt dá haire go bhfuil idir 1 % agus 4 % de láimhdeachas na gcuideachtaí sna Ballstáit i gceist leis an gcostas iomlán a bhaineann le comhlíonadh CBL; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an digitiú cabhrú go mór le costais chomhlíonta do ghnólachtaí a laghdú;

13.

ag tabhairt faoi deara go n-íocann FBManna costais chomhlíonta níos airde go comhréireach, ós rud é go bhfuil na costais sin socraithe agus neamhspleách ar mhéid na gcuideachtaí, agus go bhfuil costais arda chomhlíonta ina mbacainn ar iontráil i margadh inmheánach AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur féidir le córais dhifreáilte CBL laistigh de AE, trádáil laistigh de AE do ghnólachtaí uile, go háirithe do FBManna, a dhídhreasú; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an fhianaise eimpíreach maidir le héifeachtaí chórais dhifreáilte CBL ar thrádáil idirnáisiúnta neamhchonclúideach, agus i dtaobh an bhféadfadh sé go gcruthófaí éagothroime iomaíochta leo i dtrádáil den chineál sin, go háirithe i ngeall ar chostais arda chomhlíonta, díolúintí agus córais aisíocaíochta easnamhacha:

14.

ag tabhairt dá haire an acmhainneacht a bhaineann le digitiú chun costais chomhlíonta a laghdú, cé gur minic nach dtagann na sochair sin chun cinn ach amháin san fhadtéarma; á mhaoímh gur dócha go laghdóidh nuálaíochtaí digiteacha (28) costais chomhlíonta agus go gcabhróidh siad le trédhearcacht idirbheart tráchtála agus le maorlathas a laghdú; á chur i bhfáth an gá atá le slándáil sonraí, príobháideachas daoine aonair agus rúndacht chorparáide a áirithiú; á áitiú gur gá tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí ar bhealach coimhdeach (29) trí chláir AE, agus gur gá tacaíocht a thabhairt do FBManna agus do ghníomhaithe eacnamaíocha leochaileacha eile go háirithe trí oiliúint eagraithe AE maidir leis an aistriú digiteach, chun tairbhe a bhaint as agus rannchuidiú a dhéanamh leis; á chur i bhfáth go rachadh cur chuige ginearálta den sórt sin ionsar dhlús a chur le digitiú fhios gnó agus oibríochtaí FBManna ar bráid chun tairbhe do bhailiú CBL sa deireadh; á thabhairt chun suntais an acmhainneacht a bhaineann le teicneolaíocht mhórleabhar dáilte chun calaois CBL a chosc – e.g. calaois laistigh den chomhphobal atá ar iarraidh – agus á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis an togra reachtach chun oibleagáidí tuairiscithe CBL a nuachóiriú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, tionscnamh a chur i dtoll a chéile lena ndíreofar ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte a bheith á cur i bhfeidhm go héasca ag trádálaithe agus ar laghduithe sa mhaorlathas;

15.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, ar mhaithe le trádáil a éascú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú sa mhargadh inmheánach, gur cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, feabhas a chur ar bhunachar sonraí Cánacha san Eoraip, tairseach faisnéise gréasáin CBL AE do ghnólachtaí; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí ar fáil leis an tairseach rochtain mhear, a bheadh cothrom le dáta agus cruinn ar fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an chórais CBL sna Ballstáit éagsúla, agus go háirithe maidir le rátaí cearta CBL d’earraí agus do sheirbhísí éagsúla sna Ballstáit éagsúla, agus na coinníollacha do CBL ar ráta nialasach; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an tairseach sin cabhrú le haghaidh a thabhairt ar an mbearna CBL atá ann faoi láthair; ag moladh go ndéanfar Ionad Ilfhreastail AE a thabhairt isteach ar thairseach faisnéise gréasáin CBL AE;

16.

á chur i bhfios gur sampla de nuálaíocht dhigiteach gurb ea Ionad Ilfhreastail AE lena lamhálfar do ghnólachtaí AE a mbillí CBL agus costais chomhlíonta, dá bhrí sin, a shimpliú i réimse na ndíolachán r-thráchtála laistigh de AE; ag tabhairt dá haire go dtéann laghdú den sórt sin ar chostais chomhlíonta chun tairbhe do FBManna go háirithe; ag tabhairt dá haire toilteanas an Choimisiúin leasú ar Threoir CBL a mholadh, do 2022/2023, d’fhonn raon feidhme Ionad Ilfhreastail CBL a leathnú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint conas raon feidhme an Ionaid Ilfhreastail a leathnú;

17.

á iarraidh ar na Ballstáit an comhar eatarthu féin a mhéadú agus a fheabhsú agus an tacar rialacha maidir le malartú sonraí íocaíochta CBL a chur i bhfeidhm go críochnúil chun éascu a dhéanamh ar chalaois chánach a bhrath in idirbhearta r-thráchtála trasteorann, a glacadh i mí Feabhra 2020;

18.

ag tabhairt dá haire go bhfuil teicneolaíochtaí nua á n-úsáid cheana ag na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seiceálacha ar cheannacháin intíre chun críoch cánach; á chur in iúl go dtuiginn sí nach foláir na bearta náisiúnta sin a chur i gcuntas in aon athchóiriú ar chóras CBL mar dhea-chleachtais a bheidh le breithniú; á chur in iúl go bhfuil sí ar son tuilleadh comhordaithe idir na Ballstáit ina leith sin, chun idirbhearta trasteorann a éascú, d’uireasa costais iomarcacha d’oibreoirí agus do thomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí nithiúla a thíolacadh chun córas malartaithe faisnéise maidir le hidirbhearta CBL laistigh den Aontas a chur chun cinn ar bhonn níos mire agus chun go mbeidh sé idir-inoibritheach le sásraí náisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí ar son r-shonrascú a leathnú agus á iarraidh go dtabharfar isteach caighdeán r-shonrascaithe AE lena gcomhchuibheofar, go háirithe, an fhaisnéis atá sa r-shonrasc ar mhaithe leis an idir-inoibritheacht trasteorann a éascú, comhlíonadh dlíthiúil a áirithiú, trédhearcacht in idirbhearta tráchtála a mhéadú agus calaois agus earráidí, dá bhrí sin, a theorannú;

19.

á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé dul i ngleic leis an gcalaois trasteorann CBL agus leis an gcalaois rothlach trí shásraí éifeachtúla malartaithe faisnéise agus modhanna leormhaithe (idir daonnúla, airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta) a chur chun feidhme go cuí do na húdaráis náisiúnta agus d’údaráis eile amhail OLAF; á chur i bhfáth rannchuidiú luachmhar na n-eagraíochtaí amhail Eurofisc; ag meabhrú ról na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus an gá atá le hardchaighdeáin tuairiscithe maidir le CBL a ráthú; á mheas go bhfuil gá le staidéar tionchair a fháil ón gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar thabhairt isteach sásra aistrithe táillí ginearálaithe i roinnt Ballstát tar éis chur chun feidhme na Treorach ón gComhairle maidir le sásra aistrithe táillí ginearálaithe a chur i bhfeidhm go sealadach i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí atá os cionn tairseach áirithe (30), chun calaois an trádálaí atá ar iarraidh laistigh den Chomhphobal a chomhrac, agus measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar a tionchar ar an gcomhrac i gcoinne chineálacha uile calaoise CBL agus ar na hiarmhairtí ar chostais chomhlíonta gnólachtaí;

20.

ag tabhairt faoi deara go bhféadfadh an réimse leathan rátaí a bheith ina chúis le saobhadh praghsanna sa mhargadh inmheánach, lena gcruthófar dreasachtaí do cheannacháin trasteorann; ag tabhairt dá haire go háirithe, go gcruthaítear dreasacht le héagsúlú rátaí CBL chun dúshaothrú a dhéanamh ar dhifríochtaí praghais ar fud tíortha trí thomhaltas a aistriú chuig Ballstáit ina bhfuil rátaí CBL níos ísle agus trí bhailiú ioncaim ag rialtais a shaobhadh;

21.

á mheabhrú go bhfuil gá ag cuideachtaí le rochtain shimplithe agus láraithe ar fhaisnéis maidir le rátaí, le rátaí cearta CBL d’earraí agus do sheirbhísí éagsúla sna Ballstáit éagsúla, agus le coinníollacha le haghaidh CBL ar ráta nialasach, mar aon le rialacha CBL atá soiléir agus gan débhrí chun gnó trasteorann a spreagadh agus a n-ualaigh riaracháin a laghdú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an modh simplithe agus digitithe chun clárú, trí thairseach ar líne, do scéim CBL do ghnólachtaí beaga atá i mbun gníomhaíochtaí trasteorann, lena laghdaítear na costais agus na hualaí riaracháin; ag tabhairt dá haire go mbaineann 26 as na 27 mBallstát úsáid as rátaí laghdaithe mar chuid dhílis dá mbeartais chánach agus shóisialta; á mheabhrú go spreagfadh tairseach choiteann faisnéise gréasáin maidir le cur chun feidhme chórais CBL i mBallstáit éagsúla gnó trasteorann agus go laghdófaí ualaí riaracháin cuideachtaí;

22.

á chur in iúl gur geal léi an treocht dhearfach atá ann costais chomhlíonta a laghdú trí dhigitiú leanúnach na ngnólachtaí agus an riaracháin phoiblí; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ó 230 uair an chloig go 162 uair an chloig ar an méid ama atá riachtanach i gcomhair comhlíonadh cánach i dtíortha ECFE idir 2006 agus 2020, i ngeall ar chórais ríomhchomhdaithe agus íocaíochta a ghlacadh go príomha (31);

23.

á chur i bhfáth go bhfuil córas CBL atá dea-dheartha neodrach agus nár cheart dó difear a dhéanamh do thrádáil, ach i gcleachtas is deacair an prionsabal sin a fhíorú ar an leibhéal domhanda i bhfianaise chur i bhfeidhm dhíolúintí CBL, neamhéifeachtúlacht na gcóras aisíocaíochta agus an réimse leathan rátaí as a n-eascraíonn costais chomhlíonta níos airde; á mheabhrú go rannchuidíonn córas éifeachtach CBL leis an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus an íoslaghdaithe cánach; á chur i bhfáth go bhfuil líon méadaitheach FBManna toilteanach trádáil a dhéanamh ar fud AE, go háirithe trí idirbhearta ar líne, agus gur cheart córas CBL AE a bheith dírithe ar fhás trasteorann a éascú;

24.

ag tabhairt dá haire go léirítear leis an bhfianaise eimpíreach go bhfuil an córas atá ann faoi láthair do rátaí iolracha CBL cúlchéimnitheach sna Ballstáit nuair a dhéantar é a thomhas mar chéatadán den ioncam indiúscartha, ach gur gnách leis a bheith comhréireach nó forásach de bheagán i bhformhór na mBallstát nuair a dhéantar é a thomhas mar chéatadán caiteachais; ag tabhairt dá haire, nuair a dhéantar iad a thomhas ó thaobh caiteachais de, go gcabhraíonn rátaí laghdaithe agus nialasacha CBL atá cheana ann le CBL a dhéanamh níos forásaí i gcomparáid le córais CBL ar ráta aonair; ag tabhairt dá haire, anuas air sin, go léirítear leis an bhfianaise nach ndéantar CBL níos forásaí ach amháin trí rátaí CBL a laghdaítear leis an aidhm tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal (amhail rátaí laghdaithe ar bhia); á iarraidh ar na Ballstáit, agus rátaí laghdaithe CBL á gcur chun feidhme acu, déanamh amhlaidh agus é mar aidhm shonrach acu tacú le teaghlaigh ar ioncam níos ísle;

25.

á chur i bhfáth gur cheart cead a thabhairt do na Ballstáit rátaí CBL nialasacha a chur i bhfeidhm maidir le hearraí riachtanacha;

Tionchar rátaí laghdaithe CBL ar thomhaltóirí agus cuspóirí sóisialta agus comhshaoil

26.

ag tabhairt faoi deara nach é cur i bhfeidhm rátaí laghdaithe is siocair go córasach le laghdaithe buana ar phraghsanna a bheith ann don tomhaltóir agus go mbraitheann éifeachtúlacht an ráta laghdaithe ar roinnt tosca, amhail a mhéid a chuireann gnólachtaí ar aghaidh iad chuig tomhaltóirí, fad a dtréimhse le himeacht ama, méid an laghdaithe agus castacht an chórais ráta; á chur i bhfáth gur próiseas casta, dá bhrí sin, is ea laghdaithe a chur ar aghaidh ina n-iomláine agus nár cheart tabhairt faoi d’uireasa measúnú tionchair fónta; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil tairbhe chomhréireach ar bhonn níos fearr ag baint le rátaí laghdaithe agus nialasacha CBL do theaghlaigh ar ioncam íseal in AE (arna tomhas mar chion den chaiteachas), is gnách go mbaineann tairbhe níos fearr leo do theaghlaigh ar ardioncam i ndearbhthéarmaí (airgead tirim); ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, nach foláir anailísí fairsinge agus measúnuithe tionchair a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag laghdaithe ach amháin i gcás inar féidir leo dul chun tairbhe do theaghlaigh ar ioncam íseal;

27.

á thabhairt chun suntais gur gnách le rátaí laghdaithe saothrú a dhéanamh ar an gcuspóir dlisteanach lena n-áirithítear go mbeidh rochtain ag cách ar earraí bunriachtanacha; á chur i bhfáth gur gnách le rátaí laghdaithe CBL ar bhunriachtanais (e.g. bia) CBL a dhéanamh níos forásaí; á chur i bhfáth gur féidir le rátaí laghdaithe a bheith níos éifeachtaí i sochaithe ina bhfuil difríochtaí suntasacha ioncaim agus leibhéal ard neamhionannais shóisialta agus eacnamaíoch; ag tabhairt dá haire gur tearc agus débhríoch atá an fhianaise eimpíreach i dtaobh éifeachtacht na rátaí laghdaithe CBL i gcur chun cinn earraí atá inmhianaithe ar bhonn sóisialta nó earraí comhshaoil;

28.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cineál cúlchéimnitheach na gcánacha tomhaltais; á chur i bhfáth gur cheart CBL a choinneáil ag rátaí ísle ós rud é go gcuireann sé ualach díréireach ar theaghlaigh ar ioncam níos ísle, lena ngéaraítear ar an neamhionannas i ndáileadh an rachmais;

29.

ag tabhairt faoi deara gur deacair fós éifeachtacht rátaí laghdaithe CBL i gcur chun cinn earraí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a mheas i ngeall ar easpa fianaise eimpíreach, cé gur féidir tionchair dhearfacha a thomhas i gcásanna áirithe agus de réir samhlacha áirithe; á chur i bhfáth, áfach, chun tomhaltas atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn, gur den ríthábhacht é do na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le rátaí nialasacha CGL go huile agus le rátaí laghdaithe d’earraí agus do sheirbhísí comhshaoil díobhálacha; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le rátaí laghdaithe d’earraí agus do sheirbhísí ardtruaillithe faoi 2030 chun cuspóirí aeráide AE a chumhdaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach; á iarraidh ar na Ballstáit staidéar a dhéanamh ar chur chun feidhme sásraí cúitimh chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal déileáil leis an laghdú ar ioncam indiúscartha a eascraíonn as rátaí níos airde CBL le haghaidh earraí agus seirbhísí truaillitheacha;

30.

á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart go gcuirfí i gcuntas inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí leis na rátaí laghdaithe; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuirfí i gcuntas cur i bhfeidhm stairiúil agus sealadach na rátaí laghdaithe leis an gcuíchóiriú atá ceaptha chun córas aonfhoirmeach CBL a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha eile;

31.

á chur i bhfáth go dtugtar le tuiscint leis an bhfianaise gur minic le rátaí laghdaithe CBL a bheith ina n-uirlis sách neamhéifeachtach chun cuspóirí sóisialta nó comhshaoil a bhaint amach ós rud é go mbíonn costais shuntasacha ar rialtais mar thoradh leo de bharr mhéid na bearna sna rátaí, ioncaim chánach níos ísle, costais riaracháin mhéadaithe, seiceálacha agus cigireachtaí costasacha, brú ó ionadaithe sóisialta agus eacnamaíocha, costais chomhlíonta, saobhadh eacnamaíoch nó fiú calaois chánach, agus na deacrachtaí a bhaineann le spriocghrúpaí a shroicheadh;

32.

ag tabhairt dá haire chun measúnú iomlán a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht rátaí CBL neamhchaighdeánacha, gur gá iad a chur i gcomparáid le hionstraimí beartais malartacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir leis na bearta sin a bheith níos éifeachtaí, níos solúbtha, níos infheicthe agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de chun na cuspóirí sóisialta agus comhshaoil sin a bhaint amach, má bhaineann rialtais úsáid astu ar bhealach éifeachtúil; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil na hionstraimí sin i gcroílár na ceannasachta cánach náisiúnta agus go n-áirítear iad in inniúlachtaí náisiúnta toisc nach ann d’aon reachtaíocht AE lena ndéantar iad a chomhchuibhiú; á chur i bhfios nach foláir dóibh, mar sin féin, beartas iomaíochta AE a urramú;

33.

á chur i bhfáth gur roghanna uile gurb ea córas aonfhoirmeach CBL, in éineacht le hionstraimí beartais malartacha agus le raon na n-athchóirithe sóisialta agus na n-ionstraimí cánach comhshaoil, agus gur fiú iad a fhiosrú agus córas cánach iomlánaíoch éifeachtach, sóisialta agus glas cánach á cheapadh, fad is nach gcuireann siad ualach míchuí ar theaghlaigh ar ioncam íseal; ag tabhairt dá haire go bhfuil córas aonfhoirmeach CBL le bunráta 15 % ag an Nua-Shéalainn agus go gcuirtear creidmheas cánach i bhfeidhm do theaghlaigh ar ioncam íseal; ag tabhairt dá haire nach mbeadh rátaí CBL caighdeánacha níos airde ann mar thoradh ar an iarracht an córas CBL a shimpliú nó a chomhchuibhiú in AE; á chur i bhfios go bhféadfadh fóirdheontais chomhréidh agus feachtais faisnéise a bheith ina rogha chun earraí fiúntais a chur chun cinn;

Conclúid

34.

á mheabhrú go bhfuil an t-ioncam ó CBL ar cheann de na príomhfhoinsí ioncaim phoiblí is tábhachtaí, agus gurb ionann é ar an meán agus thart ar 21 % den ioncam iomlán ó cháin in AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an bhearna CBL cothrom le 10 % ar an meán agus gur acmhainn dhílis do bhuiséad AE é CBL freisin; á chur i bhfáth go bhféadfaidh ioncam níos lú don airgeadas poiblí a bheith mar thoradh ar aon laghdú ar an mbonn CBL; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta chánach tionscnaimh a chur i gcrích chun an bhearna CBL a laghdú ar mhaithe leis an airgeadas poiblí a fheabhsú, go háirithe i bhfianaise an tsleabhctha eacnamaíoch de shiocair phaindéim COVID-19, agus chun acmhainní dílse AE a mhéadú;

35.

á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an gcomhar idir údaráis chánach na mBallstát le deich mbliana anuas; ag tacú le tuilleadh plé a bheith ann idir na Ballstáit chun an comhar riaracháin a neartú;

36.

ag formhuiniú na dtorthaí i staideár DIW Econ, lena gcuirtear i bhfáth gur cuireadh, ar an meán, an ráta caighdeánach i bhfeidhm ar 71 % den bhonn cánach iomlán sna Ballstáit in 2019; á chur i bhfios gur féidir costais chomhlíonta na gcóras CBL éagsúlaithe a laghdú go suntasach trí dhigitiú leanúnach na ngnólachtaí agus na riarachán poiblí; á chur i bhfios go bhfuil gá le measúnú cúramach a dhéanamh ar na costais a bhaineann le córais CBL éagsúlaithe ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith mar shiocair leo sa mhargadh inmheánach agus i dtrádáil, agus a dtionchar ar rialtais ó thaobh caillteanas ioncaim de ar mhaithe le córas CBL comhtháite, cothrom agus éifeachtúil a bhaint amach in AE; ag tabhairt dá haire gur gnách le rátaí laghdaithe ar bhunriachtanais (e.g. bia) CBL a dhéanamh níos forásaí agus go mbaineann teaghlaigh ar ioncam íseal tairbhe as rátaí laghdaithe CBL fiú más bealaí iad nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna chun cuspóirí dáilte ioncaim nó comhshaoil a bhaint amach;

37.

ag tabhairt dá haire gur ann do na deacrachtaí a bhaineann leis an mbearna CBL idir na Ballstáit a laghdú i ngeall ar theaglaim tosca, amhail an gá atá le líon áirithe díolúintí CBL le haghaidh earraí agus seirbhísí áirithe a choimeád agus i ngeall ar thoilteanas na mBallstát rátaí laghdaithe 5 % ar a laghad a choimeád; á aithint gur gá do na Ballstáit an tsolúbthacht a choinneáil chun a gcuid rátaí CBL féin a shocrú i bhfianaise a thábhachtaí atá an cháin sin mar ionstraim bhuiséadach;

38.

á iarraidh go ndéanfar córas CBL simplithe agus nuachóirithe a thabhairt isteach ina mbeidh teorainneacha ar dhíolúintí agus ar rátaí neamhchaighdeánacha d’fhonn iomaíochas gnó a bheidh cothrom agus éifeachtúil a chur chun cinn laistigh den mhargadh inmheánach, costais chomhlíonta a laghdú agus comhlíonadh deonach a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go mbainfeadh córas simplithe CBL den sórt sin tairbhe fós as Ionad Ilfhreastail chun costais chomhlíonta a laghdú do chuideachtaí AE agus chun borradh a chur faoin trádáil laistigh de AE; ag tabhairt dá haire an togra ó iar-uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle agus ó uachtaránacht reatha Chomhairle na Slóivéine chun deireadh a chur de réir a chéile le rátaí nialasacha CBL uile agus le rátaí laghdaithe ar earraí agus ar sheirbhísí atá díobhálach don chomhshaol ar leibhéal na mBallstát, amhail breoslaí iontaise, lotnaidicídí ceimiceacha agus leasacháin cheimiceacha; á iarraidh go ndéanfar staidéar ar chur chun feidhme bearta sóisialta do theaghlaigh ar ioncam íseal chun cúiteamh a dhéanamh as an laghdú ar ioncam indiúscartha a eascraíonn as rátaí níos airde CBL le haghaidh earraí agus seirbhísí truaillitheacha; ag tathant ar an Ballstáit an togra le haghaidh treoir athbhreithnithe maidir le rátaí CBL a ghlacadh go mear (32);

39.

á chur i bhfáth gurb é an teaglaim tosca i ngach Ballstát is cúis go príomha leis an mbearna CBL, amhail bealaí éalaithe reachtacha, easpa acmhainní agus éifeachtúlacht dhigiteach sna riaracháin chánach, neamhéifeachtacht na mbeart forfheidhmithe agus rialaithe, go háirithe na bearta sin atá i gcoinne imghabháil agus seachaint cánach, agus pleanáil ionsaitheach cánach; á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit an comhar riaracháin a fheabhsú agus feidhmíocht na n-údarás náisiúnta cánach a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an uirlis le haghaidh Anailís ar Ghréasáin Idirbheart agus ag tacú le comhar feabhsaithe a bhunú idir comhaltaí Eurofisc chun calaois de chineál rothlach a bhrath go mear; á iarraidh ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin i gcomhthéacs leasanna airgeadais AE a chosaint;

40.

á mheas gur den riachtanas é fiosrú a dhéanamh i dtaobh sonrascú leictreonach a thabhairt isteach ar bhealach níos comhchuibhithe sna Ballstáit uile, sa bhreis ar an úsáid éigeantach atá á baint as sa soláthar poiblí ar fud AE, i bhfianaise go bhfuil sé cruthaithe gur uirlis éifeachtach é chun calaois agus imghabháil a chomhrac sna tíortha inar tugadh isteach é le haghaidh cineálacha eile idirbhearta freisin, agus toisc go bhfuil simpliú méadaithe agus laghdú ar chostais chomhlíonta mar thoradh air;

41.

á mheabhrú a thábhachtaí atá neamhspleáchas agus cineál neamhpháirtíoch na Faireachlainne Eorpaí um Cháin, a cruthaíodh ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa; á chur i bhfáth gur uirlis bhunriachtanach é an clár Fiscalis 2021-2027 chun comhar mear agus cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis chánach;

42.

á mheabhrú nach mór éifeachtacht na rátaí laghdaithe mar uirlis bheartais a mheas i gcónaí i gcomhthéacs sonrach na n-uirlisí beartais eile atá cheana ann; á chur in iúl, thairis sin, gur minic a chomhlánaíonn rátaí laghdaithe na huirlisí beartais shóisialta agus comhshaoil atá cheana ann, agus gur ionstraimí iad dreasachtaí cánach díreacha a dhíríonn níos fearr ar theaghlaigh ar ioncam íseal – e.g. tairseach saor ó cháin agus rátaí cánach forchéimnitheacha – agus go mbíonn siad níos neamhchostasaí go ginearálta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha eile;

43.

á chur i bhfáth an gá atá le dul i dtreo chóras cinntitheach CBL a bheidh bunaithe ar phrionsabal an chánachais sa tír cinn scríbe; ag tathant ar an gComhairle an togra le haghaidh treoir an 25 Bealtaine 2018 (COM(2018)0329) a ghlacadh a luaithe is féidir i bhfianaise a mhéid a chailltear acmhainní buiséadacha náisiúnta agus AE faoin gcóras reatha; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, príomhphrionsabail an chórais CBL ionchasaigh le haghaidh cáin trasteorann a ghearradh ar earraí laistigh de AE agus CBL a mhuirearú agus a bhailiú sa Bhallstát cinn scríbe ag an soláthraí;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an tuarascáil sin le tograí nithiúla reachtacha, lena dtabharfar aghaidh ar na hábhair shonracha dá dtagraítear thuas; á iarraidh ar an gComhairle a mhór a dhéanamh den idirphlé agus den chomhar le Parlaimint na hEorpa maidir le hathchóiriú cuí ar an gcóras CBL a shaothrú, agus na tograí sin á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá bunúsach atá le gné dhaonlathach na n-athruithe ar bheartas cánachais AE a ráthú;

45.

ag tacú leis an togra ón gCúirt Iniúchóirí (33) i dtaobh machnamh a dhéanamh ar shásra a chur ar bun lena ndéanfar athbhreithniú ar an meánráta ualaithe ilbhliantúil le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil chun saobhadh ar leibhéal na ranníocaíochtaí bunaithe ar CBL a sheachaint le linn na tréimhse sin má chinneann Ballstát a bheartas CBL a athrú;

46.

ag tabhairt dá haire go bhfuil Treoir CBL faoi réir formheas d’aon toil sa Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 113 CFAE;

47.

ag meabhrú an fhiúntais a bhaineann le huimhir aitheantais an cháiníocóra mar ionstraim úsáideach chun comhlíonadh agus urramú oibleagáidí cánach a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar na féidearthachtaí uile a bhaineann le huimhir aitheantais an cháiníocóra mar shásra chun ardchaighdeáin éifeachtúlachta le haghaidh tuairisciú a choimirciú;

48.

ag tacú leis an smaoineamh go ndéanfar dearbhú agus íocaíocht CBL a áireamh i leathnú raon feidhme Ionad Ilfhreastail CBL, atá i bhfeidhm ó 2015 i leith; á chur i bhfios go láidir gur gá díriú go sonrach ar oiriúnú an Ionaid Ilfhreastail ag an margadh r-thráchtála, ar margadh é atá ag leathnú;

49.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcreat atá ann faoi láthair agus tograí reachtacha nithiúla a mholadh maidir le fíorú a dhéanamh ar idirbhearta trasteorann, nach foláir a atreisiú chun CBL a dhaingniú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, an gá atá le haghaidh a thabhairt go sonrach ar na deiseanna a eascraíonn as an úsáid a bhainfear as teicneolaíochtaí digiteacha nua, le hardchaighdeáin cosanta sonraí agus príobháideachais mar chomhthoraí ar chearta cáiníocóirí;

50.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé trasuí iomlán agus cur chun feidhme cuí an phacáiste r-thráchtála CBL a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar staid na himeartha ina leith sin agus tograí nithiúla a thíolacadh chun na rialacha a oiriúnú, i gcás inar gá, agus fás easpónantúil na r-thráchtála á chur san áireamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearna shuntasach sa bhailiúchán CBL in earnáil na r-thráchtála; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar chonclúidí na tuarascála speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an ábhar, ar mhaithe leis an mbearna bailithe a dhúnadh;

51.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idirphlé níos dlúithe a bheith ann leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe na comhpháirtithe trádála is ábhartha, maidir le CBL; á mheas gur cheart tús a chur leis an gcomhar sin le prionsabal an chomhair riaracháin agus gur cheart é a bheith bunaithe air, chun loighic éifeachtach an mhalartaithe faisnéise a ráthú lenar féidir feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne scéimeanna as a dtagann calaois nó imghabháil;

52.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún athrú a dhéanamh ar chineál a Choiste CBL agus ar a chuspóirí maidir le coiste coisteolaíochta a bheidh ann sa todhchaí; á chur i bhfios go láidir gur gá brath ar sheasamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an ábhar sin; á mheabhrú gur gá a áirithiú go n-urramófar go hiomlán creat institiúideach AE maidir le cánachas agus gur gá inniúlachtaí a dháileadh maidir le cánachas indíreach;

o

o o

53.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO L 145, 13.6.1977, lch. 1.

(2)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(3)  IO L 348, 29.12.2017, lch. 7.

(4)  IO L 311, 7.12.2018, lch. 3.

(5)  IO L 310, 2.12.2019, lch. 1.

(6)  IO L 62, 2.3.2020, lch. 13.

(7)  IO L 62, 2.3.2020, lch. 7.

(8)  IO L 77, 23.3.2011, lch. 1.

(9)  IO L 348, 29.12.2017, lch. 1.

(10)  IO L 348, 29.12.2017, lch. 32.

(11)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 1.

(12)  IO L 313, 4.12.2019, lch. 14.

(13)  IO L 40, 13.2.2020, lch. 114.

(14)  IO L 188, 28.5.2021, lch. 1.

(15)  Teacht i bhfeidhm curtha siar go dtí an 1 Iúil 2022.

(16)  IO C 449, 23.12.2020, lch. 295.

(17)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 182.

(18)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 270.

(19)  IO C 94 E, 3.4.2013, lch. 5.

(20)  IO C 224, 27.6.2018, lch. 107.

(21)  IO C 108, 26.3.2021, lch. 8.

(22)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 204.

(23)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0392.

(24)  IO 71, 14.4.1967, lch. 1301.

(25)  IO 71, 14.4.1967, lch. 1303.

(26)  Mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le limistéar aonair CBL an Aontais Eorpaigh.

(27)  COM(2018)0329.

(28)  Amhail intleacht shaorga, mórshonraí agus teicneolaíocht bhlocshlabhra.

(29)  Ciallaítear leis sin gur ó na Ballstáit ar dtús agus ó AE ina dhiaidh sin a thagann an tacaíocht.

(30)  Treoir (AE) 2018/2057 an 20 Nollaig 2018 ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le sásra aistrithe táillí ginearálaithe a chur i bhfeidhm go sealadach i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí atá os cionn tairseach áirithe (IO L 329, 27.12.2018, lch. 3).

(31)  Staidéar PwC agus Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda an 26 Samhain 2019 dar teideal Paying Taxes 2020: The changing landscape of tax policy and administration across 190 economies, p. 27 [Ag Íoc Cánach 2020: Tírdhreach athraitheach an bheartais cánach agus riaracháin ar fud 190 geilleagar, lch. 27].

(32)  COM(2018)0020.

(33)  Tuairim Uimh. 11/2020.


Top