EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0256

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

/* COIM/2010/0256 leagan deireanach - COD 2010/0137 */

52010PC0256

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin /* COIM/2010/0256 leagan deireanach - COD 2010/0137 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 27.5.2010

COIM(2010)256 leagan deireanach

2010/0137 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs an Togra

Agus an leasú seo ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[1] mar a leasaíodh don uair dheireanach é le Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009[2] á mholadh aige, tá an Coimisiún ag féachaint le coigeartú a dhéanamh ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán, ag cur san áireamh an dul chun cinn atá déanta le seacht mí anuas sa chomhphlé leis an Albáin agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le léirscaoileadh víosa agus an dá thír sin a aistriú ó Iarscríbhinn I (liosta na dtríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát) go dtí Iarscríbhinn II (liosta na dtríú tíortha sin a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin) den Rialachán; luíonn an t-aistriú sin leis an ngealltanas polaitiúil a rinne an tAontas Eorpach maidir le léirscaoileadh an cheanglais víosa ghearrfhanachta le haghaidh shaoránaigh uile na mBalcán Thiar mar chuid de chlár Thessaloniki.

Comhthéacs ginearálta agus forais an togra

I gcomhréir le hAirteagal 62(2)(b)(i) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar na teorainneacha seachtracha (an liosta diúltach mar dhea) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin (an liosta dearfach mar dhea). Tá na liostaí sin luaite in Airteagal 61 de Chonradh CE i measc na mbeart cliatháin atá nasctha go díreach le saorghluaiseacht daoine i limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

D'fhonn cinneadh a dhéanamh cé na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe faoi réir an cheanglais víosa, agus cé na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe uaidh, déantar measúnú breithnithe ar gach cás ar leith de réir roinnt critéar a bhaineann inter alia le hinimirce mhídhleathach, beartas poiblí agus slándáil, agus le caidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha; meastar na himpleachtaí do chomhleanúnachas réigiúnach agus cómhalartacht freisin. I bhfianaise na gcritéar ord poiblí agus inimirce mhídhleathach, ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar shlándáil doiciméad taistil arna n-eisiúint ag na tríú tíortha lena mbaineann.

Ós rud é gur féidir leis na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 fabhrú thar am i ndáil le tríú tíortha, ba cheart comhdhéanamh an liosta dhiúltaigh agus an liosta dhearfaidh a athbhreithniú nuair is iomchuí.

Aistriú Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagró agus na Seirbia go dtí an liosta dearfach is ea an leasú is déanaí a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar gheall ar thoradh an chomhphlé maidir le léirscaoileadh víosa.

Is é aidhm an athbhreithnithe seo ar an Rialachán a áirithiú go gcomhlíonann comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha na critéir atá leagtha amach in aithris 5 den Rialachán i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag an Albáin agus ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i gcreat a gcomhphléití faoi seach maidir le léirscaoileadh víosa.

2. Eilimintí an togra

Ó chruinniú mullaigh Thessaloniki i Meitheamh 2003, dhearbhaigh an tAontas Eorpach a ghealltanas polaitiúil i leith léirscaoileadh víosa le haghaidh thíortha na mBalcán Thiar, agus béim á leagan aige ar an sprioc sin a bheith nasctha leis an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha lena mbaineann maidir le leasuithe móra a chur chun feidhme i réimsí amhail smacht reachta a neartú, coireacht eagraithe, éillitheacht agus inimirce mhídhleathach a chomhrac agus a gcumas riaracháin a neartú maidir le rialú teorann agus slándáil doiciméad. D'fhonn an chéad bheart a dhéanamh i dtreo córas taistil gan víosa a bhunú, thug an tAontas Eorpach Comhaontuithe um Éascú Víosa i gcrích in 2007 le hIar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia[3] (i gcomhthreo le comhaontuithe um athligean isteach) agus thosaigh sé comhphléití struchtúrtha maidir le léirscaoileadh víosa bunaithe ar phleananna oibre mionsonraithe ina raibh tagarmharcanna soiléire leagtha síos, ar tagarmharcanna iad a bhí le comhlíonadh ag na cúig tír sa réigiún d'fhonn dul chun cinn a dhéanamh de réir a chéile i dtreo léirscaoileadh víosa.

Is bunaithe ar thoradh a bhaint amach a bhí an comhphlé sin maidir le taisteal gan víosa. Cuireadh tús go hoifigiúil leis an gcomhphlé leis an Albáin i Márta 2008 agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i mBealtaine 2008; bhí sé bunaithe ar phleananna oibre a bhunaigh an Coimisiún go speisialta i gcomhaontú leis na Ballstáit agus i gcomhairliúchán leis na tíortha faoi seach. Bhí na pleananna oibre roinnte ar cheithre ghrúpa saincheisteanna: slándáil doiciméad, inimirce mhídhleathach, ord poiblí agus slándáil chomh maith le cúrsaí caidrimh sheachtraigh a bhaineann le gluaiseacht daoine.

Ina thogra dar dáta an 15 Iúil 2009[4], rinne an Coimisiún an mhodheolaíocht a leanadh le linn phróiseas léirscaoilte víosa thíortha na mBalcán Thiar a chur i láthair go mion agus bheartaigh sé Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia a aistriú ón liosta diúltach go dtí an liosta dearfach. Bunaithe ar thogra an Choimisiúin agus tar éis comhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa, chinn an Chomhairle an 30 Samhain 2009 an oibleagáid víosa ar shaoránaigh Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagró agus na Seirbia a chur i leataobh ón 19 Nollaig 2009.

Maidir leis an Albáin agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, measadh go raibh sraith tagarmharcanna gan chomhlíonadh fós in ainneoin an dul chun cinn mór a rinneadh. I gComhdhearbhú a glacadh mí na Samhna 2009, leag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle béim ar a dtacaíocht pholaitiúil i gcomhair an córas víosa do shaoránaigh an dá thír sin a dhíothú gan mhoill agus d'áitigh sé ar údaráis na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine a n-iarrachtaí a threisiú d'fhonn na tagarmharcanna ar fad atá leagtha amach i bpleananna oibre an Choimisiúin a chomhlíonadh.

Thairis sin, d'iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú a luaithe a mheasfaidh sé go gcomhlíonann gach tír tagarmharcanna na bpleananna oibre, agus rinne siad an gealltanas togra an Choimisiúin a scrúdú ar bhonn práinne.

Is sa chomhthéacs sin ó Shamhain 2009 i leith a lean an Coimisiún de mhonatóireacht dhlúth a áirithiú maidir le próiseas léirscaoilte víosa na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine. Bunaithe ar thuarascálacha ullmhachta mionsonraithe a sholáthair an dá thír sin agus ar thorthaí misin seisir saineolaithe a cuireadh i gcrích idir Nollaig 2009 agus Feabhra 2010 (ar misean é ar ghlac saineolaithe ó Bhallstáit páirt ghníomhach ann), rinne an Coimisiún a mheasúnú ar dhul chun cinn an dá thír sin maidir le cur chun feidhme na dtagarmharcanna atá fágtha sna pleananna oibre do léirscaoileadh víosa a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in Aibreán 2010 sular cuireadh é chuig na tíortha lena mbaineann.

Agus na measúnuithe sin á dtíolacadh aige, d'fhógair an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige i leith gach tír sna Balcáin Thiar monatóireacht chuí a dhéanamh, i ndiaidh díothú an cheanglais víosa, ar chur chun feidhme éifeachtach agus inbhuanaithe na mbeart arna ndéanamh ag na tíortha sin laistigh de chreat an phróisis léirscaoilte víosa. -{}-

Rinneadh na tuarascálacha measúnaithe le haghaidh na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine a thíolacadh d'údaráis faoi seach na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine an 6 Bealtaine 2010.

Go háirithe, ba é conclúid na dtuarascálacha measúnaithe go ndearna an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin dul chun cinn mór agus nach raibh ach líon an-srianta tagarmharcanna gan chomhlíonadh.

Léiríonn an togra seo toradh an phróisis thuasluaite: á chur san áireamh freisin, go bhfuil na Comhaontuithe um Éascú Víosa agus um Athligean Isteach leis an dá thír sin á gcur chun feidhme ar shlí shásúil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, tíortha a bhfuil beagnach na tagarmharcanna ar fad comhlíonta acu, a aistriú ón liosta diúltach chuig an liosta dearfach, ach an tuiscint a bheith ann go gcomhlíonfaidh na tíortha sin na tagarmharcanna ar fad faoin am a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra.

Maidir le tabhairt isteach pasanna bithmhéadracha ag tíortha na mBalcán Thiar, ós rud é go meastar gur ní é lena mbaineann tábhacht bhunúsach i ndáil leis an bpróiseas léirscaoilte víosa réigiúnaigh a chríochnú gan teip agus mar atá i Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009, déanann an togra seo, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil agus le hinimirce mhídhleathach a chosc, an tarscaoileadh víosa do shaoránaigh na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine a theorannú do na daoine sin a bhfuil pas nua bithmhéadrach a d'eisigh ceann de na tíortha sin ina seilbh.

3. Na Chéad Chéimeanna Eile

I gcomhthreo le scrúdú an togra i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtagarmharcanna atá gan chomhlíonadh i leith na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus roinnfidh sé a mheasúnú in am is i dtráth le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Maidir leis an Albáin, baineann na tagarmharcanna gan chomhlíonadh leis na nithe seo a leanas:

- forbairt straitéise agus beartais chun tacú le himeascadh Albánach a aisdúichíodh;

- neartú an chumais an dlí a fhorfheidhmiú agus cur chun feidhme éifeachtach an chreata dlí le haghaidh an chomhraic i gcoinne na coireachta eagraithe agus na héillitheachta, trí bhíthin acmhainní daonna agus acmhainní airgeadais atá leordhóthanach a leithdháileadh freisin;

- cur chun feidhme éifeachtach an chreata dlí maidir le coigistiú sócmhainní coireachta eagraithe.

Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, baineann na tagarmharcanna gan chomhlíonadh leis na nithe seo a leanas:

- neartú an chumais an dlí a fhorfheidhmiú agus cur chun feidhme éifeachtach an chreata dlí le haghaidh an chomhraic i gcoinne na coireachta eagraithe agus na héillitheachta, trí bhíthin acmhainní daonna agus acmhainní airgeadais atá leordhóthanach a leithdháileadh freisin;

- cur chun feidhme forchéimnitheach an phlean oibre ó mhí an Mhárta 2010 maidir le malartú sonraí leictreonach a chur ar bun idir póilíní agus lucht ionchúisimh;

- comhchuibhiú chóid choiriúla na n-eintiteas agus cheantar Brcko leis na cóid choiriúla atá ann ar leibhéal an stáit

Faoi mar atá i Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009, níl aon chúis le coinníoll a chur ar chur chun feidhme an tarscaoilte víosa i gcomhair na hAlbáine agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine go dtabharfaí comhaontuithe tarscaoilte víosa i gcrích leis an AE, á chur san áireamh gairm Eorpach an dá thír sin agus gur dhíolmhaigh siad saoránaigh uile an AE ón gceanglas víosa cheana.

4. Príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit.

5. Measúnú iarmharta

Níl aon ghá leis.

6. Bunús dlí

I bhfianaise CFAE, forbairt ar an gcomhbheartas víosa atá sa togra seo i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) de CFAE.

7. Prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta

Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha (an liosta diúltach) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin (an liosta dearfach).

Maidir leis an gcinneadh na liostaí a athrú, tíortha a aistriú ón liosta diúltach chuig an liosta dearfach nó vice versa, is laistigh d'inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a thagann sé i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE.

8. Rogha ionstraimí

Tá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 le leasú le Rialachán.

9. Impleacht bhuiséadach

Ní bhaineann aon impleacht do bhuiséad an Aontais Eorpaigh leis an leasú atá beartaithe.

2010/0137 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

10. Ba cheart comhdhéanamh na liostaí tríú tíortha in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle[5] a bheith ag luí leis na critéir atá leagtha síos in aithris 5 den Rialachán sin, agus ba cheart dó leanúint de bheith ag luí leo. Tríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar a staid maidir leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

11. I gcomhréir leis an ngealltanas polaitiúil atá déanta ag an Aontas Eorpach maidir le léirscaoileadh an cheanglais víosa ghearrthéarmaigh le haghaidh shaoránaigh thíortha uile na mBalcán Thiar mar chuid de chlár Thessaloniki agus ag cur san áireamh an dul chun cinn atá déanta ó Nollaig 2009 i leith sa chomhphlé leis an Albáin agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le léirscaoileadh víosa, measann an Coimisiún go bhfuil formhór mór na dtagarmharcanna ina bpleananna oibre faoi seach comhlíonta ag an dá thír sin.

12. Dá bhrí sin, ba cheart an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin [ar chuntar gcomhlíonfaidh siad na tagarmharcanna ar fad faoi dháta glactha an Rialacháin seo] a aistriú go dtí Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ba cheart an tarscaoileadh sin a bheith infheidhme maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-éisiúint ag ceachtar den dá thír sin, agus maidir leo sin amháin.

13. A fhad a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le baint an dá stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[6], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[7].

14. A fhad a bhaineann leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, agus forbairt acquis Schengen[8], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[9].

15. A fhad a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle[10].

16. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[11]; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

17. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[12]; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur chun feidhme.

18. Is forbairt é an Rialachán seo ar acquis Schengen, i gcomhréir leis an bPrótacal lena lánpháirtítear acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Cinneadh 1999/435/CE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1999 maidir le sainmhíniú ar acquis Schengen d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chonartha ar an Aontas Eorpach, an bunús dlí le gach foráil nó cinneadh arb éard iad an acquis [13].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas:

19. Leasófar Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a) i gCuid 1, scriosfar na tagairtí don Albáin agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;

20. In Iarscríbhinn II, Cuid 1, cuirfear na tagairtí a leanas isteach:

"an Albáin (*)

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (*)

(*) Ní infheidhme an díolúine ón gceanglas víosa ach amháin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

[2] IO L 336, 18.12.2009, lch. 1.

[3] Féach brollach na gcomhaontuithe a leanas: leis an Albáin (IO L 334, 19.12.2007, lch. 85), leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (IO L 334, 19.12.2007, lch. 97), le hIar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine (OI L 334, 19.12.2007, lch. 125), le Montainéagró (IO L 334, 19.12.2007, lch. 169) agus leis an tSeirbia (IO L 334, 19.12.2007, lch. 109).

[4] COIM(2009) 366 leagan deireanach

[5] IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

[6] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[7] IO L 176, 10.7.1999, lch 31.

[8] IO L 53, 27.2.2008, lch 52.

[9] IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

[10] IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

[11] IO L 131, 01.6.2000, lch. 43.

[12] IO L 64, 07.3.2002, lch. 20.

[13] IO L 176, 10.7.1999, lch. 1.

Top