EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0447

Rialachán (AE) 2023/447 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húsáid gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe mar mhilseoir (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1353

IO L 65, 2.3.2023, p. 16–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/447/oj

2.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/16


RIALACHÁN (AE) 2023/447 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húsáid gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe mar mhilseoir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta de chuid an Aontais de bhreiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(3)

Féadfar na liostaí sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil.

(4)

I mí Eanáir 2019, cuireadh isteach iarratas maidir le gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe a údarú mar bhreiseán bia nua lena n-úsáid mar mhilseoir. Cuireadh an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Táirgtear gliocóisídí steibhióil trí bhith-thiontú einsímeach agus úsáid á baint as glúcanatraschuráis chioglamaltaideistrin a chatalaíonn traschuir glúcóis ó stáirse go dtí meascáin atá saibhrithe i ngliocóisíd steibhióil amháin nó níos mó ná sin ó eastóscáin íonaithe duilleog Stevia rebaudiana. Tá siad comhdhéanta de mheascán de ghliocóisídí steibhióil glúcósalaithe ina bhfuil 1–20 aonad breise glúcóis nasctha leis na máthairghliocóisídí steibhióil. Tá próifíl mhilseachta feabhsaithe acu i gcomparáid le milseoirí údaraithe eile, lena n-áirítear gliocóisídí steibhióil ó Stevia (E 960a).

(6)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe agus chuir sé an tuairim uaidh in iúl an 15 Nollaig 2021 (4). Mheas an tÚdarás go meitibilítear gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe ar bhealach atá sách comhchosúil leis na gliocóisídí steibhióil atá údaraithe cheana féin, agus dá bhrí sin measadh go dtacaíonn na sonraí tocsaineolaíocha a ndearna an tÚdarás measúnú orthu roimhe seo maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960a) lena sábháilteacht mar bhreiseán bia. An einsím glúcanatraschuráis chioglamaltaideistrin (EC 2.4.1.19) a dhíorthaítear ó thréithchineál neamh-ghéinmhodhnaithe de Anoxybacillus caldiproteolyticus agus atá ceaptha lena húsáid i monarú gliocóisídí steibhióil modhnaithe, ní ábhar imní sábháilteachta í faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe ar bhonn na sonraí a cuireadh ar fáil don Údarás (5). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil aon ábhar imní sábháilteachta ann maidir le gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe a úsáid mar bhreiseán bia le haghaidh na n-úsáidí céanna agus na leibhéal úsáide a bheartaítear i gcás na gliocóisídí steibhióil (E 960a–960c) a úsáidtear mar mhilseoirí.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí an breiseán bia “gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe” (E 960d) a údarú mar mhilseoir sna catagóirí bia dá bhfuil gliocóisídí steibhióil (E 960a–960c) údaraithe faoi láthair, agus ag na huasleibhéil chéanna.

(8)

Ba cheart na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe a chur le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 toisc go bhfuil sé á chur ar liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 den chéad uair.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(2):7066.

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(1):7004.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 mar a leanas:

(a)

I gCuid B, 2. Milseoirí, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 960c:

“E 960d

Gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe”;

(b)

I gCuid C, (5) Breiseáin is féidir a rialáil le chéile, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

“(v)

E 960a – 960d: Gliocóisídí steibhióil

E-uimhir

Ainm

E 960a

Gliocóisídí steibhióil ó Stevia

E 960c

Gliocóisídí steibhióil a tháirgtear go heinsímeach

E 960d

Gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe”;

(c)

Leasaítear Cuid E mar a leanas:

(1)

I gCatagóir 01.4 (Táirgí bainne coipthe blaistithe, lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

táirgí fuinneamhlaghdaithe nó táirgí nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(2)

I gCatagóir 03 (Reoiteoga), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

táirgí fuinneamhlaghdaithe nó táirgí nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(3)

I gCatagóir 04.2.2 (Torthaí agus glasraí i bhfínéagar, ola nó sáile), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

torthaí agus glasraí leasaithe atá milis agus searbh, agus iad sin amháin”

(4)

I gCatagóir 04.2.4.1 (Ullmhóidí torthaí agus glasraí seachas compóit), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe amháin”

(5)

I gCatagóir 04.2.5.1 (Subh bhreise agus glóthach bhreise faoi mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/113/CE), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

subha, glóthacha agus marmaláidí fuinneamhlaghdaithe amháin”

(6)

I gCatagóir 04.2.5.2 (Subha, glóthacha agus marmaláidí agus purée castáin milsithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/113/CE), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

subha, glóthacha agus marmaláidí fuinneamhlaghdaithe amháin”

(7)

I gCatagóir 04.2.5.3 (Leatháin torthaí agus glasraí eile den chineál céanna), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

leatháin fhuinneamhlaghdaithe torthaí agus glasraí agus leatháin le cur ar cheapairí atá bunaithe ar thorthaí triomaithe, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(8)

I gCatagóir 05.1 (Táirgí Cócó agus Seacláide mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/36/CE), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(9)

I gCatagóir 05.2 (Milseogra eile lena n-áirítear micrimilseáin le haghaidh chumhra na hanála), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)

bunaithe ar chócó nó ar thorthaí triomaithe, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

leatháin le cur ar cheapairí atá bunaithe ar chócó, ar bhainne, ar thorthaí triomaithe nó ar shaill, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

350

(1) (60)

milseogra nach bhfuil aon siúcra breise curtha leis, agus é sin amháin

milseogra crua fuinneamhlaghdaithe amháin (candaí agus líreacáin)

milseogra bog fuinneamhlaghdaithe amháin (candaí coganta, gumaí torthaí agus táirgí siúcra cúir/leamhacháin)

liocras fuinneamhlaghdaithe amháin

eithneagán fuinneamhlaghdaithe amháin

prásóg fhuinneamhlaghdaithe amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

2 000

(1) (60)

micrimilseáin le haghaidh chumhra na hanála, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

670

(1) (60)

pastailí scornaí cumhra a bhfuil blas láidir orthu, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(10)

I gCatagóir 05.3 (Guma coganta), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

3300

(1) (60)

gan aon siúcra breise curtha leis amháin”

(11)

I gCatagóir 05.4 (Maisiúcháin, bratuithe agus líonadh, seachas líonadh atá bunaithe ar thorthaí a chlúdaítear le catagóir 4.2.4 cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

milseogra nach bhfuil aon siúcra breise curtha leis, agus é sin amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)

bunaithe ar chócó nó ar thorthaí triomaithe, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(12)

I gCatagóir 06.3 (Gránaigh bhricfeasta), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

gránaigh bhricfeasta ina bhfuil cion snáithíní is mó ná 15 %, agus ina bhfuil 20 % de bhran ar a laghad, iad fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(13)

I gCatagóir 07.2 (Earraí míne bácála), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

‘E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

essoblaten amháin — páipéar sliseoige”

(14)

I gCatagóir 09.2 (Éisc nó táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear moilisc agus crústaigh), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

éisc agus maranáidí éisc, de chrústaigh agus de mhoilisc atá milis agus searbh agus leasaithe nó leasaithe i bpáirt, agus iad sin amháin”

(15)

I gCatagóir 11.4.1 (Milseoirí boird i bhfoirm leachtach), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

quantum satis

(1) (60)”

 

(16)

I gCatagóir 11.4.2 (Milseoirí a bhíonn ar an mbord i bhfoirm phúdair), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

quantum satis

(1) (60)”

 

(17)

I gCatagóir 11.4.3 (Milseoirí boird ina dtáibléid), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

quantum satis

(1) (60)”

 

(18)

I gCatagóir 12.4 (Mustard), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

120

(1) (60)”

 

(19)

I gCatagóir 12.5 (Anraithí agus bratanna) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

40

(1) (60)

anraithí fuinneamhlaghdaithe amháin”

(20)

I gCatagóir 12.6 (Anlainn), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

120

(1) (60)

seachas anlann pónairí soighe (coipthe nó neamhchoipthe)

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

175

(1) (60)

Anlann pónairí soighe amháin (coipthe nó neamhchoipthe)”

(21)

I gCatagóir 13.2 (Bianna diaitéiteacha chun críoch speisialta míochaine a shainmhínítear i dTreoir 1999/21/CE (seachas táirgí ó chatagóir bia 13.1.5)), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)”

 

(22)

I gCatagóir 13.3 (Bianna diaitéiteacha le haghaidh aistí bia chun meáchan a rialú a bheartaítear a chur in ionad na hiontógála laethúla bia nó in ionad béile aonair (an aiste bia laethúil iomlán nó cuid di)), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)”

 

(23)

I gCatagóir 14.1.3 (Neachtar torthaí mar a shainmhínítear le Treoir 2001/112/CE agus neachtar glasraí agus táirgí den chineál céanna), (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c(Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(24)

I gCatagóir 14.1.4 (Deochanna blaistithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

80

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(25)

I gCatagóir 14.1.5.2 (Eile), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

30

(1) (60) (93)

caife, tae agus deochanna insileadh luibhe amháin, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

30

(1) (60) (93)

táirgí caife blaistithe ar an toirt agus táirgí cappuccino ar an toirt, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

20

(1) (60) (93)

deochanna bunaithe ar bhraich agus deochanna blaistithe seacláide/cappuccino, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise, agus iad sin amháin”;

(26)

I gCatagóir 14.2.1 (Beoir agus deochanna braiche), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

70

(1) (60)

beoir gan alcól nó beoir ina bhfuil cion alcóil nach mó ná 1,2 % de réir toirte, agus é sin amháin; Bière de table/Tafelbier/Table beer (cion braichlis is lú ná 6 %) ach amháin i gcás Obergäriges Einfachbier; beoracha le haigéadacht íosta de 30 milleachoibhéis a shloinntear mar NaOH; Beoracha donna den chineál oud bruin”;

(27)

I gCatagóir 14.2.8 (Deochanna alcólacha eile lena n-áirítear deochanna alcólacha a mheasctar le deochanna neamh-mheisciúla agus biotáillí ina bhfuil níos lú ná 15 % d’alcól), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

150

(1)(60)’

 

(28)

I gCatagóir 15.1 (Sneaiceanna atá bunaithe ar phrátaí, ghránaigh, plúr nó stáirse), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

‘E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

20

(1) (60)”

 

(29)

I gCatagóir 15.2 (Cnónna próiseáilte), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c(Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

20

(1) (60)”

 

(30)

I gCatagóir 16 (Milseoga seachas na táirgí a chumhdaítear i gcatagóirí 1, 3 agus 4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(31)

I gCatagóir 17.1 (Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, seachas forbhianna le haghaidh naíonáin agus leanaí óga), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

670

(1) (60)

 

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

1800

(1) (60)

forbhianna i bhfoirm choganta amháin”

(32)

I gCatagóir 17.2 (Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, seachas forbhianna le haghaidh naíonáin agus leanaí óga), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960a – 960c (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

 

 

E 960a – 960d

Gliocóisídí steibhióil

1800

(1) (60)

forbhianna i bhfoirm shíoróipe amháin”.


IARSCRÍBHINN II

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála le haghaidh fhorbhia E 960c(iv):

‘E 960d   GLIOCÓISÍDÍ STEIBHIÓIL GLÚCÓSALAITHE

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Meascán de ghliocóisídí níos mó de steibhiól a dhíorthaítear trí ghlúcósalú a dhéanamh ar ghliocóisídí steibhióil a eastósctar ó dhuilleoga an phlanda Stevia rebaudiana Bertoni. Tá an meascán comhdhéanta de ghliocóisídí steibhióil glúcósalaithe agus de mháthairghliocóisídí steibhióil iarmharacha ó dhuilleoga Stevia. Táirgtear gliocóisídí steibhióil glúcósalaithe trí na gliocóisídí steibhióil a eastósctar ó dhuilleoga Stevia, agus stáirse atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine a chóireáil le glúcanatraschuráis chioglamaltaideistrin (EC 2.4.1.19) a dhíorthaítear ó thréithchineál neamh-OGM de Anoxybacillus caldiproteolyticus St-88. Traschuireann an einsím aonaid ghlúcóis ón stáirse go dtí na gliocóisídí steibhióil. Déantar an t-ábhar a fhaightear a théamh agus cóireáiltear é le carbón gníomhachtaithe chun an einsím a bhaint as, agus cuirtear é trí roisín asaithe/dí-asaithe chun an stáirse hidrealaithe iarmharach (deistrin) a bhaint as, agus ansin déantar an táirge deiridh a íonú agus a ullmhú agus úsáid á baint as próisis a bhféadfadh tuaradh, tiúchan agus spraethriomú a bheith mar chuid díobh.

Ainm ceimiceach

Steibhióilbisíd: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch

Rúibiusósíd: aigéad 13-β-D-glúcaipioranóisiolocsacúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile

Dulcóisíd A: aigéad 13-[(2-O-α–L-ramnópioranóisil-β–D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile

Steibhiósíd: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile

Ribidióisíd A: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear, β-D- glúcaipioranóisile

Ribidióisíd B: aigéad 13-[(2-O-β–D-glúcaipioranóisil-3-O-β–D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch

Ribidióisíd C: aigéad 13-[(2-O-α–L-ramnópioranóisil-3-O-β–D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile

Ribidióisíd D: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisile

Ribidióisíd E: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisile

Ribidióisíd F: aigéad 13-[(2-O-β-D-xiolafúránánóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear β-D-glúcaipioranóisile

Ribidióisíd M: aigéad 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]cúir-16-éan-18-óch, eistear 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisile

Agus a ndíorthaigh ghlúcósalaithe (1-20 aonad breise glúcóis)

Foirmle mhóilíneach

Beagainm

Foirmle

Fachtóir coinbhéartachta

 

Steibhióilbisíd n-Glúcósalaithe

C(32+n*6)H(50+n*10)O(13+n*5)

 

Rúibiusósíd n-Glúcósalaithe

C(32+n*6)H(50+n*10)O(13+n*5)

 

Dulcóisíd A n-Glúcósalaithe

C(38+n*6)H(60+n*10)O(17+n*5)

 

Steibhiósíd n-Glúcósalaithe

C(38+n*6)H(60+n*10)O(18+n*5)

 

Ribidióisíd A n-Glúcósalaithe

C(44+n*6)H(70+n*10)O(23+n*5)

 

Ribidióisíd B n-Glúcósalaithe

C(38+n*6)H(60+n*10)O(18+n*5)

 

Ribidióisíd C n-Glúcósalaithe

C(44+n*6)H(70+n*10)O(22+n*5)

 

Ribidióisíd D n-Glúcósalaithe

C(50+n*6)H(80+n*10)O(28+n*5)

 

Ribidióisíd E n-Glúcósalaithe

C(44+n*6)H(70+n*10)O(23+n*5)

 

Ribidióisíd F n-Glúcósalaithe

C(43+n*6)H(68+n*10)O(22+n*5)

 

Ribidióisíd M n-Glúcósalaithe

C(56+n*6)H(90+n*10)O(33+n*5)

 

n: an líon aonad glúcóis a chuirtear go heinsímeach leis an máthairghliocóisíd steibhióil (n = 1-20)

Gnáthfhachtóir coinbhéartachta le haghaidh meascán de ghliocóisídí steibhióil glúcósalaithe = 0,20 (ar an mbonn triomaithe agus saor ó dheistrin)

 

Steibhiól

C20H30O3

1,00

 

Steibhióilbisíd

C32H50O13

0,50

Rúibiusósíd

C32H50O13

0,50

Dulcóisíd A

C38H60O17

0,40

Steibhiósíd

C38H60O18

0,40

Ribidióisíd A

C44 H70 O23

0,33

Ribidióisíd B

C38 H60 O18

0,40

Ribidióisíd C

C44H70O22

0,34

Ribidióisíd D

C50H80O28

0,29

Ribidióisíd E

C44H70O23

0,33

Ribidióisíd F

C43H68O22

0,34

Ribidióisíd M

C56H90O33

0,25

Meáchan móilíneach agus Uimh. CAS

Beagainm

Uimhir CAS

Meáchan móilíneach (g/mol)

Steibhióilbisíd n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

642,73+n*162,15

Rúibiusósíd n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

642,73+n*162,15

Dulcóisíd A n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

788,87+n*162,15

Steibhiósíd n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

804,88+n*162,15

Ribidióisíd A n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

967,01+n*162,15

Ribidióisíd B n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

804,88+n*162,15

Ribidióisíd C n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

951,02+n*162,15

Ribidióisíd D n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

1129,15+n*162,15

Ribidióisíd E n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

967,01+n*162,15

Ribidióisíd F n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

936,99+n*162,15

Ribidióisíd M n-Glúcósalaithe

Níl sí ar fáil

1291,30+n*162,15

Steibhiól

 

318,46

Steibhióilbisíd

41093-60-1

642,73

Rúibiusósíd

64849-39-4

642,73

Dulcóisíd A

64432-06-0

788,87

Steibhiósíd

57817-89-7

804,88

Ribidióisíd A

58543-16-1

967,01

Ribidióisíd B

58543-17-2

804,88

Ribidióisíd C

63550-99-2

951,02

Ribidióisíd D

63279-13-0

1 129,15

Ribidióisíd E

63279-14-1

967,01

Ribidióisíd F

438045-89-7

936,99

Ribidióisíd M

1220616-44-3

1 291,30

Measúnacht

Nach lú ná 95 % gliocóisídí steibhióil iomlána, comhdhéanta de na gliocóisídí steibhióil thuasluaite in éineacht lena ndíorthaigh ghlúcósalaithe (1-20 aonad breise glúcóis), ar an mbonn triomaithe agus saor ó dheistrin.

Tuairisc

Púdar ar dhath bán nó gealbhuí, idir thart ar 100 agus 200 uaire níos milse ná siúcrós (ag coibhéis siúcróis 5 %).

Aitheantas

Intuaslagthacht

Intuaslagtha in uisce

pH

Idir 4,5 agus 7,0 (tuaslagán 1 sa 100)

Íonacht

Iomlán na luatha

Nach mó ná 1 %

Caillteanas mar gheall ar thriomú

Nach mó ná 6 % (105 °C, 2h)

Tuaslagóir iarmharach

Nach mó ná 200 mg/kg meatánól

Nach mó ná 3 000 mg/kg eatánól

Arsanaic

Nach mó ná 0,015 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíoch

Áireamh iomlán na gcoilíneachtaí (aeróbacha)

Nach mó ná 1 000 CFU/g

Giosta agus múscáin

Nach mó ná 200 CFU/g

E. coli

Diúltach in 1 g

Salmonella

Diúltach in 25 g’.


Top