EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003TN08/02

Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Iarscríbhinn VIII: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 24 den Ionstraim Aontachais: An Laitvia - 2. SAOIRSE SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR

IO L 236, 23.9.2003, p. 826–826 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12003TN08/02



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0826 - 0826


2. SAOIRSE SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR

1. 31994 L 0019: Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe éarlaisí (IO L 135, 31.5.1994, lch. 5).

De mhaolú ar Airteagal 7(1) de Threoir 94/91/CE, ní bheidh feidhm ag an íosleibhéal ráthaíochta sa Laitvia go dtí an 31 Nollaig 2007. Áiritheoidh an Laitvia go bhforálfaidh a scéim ráthaithe éarlaisí do chumhdach nach lú ná EUR 10000 go dtí an 31 Nollaig 2005 agus do chumhdach nach lú ná EUR 15000 ón 1 Eanáir 2006 go dtí an31 Nollaig 2007.

Le linn na hidirthréimhse, coinneoidh na Ballstáit eile an ceart acu féin cosc a chur le brainse d'institiúid Laitviach chreidmheasa atá bunaithe ar a gcríocha oibriú muna bhfuil, agus go dtí go bhfuil, brainse den sórt sin tar éis dul isteach i scéim ráthaithe éarlaisí laistigh de chríocha an Bhallstáit i dtrácht atá aitheanta go hoifigiúil d'fhonn an difear idir an leibhéal Laitviach ráthaíochta agus an t-íosleibhéal dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chumhdach.

2. 31997 L 0009: Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).

De mhaolú ar Airteagal 4(1) de Threoir 97/9/CE, ní bheidh feidhm ag an íosleibhéal cúitimh sa Laitvia go dtí an 31 Nollaig 2007. Áiritheoidh an Laitvia go bhforálfaidh a scéim chúitimh d'infheisteoirí do chumhdach nach lú ná EUR 10000 go dtí an 31 Nollaig 2005 agus do chumhdach nach lú ná EUR 15000 ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2007.

Le linn na hidirthréimhse, coinneoidh na Ballstáit eile an ceart acu féin cosc a chur le brainse de ghnólacht Laitviach infheistíochta atá bunaithe ar a gcríocha oibriú muna bhfuil, agus go dtí go bhfuil, brainse den sórt sin tar éis dul isteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí laistigh de chríocha an Bhallstáit i dtrácht atá aitheanta go hoifigiúil d'fhonn an difear idir an leibhéal Laitviach cúitimh agus an t-íosleibhéal dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chumhdach.

--------------------------------------------------

Top