EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0435

Cinneadh (AE) 2024/435 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste CETA arna bhunú faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Léirmhíniúcháin ar Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A, Airteagal 8.9 agus Airteagal 8.39 de a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26.1.5(e) den Chomhaontú sin

ST/15639/2023/INIT

IO L, 2024/435, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/435/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/435/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/435

1.2.2024

CINNEADH (AE) 2024/435 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste CETA arna bhunú faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Léirmhíniúcháin ar Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A, Airteagal 8.9 agus Airteagal 8.39 de a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26.1.5(e) den Chomhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/37 (1) ón gComhairle, déantar foráil maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú an 30 Deireadh Fómhair 2016.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2017/38 (3) ón gComhairle, déantar foráil maidir le codanna den Chomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ón 21 Meán Fómhair 2017 i leith.

(3)

De bhun Airteagal 26.1.5(e) den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag Comhchoiste CETA léirmhíniúcháin a ghlacadh ar fhorálacha an Chomhaontaithe, atá le bheith ina gceangal ar bhinsí arna mbunú faoi Roinn F de Chaibidil a hOcht (Díospóidí infheistíochta idir infheisteoirí agus stáit a réiteach) agus Caibidil a Fiche a Naoi (Réiteach Díospóidí) den Chomhaontú.

(4)

De bhun Riail 10(3) dá Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2018/1062 ón gComhairle (4), tá sé de chumhacht ag Comhchoiste CETA Léirmhíniúcháin an Chomhaontaithe a ghlacadh.

(5)

Trí nós imeachta i scríbhinn, tá Léirmhíniúcháin ar Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A, Airteagal 8.9 agus Airteagal 8.39 den Chomhaontú, le glacadh ag Comhchoiste CETA.

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste CETA a bhunú ar bhonn an dréacht-Léirmhíniúcháin ó Chomhchoiste CETA atá i gceangal, ós rud é go soiléiríonn sé Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A, Airteagal 8.9 agus Airteagal 8.39 den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste CETA a mhéid a bhaineann le Léirmhíniúcháin ar Airteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A, Airteagal 8.9 agus Airteagal 8.39 den Chomhaontú a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26.1.5(e) de, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Léirmhíniúcháin ó Chomhchoiste CETA atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tar éis a ghlactha, déanfar an Léirmhíniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Cinneadh (AE) 2017/37 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 1).

(2)   IO L 11, 14.1.2017, lch. 23.

(3)  Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lch. 1080).

(4)  Cinneadh (AE) 2018/1062 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Comhpháirteach CETA arna bhunú leis an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile a mhéid a bhaineann le glacadh Rialacha Nós Imeachta Chomhchoiste CETA agus coistí speisialaithe (IO L 190, 27.7.2018, lch. 13).


Dréacht

LÉIRMHÍNIÚCHÁN Uimh. …/2024 Ó CHOMHCHOISTE CETA

an ...

maidir le hAirteagal 8.10, Iarscríbhinn 8-A, Airteagal 8.9 agus Airteagal 8.39 den Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA)

TÁ COMHCHOISTE CETA,

Ag féachaint d’Airteagal 26.1.5.(e) den Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1), (‘an Comhaontú’), a rinneadh sa Bhruiséil an 30 Deireadh Fómhair 2016,

Ag meabhrú dó an chomhthuiscint a chuirtear in iúl i Roinn 6 den Ionstraim Léirmhínitheach Chomhpháirteach maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit (2),

Arb é is aidhm dó soiléiriú breise a thabhairt ar rún na bPáirtithe faoi Chaibidil a hOcht (Infheistíocht), maidir le heilimintí áirithe d’Airteagal 8.10 (Cóir d’infheisteoirí agus d’infheistíochtaí cumhdaithe) agus Iarscríbhinn 8-A (Díshealbhú), Airteagal 8.9 (Infheistíocht agus bearta rialála) agus Airteagal 8.39 (Dámhachtain deiridh) den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN LÉIRMHÍNIÚCHÁN SEO A LEANAS A GHLACADH:

1.

Cóir chothrom agus chomhionann

Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, déanfar an oibleagáid maidir le cóir chothrom agus chomhionann in Airteagal 8.10 den Chomhaontú a léirmhíniú mar seo a leanas:

(a)

Is liosta uileghabhálach é liosta na n-eilimintí in Airteagal 8.10.2;

(b)

I dtaca le séanadh ceartais faoi Airteagal 8.10.2(a) is gá gach leigheas áitiúil a úsáid roimh ré ach amháin mura bhfuil aon leigheas áitiúil ar fáil go réasúnach chun sásamh éifeachtach a sholáthar, nó mura féidir go réasúnach sásamh den sórt sin a fháil leis na leigheasanna áitiúla.

Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil séanadh ceartais ann, ba cheart don Bhinse a bheith aireach nach cúirt achomhairc ar bhreitheanna cúirte náisiúnta é agus níor cheart dó tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh ar fhiúntas na gcinntí cúirte náisiúnta.

(c)

Chun go mbeidh séanadh ceartais agus sárú bunúsach ar phróis chuí de réir bhrí Airteagal 8.10.2(a) agus (b), is gá gur ann d’iompar míchuí agus tromchúiseach nós imeachta in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, nach gcomhlíonann na bunchaighdeáin maidir le riar an cheartais agus le próis chuí a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, agus a chuireann isteach ar an gcuibheas breithiúnach amhail diúltú gan bhunús do rochtain a fháil ar chúirteanna nó ar ionadaíocht dhlíthiúil, gan deis éisteachta a thabhairt, cóir idirdhealaitheach ag na cúirteanna, breithneoirí atá claonta go soiléir agus éillitheach, easpa trédhearcachta iomlán nó dhochosanta sna himeachtaí amhail gan fógra a thabhairt i leith na n-imeachtaí nó na gcúiseanna leis an gcinneadh.

(d)

Is follasach go bhfuil beart treallach de réir bhrí Airteagal 8.10.2(c) nuair is léir nach bhfuil baint réasúnach ag an mbeart le cuspóir beartais dlisteanach, amhail nuair atá beart bunaithe ar chlaontacht seachas ar an réasún nó ar fhíorais.

(e)

Is éard atá i mbeart nó i dtacar beart ‘idirdhealú spriocdhírithe ar fhorais atá éagórach go follasach, amhail inscne, cine nó creideamh reiligiúnach’ de réir bhrí Airteagal 8.10.2(d) más rud é, leis an mbeart nó leis an tacar beart, go ndéantar an t-infheisteoir a shonrú ar leithligh maidir le cóir dhifreálach a sholáthar bunaithe ar an bhforas neamhdhlisteanach amhail inscne, cine nó creideamh reiligiúnach. Ní fhorléireofar Airteagal 8.10.2(d) mar Airteagal lena gcuirtear cosc ar na Páirtithe cóir fhabhrach a dheonú chun comhionannas inscne nó ciníoch a chur chun cinn nó ar chaoi eile chun aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht na ngrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

(f)

Chun cinneadh a dhéanamh gurb éard atá i mbeart nó i dtacar beart ‘cóir dhrochídeach d’infheisteoirí, amhail comhéigean, éigeantas agus ciapadh’ de réir bhrí Airteagal 8.10.2(e), is gá toradh a fháil go bhfuil Páirtí i mbun mí-iompar tromchúiseach. Agus cinneadh den sórt sin á dhéanamh, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí le breithnithe ábhartha an díobháil nó an bhagairt díobhála don infheisteoir amhail an ndearnadh na heachtraí ciaptha nó comhéigin líomhnaithe arís agus arís eile agus an ndearnadh an díobháil sin ar bhonn marthanach; agus an réasúnaíocht atá le gníomhaíochtaí an Pháirtí, an raibh na húdaráis ag gníomhú laistigh de raon feidhme a n-údaráis nó ar tharla mí-úsáid cumhachta, cuir i gcás.

(g)

Faoi Airteagal 8.10.4, ní fhéadfar uiríll a chur chuig infheisteoir a chur san áireamh ach a mhéid atá siad ábhartha agus sárú ar chóir chothrom agus chomhionann mar a leagtar amach in Airteagal 8.10.2 á chinneadh. Ní féidir ionchais dhlisteanacha a bhaint as uiríll mura mbeadh infheisteoir stuama agus feasach ag brath go réasúnach ar na huiríll chun an infheistíocht a dhéanamh, go háirithe toisc nach raibh na huiríll sonrach go leor ná nach raibh siad gan débhríocht go leor agus nach raibh an méid foirmiúlachta is gá acu mar shampla toisc nach ndearna údarás inniúil Páirtí iad i scríbhinn.

2.

Díshealbhú indíreach

(a)

Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní fhéadfaidh díshealbhú indíreach a dhéanamh ach amháin más rud é gur baineadh a cheart den infheisteoir go huile is go hiomlán a infheistíocht a úsáid, a theachtadh agus a dhiúscairt, amhail is dá mba rud é gur scoir na cearta sin de bheith aige.

(b)

Agus measúnú á dhéanamh ar ‘fad an bhirt nó an tacair beart’ de réir bhrí mhír 2(b) d’Iarscríbhinn 8-A den Chomhaontú, ba cheart breithniú a dhéanamh an bhfuil an sárú ar an gceart maoine sealadach, agus sa chás sin ní dócha gur díshealbhú indíreach, nó buan, a thiocfaidh as, cé nach suitear le beart a bheith buan gur cuireadh díshealbhú indíreach i gcrích.

(c)

Tagraíonn ‘ionchais réasúnacha ar leith a dtugtar tacaíocht infheistíochta dóibh’ i mír 2(c) d’Iarscríbhinn 8-A den Chomhaontú do na hionchais a d’fhéadfadh infheisteoir stuama feasach a bheith aige go réasúnach agus a rabhthas ag brath orthu chun an infheistíocht a dhéanamh. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, cibé acu atá nó nach bhfuil ionchais infheisteora réasúnacha, braitheann sin, a mhéid is ábhartha, ar thosca amhail ar thug an Páirtí lena mbaineann dearbhuithe ceangailteacha i scríbhinn don infheisteoir agus cineál agus méid na rialála rialtais nó an deis maidir le rialáil rialtais san earnáil ábhartha.

(d)

Is róléir go bhfuil tionchar birt nó tacair beart ‘iomarcach’ de réir bhrí mhír 3 d’Iarscríbhinn 8-A den Chomhaontú más léir go bhfuil sé iomarcach i bhfianaise na gcuspóirí beartais atá beartaithe.

(e)

Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, bearta de chuid Páirtí a cheaptar agus a chuirtear i bhfeidhm chun cuspóirí dlisteanacha leasa phoiblí dá dtagraítear i mír 3 d’Iarscríbhinn 8-A den Chomhaontú a chosaint, áirítear orthu sin bearta arna ndéanamh chun an t-athrú aeráide a chomhrac nó chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí atá aige faoi láthair nó a bheidh aige amach anseo. Níl díshealbhú indíreach i gceist le bearta den sórt sin ach amháin más léir agus más follasach go bhfuil a dtionchar iomarcach i bhfianaise na gcuspóirí beartais atá beartaithe.

3.

Athrú Aeráide

(a)

Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gceart rialála laistigh dá gcríoch chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a bhaint amach d’fhonn an comhshaol a chosaint mar a leagtar amach in Airteagal 8.9.1 den Chomhaontú, lena n-áirítear trí bhearta a dhéanamh chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó a chomhrac nó chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí atá aige faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo.

(b)

Agus forálacha Caibidil a hOcht (Infheistíocht) den Chomhaontú á léirmhíniú aige, tabharfaidh an Binse aird chuí ar ghealltanais na bPáirtithe faoi chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, lena n-áirítear Comhaontú Pháras (3), a rinneadh i bPáras an 12 Nollaig 2015. Go háirithe, ba cheart cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe faoi Chaibidil a hOcht (Infheistíocht) den Chomhaontú a léirmhíniú ar bhealach a thacaíonn le cumas na bPáirtithe éifeacht a thabhairt dá ngealltanais féin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí bhearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun a cheaptar agus a chuirtear i bhfeidhm chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó a chomhrac nó chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí atá aige faoi láthair nó a bheidh aige amach anseo.

4.

Leasanna slándála bunriachtanacha a chosaint

Athdhearbhaíonn na Páirtithe, de bhun Airteagal 28.6 den Chomhaontú, nach ndéanfar aon ní sa Chomhaontú a fhorléiriú chun cosc a chur ar Pháirtí beart a dhéanamh a mheasann ceachtar Páirtí a bheith riachtanach chun a leasanna slándála bunriachtanacha a chosaint in aimsir chogaidh nó in éigeandáil eile sa chaidreamh idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon bheart a dhéanann difear d’infheisteoirí nó dá n-infheistíochtaí.

5.

Cearta bunúsacha a chosaint

Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ceart na bPáirtithe rialáil a dhéanamh chun cuspóirí dlisteanacha beartais a bhaint amach, dá dtagraítear in Airteagal 8.9.1 den Chomhaontú, áirítear leis sin bearta arna ndéanamh chun cearta bunúsacha a chosaint, mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, a glacadh i bPáras an 10 Nollaig 1948.

6.

Damáistí airgeadaíochta a ríomh a eascraíonn as éilimh ó infheisteoirí

(a)

Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní bheidh damáistí airgeadaíochta faoi Airteagal 8.39.3 den Chomhaontú,

(i)

níos mó ná an caillteanas nó an damáiste a thabhaigh an t-infheisteoir, nó, mar is infheidhme, a thabhaigh an fiontar a cuireadh ar bun go háitiúil, mar a rinneadh a luacháil an dáta a tharla an sárú;

(ii)

ní léireoidh na damáistí ach an caillteanas nó an damáiste a tabhaíodh mar gheall ar an sárú nó de dhroim an tsáraithe; agus

(iii)

cinnfear na damáistí le cinnteacht réasúnach, agus ní bheidh siad amhantrach ná hipitéiseach.

(b)

Déanfaidh an Binse damáistí airgeadaíochta a ríomh bunaithe ar aighneachtaí na bpáirtithe díospóideacha, agus orthu sin amháin, agus breithneoidh sé na nithe seo a leanas más infheidhme:

(i)

locht rannpháirteach, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí;

(ii)

mainneachtain damáistí a mhaolú nó iad a chosc;

(iii)

damáistí nó cúiteamh a fuarthas cheana as an gcaillteanas céanna, lena n-áirítear cúiteamh a fuarthas faoi scéim cúitimh náisiúnta; nó

(iv)

maoin a aiseag, nó an beart a aisghairm nó a mhodhnú.

Arna dhéanamh i/sa …, ….

Thar ceann Chomhchoiste CETA

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 11, 14.1.2017, lch. 23.

(2)   IO AE L 11, 14.1.2017, lch. 3

(3)   IO AE L 282, 19.10.2016, lch. 4


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/435/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top