EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021L0647

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/647 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh comhdhúile áirithe luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh a úsáid i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha i bpléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/50

IO L 133, 20.4.2021, p. 54–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2021/647/oj

20.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 133/54


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/647 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Eanáir 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh comhdhúile áirithe luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh a úsáid i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha i bpléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear na catagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaintí srianta iad luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

An 19 Eanáir 2018, fuair an Coimisiún iarratas arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid comhdhúile luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha i bpléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) (“an díolúine arna hiarraidh”).

(5)

Mar chuid den mheastóireacht ar an iarraidh, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na tuairimí a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(6)

Úsáidtear comhdhúile áirithe luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh i bpáirteanna fíor-riachtanacha de thionscnóirí leictreacha agus leictreonacha (EEI), amhail cinn aidhnín leictreacha, lánáin phléascacha phríomhúla agus lánáin mhoille phiriteicniúla. Is páirt de mhaidhmitheoirí leictreacha agus leictreonacha iad EEI a úsáidtear go príomha i mianadóireacht mianraí, i ngníomhaíochtaí tógála agus scartála, agus i gcomhpháirteanna de chórais tarrthála chomhtháite.

(7)

Faoi láthair, níl aon mhalairt ann ar dhé-aisíd luaidhe, stiofnáit luaidhe, déphiocramáit luaidhe, luaidhe fhlannbhuí (teatrocsaíd luaidhe), dé-ocsaíd luaidhe in EEI ná ar chrómáit bhairiam i lánáin mhoille phiriteicniúla aga fhada in EEI ar fáil ar an margadh a chomhlíonfadh na ceanglais fhíor-riachtanacha uile chun oibriú sábháilte EEI a áirithiú.

(8)

De dheasca easpa roghanna eile, is dodhéanta go heolaíoch agus go teicniúil dé-aisíd luaidhe, stiofnáit luaidhe, déphiocramáit luaidhe, luaidhe fhlannbhuí (teatrocsaíd luaidhe), dé-ocsaíd luaidhe agus crómáit bhairiam a ionadú nó a dhíothú i gcomhpháirteanna áirithe de EEI. Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine arna hiarraidh a dheonú trí na feidhmeanna a chumhdaítear léi in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE a áireamh i dtaca le trealamh leictreach agus leictreonach i gcatagóir 11.

(10)

Ba cheart an díolúine arna hiarraidh a dheonú ar feadh tréimhse 5 bliana dar tús an 20 Aibreán 2021, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(2) de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dóigh go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Samhain 2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 45 seo a leanas isteach:

“45

Dé-aisíd luaidhe, stiofnáit luaidhe, déphiocramáit luaidhe, luaidhe fhlannbhuí (teatrocsaíd luaidhe), dé-ocsaíd luaidhe i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha le haghaidh pléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) agus crómáit bhairiam i lánáin mhoille phiriteicniúla aga fhada i dtionscnóirí leictreacha le haghaidh pléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla)

Tá sé sin infheidhme maidir le catagóir 11 agus rachaidh sé in éag an 20 Aibreán 2026.”


Top