EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document JOL_2005_157_R_0003_01

Tuairim ón Gcoimisiún an 22 Feabhra 2005 faoi na hiarratais ar aontachas leis an Aontas Eorpach a rinne Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin

IO L 157, 21.6.2005, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.6.2005   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2005

faoi na hiarratais ar aontachas leis an Aontas Eorpach a rinne Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin

TÁ COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 49 de,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarratas déanta ag Poblacht na Bulgáire agus ag an Rómáin chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas Eorpach.

(2)

Ina thuairimí dar dáta an 15 Iúil 1997 maidir le Poblacht na Bulgáire agus maidir leis an Rómáin, bhí deis cheana ag an gCoimisiún a dhearcadh a nochtadh ar ghnéithe sár‐riachtanacha áirithe de na deacrachtaí a d'éirigh as na hiarratais sin.

(3)

Leagadh amach den chéad uair ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí Meithimh 1993 na critéir pholaitiúla, eacnamaíocha agus acquis le haghaidh ballraíochta a threoraigh próiseas an aontachais agus measúnachtaí tráthrialta an Choimisiúin ar ullmhacht Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine. Cuireann na critéir pholaitiúla de cheangal ar Phoblacht na Bulgáire agus ar an Rómáin cobhsaíocht na n‐institiúidí a ráthaíonn an daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus urraim do mhionlaigh agus cosaint orthu a áirithiú; tá na riachtanais seo cumhdaithe mar phrionsabail bhunreachtúla sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tá béim curtha orthu sa Chairt um Chearta Bunúsacha den Aontas Eorpach. Cuireann na critéir eacnamaíocha de cheangal eacnamaíocht mhargaidh a bheith ann atá ag feidhmiú, chomh maith le hacmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le forsaí an mhargaidh laistigh den Aontas. Tagraíonn critéar an acquis don chumas na hoibleagáidí a eascraíonn ó reachtaíocht an Aontais, an acquis communautaire, a ghlacadh ar láimh, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an Aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

(4)

Socraíodh na coinníollacha ar a ligfear an dá Stát sin isteach ag Comhdhálacha idir na Ballstáit agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin.

(5)

Ina Pháipéar Straitéise maidir leis an dul chun cinn atá déanta i bpróiseas an aontachais a glacadh an 6 Deireadh Fómhair 2004, mheas an Coimisiún gur chomhlíon Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin na critéir pholaitiúla. Agus aird á tabhairt ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag an dá thír agus ar a gcuntas teiste maidir lena gcuid gealltanas a chur chun feidhme, agus ag féachaint don obair ullmhúcháin atá ar siúl acu, bhraith sé go gcomhlíonfadh na tíortha sin na critéir eacnamaíocha agus critéir an acquis agus go mbeidís réidh i gcomhair ballraíochta faoin 1 Eanáir 2007. Ar an mbonn seo, dhearbhaigh an Coimisiún go ndéanfadh sé gach iarracht chun go mbainfí amach na Comhairle Eorpaí .i. an chaibidlíocht aontachais le Poblacht na Bulgáire agus leis an Rómáin a thabhairt chun críche i 2004, ar bhonn tuillteanais, ionas go síneofaí an Conradh Aontachais a luaithe is féidir i 2005.

(6)

Rinneadh an chaibidlíocht sin a chríochnú i mí na Nollag 2004, agus is léir go bhfuil na forálacha a socraíodh ar an gcuma sin cóir agus oiriúnach; mar sin, cumasóidh an méadú don Aontas Eorpach páirt níos mó a ghlacadh i bhforbairt an chaidrimh idirnáisiúnta, agus a chomhtháthú agus a fhuinneamh inmheánach á gcaomhnú aige.

(7)

Ar theacht isteach dóibh san Aontas Eorpach, glacfaidh Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin, gan chuntar, leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, agus go dtí go dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm, leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach lena n‐áirítear a gcuspóirí uile agus na cinntí uile a glacadh ó tháinig siad i bhfeidhm, agus leis na beartais a roghnaíodh chun na Comhphobail sin agus an tAontas a fhorbairt agus a neartú.

(8)

Is gné shár‐riachtanach den ord dlí dá bhforáiltear sna Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, agus, tráth a theacht i bhfeidhm, sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, go bhfuil forálacha áirithe sna Conarthaí sin agus gníomhartha áirithe a ghlac na hinstitiúidí infheidhme go díreach, go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar fhorálacha náisiúnta a bheadh contrártha dó, agus go bhfuil nósanna imeachta ann chun a áirithiú go déanfar léiriú comhionann ar dhlí an Aontais; beireann aontachas leis an Aontas Eorpach an t‐aitheantas go bhfuil brí cheangailteach ag na rialacha sin, a ndlitear urraim a thabhairt dóibh chun éifeacht agus aontacht dlí an Aontais a áirithiú.

(9)

Iarrann an Coimisiún ar Phoblacht na Bulgáire agus an Rómáin na feabhsúcháin a shaothrú go bríomhar is gá fós a dhéanamh i gcomhthéacs na gcritéar polaitiúil agus eacnamaíoch ballraíochta agus i ndáil le glacadh, feidhmiú agus forghníomhú an acquis. Leanfaidh an Coimisiún den dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas agus na n‐oibleagáidí a thóg an dá Stát ar láimh, agus tabharfaidh sé cúnamh dóibh leis na hionstraimí atá ar fáil. Ar bhonn an fhaireacháin leanúnaigh sin, forchoimeádann an Coimisiún a chearta, mar atá leagtha amach sa Chonradh Aontachais, go háirithe in Airteagal 39 den Phrótacal Aontachais, togra a thíolacadh lena molfar an t‐aontachas a iarchur de bhliain amháin go dtí an 1 Eanáir 2008, má mheasann sé go bhfuil fianaise shoiléir ann gurb é an riocht atá ar na hullmhúcháin i dtaca leis an acquis a ghlacadh agus a chur chun feidhme i bPoblacht na Bulgáire nó sa Rómáin go bhfuil baol tromchúiseach ann go bhfuil ceachtar den dá Stát neamhullamh go follasach ceanglais na ballraíochta a chomhlíonadh faoi dháta aontachais an 1 Eanáir 2007 i roinnt réimsí tábhachtacha, lena n‐áirítear gealltanais agus ceanglais shonracha a bheidh infheidhme maidir leis an Rómáin i réimsí an Cheartais agus na nGnóthaí Baile agus na hIomaíochta. De thoradh an fhaireacháin sin, forchoimeádann an Coimisiún a chearta freisin chun na clásail choimirce éagsúla dá bhforáiltear sa Chonradh Aontachais don dá thír a agairt, maille leis an sásra sonrach maidir le státchabhair atá leagtha amach sa Chonradh Aontachais don Rómáin mura gcomhlíonann an tír sin a cuid gealltanas i dtaca lena teist fhorghníomhaithe sa réimse sin.

(10)

Iarann an Coimisiún ar údaráis na Bulgáire agus na Romáine aistriú agus coigeartú an acquis a chríochnú roimh dháta an aontachais d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i gcur chun feidhme na reachtaíochta.

(11)

Tá sé ar cheann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh an dlúthpháirtíocht idir a bpobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á n-urramú.

(12)

Cuideoidh méadú an Aontais Eorpaigh trí aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis na coimircí don tsíocháin agus don tsaoirse san Eoraip a neartú.

TAR ÉIS TUAIRIM FHABHRACH A THABHAIRT:

ar aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach.

Dírítear an tuairim seo chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2005.

Thar ceann an Choimisiúin

Olli REHN

An Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an méadú

Thar ceann an Choimisiúin

José Manuel BARROSO

An tUachtarán


Top