EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0283

Cás T-283/23: Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2023 – Aven v an Chomhairle

IO C 235, 3.7.2023, p. 75–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/75


Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2023 – Aven v an Chomhairle

(Cás T-283/23)

(2023/C 235/89)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Petr Aven (Klauģulejas, an Liotuáin) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh (CBES) 2023/572 (1) ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 (2) ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanach nós imeachta agus ar an oibleagáid athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa mheasúnú. Maíonn an t-iarratasóir nár thug an Chomhairle bunús le haon cheann de na dearbhuithe ina ráiteas ar chúiseanna agus go bhfuil an critéar maidir le tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, is é sin, an critéar dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa mheasúnú. Maíonn an t-iarratasóir nár thug an Chomhairle bunús le haon cheann de na dearbhuithe ina ráiteas ar chúiseanna agus go bhfuil an critéar maidir le tacú go gníomhach, ar bhonn ábhartha nó airgeadais, le cinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe astu sin, is é sin, an critéar dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2014/145/CBES.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil an critéar a leagtar síos in Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES neamhdhleathach. Maíonn an t-iarratasóir nach bhfuil aon bhunús dlí leis an gcritéar ar a bhfuil an Chomhairle ag brath.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil an critéar a leagtar síos in Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES neamhdhleathach. Maíonn an t-iarratasóir ina leith sin go sáraíonn an critéar sin prionsabal na comhréireachta.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa mheasúnú, ar an bhforas nach léiríonn an Chomhairle gur fear gnó mór le rá nó príomhghnó é an t-iarratasóir nó go gcuireann an earnáil baincéireachta foinse shuntasach ioncaim ar fáil do rialtas Chónaidhm na Rúise. Ar deireadh, maíonn an t-iarratasóir nach raibh sé gníomhach in earnáil baincéireachta na Rúise le breis agus bliain.


(1)  (IO 2023 L 75 I, lch. 134).

(2)  (IO 2023 L 75 I, lch. 1).


Top