EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0274

Cás T-274/23: Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2023 – Karadeniz v EUIPO – Cakmakci (Acapulco)

IO C 235, 3.7.2023, p. 73–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/73


Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2023 – Karadeniz v EUIPO – Cakmakci (Acapulco)

(Cás T-274/23)

(2023/C 235/87)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe sna himeachtaí

Iarratasóir: Taha Karadeniz (Dinslaken, an Ghearmáin) (Ionadaí: J. Schmidt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ayhan Cakmakci (Bochum, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Acapulco’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 125 766

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2023 i gCás R 691/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top