EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0133
Case T-133/23: Action brought on 13 March 2023 — Állatorvostudományi Egyetem v Council and Commission
Cás T-133/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 — Állatorvostudományi Egyetem v an Chomhairle agus an Coimisiún
Cás T-133/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 — Állatorvostudományi Egyetem v an Chomhairle agus an Coimisiún
IO C 235, 3.7.2023, p. 41–42
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/41 |
Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 — Állatorvostudományi Egyetem v an Chomhairle agus an Coimisiún
(Cás T-133/23)
(2023/C 235/55)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Állatorvostudományi Egyetem (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: V. Łuszcz agus K. Bendzsel-Varga, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Airteagal 2, mír 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 (1) a neamhniú go páirteach, a mhéid a fhoráiltear léi ‘nó aon eintiteas arna chothabháil ag iontaobhas leasa phoiblí den sórt sin’ agus a mhéid a bhaineann an fhoráil sin de Chinneadh 2022/2506 leis an iarratasóir; |
— |
Ráiteas Comhpháirteach an 26 Eanáir 2023 ó Choimisinéir Hahn agus ó Choimisinéir Gabriel maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le hiontaobhais leasa phoiblí san Ungáir a neamhniú a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir; |
— |
na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 20 Eanáir, an 21 Feabhra agus an 3 Márta 2023, a foilsíodh mar ‘S[h]éanadh’ nó ‘Ceisteanna coitianta’ ar thairseacha ERASMUS+ agus Fís Eorpach, dá dtagraítear sa Ráiteas Comhpháirteach thuasluaite, a neamhniú a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; |
— |
gníomh an Choimisiúin atá leabaithe i ríomhphoist ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA) an 25 Eanair 2023, a seoladh chuig comhordaitheoir an chuibhreannais sa Tionscadal de chuid Thionscadal Eoraip Dhigiteach i réimse theicneaolaíocht an eolais agus na teicneolaíochta bia (TRACE4EU), a neamhniú a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir; |
— |
a ordú don Chomhairle agus don Choimisiún agus d’aon idiragraí atá ag cur i gcoinne an iarratais seo na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh an Rialachán Coinníollachta (2), an dualgas cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt, prionsabal na comhréireachta, Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018. (3)
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal thoimhde na neamhchiontachta agus gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart chun oibriú ar mhargadh neamhshaofa (Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhar le hAirteagal 101 go dtí Airteagal 108 CFAE). |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na n-ionchas dlisteanach agus gur sáraíodh ceanglais riachtanacha nós imeachta. |
I gcomhthéacs na chéad shaincheiste, an dara agus an cheathrú saincheist, maíonn an t-iarratasóir pléadáil neamhdhleathachta i gcoinne an Rialacháin Coinníollachta, i gcás ina ndéantar díolúintí aonair a eisiamh ó chur i bhfeidhm an chinnidh atá faoi chonspóid.
(1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir (IO 2022 L 325, lch. 94).
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO 2020 L 433 I, lch. 1).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).