EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TB0265
Case T-265/22: Order of the General Court of 10 May 2023 — PSCC 2012 v EUIPO — Starwood Hotels & Resorts Worldwide (LA BOTTEGA W) (EU trade mark — Cancellation proceedings — Withdrawal of the application for registration — No need to adjudicate)
Cás T-265/22: Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 10 Bealtaine 2023 — PSCC 2012 v EUIPO — Starwood Hotels & Resorts Worldwide (LA BOTTEGA W) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí um chealú – Iarratas ar chlárú a tharraingt siar – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Cás T-265/22: Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 10 Bealtaine 2023 — PSCC 2012 v EUIPO — Starwood Hotels & Resorts Worldwide (LA BOTTEGA W) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí um chealú – Iarratas ar chlárú a tharraingt siar – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
IO C 235, 3.7.2023, p. 39–39
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/39 |
Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 10 Bealtaine 2023 — PSCC 2012 v EUIPO — Starwood Hotels & Resorts Worldwide (LA BOTTEGA W)
(Cás T-265/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí um chealú - Iarratas ar chlárú a tharraingt siar - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2023/C 235/53)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: PSCC 2012 Srl (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: P. Alessandrini agus E. Montelione, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Predonzani agus R. Raponi, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Starwood Hotels & Resorts Worldwide LLC (Bethesda, Maryland, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: P. Roncaglia, M. Boletto agus N. Parrotta, Dlíodóirí)
Ábhar
Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Feabhra 2022 (Cás R 621/2019-2) ar neamhní, nó go n-athrófar é.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá breith a thabhairt ar an ábhar a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear do PSCC 2012 Srl agus Starwood Hotels & Resorts Worldwide LLC a gcuid costas féin a íoc, agus ordaítear do gach ceann acu leath de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO). |