EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0267

Cás T-267/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – Consulta v EUIPO – Karlinger (ACASA) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “ACASA” – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94 de Rialachán 2017/1001)

IO C 235, 3.7.2023, p. 36–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/36


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – Consulta v EUIPO – Karlinger (ACASA)

(Cás T-267/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘ACASA’ - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 94 de Rialachán 2017/1001)

(2023/C 235/48)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Consulta GmbH (Cham, an Eilvéis) (ionadaithe: M. Kinkeldey agus S. Brandstätter, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus E. Nicolás Gómez, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Mario Karlinger (Sölden, an Ostair) (ionadaithe: M. Mungenast agus K. Riedmüller, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Eanair 2022 (Cás R 487/2021-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Consulta GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 257, 4.7.2022.


Top