EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0580

Cás T-580/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 — Haidukevich v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Reo cistí – Srian ar dhul isteach i gcríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a áireamh ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann – Dualgas cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht)

IO C 235, 3.7.2023, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/34


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 — Haidukevich v an Chomhairle

(Cás T-580/21) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Reo cistí - Srian ar dhul isteach i gcríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a áireamh ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann - Dualgas cúiseanna a lua - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht)

(2023/C 235/45)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Aleh Haidukevich (Semkino, an Bhealarúis) (ionadaí: D. Litvinski, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune, E. d’Ursel agus V. Piessevaux, Gníomhairí)

Maidir le:

lena iarratas faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 219 I, lch. 70) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i leith na Bealarúise (IO 2021 L 219 I, lch. 3), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2.

Ordaítear go n-íocfaidh Aleh Haidukevich, de bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO C 11, 10.1.2022.


Top