EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0579

Cás T-579/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 — Gusachenka v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Reo cistí – Srian ar dhul isteach i gcríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a áireamh ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – Saoirse tuairimí a nochtadh)

IO C 235, 3.7.2023, p. 33–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/33


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 — Gusachenka v an Chomhairle

(Cás T-579/21) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Reo cistí - Srian ar dhul isteach i gcríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a áireamh ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht - Saoirse tuairimí a nochtadh)

(2023/C 235/44)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Siarhei Gusachenka (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaí: D. Litvinski, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Limonet agus V. Piessevaux, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena iarratas faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfarCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 219 I, lch. 70) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i leith na Bealarúise (IO 2021 L 219 I, lch. 3), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2.

Ordaítear doSiarhei Gusachenka, de bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.


(1)  IO C 11, 10.1.2022.


Top