EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0312

Cás T-312/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – EVH v an Coimisiún (Iomaíocht – Comhchruinnithe – Margadh leictreachais na Gearmáine – Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Caingean le haghaidh neamhniú – Locus standi – Inghlacthacht – Oibleagáid cúiseanna a lua – An coincheap “Comhchruinniú aonair” – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – An ceart éisteacht a fháil – Sainmhíniú ar an margadh – Tréimhse anailíse – Anailís ar chumhacht an mhargaidh – Tionchar cinntitheach – Earráidí follasacha measúnaithe – Dualgas cúraim)

IO C 235, 3.7.2023, p. 24–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Bealtaine 2023 – EVH v an Coimisiún

(Cás T-312/20) (1)

(Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margadh leictreachais na Gearmáine - Cinneadh lena ndearbhaítear comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Caingean le haghaidh neamhniú - Locus standi - Inghlacthacht - Oibleagáid cúiseanna a lua - An coincheap ‘Comhchruinniú aonair’ - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - An ceart éisteacht a fháil - Sainmhíniú ar an margadh - Tréimhse anailíse - Anailís ar chumhacht an mhargaidh - Tionchar cinntitheach - Earráidí follasacha measúnaithe - Dualgas cúraim)

(2023/C 235/29)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: EVH GmbH (Halle-sur-Saale, an Ghearmáin) (ionadaithe: I. Zenke agus T. Heymann, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus I. Zaloguin, Gníomhairí, agus ag T. Funke agus A. Dlouhy, Dlíodóirí)

Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus S. Costanzo, Gníomhairí), E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Siegmund agus J. Ziebarth, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh C(2019) 1711 final ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8871 – RWE/E.ON Assets) (IO 2020 C 111, lch. 1), a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do EVH GmbH, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach E.ON SE agus RWE AG a íoc.

3.

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a costais féin a íoc.


(1)  IO C 247, 27.7.2020.


Top