EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0365

Cás C-365/22, État belge (CBL – Feithiclí arna ndíol le haghaidh páirteanna): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Bheilg) v – IT v État belge (Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Scéim corrlaigh – Airteagal 311 – an Coincheap “earraí athláimhe” – Feithiclí a bhfuil a ré caite a dhíoltar le haghaidh páirteanna)

IO C 235, 3.7.2023, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/5


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Bheilg) v – IT v État belge

(Cás C-365/22 (1), État belge (CBL – Feithiclí arna ndíol le haghaidh páirteanna))

(Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Scéim corrlaigh - Airteagal 311 - an Coincheap ‘earraí athláimhe’ - Feithiclí a bhfuil a ré caite a dhíoltar le haghaidh páirteanna)

(2023/C 235/07)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IT

Cosantóir: État belge

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 311(1), pointe (1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is earraí athláimhe iad mótarfheithiclí a bhfuil a ré caite arna bhfáil ag gnóthas ó dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 314 den Treoir sin agus a bhfuil sé beartaithe iad a dhíol ‘le haghaidh páirteanna’ gan na páirteanna a bheith bainte uathu, de réir bhrí Airteagal 311(1), pointe (1) den Treoir sin, más rud é, ar an gcéad dul síos, go bhfuil páirteanna iontu fós a choinníonn na feidhmiúlachtaí a bhí acu ina staid nua ionas go bhféadfaí iad a athúsáid astu féin nó i ndiaidh a ndeisithe agus, ar an dara dul síos, go suitear gur fhan na feithiclí sin sa timthriall eacnamaíoch a bhí acu féin mar thoradh ar athúsáid na bpáirteanna den sórt sin.


(1)  IO C 380, 03.10.2022


Top