EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0626
Case C-626/21, Funke: Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 17 May 2023 (request for a preliminary ruling from the Verwaltungsgerichtshof — Austria) — Funke Sp. z o.o. v Landespolizeidirektion Wien (Reference for a preliminary ruling — Approximation of laws — Directive 2001/95/EC — Article 12 and Annex II — Technical standards and regulations — European Union Rapid Information System (RAPEX) — Guidelines — Dangerous non-food products — Implementing Decision (EU) 2019/417 — Regulation (EC) No 765/2008 — Articles 20 and 22 — Notifications to the European Commission — Administrative decision — Prohibition on the sale of certain pyrotechnic articles and obligation to withdraw — Request from a distributor of the products concerned that the notification be supplemented — Authority competent to give a decision on the request — Article 47 of the Charter of Fundamental Rights of the European Union — Effective judicial protection)
Cás C-626/21, Funke: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – Funke Sp. z o.o. v Landespolizeidirektion Wien (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Treoir 2001/95/CE – Airteagal 12 agus Iarscríbhinn II – Caighdeáin agus rialacháin theicniúla – Córas an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis (RAPEX) – Treoirlínte – Táirgí neamhbhia contúirteacha – Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 – Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 – Airteagail 20 agus 22 – Fógraí don Choimisiún Eorpach – Cinneadh riaracháin – Toirmeasc ar earraí piriteicniúla áirithe a dhíol agus oibleagáid tarraingt siar – Iarratas ó dháileoir na dtáirgí lena mbaineann go ndéanfaí an fógra a fhorlíonadh – Údarás inniúil cinneadh a thabhairt maidir leis an iarraidh – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Cosaint dlí éifeachtach)
Cás C-626/21, Funke: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – Funke Sp. z o.o. v Landespolizeidirektion Wien (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Treoir 2001/95/CE – Airteagal 12 agus Iarscríbhinn II – Caighdeáin agus rialacháin theicniúla – Córas an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis (RAPEX) – Treoirlínte – Táirgí neamhbhia contúirteacha – Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 – Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 – Airteagail 20 agus 22 – Fógraí don Choimisiún Eorpach – Cinneadh riaracháin – Toirmeasc ar earraí piriteicniúla áirithe a dhíol agus oibleagáid tarraingt siar – Iarratas ó dháileoir na dtáirgí lena mbaineann go ndéanfaí an fógra a fhorlíonadh – Údarás inniúil cinneadh a thabhairt maidir leis an iarraidh – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Cosaint dlí éifeachtach)
IO C 235, 3.7.2023, p. 2–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 17 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – Funke Sp. z o.o. v Landespolizeidirektion Wien
(Cás C-626/21, Funke) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Treoir 2001/95/CE - Airteagal 12 agus Iarscríbhinn II - Caighdeáin agus rialacháin theicniúla - Córas an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis (RAPEX) - Treoirlínte - Táirgí neamhbhia contúirteacha - Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 - Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 - Airteagail 20 agus 22 - Fógraí don Choimisiún Eorpach - Cinneadh riaracháin - Toirmeasc ar earraí piriteicniúla áirithe a dhíol agus oibleagáid tarraingt siar - Iarratas ó dháileoir na dtáirgí lena mbaineann go ndéanfaí an fógra a fhorlíonadh - Údarás inniúil cinneadh a thabhairt maidir leis an iarraidh - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Cosaint dlí éifeachtach)
(2023/C 235/02)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Funke Sp. z o.o.
Cosantóir: Landespolizeidirektion Wien
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagail 20 agus 22 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, Airteagal 12 agus Iarscríbhinn II de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, arna leasú le Rialachán Uimh. 765/2008 agus leis an iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte le haghaidh bhainistiú Chóras an Aontais Eorpaigh um Mearfhaisnéis ‘RAPEX’ a bunaíodh faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus an córas fógartha leis sin, ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: tugtar d’oibreoir eacnamaíoch lena bhféadfaí dochar a dhéanamh dá leasanna trí fhógra arna thabhairt faoi Airteagal 22 de Rialachán Uimh. 765/2008 ag Ballstát chuig an gCoimisiún, amhail allmhaireoir na dtáirgí is ábhar don fhógra sin, ceart a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit a thugann fógra an fógra sin a fhorlíonadh. |
2) |
Maidir le hAirteagail 20 agus 22 de Rialachán Uimh. 765/2008, Airteagal 12 agus Iarscríbhinn II de Threoir 2001/95, arna leasú le Rialachán Uimh. 765/2008, agus an iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2019/417, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas: ní mór leigheas dlí a bheith ag oibreoir eacnamaíoch, amhail allmhaireoir táirgí is ábhar d’fhógra arna thabhairt faoi Airteagal 22 de Rialachán Uimh. 765/2008, nach é seolaí an bhirt ba bhun leis an bhfógra sin agus lena bhféadfaí dochar a dhéanamh dá leasanna mar gheall ar chineál neamhiomlán an fhógra sin, sa Bhallstát a thugann fógra chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí atá ar an mBallstát sin ina thaobh sin. |