EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0229

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/4335

IO L 39, 21.2.2022, p. 4–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/229/oj

21.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 39/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/229 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Eanáir 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór don Aontas a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar shláine agus ar fheidhmiú cuí a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, foráiltear le Treoir (AE) 2015/849 gur cheart don Choimisiún tíortha a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (“AML/CFT”) ar bagairtí suntasacha iad ar chóras airgeadais an Aontais.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún (2), sainaithnítear tríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu. Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú ag amanna iomchuí i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag na tríú tíortha ardriosca sin i ndáil le deireadh a chur leis na heasnaimh straitéiseacha ina gcórais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart don Choimisiún faisnéis nua ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó lucht leagtha síos caighdeán, amhail na cinn sin a eisíonn an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chur san áireamh ina chuid measúnuithe.

(3)

I bhfianaise leibhéal ard an chomhtháthaithe sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, an dlúthnaisc idir oibreoirí margaidh, líon ard na n-idirbheart trasteorann chuig an Aontas agus ón Aontas, chomh maith le hoscailteacht an mhargaidh, meastar, dá bhrí sin, gur bagairt ar chóras airgeadais an Aontais í aon bhagairt AML/CFT ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta.

(4)

I gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil, go háirithe Ráitis Phoiblí FATF a rinneadh le déanaí, liosta FATF de “Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu”, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta maidir leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849.

(5)

I mí Feabhra 2021, rinne Buircíne Fasó gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa na hAfraice Thiar maidir le Sciúradh Airgid (GIABA) chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú. Ó tugadh Tuarascáil Meastóireachta Frithpháirtí (MER) Buircíne Fasó i gcrích in 2019, tá dul chun cinn déanta ag Buircíne Fasó maidir le roinnt gníomhaíochtaí a moladh ina MER chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht theicniúil agus ar an éifeachtacht, lena n-áirítear trí straitéis náisiúnta AML/CFT a ghlacadh i mí na Nollag 2020. Oibreoidh Buircíne Fasó chun a phlean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) sásraí leantacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sa straitéis náisiúnta; (2) cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus cineálacha eile comhair idirnáisiúnta a lorg i gcomhréir lena phróifíl riosca; (3) inniúlachtaí acmhainní na n-údarás maoirseachta AML/CFT uile a neartú agus maoirseacht rioscabhunaithe a chur chun feidhme ar institiúidí airgeadais agus ar Ghnólachtaí agus Gairmeacha Neamhairgeadais Ainmnithe (DNFBPanna); (4) faisnéis chuimsitheach bhunúsach faoi úinéireacht thairbhiúil a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta agus an córas smachtbhannaí i leith sáruithe ar oibleagáidí trédhearcachta a neartú; (5) éagsúlacht an tuairiscithe maidir le Tuairisc ar Idirbhearta Amhrasacha a mhéadú; (6) acmhainní daonna na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) a fheabhsú trí fhostú, oiliúint agus buiséad breise; (7) oiliúint a stiúradh haghaidh údaráis forfheidhmithe dlí, ionchúisitheoirí agus údaráis ábhartha eile; (8) léiriú go bhfuil coigistiú á shaothrú ag na húdaráis mar chuspóir beartais; (9) inniúlacht agus tacaíocht a fheabhsú le haghaidh údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis ionchúisimh a bhfuil baint acu le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta; agus (10) córas smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe éifeachtach a chur chun feidhme a bhaineann le maoiniú na sceimhlitheoireachta agus maoiniú leata, chomh maith le faireachán agus maoirseacht rioscabhunaithe ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha. Ar an mbonn sin, ba cheart Buircíne Fasó a mheas a bheith ina thír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina chóras AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(6)

I mí Feabhra 2021, rinne an Oileáin Cayman gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais do Stáit Mhuir Chairib (CFATF) chun éifeachtacht a gcórais AML/CFT a neartú. Ba cheart d’Oileáin Cayman leanúint de bheith ag obair ar chur chur chun feidhme a bplean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar a n-easnaimh straitéiseacha, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) smachtbhannaí leordhóthanacha agus éifeachtacha a fhorchur i gcásanna nach ndéanann páirtithe ábhartha (lena n-áirítear daoine dlítheanacha) faisnéis chruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú i gcomhréir leis na ceanglais sin; agus (2) a léiriú go bhfuil gach cineál cáis de sciúradh airgid á ionchúiseamh acu i gcomhréir le próifíl riosca na dlínse agus go gcuirtear smachtbhannaí athchomhairleacha, éifeachtacha, agus comhréireacha i bhfeidhm mar thoradh ar na hionchúisimh sin. Ar an mbonn sin, ba cheart Oileáin Cayman a mheas a bheith ina dtír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(7)

I mí an Mheithimh 2021, rinne Háítí gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le CFATF chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Oibreoidh Háítí chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) a próiseas maidir le measúnú riosca ar sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a fhorbairt agus na torthaí a scaipeadh; (2) comhroinnt faisnéise le contrapháirteanna eachtracha iomchuí a éascú; (3) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla ina creat dlíthiúil agus rialála a chuireann bac ar chur chur chun feidhme beart coisctheach AML/CFT agus bac ar chur chun feidhme na maoirseachta AML/CFT rioscabhunaithe maidir le gach institiúide airgeadais agus DNFBPanna a mheastar a bheith ina riosca níos airde maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta; (4) a áirithiú go ndéantar faisnéis bhunúsach agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chothabháil agus go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana go tráthúil; (5) a áirithiú go mbainfidh údaráis inniúla úsáid níos fearr as faisnéis airgeadais agus as faisnéis ábhartha eile chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta chomhrac; (6) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla maidir le cionta sciúrtha airgid agus a léiriú go bhfuil cásanna sciúrtha airgid á sainaithint, á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh ag údaráis ar bhealach atá i gcomhréir le próifíl riosca Háítí; (7) a léiriú go bhfuil méadú ar shainaithint, rianú, agus aisghabháil fáltas ó choireacht; (8) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla ina córas maidir le cionta maoinithe sceimhlitheoireachta agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe; (9) faireachán iomchuí rioscabhunaithe a dhéanamh ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá íogair i leith mhaoiniú na sceimhlitheoireachta gan cur isteach ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ná iad a dhíspreagadh. Ar an mbonn sin, ba cheart Háítí a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(8)

I mí Dheireadh Fómhair 2021, rinne an Iordáin gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais don Mheánoirthear agus don Afraic Thuaidh (Menafatf) chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Ó glacadh MER na hIordáine i mí na Samhna 2019, tá dul chun cinn déanta ag an Iordáin maidir le roinnt gníomhaíochtaí atá molta in MER chun a córas a fheabhsú, lena n-áirítear bailchríoch a chur ar a Measúnú Riosca Náisiúnta (MRN). Tá an Iordáin ag obair chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme mar a leanas: (1) measúnuithe riosca ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha, daoine dlítheanacha agus ar shócmhainní fíorúla maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chríochnú agus a scaipeadh; (2) maoirseacht rioscabhunaithe a fheabhsú agus smachtbhannaí athchomhairleacha comhréireacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir le neamhchomhlíonadh; (3) cláir oiliúna agus ardaithe feasachta a dhéanamh le haghaidh Gnólachtaí agus Gairmeacha Neamhairgeadais Ainmnithe maidir lena n-oibleagáidí AML/CFT, go háirithe i ndáil le Tuairiscí ar Idirbhearta Amhrasacha a chomhdú agus a thíolacadh; (4) faisnéis chuimsitheach bhunúsach faoi úinéireacht thairbhiúil a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla; (5) imscrúduithe agus ionchúisimh sciúrtha airgid a shaothrú, lena n-áirítear trí imscrúduithe airgeadais comhthreomhara, i leith cionta preideacáide i gcomhréir leis an riosca a shainaithnítear in MRN; (6) oibleagáid dhlíthiúil a chruthú chun ionstraimeachtaí a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i gcoireanna sciúrtha airgid a choigistiú; (7) creat dlíthiúil institiúideach a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe; agus (8) cur chuige rioscabhunaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le maoirseacht ar earnáil na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha chun mí-úsáid chun críocha mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Ar an mbonn sin, ba cheart an Iordáin a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(9)

I mí Feabhra 2021, rinne Mailí gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le GIABA chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Ó glacadh MER Mhailí i mí na Samhna 2019, tá dul chun cinn déanta ag Mailí maidir le roinnt gníomhaíochtaí atá molta in MER chun a córas a fheabhsú, lena n-áirítear a Measúnú Riosca Náisiúnta (MRN) a ghlacadh. Tá Mailí ag obair chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme mar a leanas: (1) torthaí MRN a scaipeadh ar na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí ardaithe feasachta a dhéanamh leis na hearnálacha is mó riosca; (2) cur chuige rioscabhunaithe a fhorbairt agus tosú ar a chur chun feidhme maidir le maoirseacht AML/CFT ar gach faisnéis airgeadais agus DNFBP lena mbaineann riosca níos airde agus lena léirítear smachtbhannaí athchomhairleacha comhréireacha éifeachtacha maidir le neamhchomhlíonadh; (3) measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gach cineál duine dlítheanach; (4) acmhainneacht AFA agus na n-údarás forfheidhmithe dlí a mhéadú agus a gcomhar maidir le húsáid faisnéise airgeadais a fheabhsú; (5) a áirithiú go bhfuil baint ag údaráis inniúla iomchuí le himscrúduithe agus le hionchúisimh ar an sciúradh airgid; (6) acmhainneacht na n-údarás ábhartha a neartú, údaráis atá freagrach as cásanna maoinithe sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh; (7) creat dlíthiúil agus nósanna imeachta a bhunú chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme; agus (8) cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le maoirseacht ar earnáil na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha chun mí-úsáid chun críocha mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Ar an mbonn sin, ba cheart Mailí a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(10)

I mí Feabhra 2021, rinne Maracó gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Menafatf chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú. Tá bearta déanta ag Maracó chun feabhas a chur ar a chóras AML/CFT, lena n-áirítear trí acmhainní airgeadais agus daonna a chur ar fáil do AFA d’fhonn cumais anailíseacha a fheabhsú chun a phríomh-shainordú agus anailís straitéiseach a chomhlíonadh. Ba cheart Maracó leanúint de bheith ag obair ar chur chur chun feidhme a phlean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar a easnaimh straitéiseacha, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) feabhas a chur ar mhaoirseacht rioscabhunaithe, gníomhaíochtaí feabhais a dhéanamh agus smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm maidir le neamhchomhlíonadh; (2) a áirithiú gur leordhóthanach, cruinn agus fíoraithe an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear faisnéis maidir le daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla eachtracha; (3) éagsúlacht an tuairiscithe maidir le hidirbhearta amhrasacha a mhéadú; (4) tosaíocht a thabhairt do shainaithint, imscrúdú agus ionchúiseamh maidir le gach cineál sciúrtha airgid i gcomhréir le próifíl riosca na tíre; agus (5) faireachán agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar Institiúidí Airgeadais agus DNFBPanna a bhfuil oibleagáidí orthu maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Ar an mbonn sin, ba cheart Maracó a mheas a bheith ina thír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina chóras AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(11)

I mí an Mheithimh 2021, rinne na hOileáin Fhilipíneacha gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa na hÁise agus an Aigéin Chiúin maidir le Sciúradh Airgid (APG) chun éifeachtacht a gcórais AML/CFT a neartú. Ó shin i leith, tá bearta déanta ag na hOileáin Fhilipíneacha chun a gcóras AML/CFT a fheabhsú, trí threoir a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le díliostuithe agus dí-reo sócmhainní maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata. Oibreoidh na hOileáin Fhilipíneacha chun a bplean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) a léiriú go bhfuil maoirseacht éifeachtach rioscabhunaithe á déanamh ar DNFBPanna; (2) a léiriú go bhfuil rialuithe AML/CFT á n-úsáid ag maoirseoirí chun na rioscaí a bhaineann le juncaeid casaíne a mhaolú; (3) na ceanglais nua chlárúcháin maidir le seirbhís aistrithe airgid nó luacha (MVTS) a chur chun feidhme agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí seoltáin neamhchláraithe agus neamhdhleathacha; (4) rochtain na n-údarás forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis BO a fheabhsú agus a shruthlíniú agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil faisnéis BO cruinn agus cothrom le dáta; (5) méadú ar an úsáid a bhaintear as faisnéis airgeadais agus méadú ar imscrúduithe agus ionchúisimh sciúrtha airgid de réir riosca a léiriú; (6) méadú ar shainaithint, imscrúdú agus ionchúiseamh cásanna maoinithe sceimhlitheoireachta a léiriú; (7) a thaispeáint go ndéantar bearta iomchuí i ndáil le hearnáil na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha (lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúsacha neamhchláraithe) gan cur isteach ar ghníomhaíocht dhlisteanach eagraíochtaí neamhbhrabúsacha; agus (8) feabhas a chur ar éifeachtacht an chreata smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta mar aon le maoiniú leata. Ar an mbonn sin, ba cheart na hOileáin Fhilipíneacha a mheas a bheith ina dtír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(12)

I mí Feabhra 2021, rinne an tSeineagáil gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le GIABA chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Ba cheart don tSeineagáil leanúint de bheith ag obair ar chur chur chun feidhme a plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar a easnaimh straitéiseacha, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) tuiscint chomhsheasmhach ar rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta a áirithiú (go háirithe rioscaí a bhaineann le hearnáil DNFBPanna) sna húdaráis ábhartha uile trí oiliúint agus trí fhor-rochtain; (2) cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus cineálacha eile comhair idirnáisiúnta a lorg i gcomhréir lena próifíl riosca; (3) a áirithiú go bhfuil Institiúidí Airgeadais agus DNFBPanna faoi réir maoirseacht leordhóthanach éifeachtach; (4) faisnéis chuimsitheach faoi úinéireacht thairbhiúil i dtaca le daoine dlítheanacha agus socruithe a thabhairt cothrom le dáta agus a choinneáil ar bun agus an córas smachtbhannaí i leith sáruithe ar oibleagáidí trédhearcachta a neartú; (5) leanúint d’acmhainní daonna AFA a fheabhsú chun a áirithiú go gcoinneoidh sé inniúlachtaí éifeachtacha anailíse oibríochtúla ar bun; (6) i gcomhréir le próifíl riosca na Seineagáile, a léiriú go gcothaítear iarrachtaí dírithe ar shásraí braite a neartú agus an cumas imscrúduithe agus ionchúisimh ar chionta sciúrtha airgid agus preideacáide a dhéanamh a threisiú; (7) beartais agus nósanna imeachta cuimsitheacha caighdeánaithe a bhunú chun fáltais ó choireacht agus ionstraimeachtaí na coireachta a shainaithint, a rianú, a urghabháil agus a choigistiú i gcomhréir le próifíl riosca na Seineagáile; (8) tuiscint na n-údarás ar rioscaí sciúrtha airgid a neartú agus inniúlacht na n-údarás forfheidhmithe dlí, agus na n-údarás ionchúisimh a bhfuil baint acu le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta, agus an tacaíocht dóibh, a fheabhsú i gcomhréir le Straitéis Náisiúnta 2019 maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta; agus (9) córas smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe éifeachtach a bhaineann le maoiniú na sceimhlitheoireachta agus le maoiniú iomadaithe a chur chun feidhme, chomh maith le faireachán agus maoirseacht rioscabhunaithe ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha. Ar an mbonn sin, ba cheart an tSeineagáil a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(13)

I mí an Mheithimh 2021, rinne an tSúdáin Theas gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Oibreoidh an tSúdáin Theas chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) iarratas a dhéanamh ar an nGrúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice in aghaidh sciúradh airgid (Esaamlg), agus teagmháil a dhéanamh leo, maidir le ballraíocht, agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh Esaamlg nó comhlacht measúnaithe eile meastóireacht fhrithpháirteach uirthi; (2) athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Ionstraim AML/CFT (2012), le tacaíocht ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, chun Caighdeáin FATF a chomhlíonadh; (3) údarás nó údaráis a ainmniú a bheidh i gceannas ar mheasúnuithe riosca a chomhordú ar an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta; (4) teacht chun bheith ina páirtí i gCoinbhinsiún Vín 1988, i gCoinbhinsiún Palermo 2000 agus sa Choinbhinsiún um Maoiniú Sceimhlitheoireachta, 1999, agus iad a chur i bhfeidhm; (5) ba cheart d’údaráis inniúla a bheith struchtúrtha agus cumasaithe go hiomchuí chun cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le maoirseacht AML/CFT ar institiúidí airgeadais; (6) creat dlíthiúil cuimsitheach a fhorbairt chun cruinneas na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi dhaoine dlítheanacha a bhailiú agus a fhíorú; (7) AFA lánfheidhmiúil agus neamhspleách a chur chun gnímh; (8) an creat dlíthiúil institiúideach a bhunú agus a chur chun feidhme chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme i gcomhréir le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sceimhlitheoireacht agus maoiniú leata; agus (9) tús a chur le cur chun feidhme maoirseachta/faireacháin rioscabhunaithe spriocdhírithe ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha atá i mbaol maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta. Ar an mbonn sin, ba cheart an tSúdáin Theas a mheas a bheith ina tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(14)

I gcomhréir leis an bhfaisnéis ábhartha is déanaí, ba é conclúid mheasúnú an Choimisiúin gur cheart Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a mheas a bheith ina ndlínsí tríú tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais AML/CFT, easnaimh atá ina mbagairtí suntasacha ar chóras airgeadais an Aontais, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849. Tugtar faoi deara go bhfuil gealltanais pholaitiúla ardleibhéil i scríbhinn tugtha ag na tíortha sin chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus go bhfuil pleananna gníomhaíochta forbartha acu le FATF.

(15)

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán buan ar thríú tíortha agus go ndéanfaidh sé measúnú ar fhorbairtí ina gcreataí dlíthiúla agus institiúideacha, ar chumhachtaí agus nósanna imeachta na n-údarás inniúil, agus ar éifeachtacht a gcórais AML/CFT, d’fhonn an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a thabhairt cothrom le dáta.

(16)

Tá an Coimisiún tiomanta cúnamh teicniúil a chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, do thríú tíortha a áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 chun cuidiú leo na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint a leigheas.

(17)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha na dtíortha a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/1675, tíortha a bhain FATF den liosta i mí an Mheithimh nó i mí Dheireadh Fómhair 2021 nó rinne a Coimisiún athbhreithniú orthu i gcomhréir lena mhodheolaíocht athbhreithnithe chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint bunaithe ar cheanglais nua Threoir (AE) 2015/849, arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 (3). Tá an t-athbhreithniú tugtha i gcrích ag an gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn a rinne na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís.

(18)

De réir mheasúnú an Choimisiúin thug na Bahámaí aghaidh ar na heasnaimh straitéiseacha ina gcóras AML/CFT a shainaithin an Coimisiún i gcomhréir lena mhodheolaíocht chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint. Rinne na Bahámaí roinnt beart le déanaí chun a gcreat AML/CFT a threisiú agus go háirithe na gnéithe trédhearcachta dá gcóras maidir le húinéireacht thairbhiúil. Leis na bearta sin tugtar aghaidh ar na tagarmharcanna breise atá leagtha síos ag an gCoimisiún. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar le FATF agus le CFATF chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt chóras AML/CFT na mBahámaí.

(19)

De réir mheasúnú an Choimisiúin tá dul chun cinn leormhaith déanta ag an Iaráic maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT a shainaithin an Coimisiún i gcomhréir lena mhodheolaíocht chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint. Rinne an Iaráic roinnt beart le déanaí chun a creat AML/CFT a threisiú. Tugtar aghaidh leis na bearta sin ar na hábhair imní a shainaithin an Coimisiún sa réamh-mheasúnú a rinne sé. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar le FATF agus le Menafatf chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt chóras AML/CFT na hIaráice.

(20)

Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn suntasach a rinne an Bhotsuáin, Gána agus Oileán Mhuirís maidir le feabhas a chur ar a gcórais AML/CFT agus thug FATF dá aire gur bhunaigh an Bhotsuáin, Gána agus Oileán Mhuirís an creat dlíthiúil agus rialála chun na gealltanais ina bplean gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a bhí sainaitheanta ag FATF. Dá bhrí sin, níl an Bhotsuáin, Gána, Oileán Mhuirís faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh mar chuid dá phróiseas leanúnach comhlíontachta AML/CFT ar an leibhéal domhanda. Leanfaidh an Bhotsuáin, Gána agus Oileán Mhuirís de bheith ag obair le Comhlachtaí Réigiúnacha de chineál FATF chun a gcórais AML/CFT a fheabhsú tuilleadh.

(21)

Thángthas ar an gconclúid in anailís an Choimisiúin nach bhfuil easnaimh straitéiseacha i gcóras AML/CFT na mBahámaí, na Botsuáine, Ghána, na hIaráice ná Oileán Mhuirís a thuilleadh, de réir na faisnéise a bhí ar fáil. Tá éifeachtacht a gcuid córas AML/CFT neartaithe ag na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís agus thug siad aghaidh ar easnaimh theicniúla ghaolmhara chun na gealltanais ina bplean gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a shainaithin FATF agus maidir leis na tagarmharcanna breise a leag an Coimisiún síos nó na hábhair imní a bhí aige i dtús báire agus a leag sé síos.

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, sa tábla faoi phointe “I. Tríú tíortha ardriosca a thug gealltanas polaitiúil ardleibhéil i scríbhinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus a bhfuil plean gníomhaíochta forbartha acu le FATF”, cuirtear na línte seo a leanas leis:

“Buircíne Fasó

Oileáin Cayman

Háítí

an Iordáin

Mailí

Maracó

na hOileáin Fhilipíneacha

an tSeineagáil

an tSúdáin Theas”

Airteagal 2

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, sa tábla faoi phointe “I. Tríú tíortha ardriosca a thug gealltanas polaitiúil ardleibhéil i scríbhinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus a bhfuil plean gníomhaíochta forbartha acu le FATF”, scriostar na línte seo a leanas:

“na Bahámaí

an Bhotsuáin

Gána

an Iaráic

Oileán Mhuirís”

Airteagal 3

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla faoi phointe “I. Tríú tíortha ardriosca a thug gealltanas polaitiúil ardleibhéil i scríbhinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus a bhfuil plean gníomhaíochta forbartha acu le FATF”:

“Uimh.

Tríú tír ardriosca

1

an Afganastáin

2

Barbadós

3

Buircíne Fasó

4

an Chambóid

5

Oileáin Cayman

6

Háítí

7

Iamáice

8

an Iordáin

9

Mailí

10

Maracó

11

Maenmar

12

Nicearagua

13

an Phacastáin

14

Panama

15

na hOileáin Fhilipíneacha

16

an tSeineagáil

17

an tSúdáin Theas

18

an tSiria

19

Oileán na Tríonóide agus Tobága

20

Uganda

21

Vanuatú

22

Éimin

23

an tSiombáib”

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Mairead MCGUINNESS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).


Top