EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0796

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

COM/2017/0796 final - 2017/0354 (COD)

An Bhruiséil,19.12.2017

COM(2017) 796 final

2017/0354(COD)

GOODS PACKAGE

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 471 final}
{SWD(2017) 472 final}
{SWD(2017) 475 final}
{SWD(2017) 476 final}
{SWD(2017) 477 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí polaitiúla an Choimisiún Eorpaigh margadh aonair atá níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach 1 . Tá na bearta leantacha i leith Straitéis an Mhargaidh Aonair, An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí, a glacadh an 28 Deireadh Fómhair 2015 2 , agus cur chun feidhme na straitéise, ar cheann de na príomhchuspóirí faoi Chlár Oibre an Choimisiúin 2017 3 .

Sa Mhargadh Aonair, tá an tsaorghluaiseacht earraí ar an gceann is forbartha de na ceithre shaoirse bhunúsacha go léir agus is léi a ghintear thart ar 25 % de OTI AE agus 75 % den trádáil laistigh de AE. Is ó AE a eascraíonn thart ar an séú cuid den trádáil in earraí ar domhan. Luadh luach EUR 3 110 billiún leis an trádáil in earraí idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (trádáil laistigh de AE) in 2016 4 . Tá obair fós le déanamh, áfach, chun Margadh Aonair Eorpach atá domhain agus cothrom a áirithiú. Sa chás nach bhfuil aon rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm, níl prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh á chur i bhfeidhm i gcónaí. Fógraíodh 'Pacáiste um Earraí' i gClár Oibre an Choimisiúin 2017, lena bhfuil sé beartaithe dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach sin, le tionscnamh ar aitheantas frithpháirteach.

Tá aitheantas frithpháirteach riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh earraí. I gcás nach bhfuil aon reachtaíocht shonrach AE i bhfeidhm, tá saoirse ag na Ballstáit chun rialacha náisiúnta a leagan amach lena leagtar síos ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag táirgí. Is féidir le ceanglais náisiúnta den sórt sin a bheith ann in aon am amháin sna Ballstáit éagsúla, ach, más éagsúil iad, d'fhéadfaidís bacainní a chur ar an trádáil laistigh de AE. Le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ceanglaítear nár cheart earra atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin a thoirmeasc i mBallstát eile, mura rud é go bhfuil cúiseanna fónta ag an mBallstát sin i dtaobh a dhíol a thoirmeasc nó a shrianadh. Tá feidhm ag aitheantas frithpháirteach maidir le táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, nó nach gcumhdaítear ach go páirteach leis an reachtaíocht sin, amhail réimse leathan táirgí tomhaltóirí (teicstílí, coisbheart, earraí cúraim leanaí, seodra, earraí boird nó troscán).

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (‘an Rialachán’) 5 mar fhreagra páirteach 6 ar chur i bhfeidhm lag phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i réimse na nearraí, arna spreagadh ag an easpa feasachta ar an bprionsabal, éiginnteacht dhlíthiúil agus é á chur i bhfeidhm agus an easpa comhar riaracháin idir údaráis náisiúnta. Bhí an Rialachán dírithe den chuid ba mhó ar chreat nós imeachta a bhunú i dtreo is gur lú an seans go gcruthóidh rialacha teicniúla constaicí neamhdhleathacha 7 .

I Nollag 2013, sna Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair, a ghlac an Chomhairle Iomaíochais, tugadh ar aird gurb amhlaidh, d'fhonn feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair, ba cheart na hionstraimí ábhartha uile a úsáid go hiomchuí, lena náirítear comhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach 8 . Dá bhrí sin, tugadh cuireadh don Choimisiún tuairisc a thabhairt don Chomhairle maidir leis na margaí agus na hearnálacha inar mó an tairbhe gheilleagrach atá le baint as cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ach ina bhfuil a fheidhmiú neamhleor nó ina bhfuil fadhb ag baint leis fós. Sna Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair ón gComhairle Iomaíochais i mí Feabhra 2015, d'áitigh sí ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeadh feidhm éifeachtach ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus moltaí a thabhairt ar aghaidh chun na críche sin, de réir mar b'iomchuí 9 .

Mar fhreagra ar na tásca go bhféadfadh sé nach bhfuil an prionsabal ag feidhmiú go barrmhaith, agus an iarraidh ón gComhairle á cur san áireamh, cuireadh cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh faoi réir meastóireacht sheachtrach 10 . Ag tógáil ar an méid sin, áiríodh freisin sa Mheastóireacht ón gCoimisiún ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh (REFIT) measúnú ar fheidhmiú an Rialacháin, d’fhonn léargas iomlán a bheith ar fáil ar na constaicí atá ar fheidhmiú barrmhaith an aitheantais fhrithpháirtigh (dá ngairtear an Mheastóireacht anseo feasta).

Baineadh de thátal as an Meastóireacht nach bhfuil aitheantas frithpháirteach ag feidhmiú mar ba cheart dó agus go raibh éifeachtaí teoranta ag an bprionsabal agus ag an Rialachán maidir le comhlíonadh na gcuspóirí a bhí beartaithe i dtaobh feasacht a spreagadh agus cur le deimhneacht dhlíthiúil agus le comhar riaracháin.

Tugtar freagra leis an tionscnamh seo ar chonclúidí na Meastóireachta. Is é an cuspóir foriomlán atá leis margadh aonair níos córa agus níos doimhne le haghaidh earraí a bhaint amach trí aitheantas frithpháirteach méadaithe, feabhsaithe.

Is é an cuspóir sonrach a bheidh i gceist feabhas a chur ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh trí roinnt beart uaillmhianach a mholadh. Tá bearta den sórt sin dírithe ar a áirithiú go ndéanfar urramú ar na cearta agus na hoibleagáidí atá ann cheana, a eascraíonn as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Sa chleachtas, fágfaidh sé sin go bhféadfaidh na Ballstáit fós a gcuspóirí poiblí dlisteanacha náisiúnta a chosaint agus srian a chur le margú earraí fiú má tá siad ar an margadh go dleathach in áiteanna eile, ach údar cuí a bheith lena gcinneadh agus é a bheith comhréireach.

Ar an gcéad dul síos, ach soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh, trína shainiú go soiléir cén uair is infheidhme é, cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus d'údaráis náisiúnta i dtaobh conas is féidir leas a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Ar an dara dul síos, trí fhéindearbhú a thabhairt isteach chun éascú dá léiriú go bhfuil táirge ar an margadh go dleathach cheana féin, agus trí chóras réitigh fadhbanna a thabhairt isteach chun déileáil le cinntí lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh, cuirfear leis an deimhneacht dhlíthiúil i dtaobh chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus éascófar dá chur i bhfeidhm ag gnólachtaí; beidh a fhios ag gnólachtaí agus ag údaráis náisiúnta cad ar féidir leo a bheith ag súil leis le réasún nuair atá aitheantas frithpháirteach á chur i bhfeidhm, nó nuair is ceart dó a bheith á chur i bhfeidhm.

Ar deireadh, trí chomhar riaracháin a bhunú agus uirlis TF cur i bhfeidhm, cuirfear feabhas ar chumarsáid, comhar agus muinín i measc údaráis náisiúnta, agus ar an gcaoi sin éascófar d'fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

(a)Treoir (AE) 2015/1535 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise 11 .

Leis an Treoir, cuidítear le haitheantas frithpháirteach níos mó agus níos fearr a áirithiú trína chur de cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus dá chéile faoi aon dréachtaí de ‘rialacháin theicniúla’ maidir le táirgí sula nglacfar iad sa dlí náisiúnta. Cuidíonn sé sin le cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní trádála nua i bhfoirm 'rialacháin theicniúla’ sula nglacfar iad, trína chur ar a gcumas don Choimisiún agus do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil an riail theicniúil ag luí le dlí AE. Tá cuspóir difriúil, comhlántach ag an tionscnamh seo. Cuirtear i bhfeidhm leis bearta ceartaitheacha, lena áirithiú, nuair a bheidh an riail i bhfeidhm, go mbeidh an riail á cur i bhfeidhm i gceart ar bhonn gach cáis faoi leith ar bhealach lena nurramaítear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

(b)Treoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí 12  

Áirithítear leis an Treoir go bhfuil táirgí arna gcur ar mhargadh AE sábháilte. Tá feidhm aici maidir le táirgí tomhaltóirí neamh-chomhchuibhithe. Tá feidhm ag an dréacht-Rialachán seo freisin maidir leis an réimse neamh-chomhchuibhithe, ach tugtar aghaidh leis ar na cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis inniúla de chuid Ballstáit cur ar an margadh nó úsáid táirge tomhaltóirí neamh-chomhchuibhithe, atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, a dhiúltú nó a thoirmeasc, ar chúiseanna seachas baol do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí amháin. Is mar sin atá, mar shampla, i gcás nach bhfuil sé ceadaithe táirge a chur ar an margadh ar chúiseanna atá bunaithe ar ainmniú, méid, comhdhéanamh nó pacáistiú, nó ar chúiseanna comhshaoil.

(c)Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le táirgí foirgníochta 13  

Leis an Rialachán sin, bunaítear Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta, d’fhonn faisnéis a sholáthar ar na forálacha is infheidhme maidir le hoibreacha foirgníochta agus táirgí foirgníochta. Leis an tionscnamh seo, déantar comhlánú comhleanúnach ar na Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta. Ina lán Ballstát, áfach, tá cumasc déanta ar an bPointe Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta agus ar an bPointe Teagmhála do Tháirgí, ionas go bhfuil "ionad ilfhreastail amháin" ann do ghnólachtaí. Ní chuirtear cosc ar chumaisc den sórt sin sa todhchaí leis an tionscnamh seo.

(d)An gréasán SOLVIT 14  

Seirbhís is ea SOLVIT a sholáthraíonn an riarachán náisiúnta i ngach Ballstát den Aontas Eorpach, agus san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua. Cabhraíonn sé le gnólachtaí sa chás ina sáraíonn údaráis phoiblí i mBallstát eile den Aontas Eorpach a gcearta, trí dhíriú ar réiteach a aimsiú laistigh de 10 seachtaine. Ar an gcaoi sin, féadfaidh gnólachtaí leas a bhaint as SOLVIT, mar rogha eile seachas imeachtaí cúirte, agus iad ag tabhairt aghaidh ar chinneadh náisiúnta lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh ar bhonn phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Tógann an tionscnamh seo ar an ngréasán SOLVIT agus ar an bPlean Gníomhaíochta a glacadh le déanaí maidir le SOLVIT a neartú 15 ; feabhsaítear leis an sásra atá ann cheana i réimse na nearraí, d'fhonn éascú do chur i gcoinne cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh ar bhonn aitheantas frithpháirteach.

(e)Reachtaíocht AE um chomhchuibhiú

Tá reachtaíocht AE um chomhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach lánchomhlántach ar a chéile. Áirithítear saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach trí chomhrialacha AE maidir le táirgí (reachtaíocht AE um chomhchuibhiú) agus trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Sa reachtaíocht AE um chomhchuibhiú, leagtar síos comhcheanglais maidir le conas nach mór táirge a mhonarú. Ach ní cuspóir indéanta ná cuspóir inmhianaithe é reachtaíocht AE um chomhchuibhiú a bheith ann lena gcumhdaítear gach táirge agus gach gné de tháirge. Is próiseas costasach é sin a ghlacann a lán ama, ina bhfuil gá le cothromaíocht a bhaint amach idir cineálacha éagsúla cur chuige, agus ba cheart é a fhorchoimeád i gcomhair na dtáirgí agus na ngnéithe de tháirgí ina bhfuil bacainní suntasacha ar an tsaorghluaiseacht ar fud an Mhargaidh Aonair nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ar shlí eile. Sa chás nach bhfuil aon chomhrialacha AE i bhfeidhm, ná nach bhfuil táirgí ach cumhdaithe i bpáirt ag comhrialacha AE, tá saoirse ag na Ballstáit fós chun rialacha teicniúla náisiúnta a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag na táirgí sin, i ndáil le hainmniú, foirm, méid, lipéadú, nó pacáistiú, etc. Áirithítear leis an tionscnamh seo gurb amhlaidh, sa chás ina ndéanfaidh Ballstáit an méid sin, go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 34 agus Airteagal 36 CFAE, agus prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh go háirithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Baineann tábhacht i dtaobh aitheantas frithpháirteach leis na tionscnaimh seo atá ar bun faoi láthair nó atá beartaithe ar leibhéal AE:

(a)An Tairseach Aonair Dhigiteach 16 . Tá sé ina aidhm leis an Tairseach feabhas a chur ar a infhaighte ar líne atá faisnéis, seirbhísí cúnaimh agus nósanna imeachta atá ábhartha do ghnólachtaí agus saoránaigh, mar aon le feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a fhurasta atá sé iad a aimsiú.

(b)Plean gníomhaíochta maidir le SOLVIT a atreisiú 17 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Rialachán seo bunaithe ar Airteagal 114(1) CFAE, a bhaineann le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ina sonraítear gur féidir bearta a ghlacadh le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ina chuspóir leo. Tá sé ina aidhm ag an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndeonófar saorghluaiseacht i leith earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ní dhéanann sé dochar d'uathriail rialála na mBallstát i réimse na nearraí neamh-chomhchuibhithe.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Níl feidhm ag aitheantas frithpháirteach ach amháin i gcásanna trasteorann inar mian le hoibreoir eacnamaíoch táirge atá ar an margadh go dleachtach cheana i mBallstát a thrádáil i mBallstát eile. Ní leor beart ó na Ballstáit ina naonar chun réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhaineann le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar fud an mhargaidh aonair. D'fhonn a bheith éifeachtach, ní mór cur i bhfeidhm an phrionsabail a bheith bunaithe ar chomhréitigh atá le cur i bhfeidhm ar an mbonn céanna ag gach údarás náisiúnta. Ní féidir ach le nósanna imeachta coiteanna den sórt sin a rathú go gcuirfidh údaráis náisiúnta an prionsabal i bhfeidhm sa tslí chéanna, agus ar an dóigh sin go mbeidh ar chumas cuideachtaí tairbhe a bhaint as caitheamh cothrom, beag beann ar an tír ina bhfuil siad ag déanamh iarracht a dtáirge a chur ar an margadh. Dá bhfágfaí faoi gach Ballstát na gnéithe nós imeachta de chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, lagófaí an prionsabal tríd an modus operandi a dhíchur ina 28 nós imeachta dhifriúla, a d'fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile. Dá bhrí sin, tá gníomhaíocht AE iomchuí agus tá údar cuí léi chun cur i bhfeidhm éifeachtach an phrionsabail a áirithiú. Tá sé de fhreagracht ar AE gníomhú chun feidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh earraí a áirithiú. De bhun Airteagal 26(2) CFAE, is éard a bheidh sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina náiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil i gcomhréir le forálacha na gConarthaí. Tá an toirmeasc ar bhearta a bhfuil comhéifeacht acu le srianta cainníochtúla ar allmhairí earraí ar cheann de phríomhphrionsabail CFAE (Airteagal 34 go hAirteagal 36).

Comhréireacht

Baintear amach leis an togra seo cothromaíocht chúramach idir, ar lámh amháin, uathriail rialála na mBallstát maidir leis an leibhéal cosanta a leagan síos a mheasann siad is gá chun leasanna poiblí dlisteanacha a bhaint amach, agus, ar an lámh eile, an gá atá ann dul i ngleic leis na constaicí atá fágtha i dtaobh saorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile agus atá faoi réir Airteagal 34 go hAirteagal 36 CFAE.

Ní théann na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna sainaitheanta a réiteach agus chun na cuspóirí sainaitheanta a ghnóthú. Meastar gurb inghlactha iad na costais bheartaithe a bheidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus déanfar iad a chúiteamh leis an airgead a spárálfaidh gnólachtaí, agus le tairbhí a bheidh ag gnólachtaí, ag tomhaltóirí agus ag na Ballstáit araon.

An rogha ionstraime

Tá an Rialachán seo bunaithe ar Airteagal 114 CFAE. Áirítear ann forálacha atá dírithe ar fheabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair le haghaidh earraí, trí rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos d’údaráis inniúla na mBallstát agus do ghnólachtaí d'fhonn saorghluaiseacht réidh earraí a áirithiú i gcás earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Leis an meastóireacht ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh i réimse na nearraí, i.e. prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán um Aitheantas Frithpháirteach, féachadh ar a mhéid ar baineadh amach na cuspóirí bunaidh a bhí ag gabháil le haitheantas frithpháirteach i dtéarmaí éifeachtachta, éifeachtúlachta, ábharthachta, comhleanúnachais agus bhreisluach AE. Léiríodh sna torthaí sin gurb amhlaidh, i réimse na nearraí, a bhaineann ábharthacht fós le haitheantas frithpháirteach agus a fhéadfadh sé breisluach a sholáthar do AE. Tugtar an deis leis táirgí atá ar an margadh go dleathach in áiteanna eile a chur ar an margadh i mBallstáit eile. Ní maith mar atá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ag feidhmiú, áfach. I gcás fhormhór na ngnólachtaí ar mian leo táirgí a dhíol i mBallstát eile, seiceálann siad na rialacha is infheidhme sa Bhallstát sin agus, más rud é go gcuirtear cosc orthu an táirge a dhíol faoi na rialacha sin, ní théann siad i muinín phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ach cuireann a bhformhór an táirge in oiriúint do na rialacha sin. I gcás ina ndéanann gnólachtaí iarracht dul i muinín phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, is minic a dhiúltaíonn údaráis náisiúnta rochtain ar an margadh do na táirgí sin. Maidir leis an Rialachán, a glacadh chun éascú do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm, i gcoitinne, léirítear sa mheastóireacht nach bhfuil ach beagán oibreoirí eacnamaíocha ann a mheasann gur fusa táirgí a dhíol i mBallstáit eile ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm. Bhí éifeacht mheasartha aige maidir leis na cuspóirí a leagadh síos, go príomha toisc nár leor na ceanglais nós imeachta a leagadh síos leis chun cur i bhfeidhm éasca, iontaofa agus soláimhsithe phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a áirithiú. Bhí éifeachtaí teoranta aige freisin maidir le feasacht a spreagadh i leith phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Éifeachtacht

Cé gurb ann don phrionsabal agus gur glacadh an Rialachán, baineann fadhbanna fós le saorghluaiseacht earraí sa limistéar neamh-chomhchuibhithe, go príomha de cheal feasachta agus eolais, de cheal deimhneacht dhlíthiúil agus de cheal iontaoibh agus comhar i measc údaráis náisiúnta. Tá deacrachtaí fós le sárú ag gnólachtaí maidir le rochtain ar an margadh, fiú amháin i gcás ina bhfuil a dtáirgí ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile cheana. Dá bhrí sin, is minic a dhéanann siad a dtáirgí a oiriúnú nó a stopann siad ag tabhairt faoi dhul isteach i margadh nua. Léirítear sa chomhairliúchán le páirtithe leasmhara gur tháinig méadú ar an leibhéal feasachta maidir leis an aitheantas frithpháirteach thar na blianta, ach nach leor an méadú é. Measann na páirtithe leasmhara go léir gur cheart cur leis an bhfeasacht, agus gur cheart dó sin a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin. Tá an deimhneacht dhlíthiúil agus leas á bhaint as aitheantas frithpháirteach fós ina constaic mhór ar shaorghluaiseacht táirgí neamh-chomhchuibhithe, agus tá sí ar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil drogall ar ghnólachtaí agus ar údaráis náisiúnta roimh an aitheantas frithpháirteach. Maidir le comhar riaracháin, léirítear sa mheastóireacht gur gá é a fheabhsú a thuilleadh d'fhonn éascú do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

Éifeachtúlacht

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na costais arna ngineadh trí leas a bhaint as an bprionsabal agus an Rialachán comhréireach leis an tairbhe a baineadh amach dá bharr. I dtéarmaí costas, níor leagadh mórán costas ar údaráis náisiúnta de bharr an Rialacháin: cur chun feidhme agus feidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí (EUR 7 417-47 450, bunaithe ar 1 FTE amháin) agus na costais a bhain le measúnú a dhéanamh ar tháirgí a bhí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile (EUR 420 000 in earnáil amháin amhail leasacháin). Measann siad gur costais mheánacha iadsan. Le hais sin, eascraíonn na príomhchostais arna dtabhú ag gnólachtaí as cur i bhfeidhm mícheart a dhéanamh ar aitheantas frithpháirteach. Ní mór dóibh a dtáirgí a oiriúnú, tástálacha agus nósanna imeachta a dhúbláil (EUR 1 000-150 000 in aghaidh an táirge agus an mhargaidh), nó deiseanna a chailleadh (EUR 40 000-500 000 in aghaidh an táirge agus an mhargaidh) toisc gur gá dóibh beartú gan dul isteach i margadh nua. Measadh gur costais thábhachtacha iad a bhformhór siúd. Ó thaobh costais agus tairbhe, tá na tuiscintí éagsúil go leor. Cé gurb iondúil go naontaíonn údaráis náisiúnta go bhfuil na costais comhréireach leis an tairbhe, is iondúil nach naontaíonn gnólachtaí leis an méid sin. Measann siadsan gur suntasach iad na costais, agus nár baineadh amach an tairbhe.

Comhleanúnachas

Léirítear sa mheastóireacht a rinneadh go ndealraíonn sé nach bhfuil aon neamhréiteach idir aitheantas frithpháirteach agus beartais eile de chuid AE chun an margadh inmheánach a bhaint amach agus éascú do shaorghluaiseacht earraí in AE. Ina ionad sin, comhlánaíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán roinnt tionscnamh sa réimse seo amhail Treoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí 18 , Treoir (AE) 2015/1535 maidir le "Trédhearcacht sa Mhargadh Aonair", Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le Táirgí Foirgníochta, an gréasán SOLVIT 19 agus reachtaíocht AE um chomhchuibhiú, agus tá siad ag luí leo.

Ábharthacht

Tá an taitheantas frithpháirteach dírithe ar lánpháirtiú domhain an mhargaidh a bhaint amach agus urraim á tabhairt don éagsúlacht agus don uathriail rialála i measc na mBallstát. Tá an dearcadh ann ina leith gur malairt é ar chomhchuibhiú, lena gcumasaítear uathriail rialála, sa chás nach bhfuil gá leis an gcomhchuibhiú, nach bhfuil údar cuí leis ná nach bhfuil sé comhréireach. Ina theannta sin, baineann ábharthacht ar leith leis an aitheantas frithpháirteach maidir le tacú leis an nuálaíocht. I réimse na dtáirgí nuálacha nua, níl aon rialacha comhchuibhithe Eorpacha i bhfeidhm, agus ní mór do ghnólachtaí dul i muinín rialacha/caighdeáin atá an cheana ar an leibhéal náisiúnta, nó fiú déileáil le heaspa rialacha den sórt sin. Is é an taitheantas frithpháirteach an taon rogha amháin atá ag gnólachtaí ar mian leo a gcuid táirgí nua/nuálacha a chur ar an margadh i mBallstáit eile.    

Breisluach AE

Léirítear sa mheastóireacht go bhfuil comhaontú ginearálta i measc páirtithe leasmhara go dtugann an taitheantas frithpháirteach breisluach do AE. Tugtar an deis leis táirgí atá ar an margadh go dleathach in áiteanna eile a chur ar an margadh i mBallstáit eile, agus cloí an tráth céanna le huathriail rialála agus éagsúlacht na mBallstát. Tá sé aitheanta go forleathan nach féidir na cuspóirí atá leagtha síos leis a chomhlíonadh ach trí ghníomhú ar leibhéal AE. Le linn an phróisis comhairliúcháin, bhí na páirtithe leasmhara ar aontoil, nach mór, maidir leis an ngá atá le hionstraim dlí AE chun aitheantas frithpháirteach níos mó agus níos fearr a bhaint amach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Iarradh ar chomhaltaí an Choiste Chomhairligh um Aitheantas Frithpháirteach aiseolas a sholáthar le linn na gcruinnithe deireanacha dá gcuid an 2 Nollaig 2015 agus an 25 Deireadh Fómhair 2016. I gcás roinnt ionadaithe, ní raibh siad dearfa go raibh tairbhe le baint as leasú iomlán a dhéanamh ar an Rialachán, cé gur aontaigh gach duine acu go bhfuil gá le roinnt leasuithe agus gur féidir a lán de na fadhbanna a réiteach le bearta dlí bhoig.

Tá comhairliúchán poiblí i ngach ceann de theangacha oifigiúla AE foilsithe ar shuíomh gréasáin comhairliúchán atá á óstáil ar Europa. Bhí an comhairliúchán ar siúl idir Meitheamh agus Meán Fómhair 2016. Fuarthas 153 fhreagra le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Rinneadh ionadaíocht láidir ar ghnólachtaí (91) agus ina ndiaidh sin tháinig údaráis de chuid na mBallstát (45), agus saoránaigh (17). Léirítear i dtorthaí an chomhairliúcháin gurb amhlaidh, in ainneoin an ardleibhéil feasachta a cuireadh in iúl maidir le haitheantas frithpháirteach, go measann formhór na bhfreagróirí go bhfuil gá fós le spreagadh feasachta. Maidir leis na constaicí ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh, shainaithin gnólachtaí gurb é an chonstaic is mó an easpa leigheasanna éifeachtacha chun cur i gcoinne cinntí náisiúnta lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú, agus ansin cumarsáid neamhleor i measc údarás. Maidir le tosaíochtaí an Choimisiúin i ndáil le haitheantas frithpháirteach, tugann gnólachtaí an tosaíocht is airde don ghá atá le leigheasanna éifeachtacha, agus tá na Ballstáit agus saoránaigh i bhfabhar cur leis an bhfeasacht faoin aitheantas frithpháirteach.

Rinneadh forlíonadh ar an gcomhairliúchán poiblí le comhdháil páirtithe leasmhara a d'eagraigh an Coimisiún an 17 Meitheamh 2016. Ba é an aidhm a bhí leis an imeacht a shainaithint cé na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh agus bealaí féideartha chun cinn a shainaithint. D'fhreastail 144 rannpháirtí ar an imeacht, agus iad ag déanamh ionadaíocht ar ghnólachtaí (62), ar údaráis náisiúnta (60) agus eile (22), amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe ceardchumann. Ar an iomlán, thacaigh na rannpháirtithe leis an ngá atá le feabhas a chur ar fheidhmíocht an aitheantais fhrithpháirtigh agus cur leis an deimhneacht dhlíthiúil maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún nó conraitheoirí seachtracha raon leathan suirbhéanna, comhairliúchán agus staidéar idir 2014 agus 2016, agus tá bonn stuama saineolais ar fáil iontu.

Cuireadh feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh faoi réir meastóireacht sheachtrach, a rinneadh idir 2014 agus 2015. Cuireadh méid na faidhbe agus an tionchar a bheadh ag na roghanna éagsúla arna mbeartú ag an gCoimisiún faoi réir staidéir, a rinneadh idir 2016 agus 2017.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair agus an tionscnamh seo á ullmhú. Léirítear ann gur lú an méid trádála a bhíonn ar siúl i leith táirgí atá faoi réir aitheantas frithpháirteach. Sa chomparáid idir luach na nonnmhairí laistigh de AE agus tomhaltas intíre, léirítear gurb amhlaidh, i gcás táirgí comhchuibhithe, gurb ionann luach na nonnmhairí laistigh de AE agus 55 % den tomhaltas intíre, agus i gcás na nearraí neamh-chomhchuibhithe agus páirt-chomhchuibhithe nach bhfuil ach 35 % i gceist leis an gcéatadán sin. Is amhlaidh atá mar gheall ar na constaicí a bhíonn le sárú ag gnólachtaí agus iad ag triail a dtáirgí a chur ar an margadh faoi phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Costas ard ar na gnólachtaí is ea na costais airgeadais de bharr easpa aitheantas frithpháirteach. Mar shampla, meastar gur costas idir EUR 1 000 agus EUR 150 000 in aghaidh an táirge agus in aghaidh an mhargaidh a bhaineann leis an ngá atá leis na táirgí a oiriúnú do na rialacha náisiúnta is infheidhme sa chás ina ndiúltaítear aitheantas frithpháirteach nó nach mbaintear leas as chun dul isteach ar an margadh. Meastar gur meánchostas idir EUR 10 000 agus EUR 500 000 in aghaidh an táirge agus in aghaidh an mhargaidh a bhaineann le deiseanna caillte, i.e. beartaíonn gnólachtaí gan dul isteach i margadh mar gheall ar rialacha náisiúnta difriúla nach mór na táirgí a oiriúnú ina leith. I staidéar a rinneadh do Pharlaimint na hEorpa 20 rinneadh iarracht meastachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag bacainní neamhtharaifí ar thrádáil ar an margadh inmheánach. Baineadh de thátal ann go bhféadfadh laghdú ar na bacainní sin a bheith ina chúis le méadú ar thrádáil laistigh de AE de níos mó ná EUR 100 billiún in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, i rith na tréimhse idir 2008 agus 2014, bhí thart timpeall is 0.89 milliún fiontar ag oibriú laistigh d'earnálacha neamh-chomhchuibhithe, líon is ionann agus níos mó ná 50 % de líon iomlán na bhfiontar gníomhach sa gheilleagar monaraíochta. Is micrifhiontair iad thart ar 87 % de na fiontair. De réir na Tuarascála Iomaíochais 2014 ón gCoimisiún, níl ach 14 % de FBManna ag trádáil thar theorainneacha in AE i gcomparáid le 85.4 % de na gnólachtaí monaraíochta móra.

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair an 7 Aibreán 2017. Mheas an Bord go ndearnadh cur i láthair foriomlán maith ar an tuarascáil agus mhol sé, mar fheabhsúchán breise, míniú níos fearr a thabhairt ar na roghanna éagsúla, agus ar an gcaoi a noibreoidís go praiticiúil. Thairis sin, ba cheart tátal níos soiléire a bhaint sa tuarascáil faoina mhéid tionchair a bheadh ag an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón athbhreithniú ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhonn praiticiúil agus faoina mhéid a chuideodh sé le margadh inmheánach a bheadh ag feidhmiú go maith. Ar deireadh, ba cheart measúnú níos fearr a dhéanamh inti ar an acmhainneacht i dtaobh cúrsaí riarachán a shimpliú agus ualaí a laghdú. Rinneadh na moltaí a bhí sa tuairim dhearfach a chuimsiú sa tuarascáil. Go háirithe, tugadh míniú ní b'fhearr ar na roghanna éagsúla agus ar an idirghníomhaíocht eatarthu. Déantar cur síos níos fearr sa tuarascáil ar conas a oibríonn na roghanna sin go praiticiúil, agus leagtar béim ar na hiarmhairtí a bheadh ar an margadh de bharr na rogha tosaíochta. Tugtar míniú níos fearr sa tuarascáil freisin ar conas atá na hualaí rialála faoi láthair ina dtoradh ar neamhfheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh agus cuirtear in iúl go soiléir conas a laghdófar é sin de bharr na roghanna tosaíochta. Tá an bhileog achomair agus an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ar fáil anseo: XXXXX.

Chomh maith le rogha 1 (status quo), ba iad seo a leanas na roghanna beartais beartaithe a cuireadh san áireamh sa mheasúnú tionchair:

Rogha 2 – Dlí bog chun feabhas a chur ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh (spreagadh feasachta, oiliúint, malartú oifigeach, etc.)

Rogha 3 – Athruithe reachtacha íosta ar Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (trédhearcacht maidir le cinntí riaracháin, úsáid a bhaint as caighdeáin AE, ról níos mó i gcomhair Pointí Teagmhála do Tháirgí)

Rogha 4 – Athruithe reachtacha cuimsitheacha ar Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (dearbhú deonach um aitheantas frithpháirteach, sásra maidir le fadhbanna a réiteach, feabhas ar Phointí Teagmhála do Tháirgí agus ar an gcomhar)

Rogha 5 – Réamhúdarú deonach roimh chur ar an mhargadh

I gcás na rogha a bhaineann leis an Rialachán a aisghairm agus na rogha maidir le tuilleadh bearta comhchuibhithe a mholadh ar cheanglais bhunúsacha shonracha lena gcumhdaítear gnéithe áirithe de tháirgí, cuireadh i leataobh go luath sa phróiseas iad, mar aon le tabhairt isteach dearbhaithe comhlíonta tríú páirtí.

Is é rogha 4 (athruithe reachtacha cuimsitheacha ar Rialachán (CE) Uimh. 764/2008) rogha na tosaíochta, arna comhlánú ag rogha 2 (bearta an dlí bhoig).

Thacaigh na páirtithe leasmhara go léir le rogha 2 (dlí bog), ach measadh nach mbeadh sí éifeachtach mura ndéanfaí í a chomhlánú le huirlisí cuimsitheacha eile.

Mheas na Ballstáit agus oibreoirí eacnamaíocha go bhféadfadh rogha 3 (athruithe reachtacha íosta ar an Rialachán) a bheith éifeachtach, ach ní chomh héifeachtach le roghanna eile.

Measadh gurb é rogha 4 an ceann is éifeachtaí maidir leis na cuspóirí beartais a bhaint amach agus costais a laghdú ar ghnólachtaí.

Bhí comhdhearcadh i measc na bpáirtithe leasmhara nach bhféadfar deireadh a chur leis na constaicí atá ann faoi láthair maidir le haitheantas frithpháirteach faoi rogha 5 (réamhúdarú deonach). Ghinfí costais faoin rogha sin den chuid ba mhó. Mar shampla, in earnáil na mbithicídí, measadh go mbeadh na costais riaracháin a bhaineann leis an nós imeachta sin idir EUR 18 milliún agus EUR 20 milliún in aghaidh na bliana.

Mar gheall ar chastacht agus éagsúlacht na dtáirgí a thagann faoi raon feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh, tá sé thar a bheith deacair measúnú cainníochtúil a thabhairt ar na sochair. Maidir le rogha 4 agus rogha 2 le chéile, chuirfí leis an bhfeasacht agus an eolas ar aitheantas frithpháirteach, agus bhunófaí deimhneacht dhlíthiúil i ndáil le cur i bhfeidhm an phrionsabail agus d'fheabhsófaí an comhar riaracháin idir na Ballstáit. Ní hamháin go spreagfaí feasacht i measc líon ní ba mhó oibreoirí eacnamaíocha ar an bhféidearthacht i dtaobh dul isteach i margaí nua gan athruithe breise ar a gcuid táirgí, ach ina gcás siúd a bhfuil a fhios acu faoin aitheantas frithpháirteach ach a bhfuil drogall orthu leas a bhaint as, cuirfidh siad leis an muinín atá acu as an gcóras. Go háirithe, d'éascófaí do tháirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile, trí struchtúrú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bplé faoi cibé acu ar féidir nó nach féidir an táirge sin a chur ar an margadh ar bhonn aitheantas frithpháirteach agus tríd an mbaol a laghdú go ndiúltófaí don rochtain ar an margadh. Dhéanfadh an méid sin costais a laghdú go suntasach do ghnólachtaí i dtéarmaí faisnéise, oiriúnú, moill maidir le dul isteach sa mhargadh agus deiseanna caillte. Bhainfeadh na Ballstáit tairbhe freisin as an teaglaim roghanna sin, toisc go dtabharfaí dreasacht dóibh i dtreo prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar shlí ní ba chomhsheasmhaí agus ní ba chirte. D'fhéadfadh laghdú ar bhacainní trádála go ginearálta (féach thuas) a bheith ina chúis le méadú ar thrádáil laistigh de AE de níos mó ná EUR 100 billiún in aghaidh na bliana.

Ar an gcaoi chéanna, tá sé thar a bheith deacair measúnú cainníochtúil a sholáthar ar na costais a ghabhann leis na roghanna tosaíochta. Meastar gur costais íosta atá ar oibreoirí eacnamaíocha, agus tá feidhm aige sin freisin maidir leis an dearbhú deonach um aitheantas frithpháirteach, a meastar ina leith gur obair riaracháin íosta a bheadh i gceist leis an gcostas (thógfadh sé 20 nóiméad ar an meán ar oibreoir eacnamaíoch an dearbhú a chomhlánú). D'iompródh na Ballstáit agus an Coimisiún costais riaracháin riachtanacha áirithe, arna meas mar seo a leanas: faoi rogha an dlí bhoig, tá costais i gceist a bhaineann le heagrú agus comhordú a dhéanamh ar imeachtaí feasachta agus oiliúna (EUR 500 000), chomh maith le costais a bhaineann leis an scéim um malartú oifigeach (EUR 100 000). Bheadh méadú ar ualach oibre an Choimisiúin i gceist leis an sásra maidir le réiteach fadhbanna, i dtéarmaí baill foirne a bheith ag plé leis na hachomhairc (3-4 FTE breise). Bheadh costais bhreise i gceist freisin leis an méadú ar an gcomhar riaracháin idir Ballstáit, agus meastar gur EUR 1 200 000 milliún in aghaidh na bliana a bheadh i gceist ansin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá ceangal déanta idir an tionscnamh agus an clár REFIT mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag mífheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Féachadh sa Mheastóireacht ar conas is féidir ualaigh rialála a laghdú. Cinneadh gurb é atá san fhíric nach maith mar atá an taitheantas frithpháirteach ag feidhmiú, de facto, ná ualach rialála lena spreagtar bacainní trádála. Dá bhrí sin, bheadh sé ina thoradh ar aon iarrachtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh go bhfágfaí cúrsaí ní b'éasca do ghnólachtaí, amhail rochtain ní b'éasca ar mhargaí nua. Le tabhairt isteach dearbhú deonach um aitheantas frithpháirteach, imreofar mórthionchar i ndáil le laghdú an ualaigh riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha. Ach cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar an margadh agus cumarsáid a dhéanamh le húdaráis náisiúnta, éascófar don rochtain ar an margadh agus dá bhrí sin laghdófar na costais ar oibreoirí eacnamaíocha. Ina theannta sin, cuirfear le muinín de bharr comhar agus cumarsáid níos fearr i measc údarás, agus dá bhrí sin laghdófar moilleanna agus measúnú á dhéanamh ar na hearraí atá ar an margadh.    

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Éilítear faoin togra acmhainní daonna agus acmhainní riaracháin, chomh maith le leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí, mar atá léirithe sa ráiteas airgeadais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Gach cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar fheidhmiú an Rialacháin agus ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ar bhonn, nuair is infheidhme, chritéir na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus bhreisluach AE, chomh maith lena dtionchar ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an margadh inmheánach le haghaidh earraí, bunaithe ar aiseolas arna bailiú ó pháirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear faisnéis ábhartha ó na Ballstáit. Déanfar breithniú ar tháscairí sonracha faoinar féidir measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin amhail líon na bhfógraí ó údaráis inniúla trí mheán an Chórais Tacaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, luas na nósanna imeachta arna núsáid nó líon na malartuithe faisnéise idir údaráis inniúla agus Pointí Teagmhála do Tháirgí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar amach in Airteagal 1 ábhar an Rialacháin, is é sin rialacha agus nósanna imeachta a bhunú chun áirithiú a dhéanamh ar an gceart chun saorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

Sainítear in Airteagal 2 raon feidhme an Rialacháin.

Leagtar na sainmhínithe ábhartha don Rialachán amach in Airteagal 3.

Déantar foráil in Airteagal 4 maidir le dearbhú um aitheantas frithpháirteach, atá le húsáid ar bhonn deonach ag oibreoirí eacnamaíocha chun éascú dá léiriú gur cuireadh táirge ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Leagtar amach ann na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag an dearbhú sin, agus soiléirítear gur féidir é a sholáthar ar líne.

Bunaítear in Airteagal 5 an nós imeachta atá le leanúint ag údaráis inniúla na mBallstát agus iad ag measúnú an féidir earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile a chur ar an margadh ar a gcríoch féin ar bhonn phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Cuimsítear in Airteagal 6 ceanglais lena dtugtar aghaidh ar fhionraí shealadach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i gcás ina bhfuil rioscaí tromchúiseacha i dtaobh sláinte agus sábháilteachta i gceist leis na hearraí sin nó ina bhfuil siad contrártha don mhoráltacht phoiblí nó do shlándáil an phobail.

Seachnaítear le hAirteagal 7 dúbailt a dhéanamh ar fhógra don Choimisiún, sa chás inar beart a thagann faoi RAPEX é an cinneadh riaracháin freisin.

Déantar foráil in Airteagal 8 maidir le sásra réitigh fadhbanna i ndáil le haitheantas frithpháirteach lena gcuirtear ar a gcumas d'oibreoirí eacnamaíocha cur i gcoinne cinneadh riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh trína tharchur ar dtús chuig an ngréasán SOLVIT. Beidh cinneadh riaracháin den sórt sin faoi réir measúnú ón gCoimisiún arna iarraidh sin ag an ionad SOLVIT ábhartha.

Bunaítear le hAirteagal 9 na cúraimí atá ar na Pointí Teagmhála do Tháirgí.

Leagtar amach in Airteagal 10 an creat um chomhar riaracháin i measc na núdarás inniúil.

Déantar foráil in Airteagal 11 maidir le huirlis TF a úsáidfear chun críocha cumarsáide agus malartú faisnéise i measc údaráis inniúla na mBallstát agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún.

Cuimsítear in Airteagal 12 maoiniú na ngníomhaíochtaí atá le cur i gcrích mar thaca leis an Rialachán seo.

Soiléirítear in Airteagal 13 an chaoi a ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint.

Iarrtar in Airteagal 14 ar an gCoimisiún tuarascáil thréimhsiúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh, lena náirítear feidhmiú an Rialacháin seo.

In Airteagal 15, bunaítear coiste agus na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún sa Rialachán seo.

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 a aisghairm in Airteagal 16.

Leagtar amach in Airteagal 17 teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déantar foráil san Iarscríbhinn maidir le teimpléad caighdeánaithe don Dearbhú um Aitheantas Frithpháirteach.

2017/0354 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 , Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina náirithítear saorghluaiseacht earraí i gcomhréir le forálacha na gConarthaí. Tá toirmeasc ar shrianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar gach beart comhéifeachta idir na Ballstáit. Cumhdaíonn an toirmeasc sin aon bheart náisiúnta a d'fhéadfadh bacainn a chur, go díreach nó go hindíreach, go hiarbhír nó go féideartha, ar thrádáil earraí laistigh den Aontas. Áirithítear saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach trí chomhchuibhiú rialacha ar leibhéal an Aontais lena leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le hearraí áirithe a chur ar an margadh nó, i gcás earraí nó gnéithe d'earraí nach gcumhdaítear faoi rialacha an Aontais um chomhchuibhiú, trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

(2)Is féidir constaicí ar shaorghluaiseacht earraí idir na Ballstáit a chruthú go neamhdhleathach más rud é, in éagmais rialacha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú lena gcumhdaítear earraí nó gné áirithe d'earraí, go gcuireann údarás inniúil Ballstáit rialacha náisiúnta i bhfeidhm i leith earraí den chineál sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, lena gceanglaítear nach mór na hearraí ceanglais theicniúla áirithe a chomhlíonadh, mar shampla ceanglais a bhaineann le hainmniú, foirm, méid, meáchan, comhdhéanamh, cur i láthair, lipéadú nó pacáistiú. D'fhéadfadh sé a bheith ina shárú ar Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le hearraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má tá feidhm ag na rialacha sin maidir le gach earra, gan idirdhealú.

(3)Eascraíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ó chásdlí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. De réir an phrionsabail sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar dhíol earraí ar a gcríoch ar earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú amháin sa chás ina ndearnadh na hearraí a tháirgeadh nó a mhonarú i gcomhréir le rialacha teicniúla difriúla. Ní prionsabal absalóideach atá i gceist, áfach. Féadfaidh Ballstáit cur i gcoinne margú earraí atá ar an margadh go dleathach in áit eile, más rud é go bhfuil údar cuí leis na srianta sin ar na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 den Chonradh, nó ar bhonn cúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, agus iad comhréireach i gceachtar den dá chás leis an aidhm atá á saothrú.

(4)Maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, coincheap atá ag teacht chun cinn i gcónaí atá ann, a d'fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais ina cásdlí maidir le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh. Leis an gcoincheap sin, cuimsítear, inter alia, éifeachtacht na maoirseachta fioscaí, cothroime nidirbheart tráchtála, cosaint na dtomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil, cothabháil éagsúlacht an phreasa agus an baol atá ann go ndéanfar lagú tromchúiseach ar chothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialta. D'fhéadfadh cúiseanna sáraitheacha den sórt sin, sa chás ina bhfuil difríochtaí dlisteanacha idir Ballstát amháin agus ceann eile, a bheith ina núdar cuí ag na húdaráis inniúla rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm. Ní mór údar cuí a thabhairt le cinntí den sórt sin, áfach, agus ní mór i gcónaí prionsabal na comhréireachta a urramú, agus féachaint ar an gceist arbh é an cinneadh is lú srian is féidir atá déanta ag an údarás inniúil. Ina theannta sin, i gcás cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú i leith earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, ní ceadmhach iad a bheith bunaithe ar an bhfíric go gcomhlíonann na hearraí faoi mheasúnú an cuspóir poiblí dlisteanach arna shaothrú ag an mBallstát ar bhealach seachas an bealach ina gcomhlíonann earraí baile sa Bhallstát sin an cuspóir sin agus ar an bhfíric sin amháin.

(5)Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 22 d'fhonn éascú do chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, trí nósanna imeachta a bhunú i dtreo gur lú an seans go gcruthófar constaicí neamhdhleathacha i leith saorghluaiseacht earraí a cuireadh ar an margadh go dleathach cheana i mBallstát eile. D'ainneoin gur glacadh an Rialachán sin, tá cuid mhór fadhbanna ann fós maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. Léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh idir 2014 agus 2016 nach bhfeidhmíonn an prionsabal mar is cheart agus gur teoranta an éifeacht a bhí ag Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 maidir lena chur i bhfeidhm a éascú. Theip ar na huirlisí agus na ráthaíochtaí nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 san aidhm a bhí leo cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a fheabhsú. Mar shampla, is ar éigean atá aon chur amach ag oibreoirí eacnamaíocha ar ghréasán na bPointí Teagmhála do Tháirgí a cuireadh i bhfeidhm chun faisnéis a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha maidir le rialacha náisiúnta is infheidhme agus maidir le cur i bhfeidhm an aitheantais fhrithpháirtigh, agus is ar éigean a bhaineann siad aon úsáid as. Laistigh den ghréasán, ní leor an comhar idir na húdaráis náisiúnta. Is annamh a chomhlíontar an ceanglas i dtaobh fógra a thabhairt faoi chinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh. Fágann sé sin go bhfuil constaicí ar shaorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach fós.

(6)I Nollaig 2013, sna Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair a ghlac an Chomhairle Iomaíochais, tugadh ar aird gurb amhlaidh, d'fhonn feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair, ba cheart na hionstraimí ábhartha uile a úsáid go hiomchuí, lena náirítear aitheantas frithpháirteach. Thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún tuairisc a thabhairt ar na cásanna ina bhfuil feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh fós neamhleor nó ina mbaineann fadhbanna leis. Sna Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair ón gComhairle Iomaíochais i mí Feabhra 2015, mhol sí go láidir don Choimisiún bearta a ghlacadh lena áirithiú go mbeadh feidhm éifeachtach ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus moltaí a thabhairt ar aghaidh chun na críche sin.

(7)Tá roinnt easnamh i Rialachán (CE) Uimh. 764/2008, agus dá bhrí sin ba cheart é a athbhreithniú agus a neartú. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 764/2008. Ba cheart nósanna imeachta soiléire a bhunú leis an Rialachán seo chun saorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile a áirithiú agus chun a áirithiú nach féidir an tsaorghluaiseacht a theorannú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha leasa phoiblí ag na Ballstáit chun é sin a dhéanamh agus ina bhfuil an srian comhréireach. Áirithítear leis go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta araon na cearta agus na hoibleagáidí atá ann a thagann as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

(8)Níor cheart an Rialachán seo dochar a dhéanamh do chomhchuibhiú breise a dhéanfaí ar choinníollacha i leith earraí a chur ar an margadh, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

(9)D'fhéadfadh bacainní trádála teacht freisin ó chineálacha eile beart a thagann faoi raon feidhme Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh. D'fhéadfaí, mar shampla, sonraíochtaí teicniúla a tharraingeofar suas maidir le nósanna imeachta um sholáthar poiblí nó ceanglais i dtaobh teangacha oifigiúla a úsáid sna Ballstáit a áireamh ar na bearta sin. Níor cheart, áfach, féachaint ar bhearta den sórt sin mar rialacha teicniúla náisiúnta de réir bhrí an Rialacháin seo agus níor cheart iad a bheith faoina raon feidhme.

(10)Uaireanta tugtar éifeacht do rialacha teicniúla náisiúnta i mBallstát le nós imeachta um réamhúdarú, nach mór formheas foirmiúil a fháil faoi ó údarás inniúil sular féidir na hearraí a chur ar an margadh ansin. Is srian iad na nósanna imeachta sin um réamhúdarú, iontu féin, ar shaorghluaiseacht earraí. Dá bhrí sin, d'fhonn údar cuí a bheith leis maidir le prionsabal bunúsach na saorghluaiseachta earraí laistigh den mhargadh inmheánach, ní mór cuspóir leasa phoiblí arna shainaithint i ndlí an Aontais a bheith á shaothrú le nós imeachta den sórt sin, agus ní mór é a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Déantar a mheas an gcomhlíonann nós imeachta den sórt sin dlí an Aontais i bhfianaise na gcoinníollacha a leagtar amach i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. Mar thoradh air sin, ba cheart cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú go heisiach ar na forais nach ann do réamhúdarú bailí i leith na nearraí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Nuair a dhéanfar iarratas ar réamhúdarú éigeantach i leith earraí, áfach, aon chinneadh riaracháin a bheartófar i dtaobh diúltú don iarratas ar bhonn riail theicniúil is infheidhme sa Bhallstát sin, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, ionas go mbeidh an tiarratasóir in ann leas a bhaint as an nós imeachta cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(11)Tá sé tábhachtach a shoiléiriú go bhfuil táirgí talmhaíochta ar na cineálacha earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áirítear sa téarma 'táirgí talmhaíochta' táirgí iascaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 38(1) den Chonradh.

(12)Tá sé tábhachtach a shoiléiriú go náirítear sa téarma 'táirgeoir' ní hamháin monaróir earraí, ach an duine a chuirfidh é féin i láthair mar tháirgeoir earraí, amhail táirgí talmhaíochta, nach bhfuarthas trí phróiseas monaraíochta, chomh maith.

(13)Cinntí ó chúirteanna nó ó bhinsí náisiúnta ina ndéantar measúnú ar dhlíthiúlacht cásanna inarb amhlaidh, de bharr chur i bhfeidhm riail theicniúil náisiúnta, go ndiúltaítear d'earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin rochtain ar mhargadh Ballstáit eile, agus cinntí ó chúirteanna nó ó bhinsí náisiúnta lena gcuirtear pionóis i bhfeidhm, ba cheart iad a eisiamh as raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)Chun tairbhe a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ní mór earraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart a shoiléiriú nach mór, chun go measfar gur earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, earraí na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin a chomhlíonadh, agus iad a bheith ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin.

(15)Tá éagsúlacht shuntasach ó Bhallstát go Ballstát idir an fhianaise a cheanglaítear chun a léiriú go bhfuil earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé sin ina chúis le hualaí , moilleanna agus costais bhreise d'oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil gá leo, agus fágann sé nach féidir le húdaráis náisiúnta an fhaisnéis a fháil is gá chun na hearraí a mheas go tráthúil. D'fhéadfadh sé sin bac a chur ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach é a fhágáil níos éasca ag oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go bhfuil a gcuid earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann tairbhe a bhaint as próiseas féindearbhaithe, faoinar cheart gach faisnéis is gá a sholáthar d'údaráis inniúla maidir leis na hearraí agus lena a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha is infheidhme sa Bhallstát eile sin. Ní chuireann úsáid an dearbhaithe cosc ar údaráis náisiúnta cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear srian leis an rochtain ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh an cinneadh sin comhréireach agus go nurramófar leis prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán seo.

(16)Ba cheart don táirgeoir, nó d'ionadaí an táirgeora, a bheith freagrach as an bhfaisnéis a chomhlánú sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach toisc gurb é an táirgeoir is mó atá ar an eolas faoi na hearraí. Féadfaidh an fhaisnéis go bhfuil na hearraí á gcur ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát ábhartha a bheith i seilbh allmhaireora nó dáileora, áfach, seachas i seilbh an táirgeora féin. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag oibreoir eacnamaíoch eile an fhaisnéis sin a chomhlánú in ionad an táirgeora.

(17)Ba cheart faisnéis chruinn iomlán ar na hearraí a bheith fós ar fáil sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach tráth ar bith sa todhchaí. Dá bhrí sin, ba cheart an dearbhú a choimeád cothrom le dáta, de réir mar is gá, chun athruithe a léiriú, mar shampla athruithe ar na rialacha teicniúla ábhartha.

(18)D'fhonn a áirithiú gur faisnéis chuimsitheach í an fhaisnéis arna soláthar i ndearbhú um aitheantas frithpháirteach, ba cheart struchtúr comhchuibhithe maidir le dearbhuithe den sórt sin a leagan síos lena úsáid ag oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo na dearbhuithe sin a dhéanamh.

(19)Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcomhlánófar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach go fírinneach cruinn. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as an bhfaisnéis atá sa dearbhú.

(20)D'fhonn cur le héifeachtúlacht agus iomaíochas gnólachtaí atá ag feidhmiú sa limistéar neamh-chomhchuibhithe, ba cheart an deis a bheith ann tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise nua ar mhaithe le héascú do sholáthar an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú uathu a chur ar fáil ar líne.

(21)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hearraí nach bhfuil ach roinnt gnéithe díobh cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Más rud é, de bhun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, go gceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha dearbhú comhréireachta de chuid AE a tharraingt suas chun comhlíonadh na reachtaíochta sin a léiriú, ba cheart an cead a bheith acu an fhaisnéis a sholáthraítear sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach faoin Rialachán seo a áireamh mar chuid den dearbhú comhréireachta de chuid AE sin.

(22)I gcás ina gcinnfidh táirgeoirí gan úsáid a bhaint as sásra an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach, ba cheart é a bheith faoin mBallstát an fhaisnéis a iarraidh a mheasann sé a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na hearraí, agus aird iomchuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta.

(23)Le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglaítear ar na Ballstáit aon dréachtrialachán teicniúil náisiúnta a bhaineann le haon táirge, lena náirítear táirgí talmhaíochta agus táirgí éisc, a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, mar aon le ráiteas ar na forais faoinar gá an rialachán sin a achtú. Is gá a áirithiú, áfach, go gcuirfear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm i gceart maidir le hearraí sonracha i gcásanna aonair, tar éis rialachán teicniúil náisiúnta den sórt sin a ghlacadh. Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i gcásanna aonair trína cheangal, mar shampla, ar na Ballstáit a léiriú cé na rialacha teicniúla náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe agus cén foras dlisteanach leasa phoiblí lena dtugtar údar cuí don chinneadh riaracháin. Ní chuirtear d'oibleagáid ar na Ballstáit leis an gceanglas sin, áfach, údar cuí a thabhairt leis an riail theicniúil náisiúnta féin, ach is amhlaidh nach mór dóibh údar cuí a thabhairt le cur i bhfeidhm na rialacha teicniúla náisiúnta sin i leith táirge atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

(24)Toisc gur cheart, i gcás cinntí lena ndiúltaítear nó lena sriantar rochtain ar an margadh d'earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, iad a bheith ina neisceacht ar an bprionsabal bunúsach maidir le saorghluaiseacht earraí, is iomchuí nós imeachta soiléir a bhunú atá ceaptha lena áirithiú go mbeidh na cinntí sin ag teacht leis na hoibleagáidí atá ann faoi láthair a thagann as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Áirithítear leis an nós imeachta sin go bhfuil na cinntí arna ndéanamh comhréireach agus go nurramaítear leo prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán seo.

(25)Agus údarás inniúil ag déanamh measúnú ar earraí sula ndéanfaidh sé cinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart dó rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh, níor cheart dó a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena gcuirfí ar fionraí rochtain ar an margadh, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le hidirghabháil mhear ionas nach ndéanfar dochar do shábháilteacht nó do shláinte na núsáideoirí nó ionas nach gcuirfear na hearraí ar fáil i gcás ina mbeidh toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí sin a chur ar fáil ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí, lena náirítear, mar shampla, cosc na coireachta.

(26)Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , bunaítear córas creidiúnaithe lena náirithítear go nglacfar go frithpháirteach le leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta. Dá bhrí sin, i gcás tuarascálacha tástála nó deimhnithe arna neisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe chuige sin, níor cheart d'údaráis inniúla na mBallstát iad a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin. Ina theannta sin, d'fhonn dúbailt na dtástálacha agus na nósanna imeachta a rinneadh cheana i mBallstát eile a sheachaint a mhéid is féidir, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha tástála agus deimhnithe arna neisiúint ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta eile i gcomhréir le dlí an Aontais a ghlacadh. Ba cheart é a bheith de cheangal ar na húdaráis inniúla aird chuí a thabhairt ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna dtíolacadh.

(27)Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , sonraítear nach féidir ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh agus leagtar síos oibleagáidí na dtáirgeoirí agus na ndáileoirí maidir le sábháilteacht na dtáirgí. Tá na húdaráis i dteideal, de bharr na Treorach sin, aon táirge contúirteach a thoirmeasc láithreach, nó táirge a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a thoirmeasc go sealadach ar feadh na tréimhse is gá le haghaidh na meastóireachtaí sábháilteachta, na seiceálacha agus na srianta éagsúla. Déantar cur síos inti freisin ar an nós imeachta maidir leis na húdaráis bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) go (f) de, i gcás táirgí lena ngabhann riosca, agus bunaítear léi freisin an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaobh na mbeart sin. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla a bheith in ann leanúint den Treoir sin a chur i bhfeidhm agus go háirithe na forálacha atá in Airteagal 8(1)(d) go (f) agus Airteagal 8(3) den Treoir sin.

(28)Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , bunaítear, inter alia, córas mear-rabhaidh chun riosca díreach nó indíreach do shláinte an duine, a thagann ó bhia nó ó bheathú, a fhógairt. Cuirtear d'oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún láithreach, faoin gcóras mear-rabhaidh, faoi aon bheart a ghlac siad a bhfuil d'aidhm leis srian a chur le bia nó beatha a chur ar an margadh, nó a bhfuil d'aidhm leis bia nó beatha a aistarraingt nó a aisghairm den margadh, d'fhonn sláinte an duine a chosaint, agus ar gá gníomhaíocht ghasta chun é a dhéanamh. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann leanúint den Rialachán sin a chur i bhfeidhm agus go háirithe na forálacha atá in Airteagal 50(3) agus Airteagal 54 den Rialachán sin.

(29)Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , bunaítear creat comhchuibhithe de chuid an Aontais chun rialuithe oifigiúla, agus gníomhaíochtaí oifigiúla seachas rialuithe oifigiúla, a eagrú feadh an tslabhra agraibhia ar fad, agus na rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus sa reachtaíocht ábhartha earnála á gcur san áireamh. Leagtar síos leis nós imeachta sonrach d'fhonn a áirithiú, i gcás neamhchomhlíonadh na ndlíthe um beatha agus bia nó na rialacha um shláinte ainmhithe agus um leas ainmhithe, go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha cúrsaí ina gceart. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann leanúint den Rialachán sin a chur i bhfeidhm agus go háirithe na forálacha atá in Airteagal 138 den Rialachán sin.

(30)Ba cheart a shonrú, le haon chinneadh riaracháin arna ghlacadh ag údaráis inniúla de chuid na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, na leigheasanna atá ar fáil ionas gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte náisiúnta inniúla nó os comhair an bhinse náisiúnta inniúil. Ba cheart tagairt a dhéanamh as chinneadh freisin don nós imeachta um réiteach fadhbanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(31)Is den riachtanas iad réitigh éifeachtacha d'oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo rogha eile atá báúil don ghnó a bheith acu agus iad ag cur i gcoinne cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh, lena áirithiú go gcuirfear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach. D'fhonn a ráthú go mbeidh réitigh den sórt sin ann, agus d'fhonn costais dlí a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna, ba cheart nós imeachta neamhbhreithiúnach maidir le réiteach fadhbanna a bheith ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha.

(32)Seirbhís is ea an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) a sholáthraíonn an riarachán náisiúnta i ngach Ballstát agus a bhfuil sé d'aidhm aige réitigh a fháil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí i gcás ina sárófar údaráis phoiblí a gcearta i mBallstát eile. Tá na prionsabail lena rialaítear feidhmiú SOLVIT leagtha amach i Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún 27 .

(33)Fuarthas gur sásra éifeachtach neamhbhreithiúnach maidir le fadhbanna a réiteach é an córas SOLVIT, a sholáthraítear saor in aisce é. Feidhmíonn sé faoi réir spriocdhátaí gairide agus soláthraíonn sé itigh phraiticiúla do shaoránaigh agus do ghnólachtaí nuair a bhíonn deacrachtaí acu i dtaobh a gcearta Aontais a bheith á naithint ag údaráis phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de cheanglas ar oibreoirí eacnamaíocha dul i muinín SOLVIT ar dtús, sular féidir an sásra maidir le réiteach fadhbanna faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás ina naontóidh an toibreoir eacnamaíoch, an tionad SOLVIT ábhartha agus na Ballstáit atá i gceist go léir ar an toradh iomchuí, níor cheart gá a bheith le haon ghníomh eile.

(34)I gcás ina dteipfidh ar chur chuige neamhfhoirmiúil SOLVIT, áfach, agus ina mbeidh amhras tromchúiseach ann fós maidir le comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún breathnú ar an gcás agus measúnú a sholáthar a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla arna iarraidh sin ag an ionad SOLVIT. Ba cheart idirghabháil an Choimisiúin a bheith faoi réir teorainn ama réasúnta, i gcomhréir leis an gCód Eorpach um Dhea-Chleachtas Riaracháin.

(35)Níor cheart i dtuairim an Choimisiúin maidir le cinneadh riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh ach an cheist a chumhdach maidir leis an gcinneadh riaracháin a bheith ag luí le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an cheist maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo. Tá an méid sin gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 den Chonradh agus don oibleagáid atá ar na Ballstáit forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh, más féidir aghaidh a thabhairt arís ar fhadhbanna sistéamacha arna sainaithint maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

(36)Is tábhachtach an rud é don mhargadh inmheánach in earraí gur féidir le gnólachtaí, agus go háirithe FBManna, faisnéis iontaofa shonrach a fháil faoin dlí atá i bhfeidhm i mBallstát ar leith. Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag Pointí Teagmhála do Tháirgí maidir le héascú don chumarsáid idir údaráis náisiúnta agus oibreoirí eacnamaíocha, trí fhaisnéis a scaipeadh faoi rialacha táirgí sonracha agus faoin gcaoi a gcuirtear aitheantas frithpháirteach i bhfeidhm ina gcríoch. Dá bhrí sin, is gá feabhas a chur ar ról na bPointí Teagmhála do Tháirgí mar phríomhsholáthraithe faisnéise maidir le gach ceann de na rialacha a bhaineann le táirgí, lena náirítear rialacha náisiúnta atá cumhdaithe faoi aitheantas frithpháirteach.

(37)D'fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart é a bheith de cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí faisnéis a sholáthar, saor in aisce, maidir lena gcuid rialacha náisiúnta teicniúla agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ba cheart trealamh agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag Pointí Teagmhála do Tháirgí. I gcomhréir le Rialachán [Tairseach Aonair Dhigiteach – COM (2017)256] ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar trí shuíomh gréasáin agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta a cheanglaítear leis an Rialachán sin, agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta atá leagtha amach sa Rialachán sin.

(38)Tá an comhar idir údaráis inniúla riachtanach i ndáil le feidhmiú réidh phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus i ndáil le cultúr aitheantais fhrithpháirtigh a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí agus ar údaráis inniúla náisiúnta comhoibriú le chéile agus faisnéis agus saineolais a mhalartú chun a áirithiú go ndéanfar an prionsabal agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach.

(39)Chun críocha fógairt cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh, cumarsáid a chumasú idir Pointí Teagmhála do Tháirgí agus comhar riaracháin a áirithiú, is gá rochtain a thabhairt do na Ballstáit ar chóras tacaíochta faisnéise agus cumarsáide.

(40)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 .

(41)Más gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , de réir an cháis.

(42)Ba cheart sásraí monatóireachta atá iontaofa agus éifeachtúil a bhunú chun faisnéis a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus maidir lena thionchar ar shaorghluaiseacht earraí. Níor cheart na sásraí sin a dhul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(43)D'fhonn feasacht a ardú faoi phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach, ba cheart don Aontas maoiniú a dhéanamh ar fheachtais um spreagadh feasachta agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara eile a bhfuil sé mar aidhm leo muinín agus comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha.

(44)D'fhonn leigheas a fháil ar an easpa sonraí cruinne a bhaineann le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus lena thionchar ar an margadh aonair le haghaidh earraí, ba cheart don Aontas maoiniú a dhéanamh ar bhailiú sonraí den sórt sin.

(45)Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena náirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionós airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(46)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht a bheith bunaithe ar na cúig chritéar maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart an bonn a sholáthar léi le haghaidh measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d'fhéadfadh a bheith i gceist amach anseo.

(47)Is iomchuí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar sa chaoi go mbeidh go leor ama ag údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú do na ceanglais atá leagtha síos ann.

(48)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo os coinne na gcuspóirí a atá á saothrú leis. Ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as na sonraí arna mbailiú ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus a thionchar ar an margadh aonair le haghaidh earraí, chomh maith le faisnéis atá ar fáil sa chóras tacaíochta faisnéise agus cumarsáide, chun an Rialachán seo a mheas. Ba cheart an cumas a bheith ag an gCoimisiún a bheith in ann faisnéis bhreise is gá don mheastóireacht a iarraidh ar na Ballstáit. De bhun phointe 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 31 , ba cheart an mheastóireacht, a bheidh bunaithe ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach, an bunús a sholáthar do mheasúnuithe tionchair ar na roghanna atá ann chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

(49)Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go bhfuil prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh á chur i bhfeidhm go réidh, go comhsheasmhach agus mar is ceart, á bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr a scála agus a néifeachta, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir leis na Ballstáit prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ph, i gcásanna aonair, i ndáil le hearraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus faoi réir Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh.

Déantar foráil sa Rialachán seo freisin maidir le Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú agus a chothabháil sna Ballstáit agus maidir le comhar agus malartú faisnéise i gcomhthéacs phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Airteagal 2
Raon feidhme 

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí d'aon chineál, lena náirítear táirgí talmhaíochta, agus maidir le cinntí riaracháin arna nglacadh ag údarás inniúil Ballstáit ("an Ballstát is ceann scríbe") i ndáil le haon earraí den sórt sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i gcás ina gcomhlíonfaidh an cinneadh na critéir seo a leanas:

(a)gur riail theicniúil náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát is ceann scríbe is bonn don chinneadh;

(b)gurb í éifeacht dhíreach nó indíreach an chinnidh an rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh sa Bhallstát is ceann scríbe.

2.Sa tagairt i mír 1 do "cinntí riaracháin tá aon bheart riaracháin a go bhfuil an éifeacht dlí chéanna aige agus atá ag cinneadh cinneadh, nó ag a bhfuil éifeacht dlí atá beagnach mar an gcéanna ;e cinneadh .

3.Chun críocha an Rialacháin seo, is "riail theicniúil náisiúnta" í aon fhoráil i ndlí, rialachán nó aon fhoráil riaracháin eile de chuid Ballstáit, a mbaineann na gnéithe seo léi:

(a)cumhdaítear san fhoráil réimse nó gné nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais;

(b)leis an bhforáil, cuirtear toirmeasc ar earraí, nó cineál earraí, a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin nó fágann sí gur éigeantach, de factode jure, é comhlíonadh na forála, aon uair a bheidh earraí, nó earraí de chineál ar leith, á gcur ar fáil ar an margadh sin;

(c)déantar ar a laghad ceann amháin díobh seo a leanas leis an bhforáil:

(i)leagtar síos léi na saintréithe nach mór a bheith ag na hearraí sin nó ag an gcineál sin earraí, amhail a leibhéil cháilíochta, feidhmíochta nó sábháilteachta, nó toisí, lena náirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearraí nó leis an gcineál earraí i dtaca leis an ainm faoina ndíoltar iad, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistiú, marcáil nó lipéadú, agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta;

(ii)forchuirtear léi ar na hearraí sin, nó ar earraí den chineál sin, ceanglais eile a fhorchuirtear chun críocha tomhaltóirí nó an comhshaol a chosaint agus a dhéanann difear do shaolré na nearraí tar éis dóibh a bheith curtha ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsála, athúsáide nó diúscartha, i gcás ina bhféadfadh na coinníollacha sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó nádúr na nearraí, nó ar chineál na nearraí, nó ar a gcur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin.

4.Cumhdaítear i mír 3(c)(i) freisin modhanna agus próisis táirgeachta a úsáidtear i leith táirgí talmhaíochta, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 38(1) den Chonradh nó táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe, chomh maith le modhanna agus próisis táirgeachta a bhaineann le táirgí eile, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar a saintréithe.

5.Ní hionann ann féin ceanglas maidir le réamhúdarú agus riail theicniúil náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo, ach féadfaidh cinneadh i dtaobh réamhúdarú a dhiúltú ar bhonn riail theicniúil náisiúnta a bheith ina chinneadh a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis má chomhlíontar leis ceanglais eile mhír 1.

6.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag cúirteanna náisiúnta nó binsí náisiúnta;

(b)cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí le linn fiosrú nó ionchúiseamh a bheith á dhéanamh ar chion coiriúil maidir le téarmaíocht, siombailí nó tagairt ábhartha d"eagraíochtaí míbhunreachtúla nó eagraíochtaí coiriúla nó ar chionta de chineál ciníoch, idirdhealaitheach nó seineafóibeach.

7.Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 6 difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas:

(a)Airteagal 8(1)(d) go (f) nó Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE;

(b)Airteagal 50(3)(a) agus Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)Airteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn "atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile" go gcomhlíonann na hearraí nó an cineál earraí na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin, agus go bhfuil siad ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin;

(2)ciallaíonn "cur ar fáil ar an margadh baile i mBallstát" soláthar na nearraí d'aon chineál lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena núsáid ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit sin le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(3)ciallaíonn "rochtain ar an margadh a shrianadh" coinníollacha a fhorchur a bheidh le comhlíonadh sula bhféadfar na hearraí a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát ábhartha, nó coinníollacha maidir leis na hearraí a choimeád ar an margadh sin, lena gceanglaítear, i gceachtar den dá chás, athrú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de shaintréithe na nearraí sin, mar a thuairiscítear in Airteagal 2(3)(c)(i), nó tástáil bhreise a dhéanamh;

(4)ciallaíonn "rochtain ar an margadh a dhiúltú" aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)toirmeasc a chur ar na hearraí a bheith ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát ábhartha nó iad a choinneáil ar an margadh sin;

(b)a cheangal go ndéanfaí na hearraí a aistarraingt nó a aisghairm ón margadh sin;

(5)ciallaíonn "réamhúdarú" nós imeachta riaracháin faoi dhlí Ballstáit faoina gceanglaítear ar údarás inniúil an Bhallstáit sin, ar bhonn iarratais ó oibreoir eacnamaíoch, a fhormheas foirmiúil a thabhairt sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin;

(6)ciallaíonn "táirgeoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn na hearraí nó a chuireann faoi deara go ndéanann na hearraí a dhearadh nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuirfidh é féin i láthair mar tháirgeoir na nearraí trína ainm, a thrádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a chur orthu;

(7)ciallaíonn "ionadaí údaraithe" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón táirgeoir chun gníomhú thar ceann an táirgeora maidir leis na hearraí a chur ar fáil ar an margadh baile atá i gceist;

(8)ciallaíonn "allmhaireoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann na hearraí ó thríú tír ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(9)ciallaíonn "dáileoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair atá bunaithe san Aontas, seachas an monaróir nó an tallmhaireoir, a chuireann na hearraí ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát ábhartha;

(10)ciallaíonn "oibreoir eacnamaíoch" aon duine díobh seo a leanas i ndáil leis na hearraí: an táirgeoir, an tionadaí údaraithe, an tallmhaireoir nó an dáileoir;

(11)ciallaíonn "úsáideoir deiridh" aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a chónaíonn san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh na hearraí ar fáil dó nó a bhfuil siad á gcur ar fáil dó mar thomhaltóir, lasmuigh d'aon trádáil, aon ghnó, aon cheardaíocht nó aon ghairm, nó mar úsáideoir deiridh gairmiúil i gcúrsa a ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla;

(12)ciallaíonn "foras dlisteanach leasa phoiblí" aon cheann de na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 den Chonradh nó aon sárchúiseanna eile leasa phoiblí.

Caibidil II
Nósanna imeachta
maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair

Airteagal 4
Dearbhú um aitheantas frithpháirteach

1.Féadfaidh táirgeoir earraí, nó earraí de chineál ar leith, atá ar fáil nó a chuirfear ar fáil ar an margadh baile i mBallstát ("an Ballstát is ceann scríbe") dearbhú a tharraingt suas ("dearbhú um aitheantas frithpháirteach") d'fhonn a léiriú d'údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe go bhfuil na hearraí, nó earraí den chineál sin, ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

De rogha air sin, féadfaidh an táirgeoir sainordú a thabhairt dá ionadaí údaraithe an dearbhú a tharraingt suas thar a cheann.

Laistigh den dearbhú um aitheantas frithpháirteach, áfach, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis shonrach a thabhairt a bhaineann le hearraí nó cineál earraí a chur ar an margadh.

2.Cloífidh an dearbhú um aitheantas frithpháirteach leis an struchtúr atá sonraithe san Iarscríbhinn ann agus cuimseofar ann an fhaisnéis atá sonraithe ansin.

Déanfar an dearbhú a chomhlánú i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus, i gcás nach í an teanga sin an teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha é a aistriú chuig an teanga nó na teangacha a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe.

3.Beidh oibreoirí eacnamaíocha freagrach as ábhar agus cruinneas na faisnéise a sholáthróidh siad féin sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach.

4.Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go gcoimeádfar an dearbhú cothrom le dáta i gcónaí chun aon athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh siad sa dearbhú a léiriú.

5.Féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe chun críocha an mheasúnaithe atá le déanamh faoi Airteagal 5. Féadfar é a sholáthar i bhfoirm páipéir nó trí mheán leictreonach.

6.Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)go bhfuil an cineál earraí nó an tsraith earraí a bhfuil feidhm ag an dearbhú ina leith le feiceáil go héasca ar an suíomh gréasáin;

(b)go ndéanfar monatóireacht ar an suíomh gréasáin lena áirithiú go mbeidh fáil ar an dearbhú agus rochtain air;

(c)go bhfuil treoracha ar fáil maidir le conas nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin agus rochtain a fháil ar an dearbhú.

7.Má sholáthraítear dearbhú um aitheantas frithpháirteach d'údarás inniúil de chuid an Bhallstáit is ceann scríbe i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo, ansin, chun críocha aon mheasúnaithe ar na hearraí faoi Airteagal 5:

(a)glacfaidh an túdarás inniúil gur leor an dearbhú, in éineacht le haon fhianaise atá ag teastáil go réasúnach ón údarás inniúil chun an fhaisnéis atá ann a fhíorú, d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile; agus

(b)ní éileoidh an túdarás inniúil aon fhaisnéis ná aon doiciméid eile ó aon oibreoir eacnamaíoch d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

8.Mura soláthrófar dearbhú um aitheantas frithpháirteach d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo, féadfaidh an túdarás inniúil a iarraidh ar aon cheann de na hoibreoirí eacnamaíocha na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'fhonn a léiriú, chun críocha an mheasúnaithe faoi Airteagal 5, go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile:

(a)aon fhaisnéis ábhartha maidir le saintréithe na nearraí nó saintréithe an chineáil earraí atá i gceist;

(b)aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na hearraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile;

(c)aon fhaisnéis eile a mheasann an túdarás inniúil a bheadh úsáideach chun críocha a mheasúnaithe.

9.I gcás ina bhfuil na hearraí a bhfuil an dearbhú um aitheantais frithpháirteach á soláthar ina leith faoi réir gníomh Aontais chomh maith lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a áireamh mar chuid den dearbhú comhréireachta AE sin.

Airteagal 5
Measúnú earraí 

1.I gcás ina bhfuil amhras ar údarás inniúil Ballstáit maidir le hearraí a mhaíonn oibreoir eacnamaíoch atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, déanfaidh an túdarás inniúil teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé measúnú ar na hearraí.

2.Agus measúnuithe á ndéanamh faoi mhír 1, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát aird chuí ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna neisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta agus arna soláthar ag aon oibreoir eacnamaíoch mar chuid den mheasúnú. Ní dhiúltóidh údaráis inniúla de chuid na mBallstát deimhnithe ná tuarascálacha tástála a eiseoidh comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe i leith réimse iomchuí na gníomhaíochta measúnaithe comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin.

3.Más rud é, tar éis measúnú faoi mhír 1 a chríochnú, gur ghlac údarás inniúil Ballstáit cinneadh riaracháin i leith na nearraí, cuirfidh sé a chinneadh in iúl laistigh de 20 lá oibre don oibreoir eacnamaíoch ábhartha dá dtagraítear i mír 1, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11.

4.Leagfar amach sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna leis an gcinneadh ar bhealach atá mionsonraithe agus réasúnaithe go leor chun go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnacht le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo.

5. Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:

(a)an riail theicniúil náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh bunaithe;

(b)an foras dlisteanach leasa phoiblí lena dtugtar údar cuí leis an gcinneadh;

(c)an fhianaise theicniúil nó eolaíoch a breithníodh, lena náirítear aon fhorbairtí teicniúla nó eolaíocha a tharla ó glacadh an riail theicniúil náisiúnta;

(d)achoimre ar na hargóintí a léirigh an toibreoir eacnamaíoch ábhartha;

(e)an fhianaise lena léirítear gurb iomchuí an cinneadh chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú, agus nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

6.Sonrófar sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 na leigheasanna atá ar fáil faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis na leigheasanna sin, agus áireofar ann freisin tagairt don nós imeachta faoi Airteagal 8.

7.Ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 3 sula dtabharfar fógra ina leith don oibreoir eacnamaíoch ábhartha faoin mír sin.

Airteagal 6
Fionraí shealadach ar rochtain ar an margadh

1.Agus údarás inniúil Ballstáit ag déanamh measúnú ar earraí de bhun Airteagal 5, ní chuirfidh sé ar fionraí go sealadach cur ar fáil na nearraí sin ar an margadh baile sa Bhallstát sin, ach amháin i gceachtar den dá chás seo a leanas:

(a)faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó coinníollacha úsáide atá measartha intuartha, baineann riosca tromchúiseach leis na hearraí, lena náirítear riosca tromchúiseach nach mbeidh éifeachtaí láithreacha aige, ar gá don údarás inniúil idirghabháil mhear a dhéanamh dá dheascsa;

(b)go bhfuil toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí, nó le hearraí den chineál sin, a chur ar fáil ar an margadh baile sa Bhallstát sin ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí.

2.Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra láithreach don oibreoir eacnamaíoch ábhartha, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon fhionraí de bhun mhír 1. Tabharfar an fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcásanna a thagann faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh bunús teicniúil nó eolaíoch ag gabháil leis an bhfógra lena léireofar cén fáth a meastar go dtagann an cás faoin bpointe sin.

Airteagal 7
Fógra a thabhairt faoin Mearchóras Malartaithe Faisnéise (RAPEX)

1.Más beart an cinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5 nó an fhionraí shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6, a cheanglaítear a fhógairt trí RAPEX amhail dá dtagraítear i dTreoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, ní cheanglaítear fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)léirítear san fhógra RAPEX go náirítear fógra mar gheall ar an mbeart mar fhógra faoin Rialachán seo;

(b)tá an fhianaise thacaíochta is ga le haghaidh an chinnidh riaracháin faoi Airteagal 5 nóle haghaidh fionraí shealadach faoi Airteagal 6 faoi iamh leis an bhfógra RAPEX.

Airteagal 8
Nós imeachta maidir le réiteach fadhbanna

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo más rud é, i gcás oibreoir eacnamaíoch a ndearna cinneadh riaracháin difear dó, gur chuir sé an cinneadh faoi bhráid an Ghréasáin um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) agus, le linn an nós imeachta SOLVIT, go niarrann an Lárionad Baile ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt chun cabhrú leis an gcás a réiteach.

2.Laistigh de thrí mhí tar éis don Choimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, rachaidh sé i mbun cumarsáid leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus leis na húdaráis inniúla a rinne an cinneadh riaracháin chun comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus leis an Rialachán seo a mheas.

3.Tar éis dó a mheasúnú a chríochnú, féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ina sainaithneofar ábhair ar cheart, ina thuairim, dul i ngleic leo sa chás SOLVIT agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfar moltaí chun cabhrú leis an gcás a réiteach.

4.Breithneofar tuairim an Choimisiúin le linn an nós imeachta SOLVIT dá dtagraítear i mír 1.

Caibidil III
Comhar riaracháin, monatóireacht agus cumarsáid

Airteagal 9
Na Cúraimí atá ar na Pointí Teagmhála do Tháirgí

1.Ainmneoidh agus coimeádfaidh na Ballstáit Pointí Teagmhála do Tháirgí ar a gcríoch agus áiritheoidh siad go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha ag a bPointí Teagmhála do Tháirgí agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh mar is ceart. Áiritheoidh siad go soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí a gcuid seirbhísí i gcomhréir le Rialachán (Tairseach Aonair Dhigiteach – COM(2017) 256).

2.Soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí an fhaisnéis seo a leanas ar líne:

(a)faisnéis maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcríoch an Bhallstáit sin, lena náirítear faisnéis faoin nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 5;

(b)sonraí teagmhála na núdarás inniúil laistigh den Bhallstát sin, trínar féidir dul i dteagmháil leo go díreach, lena náirítear sonraí na núdarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha teicniúla náisiúnta is infheidhme i gcríoch an Bhallstáit sin;

(c)na leigheasanna agus na nósanna imeachta atá ar fáil i gcríoch an Bhallstáit sin i gcás ina mbeidh díospóid ann idir an túdarás inniúil agus oibreoir eacnamaíoch, lena náirítear an nós imeachta a bhfuil tuairisc air in Airteagal 8.

3.Más gá, chun an fhaisnéis a chomhlánú a sholáthraítear ar líne faoi mhír 2, soláthróidh Pointí Teagmhála do Tháirgí, ar iarraidht oibreora eacnamaíoch nó údaráis inniúil Ballstáit eile, aon fhaisnéis úsáideach, amhail cóip leictreonach de na rialacha teicniúla náisiúnta is infheidhme maidir le hearraí sonracha nó maidir le cineál sonrach earraí sa chríoch ina bhfuil an Pointe Teagmhála do Tháirgí bunaithe nó nasc leictreonach leis na rialacha sin, agus faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin faoi réir ceanglas maidir le réamhúdarú faoin dlí náisiúnta.

4.Tabharfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí freagra laistigh de 15 lá oibre tar éis aon iarraidh faoi mhír 3 a fháil.

5.Ní ghearrfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí aon táille ar an bhfaisnéis faoi mhír 3 a sholáthar.

Airteagal 10
Comhar riaracháin

1.Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le comhar éifeachtach agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla agus na Pointí Teagmhála do Tháirgí de chuid na mBallstát éagsúil agus déanfaidh sé iad a áirithiú.

2.Maidir le Pointí Teagmhála do Tháirgí sa Bhallstát ina bhfuil sé á mhaíomh ag oibreoir eacnamaíoch go bhfuil a chuid earraí ar an margadh go dleathach, soláthróidh siad d'údaráis inniúla Ballstát eile, ar iarraidh agus laistigh de 15 lá oibre, aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hearraí sin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid údarás inniúil agus a bPointí Teagmhála do Tháirgí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 11
Córas tacaíochta faisnéise agus cumarsáide

1.Chun críocha Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 10, bainfear leas as córas tacaíochta faisnéise agus cumarsáide an Aontais atá leagtha amach i [Rialachán maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú], ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 7.

2.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar sonraí an chórais dá dtagraítear i mír 1 agus a fheidhmeanna chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Caibidil IV
Maoiniú

Airteagal 12
Maoiniú gníomhaíochtaí mar thaca leis an Rialachán seo

1.Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú mar thaca leis an Rialachán seo:

(a)feachtais chun feasacht a spreagadh:

(b)oideachas agus oiliúint;

(c)malartú oifigeach;

(d)feidhmiú an chomhair idir Pointí Teagmhála do Tháirgí agus an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta don chomhar sin;

(e)bailiú sonraí a bhaineann le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus lena thionchar ar an margadh aonair le haghaidh earraí.

2.Cuirfear chun feidhme cúnamh airgeadais an Aontais maidir le gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , go díreach nó trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na heintitis atá liostaithe in Airteagal 58(1)(c) den Rialachán sin.

3.Déanfaidh an túdarás buiséadach na leithreasuithe arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a shocrú gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais atá i bhfeidhm.

Airteagal 13
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin Rialachán seo.

3.Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 34 ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

4.Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Caibidil V
Athbhreithniú agus nós imeachta coiste

Airteagal 14
Meastóireacht

1.Faoi (...), agus gach cúig bliana tar a éis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil air sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.Chun críocha mhír 1, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá ar fáil sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na sonraí arna mbailiú dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(e). Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha a chur isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar shaorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo, chomh maith le measúnú ar fheidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí.

Airteagal 15
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Caibidil VI
Forálacha deiridh

Airteagal 16
Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008.

Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.    

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach d'earraí

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 35  

Teideal 02: An margadh inmheánach, tionsclaíocht, fiontraíocht agus FBManna

Gníomhaíocht 02 03: Margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí

Gníomhaíocht 02 03 01: Oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus seirbhísí

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 36  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

I Nollag 2013, sna Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair, a ghlac an Chomhairle Iomaíochais, tugadh ar aird gurb amhlaidh, d'fhonn feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair, ba cheart na hionstraimí ábhartha uile a úsáid go hiomchuí, lena náirítear comhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach. Sna Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair ón gComhairle Iomaíochais i mí Feabhra 2015, d'áitigh sí ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeadh feidhm éifeachtach ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus moltaí a thabhairt ar aghaidh chun na críche sin, de réir mar b'iomchuí. Mar fhreagra air sin, ghlac an Chomhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 Straitéis an Mhargaidh Aonair, An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí; tá an straitéis ar cheann de na príomhchuspóirí faoi Chlár Oibre an Choimisiúin 2017. Éilítear inti aitheantas frithpháirteach níos mó agus níos fearr, a bhainfear amach trí phlean gníomhaíochta ar fud AE maidir le feasacht a spreagadh agus trí fhéachaint arís ar an gcreat dlíthiúil reatha chun dearbhú comhlíontachta deonach a thabhairt isteach d'fhonn shaorghluaiseacht earraí sa réimse seo a éascú.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Ar bhonn níos sonraí, tá sé i gceist leis an togra feabhas a chur ar shaorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach cheana i mBallstát eile, mar seo a leanas:

-    dearbhú deonach comhlíonta a thabhairt isteach chun struchtúr a thabhairt don phlé idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta maidir lena bhfuil sé dlíthiúil an táirge a chur ar an margadh, agus an plé sin a chuíchóiriú;

-    nós imeachta coimirce a bhunú chun modhanna éifeachtach a chur ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo cur i gcoinne cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh;

-    na Pointí Teagmhála do Tháirgí a neartú trí fheabhas a chur ar an ról atá acu mar phríomhsholáthraithe faisnéise maidir le rialacha náisiúnta a chumhdaítear le haitheantas frithpháirteach. Feabhsófar leis sin freisin an comhar riaracháin idir Pointí Teagmhála le haghaidh malartú faisnéise éifeachtach thar theorainneacha;

-    úsáid a bhaint as uirlis TF chun críocha na cumarsáide i measc na núdarás agus i gcomhair fógairt cinntí riaracháin lena ndiúltaítear rochtain ar an margadh;

-    -an bonn a sholáthar do phlean gníomhaíochta ar fud AE chun feasacht a spreagadh ar aitheantas frithpháirteach.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Gníomhaíocht 02 03: Margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí

Gníomhaíocht 02 03 01: Oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus seirbhísí

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é an cuspóir foriomlán atá leis an togra margadh aonair níos córa agus níos doimhne le haghaidh earraí a bhaint amach trí aitheantas frithpháirteach méadaithe, feabhsaithe.

Is é an cuspóir sonrach a bheidh i gceist feabhas a chur ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh mar seo a leanas:

   Feasacht a mhéadú maidir le haitheantas frithpháirteach.

   Cur leis an deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus d'údaráis náisiúnta i dtaobh cén uair is féidir leas a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

   Cur leis an deimhneacht dhlíthiúil maidir le cur i bhfeidhm an aitheantais fhrithpháirtigh; ba cheart do ghnólachtaí agus údaráis náisiúnta araon a bheith ar an eolas faoin méid is féidir leo a bheith súil leis le réasún nuair atá aitheantas frithpháirteach á chur i bhfeidhm, nó nuair is ceart dó a bheith á chur i bhfeidhm. Leis sin, laghdófar an riosca do ghnólachtaí nach bhfaighfear rochtain ar an margadh dá dtáirgí, nó nach mór iad a aistarraingt ón margadh gan údar cuí.

   Cumarsáid, comhar agus muinín a fheabhsú i measc údaráis náisiúnta, ionas gur féidir leo gníomhú mar uirlis éascaithe chun feidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh a áirithiú.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Beartaítear an tacar táscairí seo a leanas:

   Líon na nimeachtaí arna neagrú (feachtais feasachta agus babhtaí oiliúna), agus líon na ndaoine a ghlacfaidh páirt sna himeachtaí nó a gcuirfear oiliúint orthu, mar aon lena leibhéal sástachta

   Líon na noifigeach a ghlacfaidh páirt sa scéim um malartú oifigeach

   Líon na bhfógraí faoi dhréachtrialacha náisiúnta ina bhfuil clásal um aitheantas frithpháirteach

   Leibhéal sástachta na noibreoirí eacnamaíocha a bhainfidh úsáid as an Dearbhú deonach um Aitheantas Frithpháirteach, agus an tionchur uathu i dtaobh laghdú costais

   Líon na bhfógraí faoi chinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh

   Líon na gcásanna a chuirfidh gnólachtaí faoi bhráid SOLVIT agus an ráta réitigh

   Líon na nachomharc chuig an gCoimisiún agus líon na gcinntí ceangailteacha a ghlacfaidh an Coimisiún

   Líon na ngearán a gheofar faoi mhífheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh

   Líon na niarrataí a gheobhaidh Pointí Teagmhála do Tháirgí, spriocdhátaí i ndáil le freagairt agus leibhéal sástachta na noibreoirí eacnamaíocha

   Líon na gcruinnithe comhair riaracháin a eagrófar agus líon na rannpháirtithe

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá sé i gceist leis an togra ualaí riaracháin a laghdú mar seo a leanas:

-    eolas a fheabhsú maidir le cén uair agus cén chaoi a bhféadfar prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a úsáid;

-    rochtain níos éasca a bheith ar fhaisnéis ar aitheantas frithpháirteach;

-    éascú dá léiriú gur cuireadh táirge ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus dá bhrí sin go bhfuil sé faoi réir phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm;

-    rochtain ar bhealaí atá saor in aisce agus éifeachtach chun cur i gcoinne cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

Níl feidhm ag aitheantas frithpháirteach ach amháin i gcásanna trasteorann inar mian le hoibreoir eacnamaíoch táirge atá ar an margadh go dleachtach cheana féin i mBallstát a thrádáil i mBallstáit eile. Ní leor beart ó na Ballstáit ina naonar chun réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhaineann le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar fud an mhargaidh aonair. D'fhonn a bheith éifeachtach, ní mór cur i bhfeidhm an phrionsabail a bheith bunaithe ar nósanna imeachta comhchuibhithe atá le cur i bhfeidhm ar an mbonn céanna ag gach údarás náisiúnta. Ní féidir ach le nósanna imeachta comhchuibhithe den sórt sin a rathú go gcuirfidh údaráis náisiúnta an prionsabal i bhfeidhm sa tslí chéanna, agus ar an dóigh sin go mbeidh ar chumas cuideachtaí tairbhe a bhaint as caitheamh cothrom, beag beann ar an tír ina bhfuil siad ag déanamh iarracht a dtáirge a chur ar an margadh. Dá bhfágfaí faoi gach Ballstát na gnéithe nós imeachta de chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, lagófaí an prionsabal tríd an modus operandi a dhíchur ina 28 nós imeachta dhifriúla, a d'fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Bhí cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a thagann as dlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais, faoi réir roinnt teachtaireachtaí léirmhínithe agus faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 764/2008. Cuireadh i bhfeidhm leis an Rialachán roinnt ráthaíochtaí nós imeachta a bhí beartaithe chun éascú do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. In ainneoin sin, tá fadhb ag baint le cur i bhfeidhm an phrionsabail fós; níl formhór na noibreoirí eacnamaíocha ar an eolas faoin bprionsabal nó ní théann siad ina mhuinín. Bíonn údaráis náisiúnta aireach freisin maidir le rochtain ar an margadh a dheonú do tháirgí atá ar an margadh go dleathach cheana i mBallstát eile agus atá faoi réir aitheantas frithpháirteach. Chomh maith leis sin, d'fhág an easpa sonraí iontaofa go raibh sé an-deacair meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair a bhí ag an bprionsabal ar an margadh inmheánach.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Déantar comhlánú leis an togra seo ar roinnt tionscnamh i réimse na saorghluaiseachta earraí, amhail Treoir (AE) 2015/1535 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, Treoir 2001/95/CE maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le táirgí foirgníochta, an gréasán SOLVIT agus reachtaíocht AE um chomhchuibhiú, agus tá sé ag luí leo.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2018 go 2020,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 37  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

√ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Gach cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar fheidhmiú an Rialacháin agus ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, chomh maith lena dtionchar ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an margadh inmheánach le haghaidh earraí, bunaithe ar aiseolas a bhaileofar ó pháirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear faisnéis ábhartha ó na Ballstáit.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Tá rioscaí teicniúla áirithe i gceist le tabhairt isteach uirlis TF chun éascú do chur in iúl agus fógairt cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a dhiúltú nó a shrianadh. Is é an Coimisiún úinéir na huirlise TF atá le húsáid chun críocha an togra, áfach, agus tá sé freagrach as a oibriú ó lá go lá, as a chothabháil agus as a fhorbairt. Tá an córas á fhorbairt agus á óstáil ag soláthraí inmheánach, rud a áirithíonn ardleibhéal leanúnachais gnó.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a aithníodh in 2.2.1, áiritheoidh an Coimisiún go dtionólfar cruinnithe rialta leis na Ballstáit, agus soláthróidh sé oiliúint agus treoir ionas gur féidir an togra a chur chun feidhme go réidh agus go héasca.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Tabharfar aghaidh ar na rioscaí a aithníodh faoi 2.2.1 trí chúnamh agus faisnéis a sholáthar do na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Maidir leis na forálacha is infheidhme de ghnáth maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, lena náirítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), beidh feidhm gan srian acu maidir leis an tairseach aonair dhigiteach chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

0203

Margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí

LD/LN 38

ó thíortha de chuid CSTE 39

ó thíortha is iarrthóirí 40

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

020301

Oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus seirbhísí 

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Cumhdófar na bearta seo leis na leithdháiltí a bhfuil foráil déanta maidir leo cheana i gclárú airgeadais oifigiúil an Choimisiúin, níl acmhainní breise de dhíth.

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

02 03

Margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

IOMLÁN

2018-2020

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

02 03 01

Gealltanais

(1)

0,700

0,300

1,000

Íocaíochtaí

(2)

0,350

0,500

0,150

1,000

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 41  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuitheIOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht GROW

Gealltanais

=1+1a +3

0,700

0,300

1,000

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0,350

0,500

0,150

1,000






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0,700

0,300

1,000

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,350

0,500

0,150

1,000

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2018

Bliain2019

Bliain2020

Bliain

Blianta ina dhiaidh sin

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

2019-2020

Ard-Stiúrthóireacht: GROW

Acmhainní daonna

0,690

0,690

1,380

• Caiteachas riaracháin eile

0,135

0,195

0,330

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht GROW

0,825

0,885

1,710

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,825

0,885

1,710

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

BliainN+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0,700

1,125

0,885

2,710

Íocaíochtaí

0,350

1,325

1,035

2,710

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Blianta ina dhiaidh sin

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

(2018-2020)

ASCHUIR

Saghas 42

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 43

An comhar riaracháin a fheabhsú idir Pointí Teagmhála

- Aschur

Malartú

oifigeach 44

 

5

0,200

10

0

15

0

15

150

0,200

- Aschur

Ábhar amharc-aithne le haghaidh Pointí Teagmhála do Tháirgí

1

0,100

0

0

0,100

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

6

0,300

10

0

15

15

150

46

0,300

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Feasacht a spreagadh maidir le haitheantas frithpháirteach

- Aschur

Oiliúint

20

0,400

40

0,300

40

0

100

0,700

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

20

0,400

40

0,300

40

0

100

0,700

COSTAS IOMLÁN

26

0,700

50

0,300

45

0

146

1,000

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2019

Bliain2020

Bliain

Blianta ina dhiaidh sin

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

(2019-2020)

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0203

0203

Acmhainní daonna

0,690

0,690

0,138

Caiteachas riaracháin eile

0,135

0,195

0,330

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,825

0,885

1,710

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 45 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile de chineál riaracháin

Fo-iomlánLasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,825

0,885

1,710

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain2019

Bliain2020

Bliain

Blianta ina dhiaidh sin

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

5

5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE) 46

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  47

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

5

5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

-Beartas AE maidir le haitheantas frithpháirteach d'earraí a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air

-An Rialachán nua maidir le haitheantas frithpháirteach d'earraí a chur chun feidhme

-An Plean Gníomhaíochta maidir le hAitheantas Frithpháirteach d'Earraí a chur chun feidhme mar atá leagtha amach sa Straitéis don Mhargadh Aonair [COM(2015)550]

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

D'fhonn na leithdháiltí breise a chumhdach, beidh gá le hath-imscaradh páirteach ar a laghad agus cuirfear chun feidhme é le linn an nós imeachta buiséid bhliantúil.

Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 48

BliainN

BliainN+1

BliainN+2

BliainN+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

IARSCRÍBHINN

Ainm an togra/tionscnaimh:

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le hearraí

(1)LÍON agus COSTAS na nACMHAINNÍ DAONNA A MHEASTAR A BHEITH RIACHTANACH

(2)COSTAS AN CHAITEACHAIS RIARACHÁIN EILE

(3)MODHANNA RÍOFA A ÚSÁIDEADH CHUN COSTAIS A MHEAS

(a)Acmhainní daonna

(b)Caiteachas riaracháin eile

Ní mór an iarscríbhinn seo a bheith ag gabháil leis an ráiteas airgeadais reachtach nuair atá an comhairliúchán idirsheirbhísí á sheoladh.

Úsáidtear na táblaí sonraí mar fhoinse le haghaidh na dtáblaí atá sa ráiteas airgeadais reachtach. Tá siad á gcur ar fáil le haghaidh úsáid inmheánach laistigh den Choimisiún amháin.

(1)Costas na nacmhainní daonna a mheastar a bheith riachtanach    

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Bliain 2019

Bliain 2020

Bliain 

Bliain N+3

... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

AD

5

EUR 690.000

5

EUR 690.000

AST

XX 01 01 02 (i dToscaireachtaí an Aontais)

AD

AST

 Pearsanra seachtrach 49

XX 01 02 01 (‘clúdach iomlánaíoch’)

CA

SNE

INT

XX 01 02 02 (i dToscaireachtaí an Aontais)

CA

LA

SNE

INT

JED

Línte buiséid eile (sonraigh)

Fo-iomlán – CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

5

EUR 690.000

5

EUR 690.000

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

FTE

Leithreasuithe

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

10 01 05 02 (Taighde díreach)

AD

AST

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

AD

AST

 Pearsanra seachtrach 50

XX 01 04 yy 
Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (seanlínte ‘BA’).

- sa Cheanncheathrú

CA

SNE

INT

- i dtoscaireachtaí an Aontais

CA

LA

SNE

INT

JED

XX 01 05 02 (Taighde indíreach)

CA

SNE

INT

10 01 05 02 (Taighde díreach)

CA

SNE

INT

Línte buiséid eile (sonraigh)

Fo-iomlán – Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

(2)Costas an chaiteachais riaracháin eile

◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain

Blianta ina dhiaidh sin

... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint
(féach pointe 1.6)

IOMLÁN

2019-2020

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

   Sa Cheanncheathrú

02.010211.00.01.10 – Costais misean agus ionadaíochta

0,005

0,005

02.010211.00.02.20 – Costais comhdhálacha agus cruinnithe

0,030

0,090

XX 01 02 11 03 - Coistí 51  

XX 01 02 11 04 - Staidéir agus comhairliúcháin

02 03 01– Córais faisnéise agus bhainistíochta

0,100

0,100

XX 01 03 01 – Trealamh agus seirbhísí TFC 52

Línte buiséid eile (sonraigh nuair is gá)

   I dtoscaireachtaí an Aontais

XX 01 02 12 01 – Speansais misean, comhdhálacha agus ionadaíochta

XX 01 02 12 02 – Oiliúint bhreise a chur ar an bhfoireann

XX 01 03 02 01 – Éadáil, cíos agus caiteachas gaolmhar

XX 01 03 02 02 – Trealamh, troscán, soláthairtí agus seirbhísí

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,135

0,195

0,330

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.



EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint
(féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

XX 01 04 yy - Caiteachas ar chúnamh teicniúil agus riaracháin (gan baill foirne sheachtracha a áireamh) ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (seanlínte ‘BA’)

- sa Cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí an Aontais

XX 01 05 03 - Caiteachas bainistíochta eile ar thaighde indíreach

10 01 05 03 – Caiteachas bainistíochta eile ar thaighde díreach

Línte buiséid eile (sonraigh nuair is gá)

Fo-iomlán – Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 agus Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Cumhdófar na leithreasuithe riaracháin is gá leis na leithreasuithe a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha atá ann.

(3)Modhanna ríofa a úsáideadh chun costais a mheas

(a) Acmhainní daonna

Leagtar amach sa chuid seo an modh ríofa a úsáideadh chun na hacmhainní daonna a mheastar a bheith riachtanach a mheas (toimhdí maidir le hualach oibre, lena náirítear poist shonracha (próifílí oibre SysPer 2), catagóirí foirne agus na meánchostais chomhfhreagracha)

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

NB: Tá na meánchostais le haghaidh gach catagóire foirne sa Cheanncheathrú ar fáil ar BudgWeb:

https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/pre/legalbasis/Pages/pre-040-020_preparation.aspx

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Is é an meánchostas i leith oifigigh (arna léiriú mar FTE) ná EUR 138 000.

Pearsanra seachtrach

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Na poist sin amháin a mhaoinítear ón mbuiséad taighde 

Pearsanra seachtrach

(b)Caiteachas riaracháin eile

Tabhair sonraí faoin modh ríofa a úsáideadh le haghaidh gach líne buiséid

agus na buntoimhdí go háirithe (e.g. an líon cruinnithe sa bhliain, meánchostais, etc.)

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Maidir le misin, tá 5 mhisean in aghaidh na bliana beartaithe, agus meánchostas EUR 1 000 a ghabhann le misean amháin.

Is é an meánchostas i leith comhdhála / cruinniú saineolaithe ná EUR 30 000.

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(1)    Jean-Claude Juncker, ‘Tús Nua don Eoraip: Mo Chlár Oibre i ndáil le Poist, Fás, Cothromaíocht agus Athrú Daonlathach’, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, Ráiteas Tosaigh le linn an tSeisiúin Iomlánaigh de Pharlaimint na hEorpa, an 15 Iúil 2014: http://ec.europa.eu/about/juncker-commission/priorities/index_en.htm .
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí, COM 2015 550/2.
(3)    COM(2016) 710, leagan deireanach: http://ec.europa.eu/atwork/key-documents/index_ga.htm.
(4)    Foinse: Eurostat.
(5)    COM(2014) 910, leagan deireanach: http://ec.europa.eu/atwork/pdf/cwp_2015_en.pdf .
(6)    Tá roinnt uirlisí eile ann lenar féidir prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm i gceart, amhail an clásal um aitheantas frithpháirteach agus na gearáin agus na sáruithe a bhaineann le hAirteagal 34 – Airteagal 36 CFAE. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Mheastóireacht.
(7)    Féach an Mheastóireacht.
(8)    Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair, cruinniú de chuid na Comhairle Iomaíochais; An Bhruiséil an 2 agus 3 Nollaig 2013: http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/intm/139846.pdf .
(9)    Conclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair, cruinniú de chuid na Comhairle Iomaíochais; An Bhruiséil, an 2-3 Márta 2015: http://register.consilium.europa.eu/doc/srv?l=EN&f=ST%206197%202015%20INIT .
(10)    An Coimisiún Eorpach, Staidéar a cuireadh de choimisiún ar an nGrúpa Technopolis (2015): ‘Meastóireacht ar chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i réimse na nearraí,’ ENTR/172/PP/2012/FC – BEART 4 a rinneadh idir Aibreán 2014 agus Bealtaine 2015: http://ec.europa.eu/growth/single-market/goods/free-movement-sectors/mutual-recognition/index_en.htm .
(11)    IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.
(12)     IO L 11, 15.1.2002, lch. 47 .
(13)    IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.
(14)     http://ec.europa.eu/solvit/what-is-solvit/index_en.htm .
(15)    COM(2017) 255 final.
(16)    Togra COM(2017)256 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.
(17)    COM(2017)255.
(18)    IO L 001, 15.01.2002.
(19)     http://ec.europa.eu/solvit/what-is-solvit/index_en.htm .
(20)    Costais neamh-Eorpa sa Mhargadh Aonair, 'Cecchini Revisited', Forléargas ar na gnóthachain eacnamaíocha féideartha de bharr chur i gcrích breise an Mhargaidh Aonair Eorpaigh, CoNE 1/2014.    http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2014/510981/EPRS_STU(2014)510981_REV1_EN.pdf
(21)    IO C , , lch. .
(22)    IO L 218, 13.8.2008, lch. 21
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(24)    IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.
(25)    IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(26)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(27)    Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 maidir leis na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2013, lch. 10).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún
(29)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(31)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(32)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(33)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(34)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile, IO L292, 14.11.1996, lch. 2.
(35)    ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(36)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(37)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html .
(38)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(39)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(40)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(41)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(42)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(43)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(44)    Gealltanas in 2018 agus cur chun feidhme idir 2018-2020.
(45)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(47)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(48)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(49)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(50)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(51)    Sonraigh an cineál coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.
(52)    TFC: Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide: Ní mór dul i gcomhairle le DIGIT.
Top

An Bhruiséil,19.12.2017

COM(2017) 796 final

GOODS PACKAGE

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile


IARSCRÍBHINN

Dearbhú um aitheantas frithpháirteach chun críocha Rialachán [XXX/BBBB]

1.Aitheantóir uathúil i gcomhair na nearraí nó an chineáil earraí: [Tabhair faoi deara: cuir isteach uimhir na nearraí nó marc tagartha eile lena ndéantar aithint uathúil ar na hearraí nó ar an gcineál earraí]

2.Ainm agus seoladh an táirgeora nó a ionadaí údaraithe:

3.Tuairisc ar na hearraí nó ar an gcineál earraí is ábhar an dearbhaithe: [Tabhair faoi deara: ba cheart gur leor an tuairisc chun na hearraí a aithint ar chúiseanna inrianaitheachta. Féadfaidh grianghraf a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí]

4.Dearbhú agus faisnéis maidir leis an dlíthiúlacht i ndáil leis na hearraí nó an cineál earraí a chur ar an margadh:

4.1.Comhlíonann na hearraí nó an cineál earraí a bhfuil tuairisc orthu thuas na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát atá aitheanta thíos: Teideal, i ngach cás, na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin:

4.2.Tagairt an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme i leith na nearraí nó an chineáil earraí, agus/nó aon tástálacha a rinne comhlacht um measúnú comhréireachta (má leanadh nós imeachta den sórt sin nó má rinneadh tástálacha den sórt sin):

5.Dearbhú agus faisnéis maidir le cur ar an margadh na nearraí nó an chineáil earraí:

5.1.Tá na hearraí nó an cineál earraí ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar an margadh baile i mBallstát.

5.2.Faisnéis go bhfuil na hearraí nó an cineál earraí ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin, lena náirítear sonraí an Bhallstáit ábhartha agus an dáta ar cuireadh na hearraí ar fáil ar dtús d'úsáideoirí deiridh ar an margadh baile sa Bhallstát sin:    

6.Aon fhaisnéis bhreise a mheastar is ábhartha i leith measúnú lena chinneadh an bhfuil na hearraí nó an cineál earraí ar an margadh go dleathach sa Bhallstát sin

7.Is faoi fhreagracht na sínitheoirí amháin a eisítear an dearbhú seo:

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):

Agus más rud é go gcomhlánóidh oibreoir eacnamaíoch eile pointe 5:

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta eisiúna)

(ainm, feidhm) (síniú)

Top