EUR-Lex Adgang til EU-lovgivningen

Tilbage til forsiden

Dette dokument er et uddrag fra EUR-Lex

Dokument 02019R0006-20220128

Konsolideret tekst: Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/2022-01-28

02019R0006 — GA — 28.01.2022 — 001.006


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/6 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 004 7.1.2019, lch. 43)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/805 ÓN gCOIMISIÚN an 8 Márta 2021

  L 180

3

21.5.2021

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/183 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Samhain 2022

  L 26

7

30.1.2023




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/6 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a chur ar an margadh, a mhonarú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a sholáthar, a dháileadh, a rialú, a úsáid agus faireachas cógas a dhéanamh orthu.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a ullmhaíodh go tionsclaíoch nó trí mhodh lena mbaineann próiseas tionsclaíoch agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh.
2.  
Sa bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 94 agus Airteagal 95 freisin maidir le substaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta.
3.  
Sa bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 94, 105, 108, 117, 120, 123 agus 134 freisin maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíochta díghníomhaithe a mhonaraítear ó phataiginí agus antaiginí a fhaightear ó ainmhí nó ainmhithe in aonad eipidéimeolaíoch agus a úsáidtear chun cóireáil a chur ar an ainmhí nó na hainmhithe sin san aonad eipidéimeolaíoch céanna nó chun cóireáil a chur ar ainmhí nó ainmhithe in aonad a bhfuil nasc eipidéimeolaíoch deimhnithe ina leith.
4.  
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagail 55, 56, 94, 117, 119, 123, 134 agus Roinn 5 de Chaibidil IV maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(6).
5.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm Airteagail 5 go 15, 17 go 33, 35 go 54, 57 go 72, 82 go 84, 95, 98, 106, 107, 110, 112 go 116, 128, 130 agus 136 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 86.
6.  

Sa bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Caibidil VII maidir leis an méid seo a leanas freisin:

(a) 

substaintí a bhfuil airíonna anabalacha, frith-thógálacha, frithsheadánacha, frith-athlastacha, hormónach, támhshuanacha nó síceatrópacha acu agus is féidir a úsáid ar ainmhithe;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a ullmhaíodh i gcógaslann nó ag duine a gceadaítear dó nó di déanamh amhlaidh faoin dlí náisiúnta, i gcomhréir le hoideas tréidliachta d’ainmhí aonair nó grúpa beag ainmhithe (“foirmle tréidlia”);

(c) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a ullmhaíodh i gcógaslann i gcomhréir le treoracha leabhair cógaisíochta (“pharmacopoeia”) agus atá beartaithe a sholáthar go díreach don úsáideoir deiridh (“foirmle leabhair cógaisíochta”). Beidh an fhoirmle sin faoi réir oideas tréidliachta nuair a bheidh sé beartaithe le haghaidh bia-ainmhithe.

7.  

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil cealla nó fíocháin uathlógacha nó allaigineacha nár cuireadh faoi phróiseas tionsclaíoch;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta bunaithe ar iseatóip radaighníomhacha;

(c) 

breiseáin bia mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(d) 

táirgí íocshláinte tréidliachta atá beartaithe le haghaidh taighde agus forbartha.

(e) 

beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha mar a shainmhínítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2019/4.

8.  
Ní dochar an Rialachán seo, seachas i dtaca leis an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta láraithe, d’fhorálacha náisiúnta maidir le táillí.
9.  
Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo cosc ar Bhallstát aon bheart rialaithe a mheasfaidh sé a bheith iomchuí maidir le substaintí támhshuanacha agus síceatrópacha a chothabháil nó a thabhairt isteach ar a chríoch.

Airteagal 3

Coinbhleacht dlíthe

1.  
I gcás ina dtagann táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) nó Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, agus ina bhfuil an Rialachán seo ar neamhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nó Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, beidh forlámhas ag an Rialachán seo.
2.  
Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh i dtaobh cibé acu a mheasfar nó nach measfar táirge sonrach nó grúpa sonrach táirgí mar tháirge íocshláinte tréidliachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta” aon substaint nó teaglaim substaintí a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

deirtear fúithi go bhfuil airíonna inti chun galar a chóireáil nó a chosc in ainmhithe;

(b) 

is é an cuspóir atá aici a bheith úsáidte in ainmhithe nó tugtha dóibh d’fhonn feidhmeanna fiseolaíochta a thabhairt ar ais, a cheartú nó a mhodhnú trí ghníomh cógaseolaíoch, imdhíoneolaíoch nó meitibileach a fheidhmiú;

(c) 

is é an cuspóir atá aici a bheith úsáidte d’fhonn diagnóis leighis a dhéanamh;

(d) 

is é an cuspóir atá aici a bheith úsáidte le haghaidh eotanáis ainmhithe;

(2) 

ciallaíonn “substaint” aon ábhar de bhunadh ar bith díobh seo a leanas:

(a) 

de bhunadh daonna;

(b) 

de bhunadh ainmhíoch;

(c) 

de bhunadh plandúil;

(d) 

de bhunadh ceimiceach;

(3) 

ciallaíonn “substaint ghníomhach” aon substaint nó meascán de shubstaintí a bheartaítear a úsáid chun táirge íocshláinte tréidliachta a mhonarú, ar táirge é a thiocfaidh chun bheith ina chomhábhar gníomhach den táirge sin nuair a úsáidfear é ina tháirgeadh.

(4) 

ciallaíonn “támhán” aon chomhábhar de tháirge íocshláinte tréidliachta seachas substaint ghníomhach nó ábhar pacáistíochta;

(5) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch” táirge íocshláinte tréidliachta atá beartaithe a thabhairt d’ainmhí chun imdhíonacht ghníomhach nó éighníomhach a tháirgeadh nó chun a riocht imdhíonachta a dhiagnóisiú;

(6) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta bitheolaíoch” táirge íocshláinte tréidliachta inar substaint bhitheolaíoch í an tsubstaint ghníomhach.

(7) 

ciallaíonn “substaint bhitheolaíoch” substaint a tháirgtear trí fhoinse bhitheolaíoch nó a eastósctar uaithi agus ar gá teaglaim tástálacha fisiceimiceacha agus bitheolaíocha chun í a thréithriú agus a cáilíocht a chinneadh, mar aon le heolas ar an bpróiseas táirgthe agus a rialú;

(8) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta tagartha” táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe, i gcomhréir le hAirteagal 44, 47, 49, 52, 53 nó 54 dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ar bhonn iarratas a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 8;

(9) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta cineálach” táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil an comhdhéanamh céanna cáilíochtúil agus cainníochtúil de shubstaintí gníomhacha ann agus an fhoirm chógaisíochta chéanna ann agus atá sa táirge íocshláinte tréidliachta tagartha, agus inar léiríodh bithchoibhéis leis an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha;

(10) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach” táirge íocshláinte tréidliachta a ullmhaíodh ó stoic hoiméapatacha i gcomhréir le nós imeachta monaraíochta hoiméapatach atá tuairiscithe in Pharmacopoeia Eorpach nó, murab ann dó, sna leabhair chógaisíochta a úsáidtear go hoifigiúil sna Ballstáit;

(11) 

ciallaíonn “frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha” cumas miocrorgánach teacht slán nó fás áit a bhfuil tiúchan oibreán frithmhiocróbach ar gnách gur leor é chun miocrorgánaigh den speiceas céanna a chosc nó a mharú;

(12) 

ciallaíonn “ábhar frithmhiocróbach” aon substaint a bhfuil gníomhaíocht dhíreach aici ar mhiocrorgánaigh a úsáidtear chun cóireáil nó cosc a chur ar ionfhabhtuithe nó ar ghalair thógálacha, lena n-áirítear antaibheathaigh, frithvíreasaigh, frithfhungasaigh agus frithphrotzoaigh;

(13) 

ciallaíonn “ábhar frithsheadánach” substaint a mharaíonn nó a chuireann isteach ar fhorbairt seadán, a úsáidtear chun cóireáil nó cosc a chur ar ionfhabhtú, inmhíolú nó galar arb iad seadáin is cúis leis nó arb iad seadáin a tharchuireann é, lena n-áirítear substaintí ag a bhfuil gníomhaíocht éartha;

(14) 

ciallaíonn “antaibheathach” aon substaint a bhfuil gníomhaíocht dhíreach aici maidir le baictéir a úsáidtear chun ionfhabhtuithe nó galair thógálacha a chosc nó a chóireáil;

(15) 

ciallaíonn “meitifiolacsas” táirge íocshláinte a thabhairt do ghrúpa ainmhithe tar éis diagnóis de ghalar cliniciúil i gcuid den ghrúpa a bheith suite, agus arb é is aidhm leis cóireáil a chur ar na hainmhithe atá tinn go cliniciúil agus srian a chur le scaipeadh an ghalair chuig ainmhithe atá i ndlúth-theagmháil agus i mbaol agus a d’fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe go haisiomptómach cheana;

(16) 

ciallaíonn “próifiolacsas” táirge íocshláinte a thabhairt d’ainmhí nó do ghrúpa ainmhithe roimh chomharthaí cliniciúla galair, chun cosc a chur ar ghalar nó ar ionfhabhtú tarlú;

(17) 

ciallaíonn “triail chliniciúil” staidéar arb é is aidhm leis sábháilteacht nó éifeachtúlacht táirge íocshláinte tréidliachta a scrúdú faoi fhíorchoinníollacha úsáide nó faoi ghnáthchoinníollacha feirmeoireachta ainmhithe nó mar chuid de ghnáthchleachtas tréidliachta chun críche údarú margaíochta a fháil nó a athrú;

(18) 

ciallaíonn “triail réamhchliniciúil” staidéar nach bhfuil cumhdaithe ag an sainmhíniú ar thriail chliniciúil arb é is aidhm leis sábháilteacht nó éifeachtúlacht táirge íocshláinte tréidliachta a imscrúdú chun críche údarú margaíochta a fháil nó a athrú;

(19) 

ciallaíonn “cothromaíocht sochair-riosca” meastóireacht ar éifeachtaí dearfacha an táirge íocshláinte tréidliachta i ndáil leis na rioscaí seo a leanas a bhaineann le húsáid an táirge sin:

(a) 

aon riosca a bhaineann le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte an duine;

(b) 

aon riosca go mbeidh éifeachtaí neamh-inmhianaithe ar an gcomhshaol;

(c) 

aon riosca a bhaineann le forbairt frithsheasmhachta;

(20) 

ciallaíonn “gnáthainm” an t-ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) do shubstaint nó, murab ann dó, an t-ainm a úsáidtear de ghnáth;

(21) 

ciallaíonn “ainm an táirge íocshláinte tréidliachta” ainm cumtha nach dócha go meascfaí é leis an ngnáthainm, nó gnáthainm nó ainm eolaíochta lena ngabhann trádmharc nó ainm shealbhóir an údaraithe margaíochta;

(22) 

ciallaíonn “neart” an cion substaintí gníomhacha i dtáirge íocshláinte tréidliachta, arna shloinneadh go cainníochtúil in aghaidh an aonaid dáileoige, in aghaidh an aonaid toirte nó in aghaidh an aonaid meáchain de réir na foirme cógaisíochta;

(23) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás a ainmníonn Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 137;

(24) 

ciallaíonn “lipéadú” faisnéis ar an neasphacáistiú nó ar an bhforphacáistiú;

(25) 

ciallaíonn “neasphacáistiú” an coimeádán nó aon chineál pacáistíochta eile atá i dtadhall díreach leis an táirge íocshláinte tréidliachta;

(26) 

ciallaíonn “forphacáistiú” pacáistíocht ina gcuirtear an neasphacáistiú;

(27) 

ciallaíonn “bileog phacáiste” bileog dhoiciméadachta ar tháirge íocshláinte tréidliachta ina bhfuil faisnéis lena úsáid shábháilte agus éifeachtúil a áirithiú;

(28) 

ciallaíonn “litir rochtana” doiciméad bunaidh, agus é sínithe ag úinéir na sonraí nó ag a ionadaí, ar doiciméad é ina luaitear go bhféadfar na sonraí a úsáid chun sochair an iarratasóra i ndáil leis na húdaráis inniúla, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (“an Ghníomhaireacht”), nó leis an gCoimisiún chun críocha an Rialacháin seo;

(29) 

ciallaíonn “margadh teoranta” margadh do cheann amháin de na cineálacha táirge íocshláinte seo a leanas:

(a) 

táirgi íocshláinte tréidliachta chun galair nach dtarlaíonn go minic nó a tharlaíonn i limistéir theoranta gheografacha a chóireáil nó a chosc;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta do speicis ainmhithe seachas eallach, caoirigh le haghaidh táirgeadh feola, muca, sicíní, madraí agus cait;

(30) 

ciallaíonn “faireachas cógas” an eolaíocht agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le teagmhais dhíobhálacha amhrasta nó aon fhadhb eile a bhaineann le táirge íocshláinte a bhrath, a mheasúnú, a thuiscint agus a chosc;

(31) 

ciallaíonn “máistirchomhad chóras an fhaireachais cógas” tuairisc mhionsonraithe ar chóras an fhaireachais cógas a úsáideann sealbhóir an údaraithe margaíochta i ndáil le táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe amháin nó níos mó;

(32) 

ciallaíonn “rialú” aon chúram a chomhlíonann údarás inniúil lena fhíorú gur comhlíonadh an Rialachán seo;

(33) 

ciallaíonn “oideas tréidliachta” doiciméad a eisíonn tréidlia i gcomhair táirge íocshláinte tréidliachta nó táirge íocshláinte atá ceaptha lena úsáid ag an duine chun é a úsáid in ainmhithe;

(34) 

ciallaíonn “tréimhse tarraingthe siar” an íostréimhse ónar tugadh táirge íocshláinte tréidliachta d’ainmhí don uair dheireanach go dtí gur táirgeadh earraí bia ón ainmhí sin, tréimhse a bhfuil gá léi faoi ghnáthchoinníollacha úsáide lena áirithiú nach bhfuil iarmhair i gcainníochtaí is díobhálach don tsláinte phoiblí sna hearraí bia sin;

(35) 

ciallaíonn “cur ar an margadh” an chéad uair a chuirtear táirge íocshláinte tréidliachta ar fáil ar mhargadh iomlán an Aontais nó i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, de réir mar is infheidhme;

(36) 

ciallaíonn “dáileachán mórdhíola” na gníomhaíochtaí uile arb é atá i gceist leo táirgí íocshláinte tréidliachta a fháil, a choinneáil, a sholáthar nó a onnmhairiú chun brabús a dhéanamh nó gan beann ar bhrabús, cé is moite de sholáthar miondíola na dtáirgí íocshláinte tréidliachta don phobal;

(37) 

ciallaíonn “speicis uisceacha” speicis dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(38) 

ciallaíonn “bia-ainmhithe” bia-ainmhithe mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009;

(39) 

ciallaíonn “modhnú” athrú ar théarmaí an údaraithe margaíochta i gcomhair táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 36;

(40) 

ciallaíonn “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta” aighneacht a dhéanamh i bhfoirm ar bith a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta chun soláthar, dáileadh, díol, oideasú nó úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a chur chun cinn, lena gcuimsítear freisin samplaí agus urraíocht a sholáthar;

(41) 

ciallaíonn “próiseas bainistithe comharthaí” próiseas chun faireachas gníomhach a dhéanamh ar shonraí faireachais cógas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta chun na sonraí faireachais cógas a mheas agus a chinneadh an bhfuil aon athrú ar chothromaíocht sochair-riosca na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sin, d’fhonn rioscaí do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí nó do chosaint an chomhshaoil a bhrath;

(42) 

ciallaíonn “riosca tromchúiseach féideartha do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol” cás ina bhfuil dóchúlacht an-ard go ndéanfaidh guais thromchúiseach de dheasca táirge íocshláinte tréidliachta a úsáid difear do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol;

(43) 

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta nuatheiripe”:

(a) 

táirge íocshláinte tréidliachta a dearadh go sonrach le haghaidh géinteiripe, leigheas athghiniúnach, innealtóireacht fíochán, teiripe táirge fola, teiripe bhaictéarafagach;

(b) 

táirge íocshláinte tréidliachta arna eascairt as nanaitheicneolaíochtaí; nó

(c) 

aon teiripe eile as réimse a mheastar a bheith nuaghinte sa tréidliacht;

(44) 

ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” aonad eipidéimeolaíoch mar a shainmhínítear i bpointe (39) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429.



CAIBIDIL II

ÚDARUITHE MARGAÍOCHTA — FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS RIALACHA MAIDIR LENA GCUR I BHFEIDHM



Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 5

Údaruithe margaíochta

1.  
Ní chuirfear táirge íocshláinte tréidliachta ar an margadh ach amháin má tá údarú margaíochta deonaithe i leith an táirge ag údarás inniúil nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 44, 47, 49, 52, 53 nó 54.
2.  
Beidh údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta.
3.  
Poibleofar cinntí maidir le húdaruithe margaíochta a dheonú, a dhiúltú, a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a leasú trí bhíthin modhnaithe.
4.  
Ní dheonófar údarú margaíochta i leith táirge íocshláinte tréidliachta ach amháin d’iarratasóir atá bunaithe san Aontas. Beidh feidhm ag an gceanglas le bheith bunaithe san Aontas maidir le sealbhóirí údaruithe margaíochta freisin.
5.  
Ní fhéadfaidh údarú margaíochta a dheonú i leith táirge íocshláinte tréidliachta atá ceaptha lena úsáid ar speiceas amháin nó níos mó ar bia-ainmhí é, ach amháin má cheadaítear an tsubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 agus aon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn sin don speiceas ainmhíoch lena mbaineann.
6.  
I gcás tairgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha lena n-úsáid ar ainmhithe a choinnítear mar pheataí amháin: ainmhithe uisceadáin nó locháin, éisc ornáideacha, éin cháis, colúir frithinge, ainmhithe a choinnítear i ngairdíní buidéil, creimirí beaga, firéid agus coiníní, féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón Airteagal seo a cheadú, ar choinníoll nach bhfuil na táirgí íocshláinte tréidliachta sin faoi réir oideas tréidliachta agus go bhfuil na bearta uile is gá ar bun sa Bhallstát chun cosc a chur ar úsáid neamhúdaraithe na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sin ar ainmhithe eile.

Airteagal 6

Iarratais ar údaruithe margaíochta a chur isteach

1.  

Déanfar iarratais ar údaruithe margaíochta a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i gcás ina mbaineann siad le deonú údaruithe margaíochta i gcomhréir le haon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a) 

an nós imeachta náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 46 gus Airteagal 47;

(b) 

an nós imeachta díláraithe a leagtar síos in Airteagal 48 agus Airteagal 49;

(c) 

an nós imeachta um aitheantas frithpháirteach a leagtar síos in Airteagal 51 agus Airteagal 52.

(d) 

an nós imeachta um aitheantas ina dhiaidh sin a leagtar síos in Airteagal 53.

2.  
Déanfar iarratais ar údaruithe margaíochta a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta i gcás ina mbaineann siad le deonú údaruithe margaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta láraithe a leagtar síos in Airteagal 42 go Airteagal 45.
3.  
Déanfar iarratais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur isteach go leictreonach agus úsáidfear na formáidí arna gcur ar fáil ag an nGníomhaireacht.
4.  
Beidh an t-iarratasóir freagrach as cruinneas na faisnéise agus na doiciméadachta a chuirfear isteach i dtaca lena iarratas.
5.  
Laistigh de 15 lá tar éis an t-iarratas a bheith faighte, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a chur in iúl don iarratasóir i dtaobh an bhfuil na sonraí agus an doiciméadacht uile a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 curtha isteach agus an bhfuil an t-iarratas bailí.
6.  
I gcás ina measann an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, cuirfidh sé nó sí an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin agus socróidh sé nó sí teorainn ama chun an fhaisnéis agus an doiciméadacht atá in easnamh a chur isteach. Má theipeann ar an iarratasóir an fhaisnéis agus an doiciméadacht atá in easnamh a chur ar fáil laistigh den teorainn ama a shocraítear, measfar gur tarraingíodh siar an t-iarratas.
7.  
Má theipeann ar an iarratasóir aistriúchán iomlán den doiciméadacht is gá a chur ar fáil laistigh de thréimhse sé mhí i ndiaidh don té sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 49(7), Airteagal 52(8) nó Airteagal 53(2) a fháil, measfar gur tarraingíodh siar an t-iarratas.

Airteagal 7

Teangacha

1.  
Is í teanga nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge íocshláinte tréidliachta ar fáil ar an margadh teanga nó teangacha na hachoimre ar shaintréithe an táirge agus na faisnéise ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste, ach amháin i gcás ina ndéanann an Ballstát a mhalairt a chinneadh.
2.  
Féadfar táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú i roinnt teangacha.



Roinn 2

Ceanglais sainchomhaid

Airteagal 8

Sonraí atá le cur isteach in éineacht leis an iarratas

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar údarú margaíochta:

(a) 

an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b) 

an doiciméadacht theicniúil is gá chun cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta a léiriú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c) 

achoimre ar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas.

2.  

I gcás ina mbaineann an t-iarratas le táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach, cuirfear an méid seo a leanas isteach sa bhreis ar an bhfaisnéis, ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an achoimre a liostaítear i mír 1:

(a) 

doiciméadacht maidir leis na rioscaí díreacha nó indíreacha don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha a úsáid ar ainmhithe,

(b) 

faisnéis faoi bhearta maolaithe riosca chun teorainn a chur le forbairt frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a bhaineann le húsáid táirge íocshláinte tréidliachta.

3.  
I gcás ina mbaineann an t-iarratas le táirge íocshláinte tréidliachta, atá ceaptha lena úsáid ar bhia-ainmhithe, agus a bhfuil substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de ann nach gceadaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 agus le haon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn sin don speiceas ainmhí lena mbaineann, doiciméad ina ndeimhneofar gur cuireadh isteach iarratas bailí chun uasteorainneacha iarmhair a leagan síos chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán sin sa bhreis ar an bhfaisnéis, ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an achoimre a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.
4.  
Ní bheidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha lena úsáid ar ainmhithe den speiceas eachaí ar dearbhaíodh ina leith nach bhfuil sé ceaptha iad a mharú lena gcaitheamh ag an duine sa doiciméad aitheantais saolré aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 114(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus in aon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn sin agus ní cheadaítear na substaintí gníomhacha atá sna táirgí íocshláinte tréidliachta sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 nó le haon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn sin.
5.  

I gcás ina mbaineann an t-iarratas le táirge íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta astu de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas, sa bhreis ar an bhfaisnéis, ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an achoimre a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a) 

cóip den toiliú i scríbhinn ó na húdaráis inniúla le scaoileadh isteach sa chomhshaol na n-orgánach géinmhodhnaithe d’aon ghnó chun críocha taighde agus forbartha, amhail dá bhforáiltear i gCuid B de Threoir 2001/18/CE;

(b) 

an comhad teicniúil iomlán ina soláthraítear an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2001/18/CE;

(c) 

an measúnú riosca don chomhshaol i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE; agus

(d) 

torthaí aon imscrúduithe a dhéantar chun críocha taighde nó forbartha.

6.  
I gcás ina gcuirtear an t-iarratas isteach i gcomhréir leis an nós imeachta náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 46 agus Airteagal 47, cuirfidh an t-iarratasóir isteach, sa bhreis ar an bhfaisnéis, ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an achoimre a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, dearbhú ina maíonn sé nó sí nár chuir sé nó sí iarratas isteach ar údarú margaíochta don táirge íocshláinte tréidliachta céanna i mBallstát eile nó san Aontais agus, más infheidhme, nár deonaíodh údarú margaíochta den sórt sin i mBallstát eile nó san Aontas.



Roinn 3

Trialacha cliniciúla

Airteagal 9

Trialacha cliniciúla

1.  
Déanfar iarratas ar fhormheas ar thriail chliniciúil a chur faoi bhráid údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina mbeidh an triail chliniciúil ar siúl i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
2.  
Deonófar formheas ar thrialacha cliniciúla ar choinníoll nach dtéann na bia-ainmhithe arna n-úsáid sna trialacha cliniciúla nó a dtáirgí isteach sa bhiashlabhra mura bhfuil tréimhse aistarraingthe iomchuí socraithe ag an údarás inniúil.
3.  
Eiseoidh an t-údarás inniúil cinneadh chun triail chliniciúil a fhormheas nó a dhiúltú laistigh de 60 lá tar éis iarratas bailí a fháil.
4.  
Déanfar na trialacha cliniciúla agus aird chuí á tabhairt ar threoirlínte idirnáisiúnta maidir le dea-chleachtas cliniciúil an Chomhair Idirnáisiúnta um Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil do Chlárú Táirgí Íocshláinte Tréidliachta (“VICH”).
5.  
Déanfar sonraí arna n-eascairt as trialacha cliniciúla a chur isteach in éineacht leis an iarratas ar údarú margaíochta chun críocha an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal (8)(1) a sholáthar.
6.  
Ní fhéadfar sonraí a thagann ó thrialacha cliniciúla arna ndéanamh lasmuigh den Aontas a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar údarú margaíochta ach amháin i gcás ina ndearnadh na trialacha sin a dhearadh, a chur chun feidhme agus a thuairisciú i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta VICH maidir le dea-chleachtas cliniciúil.



Roinn 4

Lipéadú agus an bhileog phacáiste

Airteagal 10

Neasphacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar neasphacáistíocht táirge íocshláinte tréidliachta agus, faoi réir Airteagal 11(4), ní bheidh aon fhaisnéis eile uirthi:

(a) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, agus ina dhiaidh sin a neart agus a fhoirm chógaisíochta;

(b) 

ráiteas faoi na substaintí gníomhacha arna sloinneadh go cáilíochtúil agus go cainníochtúil in aghaidh an aonaid nó de réir an chaoi atá dáileog le tabhairt, le haghaidh toirt nó meáchan áirithe, agus a ngnáthainmneacha á n-úsáid;

(c) 

an bhaiscuimhir, agus an focal “Beart” roimpi;

(d) 

ainm nó ainm cuideachta nó lógó shealbhóir an údaraithe margaíochta;

(e) 

na spriocspeicis;

(f) 

an dáta éaga, san fhormáid: “mm/bbbb”, agus an giorrúchán “Éag” roimhe;

(g) 

na réamhchúraimí stórála speisialta, más ann dóibh;

(h) 

an bealach tabhartha; agus

(i) 

más infheidhme, an tréimhse tarraingthe siar, fiú más ionann tréimhse den sórt sin agus náid.

2.  
Léireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcarachtair atá soléite agus intuigthe go soiléir, nó, i ngiorrúcháin nó i bpicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais mar a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 17(2).
3.  
D’ainneoin mhír 1, féadfaidh Ballstát a chinneadh go gcuirfear, ar neasphacáistíocht táirge íocshláinte tréidliachta arna chur ar fáil ar a chríoch, cód sainaitheantais leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1.

Airteagal 11

Forphacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar fhorphacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta agus ní bheidh aon fhaisnéis eile uirthi:

(a) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

(b) 

an t-inneachar de réir meáchain, toirte nó líon aonad neasphacáistíochta an táirge íocshláinte tréidliachta;

(c) 

rabhadh go gcaithfear an táirge íocshláinte tréidliachta a choimeád as radharc agus as aimsiú leanaí;

(d) 

rabhadh gur le haghaidh cóir leighis a chur ar ainmhithe, agus orthusan amháin, an táirge íocshláinte tréidliachta;

(e) 

gan dochar d’Airteagal 14(4), moladh chun bileog an phacáiste a léamh;

(f) 

i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha, an ráiteas “táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach”

(g) 

i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil faoi réir oideas tréidliachta, an tásc nó na tásca;

(h) 

uimhir an údaraithe margaíochta.

2.  
Féadfaidh Ballstát a chinneadh go gcuirfear, ar fhorphacáistíocht táirge íocshláinte tréidliachta arna chur ar fáil ar a chríoch, cód sainaitheantais leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1. Féadfar an cód sin a úsáid in ionad uimhir an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1.
3.  
Léireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcarachtair atá soléite agus intuigthe go soiléir, nó, i ngiorrúcháin nó i bpicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais mar a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 17(2).
4.  
I gcás nach bhfuil aon fhorphacáistíocht ann, léireofar an fhaisnéis uile dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar an neasphacáistíocht.

Airteagal 12

Aonaid bheaga neasphacáistíochta táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú

1.  

De mhaolú ar Airteagal 10, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar aonaid neasphacáistíochta atá róbheag chun an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin a láimhseáil i bhfoirm inléite agus ní bheidh aon fhaisnéis eile orthu:

(a) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta;

(b) 

sonraí cainníochtúla na substaintí gníomhacha;

(c) 

an bhaiscuimhir, agus an focal “Beart” roimpi;

(d) 

an dáta éaga, san fhormáid: “mm/bbbb”, agus an giorrúchán “Éag.” roimhe;

2.  
I gcás na n-aonad neasphacáistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh forphacáistíocht orthu ar a mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 11(1), (2) agus (3).

Airteagal 13

Faisnéis bhreise ar neasphacáistíocht nó forphacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta

De mhaolú ar Airteagal 10(1), Airteagal 11(1) agus Airteagal 12(1), féadfaidh na Ballstáit, laistigh dá gcríoch féin, agus arna iarraidh sin don iarratasóir, a cheadú d’iarratasóir a áireamh ar neasphacáistíocht nó forphacáistíocht táirge íocshláinte tréidliachta faisnéis úsáideach bhreise atá comhoiriúnach don achoimre ar shaintréithe an táirge agus nach fógraíocht ar tháirge íocshláinte tréidliachta í.

Airteagal 14

Bileog phacáiste na dtáirgí íocshláinte tréidliachta

1.  

Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta bileog phacáiste a chur ar fáil go héasca le haghaidh gach táirge íocshláinte tréidliachta. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar an mbileog phacáiste sin:

(a) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe shealbhóir an údaraithe margaíochta agus an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí shealbhóir an údaraithe margaíochta;

(b) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, agus ina dhiaidh sin a neart agus a fhoirm chógaisíochta;

(c) 

comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil na substainte nó na substaintí gníomhacha;

(d) 

na spriocspeicis, an dáileog do gach speiceas, modh agus bealach a tabhartha agus, más gá, comhairle faoin gcaoi cheart lena tabhairt;

(e) 

na tásca úsáide,

(f) 

na fritásca agus na teagmhais dhíobhálacha;

(g) 

más infheidhme, an tréimhse tarraingthe siar, fiú más ionann tréimhse den sórt sin agus náid;

(h) 

réamhchúraimí stórála speisialta, más ann dóibh;

(i) 

faisnéis atá riachtanach don tsábháilteacht nó don chosaint sláinte, lena n-áirítear aon réamhchúraimí speisialta i ndáil lena úsáid agus aon rabhaidh eile;

(j) 

faisnéis faoi na córais bhailiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 117 is infheidhme maidir leis an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann;

(k) 

uimhir an údaraithe margaíochta;

(l) 

sonraí teagmhála shealbhóir an údaraithe margaíochta nó a ionadaí, de réir mar is iomchuí, chun teagmhais dhíobhálacha amhrasta a thuairisciú;

(m) 

aicmiú an táirge íocshláinte tréidliachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 34.

2.  
Féadfaidh faisnéis bhreise, maidir le dáileadh, sealbhú nó aon réamhchúraim is gá i gcomhlíonadh an údaraithe margaíochta, a bheith ar an mbileog phacáiste, ar choinníoll nach faisnéis de chineál fógraíochta í. Beidh an fhaisnéis sin ar an mbileog phacáiste agus í deighilte go soiléir ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Beidh an bhileog phacáiste scríofa agus deartha le bheith inléite, soiléir agus intuigthe, i dtéarmaí atá sothuigthe don phobal i gcoitinne. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcuirfear ar fáil ar pháipéar nó go leictreonach í, nó ar an dá bhealach.
4.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfar, mar mhalairt air sin, an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo a sholáthar ar phacáistíocht an táirge íocshláinte tréidliachta.

Airteagal 15

Ceanglas ginearálta a bhaineann le faisnéis faoi tháirgí

Comhlíonfar leis an bhfaisnéis a liostaítear in Airteagal 10 go Airteagal 14 an achoimre ar thréithe an táirge mar a leagtar amach in Airteagal 35.

Airteagal 16

Bileog phacáiste na dtáirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha atá cláraithe

De mhaolú ar Airteagal 14(1), beidh ar bhileog phacáiste na dtáirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 86 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

ainm eolaíoch an stoic nó na stoc agus ina dhiaidh sin an leibhéal caolúcháin, agus siombailí Pharmacopoeia Eorpach á n-úsáid nó, murab ann dóibh, siombailí pharmacopoeia atá in úsáid go hoifigiúil i mBallstáit;

(b) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe shealbhóir an chláraithe agus, i gcás inarb iomchuí, an mhonaróra;

(c) 

an modh le dáileoga a thabhairt agus, más gá, an bealach lena tabhairt;

(d) 

foirm chógaisíochta;

(e) 

réamhchúraimí stórála speisialta, más ann dóibh;

(f) 

na spriocspeicis agus, i gcás inarb iomchuí, an dáileog do gach ceann de na speicis sin;

(g) 

rabhadh speisialta, más gá, don táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha;

(h) 

cláruimhir;

(i) 

tréimhse tarraingthe siar, más infheidhme;

(j) 

an ráiteas “táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach”.

Airteagal 17

Cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil le Roinn 4

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir leis an gcód sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta a ghlacadh de na giorrúcháin agus na picteagraim atá coitianta ar fud an Aontais atá le húsáid chun críocha Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
3.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha aonfhoirmeacha a chur ar fáil maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 12. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



Roinn 5

Ceanglais shonracha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha, táirgí íocshláinte tréidliachta hibrideacha agus comhtháirgí íocshláinte tréidliachta agus maidir le hiarratais bunaithe ar thoiliú feasach agus sonraí bibleagrafacha

Airteagal 18

Táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha

1.  

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 8(1), ní bheidh sé de cheangal go mbeidh an doiciméadacht ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht in iarratas ar údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta cineálach, má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

léiríodh i staidéir bhith-infhaighteachta bithchoibhéis táirge íocshláinte tréidliachta cineálaigh leis an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha nó cuirtear réasúnú ar fáil maidir leis an gcúis nach ndearnadh staidéir den sórt sin;

(b) 

comhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c) 

léiríonn an t-iarratasóir go mbaineann an t-iarratas le táirge íocshláinte tréidliachta cineálach de tháirge íocshláinte tréidliachta tagartha dá bhfuil tréimhse chosanta na doiciméadachta teicniúla a leagtar síos in Airteagal 39 agus Airteagal 40 dulta in éag nó le dul in éag taobh istigh de 2 bhliain.

2.  
I gcás ina bhfuil substaint ghníomhach táirge íocshláinte tréidliachta cineálaigh comhdhéanta de shalainn, eistir, éitir agus isiméir agus de mheascáin d’isiméir, de choimpléisc nó de dhíorthaigh atá éagsúil ón tsubstaint ghníomhach a úsáidtear sa táirge íocshláinte tréidliachta tagartha, measfar gurb í an tsubstaint ghníomhach chéanna í agus a úsáidtear sa táirge íocshláinte tréidliachta tagartha, mura bhfuil difríocht shuntasach eatarthu i ndáil le hairíonna i dtaca le sábháilteacht nó éifeachtúlacht. I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir na hairíonna sin, cuirfidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise isteach chun sábháilteacht nó éifeachtúlacht na salann, na n-eistear nó na ndíorthach éagsúil atá i substaint ghníomhach údaraithe an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha a chruthú.
3.  
I gcás ina dtíolacfar roinnt foirmeacha cógaisíochta béil pras-scaoilte de tháirge íocshláinte tréidliachta cineálach, measfar gurb ionann iad agus aon fhoirm chógaisíochta amháin.
4.  
I gcás nach n-údaraítear an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha sa Bhallstát ina gcuirtear isteach an t-iarratas don táirge íocshláinte tréidliachta cineálach, nó ina gcuirtear isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 42(4) agus ina n-údaraítear an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha i mBallstát, cuirfidh an t-iarratasóir an Ballstát inar údaraíodh an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha in iúl ina iarratas.
5.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, faisnéis a iarraidh faoin táirge íocshláinte tréidliachta tagartha ó údarás inniúil an Bhallstáit ina n-údaraítear é. Cuirfear an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an iarrthóir laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a bheith faighte.
6.  
Beidh cosúlachtaí riachtanacha ag an achoimre ar shaintréithe táirge an táirge íocshláinte tréidliachta chineálaigh leis an achoimre ar shaintréithe táirge an táirge íocshláinte tréidliachta thagartha. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag na codanna sin den achoimre ar shaintréithe táirge an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha, lena dtagraítear do thásca nó foirmeacha cógaisíochta arna gcumhdach fós ag dlí paitinne, tráth a údaraítear an táirge íocshláinte tréidliachta cineálach.
7.  
Féadfaidh údarás inniúil nó Gníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a iarraidh ar an iarratasóir sonraí sábháilteachta a sholáthar maidir leis na rioscaí féideartha don chomhshaol a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta cineálach, i gcás inar tugadh an t-údarú margaíochta don táirge íocshláinte tréidliachta tagartha roimh an 1 Deireadh Fómhair 2005.

Airteagal 19

Táirgí íocshláinte tréidliachta hibrideacha

1.  

De mhaolú ar Airteagal 18(1), éileofar torthaí na staidéar réamhchliniciúil nó torthaí na dtrialacha cliniciúil iomchuí i gcás nach gcomhlíonann an táirge íocshláinte tréidliachta saintréithe uile táirge íocshláinte tréidliachta cineálaigh ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

tá athruithe ar an tsubstaint ghníomhach nó ar na substaintí gníomhacha, tásca úsáide, neart, foirm chógaisíochta nó bealach tabhartha an táirge íocshláinte tréidliachta chineálaigh i gcomparáid leis an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha;

(b) 

ní féidir staidéir bhith-infhaighteachta a úsáid chun bithchoibhéis leis an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha a léiriú; nó

(c) 

tá difríochtaí ann a bhaineann le hamhábhair nó idir próisis mhonaraíochta an táirge íocshláinte tréidliachta bhitheolaíoch agus an táirge íocshláinte tréidliachta bhitheolaíoch tagartha.

2.  
Féadfar na staidéir réamhchliniciúla nó na trialacha cliniciúla i gcomhair táirge íocshláinte tréidliachta hibrideach a dhéanamh le baisceanna den táirge íocshláinte tréidliachta tagartha arna údarú san Aontas nó i dtríú tír.

Léireoidh an t-iarratasóir gur údaraíodh an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha a údaraíodh i dtríú tír i gcomhréir le ceanglais atá coibhéiseach leo siúd atá bunaithe san Aontas le haghaidh an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha agus atá chomh cosúil sin lena chéile gur féidir iad a chur in ionad a chéile i dtrialacha cliniciúla.

Airteagal 20

Comhtháirgí íocshláinte tréidliachta

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 8(1), i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil substaintí gníomhacha a úsáidtear i gcomhdhéanamh táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe ní chuirfear de cheangal sonraí sábháilteachta agus éifeachtúlachta a chur ar fáil a bhaineann le gach aon substaint ghníomhach ar leith.

Airteagal 21

Iarratas bunaithe ar thoiliú feasach

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 8(1), ní cheanglófar ar iarratasóir ar údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta an doiciméadacht theicniúil maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht a sholáthar má léiríonn an t-iarratasóir sin i bhfoirm litreach rochtana go gceadaítear don té sin úsáid a bhaint as doiciméadacht den sórt sin a cuireadh isteach i dtaca leis an táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe cheana féin.

Airteagal 22

Iarratas bunaithe ar shonraí bibleagrafacha

1.  
De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 8(1), ní cheanglófar ar an iarratasóir an doiciméadacht maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht a sholáthar má léiríonn an t-iarratasóir sin go bhfuil úsáid shubstaintí gníomhacha an táirge íocshláinte tréidliachta seanbhunaithe sa tréidliacht laistigh den Aontas le 10 mbliana anuas ar a laghad, agus go bhfuil fianaise dhoiciméadach ar a n-éifeachtúlacht agus go bhfuil leibhéal sábháilteachta inghlactha ag gabháil leo.
2.  
Comhlíonfar leis an iarratas na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II.



Roinn 6

Údaruithe margaíochta le haghaidh margadh teoranta agus in imthosca eisceachtúla

Airteagal 23

Iarratais le haghaidh margaí teoranta

1.  

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 8(1), ní cheanglófar ar an iarratasóir an doiciméadacht chuimsitheach sábháilteachta nó éifeachtúlachta a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II a sholáthar, má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá an sochar do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta a bheith ar fáil ar an margadh níos mó ná an riosca atá ann toisc nár cuireadh doiciméadacht áirithe ar fáil;

(b) 

tugann an t-iarratasóir an fhianaise go bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta beartaithe do mhargadh teoranta.

2.  
I gcás inar tugadh údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis an Airteagal seo, luafar go soiléir san achoimre ar shaintréithe an táirge nach ndearnadh ach measúnú teoranta ar shábháilteacht nó éifeachtúlacht i ngeall ar easpa sonraí cuimsitheacha sábháilteachta nó éifeachtúlachta.

Airteagal 24

Bailíocht údaraithe margaíochta le haghaidh margadh teoranta agus nós imeachta maidir lena athscrúdú

1.  
De mhaolú ar Airteagal 5(2), beidh údarú margaíochta le haghaidh margadh teoranta bailí ar feadh tréimhse 5 bliana.
2.  
Sula rachaidh an tréimhse bhailíochta 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag, déanfar athscrúdú ar údaruithe le haghaidh margadh teoranta a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 23 ar bhonn iarratas ó shealbhóir an údaraithe margaíochta sin. Áireofar ar an iarratas sin measúnú sochair-riosca cothrom le dáta.
3.  
Déanfaidh sealbhóir údaraithe margaíochta le haghaidh margadh teoranta iarratas ar athscrúdú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú nó faoi bhráid na Gníomhaireachta, de réir mar is infheidhme, ar a laghad sé mhí sula rachaidh an tréimhse bhailíochta 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag. Beidh an t-iarratas ar athscrúdú teoranta do léiriú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23 á gcomhlíonadh fós.
4.  
I gcás inar cuireadh isteach iarratas ar athscrúdú, beidh an t-údarú margaíochta le haghaidh margadh teoranta fós bailí go dtí go nglacfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún cinneadh, de réir mar is infheidhme.
5.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, measúnú ar iarratais ar athscrúdú agus ar bhailíocht an údaraithe margaíochta a fhadú.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, más dearfach fós an chothromaíocht sochair-riosca, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, bailíocht an údaraithe margaíochta a fhadú tréimhsí breise 5 bliana.

6.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, údarú margaíochta a bheidh bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta ama a dheonú ag tráth ar bith i gcás táirge íocshláinte tréidliachta a údaraíodh le haghaidh margadh teoranta, ar choinníoll go ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh margadh teoranta na sonraí maidir le sábháilteacht nó éifeachtúlacht atá in easnamh dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a chur isteach.

Airteagal 25

Iarratais in imthosca eisceachtúla

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 8(1), in imthosca eisceachtúla a bhaineann le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí, féadfaidh iarratasóir iarratas a chur isteach nach gcomhlíonann ceanglais uile an phointe sin, dá mbeadh an sochar do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí a bhainfeadh leis an táirge íocsláinte tréidliachta lena mbaineann bheith ar fáil ar an margadh láithreach níos mó ná an riosca a bheadh ann toisc nár cuireadh doiciméadacht cháilíochta, sábháilteachta nó éifeachtúlachta áirithe ar fáil. I gcás den sórt sin, ceanglófar ar an iarratasóir a léiriú gur ar chúiseanna oibiachtúla agus infhíoraithe nach féidir doiciméadacht cháilíochta, sabháilteachta nó éifeachtúlachta áirithe a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II a chur ar fáil.

Airteagal 26

Téarmaí an údaraithe margaíochta in imthosca eisceachtúla

1.  

Sna himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 25, féadfar údarú margaíochta a dheonú faoi réir ceann amháin nó níos mó de na ceanglais ar shealbhóir an údaraithe margaíochta seo a leanas:

(a) 

ceanglas maidir le coinníollacha nó srianta a thabhairt isteach, go háirithe maidir le sábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta;

(b) 

ceanglas maidir le fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla nó don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, i leith aon teagmhas díobhálach a bhaineann le húsáid an táirge íocshláinte tréidliachta;

(c) 

ceanglas maidir le staidéir iar-údarúcháin a dhéanamh.

2.  
I gcás inar tugadh údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis an Airteagal seo, luafar go soiléir san achoimre ar shaintréithe an táirge nach ndearnadh ach measúnú teoranta ar cháilíocht, sábháilteacht nó éifeachtúlacht i ngeall ar easpa sonraí cuimsitheacha cáilíochta, sábháilteachta nó éifeachtúlachta.

Airteagal 27

Bailíocht údaraithe margaíochta in imthosca eisceachtúla agus nós imeachta maidir lena athscrúdú

1.  
De mhaolú ar Airteagal 5(2), beidh údarú margaíochta in imthosca eisceachtúla bailí ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin.
2.  
Sula rachaidh an tréimhse bhailíochta bliana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag, déanfar athscrúdú ar údaruithe margaíochta a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 26 ar bhonn iarratas ó shealbhóir an údaraithe margaíochta sin. Áireofar ar an iarratas sin measúnú sochair-riosca cothrom le dáta.
3.  
Déanfaidh sealbhóir údaraithe margaíochta in imthosca eisceachtúla iarratas ar athscrúdú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú nó faoi bhráid na Gníomhaireachta, de réir mar is infheidhme, ar a laghad trí mhí sula rachaidh an tréimhse bhailíochta bliana dá dtagraítear i mír 1 in éag. Leis an iarratas ar athscrúdú, léireofar gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a bhaineann le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí.
4.  
I gcás inar cuireadh isteach iarratas ar athscrúdú, beidh an t-údarú margaíochta bailí fós go dtí go mbeidh cinneadh glactha ag an údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme.
5.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, measúnú ar an iarratas.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, más dearfach fós an chothromaíocht sochair-riosca, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, bailíocht an údaraithe margaíochta a fhadú bliain amháin.

6.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, údarú margaíochta a bheidh bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta ama a dheonú ag tráth ar bith i gcás táirge íocshláinte tréidliachta a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 26, ar choinníoll go ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na sonraí cáilíochta, sábháilteachta nó éifeachtúlachta atá in easnamh dá dtagraítear in Airteagal 25 a chur isteach.



Roinn 7

Iarratais a scrúdú agus an bonn ar a ndeonaítear údaruithe margaíochta

Airteagal 28

Iarratais a scrúdú

1.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, chuig ar cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 6 an méid seo a leanas:

(a) 

a fhíorú go gcomhlíonann na sonraí arna gcur isteach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8;

(b) 

an táirge íocshláinte tréidliachta a mheasúnú maidir leis an doiciméadacht cháilíochta, sábháilteachta agus éifeachtúlachta arna cur ar fáil;

(c) 

conclúid a tharraingt suas maidir leis an gcothromaíocht sochair-riosca don táirge íocshláinte tréidliachta.

2.  
Le linn scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(5) den Rialachán seo, nó atá comhdhéanta astu, tionólfaidh an Ghníomhaireacht na comhairliúcháin is gá leis na comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas nó ag na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE.

Airteagal 29

Iarratais chuig saotharlanna le linn scrúdú ar iarratais

1.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a scrúdaíonn an t-iarratas a chur de cheangal ar an iarratasóir samplaí a sholáthar do shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh, do shaotharlann oifigiúil um rialú leigheasra nó do shaotharlann atá ainmnithe ag Ballstát chun na críche sin, ar samplaí is gá iad chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

tástáil a dhéanamh ar an táirge íocshláinte tréidliachta, a ábhair thosaigh agus, más gá, ar tháirgí idirmheánacha nó comhábhair eile lena áirithiú gur sásúil na modhanna rialaithe a úsáideann an monaróir agus a bhfuil cur síos déanta orthu sna doiciméid iarratais;

(b) 

a fhíorú, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha lena n-úsáid ar bhia-ainmhithe, gur sásúil an modh braite anailíseach arna mholadh ag an iarratasóir chun críocha tástálacha ar ídiú iarmhair agus gurb iomchuí a úsáid le leibhéil iarmhar a nochtadh, go háirithe na cinn sin a sháraíonn uasleibhéil iarmhair na substainte atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhunaigh an Coimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, agus chun críche rialuithe oifigiúla ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.

2.  
Déanfar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagail 44, 47, 49, 52 agus 53 a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar na samplaí arna n-iarraidh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil.

Airteagal 30

Faisnéis faoi mhonaróirí i dtríú tíortha

Dearbhóidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, chuig ar cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 6, tríd an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 88, Airteagal 89 agus Airteagal 90, go bhfuil na monaróirí táirgí íocshláinte tréidliachta ó thríú tíortha in ann an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann a mhonarú nó tástálacha rialuithe a dhéanamh i gcomhréir leis na modhanna atá tuairiscithe sa doiciméadacht a chuirtear isteach mar thaca leis an iarratas i gcomhréir le hAirteagal 8(1). Féadfaidh údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a iarraidh ar an údarás inniúil ábhartha faisnéis a sholáthar lena ndearbhaítear go bhfuil na monaróirí in ann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh.

Airteagal 31

Faisnéis bhreise ón iarratasóir

Mura bhfuil an doiciméadacht arna cur isteach mar thaca leis an iarratas leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, chuig ar cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 6, an méid sin in iúl don iarratasóir. Iarrfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de theorainn ama áirithe. I gcás den sórt sin, cuirfear na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagail 44, 47, 49, 52 agus 53 ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis bhreise curtha ar fáil.

Airteagal 32

Iarratais a tharraingt siar

1.  
Féadfaidh iarratasóir a iarratas ar údarú margaíochta arna chur isteach chuig údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a tharraingt siar tráth ar bith sula ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 44, 47, 49, 52 nó 53.
2.  
Má dhéanann an t-iarratasóir iarratas ar údarú margaíochta a cuireadh isteach chuig údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a tharraingt siar sula dtabharfar chun críche an scrúdú ar an iarratas amhail dá dtagraítear in Airteagal 28, cuirfidh an t-iarratasóir na cúiseanna leis sin in iúl don údarás inniúil nó don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, chuig ar cuireadh an t-iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6.
3.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, an fhaisnéis gur tarraingíodh siar an t-iarratas a chur ar fáil go poiblí, in éineacht leis an tuarascáil nó an tuairim, de réir mar is infheidhme, má tá sí tarraingthe suas cheana féin, tar éis aon fhaisnéis rúnda tráchtála atá inti a scriosadh.

Airteagal 33

Toradh an mheasúnaithe

1.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, agus an t-iarratas á scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 28, tuarascáil mheasúnaithe nó tuairim a ullmhú faoi seach. I gcás measúnú fabhrach, cuirfear san áireamh sa tuarascáil mheasúnaithe nó sa tuairim sin an méid seo a leanas:

(a) 

achoimre ar shaintréithe an táirge ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 35;

(b) 

mionsonraí aon choinníollacha nó srianta atá le forchur i dtaca le soláthar nó úsáid shábháilte agus éifeachtúil an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann, lena n-áirítear aicmiú táirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le hAirteagal 34;

(c) 

téacs an lipéid agus na bileoige pacáiste dá dtagraítear in Airteagal 10 go Airteagal 14.

2.  
I gcás measúnú neamhfhabhrach, cuirfear san áireamh sa tuarascáil mheasúnaithe nó sa tuairim sin dá dtagraítear i mír 1 an réasúnú maidir lena conclúidí.

Airteagal 34

Aicmiú táirgí íocshláinte tréidliachta

1.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, agus údarú margaíochta á dheonú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(1) na táirgí íocshláinte tréidliachta seo a leanas a aicmiú mar tháirgí atá faoi réir oideas tréidliachta:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha, nó substaintí a úsáidtear go minic i monarú aindleathach na ndrugaí nó na substaintí sin, lena n-áirítear iadsan a chumhdaítear faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha 1988 nó faoi reachtaíocht an Aontais maidir le réamhtheachtaithe drugaí;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta do bhia-ainmhithe;

(c) 

táirgí íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha;

(d) 

táirgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha do chóireáil próiseas paiteolaíoch a éilíonn réamhdhiagnóis bheacht nó táirgí a bhféadfadh a n-úsáid tionchar a imirt a choiscfeadh bearta diagnóiseacha nó teiripeacha nó a chuirfeadh isteach orthu;

(e) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáidtear le haghaidh eotanáis ainmhithe;

(f) 

táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil substaint ghníomhach a údaraíodh san Aontas ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana;

(g) 

táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha;

(h) 

gan dochar do Threoir 96/22/EC ón gComhairle ( 5 ), táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil substaintí gníomhacha a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach léi nó béite-agónaithe.

2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, d’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, táirge íocshláinte tréidliachta a aicmiú mar tháirge faoi réir oideas tréidliachta más rud é go n-aicmítear é mar dhruga támhshuanach i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó i gcás ina bhfuil réamhchúraimí speisialta san achoimre ar shaintréithe an táirge dá dtagraítear in Airteagal 35.
3.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil ná an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, ach amháin i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (e) agus (h) de mhír 1, táirge íocshláinte tréidliachta a aicmiú mar tháirge nach bhfuil faoi réir oideas tréidliachta má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá tabhairt an táirge íocshláinte tréidliachta srianta d’fhoirmeacha cógaisíochta nach n-éilítear aon eolas ná scil ar leith chun na táirgí a úsáid;

(b) 

ní bhaineann riosca díreach ná indíreach leis an táirge íocshláinte tréidliachta, fiú má thugtar é i gcaoi mhícheart, don ainmhí nó do na hainmhithe a ndéantar cóireáil air nó orthu ná d’ainmhithe eile, don duine a thugann é ná don chomhshaol;

(c) 

níl aon rabhaidh faoi theagmhais dhíobhálacha thromchúiseacha fhéideartha de dheasca a cheartúsáide san achoimre ar shaintréithe an táirge íocshláinte tréidliachta;

(d) 

ní raibh an táirge íocshláinte tréidliachta ná aon táirge eile ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach chéanna faoi réir tuairisciú rialta ar theagmhais dhíobhálacha roimhe sin;

(e) 

níl tagairt san achoimre ar shaintréithe an táirge do fhritásca a bhaineann le húsáid an táirge lena mbaineann i dteannta le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile a úsáidtear go forleathan gan oideas;

(f) 

níl aon riosca don tsláinte phoiblí i dtaca le hiarmhair i mbia a fuarthas ó ainmhithe a ndearnadh cóireáil orthu fiú i gcás ina n-úsáidtear an táirge íocshláinte tréidliachta go mícheart;

(g) 

níl aon riosca don tsláinte phoiblí ná sláinte ainmhithe i dtaca le frithsheasmhacht do shubstaintí fiú i gcás ina n-úsáidtear go mícheart an táirge íocshláinte tréidliachta ina bhfuil na substaintí sin.

Airteagal 35

Achoimre ar shaintréithe an táirge

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san achoimre ar shaintréithe an táirge dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(1), san ord a shonraítear thíos:

(a) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, agus, ina dhiaidh sin, a neart agus a fhoirm chógaisíochta agus, i gcás inarb infheidhme, liosta ainmneacha an táirge íocshláinte tréidliachta, mar a údaraítear é sna Ballstáit difriúla;

(b) 

comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha agus comhdhéanamh cáilíochtúil támhán agus comhábhar eile lena luafar a ngnáthainm nó tuairisc cheimiceach orthu agus a gcomhdhéanamh cainníochtúil, más riachtanach an fhaisnéis sin chun an táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt i gceart;

(c) 

faisnéis chliniciúil:

(i) 

na spriocspeicis;

(ii) 

tásca úsáide le haghaidh gach spriocspeicis;

(iii) 

fritásca;

(iv) 

rabhaidh speisialta;

(v) 

réamhchúraimí speisialta úsáide, lena n-áirítear go háirithe réamhchúraimí le haghaidh úsáid shábháilte ar na spriocspeicis, réamhchúraimí speisialta ar an duine a thugann an táirge íocshláinte tréidliachta do na hainmhithe agus réamhchúraimí speisialta chun an comhshaol a chosaint;

(vi) 

cé chomh minic a tharlaíonn teagmhais dhíobhálacha agus a thromchúisí is atá siad;

(vii) 

úsáid le linn toirchis, lacht-tréimhse nó ubh-bhreithe;

(viii) 

idirghníomhaíocht le táirgí íocshláinte eile agus cineálacha eile idirghníomhaíochta;

(ix) 

bealach tabhartha agus dáileog;

(x) 

siomtóim ródháileoige agus, i gcás inarb infheidhme, gnásanna éigeandála agus frithnimheanna i gcás ródháileoige;

(xi) 

srianta speisialta úsáide;

(xii) 

coinníollacha speisialta úsáide, lena n-áirítear srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha agus frithsheadánacha chun teorainn a chur leis an riosca i dtaobh frithsheasmhacht a fhorbairt;

(xiii) 

i gcás inarb infheidhme, tréimhsí tarraingthe siar, fiú más ionann tréimhsí den sórt sin agus náid;

(d) 

faisnéis chógaseolaíoch:

(i) 

an Cód Tréidliachta Ceimiceach Teiripeach Anatamaíoch (“Cód ATCvet”);

(ii) 

cógasdinimic;

(iii) 

cógaschinéitic.

I gcás táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, in ionad phointí (i), (ii) agus (iii), faisnéis imdhíoneolaíoch;

(e) 

sonraí cógaisíochta:

(i) 

neamh-chomhoiriúnachtaí móra;

(ii) 

seilfré, i gcás inarb infheidhme tar éis an táirge íocshláinte a ath-chomhdhéanamh nó tar éis an neasphacáistíocht a oscailt den chéad uair;

(iii) 

réamhchúraimí speisialta stórála;

(iv) 

cineál agus comhdhéanamh na neasphacáistíochta;

(v) 

ceanglas scéimeanna athghlactha a úsáid do tháirgí íocshláinte tréidliachta chun táirgí íocshláinte tréidliachta nó ábhair dramhaíola díorthaithe ó úsáid na dtáirgí sin a dhiúscairt agus, i gcás inarb iomchuí, réamhchúraimí breise i dtaca le diúscairt dramhaíola guaise táirgí íocshláinte tréidliachta neamhúsáidte nó ábhar dramhaíola díorthaithe ó úsáid na dtáirgí sin;

(f) 

ainm shealbhóir an údaraithe margaíochta;

(g) 

uimhir nó uimhreacha an údaraithe margaíochta;

(h) 

dáta an chéad údaraithe margaíochta;

(i) 

dáta an athbhreithnithe deiridh ar an achoimre ar shaintréithe an táirge;

(j) 

i gcás inarb infheidhme, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 23 nó 25, an ráiteas:

(i) 

“údarú margaíochta deonaithe le haghaidh margadh teoranta nó in imthosca eisceachtúla agus dá bhrí sin measúnú bunaithe ar cheanglais shaincheaptha maidir le doiciméadacht”; nó

(ii) 

údarú margaíochta i gcúinsí eisceachtúla agus dá bhrí sin measúnú bunaithe ar cheanglais shaincheaptha maidir le doiciméid’;

(k) 

faisnéis faoi na córais bhailiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 117 is infheidhme maidir leis an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann;

(l) 

aicmiú an táirge íocshláinte tréidliachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 34 i gcás gach Ballstáit ina n-údaraítear é.

2.  
I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha, féadfar na codanna den achoimre ar shaintréithe an táirge don táirge íocshláinte tréidliachta tagartha lena dtagraítear do thásca nó foirmeacha cógaisíochta atá cosanta ag dlí paitinne i mBallstát, tráth a chuirfear an táirge íocshláinte ar an margadh, a fhágáil ar lár.

Airteagal 36

Cinntí lena ndeonaítear údaruithe margaíochta

1.  
Déanfar cinntí lena ndeonaítear údaruithe margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ar bhonn na ndoiciméad arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus leagfar amach iontu aon choinníollacha a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta a chur ar an margadh agus an achoimre ar shaintréithe an táirge (“téarmaí an údaraithe margaíochta”).
2.  
I gcás ina mbaineann iarratas le táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún a chur de cheangal ar shealbhóir an údaraithe margaíochta staidéir iar-údarúcháin a dhéanamh lena áirithiú gur dearfach fós an chothromaíocht sochair-riosca ós rud é go bhféadfaí frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a fhorbairt.

Airteagal 37

Cinntí lena ndiúltaítear údaruithe margaíochta a dheonú

1.  
Déanfar cinntí lena ndiúltaítear údaruithe margaíochta a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ar bhonn na ndoiciméad arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus tabharfar údar cuí leo agus áireofar iontu cúiseanna an diúltaithe.
2.  

Diúltófar údarú margaíochta a dheonú má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní chomhlíonann an t-iarratas an Chaibidil seo;

(b) 

is diúltach cothromaíocht sochair-riosca an táirge íocshláinte tréidliachta;

(c) 

níor chuir an t-iarratasóir go leor faisnéise ar fáil faoi cháilíocht, sábháilteacht nó éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta;

(d) 

is táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach é an táirge íocshláinte tréidliachta a thíolactar lena úsáid mar fheabhsaitheoir feidhmíochta chun fás a spreagadh in ainmhithe ar cuireadh cóir leighis orthu nó chun a dtáirgeacht a mhéadú;

(e) 

níl an tréimhse tarraingthe siar a moladh fada go leor le sábháilteacht bia a áirithiú nó níl bunús leordhóthanach léi;

(f) 

tá an riosca don tsláinte phoiblí ó theacht chun cinn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha nó ó theacht chun cinn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithsheadánacha níos mó ná na sochair do shláinte ainmhithe ón táirge íocshláinte tréidliachta;

(g) 

níor chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach ar fáil maidir le héifeachtúlacht i dtaobh na spriocspeiceas;

(h) 

níl comhdhéanamh cáilíochtúil nó cainníochtúil an táirge íocshláinte tréidliachta ag teacht leis an tuairisc san iarratas;

(i) 

ní dheacthas i ngleic go leordhóthanach le rioscaí do shláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol; nó

(j) 

leis an tsubstaint ghníomhach atá sa táirge íocshláinte tréidliachta, comhlíontar na critéir maidir le bheith measta marthanach, bithcharnach agus tocsaineach nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach agus tá an táirge íocshláinte tréidliachta ceaptha lena úsáid ar bhia-ainmhithe, ach amháin má léirítear go bhfuil an tsubstaint ghníomhach riachtanach chun cosc nó smacht a chur ar riosca tromchúiseach do shláinte ainmhithe.

3.  
Diúltófar údarú margaíochta a dheonú do tháirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach más rud é go bhfuil an t-ábhar frithmhiocróbach á fhorchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine amhail dá dtagraítear i mír 5.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a bhunú i dtaca le hainmniú ábhar frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine chun éifeachtúlacht na n-ábhar frithmhiocróbach sin a chaomhnú.
5.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ábhair fhrithmhiocróbacha nó grúpaí ábhar frithmhiocróbach a ainmniú atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
6.  
Déanfaidh an Coimisiún, agus na gníomhartha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 á nglacadh aige, comhairle eolaíoch na Gníomhaireachta, EFSA agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh.



Roinn 8

Doiciméadacht theicniúil a chosaint

Airteagal 38

Doiciméadacht theicniúil a chosaint

1.  

Gan dochar do na ceanglais agus oibleagáidí atá leagtha síos i dTreoir 2010/63/AE, maidir le doiciméadacht theicniúil a bhaineann le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht a cuireadh isteach i gcéaduair d’fhonn údarú margaíochta nó modhnú air sin a fháil, ní dhéanfaidh iarratasóirí eile ar údarú margaíochta ar tháirge íocshláinte tréidliachta nó ar mhodhnú ar théarmaí de chuid údaraithe margaíochta tagairt dóibh ach amháin:

(a) 

go bhfuil an tréimhse chosanta do dhoiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Airteagal 39 agus Airteagal 40 den Rialachán seo dulta in éag, nó le dul in éag taobh istigh de 2 bhliain;

(b) 

go bhfuil an comhaontú i scríbhinn i bhfoirm litreach rochtana i ndáil leis an doiciméadacht sin faighte ag na hiarratasóirí.

2.  
Beidh feidhm freisin ag cosaint na doiciméadachta teicniúla a leagtar amach i mír 1 (“cosaint na doiciméadachta teicniúla”) sna Ballstáit nach n-údaraítear nó nach n-údaraítear a thuilleadh an táirge íocshláinte tréidliachta iontu.
3.  
Maidir le húdarú margaíochta nó modhnú ar théarmaí de chuid údaraithe margaíochta nach bhfuil difriúil ón údarú margaíochta a deonaíodh cheana do shealbhóir céanna an údaraithe margaíochta ach amháin i dtaca le spriocspeicis, neart, foirmeacha cógaisíochta, bealaí le dáileog a thabhairt, nó cur i láthair, measfar gurb ionann é agus an t-údarú margaíochta a deonaíodh cheana don sealbhóir céanna an údaraithe margaíochta chun críocha na rialacha maidir le cosaint na doiciméadachta teicniúla a chur i bhfeidhm.

Airteagal 39

Tréimhsí cosanta do dhoiciméadacht theicniúil

1.  

Is í an tréimhse chosanta do dhoiciméadacht theicniúil:

(a) 

10 mbliana i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta d’eallaí, caoirigh ar le haghaidh táirgeadh feola iad, muca, sicíní, madraí agus cait;

(b) 

14 bliana i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha d’eallaí, caoirigh ar le haghaidh táirgeadh feola iad, muca, sicíní, madraí agus cait, ina bhfuil substaint ghníomhach mhiocróbach nach substaint ghníomhach í atá i dtáirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe laistigh den Aontas ar an dáta ar ar cuireadh isteach an t-iarratas;

(c) 

18 mbliana i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta do bheacha;

(d) 

14 bliana i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta do speicis ainmhithe cé is moite de na cinn dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c).

2.  
Beidh feidhm ag an gcosaint ar dhoiciméadacht theicniúil ón lá ar ar deonaíodh an t-údarú margaíochta don táirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Airteagal 40

Tréimhsí cosanta do dhoiciméadacht theicniúil a fhadú agus tréimhsí breise do dhoiciméadacht theicniúil

1.  
I gcás ina ndeonaítear an chéad údarú margaíochta i gcás níos mó ná speiceas ainmhí amháin dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) d’Airteagal 39(1) nó ina bhformheastar modhnú i gcomhréir le hAirteagal 67 lena leathnaítear an t-údarú margaíochta go speiceas eile dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) d’Airteagal 39(1), cuirfear bliain amháin leis an tréimhse chosanta dá bhforáiltear in Airteagal 39 i gcás gach spriocspeicis breise, ar choinníoll, i gcás modhnaithe, gur cuireadh isteach an iarraidh 3 bliana ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse cosanta a leagtar síos i bpointe (a) nó (b) d’Airteagal 39(1).
2.  
I gcás ina ndeonaítear an chéad údarú margaíochta i gcás níos mó ná speiceas ainmhí amháin dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 39(1) nó ina bhformheastar modhnú i gcomhréir le hAirteagal 67 lena leathnaítear an t-údarú margaíochta go speiceas ainmhí eile nach dtagraítear dó i bpointe (a) d’Airteagal 39(1), cuirfear 4bliana leis an tréimhse chosanta dá bhforáiltear in Airteagal 39, ar choinníoll, i gcás modhnaithe, gur cuireadh isteach an iarraidh 3bliana ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse cosanta a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 39(1).
3.  
Maidir leis an tréimhse chosanta do dhoiciméadacht theicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 39 i gcás an chéad údaraithe margaíochta, lena gcuirtear tréimhsí cosanta breise de bharr aon mhodhnuithe nó údaruithe nua a bhaineann leis an údarú margaíochta céanna, ní rachaidh an tréimhse sin thar 18 mbliana.
4.  
I gcás ina dtíolacann iarratasóir ar údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta nó ar mhodhnú ar théarmaí de chuid údarú margaíochta iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 chun uasleibhéal iarmhar a bhunú, mar aon le tástálacha ar iarmhair, staidéir réamhchliniciúla agus trialacha cliniciúla le linn an nós imeachta iarratais, ní dhéanfaidh iarratasóirí eile tagairt do thorthaí na dtástálacha, na staidéar agus na dtrialacha sin ar feadh tréimhse 5 bliana ón uair ar deonaíodh an t-údarú margaíochta a ndearnadh iad ina leith. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ar úsáid na dtorthaí sin, sa mhéid go mbeidh litir rochtana faighte ag na hiarratasóirí eile maidir leis na tástálacha, na staidéir agus na trialacha sin.
5.  

Má tá athrú ar an bhfoirm chógaisíochta, ar an mbealach tabhartha nó ar an dáileog i gceist le modhnú ar théarmaí an údaraithe margaíochta arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 65, ar athrú é a bhfuil measúnú déanta ag an nGníomhaireacht nó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 66 ina leith go léirítear leis:

(a) 

laghdú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha nó ábhair fhrithsheadánacha; nó

(b) 

feabhas ar chothromaíocht sochair-riosca an táirge íocshláinte tréidliachta,

tairbheoidh torthaí na staidéar réamhchliniciúil nó na dtrialacha cliniciúla lena mbaineann ó chosaint 4bliana.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ar úsáid na dtorthaí sin, sa mhéid go bhfuil litir rochtana faighte ag na hiarratasóirí eile maidir leis na staidéir agus na trialacha sin.

Airteagal 41

Cearta a bhaineann le paitinní

Maidir le cur i gcrích na dtástálacha, na staidéar agus na dtrialacha is gá d’fhonn iarratas a chur isteach ar údarú margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 18, ní mheasfar go bhfuil siad contrártha do chearta a bhaineann le paitinní ná deimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta agus táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine.



CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE HÚDARUITHE MARGAÍOCHTA



Roinn 1

Údaruithe margaíochta atá bailí ar fud an Aontais (“údaruithe margaíochta láraithe”)

Airteagal 42

Raon feidhme an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta láraithe

1.  
Beidh údaruithe margaíochta láraithe bailí ar fud an Aontais.
2.  

Beidh feidhm ag an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta láraithe i dtaca leis na táirgí íocshláinte tréidliachta seo a leanas:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a forbraíodh trí cheann amháin de na próisis bhith-theicneolaíocha seo a leanas:

(i) 

teicneolaíocht DNA athchuingrigh;

(ii) 

léiriú rialaithe ar chódú géine i gcás próitéiní atá gníomhach go bitheolaíoch i bprócaróit agus in eocaróit lena n-áirítear cealla claochlaithe mamacha;

(iii) 

modhanna antasubstainte monaclónacha agus hibriodóma;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha lena n-úsáid go príomha mar fheabhsaitheoirí feidhmíochta d’fhonn fás ainmhithe cóireáilte a chur chun cinn nó táirgeacht ainmhithe cóireáilte a mhéadú;

(c) 

táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil substaint ghníomhach nach bhfuil ceadaithe mar tháirge íocshláinte tréidliachta laistigh den Aontas tráth a ndéantar an t-iarratas a chur isteach;

(d) 

táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha ina bhfuil fíocháin nó cealla allaigineacha atá modhnaithe, nó atá comhdhéanta díobh;

(e) 

táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe.

3.  
Ní bheidh feidhm ag pointí (d) agus (e) de mhír 2 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil iontu ach comhpháirteanna fola.
4.  
Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta cé is moite de na táirgí sin dá dtagraítear i mír 2, féadfar údarú margaíochta láraithe a dheonú murar deonaíodh aon údarú margaíochta eile don táirge íocshláinte tréidliachta laistigh den Aontas.

Airteagal 43

Iarratas ar údarú margaíochta láraithe

1.  
Cuirfear iarratas ar údarú margaíochta láraithe faoi bhráid na Gníomhaireachta. Beidh an táille is iníoctha leis an nGníomhaireacht as an iarratas a scrúdú ag gabháil leis an iarratas sin.
2.  
Luafar san iarratas ar údarú margaíochta láraithe le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta ainm amháin don táirge íocshláinte tréidliachta a úsáidfear ar fud an Aontais.

Airteagal 44

An nós imeachta maidir le húdarú margaíochta láraithe

1.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 43. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht, mar thoradh ar an measúnú, tuairim ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33.
2.  
Eiseoidh an Ghníomhaireacht an tuairim dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 210 lá ó iarratas bailí a fháil. Go heisceachtúil, i gcás ina bhfuil gá le saineolas ar leith, féadfar síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama.
3.  
Nuair a chuirtear isteach iarratas ar údarú margaíochta i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta ar díol mór spéise iad, go háirithe ó thaobh sláinte ainmhithe agus nuálaíocht theiripeach de, féadfaidh an t-iarratasóir nós imeachta maidir le measúnú brostaithe a iarraidh. Beidh bunús cuí leis an iarraidh. Má ghlacann an Ghníomhaireacht leis an iarraidh, laghdófar an teorainn ama ó 210 lá go 150 lá.
4.  
Cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuairim ar aghaidh chuig an iarratasóir. Laistigh de 15 lá ón tuairim a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir fógra scríofa a chur chuig an nGníomhaireacht ag cur in iúl di go dteastaíonn athscrúdú uaidh nó uaithi ar an tuairim. I gcás den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagal 45.
5.  
I gcás nach bhfuil fógra i scríbhinn tugtha ag an iarratasóir i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Ghníomhaireacht a tuairim, gan moill mhíchuí, ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
6.  
Féadfaidh an Coimisiún soiléirithe a iarraidh ón nGníomhaireacht i ndáil le hábhar na tuairime, agus sa chás sin tabharfaidh an Ghníomhaireacht freagra ar an iarraidh sin laistigh de 90 lá.
7.  
Déanfaidh an t-iarratasóir na haistriúcháin is gá ar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar bhileog an phacáiste agus ar an lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 7, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an nGníomhaireacht, ach tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear an dréachtchinneadh chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo.
8.  
Laistigh de 15 lá ó thuairim na Gníomhaireachta a fháil, ullmhóidh an Coimisiún dréachtchinneadh atá le déanamh i leith an iarratais. I gcás ina mbeidh sé beartaithe i ndréachtchinneadh údarú margaíochta a dheonú, áireofar ann tuairim na Gníomhaireachta arna hullmhú i gcomhréir le mír 1. I gcás nach mbeidh dréachtchinneadh i gcomhréir le tuairim na Gníomhaireachta, cuirfidh an Coimisiún míniúchán mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí i gceangal leis. Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchinneadh ar aghaidh chuig údaráis inniúla na mBallstát agus chuig an iarratasóir.
9.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh chun údarú margaíochta láraithe a dheonú nó a dhiúltú i gcomhréir leis an Roinn seo agus ar bhonn thuairim na Gníomhaireachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
10.  
Cuirfidh an Ghníomhaireacht a tuairim ar fáil go poiblí, tar éis di aon fhaisnéis rúnda tráchtála a scriosadh.

Airteagal 45

Tuairim na Gníomhaireachta a athscrúdú

1.  
I gcás ina ndéanann an t-iarratasóir iarraidh ar thuairim na Gníomhaireachta a athscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 44(4), cuirfidh an t-iarratasóir sin forais mhionsonraithe maidir le hiarraidh den sórt sin chuig an nGníomhaireacht laistigh de 60 lá ón tuairim a fháil.
2.  
Laistigh de 90 lá tar éis na forais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht athscrúdú ar a tuairim. Cuirfear na conclúidí ar thángthas orthu agus na cúiseanna a bhí leis na conclúidí sin i gceangal lena tuairim agus beidh siad mar chuid dhílis di.
3.  
Laistigh de 15 lá tar éis a tuairim a athscrúdú, cuirfidh an Ghníomhaireacht a tuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an iarratasóir.
4.  
Tar éis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 44(6) go (10).



Roinn 2

Údaruithe margaíochta atá bailí i mBallstát amháin (“údaruithe margaíochta náisiúnta”)

Airteagal 46

Raon feidhme an údaraithe margaíochta náisiúnta

1.  
Cuirfear iarratas ar údarú margaíochta náisiúnta faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát a bhfuil an t-údarú á chur isteach ina leith. Deonóidh an t-údarás inniúil údarú margaíochta náisiúnta i gcomhréir leis an Roinn seo agus leis na forálacha náisiúnta is infheidhme. Beidh údarú margaíochta náisiúnta bailí i mBallstát an údaráis inniúil a dheonaigh é, agus sa Bhallstát sin amháin.
2.  
Ní dheonófar údaruithe margaíochta náisiúnta maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42(2), nó ar deonaíodh údarú margaíochta náisiúnta ina leith, nó a bhfuil iarratas ar údarú margaíochta náisiúnta ina leith ar feitheamh i mBallstát eile tráth an iarratais.

Airteagal 47

An nós imeachta maidir le húdarú margaíochta náisiúnta

1.  
Cuirfear an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta náisiúnta a dheonú nó a dhiúltú le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta i gcrích laistigh de 210 lá ar a mhéad ón iarratas bailí a chur isteach.
2.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil mheasúnaithe ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33.
3.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil an tuarascáil mheasúnaithe ar fáil go poiblí, tar éis dó aon fhaisnéis rúnda tráchtála a scriosadh.



Roinn 3

Údaruithe margaíochta atá bailí i roinnt Ballstát (“údaruithe margaíochta díláraithe”)

Airteagal 48

Raon feidhme an údaraithe margaíochta dhíláraithe

1.  
Deonóidh na húdaráis inniúla údaruithe margaíochta díláraithe sna Ballstáit ina bhfuil an t-iarratasóir ag lorg údarú margaíochta (“Ballstáit lena mbaineann”) i gcomhréir leis an Roinn seo. Beidh údaruithe margaíochta díláraithe den sórt sin bailí sna Ballstáit sin.
2.  
Ní dheonófar na húdaruithe margaíochta díláraithe maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta ar deonaíodh údarú margaíochta náisiúnta ina leith, nó a bhfuil iarratas ar údarú margaíochta ar feitheamh tráth an iarratais ar údarú margaíochta díláraithe, nó a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42(2).

Airteagal 49

An nós imeachta maidir le húdarú margaíochta díláraithe

1.  
Déanfar iarratas ar údarú margaíochta díláraithe a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát arna roghnú ag an iarratasóir chun tuarascáil mheasúnaithe a ullmhú agus chun gníomhú i gcomhréir leis an Roinn seo (“an Ballstát tagartha”) agus leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann.
2.  
San iarratas, beidh liosta de na Ballstáit lena mbaineann.
3.  
Más rud é go gcuireann an t-iarratasóir in iúl nach bhfuiltear ag breithniú ar cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann mar Bhallstát lena mbaineann a thuilleadh, cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sin aon fhaisnéis ar fáil don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha agus do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann, ar faisnéis í a mheasann siad a bheith ábhartha i ndáil le haistarraingt an iarratais.
4.  
Laistigh de 120 lá tar éis dó iarratas bailí a fháil, ullmhóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha tuarascáil mheasúnaithe ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33 agus cuirfidh sé chuig na húdaráis inniúla í sna Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.
5.  
Laistigh de 90 lá tar éis dóibh an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann an tuarascáil a scrúdú agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha ar an eolas má tá aon agóid acu ina coinne ar an bhforas go bhféadfadh riosca tromchúiseach féideartha a bheith ag baint le táirge íocshláinte tréidliachta do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol. Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha an tuarascáil mheasúnaithe a thiocfaidh as an scrúdú sin ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.
6.  
Arna iarraidh sin don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha nó don údarás inniúil in aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann, tionólfar an grúpa comhordúcháin chun an tuarascáil mheasúnaithe a scrúdú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 5.
7.  
I gcás ina mbeidh an tuarascáil mheasúnaithe fabhrach agus nach gcuirfidh aon údarás inniúil in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha go bhfuil agóid ina coinne, dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Ballstát an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha a thaifeadadh go bhfuil comhaontú ann, an nós imeachta a thabhairt chun críche agus, gan moill mhíchuí, an t-iarratasóir agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit a chur ar an eolas dá réir sin. Deonóidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann údarú margaíochta i gcomhréir leis an tuarascáil mheasúnaithe laistigh de 30 lá ón bhfaisnéis faoin gcomhaontú a fháil ón údarás inniúil sa Bhallstát tagartha agus na haistriúcháin iomlána ar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste a fháil ón iarratasóir.
8.  
I gcás ina mbeidh an tuarascáil mheasúnaithe neamhfhabhrach agus nach gcuirfidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann agóid ina coinne in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, mar atá leagtha amach i mír 5, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha a thaifeadadh go bhfuil diúltú ann maidir leis an údarú margaíochta a dheonú, déanfar an nós imeachta a thabhairt chun críche agus, gan moill mhíchuí, an t-iarratasóir agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile a chur ar an eolas dá réir.
9.  
I gcás ina gcuireann údarás inniúil i mBallstát lena mbaineann agóid i gcoinne na tuarascála measúnaithe in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54.
10.  
Más rud é tráth ar bith le linn an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta díláraithe go n-agraíonn an t-údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann na cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 110(1) maidir leis an táirge íocshláinte tréidliachta a thoirmeasc, ní dhéanfar an Ballstát sin a mheas mar Bhallstát lena mbaineann a thuilleadh.
11.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha an tuarascáil mheasúnaithe ar fáil go poiblí, tar éis dóibh aon fhaisnéis rúnda tráchtála a scriosadh.

Airteagal 50

Iarraidh ón iarratasóir ar athscrúdú ar an tuarascáil mheasúnaithe

1.  
Laistigh de 15 lá tar éis an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 49(5) a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir fógra scríofa a chur ar fáil don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha ag iarraidh go ndéanfar athscrúdú ar an tuarascáil mheasúnaithe. Sa chás sin, cuirfidh an t-iarratasóir na forais mhionsonraithe le hiarraidh den sórt sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil laistigh de 60 lá ón tuarascáil mheasúnaithe a fháil. Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha an iarraidh sin agus na forais mhionsonraithe ar aghaidh gan aon mhoill mhíchuí chuig an ngrúpa comhordúcháin.
2.  
Déanfaidh an grúpa comhordúcháin athscrúdú ar an tuarascáil mheasúnaithe laistigh de 60 lá tar éis na forais mhionsonraithe don iarraidh ar athscrúdú ar an tuarascáil mheasúnaithe a fháil. Cuirfear na conclúidí ar tháinig an grúpa comhordúcháin orthu agus na cúiseanna a bhí leo i gceangal leis an tuairim agus beidh siad mar chuid dhílis di.
3.  
Laistigh de 15 lá ón athscrúdú ar an tuarascáil mheasúnaithe, cuirfidh an Ballstát tagartha an tuarascáil mheasúnaithe ar aghaidh chuig an iarratasóir.
4.  
Tar éis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 49(7), (8), (10) agus (11).



Roinn 4

Aitheantas frithpháirteach d’údaruithe margaíochta náisiúnta

Airteagal 51

Raon feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh d’údaruithe margaíochta náisiúnta

Déanfar údarú margaíochta náisiúnta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta, arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 47, i mBallstáit eile i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 52.

Airteagal 52

An nós imeachta maidir le haitheantas frithpháirteach d’údaruithe margaíochta náisiúnta

1.  
Déanfar iarratas ar aitheantas frithpháirteach d’údarú margaíochta náisiúnta a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát a dheonaigh an t-údarú margaíochta náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 47 (“an Ballstát tagartha”) agus chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil an t-iarratasóir ag lorg údarú margaíochta (“na Ballstáit lena mbaineann”).
2.  
Sonrófar san iarratas ar aitheantas frithpháirteach na Ballstáit lena mbaineann
3.  
Sé mhí ar a laghad a bheidh idir dáta an chinnidh lena ndeonaítear an t-údarú margaíochta náisiúnta agus dáta cur isteach an iarratais ar aitheantas frithpháirteach an údaraithe margaíochta náisiúnta sin.
4.  
Más rud é go gcuireann an t-iarratasóir in iúl nach ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann a mheas mar Bhallstát nó mar Bhallstáit lena mbaineann a thuilleadh„ cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sin aon fhaisnéis a mheasann siad a bheith ábhartha i ndáil le haistarraingt an iarratais a chur ar fáil don Bhallstát tagartha agus do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann.
5.  
Laistigh 90 lá tar éis dó iarratas bailí ar aitheantas frithpháirteach a fháil, ullmhóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33 faoin táirge íocshláinte tréidliachta agus cuirfidh sé chuig na húdaráis inniúla í sna Ballstáit eile lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.
6.  
Laistigh de 90 lá tar éis dóibh an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann í a scrúdú agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha ar an eolas má tá aon agóid acu ina coinne ar an bhforas go bhféadfadh riosca tromchúiseach féideartha a bheith ag baint leis an táirge íocshláinte tréidliachta do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol. Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha an tuarascáil mheasúnaithe a eascraíonn as an scrúdú sin a chur ar aghaidh chuig na húdaráis eile lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.
7.  
Arna iarraidh sin don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha nó don údarás inniúil in aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann, tionólfar an grúpa comhordúcháin chun an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe a scrúdú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 6.
8.  
I gcás nach gcuirfidh aon údarás inniúil in aon Bhallstát lena mbaineann an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha ar an eolas maidir le hagóid i gcoinne na tuarascála measúnaithe nuashonraithe, dá dtagraítear i mír 6, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha a thaifeadadh go bhfuil comhaontú ann, déanfaidh sé an nós imeachta a thabhairt chun críche agus, gan aon mhoill mhíchuí, na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile a chur ar an eolas dá réir sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann údarú margaíochta a dheonú i gcomhréir leis an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe laistigh de 30 lá ón bhfaisnéis faoin gcomhaontú a fháil ón údarás inniúil sa Bhallstát tagartha agus na haistriúcháin iomlána ar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste a fháil ón iarratasóir.
9.  
I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil i mBallstát lena mbaineann agóid i gcoinne na tuarascála measúnaithe nuashonraithe in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54.
10.  
Más rud é tráth ar bith le linn an nós imeachta um aitheantas frithpháirteach go n-agraíonn an t-údarás inniúil i mBallstát lena mbaineann na cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 110(1) maidir le táirge íocshláinte tréidliachta a thoirmeasc, ní mheasfar a thuilleadh gur Ballstát lena mbaineann é an Ballstát sin.
11.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha an tuarascáil mheasúnaithe ar fáil go poiblí, tar éis dóibh aon fhaisnéis rúnda tráchtála a scriosadh.



Roinn 5

Aitheantas ina dhiaidh sin sa nós imeachta um aitheantas frithpháirteach agus sa nós imeachta maidir le húdarú margaíochta díláraithe

Airteagal 53

Aitheantas ina dhaidh sin d’údaruithe margaíochta ag Ballstáit bhreise lena mbaineann

1.  

Tar éis nós imeachta díláraithe arna leagan síos in Airteagal 49 nó nós imeachta um aitheantas frithpháirteach arna leagan síos in Airteagal 52 a thabhairt chun críche lena ndeonaítear údarú margaíochta, féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil sna Ballstáit bhreise eile lena mbaineann agus chuig an údarás inniúil sa Bhallstát tagartha dá dtagraítear in Airteagal 49 nó 52, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Sa bhreis ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8, áireofar an méid seo a leanas san iarratas:

(a) 

liosta de na cinntí go léir lena ndéantar údaruithe margaíochta a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta a dheonú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(b) 

faisnéis faoi na modhnuithe a tugadh isteach ó deonaíodh an t-údarú margaíochta leis an nós imeachta díláraithe arna leagan síos in Airteagal 49(7) nó leis an nós imeachta um aitheantas frithpháirteach arna leagan síos in Airteagal 52(8);

(c) 

tuarascáil achoimre maidir le sonraí faireachais cógais.

2.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha dá dtagraítear in Airteagal 49 nó 52, de réir mar is infheidhme, an cinneadh maidir le deonú an údaraithe margaíochta agus aon mhodhnuithe air a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhreise lena mbaineann laistigh de 60 lá agus, déanfaidh sé tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe maidir leis an údarú margaíochta sin agus na modhnuithe sin, de réir mar is infheidhme, a ullmhú agus a chur ar aghaidh, laistigh den tréimhse sin, agus déanfaidh sé an t-iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin.
3.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát breise lena mbaineann údarú margaíochta a dheonú i gcomhréir leis an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 60 lá ó na sonraí agus an fhaisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus na haistriúcháin iomlána ar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste a fháil.
4.  
De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, má tá cúiseanna ag an údarás inniúil i mBallstát eile lena mbaineann maidir le húdarú margaíochta a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfadh an táirge íocshláinte tréidliachta a bheith ina riosca tromchúiseach féideartha do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol, déanfaidh sé a chuid agóidí, ar a dhéanaí laistigh de thréimhse 60 lá tar éis na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fháil, agus déanfaidh sé ráiteas mionsonraithe de na cúiseanna a chur ar fáil don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha dá dtagraítear in Airteagal 49 nó 52, de réir mar is infheidhme, agus do na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann, dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus don iarratasóir.
5.  
I gcás agóidí a dhéanann an t-údarás inniúil i mBallstát breise lena mbaineann i gcomhréir le mír 4, glacfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha aon bhearta iomchuí chun teacht ar chomhaontú maidir leis na hagóidí a rinneadh. Déanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát tagartha agus sa Bhallstát breise lena mbaineann a ndícheall chun teacht ar chomhaontú maidir leis an mbeart atá le déanamh.
6.  
Tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha deis don iarratasóir tuairim an iarratasóra maidir leis na hagóidí a rinne an t-údarás inniúil i mBallstát breise lena mbaineann a sholáthar ó bhéal nó i scríbhinn.
7.  
I gcás, i ndiaidh na mbeart arna ndéanamh ag an údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, ina mbeidh comhaontú ann idir na húdaráis inniúla sa Bhallstát tagartha agus sna Ballstáit a dheonaigh údarú margaíochta cheana agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhreise lena mbaineann, déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit bhreise lena mbaineann údarú margaíochta a dheonú i gcomhréir le mír 3.
8.  
Más rud é nach raibh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha in ann teacht ar chomhaontú leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann agus sa Bhallstáit bhreise lena mbaineann laistigh de 60 lá ón dáta a rinneadh na hagóidí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ar a dhéanaí, déanfaidh sé an t-iarratas mar aon leis an tuarascáil mheasúnaithe nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus agóidí na n-údarás inniúil sna Ballstáit bhreise lena mbaineann a tharchur chuig an ngrúpa comhordúcháin i gcomhréir leis an nós imeachta um athbhreithniú a leagtar síos in Airteagal 54.



Roinn 6

An nós imeachta um athbhreithniú

Airteagal 54

An nós imeachta um athbhreithniú

1.  
Más rud é go ndéanann an t-údarás inniúil i mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagail 49(5), 52(6), 53(8) nó 66(8), agóid dá dtagraítear sna hAirteagail sin i gcoinne na tuarascála measúnaithe nó na tuarascála measúnaithe nuashonraithe faoi seach, déanfaidh sé ráiteas mionsonraithe faoi na cúiseanna atá le haon agóid den sórt sin a chur ar fáil gan aon mhoill mhíchuí don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, do na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann agus don iarratasóir nó do shealbhóir an údaraithe margaíochta. Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha na pointí easaontais a tharchur gan mhoill chuig an ngrúpa comhordúcháin.
2.  
Glacfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, laistigh de 90 lá ón agóid a fháil, aon bhearta iomchuí chun teacht ar chomhaontú maidir leis an agóid a dhéantar.
3.  
Tabharfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha deis don iarratasóir nó do shealbhóir an údaraithe margaíochta a thuairim nó a tuairim maidir leis an agóid a rinneadh a sholáthar ó bhéal nó i scríbhinn.
4.  
I gcás ina mbeidh comhaontú ann idir na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 49(1), 52(1), 53(1) agus 66(1), déanfaidh an t-údarás sa Bhallstát tagartha an nós imeachta a thabhairt chun críche agus déanfar an t-iarratasóir nó sealbhóir an údaraithe margaíochta a chur ar an eolas. Déanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann údarú margaíochta a dheonú nó a mhodhnú.
5.  
Nuair a thiocfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 49(1), 52(1), 53(1) agus 66(1) ar chomhaontú trí chomhthoil an t-údarú margaíochta a dhiúltú nó an modhnú a shéanadh, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha an nós imeachta a thabhairt chun críche agus an t-iarratasóir nó sealbhóir an údaraithe margaíochta a chur ar an eolas maidir leis sin, agus údar cuí don diúltú nó don séanadh á thabhairt. Ina dhiaidh sin, déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann an t-údarú margaíochta a dhiúltú nó an modhnú a shéanadh.
6.  
Más rud é nach féidir teacht ar chomhaontú i measc na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagail 49(1), 52(1), 53(1) agus 66(1) trí chomhthoil, déanfaidh an grúpa comhordúcháin an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagail 49(5), 52(6), 53(2) agus 66(3), faoi seach, mar aon leis an bhfaisnéis faoi na pointí easaontais a sholáthar don Choimisiún laistigh de 90 lá ar a dhéanaí ón dáta a rinneadh an agóid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
7.  
Laistigh de 30 lá ón tuarascáil agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, déanfaidh an Coimisiún dréachtchinneadh a ullmhú atá le déanamh i leith an iarratais. Déanfaidh an Coimisiún an dréachtchinneadh a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla agus chuig an iarratasóir nó chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta.
8.  
Féadfaidh an Coimisiún soiléirithe a iarraidh ó na húdaráis inniúla agus ón nGníomhaireacht. Déanfar na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 7 a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear na soiléirithe ar fáil.
9.  
Chun críche an nós imeachta um chomhroinnt na hoibre maidir le modhnuithe a éilíonn measúnú i gcomhréir le hAirteagal 66, le tagairtí d’údarás inniúil sa Bhallstát tagartha san Airteagal seo, tuigfear gur tagairtí d’údarás inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3) atá i gceist, agus le tagairtí do Bhallstáit lena mbaineann, tuigfear gur tagairtí do Bhallstáit ábhartha atá i gceist.
10.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh chun údarú margaíochta a dheonú, a athrú, a dhiúltú nó a chúlghairm nó chun modhnú a dhiúltú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



CAIBIDIL IV

BEARTA TAR ÉIS ÚDARÚ MARGAÍOCHTA



Roinn 1

Bunachar sonraí táirgí an Aontais

Airteagal 55

Bunachar sonraí an Aontais maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta

1.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta (“bunachar sonraí táirgí”) a bhunú agus déanfaidh sí, i gcomhar leis na Ballstáit, é a chothabháil.
2.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa bhunachar sonraí táirgí:

(a) 

i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú laistigh den Aontas ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis inniúla:

(i) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta;

(ii) 

substaint ghníomhach nó substaintí gníomhacha, agus neart an táirge íocshláinte tréidliachta;

(iii) 

an achoimre ar shaintréithe an táirge;

(iv) 

an bhileog phacáiste;

(v) 

an tuarascáil mheasúnaithe;

(vi) 

liosta de na láithreáin ina monaraítear an táirge íocshláinte tréidliachta; agus

(vii) 

na dátaí ar cuireadh an táirge íocshláinte tréidliachta ar an margadh i mBallstát;

(b) 

i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha arna gclárú i gcomhréir le Caibidil V laistigh den Aontas ag na húdaráis inniúla:

(i) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapataigh atá cláraithe;

(ii) 

an bhileog phacáiste; agus

(iii) 

liostaí de na láithreáin ina monaraítear an táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach;

(c) 

táirgí íocshláinte tréidliachta arna gceadú lena n-úsáid i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(6);

(d) 

líon bliantúil na ndíolachán agus faisnéis faoi infhaighteacht gach táirge íocshláinte tréidliachta.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta agus na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh lena leagfar síos:

(a) 

sonraíochtaí teicniúla an bhunachair sonraí táirgí lena n-áirítear an sásra malartaithe sonraí leictreonacha chun malartú leis na córais náisiúnta atá ann cheana agus leis an bhformáid lena gcur isteach go leictreonach;

(b) 

na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an bhunachair sonraí táirgí, go háirithe chun cosaint faisnéise rúnda tráchtála agus slándáil malartaithe faisnéise a áirithiú;

(c) 

sonraíochtaí mionsonraithe den fhaisnéis atá le háireamh, atá le nuashonrú agus atá le comhroinnt sa bhunachar sonraí táirgí, agus an té a dhéanfaidh sin;

(d) 

socruithe teagmhasacha atá le cur i bhfeidhm i gcás nach mbeidh aon cheann d’fheidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí táirgí ar fáil;

(e) 

i gcás inarb iomchuí, na sonraí atá le háireamh sa bhunachar sonraí táirgí i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 56

Rochtain ar an mbunachar sonraí táirgí

1.  
Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis inniúla, ag an nGníomhaireacht agus ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí táirgí.
2.  
Beidh rochtain iomlán ag sealbhóirí údaruithe margaíochta ar an bhfaisnéis sa bhunachar sonraí táirgí i ndáil lena n-údaruithe margaíochta féin.
3.  
Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar fhaisnéis sa bhunachar sonraí táirgí, gan an fhéidearthacht an fhaisnéis atá ann a athrú, maidir leis an liosta táirgí íocshláinte tréidliachta, an achoimre ar shaintréithe an táirge, bileoga pacáiste agus, tar éis don údarás inniúil aon fhaisnéis rúnda tráchtála a scriosadh, tuarascálacha measúnaithe.



Roinn 2

Sonraí a bhailiú ag na Ballstáit agus freagrachtaí sealbhóirí údaruithe margaíochta

Airteagal 57

Sonraí maidir le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáidtear ar ainmhithe a bhailiú

1.  
Déanfaidh na Ballstáit sonraí ábhartha agus inchomparáide a bhailiú maidir le toirt agus maidir le húsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáidtear ar ainmhithe, go háirithe ionas go mbeifear in ann meastóireacht dhíreach nó indíreach a dhéanamh ar úsáid táirgí den sórt sin ar bhia-ainmhithe ar leibhéal na feirme, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 5.
2.  
Seolfaidh na Ballstáit sonraí comhthiomsaithe maidir le méid na ndíolachán agus úsáid de réir speicis ainmhithe agus de réir na gcineálacha táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáidtear ar ainmhithe chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le mír 5 agus laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear inti. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun na sonraí sin a anailísiú agus foilseoidh sí tuarascáil bhliantúil. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí sin a chur san áireamh agus aon treoirlínte agus moltaí ábhartha á nglacadh acu.
3.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147, chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh, lena mbunaítear na ceanglais i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

na cineálacha táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáidtear ar ainmhithe a mbaileofar sonraí ina leith;

(b) 

an dearbhú cáilíochta a chuirfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht i bhfeidhm chun cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí a áirithiú; agus

(c) 

na rialacha maidir leis na modhanna chun sonraí a bhailiú ar úsáid na dtáirgí a úsáidtear ar ainmhithe agus ar an modh chun na sonraí sin a sheoladh chuig an nGníomhaireacht.

4.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid a bhunú chun na sonraí atá le bailiú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
5.  

Beidh cead ag na Ballstáit cur chuige forchéimnitheach céim ar chéim a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo ionas:

(a) 

laistigh de 2 bhliain ón 28 Eanáir 2022, go mbaileofar sonraí, ar a laghad, maidir leis na speicis agus na catagóirí a áirítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/652/AE ón gCoimisiún ( 6 ) ina leagan ón11 Nollaig 2018;

(b) 

laistigh de 5 bliana ón 28 Eanáir 2022, go mbaileofar sonraí maidir le gach speiceas ainmhí ar bia-ainmhithe iad;

(c) 

laistigh de 8 mbliana ón 28 Eanáir 2022, go mbaileofar sonraí maidir le hainmhithe eile a phóraítear nó a choimeádtar.

6.  
Ní thuigfear le haon ní i bpointe (c) de mhír 5 go n-áireofar oibleagáid ann maidir le sonraí a bhailiú ó dhaoine nádúrtha a choimeádann ainmhithe coimhdeachta.

Airteagal 58

Freagrachtaí shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta

1.  
Beidh sealbhóir an údaraithe margaíochta freagrach as margú a tháirgí íocshláinte tréidliachta. Ní bhainfear an fhreagracht dhlíthiúil de shealbhóir údaraithe margaíochta tar éis ionadaí a ainmniú.
2.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta, laistigh de theorainneacha a fhreagrachtaí, soláthairtí iomchuí agus leanúnacha dá tháirgí a áirithiú.
3.  
Tar éis d’údarú margaíochta a bheith deonaithe, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a chur san áireamh i leith mhodhanna an phróisis monaraíochta agus an rialaithe a luaitear san iarratas ar údarú margaíochta sin agus tabharfaidh sé isteach aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun go mbeifear in ann an táirge tréidliachta a mhonarú agus a rialú trí mhodhanna eolaíocha a bhfuil glacadh leo go ginearálta. Beidh tabhairt isteach na n-athruithe sin faoi féir na nósanna imeachta atá leagtha síos i Roinn 3 den Chaibidil seo.
4.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta a áirithiú go gcoimeádfar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar an mbileog phacáiste agus ar an lipéadú cothrom le dáta leis an eolas eolaíoch reatha.
5.  
Ní chuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha agus táirge íocshláinte tréidliachta hibrideacha ar mhargadh an Aontais go dtí go mbeidh an tréimhse chosanta don doiciméadacht theicniúil le haghaidh an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha caite, mar atá leagtha amach in Airteagal 39 agus Airteagal 40.
6.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an méid seo a leanas a thaifeadadh sa bhunachar sonraí táirgí: na dátaí a gcuirfear a tháirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe ar an margadh, faisnéis faoi infhaighteacht gach táirge íocshláinte tréidliachta i ngach Ballstát ábhartha agus, de réir mar is infheidhme, dátaí aon fhionraí nó cúlghairm ar na húdaruithe margaíochta lena mbaineann.
7.  
Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta cainníochtaí leordhóthanacha samplaí ionas go mbeifear in ann rialuithe a dhéanamh ar a tháirgí íocshláinte tréidliachta arna gcur ar mhargadh an Aontais.
8.  
Arna iarraidh sin d’údarás inniúil, cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an saineolas teicniúil chun cur chun feidhme an mhodha anailísigh chun iarmhair a aimsiú i dtáirgí íocshláinte tréidliachta a éascú i saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh arna hainmniú faoi Rialachán (AE) 2017/625.
9.  
Arna iarraidh sin d’údarás inniúil nó don Ghníomhaireacht, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta, laistigh den teorainn ama a shocraítear san iarraidh sin, sonraí a chur ar fáil a léiríonn gur fós dearfach an chothromaíocht sochair-riosca.
10.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an t-údarás inniúil, a dheonaigh an t-údarú margaíochta, nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon toirmeasc nó srian arna fhorchur ag údarás inniúil nó ag údarás i dtríú tír agus faoi aon fhaisnéis nua eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú ar na tairbhí agus ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann, lena n-áirítear toradh an phróisis bainistithe comharthaí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 81.
11.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na sonraí go léir atá ina sheilbh maidir le líon dhíolacháin an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann a chur ar fáil don údarás inniúil, don Choimisiún nó don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, laistigh den teorainn ama atá socraithe.
12.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta líon bliantúil na ndíolachán le haghaidh gach ceann dá tháirgí íocshláinte tréidliachta a thaifeadadh sa bhunachar sonraí táirgí.
13.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an t-údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú margaíochta, nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon ghníomhaíocht a bheartaíonn an sealbhóir a ghlacadh chun deireadh a chur le margú táirge íocshláinte tréidliachta sula ndéanfar gníomhaíocht den sórt sin, in éineacht leis na cúiseanna atá le gníomhaíocht den sórt sin.

Airteagal 59

Fiontair bheaga agus mheánmhéide

Glacfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, bearta iomchuí chun comhairle a thabhairt do FBManna maidir le ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.



Roinn 3

Athruithe ar théarmaí na n-údaraithe margaíochta

Airteagal 60

Modhnuithe

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta modhnuithe nach n-éilíonn measúnú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
2.  

Cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh acu dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

an gá le measúnú eolaíocha ar athruithe d’fhonn an riosca do shláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a chinneadh;

(b) 

an bhfuil tionchar ag na hathruithe ar cháilíocht, ar shábháilteacht nó ar éifeachtúlacht an táirge íocshláinte thréidliachta;

(c) 

an gciallaíonn athruithe nach dtiocfaidh ach athrú beag ar an achoimre ar shaintréithe an táirge;

(d) 

an de chineál riaracháin iad na hathruithe.

Airteagal 61

Modhnuithe nach n-éilíonn measúnú

1.  
I gcás ina gcuirtear modhnú ar an liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 60(1), déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an t-athrú a thaifeadadh agus áireoidh sé, de réir mar is infheidhme, an achoimre ar shaintréithe an táirge, an lipéadú nó an bhileog phacáiste i dteangacha dá dtagraítear in Airteagal 7, sa bhunachar sonraí táirgí laistigh de 30 lá tar éis chur chun feidhme an mhodhnaithe sin.
2.  
Más gá, déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás ina bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe faoin nós imeachta maidir le húdarú margaíochta láraithe, an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasú ar an údarú margaíochta i gcomhréir leis an athrú atá taifeadta amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
3.  
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha nó, i gcás modhnú ar théarmaí údaraithe margaíochta náisiúnta, údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, sealbhóir an údaraithe margaíochta agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit ábhartha a chur ar an eolas maidir le cibé acu an ndearnadh an modhnú a fhormheas nó a dhiúltú tríd an bhfaisnéis sin a thaifeadadh sa bhunachar sonraí táirgí.

Airteagal 62

Iarratas ar mhodhnuithe a éilíonn measúnú

1.  
I gcás nach gcuirtear modhnú ar an liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 60(1), déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta iarratas ar mhodhnú a éilíonn measúnú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú margaíochta nó faoi bhráid na Gníomhaireachta, de réir mar is infheidhme. Déanfar na hiarratais a chur isteach go leictreonach.
2.  

San iarratas dá dtagraítear i mír 1 beidh:

(a) 

tuairisc ar an modhnú;

(b) 

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8 atá ábhartha don mhodhnú;

(c) 

sonraí na n-údaruithe margaíochta a ndéanann an t-iarratas difear dóibh;

(d) 

i gcás ina mbeidh modhnuithe iarmhartacha ar théarmaí an údaraithe margaíochta chéanna mar thoradh ar an modhnú, tuairisc ar na modhnuithe iarmhartacha sin;

(e) 

i gcás ina mbaineann an modhnú le húdaruithe margaíochta a deonaíodh faoin nós imeachta um aitheantas frithpháirteach nó faoin nós imeachta díláraithe, liosta de na Ballstáit a dheonaigh na húdaruithe margaíochta sin.

Airteagal 63

Athruithe iarmhartacha ar fhaisnéis maidir leis an táirge

I gcás ina mbíonn athruithe iarmhartacha ar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar an lipéadú nó ar an mbileog phacáiste mar thoradh ar mhodhnú, measfar na hathruithe sin a bheith mar chuid den mhodhnú sin chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar mhodhnú.

Airteagal 64

Grúpaí modhnuithe

Nuair a chuireann sealbhóir an údaraithe margaíochta isteach ar roinnt modhnuithe nach bhfuil san áireamh ar liosta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 60(1) maidir leis an údarú margaíochta céanna nó ar mhodhnú amháin nach bhfuil sa liosta sin i dtaca le roinnt údaruithe margaíochta éagsúla, féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta sin iarratas amháin a thíolacadh le haghaidh na modhnuithe go léir.

Airteagal 65

An nós imeachta um chomhroinnt na hoibre

1.  
Nuair a chuireann sealbhóir an údaraithe margaíochta isteach ar mhodhnú amháin nó níos mó atá comhionann sna Ballstáit ábhartha uile agus nach bhfuil ar an liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 60(1) maidir le roinnt údaruithe margaíochta atá i seilbh shealbhóir céanna an údaraithe margaíochta agus atá deonaithe ag údaráis inniúla éagsúla nó ag an gCoimisiún, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta sin iarratas comhionann a chur faoi bhráid údaráis inniúla sna Ballstáit ábhartha uile agus, i gcás ina n-áirítear modhnú ar tháirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe go lárnach, faoi bhráid na Gníomhaireachta.
2.  
I gcás inar údarú margaíochta láraithe aon cheann de na húdaruithe margaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht an t-iarratas a mheasúnú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 66.
3.  
I gcás nach údaruithe margaíochta láraithe aon cheann de na húdaruithe margaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tiocfaidh an grúpa comhordúcháin ar chomhaontú maidir le húdarás inniúil ó na húdaráis a dheonaigh na húdaruithe margaíochta chun an t-iarratas a mheasúnú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 66.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh a bhaineann le feidhmiú an nós imeachta um chomhroinnt na hoibre. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 66

An nós imeachta maidir le modhnuithe a éilíonn measúnú

1.  
Más rud é go gcomhlíonann iarratas ar mhodhnú na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 62, aithneoidh an t-údarás inniúil, an Ghníomhaireacht, an t-údarás inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3), nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, de réir mar is infheidhme, laistigh de 15 lá go bhfuarthas iarratas bailí.
2.  
Más rud é go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, cuirfidh an Ghníomhaireacht, an t-údarás inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3), nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, de réir mar is infheidhme, de cheangal ar shealbhóir an údaraithe margaíochta an fhaisnéis agus an doiciméadacht atá in easnamh a chur ar fáil laistigh de theorainn ama réasúnta.
3.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, an t-údarás inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3), nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, de réir mar is infheidhme, an t-iarratas a mheas agus tuarascáil mheasúnaithe nó tuairim, faoi seach, a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 33, maidir leis an modhnú. Déanfar an tuarascáil mheasúnaithe sin nó an tuairim sin a ullmhú laistigh de 60 lá ón iarratas bailí a fháil. I gcás ina n-éilíonn an measúnú ar iarratas níos mó ama mar gheall ar a chastacht, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, síneadh ama 90 lá a chur leis an teorainn ama sin. I gcás den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha nó an Ghníomhaireacht sealbhóir an údaraithe margaíochta ar an eolas dá réir.
4.  
Laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, a cheangal ar shealbhóir an údaruithe margaíochta faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de theorainn ama réamhshocraithe. Cuirfear an nós imeachta ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise ar fáil.
5.  
Más rud é go bhfuil an tuairim dá dtagraítear i mír 3 ullmhaithe ag an nGníomhaireacht, cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig an gCoimisiún í agus chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta.
6.  
I gcás ina n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht an tuairim dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 65(2), cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit ábhartha, chuig an gCoimisiún agus chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta.
7.  
I gcás ina n-ullmhaíonn an t-údarás inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3) an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nó i gcás ina n-ullmhaíonn an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha í, déanfar í a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla i ngach Ballstát ábhartha agus chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta.
8.  
I gcás nach n-aontaíonn údarás inniúil leis an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fuair sé, beidh feidhm ag an nós imeachta um athbhreithniú a leagtar síos in Airteagal 54.
9.  
Faoi réir thoradh an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 8, más infheidhme, déanfar an tuairim nó an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3 ar aghaidh chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta gan mhoill.
10.  
Laistigh de 15 lá tar éis an tuairim nó an tuarascáil mheasúnaithe a fháil, féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, na Gníomhaireachta, an údaráis inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3), nó an údaráis inniúil sa Bhallstát tagartha, de réir mar is infheidhme, ar athscrúdú a dhéanamh ar an tuairim nó ar an tuarascáil mheasúnaithe. Déanfar forais mhionsonraithe maidir le hiarraidh a dhéanamh ar athscrúdú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, na Gníomhaireachta, an údaráis inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3) nó an údaráis inniúil sa Bhallstát tagartha, de réir mar is infheidhme, laistigh de 60 lá tar éis an tuairim nó an tuarascáil mheasúnaithe a fháil.
11.  
Laistigh de 60 lá ó na forais leis an iarraidh ar athscrúdú a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil, an Ghníomhaireacht, an t-údarás inniúil arna chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 65(3) nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha, de réir mar is infheidhme, athscrúdú ar phointí na tuairime nó na tuarascála measúnaithe arna sainaithint san iarraidh ar athscrúdú ag sealbhóir an údaraithe margaíochta agus déanfaidh siad tuairim athscrúdaithe nó tuarascáil mheasúnaithe a ghlacadh. Cuirfear na cúiseanna atá leis na conclúidí ar thángthas orthu i gceangal leis an tuairim athscrúdaithe nó leis an tuarascáil mheasúnaithe.

Airteagal 67

Bearta chun an nós imeachta maidir le modhnuithe a éilíonn measúnú a thabhairt chun críche

1.  
Laistigh de 30 lá tar éis an nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 66 a thabhairt chun críche agus tar éis na haistriúcháin iomlána ar achoimre an táirge, ar an lipéadú agus ar an mbileog phacáiste a fháil ó shealbhóir an údaraithe margaíochta, déanfaidh an t-údarás inniúil, an Coimisiún nó na húdaráis inniúla sna Ballstáit liostaithe i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 62(2), de réir is infheidhme, an t-údarú margaíochta a leasú nó an modhnú a dhiúltú i gcomhréir leis an tuairim nó an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sealbhóir an údaraithe margaíochta a chur ar an eolas maidir leis na forais leis an diúltú.
2.  
I gcás údarú margaíochta láraithe, déanfaidh an Coimisiún dréachtchinneadh a ullmhú atá le déanamh i leith an mhodhnaithe. I gcás nach bhfuil an dréachtchinneadh i gcomhréir le tuairim na Gníomhaireachta, soláthróidh an Coimisiún míniúchán mionsonraithe ar na cúiseanna nár glacadh le tuairim na Gníomhaireachta. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh chun an t-údarú margaíochta a leasú nó chun an modhnú a dhiúltú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
3.  
Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, fógra do shealbhóir an údaraithe margaíochta maidir leis an údarú margaíochta leasaithe gan mhoill.
4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil, an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, nó na húdaráis inniúla sna Ballstáit a liostaítear i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 62(2), de réir mar is infheidhme, an bunachar sonraí táirgí a nuashonrú dá réir.

Airteagal 68

Modhnuithe a éilíonn measúnú a chur chun feidhme

1.  
Ní fhéadfaidh sealbhóir údaraithe margaíochta modhnú a éilíonn measúnú a chur chun feidhme ach amháin go dtí go ndéanfaidh údarás inniúil nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, an cinneadh lena ndeonaítear an t-údarú margaíochta a leasú i gcomhréir leis an modhnú sin, teorainn ama lena chur chun feidhme a shocrú agus an méid sin a chur in iúl do shealbhóir an údaraithe margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 67(3).
2.  
Arna iarraidh sin d’údarás inniúil nó don Choimisiún, cuirfidh sealbhóir údaraithe margaíochta aon fhaisnéis ar fáil a bhaineann le modhnú a chur chun feidhme.



Roinn 4

Comhchuibhiú na n-achoimrí ar shaintréithe an táirge i gcás táirgí atá údaraithe go náisiúnta

Airteagal 69

Raon feidhme chomhchuibhiú na n-achoimrí ar shaintréithe táirge de tháirge íocshláinte tréidliachta

Déanfar achoimre chomhchuibhithe ar shaintréithe an táirge a ullmhú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 70 agus Airteagal 71 i gcás:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta tagartha a bhfuil comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil a substaintí gníomhacha mar an gcéanna agus a bhfuil an fhoirm chógaisíochta mar an gcéanna agus ar deonaíodh údaruithe margaíochta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 47 i mBallstáit éagsúla le haghaidh shealbhóir céanna an údaraithe margaíochta;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha agus hibrideacha.

Airteagal 70

An nós imeachta um chomhchuibhiú na n-achoimrí ar shaintréithe táirge i gcás na dtáirgí íocshláinte tréidliachta tagartha.

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de tháirgí íocshláinte tréidliachta tagartha agus a n-achoimre ar shaintréithe an táirge ar deonaíodh údarú margaíochta ina leith a chur isteach chuig an ngrúpa comhordúcháin gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 47 más rud é, de réir an údaráis inniúil, gur cheart go mbeidís faoi réir an nós imeachta um chomhchuibhiú a n-achoimrí ar shaintréithe an táirge.
2.  
Féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta cur isteach ar an nós imeachta chun achoimrí ar shaintréithe an táirge a chomhchuibhiú le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta tagartha trí liosta d’ainmneacha éagsúla an táirge íocshláinte tréidliachta sin agus trí na hachoimrí éagsúla ar shaintréithe an táirge ar deonaíodh údarú margaíochta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 47 i mBallstáit éagsúla a chur faoi bhráid an ghrúpa comhordúcháin.
3.  
Déanfaidh an grúpa comhordúcháin, agus na liostaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 nó aon iarratas arna fháil ó shealbhóir údaraithe margaíochta i gcomhréir le mír 2 á gcur san áireamh, liosta de tháirgí íocshláinte tréidliachta tagartha a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain i gcomhréir le mír 2 a bheidh faoi réir chomhchuibhiú a n-achoimrí ar shaintréith an táirge agus déanfaidh sé Ballstát tagartha a ainmniú le haghaidh gach táirge íocshláinte tréidliachta tagartha lena mbaineann.
4.  
Agus an liosta de tháirgí íocshláinte tréidliachta tagartha a bheidh faoi réir chomhchuibhiú a n-achoimrí ar shaintréith an táirge á tharraingt suas, féadfaidh an grúpa comhordúcháin cinneadh a dhéanamh maidir le tús áite a thabhairt dá chuid oibre i ndáil leis na hachoimrí ar shaintréithe an táirge a chomhchuibhiú, á gcur san áireamh moltaí na Gníomhaireachta maidir leis an aicme nó an grúpa de tháirgí íocshláinte tréidliachta tagartha a ndéanfar a chomhchuibhiú chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear bearta maolaithe chun riosca don chomhshaol a chosc.
5.  
Arna iarraidh sin don údarás inniúil sa Bhallstát tagartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta achoimre a chur ar fáil don ghrúpa comhordúcháin ina sonraítear na difríochtaí idir na hachoimrí ar shaintréithe an táirge, a mholadh le haghaidh achoimre chomhchuibhithe ar shaintréithe an táirge, ar an mbileog phacáiste agus an lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 7, agus beidh na sonraí iomchuí atá ann cheana, arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8 agus a bhaineann leis an moladh le haghaidh comhchuibhithe lena mbaineann mar thaca leo.
6.  
Laistigh de 180 lá ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha na doiciméid arna gcur isteach i gcomhréir le mír 5 a scrúdú i gcomhar le sealbhóir an údaraithe margaíochta, tuarascáil a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an ghrúpa comhordúcháin agus faoi bhráid shealbhóir an údaraithe margaíochta.
7.  
Tar éis dó an tuarascáil a fháil, má chomhaontaíonn an grúpa comhordúcháin le comhthoil maidir leis an achoimre chomhchuibhithe ar shaintréithe an táirge, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha a thaifeadadh go bhfuil an comhaontú sin ann, déanfaidh sé an nós imeachta a thabhairt chun críche, sealbhóir an údaraithe margaíochta a chur ar an eolas dá réir agus an achoimre chomhchuibhithe ar shaintréithe an táirge a tharchur chuig sealbhóir céanna an údaraithe margaíochta.
8.  
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na haistriúcháin is gá ar an achoimre ar shaintréithe an táirge, ar an mbileog phacáiste agus ar an lipéadú a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil i ngach Ballstát ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 7, laistigh den teorainn ama arna socrú ag an ngrúpa comhordúcháin.
9.  
Tar éis comhaontú i gcomhréir le mír 7, déanfaidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát ábhartha an t-údarú margaíochta a leasú i gcomhréir leis an gcomhaontú laistigh de 30 lá tar éis na haistriúcháin dá dtagraítear i mír 8 a fháil.
10.  
Glacfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tagartha aon bhearta iomchuí chun teacht ar chomhaontú laistigh den ghrúpa comhordúcháin sula ndéanfar an nós imeachta dá dtagraítear i mír 11 a thionscnamh.
11.  
I gcás nach ndéantar comhaontú mar gheall ar easpa comhthola i bhfabhar achoimre comhchuibhithe ar shaintréithe an táirge i ndiaidh na n-iarrachtaí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an nós imeachta le haghaidh leas an Aontais a tharchur dá dtagraítear in Airteagal 83 agus Airteagal 84.
12.  
Maidir le leibhéal comhchuibhithe an achoimre ar shaintréithe an táirge a baineadh amach, chun an leibhéal sin a choimeád, leanfaidh aon mhodhnú ar na húdaruithe margaíochta lena mbaineann sa todhchaí an nós imeachta um aitheantas frithpháirteach.

Airteagal 71

An nós imeachta chun achoimrí ar shaintréithe táirgí a chomhchuibhiú do tháirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha agus táirgí íocshláinte tréidliachta hibrideacha

1.  

Nuair a bheidh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 70 dúnta agus achoimre chomhchuibhithe ar shaintréithe an táirge do tháirge íocshláinte tréidliachta tagartha comhaontaithe, déanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta ar tháirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha, laistigh de 60 lá ó chinneadh na n-údarás inniúil i ngach Ballstát agus i gcomhréir le hAirteagal 62, iarratas ar chomhchuibhiú na ranna seo a leanas den achoimre ar shaintréithe an táirge do na táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha lena mbaineann, de réir mar is infheidhme:

(a) 

spriocspeicis;

(b) 

an fhaisnéis chliniciúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 35(1);

(c) 

an tréimhse tarraingthe siar.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, i gcás údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta hibrideach arna thacú le staidéir bhreise réamhchliniciúla nó trialacha cliniciúla, ní mheasfar na ranna ábhartha den achoimre ar shaintréithe an táirge dá dtagraítear i mír 1 a bheith faoi réir comhchuibhiú.
3.  
Áiritheoidh sealbhóirí údaruithe margaíochta ar tháirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha agus táirgí íocshláinte tréidliachta hibrideacha go mbeidh na hachoimrí ar shaintréithe a dtáirgí comhchosúil go bunúsach leo siúd sna táirgí íocshláinte tréidliachta tagartha.

Airteagal 72

Doiciméadacht ar shábháilteacht an chomhshaoil agus measúnú riosca don chomhshaol maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe

Ní bheidh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 70(1), aon táirge íocshláinte tréidliachta tagartha a údaraíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2005 agus a sainaithníodh go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don chomhshaol agus nach raibh faoi réir measúnú riosca don chomhshaol.

I gcás inar údaraíodh an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha roimh an 1 Deireadh Fómhair 2005 agus inar sainaithníodh go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don chomhshaol agus nach raibh sé faoi réir measúnú riosca don chomhshaol, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar shealbhóir an údaraithe margaíochta an doiciméadacht ar shábháilteacht an chomhshaoil dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 8(1) a thabhairt cothrom le dáta, agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 156, agus, más infheidhme, an measúnú riosca don chomhshaol ar tháirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha de chuid na dtáirgí íocsláinte tagartha sin a chur san áireamh.



Roinn 5

Faireachas cógas

Airteagal 73

Córas faireachais cógas an Aontais

1.  
Oibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus sealbhóirí údaruithe margaíochta i gcomhar chun córas faireachais cógas de chuid an Aontais a bhunú agus a chothabháil lena ndéanfar cúraimí faireachais cógas a chomhlíonadh i ndáil le sábháilteacht agus éifeachtúlacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe chun measúnú leanúnach ar an gcothromaíocht sochair-riosca a áirithiú.
2.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla, an Ghníomhaireacht agus sealbhóirí údaruithe margaíochta na bearta is gá chun modhanna a chur ar fáil chun na teagmhais dhíobhálacha amhrasta seo a leanas a thuairisciú agus tuairisciú orthu a spreagadh:

(a) 

aon fhrithghníomhú neamhfhabhrach agus neamhbheartaithe ag ainmhí de dheasca táirge íocshláinte tréidliachta;

(b) 

aon tuairim faoi easpa éifeachtachta táirge íocshláinte tréidliachta tar éis é a thabhairt d’ainmhí, bíodh sé nó ná bíodh sé i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge;

(c) 

aon teagmhais chomhshaoil a tugadh faoi deara tar éis an táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt d’ainmhí;

(d) 

aon fhrithghníomhú díobhálach ag ndaoine a nochtar do tháirge íocshláinte tréidliachta;

(e) 

fionnachtain aon substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de nó iarmhar marcála i dtáirge de bhunadh ainmhíoch atá os cionn na leibhéal uasta iarmhair a leagadh síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tar éis an tréimhse seasta tarraingthe siar a urramú;

(f) 

aon tarchur amhrasta maidir le hoibreán tógálach trí tháirge íocshláinte tréidliachta;

(g) 

aon fhrithghníomhú neamhfhabhrach agus neamhbheartaithe ag ainmhí in aghaidh táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine.

Airteagal 74

Bunachar sonraí faireachais cógas an Aontais

1.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, bunachar sonraí faireachais cógas de chuid an Aontais a bhunú agus a chothabháil chun teagmhais dhíobhálacha amhrasta dá dtagraítear in Airteagal 73(2) a thuairisciú agus a thaifeadadh (an “bunachar sonraí faireachais cógas”), lena n-áireofar freisin faisnéis ar an duine cáilithe a bheidh freagrach as faireachas cógas dá dtagraítear in Airteagal 77(8), uimhreacha tagartha mháistirchomhad an chórais faireachais cógas, torthaí an phróisis bainistithe comharthaí agus torthaí na gcigireachtaí faireachais cógas i gcomhréir le hAirteagal 126.
2.  
Déanfar an bunachar sonraí faireachais cógas a idirnascadh leis an mbunachar sonraí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 55.
3.  
Leagfaidh an Ghníomhaireacht na sonraíochtaí feidhmiúla síos don bhunachar sonraí faireachais cógas, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún.
4.  
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar an fhaisnéis go léir a thuairiscítear a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí faireachais cógas agus o mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana i gcomhréir le hAirteagal 75.
5.  
Bunófar córas an bunachair sonraí faireachais cógas mar líonra próiseála sonraí faoina gceadaítear tarchur sonraí idir na Ballstáit, an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na sealbhóirí na n-údaruithe margaíochta chun a áirithiú, i gcás rabhadh a bhaineann le sonraí faireachais cógas, go bhféadfaí roghanna maidir le bainistíocht riosca agus aon bhearta iomchuí a mheas dá dtagraítear in Airteagal 129, Airteagal 130 agus Airteagal 134.

Airteagal 75

Rochtain ar an mbunachar sonraí faireachais cógas

1.  
Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis inniúla ar an mbunachar sonraí faireachais cógas.
2.  
Beidh rochtain ag sealbhóirí údaruithe margaíochta ar an mbunachar sonraí faireachais cógas i ndáil le sonraí a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta acu dóibh agus ar shonraí neamhrúnda eile a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil údarú margaíochta acu dóibh a mhéid is gá dóibh chun a bhfreagrachtaí maidir le faireachas cógas dá dtagraítear in Airteagal 77, Airteagal 78 agus Airteagal 81 a chomhlíonadh.
3.  

Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar an mbunachar sonraí faireachais cógas, gan an fhéidearthacht an fhaisnéis atá ann a athrú, i ndáil leis an bhfaisnéis seo a leanas:

(a) 

líon na dteagmhas díobhálach amhrasta a thuairiscítear gach bliain agus, laistigh de 2 bhliain ar a dhéanaí ón 28 Eanáir 2022, minicíocht na dteagmhas sin, de réir táirge íocshláinte tréidliachta, an speicis ainmhí agus an chineáil teagmhais dhíobhálaigh amhrasta;

(b) 

na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 81(1) a eascraíonn as an bpróiseas bainistithe comharthaí a dhéanann sealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta nó grúpaí táirgí íocshláinte tréidliachta.

Airteagal 76

Teagmhais dhíobhálacha amhrasta a thuairisciú agus a thaifeadadh

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla taifead sa bhunachar sonraí faireachais cógas ar gach teagmhas díobhálach amhrasta a thuairiscíodh dóibh agus a tharla i gcríoch a mBallstáit, laistigh de 30 lá ón lá a fuarthas an tuairisc maidir leis an teagmhas díobhálach amhrasta.
2.  
Déanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta taifead sa bhunachar sonraí faireachais cógas ar gach teagmhas díobhálach amhrasta a tuairiscíodh dóibh agus a tharla san Aontas nó i dtríú tír nó a foilsíodh sa litríocht eolaíoch maidir lena dtáirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 30 lá ón lá a fuarthas an tuairisc maidir leis an teagmhas díobhálach amhrasta.
3.  
Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar shealbhóir údaraithe margaíochta do tháirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach, nó do tháirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go náisiúnta i gcás ina dtagann siad faoi raon feidhme tarchuir ar leas an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 82, sonraí faireachais cógas sonracha breise a bhailiú maidir leis na sonraí a liostaítear in Airteagal 73(2) agus staidéir ar fhaireachas iarmhargaíochta a dhéanamh. Luafaidh an Ghníomhaireacht na cúiseanna mionsonraithe atá leis an iarraidh, socróidh sí teorainn ama iomchuí léi agus cuirfidh sí na húdaráis inniúla ar an eolas faoi.
4.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar shealbhóir údaraithe margaíocht do tháirgí íocshláinte margaíochta tréidliachta arna n-údarú go náisiúnta sonraí faireachais cógas sonracha a bhailiú, sa bhreis ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 73(2) agus staidéir ar fhaireachas iarmhargaíochta a dhéanamh. Luafaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna mionsonraithe atá leis an iarraidh, socróidh sé teorainn ama iomchuí léi agus cuirfidh sé údaráis inniúla eile agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi.

Airteagal 77

Freagrachtaí maidir le faireachas cógas shealbhóir an údaraithe margaíochta

1.  
Déanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta córas a fhorbairt agus a chothabháil chun faisnéis ar na teagmhais dhíobhálacha amhrasta a bhaineann lena dtáirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe a bhailiú, a chomhordú agus a mheasúnú, lena gcumasófar dóibh a bhfreagrachtaí maidir le faireachas cógas a chomhlíonadh (“an córas faireachais cógas”).
2.  
Beidh máistirchomhad amháin nó níos mó don chóras faireachais cógas i bhfeidhm ag sealbhóir an údaráis margaíochta ina dtabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras faireachais cógas i ndáil lena dtáirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe. Ní bheidh ag sealbhóir an údaraithe tréidliachta níos mó ná aon mháistirchomhad amháin don chóras faireachais cógas le haghaidh gach táirge íocshláinte tréidliachta.
3.  
Ainmneoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta ionadaí áitiúil nó réigiúnach chun críche tuarascálacha ar theagmhais dhíobhálacha amhrasta a fháil, ionadaí a bheidh in ann cumarsáid a dhéanamh i dteangacha na mBallstát ábhartha.
4.  
Beidh sealbhóir an údaraithe margaíochta freagrach as faireachas cógas an táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil údarú margaíochta aige dó agus déanfaidh sé meastóireacht leanúnach trí mhodhanna iomchuí ar chothromaíocht sochair-riosca an táirge íocshláinte tréidliachta agus, más gá, bearta iomchuí a dhéanamh.
5.  
Comhlíonfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta dea-chleachtas faireachais cógas do tháirgí íocshláinte tréidliachta.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh maidir le dea-chleachtas faireachais cógas do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus, chomh maith leis sin, maidir le formáid agus inneachar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas agus maidir lena achoimre. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
7.  
I gcás ina bhfuil na cúraimí faireachais cógas tugtha ar conradh ag sealbhóir údaraithe margaíochta do thríú páirtí, leagfar na socruithe sin amach go mionsonraithe i máistirchomhad an chórais faireachais cógas.
8.  
Ainmneoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta duine cáilithe amháin nó níos mó atá freagrach as faireachas cógas chun na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 78 a chomhlíonadh. Beidh na daoine cáilithe sin ina gcónaí agus ag obair san Aontas agus beidh na cáilíochtaí cuí acu agus beidh siad ar fáil go buan do shealbhóir an údaraithe margaíochta. Ní dhéanfar ach duine amháin cáilithe den sórt sin a ainmniú do gach aon mháistirchomhad sa chóras faireachais cógas.
9.  
Féadfar cúraimí an duine cháilithe, a leagtar amach in Airteagal 78, atá freagrach as faireachas cógas dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a sheachfhoinsiú do thriú páirtí faoi na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin. I gcásanna den sórt sin, sonrófar na socruithe sin go mionsonraithe sa chonradh agus áireofar iad i máistirchomhad an chórais faireachais cógas.
10.  
I gcás inar gá agus bunaithe ar an measúnú ar na sonraí faireachais cógas, tíolacfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta, gan moill mhíchuí, iarratas ar mhodhnú ar théarmaí údaraithe margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 62.
11.  
Ní dhéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta fógra poiblí faoi fhaisnéis faireachais cógas maidir lena tháirgí íocshláinte tréidliachta gan a bhfuil beartaithe ag an té sin a chur in iúl roimh ré nó go comhuaineach don údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú margaíochta nó don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme.

Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta go ndéanfar an fógra poiblí sin a chur in iúl go hoibiachtúil agus nach bhfuil sé míthreorach.

Airteagal 78

Duine cáilithe atá freagrach as faireachas cógas

1.  

Déanfaidh an duine cáilithe atá freagrach as faireachas cógas dá dtagraítear in Airteagal 77(8) a áirithiú go gcomhlíonfar na cúraimí a leanas:

(a) 

máistirchomhad an chórais faireachais cógas a forbairt agus a chothabháil;

(b) 

uimhreacha tagartha a shannadh i máistirchomhad an chórais faireachais cógas agus an uimhir thagartha sin a chur ar aghaidh chuig an mbunachar sonraí faireachais cógas do gach táirge;

(c) 

fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, faoin áit oibríochta;

(d) 

córas a bhunú agus a chothabháil lena n-áirithítear go mbailítear agus go ndéantar taifead ar gach teagmhas díobhálach amhrasta a cuireadh in iúl do shealbhóir an údaraithe margaíochta chun go mbeidh rochtain orthu ar láithreán amháin ar a laghad san Aontas;

(e) 

na teagmhais dhíobhálacha amhrasta dá dtagraítear in Airteagal 76(2) a thiomsú, meastóireacht a dhéanamh orthu, más gá, agus iad a thaifeadadh sa bhunachar sonraí faireachais cógas;

(f) 

a áirithiú go dtabharfar freagra iomlán agus pras ar aon iarraidh ó na húdaráis inniúla nó ón nGníomhaireacht ar an bhfaisnéis bhreise is gá a sholáthar chun meastóireacht a dhéanamh ar chothromaíocht sochair-riosca táirge íocshláinte tréidliachta

(g) 

aon fhaisnéis eile a sholáthar d’údaráis inniúla nó don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, mar aon le haon fhaisnéis eile is ábhartha chun athrú ar chothromaíocht sochair-riosca táirge íocshláinte tréidliachta a bhrath, lena n-áirítear faisnéis iomchuí maidir le staidéir ar fhaireachas iarmhargaíochta;

(h) 

an próiseas bainistithe comharthaí dá dtagraítear in Airteagal 81 a chur i bhfeidhm agus a áirithiú go bhfuil aon socruithe maidir le comhlíonadh na bhfreagrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 77(4) i bhfeidhm;

(i) 

faireachán a dhéanamh ar an gcóras faireachais cógas agus a áirithiú, más gá, go ndéanfar plean gníomhaíochta coiscthí nó ceartaithí a ullmhú, a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, athruithe ar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas a áirithiú;

(j) 

a áirithiú go gcuirfear oiliúint leanúnach ar pearsanra go léir shealbhóir an údaraithe margaíochta a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí faireachais cógas a chur i bhfeidhm;

(k) 

aon bheart rialála arna dhéanamh i dtríú tír agus a bhaineann le sonraí faireachais cógas a chur in iúl do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht laistigh de 21 lá tar éis faisnéis den chineál sin a fháil.

2.  
Beidh an duine cáilithe atá freagrach as faireachas cógas dá dtagraítear in Airteagal 77(8) ina phointe teagmhála do shealbhóir an údaraithe margaíochta maidir le cigireachtaí faireachais cógas.

Airteagal 79

Freagrachtaí faireachais cógas na n-údarás inniúil agus na Gníomhaireachta

1.  
Leagfaidh na húdaráis inniúla síos na nósanna imeachta is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an phróisis bainistithe comharthaí a taifeadadh sa bhunachar sonraí faireachais cógas i gcomhréir le hAirteagal 81(2) mar aon le teagmhais dhíobhálacha amhrasta a tuairiscíodh dóibh, déanfaidh siad roghanna maidir le bainistíocht riosca a mheas agus déanfaidh siad aon bhearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 129, Airteagal 130 agus Airteagal 134 a bhaineann le húdaruithe margaíochta.
2.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais shonracha a fhorchur ar thréidlianna agus gairmithe cúraim sláinte eile maidir le teagmhais dhíobhálacha amhrasta a thuairisciú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cruinnithe nó líonra a eagrú le haghaidh grúpaí tréidlianna nó gairmithe cúraim sláinte eile, i gcás ina bhfuil gá sonrach le sonraí faireachais cógas sonracha a bhailiú, a chomhordú nó a anailísiú.
3.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Ghníomhaireacht gach faisnéis thábhachtach a chur ar fáil go poiblí maidir le teagmhais dhíobhálacha de thoradh táirge íocshláinte tréidliachta a úsáid. Déanfar é ar bhealach tráthúil trí aon mhodh cumarsáide atá ar fáil don phobal agus fógra á thabhairt roimh ré nó go comhuaineach do shealbhóir an údaraithe margaíochta.
4.  
Fíoróidh na húdaráis inniúla, trí bhíthin rialuithe agus cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 123 agus Airteagal 126, go gcomhlíonann sealbhóirí údaruithe margaíochta na ceanglais maidir le faireachas cógas a leagtar síos sa Roinn seo.
5.  
Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos na nósanna imeachtaí is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar theagmhais dhíobhálacha amhrasta a tuairiscíodh di a bhaineann leis na táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe go lárnach, agus molfaidh siad bearta bainistithe riosca don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún aon bhearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 129, Airteagal 130 agus Airteagal 134 a bhaineann le húdaruithe margaíochta.
6.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta am ar bith cóip de mháistirchomhad an chórais faireachais cógas a thíolacadh. Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an chóip sin a thíolacadh ar a dhéanaí laistigh de 7lá ón iarratas a fháil.

Airteagal 80

Cúraimí a tharmligean ag údarás inniúil

1.  
Féadfaidh údarás inniúil aon cheann de na cúraimí a sannadh dó dá dtagraítear in Airteagal 79 a tharmligean d’údarás inniúil i mBallstát eile faoi réir comhaontú i scríbhinn a fháil ón mBallstát sin.
2.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil atá ag déanamh an tarmligean an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas faoin tarmligean dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil don phobal

Airteagal 81

Próiseas bainistithe comharthaí

1.  
Déanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta próiseas bainistithe comharthaí dá gcuid táirgí íocshláinte tréidliachta, i gcás inarb iomchuí, á dtabhairt san áireamh sonraí díolacháin agus sonraí ábhartha faireachais cógas eile a bhfuiltear ag súil le réasún go mbeidís eolach ina dtaobh agus a d’fhéadfaí a bheith úsáideach don phróiseas bainistithe comharthaí sin. Féadfar faisnéis eolaíoch a tiomsaíodh ó léirmheasanna ar an litríocht eolaíoch a bheith san áireamh sna sonraí sin.
2.  
I gcás ina sainaithnítear athrú ar an gcothromaíocht sochair-riosca de bharr thoradh an phróisis bainistithe comhartha, nó i gcás ina n-aithnítear riosca nua, tabharfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta fógra faoi do na húdaráis inniúla nó don Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 30 lá, agus déanfaidh siad an beart is gá i gcomhréir le hAirteagal 77(10).

Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta taifead sa bhunachar sonraí faireachais cógas, go bliantúil ar a laghad, ar thorthaí uile an phróisis bainistithe comharthaí, lena n-áirítear conclúid ar an gcothromaíocht sochair-riosca, agus i gcás inarb iomchuí, tagairtí don litríocht eolaíoch ábhartha.

I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 42(2), déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta taifead sa bhunachar sonraí faireachais cógas ar thorthaí uile an phróisis bainistithe comhartha, lena n-áirítear conclúid ar an gcothromaíocht sochair-riosca, agus i gcás inarb iomchuí, tagairtí don litríocht eolaíoch ábhartha de réir na minicíochta a shonraítear san údarú margaíochta.

3.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla agus an Ghníomhaireacht a chinneadh próiseas bainistithe comhartha spriocdhírithe a dhéanamh do tháirge íocshláinte tréidliachta áirithe nó do ghrúpa táirgí íocshláinte tréidliachta.
4.  
Chun críche mhír 3, roinnfidh an Ghníomhaireacht agus an grúpa comhordúcháin na cúraimí maidir leis an bpróiseas bainistithe comhartha spriocdhírithe agus roghnóidh siad go comhpháirteach do gach táirge íocshláinte tréidliachta nó grúpa táirgí íocshláinte tréidliachta, údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht le bheith freagrach as próiseas bainistithe comharthaí spriocdhírithe den sórt sin (“príomhúdarás”).
5.  
Le linn dóibh príomhúdarás a roghnú, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an grúpa comhordúcháin sannadh cóir na gcúraimí a chur san áireamh agus seachnóidh siad dúbláil na hoibre.
6.  
I gcás ina measann na húdaráis inniúla nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, go bhfuil gá le gníomhaíocht leantach, déanfaidh siad bearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 129, Airteagal 130 agus Airteagal 134.



Roinn 6

Tarchur ar leas an Aontais

Airteagal 82

Raon feidhme an tarchuir ar leas an Aontais

1.  
I gcás ina mbeidh leas an Aontais i gceist, go háirithe leas an phobail nó sláinte ainmhithe nó leas an chomhshaoil maidir le cáilíocht, sábháilteacht nó éifeachtacht táirgí íocshláinte tréidliachta, féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta, ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla i mBallstát amháin nó níos mó nó an Coimisiún a imní a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta le go gcuirfear an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 83 i bhfeidhm. Déanfar an t-údar imní a shainaithint go soiléir.
2.  
Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta, an t-údarás inniúil lena mbaineann nó an Coimisiún na páirtithe eile lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.
3.  
Seolfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus sealbhóirí údaruithe margaíochta chuig an nGníomhaireacht, arna iarraidh sin di, an fhaisnéis go léir atá ar fáil a bhaineann leis an tarchur ar leas an Aontais.
4.  
Féadfaidh an Ghníomhaireacht an tarchur ar leas an Aontais a theorannú do chodanna sonracha de théarmaí an údaraithe margaíochta.

Airteagal 83

An nós imeachta um tharchur ar leas an Aontais

1.  
Foilseoidh an Ghníomhaireacht ar a shuíomh gréasáin faisnéis go ndearnadh tarchur i gcomhréir le hAirteagal 82 agus tabharfaidh sí cuireadh do pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a nochtadh.
2.  
Iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 139 an t-ábhar a tarchuireadh a mheas. Eiseoidh an Coiste tuairim réasúnaithe laistigh de 120 lá ón dáta a tarchuireadh an t-ábhar chuige. Féadfaidh an Coiste síneadh suas le 60 lá a chur leis an tréimhse sin, agus tuairimí na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann á gcur san áireamh.
3.  
Sula n-eiseoidh an Coiste a thuairim, tabharfaidh sé deis do na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann míniúcháin a chur i láthair laistigh de theorainn shonraithe ama. Féadfaidh an Coiste an teorainn ama, dá dtagraítear i mír 2, a chur ar fionraí chun ligean do na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann na míniúcháin a ullmhú.
4.  
Chun an t-ábhar a mheas, ceapfaidh an Coiste duine amháin dá bhaill chun gníomhú mar rapóirtéir. Féadfaidh an Coiste saineolaithe neamhspleácha a cheapadh chun comhairle maidir le ceisteanna sonracha a thabhairt. Agus saineolaithe den chineál sin á gceapadh aige, déanfaidh an Coiste a gcuid cúraimí a shainiú agus sonróidh sé an teorainn ama chun a gcúraimí a chur i gcrích.
5.  
Laistigh de 15 lá ón tuairim a bheith glactha ag an gCoiste, seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuairim ón gCoiste chuig na Ballstáit, chuig an gCoimisiún agus chuig na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann, in éineacht le tuarascáil mheasúnaithe faoi tháirge íocshláinte tréidliachta amháin nó níos mó agus na cúiseanna lena chuid conclúidí.
6.  
Laistigh de 15 lá ón tuairim ón gCoiste a fháil, féadfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht i scríbhinn faoin rún atá aige athscrúdú ar an tuairim sin a iarraidh. Sa chás sin, cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na cúiseanna mionsonraithe atá leis an iarraidh ar athscrúdú ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht laistigh de 60 lá tar éis an tuairim a fháil.
7.  
Laistigh de 60 lá ó iarraidh dá dtagraítear i mír 6 a fháil, déanfaidh an Coiste a thuairim a athscrúdú. Cuirfear na cúiseanna atá leis an gconclúid ar thángthas uirthi in iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 84

Cinneadh tar éis an tarchuir ar leas an Aontais

1.  
Laistigh de 15 lá tar éis an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 83(5) a fháil, agus faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 83(6) agus (7), ullmhóidh an Coimisiún dréachtchinneadh. Mura bhfuil an dréachtchinneadh i gcomhréir le tuairim na Gníomhaireachta, soláthróidh an Coimisiún míniúchán mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an dréachtchinneadh sin.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchinneadh ar aghaidh chuig na Ballstáit.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh maidir leis an tarchur ar leas an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2). Ach amháin má chuirtear a mhalairt in iúl san fhógra tarchuir i gcomhréir le hAirteagal 82, beidh feidhm ag an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta a bhaineann leis an tarchur.
4.  
I gcás inar údaraíodh táirgí íocshláinte tréidliachta a bhaineann leis an tarchur i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta, nó na nósanna imeachta um aitheantas frithpháirteach nó na nósanna imeachta díláraithe, díreofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3 chuig na Ballstáit go léir agus cuirfear in iúl é mar eolas do na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann.
5.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann cibé gníomh is gá maidir leis na húdaruithe margaíochta le haghaidh na dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann chun an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh laistigh de 30 lá tar éis an fógra ina leith a fháil, ach amháin má leagtar síos tréimhse éagsúil sa chinneadh sin. Áiritheofar sa ghníomhaíocht sin, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta iarratas ar mhodhnú dá dtagraítear in Airteagal 62(1) a thíolacadh.
6.  
I gcás táirgi íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach a bhaineann leis an tarchur, seolfaidh an Coimisiún a chinneadh dá dtagraítear i mír 3 chuig sealbhóir an údaraithe margaíochta agus cuirfidh sé in iúl é freisin do na Ballstáit.
7.  
Aistreofar táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go náisiúnta a bhí faoi réir nós imeachta tarchuir chuig nós imeachta um aitheantas frithpháirteach.



CAIBIDIL V

TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA HOIMÉAPATACHA

Airteagal 85

Táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha

1.  
Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 86 a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 87.
2.  
Beidh na táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 86 faoi réir Airteagal 5.

Airteagal 86

Táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a chlárú

1.  

Beidh táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a chomhlíonann na coinníollacha a leanas go léir faoi réir nós imeachta clárúcháin:

(a) 

tugtar é trí bhealach a bhfuil cur síos air in Pharmacopoeia Eorpach nó, ina éagmais sin, in pharmacopoeia atá in úsáid go hoifigiúil i mBallstáit;

(b) 

tá a dhóthain caolaithe ann chun a shábháilteacht a áirithiú agus ní bheidh níos mó ná páirt amháin in aghaidh 10 000 an mháthairtintiúir ann;

(c) 

níl aon tásca teiripeacha le feiceáil ar a lipéadú ná ar an bhfaisnéis a bhaineann leis.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a leagan síos chun táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a clárú sa bhreis ar na cinn a leagtar síos sa Chaibidil seo.

Airteagal 87

Iarratas agus nós imeachta maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a chlárú

1.  

Beidh na doiciméid a leanas san iarratas ar tháirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach a chlárú:

(a) 

an t-ainm eolaíoch nó ainm eile a thugtar in pharmacopoeia don stoc hoiméapatach nó do na stoic hoiméapatacha, chomh maith le ráiteas ina leagfar amach an bealach chun an táirge a thabhairt, an foirm chógaisíochta agus an méid caolaithe a bheith le clárú;

(b) 

sainchomhad ina ndéantar cur síos ar an gcaoi a bhfaightear agus a rialaítear an stoc nó na stoic, agus ina gcuirtear bonn cirt lena úsáid nó lena n-úsáid bunaithe ar leabharliosta leordhóthanach; i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil substaintí bitheolaíocha iontu, tuairisc ar na bearta a glacadh chun a áirithiú nach bhfuil pataiginí iontu;

(c) 

an comhad monaraithe agus rialaithe maidir le gach foirm chógaisíochta agus cur síos ar an modh caolaithe agus neartúcháin;

(d) 

an t-údarú monaraíochta maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha lena mbaineann;

(e) 

cóipeanna d’aon chlárúcháin a fuarthas do na táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha céanna i mBallstáit eile;

(f) 

an téacs atá le feiceáil ar bhileog an phacáiste, ar fhorphacáistíocht agus ar neasphacáistíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a bheidh le clárú;

(g) 

sonraí maidir le cobhsaíocht an táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach;

(h) 

i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha atá beartaithe do speicis ar bia-ainmhithe iad, beidh sna substaintí gníomhacha, substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a cheadaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 470/2009 agus aon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn sin.

2.  
Féadfaidh sraith de tháirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha a bhfuil an fhoirm chéanna chógaisíochta acu agus a díorthaíodh ón stoc hoiméapatach céanna nó na stoic hoiméapatacha céanna a bheith cumhdaithe in iarratas ar chlárú.
3.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfar an táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach cláraithe a chur ar fáil.
4.  
Déanfar an nós imeachta maidir le táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach a chlárú a thabhairt chun críche laistigh de 90 ón iarratas bailí a thíolacadh.
5.  
Beidh na hoibleagáidí céanna ar shealbhóir clárúcháin táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha agus atá ar shealbhóir údaraithe margaíochta, faoi réir Airteagal 2(5).
6.  
Ní dheonófar clárúchán do tháirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach ach d’iarratasóir atá bunaithe san Aontas. Beidh feidhm ag an gceanglas i ndáil le bheith bunaithe san Aontas maidir le sealbhóirí clárúcháin freisin.



CAIBIDIL VI

MONARAÍOCHT, ALLMHAIRIÚ AGUS ONNMHAIRIÚ

Airteagal 88

Údaruithe monaraíochta

1.  

Beidh údarú monaraíochta de dhíth chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a mhonarú fiú mura bhfuil ach onnmhairiú beartaithe leo;

(b) 

gabháil le haon chuid den phróiseas chun táirge íocshláinte tréidliachta a mhonarú nó chun táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt chun críche, lena n-áirítear gabháil leis an táirge a phróiseáil, a chur le chéile, a phacáistiú agus a athphacáistiú, a lipéadú agus a athlipéadú, a stóráil, a steiriliú, a thástáil nó a scaoileadh le haghaidh soláthair mar chuid den phróiseas sin; nó

(c) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a allmhairiú;

2.  
D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh údarú monaraíochta de dhíth sna cásanna seo a leanas: ullmhúchán, roinnt, athruithe ar phacáistíocht nó ar chur i láthair na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, i gcás ina ndéantar na próisis sin chun críche miondíola díreach leis an bpobal, agus chun na críche sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 103 agus Airteagal 104.
3.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, tabharfar bileog phacáiste le gach cuid atá roinnte agus léireofar go soiléir an bhaiscuimhir agus an dáta éaga.
4.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla na húdaruithe monaraíochta a dheonaíonn siad a thaifeadadh sa bhunachar sonraí maidir le monaraíocht, agus dáileachán mórdhíola arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 91.
5.  
Beidh údaruithe monaraíochta bailí ar fud an Aontais.

Airteagal 89

Iarratas ar údarú monaraíochta

1.  
Déanfar iarratas ar údarú monaraíochta a thíolacadh d’údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an láithreán monaraíochta suite.
2.  

Beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar údarú monaraíochta:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta a bheidh le monarú nó le hallmhairiú;

(b) 

ainm ór ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an iarratasóra;

(c) 

foirmeacha cógaisíochta a bheidh le monarú nó le hallmhairiú;

(d) 

sonraí faoin láithreán monaraíochta ina ndéanfar na táirgí íocshláinte tréidliachta a mhonarú nó a allmhairiú;

(e) 

ráiteas ina luaitear go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 93 agus Airteagal 97.

Airteagal 90

An nós imeachta maidir le húdaruithe monaraíochta a dheonú

1.  
Sula ndeonófar údarú monaraíochta, déanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht ar an láithreán monaraíochta.
2.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise a thíolacadh de bhreis ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil san iarratas de bhun Airteagal 89. I gcás ina bhfeidhmíonn an t-údarás inniúil an ceart sin, déanfar an teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhionraí nó a cúlghairm go dtí go ndéanfaidh an t-iarratasóir na sonraí breise is gá a thíolacadh.
3.  
Ní bheidh feidhm ag údarú monaraíochta ach ar an láithreán monaraíochta agus ar na foirmeacha cógaisíochta arna sonrú san iarratas, dá dtagraítear in Airteagal 89.
4.  
Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta chun údaruithe monaraíochta a dheonú nó a dhiúltú. Ní mhairfidh nósanna imeachta den sórt sin níos faide ná 90 lá ón lá a fhaigheann an t-údarás inniúil iarratas ar údarú monaraíochta.
5.  
D’fhéadfaí údarú monaraíochta a dheonú go coinníollach, faoi réir ceanglas go ngníomhódh an t-iarratasóir nó go dtabharfadh sé nósanna imeachta sonracha isteach laistigh de thréimhse áirithe. I gcás inar deonaíodh údarú monaraíochta go coinníollach, déanfar é a fhionraí nó a chúlghairm mura gcomhlíontar na ceanglais.

Airteagal 91

Bunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola

1.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le monaraíocht, allmhairiú agus dáileachán mórdhíola (“bunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola”) a bhunú agus a chothabháil.
2.  
Áireofar sa bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola faisnéis maidir le haon údaruithe monaraíochta, údaruithe dáileacháin mórdhíola, deimhnithe dea-chleachtais monaraíochta, agus clárúcháin monaróirí, allmhaireoirí, agus dáileoirí substaintí gníomhacha arna ndeonú, arna bhfionraí nó arna gcúlghairm ag údaráis inniúla.
3.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla taifead sa bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola ar fhaisnéis i ndáil le húdaruithe agus deimhnithe maidir le monaraíochta agus dáileachán mórdhíola arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 90, Airteagal 94 agus Airteagal 100 chomh maith le faisnéis i ndáil le hallmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí substaintí gníomhacha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 95.
4.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, sonraíochtaí feidhmiúla, lena n-áirítear an fhormáid chun sonraí a chur isteach go leictreonach, a tharraingt suas don bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola.
5.  
Áireoidh an Ghníomhaireacht go ndéantar faisnéis arna tuairisciú don bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola a chomhordú, a chur ar fáil agus a chomhroinnt.
6.  
Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis inniúla ar an mbunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola.
7.  
Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar fhaisnéis sa bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola, gan an fhéidearthacht an fhaisnéis atá ann a athrú.

Airteagal 92

Athruithe ar údaruithe monaraíochta ar iarraidh

1.  
I gcás ina n-iarrann sealbhóir údaraithe monaraíochta athrú ar an údarú monaraíochta sin, ní mhairfidh an nós imeachta chun iarraidh den chineál sin a scrúdú níos faide ná 30 lá ón lá a fhaigheann an t-údarás inniúil an iarraidh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil gá le cigireacht, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 90 lá a chur leis an tréimse ama sin.
2.  
Beidh tuairisc san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ar an athrú atá iarrtha.
3.  
Laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar shealbhóir an údaraithe monaraíochta faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de theorainn ama réamhshocraithe agus féadfaidh sé a chinneadh go ndéanfar cigireacht. Cuirfear an nós imeachta ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise ar fáil.
4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé sealbhóir an údaraithe monaraíochta ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe agus más iomchuí, leasóidh sé an t-údarú monaraíochta agus déanfaidh sé an bunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola a thabhairt cothrom le dáta, más iomchuí.

Airteagal 93

Oibleagáidí sealbhóra údaraithe monaraíochta

1.  

Maidir le sealbhóir údaraithe monaraíochta:

(a) 

beidh áitreabh, trealamh teicniúil agus áiseanna tástála ar fáil dó atá oiriúnach agus leordhóthanach do na gníomhaíochtaí a luaitear ina údarú monaraíochta;

(b) 

beidh seirbhísí duine amháin cáilithe ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 97 ar fáil dó agus áiritheoidh sé go n-oibreoidh an duine cáilithe i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(c) 

cuirfidh sé ar chumas an duine cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 97 a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, go háirithe trí rochtain a sholáthar ar na doiciméid riachtanacha agus na háitribh go léir, agus tríd an trealamh teicniúil agus na háiseanna tástála go léir is gá a chur ar fáil dó;

(d) 

tabharfaidh sé réamhfhógra 30 lá ar a laghad don údarás inniúil sula gcuirfidh sé duine eile in áit an duine cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 97 nó, mura féidir réamhfhógra a thabhairt toisc go bhfuil an t-ionadú ag tarlú gan choinne, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas láithreach;

(e) 

beidh na seirbhísí ar fáil dó ó bhaill foirne a chomhlíonann na ceanglais dhlíthiúla sa Bhallstát ábhartha maidir le monarú agus rialuithe araon;

(f) 

ceadóidh sé rochtain ar an áitreabh d’ionadaithe an údaráis inniúil ag am ar bith;

(g) 

coinneoidh sé taifid mhionsonraithe ar na táirgí íocshláinte tréidliachta go léir a sholáthraíonn sealbhóir údaraithe margaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 96, agus coinneoidh sé samplaí de gach baisc;

(h) 

ní dhéanfaidh sé táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar ach do dháileoirí mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta;

(i) 

cuirfidh sé an t-údarás inniúil agus sealbhóir an údaraithe margaíochta ar an eolas láithreach má fhaigheann sealbhóir údaraithe monaraíochta faisnéis go bhfuil táirgí íocshláinte tréidliachta a thagann faoi raon feidhme a údaraithe monaraíochta falsaithe nó go bhfuil amhras ann go bhfuil siad falsaithe, is cuma cé acu ar dáileadh na táirgí íocshláinte tréidliachta sin laistigh den slabhra soláthair dlíthiúil nó trí mhodhanna mídhleathacha, lena n-áirítear díolachán mídhleathach trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise;

(j) 

comhlíonfaidh sé dea-chleachtas monaraíochta do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus ní úsáidfidh sé mar ábhair thosaigh ach substaintí gníomhacha a monaraíodh i gcomhréir le dea-chleachtas monaraíochta do shubstaintí gníomhacha agus a dáileadh i gcomhréir le dea-chleachtais dáileacháin do shubstaintí gníomhacha;

(k) 

fíoróidh sé maidir le gach monaróir, dáileoir agus allmhaireoir laistigh den Aontas óna bhfaigheann sealbhóir údaraithe monaraíochta substaintí gníomhacha, go bhfuil siad cláraithe le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an monaróir, an dáileoir agus an t-allmhaireoir bunaithe, i gcomhréir le hAirteagal 95;

(l) 

déanfaidh sé iniúchtaí bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ar na monaróirí, dáileoirí agus allmhaireoirí óna bhfaigheann sealbhóir údaraithe monaraíochta substaintí gníomhacha.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh maidir le dea-chleachtas monaraíochta do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus do shubstaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh, dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 94

Deimhnithe dea-chleachtais monaraíochta

1.  
Laistigh de 90 lá ó chigireacht a dhéanamh ar mhonaróir, eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú dea-chleachtais monaraíochta an mhonaróra don láithreán monaraíochta lena mbaineann, má shuitear sa chigireacht go bhfuil an monaróir i dtrácht ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo agus ag comhlíonadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 93(2).
2.  
I gcás inarb é toradh na cigireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach bhfuil dea-chleachtas monaraíochta á chomhlíonadh ag an monaróir, iontrálfar faisnéis den sórt sin sa bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola dá dtagraítear in Airteagal 91.
3.  
Na conclúidí a dtiocfar orthu i ndiaidh cigireacht a dhéanamh ar mhonaróir, beidh siad bailí ar fud an Aontais.
4.  
Féadfaidh údarás inniúil, an Coimisiún nó an Ghníomhaireacht ceangal a chur ar mhonaróir atá bunaithe i dtríú tír dul faoi chigireacht dá dtagraítear i mír 1, gan dochar d’aon socruithe a d’fhéadfadh a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus tríú tír roimhe sin.
5.  
Áiritheoidh allmhaireoirí táirgí íocshláinte tréidliachta, sula soláthrófar na táirgí sin don Aontas, go bhfuil deimhniú dea-chleachtais monaraíochta a d’eisigh údarás inniúil ag an monaróir atá bunaithe i dtríú tír nó, i gcás ina bhfuil an tríú tír ina páirtí de shocrú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír, go bhfuil dearbhú coibhéiseach ann.

Airteagal 95

Allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí substaintí gníomhacha atá bunaithe san Aontas

1.  
Déanfaidh allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí substaintí gníomhacha, a úsáidtear mar ábhair thosaigh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta, atá bunaithe san Aontas, a gcuid gníomhaíochtaí a chlárú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe agus comhlíonfaidh siad dea-chleachtas monaraíochta nó dea-chleachtas dáileacháin, de réir mar is infheidhme.
2.  

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san fhoirm chlárúcháin chun gníomhaíocht a chlárú leis an údarás inniúil:

(a) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe;

(b) 

na substaintí gníomhacha atá le hallmhairiú, le monarú nó le dáileadh;

(c) 

sonraí maidir leis an áitreabh agus an trealamh teicniúil.

3.  
Déanfaidh allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí na substaintí gníomhacha dá dtagraítear i mír 1 an fhoirm chlárúcháin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil 60 lá ar a laghad roimh thús beartaithe a ngníomhaíochta. Déanfaidh allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí na substaintí gníomhacha a bhí i mbun oibríochta roimh an 28 Eanáir 2022 an fhoirm chlárúcháin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 29 Márta 2022.
4.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh, bunaithe ar mheasúnú riosca, cigireacht a dhéanamh. I gcás ina dtugann an t-údarás inniúil fógra laistigh de 60 lá ón uair a fuarthas an fhoirm chlárúcháin go ndéanfar cigireacht, ní thosófar an ghníomhaíocht go dtí go mbeidh fógra tugtha ag an údarás inniúil go bhféadfar an ghníomhaíocht a thosú. I gcás den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an chigireacht agus cuirfidh sé torthaí na cigireachta in iúl d’allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí na substaintí gníomhacha dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 60 lá ón bhfógra go bhfuil rún aige cigireacht a dheanamh. I gcás nach bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil go ndéanfar cigireacht, laistigh de 60 lá ón uair a fuarthas an fhoirm chlárúcháin, féadfar tús a chur leis an ngníomhaíocht.
5.  
Déanfaidh allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí na substaintí gníomhacha dá dtagraítear i mír 1 liosta de na hathruithe atá tarlaithe i ndáil leis an bhfaisnéis arna soláthar san fhoirm chlárúcháin a chur in iúl go bliantúil don údarás rialála náisiúnta. Tabharfar fógra láithreach maidir le haon athrú a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar cháilíocht nó sábháilteacht na substaintí gníomhacha a dhéantar a mhonarú, a allmhairiú nó a dháileadh.
6.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le hAirteagal 132 a iontráil sa bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola dá dtagraítear in Airteagal 91.
7.  
Ní dochar an tAirteagal seo d’Airteagal 94.
8.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh maidir le dea-chleachtas dáileacháin do shubstaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 96

Taifid a choinneáil

1.  

Déanfaidh sealbhóir údaraithe monaraíochta an fhaisnéis a leanas a thaifeadadh maidir le gach táirge íocshláinte tréidliachta a sholáthraíonn an té sin:

(a) 

dáta an idirbhirt;

(b) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, agus uimhir an údaraithe margaíochta más infheidhme, mar aon leis an bhfoirm chógaisíochta agus an neart, de réir mar is iomchuí;

(c) 

an chainníocht a soláthraíodh;

(d) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an fhaighteora;

(e) 

an bhaiscuimhir;

(f) 

an dáta éaga.

2.  
Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d’údaráis inniúla lena scrúdú ar feadh tréimhse bliain amháin tar éis dháta éaga na baisce nó ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón taifeadadh, cibé acu is faide.

Airteagal 97

Duine cáilithe atá freagrach as monarú agus scaoileadh na mbaisceanna

1.  
Beidh ar fáil go buan do shealbhóir údaraithe monaraíochta seirbhísí duine cáilithe amháin ar a laghad a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus atá freagrach, go háirithe, as na dualgais a shonraítear san Airteagal seo a chomhlíonadh.
2.  
Beidh céim ollscoile ag an duine cáilithe dá dtagraítear i mír 1 i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: an chógaisíocht, leigheas an duine, an tréidliacht, an cheimic, ceimic agus teicneolaíocht na cógaisíochta, nó an bhitheolaíocht.
3.  
Beidh taithí phraiticiúil bainte amach ag an duine cáilithe dá dtagraítear i mír 1 thar thréimhse 2 bhliain ar a laghad, i ngnóthas amháin nó níos mó ar monaróirí údaraithe iad, i ngníomhaíochtaí maidir le dearbhú cáilíocht táirgí íocshláinte, anailís chainníochtúil táirgí íocshláinte, anailís chainníochtúil substaintí gníomhacha agus na seiceálacha is gá a dhéanamh chun cáilíocht táirgí íocshláinte tréidliachta a áirithiú.

Féadfar tréimhse na taithí praiticiúla a cheanglaítear sa chéad fhomhír a ghiorrú bliain amháin i gcás ina maireann cúrsa ollscoile 5 bliana ar a laghad agus féadfar an tréimhse a ghiorrú bliain go leath i gcás ina maireann an cúrsa ollscoile 6 bliana ar a laghad.

4.  
Féadfaidh sealbhóir an údaraithe monaraíochta, más duine nádúrtha é, an fhreagracht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh air féin, i gcás ina gcomhlíonann sé nó sí go pearsanta na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
5.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta riaracháin iomchuí a leagan síos chun a fhíorú go gcomhlíonann duine cáilithe dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
6.  
Áiritheoidh an duine cáilithe dá dtagraítear i mír 1 go ndéantar gach baisc de na táirgí íocshláinte tréidliachta a mhonarú agus dea-chleachtas monaraíochta á chomhlíonadh agus go ndéantar an tástáil agus théarmaí an údaraithe monaraíochta á gcomhlíonadh. Déanfaidh an duine cáilithe sin tuarascáil ar rialú a tharraingt suas chuige sin. Beidh tuarascálacha ar rialú den sórt sin bailí ar fud an Aontais.
7.  
I gcás inar allmhairíodh táirgí íocshláinte tréidliachta, áiritheoidh an duine cáilithe dá dtagraítear i mír 1 go ndearnadh anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil iomlán ar na substaintí gníomhacha go léir ar a laghad, i leith gach baisc táirgthe a allmhairíodh, agus go ndearnadh na tástálacha eile go léir atá riachtanach chun cáilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a áirithiú i gcomhréir le ceanglais an údaraithe margaíochta, agus go gcomhlíonann an bhaisc a monaraíodh dea-chleachtas monaraíochta.
8.  
Coinneoidh an duine cáilithe dá dtagraítear i mír 1 taifid maidir le gach baisc táirgthe a scaoiltear. Coinneofar na taifid sin suas chun dáta de réir mar a dhéantar oibríochtaí agus beidh siad ar fáil don údarás inniúil ar feadh tréimhse bliain amháin tar éis dháta éaga na baisce nó ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón taifeadadh, cibé acu is faide.
9.  
I gcás ina ndéantar táirgí íocshláinte tréidliachta a monaraíodh san Aontas a onnmhairiú agus a allmhairiú ar ais isteach san Aontas ina dhiaidh sin ó thríú tír, beidh feidhm ag mír 6.
10.  
I gcás ina n-allmhairítear táirgí íocshláinte tréidliachta ó thríú tíortha ag a bhfuil socruithe déanta leis an Aontas maidir le caighdeáin dea-chleachtais monaraíochta a chur i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na cleachtais a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 93(2), agus i gcás ina léirítear go ndearnadh na tástálacha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo sa tír is onnmhaireoir, féadfaidh an duine cáilithe an tuarascáil ar rialú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a tharraingt suas gan na tástálacha riachtanacha dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a dhéanamh, ach amháin i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil sa Bhallstát is allmhaireoir a mhalairt.

Airteagal 98

Deimhnithe um tháirgí íocshláinte tréidliachta

1.  

Ar iarraidh ó mhonaróir nó ó onnmhaireoir táirgí íocshláinte tréidliachta, nó ó údaráis tríú tír allmhairithe, deimhneoidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil údarú monaraíochta ag an monaróir;

(b) 

go bhfuil deimhniú dea-chleachtais monaraíochta dá dtagraítear in Airteagal 94 ag an monaróir; nó

(c) 

gur deonaíodh údarú margaíochta don táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann sa Bhallstát sin nó, i gcás iarraidh chuig an nGníomhaireacht, gur deonaíodh údarú margaíochta láraithe dó.

2.  
Agus deimhnithe den sórt sin á n-eisiúint, cuirfidh an t-údarás inniúil nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, san áireamh na socruithe riaracháin ábhartha atá i réim maidir le hinneachar agus formáid deimhnithe den sórt sin.



CAIBIDIL VII

SOLÁTHAR AGUS ÚSÁID



Roinn 1

Dáileachán mórdhíola

Airteagal 99

Údaraithe dáileacháin mórdhíola

1.  
Beidh dáileachán mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta faoi réir sealbhú údaraithe dáileacháin mórdhíola.
2.  
Beidh sealbhóirí údaraithe dáileacháin mórdhíola bunaithe san Aontas.
3.  
Beidh údaruithe dáileacháin mórdhíola bailí ar fud an Aontais.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh cainníochtaí beaga de tháirgí íocshláinte tréidliachta atá á soláthar ag miondíoltóirí dá chéile laistigh den Bhallstát céanna faoi réir an cheanglais maidir le húdarú dáileacháin mórdhíola a shealbhú.
5.  
De mhaolú ar mhír 1, ní cheanglófar ar shealbhóir údaraithe monaraíochta údarú dáileacháin mórdhíola a shealbhú do na táirgí íocshláinte tréidliachta a chumhdaítear faoin údarú monaraíochta.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 100

Iarratas agus nós imeacht maidir le húdaruithe dáileacháin mórdhíola

1.  
Cuirfear iarratas ar údarú dáileacháin mórdhíola faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát ina bhfuil láithreán nó láithreáin an dáileora mórdhíola suite.
2.  

Léireoidh iarratasóir san iarratas go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

go bhfuil fáil ag an iarratasóir ar fhoireann atá inniúil ó thaobh na teicneolaíochta de agus go háirithe go bhfuil duine amháin ar a laghad ann atá ainmnithe mar an duine freagrach, a chomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta;

(b) 

go bhfuil fáil ag an iarratasóir ar áitreabh oiriúnach leordhóthanach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos ag an mBallstát ábhartha i ndáil le táirgí íocshláinte tréidliachta a stóráil agus a láimhseáil;

(c) 

go bhfuil plean ag an iarratasóir lena ráthófar go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach aon tarraingt siar nó aisghairm ón margadh arna hordú ag na húdaráis inniúla nó ag an gCoimisiún, nó arna déanamh i gcomhar le monaróir nó sealbhóir údaraithe margaíochta an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann;

(d) 

go bhfuil córas iomchuí ag an iarratasóir chun taifid a choinneáil, lena n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 101;

(e) 

go bhfuil ráiteas ag an iarratasóir ina luaitear go gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 101.

3.  
Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta chun údarú dáileacháin mórdhíola a dheonú, a dhiúltú, a fhionraí, a chúlghairm nó a athrú.
4.  
Ní mhairfidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3 níos faide ná 90 lá, ag tosú, más infheidhme, ón dáta a gheobhaidh an t-údarás inniúil iarratas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
5.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a) 

toradh na meastóireachta a chur in iúl don iarratasóir;

(b) 

an t-údarú dáileacháin mórdhíola a dheonú, a dhiúltú nó a athrú; agus

(c) 

an fhaisnéis ábhartha maidir leis an údarú a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola dá dtagraítear in Airteagal 91.

Airteagal 101

Oibleagáidí na ndáileoirí mórdhíola

1.  
Ní bhfaighidh dáileoirí mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta ach ó shealbhóirí údaraithe monaraíochta nó ó shealbhóirí údaraithe dáileacháin mórdhíola eile.
2.  
Ní sholáthróidh dáileoir mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta ach do dhaoine atá ceadaithe gníomhaíochtaí miondíola a dhéanamh i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 103(1), do dháileoirí mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta eile agus do dhaoine nó eintitis eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3.  
Beidh ar fáil go buan do shealbhóir údaraithe dáileacháin mórdhíola seirbhísí duine amháin ar a laghad a bheidh freagrach as dáileachán mórdhíola.
4.  
Áiritheoidh dáileoirí mórdhíola, laistigh de theorainneacha a gcuid freagrachtaí, soláthar iomchuí agus leanúnach táirge íocshláinte tréidliachta do dhaoine atá údaraithe chun é a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 103(1), chun go gcumhdaítear na riachtanais maidir le sláinte ainmhithe sa Bhallstát ábhartha.
5.  
Comhlíonfaidh dáileoir mórdhíola na dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 99(6).
6.  
Cuirfidh dáileoirí mórdhíola an t-údarás inniúil agus, i gcás inarb iomchuí, sealbhóir an údaraithe margaíochta, ar an eolas láithreach faoi tháirgí íocshláinte tréidliachta a fhaigheann siad nó a dtairgtear dóibh agus atá sainaitheanta acu mar tháirgí falsaithe nó go bhfuil amhras ann go bhfuil siad falsaithe.
7.  

Coinneoidh dáileoir mórdhíola taifid mhionsonraithe ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad i ndáil le gach idirbheart:

(a) 

dáta an idirbhirt;

(b) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, an fhoirm chógaisíochta agus an neart;

(c) 

an bhaiscuimhir;

(d) 

dáta éaga an táirge íocshláinte tréidliachta;

(e) 

an chainníocht a fuarthas nó a soláthraíodh, lena léirítear méid an phaicéid agus líon na bpaicéad;

(f) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an tsoláthróra i gcás ceannacháin nó an fhaighteora i gcás díolacháin.

8.  
Uair sa bhliain ar a laghad, déanfaidh sealbhóir údaraithe dáileacháin mórdhíola iniúchadh mionsonraithe ar an stoc agus déanfaidh sé an líon táirgí íocshláinte tréidliachta arna dtaifeadadh atá ag teacht isteach agus an líon táirgí íocshláinte tréidliachta atá ag imeacht amach a chur i gcomparáid leis an líon táirgí íocshláinte tréidliachta atá sa stoc i láthair na huaire sin. Déanfar taifead ar aon mhíréireachtaí a aimseofar. Beidh na taifid ar fáil do na húdaráis inniúla lena scrúdú ar feadh tréimhse 5 bliana.

Airteagal 102

Trádáil chomhthreomhar i dtáirgí íocshláinte tréidliachta

1.  

Chun críche trádáil chomhthreomhar i dtáirgí íocshláinte tréidliachta, áiritheoidh an dáileoir mórdhíola, maidir le táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil rún aige é a fháil ó Bhallstát (“Ballstát foinseach”) agus a dháileadh i mBallstát eile (“Ballstát cinn scríbe”), go bhfuil tionscnamh comhchoiteann acu leis an táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe cheana féin sa Bhallstát cinn scríbe. Meastar go bhfuil tionscnamh comhchoiteann ag táirgí íocshláinte tréidliachta má chomhlíonann siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

go bhfuil an comhdhéanamh cainníochtúil agus cáilíochtúil céanna acu ó thaobh substaintí gníomhacha de agus ó thaobh na dtámhán de;

(b) 

go bhfuil an fhoirm chéanna cógaisíochta acu;

(c) 

go bhfuil an fhaisnéis chliniciúil chéanna acu agus, i gcás inarb infheidhme, an tréimhse chéanna tarraingthe siar; agus

(d) 

go ndearna an monaróir céanna nó an monaróir atá ag obair faoi cheadúnas iad a mhonarú i gcomhréir leis an bhfoirmliú ceánna.

2.  
Comhlíonfaidh an táirge íocshláinte tréidliachta a fuarthas ó Bhallstát foinseach ceanglais lipéadaithe agus teanga an Bhallstáit cinn scríbe.
3.  
Leagfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta riaracháin síos le haghaidh trádáil chomhthreomhar i dtáirgí íocshláinte tréidliachta agus nós imeachta le haghaidh iarratas ar thrádáil chomhthreomhar na dtáirgí sin a fhormheas.
4.  
Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe liosta na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a ndéantar a thrádáil go comhthreomhar sa Bhallstát sin a chur ar fáil don phobal sa bhunachar sonraí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 55.
5.  
Tabharfaidh dáileoir mórdhíola nach é sealbhóir an údaraithe margaíochta é fógra do shealbhóir an údaraithe margaíochta agus don údarás inniúil sa Bhallstát foinseach faoin rún atá aige an táirge íocshláinte tréidliachta a thrádáil go comhthreomhar i mBallstát cinn scríbe.
6.  

Déanfaidh gach dáileoir mórdhíola atá ag beartú táirge íocshláinte tréidliachta a thrádáil go comhthreomhar i mBallstát cinn scríbe na hoibleagáidí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

dearbhú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát cinn scríbe agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcoinneoidh an dáileoir mórdhíola sa Bhallstát foinseach é ar an eolas faoi aon saincheisteanna faireachais cógas;

(b) 

fógra a thabhairt do shealbhóir an údaraithe margaíochta sa Bhallstát cinn scríbe maidir leis an táirge íocshláinte tréidliachta atá le fáil ón mBallstát foinseach agus a bhfuil rún aige é a chur ar an margadh sa Bhallstát cinn scríbe mí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé iarratas ar thrádáil chomhthreomhar an táirge íocshláinte tréidliachta sin faoi bhráid an údaráis inniúil;

(c) 

dearbhú i scríbhinn a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe gur tugadh fógra don sealbhóir údaraithe margaíochta sa Bhallstát cinn scríbe i gcomhréir le pointe (b), mar aon le cóip den fhógra sin;

(d) 

gan táirge íocshláinte tréidliachta a aisghaireadh ó mhargadh an Bhallstáit fhoinsigh nó an Bhallstáit cinn scríbe ar chúiseanna cáilíochta, sábháilteachta nó éifeachtúlachta a thrádáil;

(e) 

teagmhais dhíobhálacha amhrasta a thiomsú agus iad a thuairisciú do shealbhóir údaraithe margaíochta an táirge íocshláinte tréidliachta arna thrádáil go comhthreomhar.

7.  

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas i gceangal leis an liosta dá dtagraítear i mír 5 maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta go léir:

(a) 

ainm na dtáirgí íocshláinte tréidliachta;

(b) 

na substaintí gníomhacha

(c) 

foirmeacha cógaisíochta;

(d) 

aicmiúchán na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sa Bhallstát cinn scríbe;

(e) 

uimhir údaraithe margaíochta na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sa Bhallstát foinseach;

(f) 

uimhir údaraithe margaíochta na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sa Bhallstát cinn scríbe;

(g) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an dáileora mórdhíola sa Bhallstát foinseach agus an dáileora mórdhíola sa Bhallstát cinn scríbe.

8.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach.



Roinn 2

Miondíol

Airteagal 103

Táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíol agus taifid a choinneáil

1.  
Déanfar na rialacha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíol a chinneadh leis an dlí náisiúnta, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.
2.  
Gan dochar d’Airteagal 99(4), ní bhfaighidh miondíoltóirí táirgí íocshláinte tréidliachta táirgí íocshláinte tréidliachta ach ó shealbhóirí údaraithe dáileacháin mórdhíola.
3.  

Coinneoidh miondíoltóirí táirgí íocshláinte tréidliachta taifid mhionsonraithe ar an bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach idirbheart i dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena gceanglaítear oideas tréidliachta faoi Airteagal 34:

(a) 

dáta an idirbhirt;

(b) 

ainm an táirge íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an fhoirm chógaisíochta agus an neart;

(c) 

an bhaiscuimhir;

(d) 

an chainníocht arna fáil nó arna soláthar;

(e) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an tsoláthróra i gcás ceannacháin nó an fhaighteora i gcás díolacháin;

(f) 

ainm agus sonraí teagmhála an tréidlia a thug an t-oideas agus, i gcás inarb iomchuí, cóip den oideas tréidliachta;

(g) 

uimhir an údaraithe margaíochta.

4.  
I gcás ina measann na Ballstáit gur gá é sin, féadfaidh siad a chur de cheangal ar mhiondíoltóirí taifid mhionsonraithe a choinneáil ar aon idirbheart maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil faoi réir oideas tréidliachta.
5.  
Uair sa bhliain ar a laghad, déanfaidh miondíoltóir iniúchadh mionsonraithe ar an stoc agus déanfaidh sé an líon táirgí íocshláinte tréidliachta arna dtaifeadadh atá ag teacht isteach agus an líon táirgí íocshláinte tréidliachta atá ag imeacht amach a chur i gcomparáid leis an líon táirgí íocshláinte tréidliachta atá sa stoc i láthair na huaire sin. Déanfar taifead ar aon mhíréireachtaí a aimseofar. Beidh torthaí an iniúchta mhionsonraithe agus na taifid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar fáil do na húdaráis inniúla lena scrúdú ar feadh tréimhse 5 bliana i gcomhréir le hAirteagal 123.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a fhorchur ar an bhforas go bhfuil údar cuí leo chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint ar mhaithe le táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíol ar a gcríoch ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais, go bhfuil siad comhréireach agus go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 104

Táirgí íocshláinte tréidliachta a chiandíol

1.  
Daoine a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 103(1) den Rialachán seo, féadfaidh siad táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe san Aontas ar choinníoll nach bhfuil na táirgí íocshláinte tréidliachta sin faoi réir oideas tréidliachta de bhun Airteagal 34 den Rialachán seo agus go gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus dlí is infheidhme an Bhallstáit ina miondíoltar na táirgí tréidliachta.
2.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát ligean do dhaoine a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 103(1) táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint faoi réir oideas tréidliachta de bhun Airteagal 34 trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, ar choinníoll go bhfuil córas slán curtha ar fáil ag an mBallstát do na soláthair sin. Ní thabharfar an cead sin ach do dhaoine atá bunaithe ina gcríoch agus ní dhéanfar an soláthar ach laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.
3.  
Áiritheoidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 2 go bhfuil bearta oiriúnaithe i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais a bhaineann le hoideas tréidliachta maidir le soláthar trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile má bhaineann sé úsáid as an maolú dá dtagraítear i mír 2 agus oibreoidh sé i gcomhar, nuair is gá sin, leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile chun aon iarmhairtí neamhbheartaithe a thagann as an soláthar sin a sheachaint. Bunóidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha náisiúnta arna nglacadh, lena n-áirítear rialacha maidir leis an gcead sin a tharraingt siar.
4.  
Beidh na daoine agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi réir na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 123 arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an miondíoltóir bunaithe.
5.  

I dteannta na gceanglas maidir le faisnéis a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), déanfaidh miondíoltóirí a thairgeann táirgí íocshláinte tréidliachta trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur ar fáil:

(a) 

sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an miondíoltóir a thairgeann na táirgí íocshláinte tréidliachta bunaithe;

(b) 

hipearnasc chuig suíomh gréasáin an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht a cuireadh ar bun i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo;

(c) 

an lógó coiteann a leagadh síos i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo ar taispeáint go soiléir ar gach leathanach den suíomh gréasáin a bhaineann leis an tairiscint táirgí íocshláinte tréidliachta a chiandíol, agus hipearnasc chuig iontráil an mhiondíoltóra ar liosta na miondíoltóirí ceadaithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 8 den Airteagal seo.

6.  
Bunóidh an Coimisiún lógó coiteann de bhun mhír 7 a bheidh inaitheanta ar fud an Aontais agus lena mbeifear in ann an Ballstát a aithint ina bhfuil an duine atá ag tairiscint táirgí íocshláinte tréidliachta lena gciandíol bunaithe. Beidh an lógó le feiceáil go soiléir ar shuíomhanna gréasáin a thairgeann táirgí íocshláinte tréidliachta lena gciandíol.
7.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, dearadh an lógó choitinn dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
8.  

Cuirfidh gach Ballstát suíomh gréasáin ar bun do chiandíol táirgí íocshláinte tréidliachta, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil ar an suíomh sin:

(a) 

faisnéis faoina dhlí náisiúnta is infheidhme maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint lena gciandíol trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear faisnéis i ndáil leis na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith idir na Ballstáit i dtaobh soláthar táirgí íocshláinte tréidliachta a aicmiú;

(b) 

faisnéis faoin lógó coiteann;

(c) 

liosta na miondíoltóirí atá bunaithe sa Bhallstát agus atá ceadaithe táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint lena gciandíol trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, mar aon le seoltaí shuíomhanna gréasáin na miondíoltóirí sin.

9.  
Cruthóidh an Ghníomhaireacht leathanach gréasáin ar a mbeidh faisnéis faoin lógó coiteann. Ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, luafar go sonrach go bhfuil faisnéis le fáil ar shuíomhanna gréasáin na mBallstát maidir leis na daoine atá ceadaithe táirgí íocshláinte tréidliachta a thairiscint lena gciandíol rí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise sa Bhallstát ábhartha.
10.  
Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a fhorchur, ar fhoras a bhaineann le sláinte phoiblí a chosaint, maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíol, ar a gcríoch, ar táirgí iad atá á dtairiscint lena gciandíol trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.
11.  
Beidh hipearnasc chuig suíomh gréasáin na Gníomhaireachta arna chur ar bun i gcomhréir le mír 9 ar na suíomhanna gréasáin arna mbunú ag na Ballstáit.

Airteagal 105

Oidis tréidliachta

1.  
Ní dhéanfar oideas maidir le táirge íocshláinte frithmhiocróbach le haghaidh meitifiolacsais a eisiúint ach amháin tar éis do thréidlia an galar tógálach a dhiagnóisiú.
2.  
Beidh an tréidlia in ann údar cuí a thabhairt le hoideas tréidliachta maidir le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha, go háirithe le haghaidh meitifiolacsais agus le haghaidh próifiolacsais.
3.  
Ní eiseofar oideas tréidliachta ach amháin i ndiaidh scrúdú cliniciúil nó aon mheasúnú ceart eile a bheith déanta ag tréidlia ar stádas sláinte an ainmhí nó an ghrúpa ainmhithe.
4.  
De mhaolú ar phointe (33) d’Airteagal 4 agus ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát cead a thabhairt go n-eiseodh duine gairmiúil, seachas tréidlia, oideas tréidliachta, duine atá cáilithe lena dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nuair a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ní bheidh oidis den sórt sin bailí ach sa Bhallstát sin agus ní áireofar ar na hoidis sin oidis maidir le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha agus aon táirgí íocshláinte tréidliachta eile inar gá diagnóis ó thréidlia.

Beidh oidis tréidliachta arna n-eisiúint ag duine gairmiúil, seachas tréidlia, faoi réir mhíreanna 5, 6, 8, 9 agus 11 den Airteagal seo mutatis mutandis.

5.  

Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad in oideas tréidliachta:

(a) 

aitheantas an ainmhí nó an ghrúpa ainmhithe ar a bhfuil cóireáil le cur;

(b) 

ainm iomlán agus sonraí teagmhála úinéir nó choimeádaí an ainmhí;

(c) 

an dáta eisiúna;

(d) 

ainm iomlán agus sonraí teagmhála an tréidlia lena n-áirítear, má tá sí ar fáil, an uimhir ghairmiúil;

(e) 

síniú an tréidlia, nó a choibhéis i bhfoirm leictreonach;

(f) 

ainm an táirge íocshláinte oideasaithe, lena n-áirítear na substaintí gníomhacha atá ann;

(g) 

an fhoirm chógaisíochta agus an neart;

(h) 

an chainníocht arna hoideasú, nó líon na bpaicéad, lena n-áirítear méid an phaicéid;

(i) 

córas dáileoige;

(j) 

i gcás speicis ar bia-ainmhithe iad, an tréimhse tarraingthe siar fiú más ionann tréimhse den sórt sin agus náid;

(k) 

aon rabhadh a bhfuil gá leis chun an úsáid cheart a áirithiú lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, chun úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a áirithiú;

(l) 

má dhéantar táirge íocshláinte a oideasú i gcomhréir le hAirteagal Airteagal 112, 113 agus Airteagal 114, ráiteas á rá sin;

(m) 

má dhéantar táirge íocshláinte a oideasú i gcomhréir le hAirteagal 107(3) agus (4), ráiteas á rá sin.

6.  
Beidh cainníocht na dtáirgí íocshláinte a oideasaítear teoranta don mhéid is gá don chóireáil nó don teiripe lena mbaineann. Maidir le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha le haghaidh meitifiolacsais nó próifiolacsais, ní dhéanfar iad a oideasú ach ar feadh tréimhse theoranta chun an tréimhse riosca a chumhdach.
7.  
Aithneofar oidis tréidliachta arna n-eisiúint i gcomhréir le mír 3 ar fud an Aontais.
8.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid shamplach a shocrú le haghaidh na gceanglas a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo, a chuirfear ar fáil i bhfoirm leictreonach freisin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
9.  
Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme a sholáthrófar an táirge íocshláinte oideasaithe.
10.  
Beidh oideas tréidliachta maidir le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha bailí ar feadh 5 lá ó dháta a eisiúna.
11.  
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le taifid a bheith á gcoinneáil ag tréidlianna agus iad ag eisiúint oidis tréidliachta.
12.  
D’ainneoin Airteagal 34, féadfaidh an tréidlia féin táirge íocshláinte tréidliachta atá aicmithe mar bheith faoi réir oideas tréidliachta faoin Airteagal sin a thabhairt go pearsanta gan oideas tréidliachta, mura bhforáiltear a mhalairt faoin dlí náisiúnta is infheidhme. Coinneoidh an tréidlia taifid ar thabhairt phearsanta den sórt sin gan oideas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.



Roinn 3

Úsáid

Airteagal 106

Táirgí íocshláinte a úsáid

1.  
Is i gcomhréir le téarmaí an údaraithe margaíochta a úsáidfear táirgí íocshláinte tréidliachta.
2.  
Ní dochar an úsáid a bhaintear as táirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis an Roinn seo d’Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2016/429.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit aon nósanna imeachta a leagan síos a mheasann siad go bhfuil gá leo chun Airteagal 110 go Airteagal 114 agus Airteagal 116 a chur chun feidhme.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, cinneadh a dhéanamh nach ndéanfaidh ach tréidlia táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt.
5.  
Ní dhéanfar táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha díghníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a úsáid sna hainmhithe dá dtagraítear ann ach amháin in imthosca eisceachtúla, i gcomhréir le hoideas tréidliachta, agus mura bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch údaraithe don spriocspeiceas ainmhí agus don tásc.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147, chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh, de réir mar is gá, lena mbunaítear na rialacha maidir le bearta iomchuí chun a áirithiú go mbaintear úsáid éifeachtach agus shábháilte as táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú agus arna n-oideasú lena dtabhairt tríd an mbéal trí bhealaí eile seachas beatha íocleasaithe, amhail uisce óil a mheascadh le táirge íocshláinte tréidliachta nó táirge íocshláinte tréidliachta a mheascadh de láimh i mbeatha agus arna thabhairt ag an gcoimeádaí ainmhithe do na bia-ainmhithe. Cuirfidh an Coimisiún comhairle eolaíoch na Gníomhaireachta san áireamh, agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige.

Airteagal 107

Táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáid

1.  
Ní úsáidfear táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha go tráthrialta ná ní úsáidfear iad chun drochshláinteachas, nó feirmeoireacht ainmhithe neamhleor nó easpa cúraim a chúiteamh ná chun drochbhainistiú feirme a chúiteamh.
2.  
Ní úsáidfear táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe chun fás a spreagadh ná chun an táirgeacht a mhéadú.
3.  
Ní úsáidfear táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha le haghaidh próifiolacsais ach amháin i gcásanna eisceachtúla, chun cóireáil a chur ar ainmhí aonair nó ar líon srianta ainmhithe i gcás ina bhfuil an riosca maidir le hionfhabhtú nó galar tógálach an-ard agus gur dócha go mbeidh na hiarmhairtí a leanfaidh an-dian.

I gcásanna den sórt sin, déanfar an úsáid a bhaintear as táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha le haghaidh próifiolacsais a theorannú do thabhairt d’ainmhí aonair amháin, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír.

4.  
Ní úsáidfear táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha le haghaidh meitifiolacsais ach amháin i gcás ina bhfuil riosca mór ann go scaipfeadh ionfhabhtú nó galar tógálach sa ghrúpa ainmhithe agus más rud é nach bhfuil roghanna iomchuí eile ar fáil. Féadfaidh na Ballstáit treoir a thabhairt maidir le roghanna iomchuí eile den sórt sin agus tacóidh siad go gníomhach le forbairt agus cur i bhfeidhm treoirlínte lena gcuirtear chun cinn an tuiscint atá ar na tosca riosca a bhaineann le meitifiolacsas agus cuirfidh siad critéir san áireamh chun iad a chur chun feidhme.
5.  
Ní dhéanfar táirgí íocshláinte a bhfuil na hábhair fhrithmhiocróbacha ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 37(5) iontu a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 112, Airteagal 113 agus Airteagal 114.
6.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus aird chuí á tabhairt aige ar chomhairle eolaíoch na Gníomhaireachta, liosta d’ábhair fhrithmhiocróbacha a bhunú, ar ábhair fhrithmhiocróbacha iad:

(a) 

nach n-úsáidfear i gcomhréir le hAirteagal 112, Airteagal 113 agus Airteagal 114; nó

(b) 

nach n-úsáidfear i gcomhréir le hAirteagal 112, Airteagal 113 agus Airteagal 114 ach faoi réir coinníollacha áirithe.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) 

rioscaí do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí dá n-úsáidfí an t-ábhar frithmhiocróbach i gcomhréir le hAirteagal 112, Airteagal 113 agus Airteagal 114;

(b) 

an riosca do shláinte ainmhithe nó don tsláinte phoiblí dá dtiocfadh frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha chun cinn;

(c) 

cineálacha cóireálacha eile a bheith ar fáil d’ainmhithe;

(d) 

cineálacha cóireálacha eile a bheith ar fáil do dhaoine;

(e) 

an tionchar ar an dobharshaothrú agus ar an bhfeirmeoireacht mura gcuirfí aon chóireáil ar an ainmhí a mbeadh an t-éagruas air.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

7.  
Féadfaidh Ballstát srian breise a chur leis an úsáid a bhaintear as ábhair fhrithmhiocróbacha áirithe in ainmhithe ar a chríoch, nó toirmeasc a chur ar an úsáid sin, má tá tabhairt na n-ábhar frithmhiocróbach sin d’ainmhithe ar neamhréir le cur chun feidhme beartais náisiúnta maidir le húsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha.
8.  
Beidh bearta arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn mhír 7 comhréireach agus beidh údar cuí leo.
9.  
Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon bheart atá glactha aige ar bhonn mhír 7.

Airteagal 108

Coinneáil taifead ag úinéirí agus coimeádaithe bia-ainmhithe

1.  
Coinneoidh úinéirí bia-ainmnithe, nó coimeádaithe i gcás nach iad na húinéirí a choinníonn na hainmhithe, taifid ar na táirgí íocshláinte a úsáideann siad agus, más infheidhme, coinneoidh siad cóip den oideas tréidliachta freisin.
2.  

Áireofar an méid seo a leanas ar na taifid dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

an dáta a tugadh an táirge íocshláinte do na hainmhithe den chéad uair;

(b) 

ainm an táirge íocshláinte;

(c) 

cainníocht an táirge íocshláinte a tugadh;

(d) 

ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an tsoláthróra;

(e) 

fianaise go bhfuarthas an táirge íocshláinte a úsáideann siad;

(f) 

aitheantas an ainmhí nó an ghrúpa ainmhithe ar ar cuireadh cóireáil;

(g) 

ainm agus sonraí teagmhála an tréidlia a thug an t-oideas agus, más infheidhme;

(h) 

an tréimhse tarraingthe siar fiú más ionann tréimhse den sórt sin agus náid;

(i) 

fad na cóireála.

3.  
Má tá an fhaisnéis atá le taifeadadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar fáil cheana féin ar chóip oidis tréidliachta, i dtaifead a choinnítear ar an bhfeirm nó, i gcás ainmhithe eachaí, má tá sí taifeadta sa doiciméad aitheantais saolré aonair dá dtagraítear in Airteagal 8(4), ní gá í a thaifeadadh ar leithligh.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos do choinneáil na dtaifead ag úinéirí agus coimeádaithe bia-ainmhithe.
5.  
Beidh an fhaisnéis atá sna taifid sin ar fáil do na húdaráis inniúla lena scrúdú ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 123.

Airteagal 109

Ceanglais maidir le coinneáil taifead d’ainmhithe eachaí

1.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le hinneachar agus formáid na faisnéise is gá chun Airteagal 112(4) agus Airteagal 115(5) a chur i bhfeidhm agus atá le bheith ar áireamh sa doiciméad aitheantais saolré aonair dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, foirmeacha samplacha a leagan síos chun an fhaisnéis is gá chun Airteagal 112(4) agus Airteagal 115(5) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus atá le bheith ar áireamh sa doiciméad aitheantais saolré aonair dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a iontráil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 110

Táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a úsáid

1.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, toirmeasc a chur ar mhonarú, allmhairiú, dáileadh, sealbhú, díol, soláthar nó úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha ar a gcríoch nó i gcuid di má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

leis an táirge a thabhairt d’ainmhithe, d’fhéadfaí cur isteach ar chur chun feidhme cláir náisiúnta maidir le galair ainmhithe a dhiagnóisiú, a rialú nó a dhíothú;

(b) 

mar thoradh ar an táirge a thabhairt d’ainmhithe, d’fhéadfaí go mbeadh deacrachtaí ann maidir le deimhniú a thabhairt nach bhfuil galar ar ainmhithe beo nó go mbeadh éilliú in earraí bia nó i dtáirgí eile a fhaightear ó ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu;

(c) 

den chuid is mó, níl tréithchineálacha na n-oibreán galair a bhfuil an táirge ceaptha imdhíonacht a thabhairt ina n-aghaidh i láthair ar an gcríoch i gceist ó thaobh scaipeadh geografach de.

2.  
De mhaolú ar Airteagal 106(1) den Rialachán seo, agus in éagmais táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 116 den Rialachán seo, i gcás ráig de ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/429 nó de ghalar atá ag teacht chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán sin, féadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt go n-úsáidfí táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch nach bhfuil údaraithe laistigh den Aontas.
3.  
De mhaolú ar Airteagal 106(1) den Rialachán seo, i gcás ina bhfuil táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch údaraithe ach nach bhfuil ar fáil a thuilleadh laistigh den Aontas le haghaidh galar nach dtagraítear dó in Airteagal 5 nó 6 de Rialachán (AE) 2016/429 ach atá san Aontas cheana féin, féadfaidh údarás inniúil, ar mhaithe le sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe agus an tsláinte phoiblí, cead a thabhairt go n-úsáidfí táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch nach bhfuil údaraithe laistigh den Aontas ar bhonn cás ar chás.
4.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún ar an eolas gan mhoill nuair a chuirtear míreanna 1, 2 agus 3 i bhfeidhm, agus tabharfaidh siad faisnéis faoi na coinníollacha arna bhforchur maidir le cur chun feidhme na míreanna sin.
5.  
Má tá ainmhí le honnmhairiú chuig tríú tír, agus é faoi réir rialacha ceangailteacha sonracha sláinte sa tríú tír sin dá bhrí sin, féadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt go n-úsáidfí táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch, le haghaidh an ainmhí sin lena mbaineann amháin, más táirge é nach bhfuil cumhdaithe ag údarú margaíochta sa Bhallstát ábhartha ach a bhfuil a úsáid ceadaithe sa tríú tír a bhfuil an t-ainmhí le honnmhairiú chuige.

Airteagal 111

Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta ag tréidlianna a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstáit eile

1.  

Beidh cead ag tréidlia a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an tréidlia bunaithe (“Ballstát óstach”) táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil údaraithe sa Bhallstát óstach a shealbhú nó a thabhairt d’ainmhithe nó do ghrúpaí ainmhithe atá faoin chúram an tréidlia sa chainníocht is gá nach mó ná an méid is gá don chóireáil atá ordaithe ag an tréidlia, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá údarú margaíochta don táirge íocshláinte tréidliachta atá le tabhairt do na hainmhithe deonaithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tréidlia bunaithe nó ag an gCoimisiún;

(b) 

tá na táirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann á n-iompar ag an tréidlia ina mbunphacáistíocht;

(c) 

cloíonn an tréidlia leis an dea-chleachtas tréidliachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát óstach;

(d) 

socraíonn an tréidlia an tréimhse tarraingthe siar atá sonraithe ar lipéadú nó ar bhileog pacáiste an táirge íocshláinte tréidliachta atá in úsáid;

(e) 

ní dhíolann an tréidlia aon táirge íocshláinte tréidliachta le húinéir ná le coimeádaí ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu sa Bhallstát óstach ach amháin má cheadaítear sin faoi rialacha an Bhallstáit óstaigh.

2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha seachas i gcás tocsainí agus séiream.

Airteagal 112

Táirgí íocshláinte a úsáid lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta i gcás speicis nach bia-ainmhithe iad

1.  

De mhaolú ar Airteagal 106(1), i gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe i mBallstát do thásc maidir le speiceas nach bia-ainmhí é, féadfaidh tréidlianna atá freagrach, faoina bhfreagracht phearsanta dhíreach, agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, cóireáil eisceachtúil a chur ar na hainmhithe lena mbaineann leis an táirge íocshláinte seo a leanas:

(a) 

táirge íocshláinte tréidliachta arna údarú faoin Rialachán seo sa Bhallstát ábhartha nó i mBallstát eile lena úsáid don speiceas céanna nó do speiceas eile, don tásc céanna nó do thásc eile;

(b) 

murab ann do tháirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(c) 

murab ann do tháirge íocshláinte dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo, táirge íocshláinte tréidliachta arna ullmhú ar an toirt i gcomhréir le téarmaí oidis tréidliachta.

2.  
Seachas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, i gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, féadfaidh an tréidlia atá freagrach, faoina fhreagracht dhíreach agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, ainmhí nach bia-ainmhí é a chóireáil le táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe i dtríú tír don speiceas ainmhí céanna agus don tásc céanna.
3.  
Féadfaidh an tréidlia féin an táirge íocshláinte a thabhairt, nó cead a thabhairt do dhuine eile é a thabhairt faoi fhreagracht an tréidlia, i gcomhréir le forálacha náisiúnta.
4.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cóireáil a chuireann tréidlia ar ainmhí den speiceas eachaí ar choinníoll go ndearbhaítear nach bhfuil sé beartaithe an t-ainmhí sin a mharú lena chaitheamh ag an duine sa doiciméad aitheantais saolré aonair dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
5.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás nach bhfuil táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe ar fáil sa Bhallstát ábhartha.

Airteagal 113

Táirgí íocshláinte a úsáid lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta i gcás speicis talún ar bia-ainmhithe iad

1.  

De mhaolú ar Airteagal 106(1), i gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe i mBallstát do thásc maidir le speiceas talún ar bia-ainmhí é, féadfaidh tréidlianna atá freagrach, faoina bhfreagracht phearsanta dhíreach, agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, cóireáil eisceachtúil a chur ar na hainmhithe lena mbaineann leis an táirge íocshláinte seo a leanas:

(a) 

táirge íocshláinte tréidliachta arna údarú faoin Rialachán seo sa Bhallstát ábhartha nó i mBallstát eile lena úsáid don speiceas talún céanna ar bia-ainmhí é nó do speiceas talún eile ar bia-ainmhí é don tásc céanna, nó do thásc eile;

(b) 

murab ann do tháirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, táirge íocshláinte tréidliachta arna údarú faoin Rialachán seo sa Bhallstát ábhartha lena úsáid do speiceas nach bia-ainmhí é don tásc céanna;

(c) 

murab ann do tháirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; nó

(d) 

murab ann do tháirge íocshláinte dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den mhír seo, táirge íocshláinte tréidliachta arna ullmhú ar an toirt i gcomhréir le téarmaí oidis tréidliachta.

2.  
Seachas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, i gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, féadfaidh tréidlianna atá freagrach, faoina bhfreagracht phearsanta dhíreach, agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, cóireáil eisceachtúil a chur ar bhia-ainmhithe talún le táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe i dtríú tír don speiceas ainmhithe céanna agus don tásc céanna.
3.  
Féadfaidh an tréidlia féin an táirge íocshláinte a thabhairt, nó cead a thabhairt do dhuine eile é a thabhairt faoi fhreagracht an tréidlia, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta.
4.  
Déanfar substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá sa táirge íocshláinte arna úsáid i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a cheadú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 470/2009 agus aon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn.
5.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás nach bhfuil táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe ar fáil sa Bhallstát ábhartha.

Airteagal 114

Táirgí íocshláinte a úsáid do bhia-speicis uisceacha

1.  

De mhaolú ar Airteagal 106(1), i gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe i mBallstát do thásc maidir le bia-speiceas uisceach, féadfaidh tréidlianna atá freagrach, faoina bhfreagracht phearsanta dhíreach, agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, cóireáil a chur ar na hainmhithe lena mbaineann leis an táirge íocshláinte seo a leanas:

(a) 

táirge íocshláinte tréidliachta arna údarú faoin Rialachán seo sa Bhallstát ábhartha nó i mBallstát eile lena úsáid don speiceas céanna nó do bhia-speiceas uisceach eile agus tásc céanna, nó do thásc eile;

(b) 

murab ann do tháirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, táirge íocshláinte tréidliachta arna údarú faoin Rialachán seo sa Bhallstát ábhartha nó i mBallstát eile lena úsáid do bhia-speiceas talún ina bhfuil substaint atá sa liosta a bhunaítear i gcomhréir le mír 3;

(c) 

murab ann do tháirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus ina bhfuil substaintí atá sa liosta a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo; nó

(d) 

murab ann do tháirge íocshláinte dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den mhír seo, táirge íocshláinte tréidliachta arna ullmhú ar an toirt i gcomhréir le téarmaí oidis tréidliachta.

2.  

De mhaolú ar phointí (b) agus (c) de mhír 1, agus go dtí go mbunófar an liosta dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh tréidlianna atá freagrach, faoina bhfreagracht phearsanta dhíreach, agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, cóireáil eisceachtúil a chur ar bhia-speicis uisceacha i saoráid ar leith leis an táirge íocshláinte seo a leanas:

(a) 

táirge íocshláinte tréidliachta arna údarú faoin Rialachán seo sa Bhallstát ábhartha nó i mBallstát eile lena úsáid do speiceas talún ar bia-ainmhí é;

(b) 

murab ann do tháirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

3.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar a dhéanaí laistigh de 5 bliana ón 28 Eanáir 2022, liosta substaintí a bhunú, ar substaintí iad a úsáidtear i dtáirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú san Aontas lena n-úsáid i speicis talún ar bia-ainmhithe iad nó substaintí atá i dtáirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine arna n-údarú san Aontas i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, a fhéadfar a úsáid i mbia-speicis uisceacha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Déanfaidh an Coimisiún, agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, na critéir seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

rioscaí don chomhshaol má chuirtear cóireáil ar bhia-speicis uisceacha leis na substaintí sin;

(b) 

an tionchar ar shláinte ainmhithe nó ar shláinte an duine mura féidir leis na bia-speicis uisceacha lena mbaineann ábhar frithmhiocróbach a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 107(6) a fháil;

(c) 

infhaighteacht nó easpa infhaighteachta táirgí íocshláinte, cóireálacha nó beart eile chun galair nó tásca áirithe i mbia-speicis uisceacha a chosc nó a chóireáil.

4.  
Seachas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, i gcás nach bhfuil aon táirge íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil, féadfaidh tréidlianna atá freagrach, faoina bhfreagracht phearsanta dhíreach, agus go háirithe chun fulaingt dho-ghlactha an ainmhí a sheachaint, cóireáil eisceachtúil a chur ar bhia-speicis uisceacha le táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe i dtríú tír don speiceas céanna agus don tásc céanna.
5.  
Féadfaidh an tréidlia féin an táirge íocshláinte a thabhairt, nó cead a thabhairt do dhuine eile é a thabhairt faoi fhreagracht an tréidlia, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta.
6.  
Déanfar substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá sa táirge íocshláinte arna úsáid i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo a cheadú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 470/2009 agus aon ghníomhartha arna nglacadh ar a bhonn.
7.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás nach bhfuil táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe ar fáil sa Bhallstát ábhartha.

Airteagal 115

Tréimhse tarraingthe siar le haghaidh táirgí íocshláinte a úsáidtear lasmuigh de théarmaí an údaraithe margaíochta do speicis ar bia-ainmhithe iad

1.  

Chun críche Airteagal 113 agus Airteagal 114, ach amháin má luaitear tréimhse tarraingthe siar an táirge íocshláinte a úsáidtear san achoimre ar shaintréithe an táirge don speiceas ainmhí i dtrácht, leagfaidh an tréidlia síos tréimhse tarraingthe siar i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) 

i gcás feoil agus scairteach ó bhia-mhamaigh agus éanlaith chlóis agus géim saothraithe, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i) 

an tréimhse tarraingthe siar is faide a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge i gcás feola agus scairtí, méadaithe faoi fhachtóir 1.5;

(ii) 

28 lá i gcás nach bhfuil an táirge íocshláinte údaraithe do bhia-ainmhithe;

(iii) 

lá amháin, má tá tréimhse tarraingthe siar arb ionann líon a laethanta agus náid ag an táirge íocshláinte agus má úsáidtear é i bhfine thacsanomaíoch atá difriúil leis an spriocspeiceas atá údaraithe;

(b) 

i gcás bainne ó ainmhithe a tháirgeann bainne lena chaitheamh ag an duine, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i) 

an tréimhse tarraingthe siar is faide do bhainne a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge i gcás aon speiceas ainmhí, méadaithe faoi fhachtóir 1,5;

(ii) 

seacht lá, i gcás nach bhfuil an táirge íocshláinte údaraithe d’ainmhithe a tháirgeann bainne lena chaitheamh ag an duine;

(iii) 

lá amháin, má tá tréimhse tarraingthe siar arb ionann líon a laethanta agus náid ag an táirge íocshláinte;

(c) 

i gcás uibheacha ó ainmhithe a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i) 

an tréimhse tarraingthe siar is faide d’uibheacha a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge i gcás aon speiceas ainmhí, méadaithe faoi fhachtóir 1,5;

(ii) 

10 lá, i gcás nach bhfuil an táirge údaraithe d’ainmhithe a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine;

(d) 

i gcás speicis uisceacha a tháirgeann feoil lena caitheamh ag an duine, ní bheidh an tréimhse tarraingthe siar níos lú ná:

(i) 

an tréimhse tarraingthe siar is faide le haghaidh aon cheann de na speicis uisceacha a luaitear san achoimre ar thréithe an táirge, arna méadú faoi fhachtóir 1,5 agus arna sloinneadh mar laethanta céime;

(ii) 

má tá an táirge íocshláinte údaraithe do speicis talún ar bia-ainmhithe iad, an tréimhse tarraingthe siar is faide d’aon cheann de na speicis ar bia-ainmhithe iad a luaitear san achoimre ar shaintréithe an táirge, arna méadú faoi fhachtóir 50 agus arna sloinneadh mar laethanta céime, ach nach mó ná 500 lá céime;

(iii) 

500 lá céime, i gcás nach bhfuil an táirge íocshláinte údaraithe do speicis ar bia-ainmhithe iad;

(iv) 

25 lá céime más ionann líon laethanta na tréimhse tarraingthe siar is airde d’aon speiceas ainmhí agus náid.

2.  
Más rud é go bhfuil an toradh ar ríomh na tréimhse tarraingthe siar de réir phointí (a)(i), (b)(i), (c)(i), (d)(i) agus (ii) de mhír 1 sloinnte mar chodán de laethanta, déanfar an tréimhse tarraingthe siar a shlánú suas go dtí an líon laethanta is gaire.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147 chun an tAirteagal seo a leasú trí na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 de a leasú i ngeall ar fhianaise eolaíoch nua atá tagtha chun cinn.
4.  
I gcás beach, cinnfidh an tréidlia fad iomchuí na tréimhse tarraingthe siar trí staid gach coirceoige beach ar leith a mheas ar bhonn cás ar chás agus go háirithe an riosca maidir le hiarmhar i mil nó in aon earraí bia eile a bhaintear ó choirceoga beach lena gcaitheamh ag an duine.
5.  
De mhaolú ar Airteagal 113(1) agus (4), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta substaintí a bhunú atá riachtanach le cóireáil a chur ar speicis eachaí, nó a bhfuil breisluach cliniciúil ag baint leo i gcomparáid le cineálacha eile cóireála atá ar fáil do speicis eachaí agus a mbeidh a dtréimhse tarraingthe siar do speicis eachaí sé mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 116

Staid sláinte

De mhaolú ar Airteagal 106(1), féadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid ar a chríoch ar táirgí iad nach bhfuil údaraithe sa Bhallstát sin, i gcás ina bhfágann an staid ina bhfuil sláinte ainmhithe nó staid na sláinte poiblí go bhfuil gá lena leithéid, agus i gcás ina bhfuil sé údaraithe na táirgí íocshláinte tréidliachta sin a mhargú i mBallstát eile.

Airteagal 117

Dramhaíl táirgí íocshláinte tréidliachta a bhailiú agus a dhiúscairt

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córais iomchuí i bhfeidhm acu le haghaidh dramhaíl táirgí íocshláinte tréidliachta a bhailiú agus a dhiúscairt.

Airteagal 118

Ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear isteach san Aontas

1.  
Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag Airteagal 107(2) maidir le hoibreoirí i dtríú tíortha agus ní úsáidfidh na hoibreoirí sin na hábhair fhrithmhiocróbacha ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 37(5), a mhéid atá sé sin ábhartha i ndáil le hainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó na tríú tíortha sin go dtí an tAontas.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil.



Roinn 4

Fógraíocht

Airteagal 119

Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta

1.  
Ní fhéadfar fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe nó cláraithe i mBallstát ach sa Bhallstát sin amháin, seachas má chinneann an t-údarás inniúil a mhalairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
2.  
Beidh sé soiléir ar gach fógraíocht a dhéanfar ar tháirge íocshláinte tréidliachta gurb é soláthar, ordú, díol, dáileadh nó úsáid an táirge íocshláinte tréidliachta is aidhm léi.
3.  
Ní dhéanfar an fhógraíocht a cheapadh ar bhealach a thabharfadh le fios go bhféadfaí an táirge íocshláinte tréidliachta a úsáid mar bheatha nó mar bhithicíd.
4.  
Comhlíonfaidh an fhógraíocht an achoimre ar shaintréithe táirge an táirge íocshláinte tréidliachta a ndearnadh fógraíocht air.
5.  
Ní bheidh faisnéis d’aon chineál san fhógraíocht a d‘fhéadfadh a bheith míthreorach nó a bhféadfadh úsáid mhícheart an táirge íocshláinte tréidliachta a bheith mar thoradh uirthi.
6.  
Spreagfar úsáid fhreagrach an táirge íocshláinte tréidliachta leis an bhfógraíocht, trína chur i láthair ar bhealach oibiachtúil agus gan áibhéil a dhéanamh faoina chuid saintréithe.
7.  
I gcás ina gcuirtear údarú margaíochta ar fionraí, cuirfear bac ar aon fhógraíocht a dhéanamh, le linn thréimhse na fionraí sin, ar an táirge íocshláinte tréidliachta sa Bhallstát ina bhfuil sé ar fionraí.
8.  
Ní dhéanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a dháileadh chun críocha fógraíochta seachas i gcás líon beaga samplaí,
9.  
Ní dhéanfar táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a dháileadh chun críocha fógraíochta mar shamplaí nó ar aon bhealach eile.
10.  
Déanfar na samplaí dá dtagraítear i mír 8 a lipéadú go hiomchuí ar bhealach a léiríonn gur samplaí iad agus tabharfar iad go díreach do thréidlianna nó do dhaoine eile a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta den sórt sin a sholáthar le linn imeachtaí urraithe nó d’ionadaithe díolacháin le linn a gcuid cuairteanna.

Airteagal 120

Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta faoi réir oideas tréidliachta

1.  

Ní cheadófar fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta atá faoi réir oideas tréidliachta i gcomhréir le hAirteagal 34 ach amháin nuair a dhéantar í chuig na daoine seo a leanas agus chucu amháin:

(a) 

tréidlianna;

(b) 

daoine a bhfuil cead acu táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.  

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát cead a thabhairt fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta atá faoi réir oideas tréidliachta i gcomhréir le hAirteagal 34 chuig coimeádaithe gairmiúla ainmhithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an fhógraíocht teoranta do tháirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha;

(b) 

tá cuireadh sainráite san fhógraíocht do choimeádaithe gairmiúla ainmhithe dul i gcomhairle leis an tréidlia faoin táirge íocshláinte frithmhiocróbach.

3.  
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, beidh toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha díghníomhaithe a mhonaraítear ó phataiginí agus antaiginí a fhaightear ó ainmhí nó ainmhithe in aonad eipidéimeolaíoch agus a úsáidtear chun cóireáil a chur ar an ainmhí nó na hainmhithe sin san aonad eipidéimeolaíoch céanna nó chun cóireáil a chur ar ainmhí nó ainmhithe in aonad a bhfuil nasc eipidéimeolaíoch deimhnithe ina leith.

Airteagal 121

Fógraíocht ar tháirgí íocshláinte a úsáidtear ar ainmhithe

1.  
I gcás ina bhfuil fógraíocht á déanamh ar tháirgí íocshláinte chuig daoine atá cáilithe chun iad a oideasú nó a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní fhéadfar aon bhronntanais, buntáistí airgid ná sochar comhchineáil a sholáthar, a thairiscint ná a ghealladh do na daoine sin seachas má tá siad neamhchostasach agus ábhartha maidir le táirgí íocshláinte a ordú nó a sholáthar.
2.  
Ní dhéanfadh daoine atá cáilithe chun táirgí íocshláinte a oideasú nó a sholáthar dá dtagraítear i mír 1 aon aslú a bhfuil toirmeasc air faoin mír sin a iarraidh ná ní ghlacfaidh siad leis.
3.  
Ní chuirfear cosc le mír 1 ar aíocht a thairiscint, go díreach nó go hindíreach, ag imeachtaí chun críocha gairmiúla agus eolaíocha amháin. Beidh an aíocht sin teoranta i gcónaí do phríomhchuspóirí an imeachta.
4.  
Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 agus 3 difear do na bearta ná an cleachtas trádála atá ann cheana sna Ballstáit maidir le praghsanna, corrlaigh agus lascainí.

Airteagal 122

Forálacha fógraíochta a chur chun feidhme

Féadfaidh na Ballstáit aon nósanna imeachta a leagan síos a mheasann siad go bhfuil gá leo chun Airteagal 119, Airteagal 120 agus Airteagal 121 a chur chun feidhme.



CAIBIDIL VIII

CIGIREACHTAÍ AGUS RIALUITHE

Airteagal 123

Rialuithe

1.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe ar na daoine seo a leanas:

(a) 

Monaróirí agus allmhaireoirí táirgí íocshláinte tréidliachta agus substaintí gníomhacha;

(b) 

dáileoirí substaintí gníomhacha;

(c) 

sealbhóirí údaruithe margaíochta;

(d) 

sealbhóirí údaraithe dáileacháin mórdhíola;

(e) 

miondíoltóirí;

(f) 

úinéirí agus coimeádaithe bia-ainmhithe;

(g) 

tréidlianna;

(h) 

sealbhóirí clárúcháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha;

(i) 

sealbhóirí táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6); agus

(j) 

aon daoine eile a bhfuil oibleagáidí orthu faoin Rialachán seo.

2.  
Déanfar na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 go rialta, ar bhonn riosca, chun a fhíorú go gcomhlíonann na daoine dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo.
3.  

Is iad na húdaráis inniúla a dhéanfaidh na rialuithe rioscabhunaithe dá dtagraítear i mír 2 agus cuirfidh siad an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh agus na rialuithe sin á ndéanamh acu:

(a) 

na rioscaí intreacha a bhaineann le gníomhaíochtaí na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 agus suíomh a gcuid gníomhaíochtaí;

(b) 

teist na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 maidir le torthaí na rialuithe arna ndéanamh orthu agus a mhéid a chomhlíon siad roimhe sin;

(c) 

aon fhaisnéis a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh a léiriú;

(d) 

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag neamh-chomhlíonadh ar an tsláinte phoiblí, ar shláinte ainmhithe, ar leas ainmhithe agus ar an gcomhshaol.

4.  
Féadfar rialuithe a dhéanamh freisin arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit eile, don Choimisiún nó don Ghníomhaireacht.
5.  
Ionadaithe de chuid an údaráis inniúil a dhéanfaidh na rialuithe
6.  

Féadfar cigireachtaí a dhéanamh mar chuid de na rialuithe. Féadfar na cigireachtaí sin a dhéanamh gan fógra a thabhairt. Le linn na gcigireachtaí sin, tabharfar cumhacht d’ionadaithe de chuid údarás inniúil an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a) 

scrúdú a dhéanamh ar áitreabh, trealamh, modhanna iompair, taifid, doiciméid agus córais a bhaineann le cuspóir na cigireachta;

(b) 

samplaí a scrúdú agus a thógáil d’fhonn iad a chur chuig Saotharlann Oifigiúil um Rialú Leigheasra nó saotharlann arna hainmniú chuige sin ag Ballstát chun anailís neamhspleách a dheanamh orthu;

(c) 

aon fhianaise a mheasann na hionadaithe go bhfuil gá léi a dhoiciméadú;

(d) 

na rialuithe céanna a dhéanamh ar aon pháirtithe a dhéanann na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo in éineacht leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, lena n-aghaidh nó thar a gceann.

7.  
Coinneoidh ionadaithe na n-údarás inniúil taifead ar gach rialú a dhéanann siad agus, i gcás inar gá, tarraingeoidh siad tuarascáil suas. Cuirfidh an t-údarás inniúil an duine dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas go pras i scríbhinn faoi aon chás neamhchomhlíonta arna shainaithint trí na rialuithe agus beidh deis ag an duine sin barúlacha a thabhairt laistigh de theorainn ama arna socrú ag an údarás inniúil.
8.  
Beidh nósanna imeachta nó socruithe i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun a áirithiú nach mbaineann aon choinbhleacht leasa leis an bhfoireann a dhéanann na rialuithe.

Airteagal 124

Iniúchtaí ag an gCoimisiún

Féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh sna Ballstáit ar a n-údaráis inniúla chun críche a iomchuí atá na rialuithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla sin a dheimhniú. Déanfar na hiniúchtaí sin a chomhordú leis an mBallstát ábhartha agus déanfar iad ar bhealach lena seachnófar ualach riaracháin nach gá.

Tar éis gach iniúchta, dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh, nuair is iomchuí, moltaí don Bhallstát ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún an dréacht-thuarascáil chuig an údarás inniúil le haghaidh barúlacha agus cuirfidh sé na barúlacha sin san áireamh agus an tuarascáil deiridh á tarraingt suas aige. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh agus na barúlacha a phoibliú.

Airteagal 125

Deimhniú oiriúnachta

Chun a fhíorú an bhfuil na sonraí a chuirtear isteach chun deimhniú oiriúnachta a fháil ag comhlíonadh mhonagraif Pharmacopoeia Eorpach, féadfaidh an comhlacht um chaighdeánú le haghaidh ainmníochtaí agus noirm cháilíochta, de réir bhrí an Choinbhinsiúin ar fhorbairt Pharmacopoeia Eorpach arna glacadh le Cinneadh 94/358/CE ( 9 ) (an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte (“EDQM”)), féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an nGníomhaireacht cigireacht arna déanamh ag údarás inniúil a iarraidh i gcás ina bhfuil an t-ábhar tosaigh lena mbaineann faoi réir monagraf de chuid Pharmacopoeia Eorpach.

Airteagal 126

Rialacha sonracha maidir le cigireachtaí faireachais cógas

1.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar seiceáil rialta ar mháistirchomhaid chóras an fhaireachais cógas ar fad san Aontas agus go bhfuil córais an fhaireachais cógas á gcur i bhfeidhm mar is ceart.
2.  
Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú ar chigireachtaí ar chórais faireachais cógas na dtáirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 44 agus déanfaidh na húdaráis inniúla na cigireachtaí sin.
3.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí ar chórais faireachais cógas na dtáirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagail 47, 49, 52 agus 53.
4.  
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil máistirchomhaid chóras an fhaireachais cógas na cigireachtaí ar mháistirchomhaid chóras an fhaireachais cógas.
5.  
D’ainneoin mhír 4 den Airteagal seo agus de bhun Airteagal 80, féadfaidh údarás inniúil tabhairt faoi thionscnaimh um chomhroinnt na hoibre agus tarmligean na bhfreagrachtaí le húdaráis inniúla eile chun dúbláil na gcigireachtaí ar chórais an fhaireachais cógas a sheachaint.
6.  
Déanfar torthaí na gcigireachtaí faireachais cógas a thaifeadadh sa bhunachar sonraí faireachais cógas dá dtagraítear in Airteagal 74.

Airteagal 127

Cruthúnas ar cháilíocht an táirge i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta

1.  
Beidh ar fáil ag sealbhóir an údaraithe margaíochta torthaí na dtástálacha rialúcháin a rinneadh ar an táirge íocshláinte tréidliachta nó ar na comhchodanna agus ar tháirgí idirmheánacha an phróisis monaraíochta, i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos san údarú margaíochta.
2.  
Más é conclúid údaráis inniúil nach bhfuil baisc de tháirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le tuarascáil ar rialú an mhonaróra nó leis na sonraíochtaí dá bhforáiltear san údarú margaíochta, glacfaidh sé bearta i ndáil le sealbhóir an údaraithe margaíochta agus an monaróir, agus cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe ar an eolas dá réir, mar aon leis an nGníomhaireacht i gcás ina bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe faoin nós imeachta láraithe.

Airteagal 128

Cruthúnas ar cháilíocht an táirge a bhaineann go sonrach le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha

1.  
Chun críche Airteagal 127(1) a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis inniúla ceangal a chur ar shealbhóir údaraithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha cóipeanna de na tuarascálacha ar rialú ar fad agus iad sínithe ag an duine cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 97 a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil.
2.  
Áiritheoidh sealbhóir údaraithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha go gcoinneofar líon leordhóthanach samplaí ionadaíocha de gach baisc de tháirgí íocshláinte tréidliachta sa stoc go dtí an dáta éaga ar a laghad, agus soláthróidh sé samplaí go pras do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.
3.  
Nuair is gá ar mhaithe le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe, féadfaidh údarás inniúil ceangal a chur ar shealbhóir údaraithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha samplaí de bhaisceanna an bhulctháirge nó an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch a chur isteach lena rialú ag Saotharlann Oifigiúil um Rialú Leigheasra sula gcuirfear an táirge ar an margadh.
4.  
Arna iarraidh sin d’údarás inniúil, cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na samplaí dá dtagraítear i mír 2 ar fáil gan mhoill, mar aon leis na tuarascálacha ar rialú dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh tástáil rialaithe. Déanfaidh an t-údarás inniúil na húdaráis inniúla i mBallstáit eile ina bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch údaraithe, mar aon le EDQM agus an Ghníomhaireacht i gcás ina bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch údaraithe faoin nós imeachta láraithe, a chur ar an eolas faoin rún atá aige rialú a dhéanamh ar bhaisceanna den táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch.
5.  
Ar bhonn na dtuarascálacha ar rialú dá dtagraítear sa Chaibidil seo, déanfaidh an tsaotharlann a bhfuil cúram an rialaithe uirthi na tástálacha ar fad a rinne an monaróir ar an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch deiridh athuair ar na samplaí a cuireadh ar fáil, i gcomhréir leis na sonraíochtaí ábhartha ina sainchomhad le haghaidh údarú margaíochta.
6.  
Beidh liosta na dtástálacha a bheidh le déanamh athuair ag an tsaotharlann a bhfuil cúram an rialaithe uirthi srianta do thástálacha a bhfuil údar leo, ar choinníoll go dtoilíonn na húdaráis inniúla ar fad sna Ballstáit ábhartha, agus, más iomchuí, EDQM, le srian den sórt sin.

I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha arna n-údarú faoin nós imeachta láraithe, is gá faomhadh na Gníomhaireachta chun laghdú a dhéanamh ar liosta na dtástálacha atá le déanamh athuair ag an tsaotharlann ina ndéantar an rialú.

7.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla aitheantas do thorthaí na dtástálacha dá dtagraítear i mír 5.
8.  
Ach amháin i gcás ina gcuirtear in iúl don Choimisiún go bhfuil tréimhse níos faide ag teastáil chun na tástálacha a dhéanamh, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear an rialú i gcrích laistigh de 60 lá ón tráth a fuarthas na samplaí agus na tuarascálacha ar rialú.
9.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil údaráis inniúla na mBallstát ábhartha eile, EDQM, sealbhóir an údaraithe margaíochta agus, más iomchuí, an monaróir, a chur ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha sa tréimhse chéanna ama.
10.  
Fíoróidh an t-údarás inniúil go bhfuil na próisis mhonaraíochta a úsáidtear i monarú na dtáirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha bailíochtaithe agus go bhfuil seasmhacht á háirithiú ó bhaisc go baisc.



CAIBIDIL IX

SRIANTA AGUS PIONÓIS

Airteagal 129

Srianta sábháilteachta sealadacha;

1.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil agus, i gcás táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe go lárnach, an Coimisiún freisin, i gcás riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a fhágann gur gá bearta práinneacha, srianta sábháilteachta sealadacha a fhorchur ar shealbhóir an údaraithe margaíochta agus ar dhaoine eile ar a bhfuil oibleagáidí faoin Rialachán seo. Féadfar a áireamh ar na srianta sábháilteachta sealadacha sin:

(a) 

srian le soláthar an táirge íocshláinte tréidliachta arna iarraidh sin don údarás inniúil agus, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe go lárnach, arna iarraidh sin freisin don Choimisiún ar an údarás inniúil;

(b) 

srian le húsáid an táirge íocshláinte tréidliachta arna iarraidh sin don údarás inniúil agus, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe go lárnach, arna iarraidh sin freisin don Choimisiún ar an údarás inniúil;

(c) 

cur ar fionraí údaraithe margaíochta ag an údarás inniúil a thug an t-údarú margaíochta sin agus, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe go lárnach, ag an gCoimisiún.

2.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann na húdaráis inniúla eile agus an Coimisiún ar an eolas, an lá oibre ina dhiaidh sin ar a dhéanaí, faoi aon srian sábháilteachta sealadach arna fhorchur. I gcás údaruithe margaíochta láraithe, cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas laistigh den tráth céanna faoi aon srian sábháilteachta sealadach arna fhorchur.
3.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, an tráth céanna a fhorchuirfidh siad srian i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, an tsaincheist a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 82.
4.  
Nuair is infheidhme, cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta iarratas isteach ar mhodhnú ar théarmaí an údaraithe margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 62.

Airteagal 130

Údaruithe margaíochta a fhionraí nó a chúlghairm nó a dtéarmaí a mhodhnú

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás údaruithe margaíochta láraithe, an Coimisiún, an t-údarú margaíochta a fhionraí nó a chúlghairm nó a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta iarratas a chur isteach le haghaidh modhnú ar théarmaí an údaraithe margaíochta mura bhfuil cothromaíocht sochair-riosca an táirge íocshláinte tréidliachta dearfach a thuilleadh nó leordhóthanach chun sábháilteacht bia a áirithiú.
2.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás údaruithe margaíochta láraithe, an Coimisiún an t-údarú margaíochta a chúlghairm mura gcomhlíonann sealbhóir an údaraithe margaíochta a thuilleadh an ceanglas maidir le bunú san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(4).
3.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil nó i gcás údaruithe margaíochta láraithe an Coimisiún, an t-údarú margaíochta a fhionraí nó a chúlghairm nó iarraidh ar shealbhóir an údaraithe margaíochta iarratas a chur isteach ar théarmaí an údaraithe margaíochta a mhodhnú, de réir mar is infheidhme, i gcás ceann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

i gcás nach gcomhlíonann sealbhóir an údaraithe margaíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 58;

(b) 

i gcás nach gcomhlíonann sealbhóir an údaraithe margaíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 127;

(c) 

i gcás nach leormhaith an córas faireachais cógas arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 77(1);

(d) 

i gcás nach gcomhlíonann sealbhóir an údaraithe margaíochta a oibleagáidí de réir mar a leagtar síos in Airteagal 77 iad;

(e) 

i gcás nach gcomhlíonann an duine cáilithe atá freagrach as faireachas cógas a chúraimí nó a cúraimí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 78 iad.

4.  
Chun críche mhíreanna 1, 2 agus 3, i gcás údaruithe margaíochta láraithe, iarrfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ar an nGníomhaireacht, sula ndéanfaidh sé aon bheart, a tuairim a thabhairt laistigh de theorainn ama a chinnfidh sé i bhfianaise phráinne an cháis, chun na cúiseanna dá dtagraítear sna míreanna sin a scrúdú. Iarrfar ar shealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte tréidliachta míniúcháin ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún.

Tar éis don Ghníomhaireacht tuairim a thabhairt, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, bearta sealadacha a chuirfear i bhfeidhm láithreach. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh deiridh a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

5.  
Leagfaidh na Ballstáit síos na nósanna imeachta maidir le míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 131

Údarú dáileacháin mórdhíola a fhionraí nó a chúlghairm

1.  
I gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 101(3), déanfaidh an t-údarás inniúil údarú dáileacháin mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta a fhionraí agus a chúlghairm.
2.  

I gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 101, seachas mír 3 de, féadfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon bhearta iomchuí eile faoin dlí náisiúnta, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh:

(a) 

an t-údarú dáileacháin mórdhíola a fhionraí;

(b) 

an t-údarú dáileacháin mórdhíola a fhionraí maidir le ceann amháin nó níos mó de chatagóirí táirgí íocshláinte tréidliachta;

(c) 

an t-údarú dáileacháin mórdhíola a chúlghairm maidir le ceann amháin nó níos mó de chatagóirí táirgí íocshláinte tréidliachta.

Airteagal 132

Allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí substaintí gníomhacha a bhaint den bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola

I gcás nach gcomhlíonann allmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí substaintí gníomhacha na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 95, déanfaidh an t-údarás inniúil na hallmhaireoirí, monaróirí agus dáileoirí sin a bhaint, go sealadach nó go cinntitheach, den bhunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola.

Airteagal 133

Údaruithe monaraíochta a fhionraí nó a chúlghairm

I gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 93, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon bhearta iomchuí eile faoin dlí náisiúnta, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh:

(a) 

monarú na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a fhionraí;

(b) 

allmhairithe táirgí íocshláinte tréidliachta ó thríú tíortha a fhionraí;

(c) 

an t-údarú monaraíochta le haghaidh ceann amháin nó níos mó d’fhoirmeacha cógaisíochta a fhionraí nó a chúlghairm;

(d) 

an t-údarú monaraíochta le haghaidh gníomhaíocht amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de láithreáin mhonaraíochta a fhionraí nó a chúlghairm.

Airteagal 134

An soláthar táirgí íocshláinte tréidliachta a thoirmeasc

1.  

I gcás ina bhfuil riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol, déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach, an Coimisiún toirmeasc a chur ar sholáthar táirge íocshláinte tréidliachta agus ceangal a chur ar shealbhóir an údaraithe margaíochta nó ar sholáthraithe deireadh a chur le soláthar an táirge íocshláinte tréidliachta nó é a aisghairm ón margadh má tá feidhm ag aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl cothromaíocht sochair-riosca an táirge íocshláinte tréidliachta dearfach a thuilleadh;

(b) 

ní hé comhdhéanamh cáilíochtúil nó cainníochtúil an táirge íocshláinte tréidliachta an comhdhéanamh atá luaite san achoimre ar shaintréithe an táirge dá dtagraítear in Airteagal 35;

(c) 

níl an tréimhse tarraingthe siar leordhóthanach le sábháilteacht bia a áirithiú;

(d) 

ní dhearnadh na tástálacha rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(1); nó

(e) 

d’fhéadfadh riosca tromchúiseach do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí eascairt as lipéadú mícheart.

2.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún an toirmeasc ar sholáthar agus an aisghairm ón margadh a theorannú do bhaisceanna táirgí conspóideacha an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann, agus iad sin amháin.

Airteagal 135

Pionóis arna bhforchur ag na Ballstáit

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoin 28 Eanáir 2022 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfoilseofar an fhaisnéis maidir le cineál agus líon na gcásanna inar forchuireadh pionóis airgeadais, ag féachaint do leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann a rúin ghnó a chosaint.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le haon dlíthíocht i gcoinne shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach a thionscnaítear mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo.

Airteagal 136

Pionóis airgeadais arna bhforchur ag an Coimisiún ar shealbhóirí údaraithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach

1.  
Féadfaidh an Coimisiún pionóis airgeadais i bhfoirm fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar shealbhóirí údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach a dheonaítear faoin Rialachán seo má theipeann orthu aon cheann dá n-oibleagáidí a leagtar síos in Iarscríbhinn III i dtaca leis na húdaruithe margaíochta sin a chomhlíonadh.
2.  

Féadfaidh an Coimisiún, sa mhéid go bhforáiltear go sonrach dó sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 7, na pionóis airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur freisin ar eintiteas dlíthiúil nó eintitis seachas sealbhóir an údaraithe margaíochta ar choinníoll go bhfuil na heintitis sin ina gcuid den eintiteas eacnamaíoch céanna le sealbhóir an údaraithe margaíochta agus i gcás na n-eintiteas dlíthiúil eile sin:

(a) 

go raibh tionchar cinntitheach acu ar shealbhóir an údaraithe margaíochta; nó

(b) 

go raibh siad rannpháirteach sa teip sin a rinne sealbhóir an údaraithe margaíochta an oibleagáid a chomhlíonadh, nó go raibh sé ar a gcumas dul i ngleic leis an teip sin.

3.  
I gcás ina mbíonn an Ghníomhaireacht nó údarás inniúil Ballstáit den tuairim gur theip ar shealbhóir údaraithe margaíochta aon cheann de na hoibleagáidí, amhail dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh sí nó sé a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil pionóis airgeadais de bhun na míre sin le forchur.
4.  
Ina chinneadh dó an bhfuil pionós airgeadais le forchur agus ina chinneadh dó cad é méid iomchuí an phionóis sin, beidh an Coimisiún á threorú ag prionsabail na héifeachtúlachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta agus beidh aird aige, i gcás inarb ábhartha, ar thromchúise na teipe na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus ar éifeachtaí na teipe sin.
5.  

Chun críocha mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh freisin:

(a) 

aon nós imeachta um shárú a bheidh tionscanta ag Ballstát in aghaidh shealbhóir céanna an údaraithe margaíochta ar bhonn na bhforas dlíthiúil céanna agus na bhfíricí céanna; agus

(b) 

aon smachtbhannaí, lena n-áirítear pionóis, a bheidh forchurtha cheana féin ar shealbhóir céanna an údaraithe margaíochta ar bhonn na bhforas dlíthiúil céanna agus na bhfíricí céanna;

6.  
Más rud é go bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil teipthe ar shealbhóir an údaraithe margaíochta, bíodh sin go toiliúil nó trí fhaillí, a oibleagáidí a chomhlíonadh, amhail dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh trína bhforchuirtear fíneáil nach mó ná 5 % de láimhdeachas shealbhóir an údaraithe margaíochta san Aontas sa bhliain ghnó roimh dháta an chinnidh sin.

Más rud é go leanann sealbhóir an údaraithe margaíochta gan a oibleagáidí, dá dtagraítear i mír 1, a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla in aghaidh an lae, ar íocaíochtaí iad nach mbeidh níos mó ná 2,5 % de mhéanláimhdeachas laethúil shealbhóir an údaraithe margaíochta san Aontas don bhliain ghnó roimh dháta an chinnidh sin.

Féadfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar feadh tréimhse a ritheann ón dáta ar tugadh fógra maidir le cinneadh ábhartha an Choimisiúin go dtí go mbeidh deireadh curtha le teip shealbhóir an údaraithe margaíochta a oibleagáidí, dá dtagraítear i mír 1, a chomhlíonadh.

7.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) 

nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún nuair a bhíonn fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla á bhforchur, lena n-áirítear rialacha maidir le tionscnamh an nós imeachta, bearta fiosrúcháin, cearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil agus rúndacht;

(b) 

rialacha mionsonraithe breise maidir le pionóis airgeadais arna bhforchur ag an gCoimisiún ar eintitis dhlíthiúla seachas sealbhóir an údaraithe margaíochta;

(c) 

rialacha maidir le ré thréimhse an nós imeachta agus ré na dtréimhsí teorann;

(d) 

nithe atá le cur san áireamh ag an gCoimisiún nuair a bhíonn leibhéal na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla á shocrú agus nuair a bhíonn na fíneálacha agus na híocaíochtaí sin á bhforchur, mar aon leis na coinníollacha agus na modhanna lena mbailiú.

8.  
Agus an t-imscrúdú á dhéanamh ar theip aon cheann de na hoibleagáidí, dá dtagraítear i mír 1, a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus brath ar acmhainní a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil.
9.  
I gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh maidir le pionós airgeadais a fhorchur, foilseoidh sé achoimre bheacht ar an gcás, agus beidh san achoimre sin ainmneacha shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta lena mbaineann agus méid na bpíonós airgeadais arna bhforchur, agus na cúiseanna a bhí leo, ag féachaint do leas dlisteanach shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta a rúin ghnó a chosaint.
10.  
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún pionóis airgeadais. Féadfaidh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur ag an Coimisiún a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.



CAIBIDIL X

LÍONRA RIALÁLA

Airteagal 137

Údaráis inniúla

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a dhéanfaidh cúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun an fhoireann agus acmhainní eile is gá a sholáthar chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na gníomhaíochtaí arna gceangal ag an Rialachán seo a dhéanamh.
3.  
Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur a gcrích agus tabharfaidh siad tacaíocht riachtanach fhónta d’údaráis inniúla na mBallstát eile chuige sin. Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis iomchuí in iúl dá chéile.
4.  
Ar iarraidh réasúnaithe a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla na taifid i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 123 agus na tuarascálacha ar rialú dá dtagraítear in Airteagal 127 a chur in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla na mBallstát eile.

Airteagal 138

Tuairim eolaíoch d’eagraíochtaí idirnáisiúnta um shláinte ainmhithe

1.  
Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairimí eolaíocha a thabhairt, agus comhar ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta le haghaidh sláinte ainmhithe, maidir le meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid ach do mhargaí lasmuigh den Aontas amháin. Chun na críche sin, cuirfear iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 8. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di dul i gcomhairle leis an eagraíocht ábhartha, tuairim eolaíoch a tharraingt suas.
2.  
Bunóidh an Ghníomhaireacht rialacha sonracha nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm mhír 1.

Airteagal 139

An Coiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta

1.  
Leis seo, cuirtear Coiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta (“an Coiste”) ar bun laistigh den Ghníomhaireacht.
2.  
Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta nó a ionadaí nó a hionadaí agus ionadaithe an Choimisiúin i dteideal freastal ar chruinnithe uile an Choiste, ar aon mheithleacha oibre agus ar ghrúpaí comhairleacha eolaíocha.
3.  
Féadfaidh an Coiste meithleacha buana agus meithleacha sealadacha a bhunú. Féadfaidh an Coiste grúpaí comhairleacha eolaíocha a bhunú le meastóireacht a dhéanamh ar chineálacha sonracha táirgí íocshláinte tréidliachta, agus féadfaidh an Coiste cúraimí áirithe a bhaineann le tarraingt suas na dtuairimí eolaíocha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 141(1) a tharmligean chucu.
4.  
Bunóidh an Coiste meitheal bhuan a mbeidh sé de chúram aonair uirthi comhairle eolaíoch a thabhairt do ghnóthais. Bunóidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhar leis an gCoiste, na struchtúir agus na nósanna imeachta riaracháin lena mbeifear in ann comhairle a thabhairt do ghnóthais, mar a thagraítear dó i bpointe (n) d’Airteagal 57(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, go háirithe maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe a fhorbairt.
5.  
Bunóidh an Coiste meitheal bhuan um fhaireachas cógas a mbeidh sé de shainchúram uirthi áireamh a dhéanamh ar mheastóireacht a dhéanamh ar chomharthaí féideartha an fhaireachais cógas a eascraíonn as córas faireachais cógas an Aontais, lena molfar don Choiste agus don ghrúpa comhordúcháin na roghanna maidir le bainistíocht riosca dá dtagraítear in Airteagal 79, agus lena ndéanfar comhordú ar an gcumarsáid maidir le faireachas cógas idir na húdaráis inniúla agus an Ghníomhaireacht.
6.  

Bunóidh an Coiste a rialacha nós imeachta féin. Leagfar síos leis na rialacha sin, an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

nósanna imeachta maidir leis an gCathaoirleach a cheapadh agus duine a chur ina áit;

(b) 

an chaoi le comhaltaí a cheapadh d’aon mheitheal nó d’aon ghrúpa comhairleach eolaíoch ó liosta na saineolaithe creidiúnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 62(2) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle le meithleacha agus le grúpaí comhairleacha eolaíocha;

(c) 

nós imeachta maidir le tuairimí a ghlacadh go práinneach, go háirithe maidir leis an Rialachán seo i ndáil le faireachas margaidh agus faireachas cógas.

Tiocfaidh na rialacha nós imeachta i bhfeidhm i ndiaidh tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

7.  
Soláthróidh rúnaíocht na Gníomhaireachta tacaíocht theicniúil, eolaíoch agus riaracháin don Choiste, agus áiritheoidh sí go bhfuil tuairimí an Choiste leanúnach agus ar ardcháilíocht agus go bhfuil comhar iomchuí idir an Coiste agus coistí eile na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus an grúpa comhordúcháin.
8.  
Beidh tuairimí an Choiste ar fáil don phobal.

Airteagal 140

Comhaltaí an Choiste

1.  
Déanfaidh gach Ballstát, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a cheapadh don Choiste ar feadh tréimhse in-athnuaite 3 bliana. Déanfaidh na comhaltaí malartacha ionadaíocht ar na comhaltaí má bhíonn siad as láthair, agus caithfidh siad vóta ar a son, agus féadfar iad a cheapadh chun gníomhú mar rapóirtéirí.
2.  
Ceapfar comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Choiste ar bhonn an tsaineolais agus na taithí ábhartha atá acu i dtaobh measúnú eolaíoch a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta, d’fhonn a ráthú go bhfuil leibhéal na gcáilíochtaí chomh hard agus is féidir agus gurb ann do réimse leathan saineolais ábhartha.
3.  
Féadfaidh Ballstát a chuid cúraimí a tharmligean chuig Ballstát eile laistigh den Choiste. Ní fhéadfaidh Ballstát ionadaíocht a dhéanamh thar ceann níos mó ná Ballstát amháin eile.
4.  
Féadfaidh an Coiste cúigear comhaltaí breise ar a mhéad a chomhthoghadh, ar comhaltaí iad a roghnófar ar bhonn a n-inniúlachtaí eolaíochta sonracha. Ceapfar na comhaltaí sin ar feadh tréimhse 3 bliana, tréimhse is féidir a athnuachan, agus ní bheidh aon chomhaltaí malartacha ann.
5.  
D’fhonn na comhaltaí sin a chomhthoghadh, sainaithneoidh an Coiste inniúlachtaí eolaíocha sonracha comhlántacha na gcomhaltaí breise. Roghnófar na comhaltaí comhthofa as measc saineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit nó an Ghníomhaireacht.
6.  
Féadfaidh an Coiste, chun críche a chuid cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 141 a chur i gcrích, duine dá chomhaltaí a cheapadh chun gníomhú mar rapóirtéir. Féadfaidh an Coiste dara comhalta a cheapadh chun gníomhú mar chomhrapóirtéir.
7.  
Féadfaidh saineolaithe ar réimsí sonracha eolaíocha nó teicniúla a bheith in éineacht le comhaltaí an Choiste.
8.  
Is iad an mheastóireacht eolaíoch agus na hacmhainní a bheidh ar fáil d’údaráis inniúla a úsáidfidh comhaltaí an Choiste agus na saineolaithe a bhfuil sé de chúram orthu táirgí íocshláinte tréidliachta a mheasúnú. Déanfaidh gach údarás inniúil faireachán ar leibhéal eolaíoch agus ar neamhspleáchas na meastóireachta arna déanamh agus áiritheoidh siad na nithe sin, agus déanfaidh siad rannchuidiú iomchuí a chur ar fáil chun cúraimí an Choiste a dhéanamh, agus éascóidh siad gníomhaíochtaí na gcomhaltaí agus na saineolaithe arna gceapadh don Choiste. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit acmhainní eolaíocha agus teicniúla leordhóthanacha do na comhaltaí agus do na saineolaithe atá ainmnithe acu.
9.  
Staonfaidh na Ballstáit ó threoracha a thabhairt do chomhaltaí an Choiste agus dá shaineolaithe a bheadh contrártha lena gcuid cúraimí féin, nó le cúraimí an Choiste agus freagrachtaí na Gníomhaireachta.

Airteagal 141

Cúraimí an Choiste

1.  

Beidh na cúraimí seo a leanas ar an gCoiste:

(a) 

na cúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a dhéanamh;

(b) 

tuairimí eolaíocha na Gníomhaireachta a ullmhú maidir le ceisteanna a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta a mheas agus a úsáid;

(c) 

tarraingeoidh an Coiste suas tuairimí maidir le hábhair eolaíocha a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta a ullmhú, arna iarraidh sin do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta nó don Choimisiún;

(d) 

tuairimí na Gníomhaireachta a ullmhú maidir le ceisteanna a bhaineann le hinghlacthacht na n-iarratas arna gcur isteach i gcomhréir leis an nós imeachta láraithe, agus maidir le húdaruithe margaíochta a dheonú, a mhodhnú, a fhionraí nó a chúlghairm i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú go lárnach;

(e) 

aird chuí a thabhairt ar aon iarraidh ar thuairimí eolaíocha ó na Ballstáit;

(f) 

treoir a thabhairt maidir le ceisteanna tábhachtacha agus saincheisteanna ginearálta eolaíocha;

(g) 

tuairim eolaíoch a thabhairt, agus comhar ar bun leis an Eagraíocht Domhanda um Shláinte Ainmhithe, maidir le meastóireacht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta áirithe nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid ach do mhargaí lasmuigh den Aontas amháin.

(h) 

comhairle a thabhairt maidir leis na huasteorainneacha iarmhar de chuid táirgí íocshláinte tréidliachta agus de chuid bithicídí a mbaintear úsáid astu i bhfeirmeoireacht ainmhithe, agus a bheidh inghlactha in earraí bia de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir le Rialachán (EC) Uimh. 470/2009;

(i) 

comhairle eolaíoch a thabhairt maidir le húsáid ábhar frithmhiocróbach agus ábhar frithsheadánach in ainmhithe chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfrithsheasmhacht san Aontas; agus an chomhairle sin a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá;

(j) 

tuairimí eolaíocha oibiachtúla a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis na ceisteanna a chuirtear faoi bhráid an Choiste.

2.  
Áiritheoidh comhaltaí an Choiste go gcomhordófar mar is iomchuí cúraimí na Gníomhaireachta agus obair na n-údarás inniúil.
3.  
Nuair atá tuairimí á n-ullmhú ag an gCoiste, déanfaidh sé a dhícheall teacht ar chomhaontú eolaíoch. Mura féidir teacht ar chomhaontú den chineál sin, is éard a bheidh sa tuairim seasamh thromlach na gcomhaltaí mar aon le seasaimh éagsúla eile agus na forais ar a bhfuil siad bunaithe.
4.  
Má iarrtar athscrúdú tuairime agus go bhfuil foráil dá leithéid i ndlí an Aontais, ceapfaidh an Coiste lena mbaineann rapóirtéir difriúil agus, i gcás inar gá, comhrapóirtéir difriúil, seachas iad siúd a bhí ceaptha chun an tuairim a thabhairt. Ní fhéadfar déileáil sa nós imeachta athscrúdaithe ach leis na pointí den tuairim a shainaithin an t-iarratasóir ar dtús agus ní féidir é a bhunú ach ar na sonraí eolaíocha a bhí ar fáil nuair a ghlac an Coiste an tuairim. Féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh ar an gCoiste dul i gcomhairle le grúpa comhairleach eolaíoch chun an t-athscrúdú a dhéanamh.

Airteagal 142

Grúpa comhordúcháin le haghaidh nósanna imeachta um aitheantas frithpháirteach agus nósanna imeachta díláraithe do tháirgí íocshláinte tréidliachta

1.  
Bunófar an grúpa comhordúcháin le haghaidh nósanna imeachta um aitheantas frithpháirteach agus nósanna imeachta díláraithe do tháirgí íocshláinte tréidliachta (“an grúpa comhordúcháin”).
2.  
Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don ghrúpa comhordúcháin chun cúnamh a thabhairt i dtaca le nósanna imeachta an ghrúpa comhordúcháin agus chun a áirithiú go mbeidh teagmháil iomchuí idir an grúpa, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla.
3.  
Tarraingeoidh an grúpa comhordúcháin suas a rialacha nósanna imeachta, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm i ndiaidh dó tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún. Déanfar na rialacha nós imeachta sin a chur ar fáil don phobal.
4.  
Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta nó a ionadaí nó a hionadaí agus ionadaithe an Choimisiúin i dteideal freastal ar chruinnithe uile an ghrúpa comhordúcháin.
5.  
Oibreoidh an grúpa comhordúcháin i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla agus leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 143

Comhaltaí an Ghrúpa Comhordúcháin

1.  
Ionadaí amháin ó gach Ballstát a bheidh sa ghrúpa comhordúcháin agus ceapfar iad ar feadh tréimhse inathnuaite 3bliana. Féadfaidh na Ballstáit comhalta malartach a cheapadh freisin. Féadfaidh comhaltaí an ghrúpa comhordúcháin socrú a dhéanamh saineolaithe a bheith in éineacht leo.
2.  
Beidh comhaltaí an ghrúpa comhordúcháin agus a saineolaithe ag brath ar na hacmhainní eolaíocha agus rialála atá ar fáil dá n-údarás inniúil, ar na measúnuithe ábhartha eolaíocha agus ar mholtaí an Choimisiúin chun a gcuid cúraimí a dhéanamh. Déanfaidh gach údarás inniúil náisiúnta faireachán ar cháilíocht na meastóireachtaí arna ndéanamh ag a n-ionadaí agus cuideoidh siad lena ngníomhaíochtaí.
3.  
Déanfaidh comhaltaí an ghrúpa comhordúcháin a ndícheall teacht ar chomhaontú maidir leis na hábhair atá á bplé.

Airteagal 144

Cúraimí an ghrúpa comhordúcháin

Beidh na cúraimí seo a leanas le déanamh ag an ngrúpa comhordúcháin:

(a) 

ceisteanna a scrúdú a bhaineann le nósanna imeachta um aitheantas frithpháirteach agus nósanna imeachta díláraithe;

(b) 

comhairle a scrúdú ó mheitheal bhuan an Choiste um fhaireachas cógas maidir le bearta bainistíochta riosca san fhaireachas cógas a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú sna Ballstáit agus moltaí a eisiúint do na Ballstáit agus do shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta, de réir mar is gá;

(c) 

ceisteanna a scrúdú a bhaineann le modhnuithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta arna ndeonú ag na Ballstáit;

(d) 

comhairle a thabhairt do na Ballstáit i dtaobh an ceart táirge sonrach nó grúpa sonrach táirgí a mheas mar tháirge íocshláinte tréidliachta faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(e) 

comhordú a dhéanamh ar roghnú an phríomhúdaráis a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar phróiseas bainistithe comharthaí dá dtagraítear in Airteagal 81(4);

(f) 

liosta bliantúil de tháirgí íocshláinte tréidliachta tagartha a tharraingt suas agus a fhoilsiú, ar táirgí iad a bheidh faoi réir chomhchuibhiú na n-achoimrí ar shaintréithe táirge i gcomhréir le hAirteagal 70(3).



CAIBIDIL XI

FORÁLACHA COITEANNA AGUS NÓS IMEACHTA

Airteagal 145

Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta

1.  
Déanfaidh an Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta (“an Buanchoiste”) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Buanchoiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 146

Leasuithe ar Iarscríbhinn II

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147(2) d’fhonn Iarscríbhinn II a leasú trí na ceanglais maidir leis an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht táirgí íocshláinte tréidliachta a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 147(3) chun Iarscríbhinn II a leasú chun leibhéal leordhóthanach a bhaint amach a áiritheoidh deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibhiú, chomh maith le haon uasdátú riachtanach, agus san am céanna cur isteach neamhriachtanach le hIarscríbhinn II a sheachaint, lena n-áirítear maidir le tabhairt isteach ceanglas sonrach le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe. Agus na gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar shláinte ainmhithe agus ar shláinte phoiblí agus ar riachtanais chomhshaoil.

Airteagal 147

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 37(4), 57(3), 106(6), 109(1), 115(3), 118(2), 136(7) agus 146(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 27 Eanáir 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 146(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ón 27 Eanáir 2019 go dtí an 28 Eanáir 2022.
4.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 37(4), 57(3), 106(6), 109(1), 115(3), 118(2), 136(7) agus 146(1) agus (2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
5.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
6.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
7.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 37(4), 57(3), 106(6), 109(1), 115(3), 118(2), 136(7) agus 146(1) agus (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 148

Cosaint sonraí

1.  
Cuirfidh na Ballstáit Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo.
2.  
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht de bhun an Rialacháin seo.



CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 149

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2001/82/CE.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 150

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

1.  
Ní thuigfear as aon ní atá sa Rialachán seo gurb ionann é agus ní a dhéanann difear d’fhorálacha Threoir 96/22/EC.
2.  
Ní bheidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún ( 12 ) maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
3.  
Ní bheidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 658/2007 ón gCoimisiún ( 13 ) maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 151

Iarratais a rinneadh roimhe

1.  
Na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta nó le haghaidh modhnuithe ar an údarú margaíochta atá bailíochtaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 roimh an 28 Eanáir 2022, déanfar iad a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.
2.  
Na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta atá bailíochtaithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE roimh an 28 Eanáir 2022, déanfar iad a chur i gcrích i gcomhréir leis an Treoir sin.
3.  
Nósanna imeachta a thionscnaítear ar bhonn Airteagail 33, 34, 35, 39, 40 agus 78 de Threoir 2001/82/EC roimh an 28 Eanáir 2022, déanfar iad a chur i gcrích i gcomhréir leis an Treoir sin.

Airteagal 152

Táirgí íocshláinte tréidliachta, údaruithe margaíochta agus clárúcháin atá cheana ann

1.  
Údaruithe margaíochta táirgí íocshláinte tréidliachta agus clárúcháin táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha arna ndeonú i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 roimh an 28 Eanáir 2022, measfar gur eisíodh iad i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus go bhfuil siad, mar atá iontu, faoi réir fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le húdaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbacha ina bhfuil ábhair fhrithmhiocróbacha atá forchoimeádta le haghaidh cóireála i ndaoine i gcomhréir le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 37(5).

2.  
Féadfaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 leanúint de bheith ar fáil go dtí an 29 Eanáir 2027, fiú mura bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.
3.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag na tréimhsí cosanta dá dtagraítear in Airteagal 39 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta tagartha a bhfuil údarú deonaithe ina leith roimh an 28 Eanáir 2022 agus, ina ionad sin, leanfaidh na forálacha comhfhreagracha sna gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d’fheidhm a bheith acu i dtaca leis sin.

Airteagal 153

Forálacha idirthréimhseacha maidir le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

1.  
Déanfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 118(2) agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 37(5), 57(4), 77(6), 95(8), 99(6) agus 104(7) a ghlacadh roimh an 28 Eanáir 2022 agus beidh feidhm acu amhail ón dáta sin. Beidh feidhm ag gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme den sórt sin ón 28 Eanáir 2022.
2.  
Gan dochar do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 37(4) a ghlacadh faoin 27 Meán Fómhair 2021, ar a dhéanaí. Beidh feidhm ag gníomhartha tarmligthe den sórt sin ón 28 Eanáir 2022.
3.  
Gan dochar do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 57(3) agus Airteagal 146(2) agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 55(3) agus Airteagal 60(1) a ghlacadh faoin 27 Eanáir 2021, ar a dhéanaí. Beidh feidhm ag gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme den sórt sin ón 28 Eanáir 2022.
4.  
Gan dochar do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 109(1) agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 17(2) agus (3), 93(2), 109(2) agus 115(5) a ghlacadh faoin 29 Eanáir 2025, ar a dhéanaí. Beidh feidhm ag gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme den sórt sin tráth nach luaithe ná an 28 Eanáir 2022.
5.  
Gan dochar do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh amhail ón 27 Eanáir 2019. Beidh feidhm ag gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme den sórt sin, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, ón 28 Eanáir 2022.

Agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo á nglacadh aige, cinnteoidh an Coimisiún go mbeidh dóthain ama ann idir a nglacadh agus tús a gcur i bhfeidhm.

Airteagal 154

An bunachar sonraí faireachais cógas agus an bunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola a bhunú

Gan dochar do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 74 agus Airteagal 91 faoi seach, a áirithiú go mbunófar an bunachar sonraí faireachais cógas agus an bunachar sonraí monaraíochta agus dáileacháin mórdhíola faoin 28 Eanáir 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 155

Ionchur tosaigh na n-údarás inniúil sa bhunachar sonraí táirgí

Faoin28 Eanáir 2022, ar a dhéanaí, tíolacfaidh na húdaráis inniúla go leictreonach don Ghníomhaireacht faisnéis maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta go léir arna n-údarú ina mBallstát féin roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 55(3).

Airteagal 156

Athbhreithniú ar rialacha maidir le measúnú riosca don chomhshaol

Faoin 28 Eanáir 2022, cuirfidh an Coimisiún i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle staidéar indéantachta córas athbhreithnithe bunaithe ar shubstaint ghníomhach (“monagraif”) agus roghanna eile chun measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta, le togra reachtach a bheith ag gabháil leis, más iomchuí.

Airteagal 157

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le táirgí luibhe traidisiúnta a úsáidtear chun ainmhithe a chóireáil

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 29 eanáir 2027, maidir le táirgí luibhe traidisiúnta a úsáidtear chun ainmhithe a chóireáil san Aontas. Más iomchuí, ullmhóidh an Coimisiún togra reachtach chun córas simplithe a thabhairt isteach maidir le clárú táirgí luibhe traidisiúnta a úsáidtear chun ainmhithe a chóireáil.

Soláthróidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún maidir leis na táirgí luibhe traidisiúnta sin laistigh dá gcríocha.

Airteagal 158

Athbhreithniú ar bhearta maidir le hainmhithe den speiceas eachaí

Tráth nach déanaí ná an 29 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil maidir lena mheasúnú ar an staid maidir le hainmhithe den speiceas eachaí a chóireáil le táirgí íocshláinte agus a n-eisiamh ón mbiashlabhra, lena n-áirítear maidir le hallmhairiú ainmhithe den speiceas eachaí ó thríú tíortha, le gníomhaíocht iomchuí ón gCoimisiún a bheith ag gabháil leis, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar shláinte phoiblí, leas ainmhithe, rioscaí calaoise agus cothrom iomaíochta le tríú tíortha.

Airteagal 159

Forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe áirithe dea-chleachtais monaraíochta

Gan dochar do dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás na n-oibleagáidí maidir le deimhnithe dea-chleachtais monaraíochta do tháirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha díghníomhaithe a mhonaraítear ó phataiginí agus antaiginí a fhaightear ó ainmhí nó ainmhithe in aonad eipidéimeolaíoch agus a úsáidtear chun cóireáil a chur ar an ainmhí nó na hainmhithe sin san aonad eipidéimeolaíoch céanna nó chun cóireáil a chur ar ainmhí nó ainmhithe in aonad a bhfuil nasc eipidéimeolaíoch deimhnithe ina leith, ní bheidh feidhm acu ach ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos bearta sonracha maidir le dea-chleachtas monaraíochta do na táirgí íocshláinte tréidliachta sin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 160

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal ina iomláine agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTE (A) D’AIRTEAGAL 8(1)

1. Bunús dlí atá leis an iarratas ar an údarú margaíochta.

2. Iarratasóir

2.1. Ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe an iarratasóra;

2.2. Ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe mhonaróir nó mhonaróirí nó allmhaireoir nó allmhaireoirí an táirge íocshláinte tréidliachta chríochnaithe agus ainm nó ainm cuideachta agus seoladh buan nó áit ghnó chláraithe mhonaróir na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

2.3. Ainm agus seoladh na suíomhanna ina ndearnadh céimeanna éagsúla an mhonaraithe, an allmhairithe, an rialaithe agus an scaoilte baisceanna

3. An táirge íocshláinte tréidliachta a shainaithint

3.1. Ainm an táirge íocshláinte tréidliachta agus an Cód Tréidliachta Ceimiceach Teiripeach Anatamaíoch (Cód ATCvet)

3.2. Substaint ghníomhach nó substaintí gníomhacha agus, i gcás inarb infheidhme, caolaitheoir nó caolaitheoirí

3.3. Neart nó, i gcás táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch, gníomhaíocht bhitheolaíoch, neart nó títear

3.4. Foirm chógaisíochta

3.5. Bealach tabhartha

3.6. Spriocspeiceas

4. Faisnéis maidir le monarú agus faireachas cógas

4.1. Cruthúnas ar údarú monaraíochta nó deimhniú dea-chleachtais monaraíochta

4.2. Uimhir thagartha mháistirchomhad chóras an fhaireachais cógas

5. Faisnéis faoin táirge íocshláinte tréidliachta

5.1. Achoimre bheartaithe ar shaintréithe an táirge arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 35

5.2. Tuairisc ar chur i láthair deiridh an táirge íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear pacáistíocht agus lipéadú

5.3. Téacs beartaithe na faisnéise beartaithe atá le soláthar ar an neasphacáistiú, ar an bhforphacáistiú agus ar an mbileog phacáiste i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 16.

6. Faisnéis eile

6.1. Liosta na dtíortha inar tugadh údarú margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte tréidliachta nó ina ndearnadh an t-údarú sin a chúlghairm

6.2. Cóipeanna de na hachoimrí uile ar shaintréithe táirgí atá ina gcuid de na húdaruithe margaíochta arna ndeonú ag na Ballstáit

6.3. Liosta de na tíortha inar cuireadh isteach nó inar diúltaíodh iarratas

6.4. Liosta de na Ballstáit ina bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta le cur ar an margadh

6.5. Tuarascálacha criticiúla ó shaineolaithe ar cháilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta.

▼M1




IARSCRÍBHINN II

NA CEANGLAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(1), POINTE (B)

Clár Ábhar

ROINN I

PRIONSABAIL AGUS CEANGLAIS GHINEARÁLTA

I.1.

Prionsabail ghinearálta

I.2.

Ceanglais maidir le comhdhéanamh an tsainchomhaid

I.2.1.

Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

I.2.2.

Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch)

I.2.3.

Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

I.2.4.

Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

I.2.5.

Ceanglais mhionsonraithe maidir le cineálacha difriúla táirgí íocshláinte tréidliachta nó sainchomhaid don údarú margaíochta

ROINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA SEACHAS TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA BITHEOLAÍOCHA

II.1.

Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

II.2.

Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch)

II.2A.

Tuairisc ar an táirge

II.2A1.

Comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil

II.2A2.

Forbairt an táirge

II.2B.

Tuairisc ar an modh monaraíochta

II.2C.

Táirgeadh ábhair tosaigh agus rialú air

II.2C1.

Substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha

II.2C1.1.

Substaintí gníomhacha a liostaítear in pharmacopoeia

II.2C1.2.

Substaintí gníomhacha nach liostaítear in pharmacopoeia

II. 2C1.3.

Saintréithe fisiceimiceacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don bhith-infhaighteacht

II.2C2.

Támháin

II.2C3.

Pacáistíocht (coimeádáin agus córais dúnta)

II. 2C3.1.

Substaint ghníomhach

II. 2C3.2.

Táirge críochnaithe

II.2C4.

Substaintí de bhunadh bitheolaíoch

II.2D.

Tástálacha rialaithe a dhéantar ar idirmheánaigh aonraithe le linn an mhodha monaraíochta

II.2E.

Tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe

II.2E1.

Saintréithe ginearálta an táirge chríochnaithe

II. 2E2.

Substaint ghníomhach nó substaintí gníomhacha a shainaithint agus a mheasúnú

II. 2E3.

Comhpháirteanna ar támháin iad a shainaithint agus a mheasúnú

II. 2E4.

Rialuithe micribhitheolaíochta

II. 2E5.

Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc

II. 2E6.

Rialuithe eile

II.2F.

Tástáil chobhsaíochta

II.2F1.

Substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha

II.2F2.

Táirge críochnaithe

II.2G.

Faisnéis eile

II.3

Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

II.3A.

Tástálacha sábháilteachta

II.3A1.

Sainaithint bheacht an táirge agus na substaintí gníomhacha

II.3A2.

Cógaseolaíocht

II.3A2.1.

Cógasdinimic

II.3A2.2.

Cógaschinéitic

II.3A3.

Tocsaineolaíocht

II.3A4.

Ceanglais eile

II.3A.4.1.

Staidéir speisialta

II.3A.4.2.

Breathnóireachtaí i ndaoine

II.3A.4.3.

Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar i ndaoine

II.3A5.

Sábháilteacht úsáideoirí

II.3A6.

Measúnú riosca don chomhshaol

II.3B.

Tástálacha ar iarmhair

II.3B1.

Sainaithint an táirge

II.3B2.

Ídiú iarmhar (meitibileacht agus cinéitic iarmhar)

II.3B3.

Modh anailíseach le haghaidh iarmhar

II.4.

Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

II.4A.

Staidéir réamhchliniciúla

II.4A1.

Cógaseolaíocht

II.4A.1.1.

Cógasdinimic

II.4A.1.2.

Cógaschinéitic

II.4A2.

Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar in ainmhithe

II.4A3.

Cinneadh agus deimhniú dáileog

II.4A4.

Fulaingt sa spriocspeiceas ainmhí

II.4B.

Triail chliniciúil/trialacha cliniciúla

II.4B1.

Prionsabail ghinearálta

II.4B2.

Doiciméadacht

II.4AB2.1.

Torthaí na staidéar réamhchliniciúil

II.4AB2.2.

Torthaí na dtrialacha cliniciúla

ROINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA BITHEOLAÍOCHA

ROINN IIIa

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA BITHEOLAÍOCHA SEACHAS TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA IMDHÍONEOLAÍOCHA

IIIa.1.

Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

IIIa.2.

Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch)

IIIa.2A.

Tuairisc ar an táirge

IIIa.2A1.

Comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil

IIIa.2A2.

Forbairt an táirge

IIIa.2A3.

Saintréithriú

IIIa.2A3.1.

Léargas ar an struchtúr agus ar shaintréithe eile

IIIa.2A3.2.

Eisíontais

IIIa.2B.

Tuairisc ar an modh monaraíochta

IIIa.2C.

Táirgeadh ábhar tosaigh agus rialú orthu

IIIa.2C1.

Ábhair thosaigh a liostaítear in pharmacopoeia

IIIa.2C2.

Ábhair thosaigh nach liostaítear in pharmacopoeia

IIIa.2C2.1.

Ábhair thosaigh de thionscnamh bitheolaíoch

IIIa.2C2.2.

Ábhair thosaigh de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch

IIIa.2D.

Tástálacha rialaithe le linn an mhodha monaraíochta

IIIa.2E.

Tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe

IIIa.2E1

Sonraíocht an táirge chríochnaithe

IIIa.2E2.

Tuairiscí ar mhodhanna agus bailíochtú tástálacha ar an scaoileadh

IIIa.2E3.

Caighdeáin tagartha nó ábhair thagartha

IIIa.2F.

Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc

IIIa.2F1.

Substaint ghníomhach

IIIa.2F2.

Táirge críochnaithe

IIIa.2G.

Tástálacha cobhsaíochta

IIIa.2H.

Faisnéis eile

IIIa.3.

Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

IIIa.3A.

Tástálacha sábháilteachta

IIIa.3A1.

Sainaithint bheacht an táirge agus a shubstainte gníomhaí/a shubstaintí gníomhacha:

IIIa.3A2.

Cógaseolaíocht

IIIa.3A2.1.

Cógasdinimic

IIIa.3A2.2.

Cógaschinéitic

IIIa.3A3.

Tocsaineolaíocht

IIIa.3A3.1.

Tocsaineacht aon-dáileoige

IIIa.3A3.2.

Tocsaineacht ildáileoige

IIIa.3A3.3.

Fulaingt sa spriocspeiceas

IIIa.3A3.4.

Tocsaineacht atáirgthe lena n-áirítear tocsaineacht forbartha

IIIa.3A3.5.

Géineatocsaineacht

IIIa.3A3.6.

Carcanaigineacht

IIIa.3A3.7.

Eisceachtaí

IIIa.3A4.

Ceanglais eile

IIIa.3A4.1.

Staidéir speisialta

IIIa.3A4.2.

Breathnóireachtaí i ndaoine

IIIa.3A4.3.

Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar i ndaoine

IIIa.3A5.

Sábháilteacht úsáideoirí

IIIa.3A6.

Measúnú riosca don chomhshaol

IIIa.3A6.1.

Measúnú riosca don chomhshaol maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe iontu nó nach bhfuil comhdhéanta díobh

IIIa.3A6.2.

Measúnú riosca don chomhshaol maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh

IIIa.3B.

Tástálacha ar iarmhair

IIIa.3B1.

Sainaithint an táirge

IIIa.3B2.

Ídiú iarmhar

IIIa.3B3.

Modh anailíseach le haghaidh iarmhar

IIIa.4.

Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

IIIa.4A.

Staidéir réamhchliniciúla

IIIa.4A1.

Cógaseolaíocht

IIIa.4A1.1.

Cógasdinimic

IIIa.4A1.2.

Cógaschinéitic

IIIa.4A2.

Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar in ainmhithe

IIIa.4A3.

Cinneadh agus deimhniú dáileog

IIIa.4A4.

Fulaingt sa spriocspeiceas ainmhí

IIIa.4B.

Trialacha cliniciúla

IIIa.4B1.

Prionsabail ghinearálta

IIIa.4B2.

Doiciméadacht

IIIa.4B2.1.

Torthaí na staidéar réamhchliniciúil

IIIa.4B2.2.

Torthaí na dtrialacha cliniciúla

ROINN IIIb

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA IMDHÍONEOLAÍOCHA

IIIb.1.

Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

IIIb.2.

Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch agus mhicribhitheolaíoch)

IIIb.2.A.

Tuairisc ar an táirge

IIIb.2A1.

Comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil

IIIb.2A2.

Forbairt an táirge

IIIb.2B.

Tuairisc ar an modh monaraíochta

IIIb.2C.

Táirgeadh ábhar tosaigh agus rialú orthu

IIIb.2C1.

Ábhair thosaigh a liostaítear in pharmacopoeia

IIIb.2C2.

Ábhair thosaigh nach liostaítear in pharmacopoeia

IIIb.2C2.1.

Ábhair thosaigh de thionscnamh bitheolaíoch

IIIb.2C2.2.

Ábhair thosaigh de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch

IIIb.2D.

Tástálacha rialaithe le linn an mhodha monaraíochta

IIIb.2E.

Tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe

IIIb.2F.

Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc

IIIb.2G.

Tástálacha cobhsaíochta

IIIb.2H.

Faisnéis eile

IIIb.3.

Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

IIIb.3A.

Ceanglais ghinearálta

IIIb.3B.

Staidéir réamhchliniciúla

IIIb.3C.

Trialacha cliniciúla

IIIb.3D.

Measúnú riosca don chomhshaol

IIIb.3E.

An measúnú atá ina cheangal maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh

IIIb.3F.

Tástálacha ar iarmhair atá le háireamh sna staidéir réamhchliniciúla

IIIb.4.

Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

IIIb.4A.

Ceanglais ghinearálta

IIIb.4B.

Staidéir réamhchliniciúla

IIIb.4C.

Trialacha cliniciúla

ROINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE hIARRATAIS SHONRACHA AR ÚDARÚ MARGAÍOCHTA

IV.1.

Iarratais le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha

IV.2.

Iarratais le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta hibrideacha

IV.3.

Iarratais le haghaidh táirgí comhcheangailte íocshláinte tréidliachta

IV.4.

Iarratais bunaithe ar thoiliú feasach

IV.5.

Iarratais bunaithe ar shonraí bibleagrafacha

IV.6.

Iarratais le haghaidh margaí teoranta

IV.7.

Iarratais in imthosca eisceachtúla

ROINN V

CEANGLAIS MAIDIR LE hIARRATAIS AR ÚDARÚ MARGAÍOCHTA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA ÁIRITHE

V.1.

Táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe

V.1.1

Ceanglais ghinearálta

V.1.2.

Ceanglais cháilíochta

V.1.3.

Ceanglais sábháilteachta

V.1.4.

Ceanglais éifeachtúlachta

V.1.5.

Ceanglais shonracha maidir le sonraí le haghaidh cineálacha áirithe táirgí nuatheiripe

V.1.5.1.

Prionsabail

V.1.5.2.

Táirgí íocshláinte tréidliachta géinteiripe

V.1.5.3.

Míochaine athghiniúnach, innealtóireacht fíochán agus táirgí íocshláinte tréidliachta teiripe cille

V.1.5.4.

Táirge íocshláinte tréidliachta a dheartar go sonrach le haghaidh teiripe bhaictéarafagach

V.1.5.5.

Táirgí íocshláinte tréidliachta ag eascairt as nanaitheicneolaíochtaí

V.1.5.6.

Táirgí teiripe frithbhríche RNA agus teiripe trasnaíochta RNA

V.2.

Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne

V.3.

Sainchomhad ilchineálach

V.4.

Teicneolaíocht ardáin vacsaíne

V.5.

Táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha údaraithe

ROINN I

PRIONSABAIL AGUS CEANGLAIS GHINEARÁLTA

I.1.    Prionsabail ghinearálta

I.1.1. Déanfar an doiciméadacht a ghabhann le hiarratas ar údarú margaíochta de bhun Airteagal 8, agus Airteagail 18 go 25, a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus cuirfear san áireamh iontu na doiciméid treorach a d’fhoilsigh an Coimisiún agus na ceanglais maidir le formáid leictreonach a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht.

I.1.2. I dtiomsú an tsainchomhaid chun iarratas a dhéanamh ar údarú margaíochta, cuirfidh na hiarratasóirí san áireamh freisin an t-eolas íocshláinte tréidliachta is cothroime le dáta agus na treoirlíne eolaíochta a bhaineann le cáilíocht, le sábháilteacht agus le héifeachtúlacht táirgí íocshláinte tréidliachta a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht.

I.1.3. I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta, tá gach monagraf ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach, lena n-áirítear monagraif ghinearálta agus na caibidlí ginearálta, infheidhme maidir leis na codanna iomchuí den sainchomhad.

I.1.4. Comhlíonfaidh na modhanna monaraíochta le haghaidh na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha agus an táirge críochnaithe an Dea-Chleachtas Monaraíochta.

I.1.5. Cuirfear san áireamh san iarratas an fhaisnéis go léir is ábhartha don mheastóireacht ar an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann, bíodh sin fabhrach nó neamhfhabhrach i leith an táirge. Go háirithe, tabharfar na sonraí ábhartha go léir a bhaineann le haon staidéar nó triail neamhiomlán nó le haon staidéar nó triail ar éiríodh as nó aisti a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta.

▼M2

I.1.6. Déanfar staidéir chógaseolaíochta, staidéir thocsaineolaíocha, staidéir ar iarmhair agus staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla i gcomhréir leis na forálacha maidir le Dea-Chleachtas Saotharlainne (GLP) a leagtar síos i dTreoracha 2004/10/CE ( 14 ) agus 2004/9/CE ( 15 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

▼M1

I.1.7. Reáchtálfar gach turgnamh ar ainmhithe agus na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2010/63/AE á gcur san áireamh, d’ainneoin láthair reáchtála na dturgnamh.

I.1.8. Cuirfear ar fáil mar dhoiciméad ar leith sa sainchomhad an measúnú riosca don chomhshaol a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (OGManna) de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE, nó atá déanta díobh, a scaoileadh. Cuirfear an fhaisnéis sin i láthair i gcomhréir le forálacha Threoir 2001/18/CE, agus cuirfear san áireamh an treoraíocht arna foilsiú ag an gCoimisiún.

I.1.9. Deimhneoidh an t-iarratasóir i gCuid 1 de shainchomhad an iarratais i ndáil le húdarú margaíochta nach bhfuil na sonraí go léir atá á gcur isteach agus atá ábhartha do cháilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear sonraí atá ar fáil go poiblí, faoi réir cosaint doiciméadachta teicniúla.

I.2.    Ceanglais maidir le comhdhéanamh an tsainchomhaid

Beidh na codanna seo a leanas in aon sainchomhad iarratais i ndáil le húdarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta:

I.2.1.    Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

Cuimseofar le Cuid 1 faisnéis riaracháin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, mar a leanas:

a) 

Cuid 1A: pointí 1 go 4 agus 6.1 go 6.4;

b) 

Cuid 1B: pointe 5;

c) 

Cuid 1C: pointe 6.5.

Maidir le Cuid 1B, pointe 5.1, i ndáil le hAirteagal 35(1), pointe (l), áireofar le hiarratas ina mbeartaítear táirge íocshláinte tréidliachta a aicmiú ina tháirge “nach bhfuil faoi réir oideas tréidliachta” athbhreithniú criticiúil ar shaintréithe an táirge chun údar a thabhairt le hoiriúnacht an aicmithe sin agus sábháilteacht na spriocainmhithe agus ainmhithe nach sprioc-ainmhithe iad, an tsláinte phoiblí chomh maith leis an tsábháilteacht comhshaoil, á gcur san áireamh, mar a leagtar amach sna critéir in Airteagal 34(3), pointí (a) go (g).

Déanfar gach tuarascáil ó na saineolaithe chriticiúil a ullmhú i bhfianaise staid an eolais eolaíoch tráth thíolacadh an iarratais. Beidh sa tuarascáil sin meastóireacht ar na tástálacha agus na trialacha éagsúla a bheidh ina sainchomhad don údarú margaíochta, agus tabharfar aghaidh ar gach gné is ábhartha don mheasúnú ar cháilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta. Sonrófar ann torthaí mionsonraithe na dtástálacha agus na dtrialacha a tíolacadh chomh maith le tagairtí bibleagrafaíochta beachta. Cuirfear ar fáil cóipeanna de na tagairtí bibleagrafacha atá luaite.

Cuirfidh údar síniú agus dáta leis na tuarascálacha sin ó na saineolaithe criticiúla agus ceanglófar leo faisnéis faoi chúlra oideachasúil, oiliúint agus taithí ghairme an údair. Dearbhófar an caidreamh gairmiúil atá ann idir an t-údar agus an t-iarratasóir.

Beidh crostagairtí beachta soiléire sna tuarascálacha ó na saineolaithe criticiúla agus sna haguisíní don fhaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil.

I gcás ina n-úsáidtear formáid an Doiciméid Choitinn Theicniúil (CTD) chun Cuid 2 a chur i láthair, úsáidfear an achoimre fhoriomlán cháilíochta (QOS) le haghaidh na tuarascála ó na saineolaithe criticiúla ar an gcáilíocht.

Maidir le Codanna 3 agus 4, cuimseofar leis an tuarascáil ó na saineolaithe freisin achoimre i bhfoirm tábla ar an doiciméadacht theicniúil agus ar na sonraí ábhartha go léir a chuirtear isteach.

I.2.2.    Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch)

(1) Áireofar sna sonraí ar an gcáilíocht chógaisíochta (fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch) le haghaidh substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha agus le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta críochnaithe faisnéis faoin modh monaraíochta, saintréithriú agus airíonna, nósanna imeachta agus ceanglais maidir le rialú cáilíochta, an chobhsaíocht chomh maith le tuairisc ar chomhdhéanamh, forbairt agus cur i láthair an táirge íocshláinte tréidliachta.

(2) Tá gach monagraf, lena n-áirítear monagraif shonracha, monagraif ghinearálta agus caibidlí ginearálta de Pharmacopoeia Eorpach infheidhme. Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, tá gach monagraf, lena n-áirítear monagraif shonracha, monagraif ghinearálta agus caibidlí ginearálta de Pharmacopoeia Eorpach, infheidhme ach amháin mura bhfuil údar leis. I gcás nach mbeidh monagraf in Pharmacopoeia Eorpach, féadfar monagraf in pharmacopoeia de chuid Ballstáit a chur i bhfeidhm. I gcás nach bhfuil tuairisc ar shubstaint in Pharmacopoeia Eorpach ná in pharmacopoeia de chuid Ballstáit, féadfar glacadh le comhlíonadh monagraif ó pharmacopoeia tríú tír más féidir a léiriú go bhfuil sé oiriúnach; sna cásanna sin, déanfaidh an t-iarratasóir cóip den mhonagraf a thíolacadh agus aistriúchán leis i gcás inarb iomchuí. Déanfar sonraí a thíolacadh chun cumas an mhonagraif rialú leormhaith a dhéanamh ar cháilíocht na substainte a léiriú.

(3) Más rud é go n-úsáidtear tástálacha eile seachas na tástálacha a luaitear sa pharmacopoeia, tabharfar údar le húsáid na dtástálacha sin trí fhianaise a sholáthar go gcomhlíonfadh na hábhair, dá ndéanfaí tástáil orthu i gcomhréir le pharmacopoeia, ceanglais cháilíochta an mhonagraif ábhartha sa pharmacopoeia.

(4) Cuirfear treoraíocht agus ceanglais sheanbhunaithe san áireamh sna nósanna imeachta tástála uile maidir le hanailísiú agus rialú cáilíochta. Cuirfear torthaí na staidéar bailíochtúcháin ar fáil. Tabharfar tuairisc ar nósanna imeachta uile na dtástálacha ar dhóigh a bheidh mionsonraithe go leor chun gur féidir iad a atáirgeadh i dtástálacha rialaithe, a dhéanfar ar iarratas ón údarás inniúil agus chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil measúnú iomchuí a dhéanamh orthu. Tabharfar tuairisc ar bhealach iomchuí ar aon ghaireas agus aon trealamh speisialta, a d’fhéadfaí a úsáid, agus beidh léaráid ag gabháil leis más ábhartha. Déanfar foirmlí na n-idirghníomhaíochtaí saotharlainne a forlíonadh, más gá, leis an modh ullmhúcháin. Má bhíonn nósanna imeachta ina gcuid de Pharmacopoeia Eorpach nó de pharmacopoeia de chuid Ballstáit, féadfar tagairt mhionsonraithe do pharmacopoeia i gceist a chur in ionad na tuairisce ar nósanna imeachta tástála.

(5) Má bhíonn sé ar fáil, úsáidfear ábhar tagartha, idir cheimiceach agus bhitheolaíoch, as Pharmacopoeia Eorpach. Má úsáideadh ullmhóidí agus caighdeáin tagartha eile, sainaithneofar iad agus tabharfar tuairisc mhionsonraithe orthu.

(6) Féadtar na sonraí ar cháilíocht chógaisíochta (cheimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch) don tsubstaint ghníomhach agus/nó don táirge críochnaithe a chur san áireamh sa sainchomhad i bhformáid an Doiciméid Choitinn Theicniúil (CTD).

(7) Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha, lena n-áirítear táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, áireofar sa sainchomhad faisnéis ar thuaslagóirí is gá chun ullmhóid an táirge deiridh a dhéanamh. Measfar gur aon táirge amháin atá i dtáirge íocshláinte tréidliachta bitheolaíoch fiú nuair a theastóidh níos mó ná aon tuaslagóir amháin chun gur féidir ullmhóidí difriúla den táirge deiridh a ullmhú, arbh fhéidir go mbeadh siad le tabhairt ar bhealaí éagsúla nó le modhanna éagsúla tabhartha. Tuaslagóirí a sholáthraítear in éineacht le táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha, féadfar iad a phacáil le fiala na substainte gníomhaí nó ar leithligh.

(8) I gcomhréir le Treoir 2010/63/AE agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cosaint Ainmhithe Veirteabracha a úsáidtear chun críoch Turgnaimh nó chun críoch eile Eolaíochta, déanfar tástálacha ar bhealach ina n-úsáidfear an líon ainmhithe is lú agus is féidir agus a bheidh ina gcúis leis an bpian, fulaingt, anacair nó díobháil mharthanach is lú agus is féidir. Má bhíonn sí ar fáil, úsáidfear tástáil mhalartach in vitro más rud é go gcuirfear an tástáil sin in ionad úsáid ainmhithe nó más rud é go mbeidh mar thoradh ar an tástáil sin laghdú ar an úsáid ainmhithe nó laghdú ar an bhfulaingt.

I.2.3.    Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

(1) Áireofar sa sainchomhad ar na staidéir shábháilteachta iad seo a leanas:

(a) 

sintéis de na tástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an gCuid seo, le tagairtí mionsonraithe chuig an litríocht fhoilsithe ina bhfuil plé oibiachtúil ar na torthaí go léir a fuarthas. Léireofar agus pléifear aon tástálacha nó trialacha atá liostaithe ar fágadh ar lár iad agus cineál malartach staidéir a chuimsiú;

▼M2

(b) 

ráiteas comhlíontachta i leith an dea-chleachtais saotharlainne i gcás staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla, i gcás inarb infheidhme, mar aon le plé ar a mhéid a rannchuideoidh aon staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne leis an measúnú riosca foriomlán, agus údar leis an stádas mar staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne.

▼M1

(2) Áireofar na nithe seo a leanas sa sainchomhad:

(a) 

innéacs de gach staidéar agus triail a áirítear sa sainchomhad;

(b) 

údar le haon chineál staidéir nó trialach a fhágáil ar lár;

(c) 

míniú ar chur san áireamh cineál eile staidéir nó trialach mar mhalairt;

(d) 

plé ar a mhéid a rannchuideoidh aon staidéar nó triail nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne leis an measúnú riosca foriomlán, agus údar leis an stádas mar staidéar nó mar thriail nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne.

I.2.4.    Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

(1) Áireofar leis an sainchomhad faoi éifeachtúlacht an doiciméadacht réamhchliniciúil agus chliniciúil go léir, bíodh sí fabhrach nó neamhfhabhrach i leith na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, chun measúnú foriomlán oibiachtúil a dhéanamh ar chothromaíocht tairbhe/riosca an táirge.

(2) Áireofar sa sainchomhad ar na staidéir éifeachtúlachta iad seo a leanas:

(a) 

sintéis de na tástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an gCuid seo, le tagairtí mionsonraithe chuig an litríocht fhoilsithe ina bhfuil plé oibiachtúil ar na torthaí go léir a fuarthas. Léireofar agus pléifear aon tástálacha nó trialacha atá liostaithe ar fágadh ar lár iad agus cineál malartach staidéir a chuimsiú;

▼M2

(b) 

ráiteas comhlíontachta i leith an dea-chleachtais saotharlainne i gcás staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla, i gcás inarb infheidhme, mar aon le plé ar a mhéid a rannchuideoidh aon staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne leis an measúnú riosca foriomlán, agus údar leis an stádas mar staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne.

▼M1

(3) Áireofar na nithe seo a leanas sa sainchomhad:

(a) 

innéacs de gach staidéar atá san áireamh sa sainchomhad;

(b) 

údar le haon chineál staidéar a fhágáil ar lár;

(c) 

míniú ar chur san áireamh cineál eile staidéir mar mhalairt.

(4) Is é cuspóir na dtrialacha a thuairiscítear sa Chuid seo éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta a léiriú. Gach rud a mhaígh t-iarratasóir i dtaca le hairíonna, éifeachtaí agus úsáid an táirge, beidh torthaí trialacha sonracha a bheidh san iarratas ar údarú margaíochta ar fáil a bheidh ag tacú go hiomlán leo.

(5) Déanfar na trialacha éifeachtúlachta uile i gcomhréir le prótacal mionsonraithe a ndearnadh é a thaifeadadh i scríbhinn sular thosaigh an triail. Beidh leas na n-ainmhithe trialach faoi réir maoirsiú tréidliachta agus cuirfear go hiomlán san áireamh é i rith mionsaothrú aon phrótacail trialach agus le linn na trialach.

(6) Déanfar trialacha cliniciúla (trialacha allamuigh) i gcomhréir le prionsabail sheanbhunaithe an dea-chleachtais chliniciúil, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(7) Sula dtosófar ar aon triail allamuigh, ní mór toiliú feasach úinéir na n-ainmhithe atá le húsáid sa triail a fháil agus a dhoiciméadú. Go háirithe, cuirfear úinéir na n-ainmhithe ar an eolas i scríbhinn maidir leis na hiarmhairtí atá ag baint le páirt a ghlacadh sa triail maidir le hainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu a dhiúscairt dá éis sin nó maidir le hearraí bia a bhaint as ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu.

I.2.5.    Ceanglais mhionsonraithe maidir le cineálacha difriúla táirgí íocshláinte tréidliachta nó sainchomhaid don údarú margaíochta

(1) Tugtar achoimre sna Ranna seo a leanas den Iarscríbhinn seo ar cheanglais mhionsonraithe maidir le cineálacha difriúla táirgí íocshláinte tréidliachta nó cineálacha sonracha sainchomhad don údarú margaíochta:

(a) 

I Roinn II, tugtar tuairisc ar na ceanglais chaighdeánaithe maidir le hiarratais ar tháirgí íocshláinte tréidliachta seachas táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha;

(b) 

Roinn III, tugtar tuairisc ar na ceanglais chaighdeánaithe maidir le hiarratais ar tháirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha:

(i) 

I Roinn IIIa, tugtar tuairisc ar na ceanglais chaighdeánaithe maidir le hiarratais ar tháirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha seachas táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha;

(ii) 

I Roinn IIIb, tugtar tuairisc ar na ceanglais chaighdeánaithe maidir le hiarratais ar tháirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha;

(c) 

I Roinn IV, tugtar tuairisc ar na ceanglais a bhaineann le sainchomhaid maidir le cineálacha sonraithe sainchomhad don údarú margaíochta;

(d) 

I Roinn V, tugtar tuairisc ar na ceanglais a bhaineann le sainchomhaid maidir le cineálacha áirithe táirgí íocshláinte tréidliachta.

ROINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA SEACHAS TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA BITHEOLAÍOCHA

Beidh feidhm ag na ceanglais mhionsonraithe seo a leanas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta seachas táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha, ach amháin má shonraítear a mhalairt i Roinn IV.

II.1.    Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

Féach Roinn I.

II.2.    Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch)

II.2A.    Tuairisc ar an táirge

II.2A1.    Comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil

(1) Ciallaíonn comhdhéanamh cáilíochtúil chomhábhair uile an táirge íocshláinte an t-ainm nó an tuairisc a thugtar orthu seo a leanas:

(a) 

substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha;

(b) 

támháin, comhábhair na dtámhán, cibé cineál nó cáilíocht a úsáidtear, lena n-áirítear ábhar dathúcháin, leasaithigh, aidiúvaigh, cobhsaitheoirí, tiúsóirí, eiblitheoirí, blasóirí agus substaintí aramatacha;

(c) 

comhábhair eile, a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh ainmhithe iad a ionghabháil nó go dtabharfar dóibh iad ar bhealach eile, atá ar chlúdach seachtrach na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, amhail capsúil, capsúil gheilitín, feistí cogansaí;

(d) 

aon sonraí ábhartha a bhaineann leis an neasphacáistíocht agus, i gcás inarb ábhartha, leis an bpacáistíocht sheachtrach agus, i gcás inarb iomchuí, an bealach a ndúntar an phacáistíocht sin, chomh maith le sonraí na ngléasanna lena n-úsáidfear an táirge íocshláinte tréidliachta nó lena dtabharfar an táirge íocshláinte tréidliachta agus a chuirfear ar fáil leis an táirge íocshláinte.

(2) Ciallaíonn an ghnáth-théarmaíocht atá le húsáid chun tuairisc a thabhairt ar chomhábhair táirgí íocshláinte tréidliachta, d’ainneoin chur i bhfeidhm fhorálacha eile Airteagal 8:

(a) 

i dtaca le substaintí a shonraítear in Pharmacopoeia Eorpach nó, ina éagmais sin, in pharmacopoeia náisiúnta Ballstáit, an príomhtheideal ag ceann an mhonagraif lena mbaineann, agus an tagairt do pharmacopoeia lena mbaineann;

(b) 

i dtaca le substaintí eile, an tAinm Neamhdhílseánaigh Idirnáisiúnta (ANI) arna mholadh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (ESD), a bhféadfadh ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta eile a bheith ag gabháil leis, nó, ina n-éagmais, an t-ainm eolaíoch beacht;

(c) 

cuirfear síos ar chomhábhair nach bhfuil ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta ná ainm eolaíoch beacht acu le ráiteas faoi conas a dhéanfar iad a ullmhú agus cad as a ndéanfar iad, agus é sin forlíonta, i gcás inarb iomchuí, le haon sonraí ábhartha eile;

(d) 

i ndáil le hábhar dathúcháin, ainmneofar iad leis an gcód “E” a shanntar dóibh le Treoir 2009/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(3) Chun comhdhéanamh cainníochtúil a chur ar fáil maidir le gach substaint ghníomhach agus támhán i dtáirgí íocshláinte tréidliachta, is gá, ag brath ar an bhfoirm chógaisíochta lena mbaineann, mais, nó líon na n-aonad de ghníomhaíocht bhitheolaíoch a shonrú, in aghaidh aonad dáileoige nó in aghaidh aonad maise nó toirte gach substainte gníomhaí agus támháin.

(4) Úsáidfear aonaid de ghníomhaíocht bhitheolaíoch le haghaidh substaintí nach féidir iad a shainmhíniú go ceimiceach. I gcás ina mbeidh an t-aonad idirnáisiúnta de ghníomhaíocht bhitheolaíoch sainmhínithe, bainfear feidhm as an aonad sin. I gcás nár sainmhíníodh an t-aonad idirnáisiúnta, sloinnfear na haonaid de ghníomhaíocht bhitheolaíoch sa chaoi is go soláthrófar faisnéis gan débhrí maidir le gníomhaíocht na substaintí trí úsáid a bhaint as Aonaid de chuid Pharmacopoeia Eorpach, más infheidhme.

(5) Déanfar an comhdhéanamh cainníochtúil a fhorlíonadh:

(a) 

i dtaca le hullmhóidí aon-dáileoige: le mais nó aonad de ghníomhaíocht bhitheolaíoch gach substainte gníomhaí sa choimeádán aonaid, agus toirt inúsáidte an táirge á cur san áireamh, tar éis athbhunú, i gcás inarb iomchuí;

(b) 

i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil sé i gceist iad a thabhairt i mbraonta: le mais nó aonaid de ghníomhaíocht bhitheolaíoch gach substainte gníomhaí atá i ngach braon nó atá i líon áirithe braonta a chomhfhreagraíonn do 1 ml nó 1 g den ullmhóid;

(c) 

i dtaca le foirmeacha eile cógaisíochta atá le tabhairt i gcainníochtaí tomhaiste: mais nó aonad de ghníomhaíocht bhitheolaíoch gach substainte gníomhaí in aghaidh na cainníochta tomhaiste.

(6) Déanfar tuairisc ar shubstaintí gníomhacha atá i bhfoirm comhdhúl nó díorthach go cainníochtúil de réir a maiseanna iomlána, agus más gá nó más ábhartha, de réir mhais an eintitis ghníomhaigh nó na n-eintiteas gníomhach den mhóilín.

(7) Le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil substaint ghníomhach is ábhar d’iarratas ar údarú margaíochta san Aontas den chéad uair, sloinnfear go córasach an ráiteas cainníochtúil maidir le substaint ghníomhach ar salann nó hiodráit í i dtéarmaí mhais an eintitis ghníomhaigh nó na n-eintiteas gníomhach sa mhóilín. Maidir le gach táirge íocshláinte tréidliachta a údarófar dá éis sin sna Ballstáit déanfar a gcomhdhéanamh cainníochtúil a shloinneadh sa chaoi chéanna don tsubstaint ghníomhach chéanna.

II.2A2.    Forbairt an táirge

(1) Cuirfear míniú ar fáil i ndáil leis an rogha a dhéantar i ndáil leo seo a leanas: comhdhéanamh, comhábhair, pacáistíocht, feidhm bheartaithe na dtámhán sa táirge deiridh agus modh monaraíochta an táirge chríochnaithe lena n-áirítear údar le rogha an mhodha agus sonraí ar na próisis steiriliúcháin agus/nó nósanna imeachta aiseipteacha a úsáidtear don táirge críochnaithe. Beidh sonraí eolaíocha maidir le cógaisíocht forbartha ag gabháil mar thacaíocht leis an míniú sin. Sonrófar aon bharrachas, agus an t-údar leis sin. Tabharfar fianaise go bhfuil na saintréithe micribhitheolaíocha (íonacht mhicribhitheolaíoch agus gníomhaíocht fhrithmhiocróbach) agus na treoracha úsáide iomchuí don úsáid arna beartú don táirge íocshláinte tréidliachta mar a shonraítear sa sainchomhad maidir le hiarratas ar údarú margaíochta.

(2) Déanfar staidéar ar an idirghníomhaíocht idir an táirge críochnaithe agus an phríomh-phacáistíocht a thíolacadh i ngach cás ina mbeadh an baol ann go dtarlódh an idirghníomhaíocht sin, go háirithe i gcás ullmhóidí in-insteallta.

(3) Tabharfar údar le méid na bpaicéad a bheartaítear i ndáil leis an mbealach tabhartha a bheartaítear, leis an bposeolaíocht agus leis an spriocspeiceas go háirithe le haghaidh substaintí frithmhiocróbacha (gníomhacha).

(4) I gcás ina soláthraítear gaireas dáileoige leis an táirge críochnaithe, léireofar cruinneas na dáileoige nó na ndáileog.

(5) I gcás ina moltar tástáil choimhdeachta a úsáid leis an táirge críochnaithe (e.g. tástáil dhiagnóiseach), soláthrófar faisnéis ábhartha ar an tástáil sin.

(6) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil sé beartaithe iad a ionchorprú i mbeatha ainmhithe, soláthrófar faisnéis faoi rátaí ionclúide, treoracha don ionchorprú, aonchineálacht na beatha ainmhithe, comhoiriúnacht/oiriúnacht na beatha ainmhithe.

II.2B.    Tuairisc ar an modh monaraíochta

(1) Déanfar an tuairisc ar an modh monaraíochta a bheidh ag gabháil leis an iarratas ar údarú margaíochta de bhun Airteagal 8 a dhréachtú sa chaoi go dtabharfar achoimre leormhaith ar chineál na n-oibríochtaí a úsáidtear.

(2) Chun na críche sin, áireofar leis ar a laghad:

(a) 

an fhoirmle iarbhír monaraíochta don mhéid nó do mhéideanna na mbaisceanna tráchtála a bheartaítear, agus sonraí cainníochtúla na substaintí go léir a úsáidtear. Sonrófar aon substaint a d’fhéadfadh imeacht le linn na monaraíochta; léireofar aon bharrachas;

(b) 

tuairisc ar chéimeanna éagsúla na monaraíochta mar aon le faisnéis ar dhálaí oibríochtúla an phróisis, ar bhealach insinte agus beidh sreabhchairt ar an bpróiseas ag gabháil leis;

(c) 

i gcás monaraíocht leanúnach, sonraí iomlána maidir leis na bearta réamhchúraim a ghlactar chun aonchineálacht an táirge chríochnaithe a áirithiú. Soláthrófar faisnéis ar an gcaoi a sainmhínítear baisc (mar shampla, arna cur in iúl i dtéarmaí tréimhse ama nó cainníocht táirge, agus féadfar í a chur in iúl mar réimsí);

(d) 

liosta de rialuithe le linn próisis lena n-áirítear an chéim den mhonaraíocht ina ndéantar iad agus na critéir inghlacthachta;

(e) 

staidéir thurgnamhacha lenar bailíochtaíodh an modh monaraíochta agus, i gcás inarb iomchuí, scéim bailíochtaithe próisis le haghaidh tháirgeadh na mbaisceanna scála;

(f) 

le haghaidh táirgí steiriúla, i gcás ina mbeidh dálaí steirilithe neamh-pharmacopoeia á n-úsáid, sonraí na bpróiseas steirilithe agus/nó nósanna imeachta aiseipteacha a úsáidtear.

II.2C.    Táirgeadh ábhair tosaigh agus rialú air

(1) Chun críocha an phointe seo, ciallóidh “ábhair thosaigh” substaintí gníomhacha, támháin agus pacáistíocht (neasphacáistíocht lena córas dúnta agus, más infheidhme, an phacáistíocht sheachtrach agus aon ghaireas dáileoige a sholáthraítear leis an táirge íocshláinte tréidliachta).

(2) Áireofar sa sainchomhad gach sonraíocht agus gach faisnéis faoi na tástálacha atá le reáchtáil don rialú cáilíochta ar gach baisc san ábhar tosaigh.

(3) Ní mór gach tástáil ghnáthúil a dhéantar ar ábhair thosaigh a dhéanamh ar an gcaoi chéanna agus a shonraítear sa sainchomhad.

(4) I gcás ina mbeidh deimhniú oiriúnachta d’ábhar tosaigh, do shubstaint ghníomhach nó do thámhán eisithe ag an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte, beidh an deimhniú sin ina thagairt don mhonagraf ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach.

(5) I gcás ina ndéanfar tagairt do dheimhniú oiriúnachta, tabharfaidh an monaróir dearbhú i scríbhinn don iarratasóir nár athraíodh an modh monaraíochta ó dheonaigh an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte an deimhniú oiriúnachta. I gcás ina gcomhlánaítear agus ina sínítear an réimse “bosca rochtana” sa deimhniú, measfar go mbeidh an ceanglas sin comhlíonta gan gá a bheith ann le dearbhú breise.

(6) Déanfar deimhnithe anailíse a thíolacadh le haghaidh na n-ábhar tosaigh chun a léiriú gur comhlíonadh an tsonraíocht shainithe.

II.2C1.    Substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha

(1) Cuirfear isteach na sonraí is gá ar cheann de na trí bhealach a shonraítear i bpointí (2) go (4).

(2) Cuirfear isteach na sonraí seo a leanas:

a) 

soláthrófar faisnéis ar aitheantas, struchtúr agus liosta airíonna fisiceimiceacha agus airíonna ábhartha eile den tsubstaint ghníomhach, go háirithe airíonna fisiceimiceacha a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht na substainte gníomhaí. I gcás inarb ábhartha, áireofar san fhianaise ar an struchtúr móilíneach an seicheamh aimínaigéad scéimreach agus an mhais mhóilíneach choibhneasta;

b) 

áireofar san fhaisnéis faoin modh monaraíochta tuairisc ar mhodh monaraíochta na substainte gníomhaí a léiríonn gealltanas an iarratasóra i leith mhonaraíocht na substainte gníomhaí. Liostófar gach ábhar atá riachtanach chun an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha a mhonarú, agus sainaithneofar cén chéim den phróiseas ag a n-úsáidtear gach ceann de na hábhair sin. Soláthrófar faisnéis faoi cháilíocht agus rialú na n-ábhar sin. Soláthrófar faisnéis a léiríonn go gcomhlíonann na hábhair sin na caighdeáin is iomchuí don úsáid bheartaithe;

c) 

áireofar san fhaisnéis faoi rialú cáilíochta na tástálacha (lena n-áirítear critéir inghlacthachta) a rinneadh ag gach céim ríthábhachtach, faisnéis faoi cháilíocht agus rialú na dtáirgí idirmheánacha agus maidir leis an bpróiseas bailíochtaithe agus/nó staidéir mheastóireachta de réir mar is iomchuí. Áireoidh inti freisin sonraí bailíochtaithe le haghaidh na modhanna anailíseacha a úsáideadh ar an tsubstaint ghníomhach, i gcás inarb iomchuí;

d) 

léireoidh an fhaisnéis faoi heisíontais na heisíontais is intuartha chomh maith le leibhéil agus cineál na n-eisíontas a breathnaíodh. Áireofar inti freisin faisnéis faoi shábháilteacht na n-eisíontas sin i gcás inarb ábhartha.

(3) Máistirchomhad maidir le Substaintí Gníomhacha

Le haghaidh substaint ghníomhach neamhbhitheolaíoch, féadfaidh an t-iarratasóir a shocrú go soláthróidh monaróir na substainte gníomhaí an fhaisnéis ar an tsubstaint ghníomhach i bpointe (2) go díreach do na húdaráis inniúla mar Mháistirchomhad maidir le Substaintí Gníomhacha. Sa chás sin, soláthróidh monaróir na substainte gníomhaí na sonraí uile (roinn an iarratasóra den Mháistirchomhad maidir le Substaintí Gníomhacha) don iarratasóir a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le go bhféadfaidh an t-iarratasóir freagracht a ghlacadh as an táirge íocshláinte tréidliachta. Áireofar sa sainchomhad maidir leis an táirge íocshláinte cóip de na sonraí arna soláthar ag monaróir na substainte gníomhaí don iarratasóir. Dearbhóidh monaróir na substainte gníomhaí i scríbhinn don iarratasóir go n-áiritheoidh sé comhsheasmhacht ó bhaisc go baisc agus nach n-athróidh sé an modh monaraíochta ná na sonraíochtaí gan é sin a chur in iúl don iarratasóir.

(4) Deimhniú oiriúnachta arna eisiúint ag an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte

Soláthrófar an deimhniú oiriúnachta agus aon sonraí breise atá ábhartha don fhoirm chógaisíochta nach gcumhdaítear leis an deimhniú oiriúnachta.

II.2C1.1.    Substaintí gníomhacha a liostaítear in pharmacopoeia

(1) Measfar go bhfuil gach substaint ghníomhach a chomhlíonann ceanglais Pharmacopoeia Eorpach nó, in éagmais monagraif in Pharmacopoeia Eorpach, ceanglais pharmacopoeia ceann de na Ballstáit ina substaint ghníomhach a chomhlíonann Airteagal 8 go leordhóthanach. Sa chás sin cuirfear tagairt iomchuí do pharmacopoeia atá i gceist in ionad na tuairisce i ngach roinn ar na modhanna agus na nósanna imeachta anailíseacha.

(2) I gcásanna nach bhfuil an tsonraíocht atá i monagraf de Pharmacopoeia Eorpach nó in pharmacopoeia náisiúnta Ballstáit ina sonraíocht leordhóthanach chun cáilíocht na substainte a áirithiú, féadfaidh na húdaráis inniúla sonraíochtaí níos iomchuí a iarraidh ar an iarratasóir, lena n-áirítear critéir inghlacthachta le haghaidh eisíontais shonracha maille le nósanna imeachta tástála bailíochtaithe.

(3) Cuirfidh na húdaráis inniúla na húdaráis atá freagrach as pharmacopoeia atá i gceist ar an eolas maidir leis sin. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta sonraí ar fáil d’údaráis pharmacopoeia sin maidir leis an neamhleorgacht líomhnaithe sin agus na sonraíochtaí breise atá le cur i bhfeidhm.

II.2C1.2.    Substaintí gníomhacha nach liostaítear in pharmacopoeia

(1) Maidir le substaintí gníomhacha nach liostaítear in aon pharmacopoeia, tabharfar tuairisc orthu i bhfoirm monagraif faoi na ceannteidil seo a leanas:

a) 

déanfar ainm an chomhábhair, a comhlíonann na ceanglais i gCuid II.2A1, pointe (2), a ionadú le haon chomhchiallach trádála nó eolaíoch atá air;

b) 

beidh aon fhianaise mhínitheach riachtanach ag gabháil leis an sainmhíniú ar an tsubstaint, a leagfar síos i bhfoirm chomhchosúil lena bhfuil in úsáid in Pharmacopoeia Eorpach, go háirithe maidir leis an struchtúr móilíneach. I gcás nach féidir tuairisc a thabhairt ar shubstaintí ach amháin de réir a modhanna monaraíochta, beidh an tuairisc sin mionsonraithe a dhóthain chun a léiriú faoin tsubstaint go bhfuil sí tairiseach a dóthain ina comhdhéanamh agus ina héifeachtaí;

c) 

féadfar tuairisc a dhéanamh ar mhodhanna sainaitheantais i bhfoirm teicnící iomlána mar a úsáideadh iad do tháirgeadh na substainte, agus i bhfoirm tástálacha ba cheart a dhéanamh mar ghnás;

d) 

déanfar tuairisc ar thástálacha íonachta i ndáil le gach ceann de na híonachtaí intuartha indibhidiúla, go háirithe iadsan a mbeadh éifeacht dhíobhálach ag baint leo, agus más gá, iadsan, le haird ar an teaglaim de shubstaintí dá dtagraíonn an t-iarratas, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar chobhsaíocht an táirge íocshláinte nó a d’fhéadfadh torthaí anailíseacha a shaobhadh;

e) 

déanfar tuairisc ar thástálacha agus ar chritéir inghlacthachta chun rialú a dhéanamh ar pharaiméadair is ábhartha don táirge críochnaithe, amhail steirilíocht agus déanfar modhanna a bhailíochtú i gcás inarb ábhartha;

f) 

maidir le substaintí coimpléascacha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, déanfar idirdhealú idir cás ina mbeadh gá rialú ceimiceach, fisiceach nó bitheolaíoch a dhéanamh ar na príomh-chomhábhair mar thoradh ar éifeachtaí iolracha cógaseolaíocha, agus cás a bhainfeadh le substaintí ina bhfuil grúpa amháin nó níos mó de phríomh-chomhábhair a bhfuil gníomhaíocht chomhchosúil acu, i ndáil le modh foriomlán na measúnachta.

(2) Léireoidh na sonraí sin go bhfuil an tsraith mholta de nósanna imeachta tástála leordhóthanach chun rialú a dhéanamh ar cháilíocht na substainte gníomhaí ón bhfoinse shainithe.

II. 2C1.3.    Saintréithe fisiceimiceacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don bhith-infhaighteacht

Soláthrófar na sonraí seo a leanas i ndáil le substaintí gníomhacha mar chuid den tuairisc ghinearálta ar shubstaintí gníomhacha más rud é go mbeadh bith-infhaighteacht an táirge íocshláinte tréidliachta ag brath orthu:

a) 

an fhoirm chriostalta agus intuaslagthacht;

b) 

méid cáithnín;

c) 

staid an híodráitithe;

d) 

comhéifeacht ola/uisce na deighilte;

e) 

luachanna pK/pH.

Níl pointí (a) go (c) infheidhme i leith substaintí a úsáidtear i dtuaslagáin agus iontusan amháin.

II.2C2.    Támháin

(1) Measfar go bhfuil gach támhán a chomhlíonann ceanglais Pharmacopoeia Eorpach nó, in éagmais monagraif in Pharmacopoeia Eorpach, ceanglais pharmacopoeia ceann de na Ballstáit ina thámhán a chomhlíonann Airteagal 8 go leordhóthanach. Sa chás sin cuirfear tagairt iomchuí do pharmacopoeia atá i gceist in ionad na tuairisce i ngach roinn ar na modhanna agus na nósanna imeachta anailíseacha. I gcás inarb iomchuí é, déanfar ceanglais an mhonagraif a fhorlíonadh le tástálacha breise chun paraiméadair amhail méid cáithnín, steirilíocht agus/nó tuaslagóirí iarmhair a rialú.

(2) I gcás nach ann do mhonagraf as pharmacopoeia molfar sonraíocht agus tabharfar údar leis an tsonraíocht sin. Leanfar na ceanglais maidir le sonraíochtaí mar a leagtar amach iad i gCuid II.2C1.2(1), pointí (a) go (e) don tsubstaint ghníomhach. Déanfar na modhanna molta agus a mbailíochtú tacaíochta a thíolacadh.

(3) Cuirfear isteach dearbhú lena dheimhniú go gcomhlíonann ábhair dhathúcháin atá le cur san áireamh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta ceanglais Threoir 2009/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) ach amháin i gcás ina mbaineann an t-iarratas ar údarú margaíochta le táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe atá beartaithe d’úsáid logánta, amhail coiléir íocleasaithe agus clibeanna cluaise.

(4) Cuirfear isteach dearbhú lena dheimhniú go gcomhlíonann ábhair dhathúcháin a úsáidtear na critéir maidir le híonacht a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún ( 17 ).

(5) Maidir le támháin nua, i.e. támhán nó támháin a úsáidtear den chéad uair san Aontas i dtáirge íocshláinte tréidliachta nó i mbealach nua lena dtugtar an táirge, soláthrófar sonraí monaraíochta, saintréithriú, agus rialuithe, le crostagairtí chun tacú le sonraí sábháilteachta idir sonraí cliniciúla agus neamhchliniciúla. Maidir le hábhair dhathúcháin, measfar mar a bheith leordhóthanach na dearbhuithe comhlíontachta i bpointí (3) agus (4).

II.2C3.    Pacáistíocht (coimeádáin agus córais dúnta)

II. 2C3.1.    Substaint ghníomhach

(1) Soláthrófar faisnéis faoin gcoimeádán agus a chóras dúnta don tsubstaint ghníomhach lena n-áirítear céannacht gach ábhair neasphacáistíochta agus a sonraíochtaí. Déanfar an leibhéal faisnéise atá riachtanach a chinneadh bunaithe ar staid fhisiceach (sreabhán, solad) na substainte gníomhaí.

(2) I gcás ina gcuirtear isteach deimhniú oiriúnachta don tsubstaint ghníomhach ón bhfoinse a bheartaítear agus ina sonraítear coimeádáin agus a chóras dúnta ann, féadfar tagairt don deimhniú oiriúnachta bailí a chur in ionad na faisnéise mionsonraithe orthu sin don tsubstaint ghníomhach ón bhfoinse sin.

(3) I gcás ina gcuirtear isteach Máistirchomhad maidir le Substaint Ghníomhach ón bhfoinse a bheartaítear agus ina sonraítear coimeádán agus a chóras dúnta ann, féadfar tagairt don Mháistirchomhad maidir le Substaint Ghníomhach a chur in ionad na faisnéise mionsonraithe orthu sin don tsubstaint ghníomhach ón bhfoinse sin.

II. 2C3.2.    Táirge críochnaithe

(1) Soláthrófar faisnéis faoin gcoimeádán agus a chóras dúnta agus ar aon ghaireas don táirge críochnaithe lena n-áirítear céannacht gach ábhair neasphacáistíochta agus a sonraíochtaí. Déanfar an leibhéal faisnéise atá riachtanach a chinneadh bunaithe ar an mbealach lena dtugtar an táirge íocshláinte tréidliachta agus ar staid fhisiceach (sreabhán, soladach) na foirme cógaisíochta.

(2) I gcás nach ann do mhonagraf as pharmacopoeia molfar sonraíocht agus tabharfar údar leis an tsonraíocht sin d’ábhar an phacáistithe.

(3) I gcás ábhair phacáistithe a úsáidfear den chéad uair san Aontas agus a bheidh i dteagmháil leis an táirge, cuirfear i láthair faisnéis faoina gcomhdhéanamh, a monaraíocht agus a sábháilteacht.

II.2C4.    Substaintí de bhunadh bitheolaíoch

(1) Soláthrófar faisnéis ar fhoinse, próiseáil, saintréithriú agus rialú gach ábhair de bhunús bitheolaíoch (de bhunús an duine, ainmhithe, luibheanna nó ó mhiocrorgánaigh) a úsáidtear i monarú na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear sonraí ar an tsábháilteacht ó víris, i gcomhréir le treoirlínte ábhartha.

(2) Soláthrófar doiciméadacht chun a léiriú go gcomhlíonann na hábhair de thionscnamh speicis ainmhithe ábhartha do tharchur einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSE) an Nóta Treorach maidir le híoslaghdú an riosca go ndéanfaí gníomhaithe einceifileapaití spúinseacha ainmhíocha a tharchur trí tháirgí íocshláinte lena úsáid ag an duine agus trí tháirgí íocshláinte tréidliachta, agus an monagraf comhfhreagrach de Pharmacopoeia Eorpach. Féadfar úsáid a bhaint as Deimhnithe Oiriúnachta arna n-eisiúint ag an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte, agus tagairt á déanamh don mhonagraf ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach, chun comhlíonadh a léiriú.

II.2D.    Tástálacha rialaithe a dhéantar ar idirmheánaigh aonraithe le linn an mhodha monaraíochta

(1) Chun críocha na roinne seo, ciallóidh “idirmheánach aonraithe” ábhar páirtphróiseáilte is féidir a stóráil ar feadh tréimhse ama shainithe agus a ndéanfar céim phróiseála nó céimeanna próiseála eile air sula mbeidh sé ina tháirge críochnaithe.

(2) Socrófar sonraíocht le haghaidh gach idirmheánaigh agus tabharfar tuairisc ar na modhanna anailísíochta agus déanfar iad a bhailíochtú, más infheidhme.

(3) Soláthrófar faisnéis ar phríomh-phacáistíocht an táirge idirmheánaigh murab ionann í agus an fhaisnéis ar an táirge críochnaithe.

(4) Déanfar seilfré agus dálaí stórála an táirge idirmheánaigh a shainiú ar bhonn na sonraí a thiocfaidh as na staidéir maidir le cobhsaíocht.

II.2E.    Tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe

(1) Maidir le rialú an táirge chríochnaithe, cuimsítear le baisc de tháirge críochnaithe gach aonad d’fhoirm chógaisíochta a dhéantar ón gcainníocht tosaigh chéanna ábhair agus a ndearnadh an tsraith oibríochtaí monaraíochta agus/nó steirilithe chéanna orthu. I gcás monaraíocht leanúnach, féadfar méid na baisce tráchtála a chur in iúl i dtéarmaí tréimhse ama nó cainníocht táirge, agus féadfar é a chur in iúl mar réimsí.

(2) Liostófar na tástálacha a dhéantar ar an táirge críochnaithe. Soláthrófar údar leis an tsonraíocht a bheartaítear. Sonrófar minicíocht na dtástálacha nach ndéantar go gnáthúil agus tabharfar údar leis. Léireofar na critéir inghlacthachta don scaoileadh.

(3) Áireofar sa sainchomhad sonraí maidir le tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe tráth a scaoilte agus a bhailíochtaithe. Déanfar iad a thíolacadh i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas.

(4) I gcás ina n-úsáidfear nósanna imeachta tástála agus critéir inghlacthachta seachas na cinn a luaitear sna monagraif ábhartha agus sna caibidlí ginearálta de Pharmacopoeia Eorpach, nó ina éagmais sin, de chuid pharmacopoeia de chuid Ballstáit, tabharfar údar leis na nósanna imeachta agus na critéir sin trí fhianaise a sholáthar go gcomhlíonfadh an táirge críochnaithe, dá ndéanfaí é a thástáil i gcomhréir leis na monagraif sin, ceanglais cháilíochta an pharmacopoeia sin don fhoirm chógaisíochta lena mbaineann.

II.2E1.    Saintréithe ginearálta an táirge chríochnaithe

(1) Beidh tástálacha áirithe ar shaintréithe ginearálta táirge i gcónaí ina gcuid de na tástálacha ar an táirge críochnaithe. Bainfidh na tástálacha sin, i ngach cás inarb infheidhme, le rialú meánmhaiseanna/meántoirteanna agus uasdiallas, le tástálacha meicniúla, tástálacha fisiciúla, cuma don tsúil, saintréithe fisiciúla amhail pH nó méid cáithnín. Sonróidh an t-iarratasóir caighdeáin agus critéir inghlacthachta maidir le gach ceann de na saintréithe sin.

(2) Tabharfar tuairisc ar dhálaí na dtástálacha, i gcás inarb iomchuí, ar an trealamh/gaireas a úsáidtear agus ar na caighdeáin ar bhealach atá mionsonraithe a dhóthain i ngach cás nach sonraítear iad in Pharmacopoeia Eorpach ná in pharmacopoeia de chuid Ballstáit; is amhlaidh a bheidh an cás murab infheidhme na modhanna a bheidh forordaithe in pharmacopoeia sin.

II. 2E2.    Substaint ghníomhach nó substaintí gníomhacha a shainaithint agus a mheasúnú

(1) Déanfar sainaithint agus measúnacht ar shubstaint ghníomhach nó ar shubstaintí gníomhacha i sampla ionadaíoch as baisc tháirgthe nó i líon áirithe d’aonaid dáileoige a ndéanfar anailísiú orthu go hindibhidiúil.

(2) Mura mbeidh údar leis, ní rachaidh an t-uasdiallas inghlactha d’ábhar substainte gníomhaí an táirge chríochnaithe thar ± 5 % tráth an mhonaraithe.

(3) I gcásanna áirithe a bhaineann le meascáin atá an-choimpléasc, toisc go n-éileodh measúnacht ar shubstaintí gníomhacha atá an-iomadúil nó nach bhfuil i láthair ach i méideanna bídeacha go ndéanfaí imscrúdú mionsaothraithe i ndáil le gach baisc tháirgthe, féadtar measúnacht amháin nó níos mó ar shubstaintí gníomhacha sa táirge críochnaithe a fhágáil ar lár, ar an gcoinníoll sainráite go ndéanfar na measúnachtaí sin ag idirchéimeanna den phróiseas táirgthe. Ní fhéadfar an teicníc shimplithe sin a shíneadh le go gcuimseofar saintréithriú na substaintí lena mbaineann. Déanfar é a fhorlíonadh le modh na meastóireachta cainníochtúla, a chuirfidh ar chumas an údaráis inniúil a áirithiú go mbainfear amach aonchineálachas táirge íocshláinte lena shonraíocht bhailíochtaithe tar éis é a bheith curtha ar an margadh.

(4) Beidh measúnacht bhitheolaíoch in vivoin vitro éigeantach i gcásanna nach féidir faisnéis leormhaith a sholáthar maidir le cáilíocht an táirge le modhanna fisiceimiceacha. Áireofar sa mheasúnacht sin, i ngach cás inar féidir, ábhair thagartha agus anailís staidrimh lenar féidir teorainneacha muiníne a ríomh. I gcás nach féidir na tástálacha sin a dhéanamh ar an táirge críochnaithe, féadtar iad a dhéanamh ag idirchéim, chomh déanach agus is féidir sa mhodh monaraíochta.

(5) Cuirfear in iúl na huasleibhéil inghlactha de tháirgí díghrádúcháin aonair agus iomlána díreach tar éis na monaraíochta. Cuirfear i láthair an réasúnaíocht is bun le táirgí díghrádúcháin a chuimsiú sa tsonraíocht nó a eisiamh uaithi.

II. 2E3.    Comhpháirteanna ar támháin iad a shainaithint agus a mheasúnú

Beidh sé éigeantach tástáil sainaitheantais agus tástáil uasteorann agus íosteorann a dhéanamh ar gach leasaitheach fhrith-mhicróbach indibhidiúil agus ar aon támhán ar dócha a mbeidh éifeacht bhith-infhaighteachta aige ar an tsubstaint ghníomhach, mura mbeidh bith-infhaighteacht ráthaithe ag tástáil iomchuí eile. Beidh sé éigeantach tástáil sainaitheantais agus tástáil uasteorann agus íosteorann a dhéanamh ar aon fhrithocsaídeoir nó aon támhán is dócha a mbeidh éifeacht dhíobhálach aige ar fheidhmeanna fiseolaíocha, agus tástáil íosteorann freisin san áireamh ar fhrithoscaídeoirí tráth a scaoilte.

II. 2E4.    Rialuithe micribhitheolaíochta

Áireofar sonraí maidir le tástálacha micribhitheolaíochta, amhail steir ilíocht agus iontocsain baictéaracha, sna sonraí anailíseacha i ngach cás ina ndéantar na tástálacha sin ar bhonn gnáthúil chun cáilíocht an táirge a fhíorú.

II. 2E5.    Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc

Chun a áirithiú go bhfuil cáilíocht an táirge comhsheasmhach ó bhaisc go baisc agus chun comhréireacht leis an tsonraíocht a léiriú, soláthrófar sonraí ar na baisceanna ina mbeidh torthaí gach tástála a dhéantar go ginearálta ar [3] bhaisc a mhonaraítear sa láithreán monaraíochta nó sna láithreáin mhonaraíochta a bheartaítear de réir na bpróiseas táirgthe a thuairiscítear.

II. 2E6.    Rialuithe eile

Rialófar aon tástáil eile a mheasfar a bheith riachtanach chun cáilíocht an táirge íocshláinte a dheimhniú.

II.2F.    Tástáil chobhsaíochta

II.2F1.    Substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha

(1) Sonrófar tréimhse atástála agus dálaí stórála le haghaidh substaint ghníomhach ach amháin i gcás ina ndéanfaidh monaróir an táirge chríochnaithe atástáil iomlán ar an tsubstaint ghníomhach díreach sula n-úsáidfear í i monaraíocht an táirge chríochnaithe.

(2) Cuirfear sonraí cobhsaíochta i láthair chun fianaise a sholáthar ar an gcaoi a dtagann athrú ar cháilíocht substainte gníomhaí le himeacht ama faoi thionchar tosca comhshaoil éagsúla agus chun tacú leis an tréimhse atástála agus na dálaí stórála a shainítear, más infheidhme. Déanfar cineál na staidéar cobhsaíochta a rinneadh, na prótacail a úsáideadh, na nósanna imeachta anailíseacha a úsáideadh agus a mbailíochtú maille le torthaí mionsonraithe, a thíolacadh.

(3) I gcás ina bhfuil fáil ar dheimhniú oiriúnachta don tsubstaint ghníomhach ón bhfoinse a bheartaítear agus ina sonraítear ann tréimhse atástála agus dálaí stórála, féadfar tagairt don deimhniú oiriúnachta bailí a chur in ionad na sonraí cobhsaíochta don tsubstaint ghníomhach ón bhfoinse sin.

(4) I gcás ina gcuirtear isteach Máistirchomhad maidir le Substaint Ghníomhach ón bhfoinse a bheartaítear agus ina sonraítear sonraí cobhsaíochta ann, féadfar tagairt don Mháistirchomhad maidir le Substaint Ghníomhach a chur in ionad na faisnéise mionsonraithe ar an gcobhsaíocht don tsubstaint ghníomhach ón bhfoinse sin.

II.2F2.    Táirge críochnaithe

(1) Tabharfar tuairisc ar na himscrúduithe a rinneadh chun an tseilfré, na dálaí molta stórála agus na sonraíochtaí ag deireadh na seilfré a bheidh socraithe ag an iarratasóir a chinneadh.

(2) Déanfar cineál na staidéar cobhsaíochta a rinneadh, na prótacail a úsáideadh, na nósanna imeachta anailíseacha a úsáideadh agus a mbailíochtú maille le torthaí mionsonraithe, a thíolacadh.

(3) I gcás inar gá táirge críochnaithe a athbhunú nó a chaolú sula dtabharfar d’ainmhí é, is gá sonraí maidir le seilfré mholta agus sonraíocht don táirge athbhunaithe/caolaithe a sholáthar, agus iad tacaithe ag na sonraí cobhsaíochta ábhartha.

(4) I gcás coimeádáin ildáileog, i gcás inarb ábhartha, déanfar sonraí cobhsaíochta a thíolacadh mar údar le sheilfré an táirge tar éis é a bhearnú nó a oscailt den chéad uair agus saineofar sonraíocht in-úsáide.

(5) I gcás inar dócha go n-eascróidh táirgí díghrádúcháin ó tháirge críochnaithe, dearbhóidh an t-iarratasóir na táirgí sin agus sonróidh sé na modhanna sainaitheantais agus tástála a úsáidtear.

(6) I gcás ina léirítear leis na sonraí cobhsaíochta go dtagann meath ar mheasúnacht na substainte gníomhaí ar stóráil di, áireofar sa tuairisc ar na tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe, i gcás inarb iomchuí, an t-imscrúdú ceimiceach agus, más gá, an t-imscrúdú tocsa-chógaseolaíoch ar na hathruithe a tháinig ar an tsubstaint sin, agus b’fhéidir saintréithriú agus/nó measúnacht ar na táirgí díghrádúcháin.

(7) Sonrófar leibhéal uasta inghlactha na dtáirgí díghrádúcháin indibhidiúla agus iomlána ag deireadh na seilfré agus tabharfar údar leis sin.

(8) Ar bhonn thorthaí na tástála cobhsaíochta, liostófar na tástálacha, agus a gcritéir inghlacthachta, a dhéantar ar an táirge críochnaithe i rith na seilfré agus tabharfar údar leo.

(9) Áireofar sna conclúidí torthaí na n-anailísí, lena dtugtar údar leis an tseilfré a bheartaítear agus, más iomchuí, leis an tseilfré in úsáid, faoi na dálaí stórála a mholtar.

(10) Ina theannta sin, maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil sé beartaithe iad a ionchorprú i mbeatha ainmhithe, soláthrófar faisnéis faoin gcobhsaíocht agus leis an tseilfré a bheartaítear tar éis an ionchorpraithe i mbeatha ainmhithe. Soláthrófar freisin sonraíocht ar bheatha íocleasaithe a mhonaraítear ag úsáid na dtáirgí íocshláinte tréidliachta sin i gcomhréir leis na treoracha molta úsáide.

II.2G.    Faisnéis eile

Féadfar faisnéis faoi cháilíocht an táirge íocshláinte tréidliachta nach gcumhdaítear in áit eile sa Chuid seo a áireamh sa sainchomhad faoin bpointe seo.

II.3    Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

(1) Áireofar i ngach tuarascáil staidéir:

a. 

cóip den phlean staidéir (prótacal);

b. 

ráiteas lena ndearbhófar gur cloíodh le dea-chleachtas saotharlainne i gcás inarb infheidhme;

c. 

tuairisc ar na modhanna, ar an ngaireas agus ar na hábhair a úsáideadh;

d. 

tuairisc agus údar leis an gcóras tástála;

e. 

tuairisc ar na torthaí a fuarthas, ar bhealach atá mionsonraithe a dhóthain chun go bhféadfar meastóireacht chriticiúil a dhéanamh go neamhspleách ar léirmhíniú an údair;

f. 

anailís staidrimh ar na torthaí i gcás inarb iomchuí;

g. 

plé ar na torthaí, agus barúil maidir le leibhéil bhreathnaithe nó neamhbhreathnaithe, agus aon torthaí neamhchoitianta a fuarthas;

h. 

ainm na saotharlainne;

i. 

ainm stiúrthóir an staidéir;

j. 

síniú agus dáta;

k. 

an áit agus an tréimhse ama ina ndearnadh an staidéar;

l. 

eochair do ghiorrúcháin agus do chóid, gan beann ar ghlacadh idirnáisiúnta a bheith nó gan a bheith leo;

m. 

tuairisc ar nósanna imeachta matamaiticiúla agus staidrimh.

(2) Féadfar glacadh le staidéir fhoilsithe más rud é go bhfuil sonraí leordhóthanacha agus mionsonraí leordhóthanacha iontu le go bhféadfar measúnú neamhspleách a dhéanamh orthu. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe go leor ar na teicnící turgnamhacha le go bhféadfar iad a mhacasamhlú, agus deimhneoidh an t-imscrúdaitheoir a mbailíocht. Ní ghlacfar mar dhoiciméadacht bhailí achoimrí ar staidéir nach bhfuil tuarascálacha mionsonraithe le fáil ina leith. I gcás ina ndearnadh meastóireacht roimhe sin ar an tsubstaint chun uasteorainn iarmhar (“MRL”) a leagan síos le haghaidh a thabhairt ar cheanglais sábháilteachta áirithe, féadfar tagairt a dhéanamh do na tuarascálacha poiblí Eorpacha ar mheasúnú ar MRL (“EPMARanna”). I gcás ina ndéantar tagairt do EPMAR, ní gá staidéir a chur isteach a ndearnadh meastóireacht orthu cheana mar chuid den mheastóireacht ar MRL; ní sholáthrófar ach staidéir nua nach raibh ar fáil don mheasúnú ar MRL. Murab ionann an bealach neamhchosanta (an t-úsáideoir, mar shampla) agus an bealach a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún ( 18 ), d’fhéadfaí go mbeadh gá le staidéir eile.

II.3A.    Tástálacha sábháilteachta

(1) Beidh an doiciméadacht sábháilteachta leormhaith chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

a) 

tocsaineacht fhéideartha an táirge íocshláinte tréidliachta agus aon éifeacht chontúirteach nó neamh-inmhianaithe i spriocspeicis a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi na dálaí úsáide a bheartaítear;

b) 

na rioscaí is féidir a thiocfaidh as teagmháil daoine leis an táirge íocshláinte tréidliachta, agus é á thabhairt don ainmhí, mar shampla;

c) 

na rioscaí féideartha don chomhshaol a thiocfadh as an táirge íocshláinte tréidliachta a úsáid.

(2) I gcásanna áirithe, is féidir gur gá meitibilítí na comhdhúile bunaidh a thástáil, más údar imní na hiarmhair sin.

(3) Maidir le támhán a úsáidtear den chéad uair i dtáirge íocshláinte tréidliachta nó i mbealach nua lena dtugtar an táirge, déileálfar leis ar an gcaoi chéanna le substaint ghníomhach.

II.3A1.    Sainaithint bheacht an táirge agus na substaintí gníomhacha

a. 

An tAinm Neamhdhílseánaigh Idirnáisiúnta (ANI);

b. 

Ainm Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC);

c. 

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS);

d. 

aicmiú teiripeach, cógaseolaíoch agus ceimiceach;

e. 

comhchiallaigh agus giorrúcháin;

f. 

an fhoirmle struchtúrach;

g. 

an fhoirmle mhóilíneach,

h. 

an mhais mhóilíneach;

i. 

méid na híonachta;

j. 

comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil na n-eisíontas;

k. 

tuairisc ar shaintréithe fisiceacha:

(i) 

leáphointe,

(ii) 

fiuchphointe,

(iii) 

brú galuisce,

(iv) 

tuaslagthacht in uisce agus i dtuaslagáin orgánacha agus é sin sloinnte i g/l, tásc teochta san áireamh,

(v) 

dlús,

(vi) 

athraonadh solais, rothlú optúil, etc.;

l. 

foirmliú an táirge.

II.3A2.    Cógaseolaíocht

(1) Tá staidéir chógaseolaíocha buntábhachtach chun na sásraí a shoiléiriú lena dtáirgeann an táirge íocshláinte tréidliachta a éifeachtaí teiripeacha agus dá bhrí sin áireofar na staidéir chógaseolaíocha a dhéantar i speicis thurgnamhacha agus spriocspeicis ainmnithe. Féadfar cros-tagairt a dhéanamh, más infheidhme, do staidéir a chuirtear isteach i gCuid 4 den sainchomhad.

(2) I gcás ina dtáirgfidh táirge íocshláinte tréidliachta éifeachtaí cógaseolaíocha in éagmais freagairt thocsaineach, nó ag dáileoga atá níos ísle ná na dáileoga as a dtiocfadh tocsaineacht, cuirfear na héifeachtaí cógaseolaíocha sin san áireamh le linn na meastóireachta ar shábháilteacht d’úsáideoir an táirge íocshláinte tréidliachta.

(3) Déanfar sonraí na n-imscrúduithe cógaseolaíocha, ar imscrúduithe iad a rinneadh ar ainmhithe saotharlainne, mar aon le gach faisnéis ábhartha a bailíodh le linn na staidéar cliniciúil sa sprioc-ainmhí a sholáthar roimh an doiciméadacht sábháilteachta i gcónaí.

II.3A2.1    Cógasdinimic

Cuirfear faisnéis faoi ghníomhaíocht na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha ar fáil, maille le faisnéis faoi éifeachtaí príomha agus tánaisteacha cógasdinimiciúla chun cuidiú leis an tuiscint ar aon éifeacht dhíobhálach a bhainfeadh leis na staidéir sin ar ainmhithe. Déanfar tuairisciú mionsonraithe ar airíonna cógasdinimiciúla a bhaineann leis an éifeacht theiripeach a thuairisciú i gCuid 4A den sainchomhad.

II.3A2.2    Cógaschinéitic

Soláthrófar sonraí maidir lena dtarlaíonn don tsubstaint ghníomhach agus dá meitibilítí in ainmhithe saotharlainne, lena gcumhdófar ionsú, dáileadh, meitibileacht agus eisfhearadh (ADME). Beidh na sonraí sin bainteach le torthaí maidir le dáileog/éifeacht sna staidéir chógaseolaíocha agus thocsaineolaíocha, chun teagmháil leormhaith a chinneadh.

II.3A3.    Tocsaineolaíocht

(1) Leanfaidh an doiciméadacht ar thocsaineolaíocht an treoraíocht a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht maidir leis an gcur chuige ginearálta i leith na tástála agus treoraíocht maidir le staidéir áirithe. Go ginearálta, déanfar na staidéir thocsaineachta leis an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha, seachas leis an táirge sainfhoirmle, mura n-éilítear a mhalairt go sonrach.

(2) Déanfar staidéir ar ainmhithe i bpórtha bunaithe ainmhithe saotharlainne dá bhfuil sonraí stairiúla ar fáil (más féidir).

(3) Tocsaineacht aon-dáileoige

Féadfar staidéir maidir le tocsaineacht aon-dáileoige a dhéanamh chun na nithe seo a leanas a thuar:

a. 

éifeachtaí féideartha ó ródháileog ghéar sa sprioc-speiceas,

b. 

éifeachtaí féideartha ón táirge a thabhairt trí thaisme do dhuine;

c. 

na dáileoga a d’fhéadfadh a bheith úsáideach i staidéir ildáileog.

Léireofar i staidéir tocsaineachta aon-dáileoige na géaréifeachtaí tocsaineacha atá ag an tsubstaint chomh maith le hamscála do thús agus do mhaolú na n-éifeachtaí sin.

Roghnófar na staidéir atá le déanamh d’fhonn faisnéis a sholáthar maidir le sábháilteacht don úsáideoir, mar shampla, má mheastar go dtarlóidh neamhchosaint shubstaintiúil ann trí análú isteach nó trí theagmháil le craiceann an úsáideora leis an táirge íocshláinte tréidliachta, déanfar staidéir ar na bealaí ina dtarlóidh an neamhchosaint sin.

(4) Tocsaineacht ildáileoige

Beartaítear tástálacha ar thocsaineacht ildáileoige chun léiriú a thabhairt ar aon athrú fiseolaíoch agus/nó paiteolaíoch a thiocfadh as an tsubstaint ghníomhach nó teaglaim de shubstaintí gníomhacha faoi scrúdú a thabhairt go hathfhillteach, agus chun a fháil amach conas a bhaineann na hathruithe sin leis an dáileog.

Is leor de ghnáth staidéar ar thocsaineacht ildáileoige a dhéanamh i speiceas amháin den ainmhí turgnamhach. Féadtar an staidéar sin a ionadú le staidéar ar an sprioc-ainmhí. Roghnófar an mhinicíocht agus an bealach tabhartha, agus fad an staidéir, ag féachaint do dhálaí na húsáide cliniciúla agus/nó don neamhchosaint don úsáideoir a bheartaítear. Tabharfaidh an t-iarratasóir na cúiseanna le fairsinge agus fad na staidéar agus na ndáileog a roghnaíodh.

(5) Fulaingt sa spriocspeiceas

Soláthrófar achoimre ar aon chomhartha d’éadulaingt a tugadh faoi deara le linn na staidéar a rinneadh, de ghnáth leis an tsainfhoirmle dheiridh, sa spriocspeiceas i gcomhréir le ceanglais Chuid II.4A4 (Fulaingt sa speiceas sprioc-ainmhí). Sainaithneofar na staidéir lena mbaineann, na dáileoga ag ar tharla an éadulaingt, agus na speicis agus na póir lena mbaineann. Soláthrófar freisin sonraí maidir le haon athruithe fiseolaíocha gan choinne. Áireofar tuarascálacha iomlána na staidéar sin i gCuid 4 den sainchomhad.

(6) Tocsaineacht atáirgthe lena n-áirítear tocsaineacht forbartha

Staidéar ar éifeachtaí ar atáirgeadh

Maidir le táirgí a mbeartaítear iad a úsáid in ainmhithe pórúcháin, soláthrófar staidéir ar an tsábháilteacht atáirgthe i gcomhréir le VICH GL43. Níltear ag súil le staidéir thocsaineachta ar atáirgeadh in ainmhithe saotharlainne don mheastóireacht ar éifeachtaí ar an úsáideoir.

(7) Staidéar ar thocsaineacht forbartha

Maidir leis an meastóireacht ar éifeachtaí sa speiceas sprioc-ainmhí, ní éilítear staidéir ar thocsaineacht forbartha i ndáil le táirgí nach mbeartaítear iad ach lena n-úsáid in ainmhithe neamhphórúcháin amháin. Maidir le táirgí eile, déanfar staidéar ar thocsaineacht forbartha in aon speiceas amháin ar a laghad, a bhféadfadh gurb é an spriocspeiceas é. Má dhéantar an staidéar ar an spriocspeiceas, cuirfear achoimre ar fáil anseo, agus áireofar tuarascáil iomlán an staidéar i gCuid 4 den sainchomhad.

Maidir leis an meastóireacht ar shábháilteacht úsáideoirí, déanfar tástáil chaighdeánach ar thocsaineacht forbartha i gcomhréir le tástálacha caighdeánacha bunaithe ar threoraíocht sheanbhunaithe (lena n-áirítear tástálacha VICH GL32 agus ECFE) i ngach cás ina bhféadfaí a bheith ag súil le neamhchosaint mór don úsáideoir.

(8) Géineatocsaineacht

Déanfar tástálacha chun an cumas géineatocsaineachta a mheas ionas go dtuigtear cad iad na hathruithe in ábhar géiniteach ceall a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an tsubstaint. Déanfar aon substaint a bhfuil sé beartaithe í a úsáid i dtáirge íocshláinte tréidliachta den chéad uair a mheasúnú le haghaidh airíonna géineatocsaineachta.

Déanfar sraith chaighdeánach tástálacha géineatocsaineachta ar an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha i gcomhréir le tástálacha caighdeánacha bunaithe ar threoraíocht sheanbhunaithe (lena n-áirítear tástálacha VICH GL23 agus ECFE).

(9) Carcanaigineacht

Sa chinneadh a ghlacfar cibé an bhfuil gá le tástáil ar charcanaigineacht nó nach bhfuil, cuirfear san áireamh torthaí na dtástálacha géineatocsaineachta, na caidrimh idir struchtúr agus gníomhaíocht agus na torthaí ó thástálacha ar thocsaineacht ildáileog a d’fhéadfadh an fhéidearthacht d’athruithe hipearphlasmacha/neoplasmacha a léiriú.

Breithneofar aon sainiúlacht a bhaineann le speiceas aitheanta ó thaobh shásra na tocsaineachta de, chomh maith le haon difríochtaí sa mheitibileacht idir na speicis sa tástáil, an speiceas sprioc-ainmhí, agus daoine.

Déanfar tástáil charcanaigineachta i gcomhréir le tástálacha caighdeánacha bunaithe ar threoraíocht sheanbhunaithe (lena n-áirítear tástálacha VICH GL28 agus ECFE).

(10) Eisceachtaí

I gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid thrópaiceach a bhaint as táirge íocshláinte tréidliachta, déanfar imscrúdú freisin ar ionsú córasach sa spriocspeiceas ainmhí. Más rud é go gcruthaítear go bhfuil an t-ionsú córasach diomaibhseach, féadfar na tástálacha ar thocsaineacht ildáileog, na tástálacha ar thocsaineacht atáirgthe agus forbartha agus na tástálacha ar charcanaigineacht a fhágáil ar lár, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

a) 

más rud é, faoi na dálaí beartaithe úsáide, go mbeifí ag súil leis go dtabharfaí an táirge íocshláinte tréidliachta don ainmhí tríd an mbéal, nó

b) 

más rud é, faoi na dálaí beartaithe úsáide, go mbeifí ag súil leis go mbeadh úsáideoir an táirge íocshláinte tréidliachta neamhchosanta tríd an mbéal.

II.3A4.    Ceanglais eile

II.3A.4.1    Staidéir speisialta

I gcás grúpaí áirithe substaintí nó más rud é go n-áirítear i measc na n-éifeachtaí a thugtar faoi deara le linn na staidéar ildáileog in ainmhithe athruithe táscacha, mar shampla, ar thocsaineacht imdhíonachta, néarthocsaineacht, nó neamhord an chórais inchrínigh, beidh gá le tástáil bhreise, mar shampla staidéir íograithe nó tástálacha ar néarthocsaineacht mhoillithe. Ag brath ar chineál an táirge, féadfaidh go mbeidh gá staidéir bhreise a dhéanamh chun an sásra bunaidh a mheas lena dtarlaíonn an éifeacht thoscaineach nó an acmhainneacht ghreannaithe.

Maidir le táirgí a bhféadfadh neamhchosaint don chraiceann agus do na súile a bheith i gceist leis, soláthrófar staidéir ar ghreannú agus ar íogrú. Déanfar na staidéir sin leis an bhfoirmliú deiridh den táirge.

Cuirfear san áireamh staid an eolais eolaíoch agus treoraíocht sheanbhunaithe nuair a bheidh na staidéir sin á ndearadh agus nuair a bheidh meastóireacht á déanamh ar a dtorthaí.

II.3A.4.2.    Breathnóireachtaí i ndaoine

Cuirfear faisnéis ar fáil a léireoidh cibé an mbaintear úsáid as substaintí atá gníomhach go cógaseolaíoch sa táirge íocshláinte tréidliachta i dtáirgí íocshláinte a úsáidtear i dteiripe le haghaidh daoine. Sa chás sin, tiomsófar faisnéis faoi na héifeachtaí go léir a breathnaíodh (lena n-áirítear frithghníomhuithe díobhálacha) i ndaoine agus an chúis leosan, a mhéid a bheidís tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta, i gcás inarb iomchuí lena n-áirítear torthaí ó staidéir fhoilsithe; i gcás nach bhfuil na comhábhair de na táirgí íocshláinte tréidliachta féin in úsáid a thuilleadh nó nach bhfuil siad in úsáid a thuilleadh mar tháirgí íocshláinte i dteiripe le haghaidh daoine, sonrófar na cúiseanna leis sin, má bhíonn siad ar fáil go poiblí.

II.3A.4.3.    Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar i ndaoine

Baineann na ceanglais maidir le sonraí a thuairiscítear sa phointe seo le substaintí frithbhaictéaracha agus d’fhéadfaí nach mbeidís infheidhme go hiomlán maidir le cineálacha eile oibreáin fhrithmhiocróbaigh (eadhon drugaí frithvíreasacha, drugaí frithfhungasacha agus drugaí frithphrótasólacha) ach féadfar na ceanglais a leanúint, i bprionsabal, i gcás inarb infheidhme mar sin féin.

Is gá sonraí a sholáthar maidir le teacht chun cinn féideartha baictéar frithsheasmhach nó deitéarmanant frithsheasmhachta atá ábhartha do shláinte an duine agus a bhaineann le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta i gcás na dtáirgí sin. Tá tábhacht ar leith ag baint le sásra fhorbairt agus roghnú na frithsheasmhachta sin i ndáil leis sin. I gcás inar gá, molfaidh an t-iarratasóir bearta chun forbairt na frithsheasmhachta a thiocfaidh as úsáid bheartaithe an táirge íocshláinte tréidliachta a theorannú.

Tabharfar aghaidh ar shonraí frithsheasmhachta le haghaidh úsáid chliniciúil an táirge i spriocainmhithe i gcomhréir le Cuid II.4A2. I gcás inarb ábhartha, déanfar crostagairt do na sonraí a leagtar amach i gCuid II.4A2.

(1) Maidir le bia-ainmhithe, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas sa mheasúnú riosca:

(a) 

sainaithint baictéar frithsheasmhach nó deitéarmanant frithsheasmhachta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tinneas de chuid an duine (baictéir zónóiseacha agus/nó chomhthíosacha) agus a roghnaítear iad tríd an táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach a úsáid i spriocainmhithe (sainaithint guaiseacha);

(b) 

an dóchúlacht go scaoilfear an ghuais/na guaiseacha a shainaithnítear ón spriocspeiceas ainmhí mar thoradh ar úsáid an táirge íocshláinte tréidliachta atá á bhreithniú;

(c) 

dóchúlacht a bhaineann le neamhchosaint dhaonnúil ina dhiaidh sin don ghuais/do na guaiseacha a shainaithnítear tríd an mbealach bia nó trí theagmháil dhíreach, agus na hiarmhairtí (éifeachtaí díobhálacha sláinte) ar shláinte an duine ag eascairt as. Tá treoraíocht ar fáil in VICH GL27 agus i dTreoirlínte an Aontais Eorpaigh.

(2) Maidir le hainmhithe coimhdeachta, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas sa bhreithniú ar an riosca do shláinte an duine nó don tsláinte phoiblí:

(a) 

sainaithint baictéar frithsheasmhach nó deitéarmanant frithsheasmhachta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tinneas de chuid an duine agus a roghnaítear iad tríd an táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach a úsáid i spriocainmhithe;

(b) 

meastachán ar neamhchosaint do bhaictéar zónóiseach agus comhthíosach sa spriocspeiceas ainmhí bunaithe ar dhálaí úsáide an táirge íocshláinte tréidliachta atá á mbreithniú;

(c) 

breithniú ar neamhchosaint dhaonnúil do fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (AMR), agus ar na hiarmhairtí ar shláinte an duine ag eascairt as.

(3) Tabharfar aghaidh ar an bhfrithsheasmhacht sa chomhshaol.

II.3A5.    Sábháilteacht úsáideoirí

Áireofar sa roinn seo measúnú ar na héifeachtaí a shonraítear i gCuid II.3A go Cuid II.3A4 agus déanfar é a chur i gcomparáid le cineál agus fairsinge na neamhchosanta daonna don táirge d’fhonn foláirimh iomchuí don úsáideoir a cheapadh mar aon le haon bheart bainistithe riosca eile.

Tabharfar aghaidh ar shábháilteacht úsáideoirí i gcomhréir le treoirlínte ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta.

II.3A6.    Measúnú riosca don chomhshaol

(1) Déanfar measúnú riosca don chomhshaol chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh a bheith ag táirge íocshláinte tréidliachta ar an gcomhshaol agus chun an riosca go mbeidh na héifeachtaí sin ann a shainaithint. Chomh maith leis sin, sainaithneofar leis an measúnú aon bhearta réamhchúraim a fhéadfaidh a bheith riachtanach chun an riosca sin a laghdú.

(2) Dhá chéim a bheidh sa mheasúnú seo. Déanfar an chéad chéim den mheasúnú i gcónaí. Cuirfear mionsonraí an mheasúnaithe ar fáil i gcomhréir leis an treoraíocht arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Léireofar leis an measúnú a mhéid a d’fhéadfadh an táirge dul i dteagmháil leis an gcomhshaol agus an leibhéal riosca a bhaineann leis an teagmháil sin agus cuirfear na nithe seo san áireamh ann go háirithe:

(a) 

an spriocspeiceas ainmhí, agus an patrún úsáide atá beartaithe;

(b) 

an modh a dtugtar d’ainmhithe é, go háirithe a mhéid is dócha a rachaidh an táirge go díreach isteach sa chomhshaol;

(c) 

a mhéid is féidir a eisfhearfaidh ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu an táirge, substaintí gníomhacha an táirge nó meitibilítí ábhartha isteach sa chomhshaol; a fhad a mhairfidh siad san eisfhearadh sin, a fhad a mhairfidh siad san eisfhearadh sin;

(d) 

diúscairt táirgí íocshláinte tréidliachta nó táirgí dramhaíola eile nár úsáideadh.

(3) Le linn an dara céim, déanfar imscrúdú breise ar a bhfuil i ndán don táirge agus ar na héifeachtaí a bheidh aige ar éiceachórais shonracha, i gcomhréir le treoraíocht arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Cuirfear san áireamh a mhéid a bheidh an táirge i dteagmháil leis an gcomhshaol agus an fhaisnéis atá ar fáil faoi airíonna fisiciúla/ceimiceacha, cógaseolaíocha agus/nó tocsaineolaíocha na substainte/substaintí lena mbaineann lena n-áirítear meitibilítí i gcás riosca sainaitheanta, a fuarthas le linn tástálacha agus trialacha a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

(4) Maidir le táirgí a bheartaítear do bhia-ainmhithe, déanfar substaintí imchoimeádacha inbhithbhailithe tocsaineacha (PBT) nó substaintí an-imchoimeádach agus an-inbhithbhailithe (vPvB) a aicmiú i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ) (Rialachán REACH) agus a mheasúnú de réir na treoraíochta le haghaidh mheasúnú PBT agus vPvB ar shubstaintí i dtáirgí íocshláinte tréidliachta arna foilsiú ag an nGníomhaireacht.

II.3B.    Tástálacha ar iarmhair

(1) Chun críocha an phointe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009.

(2) Is é is cuspóir le staidéar a dhéanamh ar ídiú iarmhar ó fhíocháin inite nó ó uibheacha, bainne agus mil (céir más iomchuí) a dhíorthaítear ó ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu a chinneadh cad iad na dálaí agus cá mhéad a bhféadfadh na hiarmhair sin a bheith fós ar fáil i mbia-ábhair a tháirgtear ó na hainmhithe sin. De bhreis air sin, beifear in ann an tréimhse aistarraingthe a mheas ó na staidéir.

(3) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i mbia-ainmhithe, léireofar na nithe seo a leanas sa doiciméadacht maidir le hiarmhair:

(a) 

a mhéid agus a fhad a mhaireann iarmhair an táirge íocshláinte tréidliachta nó a chuid meitibilítí i bhfíocháin inite an ainmhí a gcuirtear cóireáil air nó i mbainne, uibheacha agus/nó mil (céir más iomchuí) a fhaightear uaidh;

(b) 

chun aon bhaol do shláinte an tomhaltóra a chosc a d’eascródh as bia-ábhair ó ainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu, is féidir tréimhsí aistarraingthe réadúla a leagan síos a bhféadfaí iad a bhreathnú faoi dhálaí praiticiúla feirmeoireachta;

(c) 

go ndearnadh go leor bailíochtaithe ar an modh anailíseach/na modhanna anailíseacha a úsáideadh sa staidéar ar ídiú na n-iarmhar chun an t-athdhearbhú riachtanach a thabhairt go bhfuil na sonraí iarmhar a cuireadh isteach oiriúnach mar údar do thréimhse aistarraingthe.

II.3B1.    Sainaithint an táirge

Soláthrófar sainaithint an táirge/na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a úsáideadh sa tástáil, lena n-áirítear:

(a) 

comhdhéanamh;

(b) 

torthaí na dtástálacha fisiceacha agus ceimiceacha (neartúlacht agus íonacht) ar bhaisc(eanna) ábhartha;

(c) 

sainaithint baisce.

II.3B2. Ídiú iarmhar (meitibileacht agus cinéitic iarmhar)

(1) Is é is cuspóir do na staidéir seo, ina ndéantar an ráta ag a n-ídíonn iarmhair sa sprioc-ainmhí tar éis na dáileoige deireanaí den táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt, ná tréimhsí aistarraingthe a chinneadh a bhfuil gá leo chun a áirithiú nach mbeidh aon iarmhar a d’fhéadfadh a bheith ina ghuais do thomhaltóirí le fáil i mbia-ábhair a fhaightear ó ainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu.

(2) Tuairisceofar stádas reatha MRL maidir le comhpháirteanna an táirge íocshláinte tréidliachta sa spriocspeiceas ábhartha.

(3) Déanfar leibhéil na n-iarmhar ann a chinneadh ag líon leordhóthanach pointí ama tar éis an dáileog dheireanach den táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt do na hainmhithe sa tástáil. Déanfar na staidéir i mamaigh agus in éin de réir VICH GL48 agus treoirlínte ábhartha eile. Déanfar na staidéir ar iarmhair i mil de réir VICH GL56 agus staidéir ar ídiú i speicis uisceacha de réir VICH GL57.

(4) Bunaithe ar an meastóireacht, tabharfar aghaidh ar an réasúnaíocht le haghaidh na tréimhse aistarraingthe a bheartaítear.

II.3B3.    Modh anailíseach le haghaidh iarmhar

Déanfar an staidéar ar ídiú iarmhar (staidéir), an modh/na modhanna anailíseacha agus a bhailíochtú nó a mbailíochtú i gcomhréir le VICH GL49.

Tabharfar aird sa mhodh anailíseach ar staid an eolais eolaíoch agus theicniúil tráth a chuirtear isteach an t-iarratas.

II.4.    Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

II.4A.    Staidéir réamhchliniciúla

Is é is aidhm le staidéir réamhchliniciúla imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht an táirge sa sprioc-ainmhí, agus bíonn gá leo chun gníomhaíocht chógaseolaíochta, airíonna cógaschinéiteacha, dáileog agus eatramh idir dáileoga, agus frithsheasmhacht (más infheidhme) an táirge, agus fulaingt an sprioc-ainmhí ina leith, a chinneadh.

II.4A1.    Cógaseolaíocht

II.4A.1.1.    Cógasdinimic

(1) Tabharfar sonraí saintréithe éifeachtaí cógasdinimiciúla na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha atá sa táirge íocshláinte tréidliachta.

(2) Tabharfar tuairisc leormhaith ar an modh gníomhaíochta agus ar na héifeachtaí cógaseolaíocha ar a bhfuil an t-iarratas molta bunaithe, i gcleachtas, lena n-áirítear éifeachtaí tánaisteacha (más ann dóibh). De ghnáth, déanfar imscrúdú ar na héifeachtaí a bheadh aige ar phríomhfheidhmeanna an choirp. Déanfar na torthaí a chur i láthair i dtéarmaí cainníochtúla (mar shampla le cuar éifeachta dáileoige, cuar éifeachta ama) agus, i ngach cás inar féidir é, i gcomparáid le substaint a bhfuil eolas maith ar a gníomhaíocht (i gcás ina maítear gurb airde an ghníomhaíocht i gcomparáid leis an tsubstaint a bhfuil eolas maith ar a gníomhaíocht, léireofar an difríocht agus léireofar go bhfuil an difríocht sin suntasach ó thaobh staitistice de).

(3) Déanfar imscrúdú ar éifeacht aon saintréithe eile de chuid na dtáirgí (amhail an bealach lena dtugtar é nó a fhoirmliú) ar ghníomhaíocht chógaseolaíoch na substainte gníomhaí.

(4) Tabharfar tuairisc mhionsonraithe go leor ar na teicnící turgnamhacha, ach amháin i gcás inar nósanna imeachta caighdeánacha iad, chun go bhféadfaí iad a mhacasamhlú agus chun go bhféadfaí a mbailíocht a dheimhniú. Déanfar na torthaí turgnamhacha a leagan amach go soiléir agus cuirfear i láthair toradh aon chomparáide staidrimh.

(5) Murar tugadh cúiseanna maithe lena mhalairt, déanfar imscrúdú freisin ar aon athrú cainníochtúil ar na freagraí a d’eascair ó ildáileoga a thabhairt den tsubstaint.

II.4A.1.2.    Cógaschinéitic

(1) Is gá bunsonraí cógaschinéiteacha ar an tsubstaint ghníomhach i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar shábháilteacht an sprioc-ainmhí agus ar éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta sa spriocspeiceas, go háirithe má bhaineann sé sin le substaint nó foirmliú nua.

(2) Is féidir cuspóirí na staidéar cógaschinéiteach sa spriocspeiceas ainmhí a roinnt ina gceithre phríomhréimse:

(a) 

tuairisc a thabhairt ar na bun-saintréithe cógaschinéiteacha (eadhon ionsú, dáileadh, meitibileacht agus eisfhearadh) na substainte gníomhaí san fhoirmliú;

(b) 

na bun-saintréithe cógaschinéiteacha sin a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar an ngaol idir an réim dáileog, tiúchan plasma agus fíochán le himeacht ama agus éifeachtaí cógaseolaíocha, teiripeacha nó tocsaineacha;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, comparáid a dhéanamh idir paraiméadair chógaschinéiteacha na spriocspeiceas difriúil agus iniúchadh a dhéanamh ar dhifríochtaí féideartha idir speicis a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht an sprioc-ainmhí agus ar éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta;

(d) 

i gcás inarb iomchuí, comparáid a dhéanamh ar an mbith-infhaighteacht chun tacú le nascadh faisnéise sábháilteachta agus éifeachtúlachta idir táirgí, foirmeacha cógaisíochta, láidreachtaí nó bealaí difriúla lena dtugtar iad, nó chun comparáid a dhéanamh idir tionchar athruithe sa mhonaraíocht nó sa chomhdhéanamh.

(3) Sa spriocspeiceas ainmhí, bíonn na staidéir chógaschinéiteacha riachtanach, de ghnáth, chun forlíonadh a dhéanamh ar staidéir chógasdinimiceacha d’fhonn tacú le bunú réimeanna dáileog sábháilte agus éifeachtacha (bealach agus suíomh tabhartha, an dáileoga, an t-eatramh dáileoige, an líon dáileog, etc.). D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le staidéir chógaschinéiteacha bhreise chun córais dáileoige a bhunú i gcomhréir le hathróga áirithe daonra.

(4) I gcás inar cuireadh staidéir chógaschinéiteacha isteach faoi Chuid 3 den sainchomhad, féadfar crostagairt a dhéanamh do na staidéir sin. Féach Roinn IV le haghaidh táirgí comhcheangailte seasta.

II.4A2.    Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar in ainmhithe

(1) Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta ábhartha (mar shampla, oibreáin fhrithmhiocróbacha, oibreáin fhrithsheadánacha), soláthrófar faisnéis ar an bhfrithsheasmhacht atá ann faoi láthair (más infheidhme) agus ar theacht chun cinn frithsheasmhachta a bhfuil ábharthacht chliniciúil ag baint léi don tásc a mhaítear sa spriocspeiceas ainmhí. I gcás inar féidir, cuirfear i láthair faisnéis ar an sásra/na sásraí frithsheasmhachta, bunús géiniteach móilíneach na frithsheasmhachta, agus ráta aistrithe na ndeitéarmanant frithsheasmhachta. I gcás inarb iomchuí, cuirfear i láthair faisnéis ar an gcomh-fhrithsheasmhacht agus ar an tras-fhrithsheasmhacht. Molfaidh an t-iarratasóir bearta chun forbairt na frithsheasmhachta a theorannú in orgánaigh a bhfuil ábharthacht chliniciúil ag baint leo d’úsáid bheartaithe an táirge íocshláinte tréidliachta.

(2) Tabharfar aghaidh ar an bhfrithsheasmhacht atá ábhartha do rioscaí do dhaoine i gcomhréir le Cuid II.3A4, pointe (3). I gcás inarb ábhartha, déanfar crostagairt do na sonraí a leagtar amach i gCuid II.3A4, pointe (3).

II.4A3.    Cinneadh agus deimhniú dáileog

Soláthrófar sonraí iomchuí chun údar a thabhairt leis an dáileog, eatramh dáileog, fad na cóireála agus aon eatramh athchóireála a bheartaítear.

Maidir le staidéir a dhéantar de réir fíordhálaí úsáide, soláthrófar an fhaisnéis ábhartha mar a leagtar amach i gCuid II.4B, mura dtugtar údar maith leis.

II.4A4.    Fulaingt sa spriocspeiceas ainmhí

Déanfar imscrúdú ar fhulaingt áitiúil agus chórasach an táirge íocshláinte tréidliachta sa spriocspeiceas ainmhí. Is é is cuspóir do staidéir ar shábháilteacht na spriocainmhithe tréithriú a dhéanamh ar éadulaingt agus corrlach leordhóthanach sábháilteachta a dhéanamh amach trí úsáid a bhaint as an mbealach/na bealaí tabhartha a mholtar. Féadfar é sin a bhaint amach tríd an dáileog agus/nó fad na cóireála a mhéadú. Beidh mionsonraí maidir leis na héifeachtaí cógaseolaíochta uile a bhfuiltear ag súil leo, mar aon leis na frithghníomhartha díobhálacha uile, sa tuarascáil/sna tuarascálacha maidir leis an staidéar. Déanfar staidéir ar shábháilteacht spriocainmhithe i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta an Chomhair Idirnáisiúnta um Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil do Chlárú Táirgí Íocshláinte Tréidliachta (“VICH”) agus le treoirlíne/treoirlínte arna foilsiú nó arna bhfoilsiú ag an nGníomhaireacht.. Féadfar faisnéis ar shábháilteacht sa spriocspeiceas, mar aon le faisnéis ábhartha ón litríocht fhoilsithe, a sholáthar freisin ó aon staidéar réamhchliniciúil eile, lena n-áirítear i staidéir a fhoráiltear i gCuid 3 agus i dtrialacha cliniciúla eile. Áireofar staidéir ar thocsaineacht forbraíochta a rinneadh sa spriocspeiceas ainmhí anseo, agus soláthrófar achoimre i gCuid 3 den sainchomhad.

II.4B.    Triail chliniciúil/trialacha cliniciúla

II.4B1.    Prionsabail ghinearálta

(1) Tabharfar aird iomchuí ar threoirlínte idirnáisiúnta dhea-chleachtais VICH agus ar threoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht agus trialacha cliniciúla á ndearadh, á ndéanamh agus á dtuairisciú. Ní fhéadfar sonraí ó thrialacha cliniciúla a dhéantar lasmuigh den Aontas a chur san áireamh don mheasúnú ar iarratas ar údarú margaíochta ach amháin má bhíonn na sonraí ionadaíoch a ndóthain don staid san Aontas.

(2) Déanfar sonraí turgnamhacha amhail trialacha taiscéalaíocha/píolótacha, nó torthaí ó chuir chuige neamhthurgnamhacha, a dheimhniú le trialacha cliniciúla, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(3) Is é is aidhm le trialacha cliniciúla scrúdú a dhéanamh, faoi fhíordhálaí úsáide, ar shábháilteacht an sprioc-ainmhí agus éifeachtúlacht táirge íocshláinte tréidliachta faoi ghnáthdhálaí feirmeoireachta ainmhithe agus/nó mar chuid de dhea-chleachtas tréidliachta. Léireofar leo éifeacht an táirge íocshláinte tréidliachta tar éis an táirge a thabhairt don spriocspeiceas a bheartaítear de réir na réime dáileoga agus an bealach/na bealaí riartha a bheartaítear. Beidh mar aidhm ag dearadh na trialach tacú leis na tásca agus aon fhritásc de réir speicis, aoise, póir agus gnéis, treoracha maidir le húsáid an táirge íocshláinte tréidliachta chomh maith le haon fhrithghníomh díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis a chur san áireamh.

(4) Déanfar na trialacha cliniciúla uile i gcomhréir le prótacal trialach mionsonraithe.

(5) Beidh na focail “le húsáid i dtriail chliniciúil tréidliachta amháin” le feiceáil go soiléir agus doscriosta ar an lipéadú i gcás ullmhóidí atá beartaithe lena n-úsáid i dtrialacha cliniciúla tréidliachta san Aontas.

(6) Ach amháin mura bhfuil údar leis, déanfar trialacha cliniciúla le hainmhithe cóimheasa (trialacha cliniciúla rialaithe). Cuirfear na torthaí éifeachtúlachta a gheofar leis an táirge nua i gcomparáid leis na torthaí a fuarthas ó ainmhithe den spriocspeiceas a fuair táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san Aontas lenar léiríodh leibhéal inghlactha éifeachtúlachta agus ar ceadaíodh é le haghaidh an táisc/na dtásc a bheartaítear sa spriocspeiceas ainmhíoch céanna, nó a fuair placebo, nó nár cuireadh aon chóireáil orthu. Tuairisceofar na torthaí uile a fuarthas, bíodh siad dearfach nó diúltach.

(7) Úsáidfear prionsabail staidrimh sheanbhunaithe i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht agus dearadh prótacail, anailísiú agus measúnú ar thrialacha cliniciúla á ndéanamh, ach amháin mura bhfuil údar leis.

II.4B2.    Doiciméadacht

II.4B2.1.    Torthaí na staidéar réamhchliniciúil

Nuair is féidir, tabharfar sonraí faoi na torthaí a bheidh ar na nithe seo a leanas:

(a) 

tástálacha lena léirítear gníomhaíocht chógaseolaíoch, lena n-áirítear tástálacha a léiríonn na sásraí taobh thiar den éifeacht theiripeach agus tástálacha a léiríonn an phríomhphróifíl chógaschinéitice;

(b) 

tástálacha agus imscrúduithe ar an bhfrithsheasmhacht, más infheidhme.

(c) 

na trialacha lena léirítear sábháilteacht na spriocainmhithe;

(d) 

tástálacha chun an dáileog a chinneadh agus a dheimhniú (lena n-áirítear an t-eatramh dáileog, fad na cóireála agus aon eatramh athchóireála);

I gcás ina mbíonn torthaí ann le linn na dtástálacha nach raibh súil leo, tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar na torthaí sin. Má fhágtar aon cheann de na sonraí sin ar lár, tabharfar údar leis sin. Soláthrófar na sonraí seo a leanas i ngach tuarascáil ar staidéar réamhchliniciúil:

(a) 

achoimre;

(b) 

prótacal staidéir;

(c) 

tuairisc mhionsonraithe ar na cuspóirí, ar an dearadh agus ar an reáchtáil lena gcuimsítear na modhanna, an gaireas agus na hábhair a úsáidtear, sonraí amhail speiceas, aois, meáchan, gnéas, líon, pór nó tréithchineál ainmhithe, aitheantas ainmhithe, dáileog, bealach agus sceideal tabhartha;

(d) 

anailís staidrimh ar na torthaí, i gcás gurb infheidhme;

(e) 

plé oibiachtúil ar na torthaí a fhaightear, as a n-eascraíonn conclúidí maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta don sprioc-ainmhí.

II.4B2.2.    Torthaí na dtrialacha cliniciúla

Soláthróidh gach imscrúdaitheoir na sonraí ar fad ar leatháin taifid ar leithligh i gcás cóireála aonair, agus ar leathán taifid chomhchoiteann i gcás cóireála comhchoitinne.

Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na socruithe uile is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na doiciméid bhunaidh, a bhí mar bhonn leis na sonraí arna soláthar, ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis nach bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe a thuilleadh.

I ndáil le gach triail chliniciúil, déanfar achoimre ar na barúlacha cliniciúla in achoimre ar na trialacha agus ar a thorthaí, ag cur in iúl go háirithe:

(a) 

líon na n-ainmhithe faoi rialú agus faoi thástáil a cóireáladh ar leithligh nó go comhchoiteann, agus miondealú ann de réir an speicis, an phóir nó an chineáil, na haoise agus an ghnéis;

(b) 

líon na n-ainmhithe arna n-aistarraingt róluath as na trialacha agus na cúiseanna leis an aistarraingt sin;

(c) 

i gcás ainmhithe rialaithe, cé acu:

(i) 

nach bhfuair siad aon chóireáil,

(ii) 

fuair siad placebo, nó

(iii) 

fuair siad táirge íocshláinte tréidliachta eile atá údaraithe san Aontas lenar léiríodh leibhéal inghlactha éifeachtúlachta agus ar ceadaíodh é le haghaidh an táisc/na dtásc a bheartaítear sa spriocspeiceas ainmhí céanna, nó

(iv) 

fuair siad an tsubstaint ghníomhach chéanna faoi imscrúdú i bhfoirmliú difriúil nó ar bhealach eile;

(d) 

minicíocht na bhfrithghníomhartha díobhálacha breathnaithe;

(e) 

barúlacha maidir leis an éifeacht ar fheidhmíocht ainmhithe, más iomchuí;

(f) 

sonraí a bhaineann le hainmhithe tástála a fhéadfar a bheith i mbaol níos mó de bharr a n-aoise, a modha tógála nó beathaithe, nó chun na críche a raibh siad beartaithe ina leith, nó a bhaineann le hainmhithe ar gá aird speisialta a thabhairt orthu mar gheall ar a staid fhiseolaíoch nó phaiteolaíoch;

(g) 

meastóireacht staidrimh ar na torthaí.

Leagfaidh an príomh-imscrúdaitheoir amach conclúidí ginearálta maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta don sprioc-ainmhí faoi na dálaí úsáide a bheartaítear, agus go háirithe aon fhaisnéis a bhaineann le tásca agus fritásca, dáileog agus meánfhad na cóireála agus, i gcás inarb iomchuí, aon idirghníomhaíocht a tugadh faoi deara le táirgí íocshláinte tréidliachta eile nó breiseáin bheatha chomh maith le haon réamhchúraimí speisialta atá le glacadh le linn cóireála agus i ndáil le comharthaí cliniciúla na ródháileoige, nuair a fheictear é sin.

ROINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA BITHEOLAÍOCHA

Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir le galair ainmhithe thógálacha shonracha a rialú agus a dhíothú, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha, ach amháin i gcás ina mbeartaítear na táirgí a úsáid i roinnt speiceas nó le tásca sonracha mar a shainmhínítear i Ranna IV agus V agus i dtreoirlínte ábhartha.

ROINN IIIa

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA BITHEOLAÍOCHA SEACHAS TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA IMDHÍONEOLAÍOCHA

Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(6), seachas táirgí a shainmhínítear in Airteagal 4(5) nó i gcás ina leagtar amach a mhalairt i Roinn IV.

Ceadaítear solúbthacht maidir le comhlíontacht na gceanglas a shonraítear sa Roinn seo, ach tabharfar údar eolaíoch le haon imeacht ó na ceanglais san Iarscríbhinn seo agus beidh siad bunaithe ar airíonna sonracha an táirge bhitheolaíoch. Maidir le substaintí áirithe, d’fhéadfaí go mbeadh gá le sonraí sábháilteachta de bhreis ar na ceanglais a liostaítear sa Roinn seo ag brath ar chineál an táirge.

IIIa.1.    Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

Féach Roinn I.

IIIa.2.    Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch nó mhicribhitheolaíoch)

IIIa.2A.    Tuairisc ar an táirge

IIIa.2A1.    Comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil

(1) Sonrófar comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil an táirge íocshláinte tréidliachta bhitheolaíoch. Áireofar sa roinn seo faisnéis orthu seo a leanas:

(a) 

an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha;

(b) 

comhábhar/comhábhair na dtámhán, cibé cineál iad nó cibé cainníocht a úsáidtear, lena n-áirítear aidiúvaigh, leasaithigh, cobhsaitheoirí, tiúsóirí, eiblitheoirí, ábhar dathúcháin, blaistithe agus substaintí aramatacha, marcóirí, etc.;

(c) 

comhdhéanamh, i.e. liosta de chomhpháirteanna uile na foirme cógaisíochta agus a méid ar bhonn aonaid (lena n-áirítear barrachas, más ann dó), feidhm na gcomhpháirteanna agus tagairt dá gcaighdeáin cháilíochta (mar shampla monagraif as coimriú nó sonraíochtaí an mhonaróra);

(d) 

tuaslagóir(í) athbhunaithe coimhdeachta;

(e) 

an cineál coimeádáin agus a chóras dúnta a úsáidtear don fhoirm chógaisíochta agus d’aon tuaslagóir athbhunaithe coimhdeachta agus feistí, más infheidhme. Soláthrófar faisnéis ábhartha faoin bhfeiste mura seachadtar an fheiste in éineacht leis an táirge íocshláinte tréidliachta bitheolaíoch.

(2) Chun comhdhéanamh cainníochtúil a chur ar fáil maidir le gach substaint ghníomhach agus támhán i dtáirgí íocshláinte tréidliachta, is gá, ag brath ar an bhfoirm chógaisíochta lena mbaineann, mais, nó líon na n-aonad de ghníomhaíocht bhitheolaíoch a shonrú, in aghaidh aonad dáileoige nó in aghaidh aonad maise nó toirte gach substainte gníomhaí agus támháin.

(3) I gcás inar féidir é, cuirfear in iúl an ghníomhaíocht bhitheolaíoch in aonaid mhaise nó toirte. I gcás ina mbeidh aonad idirnáisiúnta de ghníomhaíocht bhitheolaíoch sainmhínithe, bainfear feidhm as an aonad sin, ach amháin mura bhfuil údar leis. I gcás nár sainmhíníodh an t-aonad idirnáisiúnta, sloinnfear na haonaid de ghníomhaíocht bhitheolaíoch sa chaoi is go soláthrófar faisnéis gan débhrí maidir le gníomhaíocht na substaintí trí úsáid a bhaint as Aonaid de chuid Pharmacopoeia Eorpach, más infheidhme.

(4) Ciallóidh “gnáth-théarmaíocht” atá le húsáid chun tuairisc a thabhairt ar chomhábhair na dtáirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha, d’ainneoin chur i bhfeidhm na bhforálacha eile d’Airteagal 8:

(a) 

i dtaca leis na comhábhair a shonraítear in Pharmacopoeia Eorpach nó, ina éagmais sin, in pharmacopoeia ceann de na Ballstáit, príomhtheideal an mhonagraif i gceist, a bheidh éigeantach i gcomhair gach substainte den sórt sin,, agus tagairt á déanamh do pharmacopoeia lena mbaineann;

(b) 

i dtaca le comhábhair eile, an tAinm Neamhdhílseánaigh Idirnáisiúnta (ANI) arna mholadh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, a bhféadfadh ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta eile a bheith ag gabháil leis, nó, ina n-éagmais sin, an t-ainm eolaíoch beacht; tabharfar tuairisc ar chomhábhair nach bhfuil ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta ná an t-ainm eolaíoch beacht orthu le ráiteas faoi conas a dhéanfar iad a ullmhú agus cad as a ndéanfar iad, agus é sin forlíonta, agus i gcás inarb iomchuí, le haon sonraí ábhartha eile;

(c) 

i ndáil le hábhar dathúcháin, ainmneofar iad leis an gcód “E” a shanntar dóibh le Treoir 2009/35/CE.

IIIa.2A2.    Forbairt an táirge

Soláthrófar míniú lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas ach gan a bheith teoranta di:

(a) 

rogha an chomhdhéanaimh agus rogha na gcomhábhar, go háirithe faoi mar a bhaineann lena bhfeidhmeanna beartaithe agus a dtiúchan faoi seach;

(b) 

tabharfar údar le cuimsiú leasaithigh sa chomhdhéanamh;

(c) 

an neasphacáistíocht agus oiriúnacht an choimeádáin agus a chóras dúnta a úsáidtear do stóráil agus d’úsáid an táirge chríochnaithe. Déanfar staidéar ar an idirghníomhaíocht idir an táirge críochnaithe agus an phríomh-phacáistíocht a thíolacadh i ngach cás ina mbeadh an baol ann go dtarlódh an idirghníomhaíocht sin, go háirithe i gcás ullmhóidí in-insteallta;

(d) 

na saintréithe micribhitheolaíocha (íonacht mhicribhitheolaíoch agus gníomhaíocht fhrithmhiocróbach) agus na treoracha úsáide;

(e) 

an phacáistíocht bhreise fhéideartha, an phacáistíocht sheachtrach, más ábhartha;

(f) 

méid na bpaicéad a bheartaítear i ndáil leis an mbealach tabhartha a bheartaítear, leis an bposeolaíocht agus leis an spriocspeiceas;

(g) 

aon bharrachas san fhoirmliú chun neartúlacht íosta a ráthú ag deireadh na seilfré, mar aon le húdar leis;

(h) 

rogha mhodh monaraíochta na substainte gníomhaí agus an táirge chríochnaithe;

(i) 

pléifear na difríochtaí idir an modh monaraíochta nó na modhanna monaraíochta a úsáidtear chun baisceanna a úsáidtear i dtrialacha cliniciúla a tháirgeadh agus an modh a thuairiscítear san iarratas ar údarú margaíochta;

(j) 

i gcás ina soláthraítear gaireas dáileoige leis an táirge críochnaithe, léireofar cruinneas na dáileoige nó na ndáileog;

(k) 

i gcás ina moltar tástáil choimhdeachta a úsáid leis an táirge críochnaithe (e.g. tástáil dhiagnóiseach), soláthrófar faisnéis ábhartha ar an tástáil sin.

(l) 

Beidh sonraí eolaíocha maidir le forbairt an táirge ag gabháil mar thacaíocht leis an míniú sin.

IIIa.2A3.    Saintréithriú

IIIa.2A3.1.    Léargas ar an struchtúr agus ar shaintréithe eile

(1) Is gá substaint bhiteicneolaíoch nó bhitheolaíoch (lena n-áirítear dearbhú airíonna fisiceimiceacha, gníomhaíochta bitheolaíche, airíonna imdhíoncheimiceacha, íonachta agus eisíontas) a shaintréithiú le teicnící iomchuí chun go bhféadfaí sonraíocht iomchuí a bhunú. Ní ghlacfar le tagairt do shonraí ón litríocht amháin, ach amháin mura bhfuil údar leis de bharr réamheolas ó mhóilíní comhchosúla le haghaidh modhnuithe i gcás nach bhfuil aon ábhar imní ann ó thaobh sábháilteachta de. Déanfar saintréithriú leormhaith sa chéim forbartha agus, i gcás inar gá, tar éis athruithe móra ar phróisis.

(2) Soláthrófar gach faisnéis ábhartha atá ar fáil ar an struchtúr príomhúil, tánaisteach agus ardoird lena n-áirítear modhnuithe iar-aistritheacha (mar shampla gliceafhoirmeacha) agus modhnuithe eile den tsubstaint ghníomhach.

(3) Soláthrófar sonraí ar an ngníomhaíocht bhitheolaíoch (eadhon cumas sonrach nó inniúlacht shonrach táirge chun éifeacht bhitheolaíoch shainithe a bhaint amach). Go hiondúil, dearbhófar an ghníomhaíocht bhitheolaíoch nó déanfar meastóireacht uirthi le modh iomchuí, iontaofa agus cáilithe. Tabharfar údar le measúnacht den sórt sin a bheith in easnamh. Aithnítear go dtiocfaidh méadú ar fhorleithne na sonraí saintréithrithe i rith na forbartha.

(4) Soláthrófar an réasúnaíocht is bun le roghnú na modhanna a úsáidtear don saintréithriú agus tabharfar údarú lena n-oiriúnacht.

IIIa.2A3.2.    Eisíontais

(1) Tabharfar aghaidh ar eisíontais a bhaineann leis an bpróiseas (mar shampla próitéiní óstchille, DNA óstchille, iarmhair ó mheáin, ábhair láiste colúin) agus eisíontais a bhaineann leis an táirgeadh (mar shampla réamhtheachtaithe, foirmeacha scoilte, táirgí díghrádúcháin, comhiomláin). Soláthrófar faisnéis chainníochtúil ar eisíontais lena n-áirítear méideanna uasta don dáileog is mó. D’fhéadfaí go mbeadh gá le meastachán ar dhíothú i gcás eisíontais áirithe a bhaineann leis an bpróiseas (mar shampla, oibreáin fhrithchúrtha).

(2) I gcás nach soláthraítear ach sonraí cáilíochtúla amháin le haghaidh eisíontais áirithe, tabharfar údar leis sin.

IIIa.2B.    Tuairisc ar an modh monaraíochta

(1) Déanfar an tuairisc ar an modh monaraíochta a bheidh ag gabháil leis an iarratas ar údarú margaíochta de bhun Airteagal 8 a dhréachtú sa chaoi go dtabharfar tuairisc leormhaith ar chineál na n-oibríochtaí a úsáidtear.

(2) Léireofar ainm (ainmneacha), seoladh (seoltaí) agus freagrachtaí gach monaróra, lena n-áirítear conraitheoirí, agus soláthrófar gach láithreán táirgthe a bheartaítear nó gach saoráid a bheartaítear don mhonaraíocht, tástáil agus scaoileadh baisceanna.

(3) Cuimseofar iad seo a leanas ar a laghad leis an tuairisc mhionsonraithe ar an modh monaraíochta:

(a) 

céimeanna éagsúla na monaraíochta, lena n-áirítear táirgeadh na substainte gníomhaí agus tuairisc ar na céimeanna íonúcháin;

(b) 

sreabhchairt de phróiseas maidir le gach céim chomhleanúnach sa chaoi gur féidir measúnú a dhéanamh ar in-atáirgtheacht an nóis imeachta monaraíochta agus ar na rioscaí d’éifeachtaí díobhálacha ar na táirgí críochnaithe, amhail é % micribhitheolaíoch;

(c) 

i gcás monaraíocht leanúnach, sonraí iomlána maidir leis na bearta réamhchúraim a glacadh chun a áirithiú go mbeadh gach baisc den táirge críochnaithe aonchineálach agus comhsheasmhach. Soláthrófar faisnéis ar an gcaoi a sainítear baisce agus ar an méid nó na méideanna baisce tráchtála a bheartaítear;

(d) 

liosta de na substaintí go léir ag na céimeanna iomchuí i gcás ina mbeidh siad á n-úsáid, lena n-áirítear na substaintí sin nach féidir a ghnóthú i rith na monaraíochta;

(e) 

sonraí ar an gcumasc, mar aon le sonraí cainníochtúla na substaintí go léir a úsáidtear, lena n-áirítear sampla le haghaidh baisc táirgthe ionadaíoch;

(f) 

liosta de rialuithe le linn próisis lena n-áirítear an chéim den mhonaraíocht ina ndéantar iad agus critéir inghlacthachta;

(g) 

le haghaidh táirgí steiriúla, i gcás ina mbeidh dálaí steirilithe neamh-pharmacopoeia á n-úsáid, sonraí na bpróiseas steirilithe agus/nó nósanna imeachta aiseipteacha a úsáidtear.

(4) Soláthrófar tuairisc, doiciméadacht agus torthaí na staidéar bailíochtúcháin agus/nó meastóireachta le haghaidh céimeanna criticiúla nó measúnachtaí criticiúla a úsáidtear sa mhodh monaraíochta (mar shampla, bailíochtú an phróisis steiriliúcháin nó próiseáil nó líonadh aiseipteach) agus léireofar bailíochtú an phróisis táirgthe ar an iomlán trí thorthaí a sholáthar ó thrí bhaisc chomhleantacha a thairgtear leis an modh a thuairiscítear.

IIIa.2C.    Táirgeadh ábhar tosaigh agus rialú orthu

(1) Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn “ábhair thosaigh” gach comhpháirt, lena n-áirítear na substaintí gníomhacha, a úsáidtear chun an táirge íocshláinte tréidliachta bitheolaíoch a tháirgeadh. Maidir le meáin saothrúcháin a úsáidtear chun na substaintí gníomhacha a tháirgeadh, measfar gur ábhar tosaigh amháin iad.

(2) Cuirfear i láthair an comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil a mhéid a mheasann na húdaráis go mbaineann an fhaisnéis sin le cáilíocht an táirge chríochnaithe agus le haon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

(3) Más rud é go n-úsáidtear ábhair de bhunadh ainmhíoch chun na meáin saothrúcháin sin a ullmhú, ní mór na speicis ainmhíocha agus an fíochán a úsáidtear a chur san áireamh agus léireofar comhlíontacht na monagraf ábhartha lena n-áirítear monagraif ghinearálta agus caibidlí ginearálta de Pharmacopoeia Eorpach.

(4) Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméadacht chun a léiriú go bhfuil na hábhair thosaigh lena n-áirítear síolábhair, síolta ceall, baisceanna séirim agus an t-ábhar eile de thionscnamh speicis ainmhíoch ábhartha do tharchur TSE agus monaraíocht an táirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis an Nóta Treorach maidir le híoslaghdú an riosca go ndéanfaí gníomhaithe einceifealapaití spúinseacha ainmhíocha a tharchur trí tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta, chomh maith le ceanglais an mhonagraif chomhfhreagraigh de Pharmacopoeia Eorpach.

(5) Féadfar úsáid a bhaint as Deimhnithe Oiriúnachta arna n-eisiúint ag an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte, agus tagairt á déanamh don mhonagraf ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach, chun comhlíonadh a léiriú.

(6) Áireofar sa sainchomhad na sonraíochtaí, faisnéis faoi na tástálacha atá le déanamh i ndáil le rialú cáilíochta na mbaisceanna uile ábhar tosaigh agus na torthaí a bheidh ar bhaisc ó na comhpháirteanna go léir arna n-úsáid agus cuirfear isteach é i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas.

(7) Déanfar Deimhnithe Anailíse a thíolacadh le haghaidh na n-ábhar tosaigh chun a léiriú gur comhlíonadh an tsonraíocht shainithe.

(8) Comhlíonfaidh an t-ábhar dathúcháin, i ngach cás, ceanglais Threoir 2009/35/CE.

(9) Beidh úsáid antaibheathach i rith an táirgthe agus leasaitheach i gcomhréir le Pharmacopoeia Eorpach.

(10) Maidir le támháin nua – támhán nó támháin a úsáidtear den chéad uair san Aontas i dtáirge íocshláinte tréidliachta nó i mbealach nua lena dtugtar an táirge – soláthrófar sonraí monaraíochta, saintréithriú, agus rialuithe, le crostagairtí do shonraí sábháilteachta tacaíochta, idir shonraí cliniciúla agus sonraí neamhchliniciúla. Maidir le hábhair dhathúcháin, measfar mar a bheith leordhóthanach na dearbhuithe comhlíontachta mar a luaitear faoi Chuid II.2C2, pointí (3) agus (4).

IIIa.2C1.    Ábhair thosaigh a liostaítear in pharmacopoeia

(1) Beidh monagraif de Pharmacopoeia Eorpach infheidhme i leith gach ábhair tosaigh a shonraítear ann, mura soláthraítear údar leormhaith.

(2) I gcás substaintí eile, féadfaidh gach Ballstát a cheangal go ndéanfar aird a thabhairt ar a pharmacopoeia náisiúnta féin i ndáil le táirgí arna monarú ina chríoch.

(3) Féadfar tagairt iomchuí do pharmacopoeia i gceist a chur in ionad na tuairisce ar na modhanna anailíseacha.

(4) Beidh gach tástáil ghnáthúil a dhéantar ar gach baisc de na hábhair thosaigh mar a luaitear san iarratas ar údarú margaíochta. Más rud é go n-úsáidtear tástálacha seachas na tástálacha a luaitear in pharmacopoeia, soláthrófar cruthúnas go gcomhlíonann na hábhair thosaigh ceanglais cháilíochta maidir leis an pharmacopoeia sin.

(5) I gcás nach mbeidh an tsonraíocht atá i monagraf de Pharmacopoeia Eorpach nó in pharmacopoeia ceann de na Ballstáit ina sonraíocht leormhaith chun cáilíocht na substainte a áirithiú, féadfaidh na húdaráis inniúla sonraíochtaí níos iomchuí a iarraidh ar an iarratasóir ar údarú margaíochta. Cuirfear na húdaráis atá freagrach as pharmacopoeia i gceist ar an eolas maidir leis an easnamh líomhnaithe.

IIIa.2C2.    Ábhair thosaigh nach liostaítear in pharmacopoeia

IIIa.2C2.1.    Ábhair thosaigh de thionscnamh bitheolaíoch

(1) I gcás ina n-úsáidtear ábhair bhunaidh amhail miocrorgánaigh, fíocháin de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, cealla nó sreabhán (lena n-áirítear fuil) de thionscnamh an duine nó de bhunadh ainmhíoch nó comhstruchtúir ceall bhiteicneolaíocha i monaraíocht táirgí íocshláinte tréidliachta, is gá tuairisc agus taifead a dhéanamh ar thionscnamh, lena n-áirítear an réigiún geografach, agus ar stair na n-ábhar tosaigh. Léireofar an áit tionscnaimh, sláinte ghinearálta agus stádas imdhíoneolaíoch na n-ainmhithe a úsáidtear don táirgeadh agus úsáidfear comhthiomsuithe sainithe d’ábhair bhunaidh.

(2) Léireofar nach bhfuil ann do ghníomhaithe coimhthíocha (baictéir, míceaplasma, fungais agus víris) i gcomhréir le Pharmacopoeia Eorpach le haghaidh síolábhar, lena n-áirítear síolta ceall agus linnte séirim agus, aon uair is féidir, na hábhair bhunaidh óna ndíorthaítear iad.

(3) Cuirfear faisnéis ar fáil i gcás gach substainte de thionscnamh bitheolaíoch a úsáideadh ag céim ar bith den nós imeachta monaraíochta. Áireofar leis an bhfaisnéis an straitéis mhonaraíochta, nósanna imeachta íonghlanta agus díghníomhaithe agus a mbailíochtú agus gach nós imeachta rialaithe le linn próisis chun cáilíocht, sábháilteacht agus aonchineálacht ó bhaisc go baisc den táirge críochnaithe a áirithiú, mar aon le sonraí ar aon tástáil ar éilliú a dhéantar ar gach baisc den tsubstaint. Aon réamhchúraim speisialta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le linn stóráil an ábhair tosaigh, agus, más gá, tabharfar a shaol stórála.

(4) I gcás ina n-úsáidtear ábhair thosaigh de bhunús ainmhíoch nó de bhunús daonna, tabharfar tuairisc ar na bearta a úsáidtear chun a áirithiú go mbeidís saor ó ghníomhaithe coimhthíocha. Má bhraitear nó má mheastar go bhfuil gníomhaithe coimhthíocha i láthair, déanfar an t-ábhar comhfhreagrach a dhíobhadh nó déanfar próiseáil air chun an riosca de ghníomhaithe coimhthíocha i gcóireáil bhailíochtaithe a laghdú. Más rud é, tar éis na cóireála, go mbraitear nó go meastar go bhfuil gníomhaithe coimhthíocha i láthair, ní dhéanfar an t-ábhar comhfhreagrach a úsáid ach amháin i gcás inar féidir a áirithiú go ndéanfar na gníomhaithe sin a dhíbirt agus/nó a dhíghníomhachtú le próiseáil bhreise; léireofar díbirt agus/nó díghníomhachtú na ngníomhaithe coimhthíocha sin.

(5) I gcás ina n-úsáidfear cill-síolta, léireofar gur fhan saintréithe na gceall gan athrú suas chuig an leibhéal is airde den phasáiste a úsáideadh don táirgeadh.

(6) I gcás ábhair thosaigh a ndéantar innealtóireacht ghéiniteach orthu, áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí amhail tuairisc ar na cealla nó na pórtha tosaigh, forléiriú ar an veicteoir léirithe (ainm, bunús, feidhm an mhacasamhaileáin, feabhsaitheoir tionscnóra agus eilimintí rialtóra eile), rialú ar an seicheamh DNA nó RNA a chuirtear isteach go héifeachtach, seichimh olaganúicléitíde de veicteoir plasmaide i gcealla, plasmaid a úsáidtear do chomh-thrasfhabhtú, géinte a chuirtear leis nó a bhaintear amach, airíonna bitheolaíocha an fhorléirithe deiridh agus na géinte a léirítear, líon cóipeanna agus cobhsaíocht ghéiniteach.

(7) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGM) nó atá comhdhéanta díobh, beidh ag gabháil leis an gcuid cháilíochta den iarratas freisin na doiciméid atá riachtanach i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE.

(8) Nuair is gá, soláthrófar samplaí den ábhar tosaigh bitheolaíoch nó imoibrithe a úsáidtear sna nósanna imeachta tástála chun a chur ar a chumas don údaráis inniúil na tástálacha a dhéanfar a sheiceáil.

IIIa.2C2.2.    Ábhair thosaigh de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch

(1) Tabharfar an tuairisc i bhfoirm monagraif faoi na ceannteidil seo a leanas:

(a) 

déanfar ainm an ábhair tosaigh, a comhlíonann na ceanglais i bpointe IIIa.2A1(4) a ionadú le haon chomhchiallach trádála nó eolaíoch atá air;

(b) 

an tuairisc ar an ábhar tosaigh, atá leagtha síos i bhfoirm atá cosúil leis an tuairisc a úsáidtear in ítim thuairisciúil in Pharmacopoeia Eorpach;

(c) 

feidhm an ábhair tosaigh;

(d) 

modhanna sainaitheantais;

(e) 

aon réamhchúraim speisialta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le linn stóráil an ábhair tosaigh, agus, más gá, tabharfar a shaol stórála.

IIIa.2D.    Tástálacha rialaithe le linn an mhodha monaraíochta

(1) Áireofar sa sainchomhad sonraí maidir le tástálacha rialaithe le linn próisis a dhéantar ar chéimeanna idirmheánacha monaraíochta d’fhonn comhsheasmhacht an mhodha monaraíochta agus an táirge deiridh a fhíordheimhniú. Socrófar sonraíochtaí le haghaidh gach tástála rialaithe agus tabharfar tuairisc ar na modhanna anailísíochta. Soláthrófar bailíochtú na dtástálacha rialaithe, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(2) Sainmhíneofar sa tsonraíocht do bhaisc(eanna) substainte gníomhaí na critéir inghlacthachta mar aon leis na tástálacha a úsáidfear chun rialú leordhóthanach a dhéanamh ar cháilíocht na substainte gníomhaí. Cuimseofar tástáil ar ghníomhaíocht bhitheolaíoch, ach amháin mura bhfuil údar leis. Socrófar uasteorainneacha le haghaidh na n-eisíontas, agus aird á tabhairt ar chúinsí sábháilteachta. Sonrófar cáilíocht mhicribhitheolaíoch don tsubstaint ghníomhach. Léireofar nach bhfuil ann do ghníomhaithe coimhthíocha (baictéir, míceaplasma, fungais agus víris) i gcomhréir le Pharmacopoeia Eorpach.

(3) I gcomhréir le Treoir 2010/63/AE agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cosaint Ainmhithe Veirteabracha a úsáidtear chun críoch Turgnaimh nó chun críoch eile Eolaíochta, déanfar tástálacha ar bhealach ina n-úsáidfear an líon ainmhithe is lú agus is féidir agus a bheidh ina gcúis leis an bpian, fulaingt, anacair nó díobháil mharthanach is lú agus is féidir. Má bhíonn sí ar fáil, úsáidfear tástáil mhalartach in vitro más rud é go gcuirfear an tástáil sin in ionad úsáid ainmhithe nó más rud é go mbeidh mar thoradh ar an tástáil sin laghdú ar an úsáid ainmhithe nó laghdú ar an bhfulaingt.

IIIa.2E.    Tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe

IIIa.2E1    Sonraíocht an táirge chríochnaithe

I gcás gach tástála, déanfar an tuairisc ar na teicnící chun an táirge críochnaithe a anailísiú a leagan amach le sonraí leordhóthanacha chun measúnú cáilíochta a dhéanamh.

I gcás inarb ann do mhonagraif cheana féin, má bhaintear feidhm as nósanna imeachta agus teorainneacha tástála cé is moite de na cinn dá dtagraítear sna monagraif ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach, nó ina éagmais sin, in pharmacopoeia ceann de na Ballstáit, ní mór cruthúnas a thabhairt go gcomhlíonfadh an táirge críochnaithe, dá ndéanfaí é a thástáil i gcomhréir leis na monagraif sin, ceanglais cháilíochta an pharmacopoeia sin maidir leis an bfoirm chógaisíochta lena mbaineann. Liostófar san iarratas ar údarú margaíochta na tástálacha sin, a dhéantar ar shamplaí ionadaitheacha de gach baisc den táirge críochnaithe. Sonrófar minicíocht na dtástálacha a dhéantar ar an mbulc deiridh in ionad ar an mbaisc nó ar na baisceanna a ullmhaítear uaidh sin, más infheidhme. Tabharfar údar le minicíocht na dtástálacha nach ndéantar go gnáthúil. Léireofar na critéir inghlacthachta don scaoileadh agus tabharfar údar leo. Soláthrófar bailíochtú na dtástálacha rialaithe a dhéantar ar an táirge críochnaithe.

Socrófar uasteorainneacha le haghaidh na n-eisíontas, agus aird á tabhairt ar chúinsí sábháilteachta.

IIIa.2E2    Tuairiscí ar mhodhanna agus bailíochtú tástálacha ar an scaoileadh

(1) Saintréithe ginearálta

Bainfidh na tástálacha ar shaintréithe ginearálta, i gcás inarb infheidhme, le cuma an táirge chríochnaithe agus le tástálacha fisiciúla nó ceimiceacha, amhail pH, osmalálacht, etc. Maidir le gach ceann de na saintréithe sin, bunóidh an t-iarratasóir sonraíochtaí, lena mbaineann teorainneacha muiníne iomchuí, i ngach cás ar leith.

(2) Measúnacht sainaitheantais agus tástáil neartúlachta

I gcás inar gá, déanfar tástáil shonrach chun an tsubstaint ghníomhach a shainaithint. I gcás inarb iomchuí, féadfar an tástáil sainaitheantais a dhéanamh in éineacht leis an tástáil neartúlachta.

Déanfar tástáil ghníomhaíochta nó tástáil chun an tsubstaint ghníomhach a chainníochtú nó tástáil chun tomhas cainníochtúil a dhéanamh ar an bhfeidhmiúlacht (gníomhaíocht bhitheolaíoch/éifeacht fheidhmiúil) atá nasctha le hairíonna bitheolaíocha ábhartha lena léiriú go mbeidh an neartúlacht iomchuí i ngach baisc chun a sábháilteacht agus a héifeachtúlacht a áirithiú.

Beidh measúnacht bhitheolaíoch éigeantach i gcásanna nach féidir faisnéis leormhaith a sholáthar maidir le cáilíocht an táirge le modhanna fisiceimiceacha. Áireofar sa mheasúnacht sin, i ngach cás inar féidir, ábhair thagartha agus anailís staidrimh lenar féidir teorainneacha muiníne a ríomh. I gcás nach bhféadfar na tástálacha sin a dhéanamh ar an táirge críochnaithe, féadtar iad a dhéanamh ag idirchéim, chomh déanach agus is féidir sa mhodh monaraíochta.

I gcás ina dtarlóidh díghrádú le linn mhonarú an táirge chríochnaithe, cuirfear in iúl na huasleibhéil inghlactha de dhíghrádú indibhidiúil agus iomlán na dtáirgí díreach tar éis an táirgthe.

(3) Comhpháirteanna ar támháin iad a shainaithint agus a mheasúnú

A mhéid is gá, beidh an támhán nó na támháin faoi réir tástálacha sainaitheantais ar a laghad. Beidh tástáil teorann uachtarach agus íosta éigeantach maidir le gníomhaithe a chaomhnú. Beidh tástáil teorann d’aon chomhpháirteanna eile a d’fhéadfadh bheith ina cúis le frithghníomh díobhálach a dhéanamh éigeantach. Más infheidhme, déanfar cainníocht agus cineál an aidiúvaigh agus a chomhpháirteanna a fhíorú ar an táirge críochnaithe, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(4) Tástálacha steirilíochta agus íonachta

Léireofar nach bhfuil ann do ghníomhaithe coimhthíocha (baictéir, míceaplasma, fungais agus iontocsain i gcás inarb ábhartha) i gcomhréir le Pharmacopoeia Eorpach. Déanfar tástálacha iomchuí chun a thaispeáint nach bhfuil éilliú ó shubstaintí eile ann agus déanfar na tástálacha sin de réir chineál an táirge íocshláinte tréidliachta bhitheolaíoch, mhodh agus choinníollacha na monaraíochta. Má dhéantar níos lú tástálacha ná mar a cheanglaítear a dhéanamh in Pharmacopoeia Eorpaigh in aghaidh gach baisce, beidh na tástálacha a dhéanfar ríthábhachtach le haghaidh chomhlíontacht an mhonagraif. Soláthrófar cruthúnas go gcomhlíonann an táirge íocshláinte tréidliachta bitheolaíoch na ceanglais, má dhéantar an tástáil iomlán de réir an mhonagraif.

(5) Bogthaise iarmharach

Déanfar gach baisc de tháirge lióifilithe nó de tháibléid a thástáil ar bhogthaise iarmharach.

(6) Toirt líonta

Déanfar tástálacha iomchuí chun an toirt líonta cheart a léiriú.

IIIa.2E3.    Caighdeáin tagartha nó ábhair thagartha

Soláthrófar faisnéis faoin modh monaraíochta a úsáidtear chun an t-ábhar tagartha a bhunú. Más rud é gur úsáideadh níos mó ná aon chaighdeán tagartha amháin le haghaidh tástáil ar leith i rith fhorbairt an táirge, soláthrófar stair cháilíochta ina dtabharfar tuairisc ar an gcaoi ar cothaíodh an caidreamh idir na caighdeáin dhifriúla.

Má úsáidtear ullmhóidí agus caighdeáin tagartha seachas iad sin in Pharmacopoeia Eorpach, sainaithneofar iad agus tabharfar tuairisc mhionsonraithe orthu.

IIIa.2F.    Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc

IIIa.2F1.    Substaint ghníomhach

Chun a áirithiú go bhfuil cáilíocht na substainte gníomhaí comhsheasmhach ó bhaisc go baisc agus lena thaispeáint go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na sonraíochtaí, soláthrófar sonraí ó bhaisceanna ionadaíocha.

IIIa.2F2.    Táirge críochnaithe

Chun a áirithiú go bhfuil cáilíocht an táirge comhsheasmhach ó bhaisc go baisc agus lena thaispeáint go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na sonraíochtaí, soláthrófar prótacal iomlán de thrí cinn de na baisceanna as a chéile atá ionadaíoch don ghnáth-tháirgeadh.

IIIa.2G.    Tástálacha cobhsaíochta

(1) Cuimsítear le tástálacha cobhsaíochta cobhsaíocht na substainte gníomhaí agus an táirge chríochnaithe, lena n-áirítear tuaslagóir(í), más ábhartha. Má stóráiltear an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha, saineofar dálaí agus fad beartaithe na stórála ar bhonn sonraí cobhsaíochta; féadfar iad a fháil trí thástáil a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha féin nó trí thástáil iomchuí a dhéanamh ar an táirge críochnaithe.

(2) Tabharfar tuairisc ar na tástálacha a dhéantar chun tacú leis an tseilfré, na dálaí molta stórála agus na sonraíochtaí ag deireadh na seilfré a mholann an t-iarratasóir. Is staidéir fíor-ama iad na tástálacha sin i gcónaí; déanfar iad ar thrí bhaisc ionadaíocha ar a laghad a táirgeadh de réir an phróisis táirgthe a thuairiscítear agus ar tháirgí a stóráiltear sa choimeádán/sna coimeádáin deiridh; cuimsítear leis na tástálacha sin tástálacha bitheolaíocha agus fisiceimiceacha a dhéantar go tráthrialta don táirge críochnaithe go dtí deireadh maíte na seilfré.

(3) Áireofar sna conclúidí torthaí na n-anailísí, rud a chuireann údar maith leis an tseilfré atá beartaithe faoi gach staid stórála atá molta. Cuirfear san áireamh na torthaí a fhaightear i rith an staidéir cobhsaíochta agus sonraíochtaí iomchuí don fhoirmliú agus don scaoileadh á sainiú chun comhréireacht an táirge leis an tseilfré a mhaítear a áirithiú.

(4) I gcás táirgí a thugtar i mbeatha, tabharfar faisnéis freisin de réir mar is gá ar sheilfré an táirge, ag na céimeanna difriúla den mheascadh, nuair a mheasctar é i gcomhréir leis na treoracha molta.

(5) I gcás inar gá táirge críochnaithe a athbhunú sula dtugtar in uisce óil é, éilítear sonraí faoin tseilfré mholta do na táirgí arna n-athbhunú mar atá molta. Déanfar sonraí a chur isteach mar thacaíocht leis an tseilfré mholta don táirge athbhunaithe.

(6) I gcás coimeádáin ildáileog, i gcás inarb ábhartha, déanfar sonraí cobhsaíochta a thíolacadh mar údar le sheilfré an táirge tar éis é a bhearnú nó a oscailt den chéad uair agus saineofar sonraíocht in-úsáide.

(7) I gcás inar dócha go n-eascróidh táirgí díghrádúcháin ó tháirge críochnaithe, dearbhóidh an t-iarratasóir na táirgí sin agus sonróidh sé na modhanna sainaitheantais agus tástála a úsáidtear.

(8) Féadfar sonraí cobhsaíochta a fhaightear ó tháirgí comhcheangailte a úsáid i gcás ina bhfuil údar leormhaith leo le haghaidh táirgí díorthacha ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna céanna.

(9) Léireofar go bhfuil an táirge críochnaithe éifeachtach. D’fhéadfadh sé gur leor faisnéis faoi éifeachtúlacht leasaitheach i dtáirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha eile atá comhchosúil ón monaróir céanna.

IIIa.2H.    Faisnéis eile

Féadfar faisnéis faoi cháilíocht an táirge íocshláinte tréidliachta bhitheolaíoch nach gcumhdaítear le Cuid IIIa.2 go Cuid IIIa2G a áireamh sa sainchomhad.

IIIa.3.    Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

(1) Áireofar i ngach tuarascáil staidéir:

(a) 

cóip den phlean staidéir (prótacal);

(b) 

ráiteas lena ndearbhófar gur cloíodh le dea-chleachtas saotharlainne i gcás inarb infheidhme;

(c) 

tuairisc ar na modhanna, ar an ngaireas agus ar na hábhair a úsáideadh;

(d) 

tuairisc agus údar leis an gcóras tástála;

(e) 

tuairisc ar na torthaí a fuarthas, ar bhealach atá mionsonraithe a dhóthain chun go bhféadfar meastóireacht chriticiúil a dhéanamh go neamhspleách ar léirmhíniú an údair;

(f) 

anailís staidrimh ar na torthaí i gcás inarb iomchuí;

(g) 

plé ar na torthaí, agus barúil maidir le leibhéil bhreathnaithe nó neamhbhreathnaithe, agus aon torthaí neamhchoitianta a fuarthas;

(h) 

ainm na saotharlainne;

(i) 

ainm stiúrthóir an staidéir;

(j) 

síniú agus dáta;

(k) 

an áit agus an tréimhse ama ina ndearnadh an staidéar;

(l) 

eochair do ghiorrúcháin agus do chóid, gan beann ar ghlacadh idirnáisiúnta a bheith nó gan a bheith leo;

(m) 

tuairisc ar nósanna imeachta matamaiticiúla agus staidrimh.

(2) Féadfar glacadh le staidéir fhoilsithe más rud é go bhfuil sonraí leordhóthanacha agus mionsonraí leordhóthanacha iontu le go bhféadfar measúnú neamhspleách a dhéanamh orthu. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe go leor ar na teicnící turgnamhacha le go bhféadfar iad a mhacasamhlú, agus deimhneoidh an t-imscrúdaitheoir a mbailíocht. Ní ghlacfar mar dhoiciméadacht bhailí achoimrí ar staidéir nach bhfuil tuarascálacha mionsonraithe le fáil ina leith. Féadfar tagairt a dhéanamh do EPMAR chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais sábháilteachta áirithe i gcás ina ndearnadh meastóireacht roimhe sin ar an tsubstaint chun MRLanna a bhunú. I gcás ina ndéantar tagairt do EPMARanna, ní gá staidéir a chur isteach a ndearnadh meastóireacht orthu cheana mar chuid den mheastóireacht ar MRL; ní sholáthrófar ach staidéir nua nach raibh ar fáil don mheasúnú ar MRL. Murab ionann an bealach neamhchosanta (an t-úsáideoir, mar shampla) agus an bealach a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún, d’fhéadfaí go mbeadh gá le staidéir eile.

IIIa.3A.    Tástálacha sábháilteachta

(1) Beidh an doiciméadacht sábháilteachta leormhaith chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

a. 

tocsaineacht fhéideartha an táirge íocshláinte tréidliachta agus aon éifeacht chontúirteach nó neamh-inmhianaithe i spriocspeicis a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi na dálaí úsáide a bheartaítear;

b. 

na rioscaí is féidir a thiocfaidh as teagmháil daoine leis an táirge íocshláinte tréidliachta, agus é á thabhairt don ainmhí, mar shampla;

c. 

na rioscaí féideartha don chomhshaol a thiocfadh as an táirge íocshláinte tréidliachta a úsáid.

(2) I gcásanna áirithe, is féidir gur gá meitibilítí na comhdhúile bunaidh a thástáil, más údar imní na hiarmhair sin.

(3) Maidir le támhán a úsáidtear den chéad uair i dtáirge íocshláinte tréidliachta nó i mbealach nua lena dtugtar an táirge, déileálfar leis ar an gcaoi chéanna le substaint ghníomhach.

(4) Tabharfar aghaidh ar gach roinn a liostaítear i gCuid IIIa.3A. Ag brath ar chineál an táirge, d’fhéadfaí nach mbeadh ranna áirithe ábhartha agus d’fhéadfaí staidéir a fhágáil ar lár ach údar a bheith ann leis sin.

IIIa.3A1.    Sainaithint bheacht an táirge agus a shubstainte gníomhaí/a shubstaintí gníomhacha:

a. 

an t-ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta (ANI);

b. 

Ainm Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC);

c. 

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS);

d. 

aicmiú teiripeach, cógaseolaíoch agus ceimiceach;

e. 

comhchiallaigh agus giorrúcháin;

f. 

an fhoirmle struchtúrach;

g. 

an fhoirmle mhóilíneach;

h. 

an mhais mhóilíneach;

i. 

méid an eisíontais;

j. 

comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil na n-eisíontas;

k. 

tuairisc ar shaintréithe fisiceacha;

l. 

tuaslagthacht in uisce agus i dtuaslagáin orgánacha agus é sin sloinnte i g/l, tásc teochta san áireamh;

m. 

athraonadh solais, rothlú optúil, etc.;

n. 

foirmliú an táirge.

IIIa.3A2.    Cógaseolaíocht

(1) Tá staidéir chógaseolaíocha buntábhachtach chun na sásraí a shoiléiriú lena dtáirgeann an táirge íocshláinte tréidliachta a éifeachtaí teiripeacha agus dá bhrí sin áireofar na staidéir chógaseolaíocha a dhéantar i spriocspeicis ainmnithe agus i gcás inarb infheidhme i speicis nach spriocspeicis iad. Féadfar cros-tagairt a dhéanamh, más infheidhme, do staidéir a chuirtear isteach i gCuid 4 den sainchomhad.

(2) Féadfaidh staidéir chógaseolaíocha cuidiú freisin le tuiscint a fháil ar fheiniméin thocsaineolaíocha. I gcás ina dtáirgfidh táirge íocshláinte tréidliachta éifeachtaí cógaseolaíocha in éagmais freagairt thocsaineach, nó ag dáileoga atá níos ísle ná na dáileoga as a dtiocfadh tocsaineacht, cuirfear na héifeachtaí cógaseolaíocha sin san áireamh le linn na meastóireachta ar shábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta.

(3) Déanfar sonraí na n-imscrúduithe cógaseolaíocha, ar imscrúduithe iad a rinneadh ar ainmhithe saotharlainne, mar aon le gach faisnéis ábhartha a bailíodh le linn na staidéar cliniciúil sa sprioc-ainmhí a sholáthar roimh an doiciméadacht sábháilteachta i gcónaí.

IIIa.3A2.1.    Cógasdinimic

Cuirfear faisnéis faoi shásra ghníomhaíochta na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha ar fáil, maille le faisnéis faoi éifeachtaí príomha agus tánaisteacha cógasdinimiciúla chun cuidiú leis an tuiscint ar aon éifeacht dhíobhálach a bhainfeadh leis na staidéir sin ar ainmhithe. Déanfar tuairisciú mionsonraithe ar airíonna cógasdinimiciúla a bhaineann leis an éifeacht theiripeach a thuairisciú i gCuid 4A den sainchomhad.

IIIa.3A2.2.    Cógaschinéitic

Soláthrófar sonraí maidir lena dtarlaíonn don tsubstaint ghníomhach agus dá meitibilítí in ainmhithe saotharlainne, lena gcumhdófar ionsú, dáileadh, meitibileacht agus eisfhearadh (ADME). Beidh na sonraí sin bainteach le torthaí maidir le dáileog/éifeacht sna staidéir chógaseolaíocha agus thocsaineolaíocha, chun teagmháil leormhaith a chinneadh.

IIIa.3A3.    Tocsaineolaíocht

(1) Leanfaidh an doiciméadacht ar thocsaineolaíocht an treoraíocht a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht maidir leis an gcur chuige ginearálta i leith na tástála agus treoraíocht maidir le staidéir áirithe. Cuimsítear leis an treoraíocht sin sonraí tocsaineolaíochta atá riachtanach chun sábháilteacht úsáideoirí a dhearbhú, agus chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí díobhálacha i spriocainmhithe agus sa chomhshaol.

(2) Déanfar na staidéir thocsaineachta leis an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha, seachas leis an táirge sainfhoirmle, mura n-éilítear a mhalairt go sonrach.

(3) Déanfar staidéir ar ainmhithe i bpórtha bunaithe ainmhithe saotharlainne dá bhfuil sonraí stairiúla ar fáil (más féidir).

IIIa.3A3.1.    Tocsaineacht aon-dáileoige

Féadfar staidéir maidir le tocsaineacht aon-dáileoige a dhéanamh chun na nithe seo a leanas a thuar:

a. 

na héifeachtaí féideartha ó ródháileog ghéar sa sprioc-speiceas,

b. 

na héifeachtaí féideartha ón táirge a thabhairt trí thaisme do dhuine;

c. 

na dáileoga a d’fhéadfadh a bheith úsáideach i staidéir ildáileog.

Léireofar i staidéir tocsaineachta aon-dáileoige na géaréifeachtaí tocsaineacha atá ag an tsubstaint chomh maith le hamscála do thús agus do mhaolú na n-éifeachtaí sin.

Roghnófar na staidéir atá le déanamh d’fhonn faisnéis a sholáthar maidir le sábháilteacht don úsáideoir, mar shampla, má mheastar go dtarlóidh neamhchosaint shubstaintiúil ann trí análú isteach nó trí theagmháil le craiceann an úsáideora leis an táirge íocshláinte tréidliachta, déanfar staidéir ar na bealaí ina dtarlóidh an neamhchosaint sin.

IIIa.3A3.2.    Tocsaineacht ildáileoige

Déantar tástálacha tocsaineachta ildáileoige chun aon athrú fiseolaíoch agus/nó paiteolaíoch a léiriú dá dtabharfaí substaint ghníomhach nó teaglaim de shubstaintí gníomhacha faoi scrúdú go hathfhillteach, agus chun a fháil amach conas a bhaineann na hathruithe sin leis an dáileog.

Is leor de ghnáth staidéar tocsaineacht ildáileoige a dhéanamh i speiceas amháin den ainmhí turgnamhach. Féadtar an staidéar sin a ionadú le staidéar arna dhéanamh ar an sprioc-ainmhí. Roghnófar an mhinicíocht agus an bealach lena dtugtar an táirge, agus fad an staidéir, le haird ar dhálaí beartaithe na húsáide cliniciúla agus/nó an neamhchosaint don úsáideoir. Tabharfaidh an t-iarratasóir a chúiseanna le fairsinge agus fad na staidéar agus na ndáileog a roghnaíodh.

IIIa.3A3.3.    Fulaingt sa spriocspeiceas

Cuirfear achoimre ar fáil d’aon chomhartha d’éadulaingt a thugtar faoi deara le linn na staidéar a dhéantar, leis an tsainfhoirmle dheiridh de ghnáth, sa spriocspeiceas i gcomhréir le ceanglais Chuid IIIa.4A4 (sábháilteacht spriocainmhithe). Sainaithneofar na staidéir lena mbaineann, na dáileoga ag ar tharla an éadulaingt, agus na speicis agus na póir lena mbaineann. Soláthrófar freisin sonraí maidir le haon athruithe fiseolaíocha gan choinne. Áireofar tuarascálacha iomlána na staidéar sin i gCuid 4 den sainchomhad.

IIIa.3A3.4.    Tocsaineacht atáirgthe lena n-áirítear tocsaineacht forbartha

(1) Staidéar ar éifeachtaí ar atáirgeadh

Maidir le táirgí a mbeartaítear iad a úsáid in ainmhithe pórúcháin, soláthrófar staidéir ar an tsábháilteacht atáirgthe i gcomhréir le VICH GL43. Níltear ag súil le staidéir thocsaineachta ar atáirgeadh in ainmhithe saotharlainne don mheastóireacht ar éifeachtaí ar an úsáideoir.

(2) Staidéar ar thocsaineacht forbartha

Maidir leis an meastóireacht ar éifeachtaí sa spriocspeiceas ainmhí, ní éilítear staidéir ar thocsaineacht forbartha i ndáil le táirgí nach mbeartaítear iad ach lena n-úsáid in ainmhithe neamhphórúcháin amháin. Maidir le táirgí eile, déanfar staidéar ar thocsaineacht forbartha in aon speiceas amháin ar a laghad, a bhféadfadh gurb é an spriocspeiceas é.

Maidir leis an meastóireacht ar shábháilteacht úsáideoirí, déanfar tástáil chaighdeánach ar thocsaineacht forbartha i gcomhréir le tástálacha caighdeánacha bunaithe ar threoraíocht sheanbhunaithe (lena n-áirítear tástálacha VICH GL32 agus ECFE) i ngach cás ina bhféadfaí a bheith ag súil le neamhchosaint mór don úsáideoir.

IIIa.3A3.5.    Géineatocsaineacht

Déanfar tástálacha chun an cumas géineatocsaineachta a mheas, ach amháin mura bhfuil údar leis, ionas go dtuigtear cad iad na hathruithe in ábhar géiniteach ceall a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an tsubstaint. Déanfar aon substaint a bhfuil sé beartaithe í a úsáid i dtáirge íocshláinte tréidliachta den chéad uair a mheasúnú le haghaidh airíonna géineatocsaineachta.

Déanfar sraith chaighdeánach tástálacha géineatocsaineachta ar an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha de ghnáth i gcomhréir le tástálacha caighdeánacha bunaithe ar threoraíocht sheanbhunaithe (lena n-áirítear tástálacha VICH GL23 agus ECFE).

IIIa.3A3.6.    Carcanaigineacht

Sa chinneadh a ghlacfar cibé an bhfuil gá le tástáil ar charcanaigineacht nó nach bhfuil, cuirfear san áireamh torthaí na dtástálacha géineatocsaineachta, na caidrimh idir struchtúr agus gníomhaíocht agus na torthaí ó thástálacha ar thocsaineacht ildáileog a d’fhéadfadh an fhéidearthacht d’athruithe hipearphlasmacha/neoplasmacha a léiriú.

Breithneofar aon sainiúlacht a bhaineann le speiceas aitheanta ó thaobh shásra na tocsaineachta de, chomh maith le haon difríochtaí sa mheitibileacht idir na speicis sa tástáil, an spriocspeiceas ainmhí, agus daoine.

Déanfar tástáil charcanaigineachta i gcomhréir le tástálacha caighdeánacha bunaithe ar threoraíocht sheanbhunaithe (lena n-áirítear tástálacha VICH GL28 agus ECFE).

IIIa.3A3.7.    Eisceachtaí

I gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid thrópaiceach a bhaint as táirge íocshláinte tréidliachta, déanfar imscrúdú freisin ar ionsú córasach sa spriocspeiceas ainmhí. Más rud é go gcruthaítear go bhfuil an t-ionsú córasach diomaibhseach, féadfar na tástálacha ar thocsaineacht ildáileog, na tástálacha ar thocsaineacht forbartha agus na tástálacha ar carcanaigineacht a fhágáil ar lár, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

a) 

más rud é, faoi na dálaí beartaithe úsáide, go mbeifí ag súil leis go dtabharfaí an táirge íocshláinte tréidliachta don ainmhí tríd an mbéal, nó

b) 

más rud é, faoi na dálaí beartaithe úsáide, go mbeifí ag súil leis go mbeadh úsáideoir an táirge íocshláinte tréidliachta neamhchosanta tríd an mbéal.

IIIa.3A4.    Ceanglais eile

IIIa.3A4.1.    Staidéir speisialta

I gcás grúpaí áirithe substaintí nó más rud é go n-áirítear i measc na n-éifeachtaí a thugtar faoi deara le linn na staidéar ildáileog in ainmhithe athruithe táscacha, mar shampla, ar imdhíonghineacht, tocsaineacht imdhíonachta, néarthocsaineacht, nó neamhord an chórais inchrínigh, beidh gá le tástáil bhreise, mar shampla staidéir íograithe nó tástálacha ar néarthocsaineacht mhoillithe. Ag brath ar chineál an táirge, féadfaidh go mbeidh gá staidéir bhreise a dhéanamh chun an sásra bunaidh a mheas lena dtarlaíonn an éifeacht thoscaineach nó an acmhainneacht ghreannaithe.

Maidir le táirgí a bhféadfadh neamhchosaint don chraiceann agus do na súile a bheith i gceist leis, soláthrófar staidéir ar ghreannú agus ar íogrú. Déanfar na staidéir sin leis an bhfoirmliú deiridh den táirge de ghnáth.

Cuirfear staid an eolais eolaíoch agus treoraíocht sheanbhunaithe san áireamh nuair a bheidh na staidéir sin á ndearadh agus nuair a bheidh a dtorthaí á meas.

IIIa.3A4.2.    Breathnóireachtaí i ndaoine

Soláthrófar faisnéis a léireoidh cibé an mbaintear úsáid as substaintí atá gníomhach go cógaseolaíoch sa táirge íocshláinte tréidliachta i dtáirgí íocshláinte a úsáidtear i dteiripe le haghaidh daoine; sa chás sin, tiomsófar faisnéis ó staidéir fhoilsithe maidir leis na héifeachtaí go léir a breathnaíodh (lena n-áirítear frithghníomhuithe díobhálacha) i ndaoine agus an chúis leosan, a mhéid a bheidís tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta, i gcás nach n-úsáidtear comhábhair na dtáirgí íocshláinte tréidliachta féin nó nach n-úsáidtear a thuilleadh iad mar tháirgí íocshláinte i dteiripe le haghaidh daoine ar chúiseanna sábháilteachta, sonrófar iad má bhíonn siad ar fáil go poiblí.

IIIa.3A4.3.    Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar i ndaoine

Baineann na ceanglais maidir le sonraí a luaitear sa phointe seo le substaintí frithbhaictéaracha agus d’fhéadfaí nach mbeidís infheidhme maidir le cineálacha eile oibreáin fhrithmhiocróbaigh (eadhon drugaí frithvíreasacha, drugaí frithfhungasacha agus drugaí frithphrótasólacha); i gcás substaintí nach drugaí frithbhaictéaracha iad dá bhfuil frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach seanbhunaithe, féadfar na ceanglais chéanna a leanúint, i gcás inarb infheidhme.

Is gá sonraí a sholáthar maidir le teacht chun cinn féideartha baictéar frithsheasmhach nó deitéarmanant frithsheasmhachta atá ábhartha do shláinte an duine agus a bhaineann le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta. Tá tábhacht ar leith ag baint le sásra fhorbairt agus roghnú na frithsheasmhachta sin i ndáil leis sin. Más gá, molfar bearta chun forbairt na frithsheasmhachta sin a theorannú a tharlódh mar gheall ar úsáid bheartaithe an táirge íocshláinte tréidliachta.

Tabharfar aghaidh ar shonraí frithsheasmhachta le haghaidh úsáid chliniciúil an táirge i spriocainmhithe i gcomhréir le Cuid IIIa.4A2. I gcás inarb ábhartha, déanfar crostagairt do na sonraí a leagtar amach i gCuid IIIa.4A2.

(1) Maidir le bia-ainmhithe, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas sa mheasúnú riosca:

(a) 

sainaithint baictéar frithsheasmhach nó deitéarmanant frithsheasmhachta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tinneas de chuid an duine (baictéir zónóiseacha agus/nó chomhthíosacha) agus a roghnaítear iad tríd an táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach a úsáid i spriocainmhithe (sainaithint guaiseacha);

(b) 

an dóchúlacht go scaoilfear an ghuais/na guaiseacha a shainaithnítear ón spriocspeiceas ainmhí mar thoradh ar úsáid an táirge íocshláinte tréidliachta atá á bhreithniú;

(c) 

dóchúlacht a bhaineann le neamhchosaint dhaonnúil ina dhiaidh sin don ghuais/do na guaiseacha a shainaithnítear tríd an mbealach bia nó trí theagmháil dhíreach, agus na hiarmhairtí (éifeachtaí díobhálacha sláinte) ar shláinte an duine ag eascairt as. Tá treoraíocht ar fáil in VICH GL27 agus i dTreoirlínte an Aontais Eorpaigh.

(2) Maidir le hainmhithe coimhdeachta, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas sa bhreithniú ar an riosca do shláinte an duine nó don tsláinte phoiblí:

a) 

sainaithint baictéar frithsheasmhach nó deitéarmanant frithsheasmhachta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tinneas de chuid an duine agus a roghnaítear iad tríd an táirge íocshláinte tréidliachta frithmhiocróbach a úsáid i spriocainmhithe;

b) 

meastachán ar neamhchosaint do bhaictéar zónóiseach agus comhthíosach sa spriocspeiceas ainmhí bunaithe ar dhálaí úsáide an táirge íocshláinte tréidliachta atá á mbreithniú;

c) 

breithniú ar neamhchosaint dhaonnúil do fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (AMR), agus ar na hiarmhairtí ar shláinte an duine ag eascairt as.

(3) Tabharfar aghaidh ar an bhfrithsheasmhacht sa chomhshaol.

IIIa.3A5.    Sábháilteacht úsáideoirí

Áireofar sa roinn ar shábháilteacht úsáideoirí measúnú ar na héifeachtaí a shonraítear i gCuid IIIa.3A go Cuid IIIa.3A4 agus déanfar é a chur i gcomparáid le cineál agus fairsinge na neamhchosanta daonna don táirge d’fhonn foláirimh iomchuí don úsáideoir a cheapadh mar aon le haon bheart bainistithe riosca eile.

Tabharfar aghaidh ar shábháilteacht úsáideoirí i gcomhréir le treoirlínte ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta.

IIIa.3A6.    Measúnú riosca don chomhshaol

IIIa.3A6.1.    Measúnú riosca don chomhshaol maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe iontu nó nach bhfuil comhdhéanta díobh

(1) Déanfar measúnú riosca don chomhshaol chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh a bheith ag táirge íocshláinte tréidliachta ar an gcomhshaol agus chun an riosca go mbeidh na héifeachtaí sin ann a shainaithint. Chomh maith leis sin, sainaithneofar leis an measúnú aon bhearta réamhchúraim a fhéadfaidh a bheith riachtanach chun an riosca sin a laghdú.

(2) Dhá chéim a bheidh sa mheasúnú seo. Déanfar an chéad chéim den mheasúnú i gcónaí. Cuirfear mionsonraí an mheasúnaithe ar fáil i gcomhréir leis an treoraíocht arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Léireoidh an measúnú a mhéid a d’fhéadfadh an táirge dul i dteagmháil leis an gcomhshaol agus an leibhéal riosca a bhaineann leis an teagmháil sin agus cuirfear na nithe áirithe seo san áireamh ann:

a) 

an spriocspeiceas ainmhí, agus an patrún úsáide atá beartaithe;

b) 

an modh a dtugtar d’ainmhithe é, go háirithe a mhéid is dócha a rachaidh an táirge go díreach isteach sa chomhshaol;

c) 

a mhéid is féidir a eisfhearfaidh ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu an táirge, substaintí gníomhacha an táirge nó meitibilítí ábhartha isteach sa chomhshaol; a fhad a mhairfidh siad san eisfhearadh sin, a fhad a mhairfidh siad san eisfhearadh sin;

d) 

diúscairt táirgí íocshláinte tréidliachta nó táirgí dramhaíola eile nár úsáideadh.

(3) Le linn an dara céim, déanfar imscrúdú breise ar a bhfuil i ndán don táirge agus ar na héifeachtaí a bheidh aige ar éiceachórais shonracha, i gcomhréir le treoraíocht arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Cuirfear san áireamh a mhéid a bheidh an táirge i dteagmháil leis an gcomhshaol agus an fhaisnéis atá ar fáil faoi airíonna fisiciúla/ceimiceacha, cógaseolaíocha agus/nó tocsaineolaíocha na substainte/substaintí lena mbaineann lena n-áirítear meitibilítí i gcás riosca sainaitheanta, a fuarthas le linn tástálacha agus trialacha a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Maidir le táirgí a bheartaítear do bhia-ainmhithe, déanfar substaintí imchoimeádacha inbhithbhailithe tocsaineacha (PBT) nó substaintí an-imchoimeádach agus an-inbhithbhailithe (vPvB) a aicmiú i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán REACH agus a mheasúnú de réir na treoraíochta le haghaidh mheasúnú PBT agus vPvB ar shubstaintí i dtáirgí íocshláinte tréidliachta arna foilsiú ag an nGníomhaireacht

IIIa.3A6.2.    Measúnú riosca don chomhshaol maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh

(1) I gcás táirge íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh beidh doiciméid ag gabháil leis an iarratas freisin, ar doiciméid iad a cheanglaítear a sholáthar faoi Airteagal 2 agus Cuid C de Threoir 2001/18/CE.

(2) Déanfar measúnú cruinn ar éifeachtaí díobhálacha féideartha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar aistriú géine ó OGManna chuig orgánaigh eile nó mar thoradh ar mhodhnuithe géiniteacha, ar bhonn cás ar chás. Is é cuspóir an mheasúnaithe riosca sin don chomhshaol éifeachtaí díobhálacha féideartha díreacha agus indíreacha, láithreacha nó moillithe, OGM ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol (lena n-áirítear plandaí agus ainmhithe) a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus déanfar é i gcomhréir le prionsabail Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

IIIa.3B.    Tástálacha ar iarmhair

(1) Chun críocha an phointe seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009.

(2) Is é is cuspóir le staidéar a dhéanamh ar ídiú iarmhar ó fhíocháin inite nó ó uibheacha, bainne agus mil (céir más iomchuí) a dhíorthaíonn ó ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu chun a chinneadh cad iad na dálaí agus cá mhéad a bhféadfadh na hiarmhair sin a bheith fós ar fáil i mbia-ábhair a táirgeadh ó na hainmhithe sin. De bhreis air sin, beifear in ann an tréimhse aistarraingthe a mheas ó na staidéir.

(3) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i mbia-ainmhithe, léireofar na nithe seo a leanas sa doiciméadacht maidir le hiarmhair:

a) 

a mhéid agus a fhad a mhaireann iarmhair an táirge íocshláinte tréidliachta nó a chuid meitibilítí i bhfíocháin inite an ainmhí a gcuirtear cóireáil air nó i mbainne, uibheacha agus/nó mil (céir más iomchuí) a fuarthas uaidh;

b) 

chun aon bhaol do shláinte an tomhaltóra a chosc a d’eascródh as bia-ábhair ó ainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu, is féidir tréimhsí aistarraingthe réadúla a leagan síos ar féidir iad a bhreathnú faoi dhálaí praiticiúla feirmeoireachta;

c) 

go ndéantar go leor bailíochtaithe ar na modhanna anailíseacha a úsáideadh sa staidéar ar ídiú na n-iarmhar chun an t-athdhearbhú riachtanach a thabhairt go bhfuil na sonraí iarmhar a cuireadh isteach oiriúnach mar údar do thréimhse aistarraingthe.

IIIa.3B1.    Sainaithint an táirge

Soláthrófar sainaithint an táirge/na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a úsáideadh sa tástáil, lena n-áirítear:

a) 

comhdhéanamh;

b) 

torthaí na dtástálacha fisiceacha agus ceimiceacha (neartúlacht agus íonacht) ar bhaisc(eanna) ábhartha;

c) 

sainaithint baisce.

IIIa.3B2.    Ídiú iarmhar

(1) Is é is cuspóir do na staidéir seo, ina ndéantar an ráta ag a n-ídíonn iarmhair sa sprioc-ainmhí tar éis na dáileoige deireanaí den táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt, ná tréimhsí aistarraingthe a chinneadh a bhfuil gá leo chun a áirithiú nach mbeidh aon iarmhar a d’fhéadfadh a bheith ina ghuais do thomhaltóirí le fáil i mbia-ábhair a fhaightear ó ainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu.

(2) Tuairisceofar stádas reatha na n-uasteorainneacha iarmhar maidir le comhpháirteanna an táirge íocshláinte tréidliachta sa spriocspeiceas ábhartha.

(3) Déanfar leibhéil na n-iarmhar ann a chinneadh ag líon leordhóthanach pointí ama tar éis an dáileog dheireanach den táirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt do na hainmhithe sa tástáil. Déanfar na staidéir i mamaigh agus in éin de réir VICH GL48 agus treoirlínte ábhartha eile. Déanfar na staidéir ar iarmhair i mil de réir VICH GL56 agus staidéir ar ídiú i speicis uisceacha de réir VICH GL57.

(4) Bunaithe ar an meastóireacht, tabharfar aghaidh ar an réasúnaíocht le haghaidh na tréimhse aistarraingthe a bheartaítear.

IIIa.3B3.    Modh anailíseach le haghaidh iarmhar

(1) Déanfar an staidéar ar ídiú iarmhar (staidéir), an modh/na modhanna anailíseacha agus a bhailíochtú nó a mbailíochtú i gcomhréir le VICH GL49.

(2) Déanfar meastóireacht ar a oiriúnaí atá an modh anailíseach a bheartaítear i ndáil le staid an eolais eolaíoch agus theicniúil tráth a chuirtear isteach an t-iarratas.

IIIa.4.    Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

IIIa.4A.    Staidéir réamhchliniciúla

Is é is aidhm le staidéir réamhchliniciúla imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht an táirge sa sprioc-ainmhí, agus bíonn gá leo chun gníomhaíocht chógaseolaíochta, airíonna cógaschinéiteacha, dáileog agus eatramh idir dáileoga, agus frithsheasmhacht (más infheidhme) an táirge, agus fulaingt an sprioc-ainmhí ina leith, a chinneadh.

IIIa.4A1.    Cógaseolaíocht

IIIa.4A1.1.    Cógasdinimic

(1) Déanfar éifeachtaí cógasdinimiceacha na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha sa táirge íocshláinte tréidliachta a shaintréithriú.

(2) Tabharfar tuairisc leormhaith ar an modh gníomhaíochta agus ar na héifeachtaí cógaseolaíocha ar a bhfuil an t-iarratas molta bunaithe, i gcleachtas, lena n-áirítear éifeachtaí tánaisteacha (más ann dóibh). De ghnáth, déanfar imscrúdú ar na héifeachtaí a bheadh aige ar phríomhfheidhmeanna an choirp. Déanfar na torthaí a chur i láthair i dtéarmaí cainníochtúla (le cuar dáileog-éifeachta, cuar am-éifeachta, etc.) agus i ngach cás inar féidir é, comparáid le substaint a bhfuil a gníomhaíocht ar eolas. I gcás ina mbeidh gníomhaíocht níos airde á maíomh maidir le substaint ghníomhach, déanfar a léiriú agus a thaispeáint go bhfuil suntas staidrimh leis an difríocht.

(3) Déanfar imscrúdú ar éifeacht aon saintréithe eile de chuid na dtáirgí (amhail an bealach lena dtugtar iad nó foirmliú) ar ghníomhaíocht chógaseolaíoch na substainte gníomhaí.

(4) Tabharfar tuairisc mhionsonraithe go leor ar na teicnící turgnamhacha, ach amháin i gcás inar nósanna imeachta caighdeánacha iad, chun go bhféadfaí iad a mhacasamhlú agus chun go bhféadfaí a mbailíocht a dheimhniú. Déanfar na torthaí turgnamhacha a leagan amach go soiléir agus cuirfear i láthair toradh aon chomparáide staidrimh.

(5) Mura dtugtar cúiseanna leormhaithe lena mhalairt, déanfar imscrúdú freisin ar aon athrú cainníochtúil ar na freagraí a d’eascair ó ildáileoga a thabhairt den tsubstaint.

IIIa.4A1.2.    Cógaschinéitic

(1) Is gá bunsonraí cógaschinéiteacha ar an tsubstaint ghníomhach i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar shábháilteacht an sprioc-ainmhí agus ar éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta sa spriocspeiceas, go háirithe má bhaineann sé sin le substaint nó foirmliú nua.

(2) Is féidir cuspóirí na staidéar cógaschinéiteach sa spriocspeiceas ainmhí a roinnt ina gceithre phríomhréimse:

a) 

tuairisc a thabhairt ar na bun-saintréithe cógaschinéiteacha (eadhon ionsú, dáileadh, meitibileacht agus eisfhearadh) na substainte gníomhaí san fhoirmliú;

b) 

imscrúdú a dhéanamh ar an ngaol idir an réim dáileog, tiúchan plasma agus fíochán le himeacht ama agus éifeachtaí cógaseolaíocha, teiripeacha nó tocsaineacha;

c) 

i gcás inarb iomchuí, comparáid a dhéanamh idir paraiméadair chógaschinéiteacha na spriocspeiceas difriúil agus iniúchadh a dhéanamh ar dhifríochtaí féideartha idir speicis a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht an sprioc-ainmhí agus ar éifeachtúlacht an táirge íocshláinte tréidliachta;

d) 

i gcás inarb iomchuí, comparáid a dhéanamh ar an mbith-infhaighteacht chun tacú le nascadh faisnéise sábháilteachta agus éifeachtúlachta idir táirgí, foirmeacha cógaisíochta, láidreachtaí nó bealaí tabhartha difriúla, nó chun comparáid a dhéanamh ar thionchar athruithe sa mhonaraíocht nó sa chomhdhéanamh, lena n-áirítear foirmlithe píolótacha agus deiridh.

(3) Sa spriocspeiceas ainmhí, bíonn na staidéir chógaschinéiteacha riachtanach, de ghnáth, chun forlíonadh a dhéanamh ar staidéir chógasdinimiceacha chun tacú le bunú réimeanna dáileog sábháilte agus éifeachtacha (bealach agus suíomh tabhartha, an dáileog, an t-eatramh dáileoige, an líon dáileog, etc.). D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le staidéir chógaschinéiteacha bhreise chun córais dáileoige a bhunú i gcomhréir le hathróga áirithe daonra.

(4) I gcás inar cuireadh staidéir chógaschinéiteacha isteach faoi Chuid 3 den sainchomhad, féadfar crostagairt a dhéanamh do na staidéir sin.

(5) Féach Roinn IV le haghaidh comhtháirgí seasta.

IIIa.4A2.    Forbairt frithsheasmhachta agus riosca gaolmhar in ainmhithe

(1) Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha ábhartha (mar shampla, substaintí lena mbaineann gníomhaíocht fhrithmhiocróbach agus fhrithsheadánach), soláthrófar faisnéis ar an bhfrithsheasmhacht atá ann faoi láthair (más infheidhme) agus ar theacht chun cinn frithsheasmhachta a bhfuil ábharthacht chliniciúil ag baint léi don tásc a mhaítear sa spriocspeiceas ainmhí. I gcás inar féidir, cuirfear i láthair faisnéis ar an sásra/na sásraí frithsheasmhachta, bunús géiniteach móilíneach na frithsheasmhachta, agus ráta aistrithe na ndeitéarmanant frithsheasmhachta. I gcás inarb iomchuí, cuirfear i láthair faisnéis ar an gcomh-fhrithsheasmhacht agus ar an tras-fhrithsheasmhacht. Molfaidh an t-iarratasóir bearta chun forbairt na frithsheasmhachta a theorannú in orgánaigh a bhfuil ábharthacht chliniciúil ag baint leo d’úsáid bheartaithe an táirge íocshláinte tréidliachta.

(2) Tabharfar aghaidh ar an bhfrithsheasmhacht atá ábhartha do rioscaí do dhaoine i gCuid 3 den sainchomhad. I gcás inarb ábhartha, déanfar crostagairt do na sonraí a leagtar amach i gCuid 3 den sainchomhad.

IIIa.4A3.    Cinneadh agus deimhniú dáileog

(1) Soláthrófar sonraí iomchuí chun údar a thabhairt leis an dáileog, eatramh dáileog, fad na cóireála agus aon eatramh athchóireála a bheartaítear.

(2) Maidir le staidéir a dhéantar de réir fíordhálaí úsáide, soláthrófar an fhaisnéis ábhartha mar a leagtar amach i staidéir chliniciúla.

IIIa.4A4.    Fulaingt sa spriocspeiceas ainmhí

(1) Déanfar imscrúdú ar fhulaingt áitiúil agus chórasach an táirge íocshláinte tréidliachta sa spriocspeiceas ainmhí. Is é is cuspóir do staidéir ar shábháilteacht na spriocainmhithe tréithriú a dhéanamh ar éadulaingt agus corrlach leordhóthanach sábháilteachta a dhéanamh amach trí úsáid a bhaint as an mbealach/na bealaí tabhartha a mholtar. Féadfar é sin a bhaint amach tríd an dáileog agus/nó fad na cóireála a mhéadú.

(2) Beidh mionsonraí maidir leis na héifeachtaí cógaseolaíochta uile a bhfuiltear ag súil leo, mar aon leis na frithghníomhartha díobhálacha uile, sa tuarascáil/sna tuarascálacha maidir leis an staidéar. Déanfar staidéir ar shábháilteacht spriocainmhithe i gcomhréir le VICH agus le treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Féadfar faisnéis ar shábháilteacht sa spriocspeiceas, mar aon le faisnéis ábhartha ón litríocht fhoilsithe, a sholáthar freisin i staidéir réamhchliniciúla agus chliniciúla eile.

IIIa.4B.    Trialacha cliniciúla

IIIa.4B1.    Prionsabail ghinearálta

(1) Tabharfar aird ar VICH agus ar threoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht agus trialacha cliniciúla á ndearadh, á ndéanamh agus á dtuairisciú. Ní fhéadfar sonraí ó thrialacha cliniciúla a dhéantar lasmuigh den Aontas a chur san áireamh don mheasúnú ar iarratas ar údarú margaíochta ach amháin má bhíonn na sonraí ionadaíoch a ndóthain don staid san Aontas.

(2) Déanfar sonraí turgnamhacha amhail trialacha taiscéalaíocha/píolótacha, nó torthaí ó chuir chuige neamhthurgnamhacha, a dheimhniú le sonraí a fhaightear faoi fhíordhálaí úsáide„ ach amháin mura bhfuil údar leis.

(3) Is é is aidhm le trialacha cliniciúla scrúdú a dhéanamh, faoi fhíordhálaí úsáide, ar shábháilteacht an sprioc-ainmhí agus éifeachtúlacht táirge íocshláinte tréidliachta faoi ghnáthdhálaí feirmeoireachta ainmhithe agus/nó mar chuid de dhea-chleachtas tréidliachta. Léireofar leo éifeacht an táirge íocshláinte tréidliachta tar éis é a thabhairt don spriocspeiceas a bheartaítear de réir na réime dáileoga agus an bealach/na bealaí riartha a bheartaítear. Beidh mar aidhm ag dearadh na trialach tacú leis na tásca agus aon fhritásc de réir speicis, aoise, póir agus gnéis, treoracha maidir le húsáid an táirge íocshláinte tréidliachta chomh maith le haon fhrithghníomh díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis a chur san áireamh.

(4) Déanfar na trialacha cliniciúla uile i gcomhréir le prótacal trialach mionsonraithe. Beidh na focail “le húsáid i dtriail chliniciúil tréidliachta amháin” le feiceáil go soiléir agus doscriosta ar an lipéadú i gcás ullmhóidí atá beartaithe lena n-úsáid i dtrialacha cliniciúla tréidliachta san Aontas.

(5) Ach amháin mura bhfuil údar leis, déanfar trialacha cliniciúla le hainmhithe cóimheasa (trialacha cliniciúla rialaithe). Cuirfear na torthaí éifeachtúlachta a gheofar leis an táirge nua i gcomparáid leis na torthaí a fuarthas ó ainmhithe den spriocspeiceas a fuair táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san Aontas lenar léiríodh leibhéal inghlactha éifeachtúlachta agus ar ceadaíodh é le haghaidh an táisc/na dtásc a bheartaítear sa spriocspeiceas ainmhíoch céanna, nó a fuair placebo, nó nár cuireadh aon chóireáil orthu. Tuairisceofar na torthaí uile a fuarthas, bíodh siad dearfach nó diúltach.

(6) Úsáidfear prionsabail staidrimh sheanbhunaithe i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht agus dearadh prótacail, anailísiú agus measúnú ar thrialacha cliniciúla á ndéanamh, ach amháin mura bhfuil údar leis.

IIIa.4B2.    Doiciméadacht

Áireofar leis an sainchomhad faoi éifeachtúlacht an doiciméadacht réamhchliniciúil agus chliniciúil go léir, bíodh sí fabhrach nó neamhfhabhrach i leith na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, chun measúnú foriomlán oibiachtúil a dhéanamh ar chothromaíocht tairbhe/riosca an táirge.

IIIa.4B2.1.    Torthaí na staidéar réamhchliniciúil

Nuair is féidir, tabharfar sonraí faoi na torthaí a bheidh ar na nithe seo a leanas:

a) 

na trialacha lena léirítear gníomhaíocht chógaseolaíoch;

b) 

na trialacha lena léirítear na sásraí cógasdinimiciúla is bun leis an éifeacht theiripeach;

c) 

na trialacha lena léirítear an phríomhphróifíl chógaschinéiteach;

d) 

na trialacha lena léirítear sábháilteacht na spriocainmhithe;

e) 

tástálacha chun an dáileog a chinneadh agus a dheimhniú (lena n-áirítear an t-eatramh dáileog, fad na cóireála agus aon eatramh athchóireála);

f) 

tástálacha agus imscrúduithe ar an bhfrithsheasmhacht, más infheidhme.

I gcás ina mbíonn torthaí ann le linn na dtástálacha nach raibh súil leo, tabharfar tuairisc mhionsonraithe a dóthain ar na torthaí sin. De bhreis air sin, soláthrófar na sonraí seo a leanas i ngach tuarascáil ar staidéar réamhchliniciúil.

a) 

achoimre;

b) 

prótacal staidéir;

c) 

tuairisc mhionsonraithe ar na cuspóirí, ar an dearadh agus ar an reáchtáil lena gcuimsítear na modhanna, an gaireas agus na hábhair a úsáidtear, sonraí amhail speiceas, aois, meáchan, gnéas, líon, pór nó tréithchineál ainmhithe, aitheantas ainmhithe, dáileog, bealach agus sceideal tabhartha;

d) 

anailís staidrimh ar na torthaí;

e) 

plé oibiachtúil ar na torthaí a fhaightear, as a n-eascraíonn conclúidí maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta don sprioc-ainmhí.

Má fhágtar aon cheann de na sonraí sin ar lár, tabharfar údar leis sin.

IIIa.4B2.2.    Torthaí na dtrialacha cliniciúla

Soláthróidh gach imscrúdaitheoir na sonraí ar fad ar leatháin taifid ar leithligh i gcás cóireála aonair, agus ar leathán taifid chomhchoiteann i gcás cóireála comhchoitinne.

Déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta na socruithe uile is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na doiciméid bhunaidh, a bhí mar bhonn leis na sonraí arna soláthar, ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis nach bhfuil an táirge íocshláinte tréidliachta údaraithe a thuilleadh.

I ndáil le gach triail chliniciúil, déanfar achoimre ar na barúlacha cliniciúla in achoimre ar na trialacha agus ar a thorthaí, ag cur in iúl go háirithe:

(a) 

líon na n-ainmhithe faoi rialú agus faoi thástáil a cóireáladh ar leithligh nó go comhchoiteann, agus miondealú ann de réir an speicis, an phóir nó an chineáil, na haoise agus an ghnéis;

(b) 

líon na n-ainmhithe arna n-aistarraingt róluath as na trialacha agus na cúiseanna leis an aistarraingt sin;

(c) 

i gcás ainmhithe rialaithe, cé acu:

(i) 

nach bhfuair siad aon chóireáil;

(ii) 

fuair siad placebo;

(iii) 

fuair siad táirge íocshláinte tréidliachta eile atá údaraithe san Aontas lenar léiríodh leibhéal inghlactha éifeachtúlachta agus ar ceadaíodh é le haghaidh an táisc/na dtásc a bheartaítear sa spriocspeiceas ainmhí céanna; nó

(iv) 

fuair siad an tsubstaint ghníomhach chéanna faoi imscrúdú i bhfoirmliú difriúil nó ar bhealach eile;

(d) 

minicíocht na bhfrithghníomhartha díobhálacha breathnaithe;

(e) 

barúlacha maidir leis an éifeacht ar fheidhmíocht ainmhithe, más iomchuí;

(f) 

sonraí a bhaineann le hainmhithe tástála a fhéadfar a bheith i mbaol níos mó de bharr a n-aoise, a modha tógála nó beathaithe, nó chun na críche a raibh siad beartaithe ina leith, nó a bhaineann le hainmhithe ar gá aird speisialta a thabhairt orthu mar gheall ar a staid fhiseolaíoch nó phaiteolaíoch;

(g) 

meastóireacht staidrimh ar na torthaí.

Leagfaidh an príomh-imscrúdaitheoir amach conclúidí ginearálta maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta don sprioc-ainmhí faoi na dálaí úsáide a bheartaítear, agus go háirithe aon fhaisnéis a bhaineann le tásca agus fritásca, dáileog agus meánfhad na cóireála agus, i gcás inarb iomchuí, aon idirghníomhaíocht a tugadh faoi deara le táirgí íocshláinte tréidliachta eile nó breiseáin bheatha chomh maith le haon réamhchúraimí speisialta atá le glacadh le linn cóireála agus i ndáil le comharthaí cliniciúla na ródháileoige, nuair a fheictear é sin.

ROINN IIIb

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA IMDHÍONEOLAÍOCHA

Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(5), seachas i gcás ina leagtar amach a mhalairt i Roinn IV.

IIIb.1.    Cuid 1: Achoimre ar an sainchomhad

Féach Roinn I.

IIIb.2.    Cuid 2: Faisnéis cháilíochta (faisnéis fhisiceimiceach, bhitheolaíoch agus mhicribhitheolaíoch)

IIIb.2.A.    Tuairisc ar an táirge

IIIb.2A1.    Comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil

(1) Ciallaíonn comhdhéanamh cáilíochtúil chomhábhair uile an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch an t-ainm nó an tuairisc a thugtar orthu seo a leanas:

(a) 

an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha;

(b) 

comhábhair na n-aidiúvach;

(c) 

comhábhar/comhábhair na dtámhán eile, cibé cineál iad nó cibé cainníocht a úsáidtear, lena n-áirítear leasaithigh, cobhsaitheoirí, ábhar dathúcháin, blaistithe agus substaintí aramatacha, marcóirí, etc.

(d) 

tuaslagóirí athbhunaithe coimhdeachta.

(2) Forlíonfar na sonraí sin i bpointe (1) le haon sonraí ábhartha a bhaineann leis an neasphacáistíocht agus, i gcás inarb ábhartha, leis an bpacáistíocht sheachtrach agus, i gcás inarb iomchuí, an bealach a ndúntar an phacáistíocht sin, chomh maith le sonraí na ngléasanna lena a n-úsáidfear an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch nó lena dtabharfar an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch agus a sheachadfar leis an táirge íocshláinte. Mura seachadtar an fheiste in éineacht le táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch, cuirfear faisnéis ábhartha faoin bhfeiste ar fáil, nuair is gá sin chun measúnú a dhéanamh ar an táirge.

(3) Ciallaíonn an ghnáth-théarmaíocht atá le húsáid chun tuairisc a thabhairt ar chomhábhair na dtáirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, d’ainneoin chur i bhfeidhm na bhforálacha eile d’Airteagal 8:

(a) 

i dtaca leis na comhábhair a shonraítear in Pharmacopoeia Eorpach nó, ina éagmais sin, in pharmacopoeia ceann de na Ballstáit, príomhtheideal an mhonagraif i gceist, a bheidh éigeantach i gcomhair gach substainte den sórt sin,, agus tagairt á déanamh do pharmacopoeia lena mbaineann;

(b) 

i dtaca le comhábhair eile, an tAinm Neamhdhílseánaigh Idirnáisiúnta (ANI) arna mholadh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, a bhféadfadh ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta eile a bheith ag gabháil leis, nó, ina n-éagmais sin, an t-ainm eolaíoch beacht; tabharfar tuairisc ar chomhábhair nach bhfuil ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta ná an t-ainm eolaíoch beacht orthu le ráiteas faoi conas a dhéanfar iad a ullmhú agus cad as a ndéanfar iad, agus é sin forlíonta, agus i gcás inarb iomchuí, le haon sonraí ábhartha eile;

(c) 

i ndáil le hábhar dathúcháin, ainmneofar iad leis an gcód “E” a shanntar dóibh le Treoir 2009/35/CE.

(4) D’fhonn comhdhéanamh cainníochtúil substaintí gníomhacha táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch a thabhairt, is gá a shonrú, aon uair is féidir, líon na n-orgánach, an cion sonrach próitéine, an mhais, líon na nAonad Idirnáisiúnta (IU) nó aonad gníomhaíochta bitheolaíche, in aghaidh aonad dáileoige nó toirte, agus maidir leis an aidiúvach agus le comhábhair na dtámhán, mais nó toirt gach aon cheann acu, agus tabharfar aird chuí ar na sonraí a sholáthraítear i gCuid IIb.2B.

(5) I gcás ina mbeidh an t-aonad idirnáisiúnta de ghníomhaíocht bhitheolaíoch sainmhínithe, bainfear feidhm as an aonad sin.

(6) Déanfar aonaid gníomhaíochta bitheolaíche nach bhfuil aon sonraí foilsithe ina leith a chur in iúl ar shlí ina bhféadfaí faisnéis shoiléir maidir le gníomhaíocht na gcomhábhar a sholáthar, mar shampla tríd an méid arna dhearbhú le toirtmheascadh nó le tástáil neartúlachta ar an táirge deiridh a shonrú.

(7) Sonrófar an comhdhéanamh i dtéarmaí cainníochtaí íosta agus, más iomchuí, in éineacht le cainníochtaí uasta.

IIIb.2A2.    Forbairt an táirge

(1) Soláthrófar míniú maidir leo seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh sin amháin:

(a) 

rogha an chomhdhéanaimh agus rogha na gcomhábhar, go háirithe faoi mar a bhaineann lena bhfeidhmeanna beartaithe agus a dtiúchan faoi seach;

(b) 

tabharfar údar le cuimsiú leasaithigh sa chomhdhéanamh;

(c) 

an neasphacáistíocht agus oiriúnacht an choimeádáin agus an chórais dúnta a úsáidtear do stóráil agus d’úsáid an táirge chríochnaithe. Déanfar staidéar ar an idirghníomhaíocht idir an táirge críochnaithe agus an phríomh-phacáistíocht a thíolacadh i ngach cás ina mbeadh an baol ann go dtarlódh an idirghníomhaíocht sin, go háirithe i gcás ullmhóidí in-insteallta;

(d) 

an phacáistíocht bhreise fhéideartha, an phacáistíocht sheachtrach, más ábhartha;

(e) 

méid na bpaicéad a bheartaítear i ndáil leis an mbealach tabhartha a bheartaítear, leis an bposeolaíocht agus leis an spriocspeiceas;

(f) 

aon bharrachas san fhoirmliú chun neartúlacht/cion antaigine íosta a ráthú ag deireadh na seilfré, mar aon le húdar leis;

(g) 

rogha mhodh monaraíochta na substainte gníomhaí agus an táirge chríochnaithe;

(h) 

pléifear na difríochtaí idir an modh monaraíochta nó na modhanna monaraíochta a úsáidtear chun baisceanna a úsáidtear i dtrialacha cliniciúla a tháirgeadh agus an modh a thuairiscítear san iarratas ar údarú margaíochta;

(i) 

i gcás ina moltar tástáil choimhdeachta a úsáid leis an táirge críochnaithe, soláthrófar faisnéis ábhartha ar an tástáil sin.

(2) Beidh sonraí eolaíocha maidir le forbairt an táirge ag gabháil mar thacaíocht leis an míniú sin.

IIIb.2B.    Tuairisc ar an modh monaraíochta

(1) Déanfar an tuairisc ar an modh monaraíochta a bheidh ag gabháil leis an iarratas ar údarú margaíochta de bhun Airteagal 8 a dhréachtú sa chaoi go dtabharfar tuairisc leormhaith ar chineál na n-oibríochtaí a úsáidtear, lena n-áirítear sainaithint na n-eochairchéimeanna sa phróiseas táirgthe.

(2) Cuimseofar iad seo a leanas ar a laghad leis an tuairisc mhionsonraithe ar an modh monaraíochta:

(a) 

céimeanna éagsúla na monaraíochta (lena n-áirítear táirgeadh na nósanna imeachta antaiginí agus íonúcháin) mar aon le sreabhchairt phróisis sa chaoi gur féidir measúnú a dhéanamh ar in-atáirgtheacht an nóis imeachta monaraíochta agus ar na rioscaí d’éifeachtaí díobhálacha ar na táirgí críochnaithe, amhail éilliú micribhitheolaíoch;

(b) 

i gcás monaraíocht leanúnach, sonraí iomlána maidir leis na bearta réamhchúraim a glacadh chun a áirithiú go mbeadh gach baisc den táirge críochnaithe aonchineálach agus comhsheasmhach. Soláthrófar faisnéis ar an gcaoi a sainítear baisce agus ar an méid nó na méideanna baisce tráchtála a bheartaítear;

(c) 

liosta de na substaintí go léir ag na céimeanna iomchuí i gcás ina mbeidh siad á n-úsáid, lena n-áirítear na substaintí sin nach féidir a ghnóthú i rith na monaraíochta;

(d) 

sonraí ar an gcumasc, mar aon le sonraí cainníochtúla na substaintí go léir a úsáidtear, lena n-áirítear sampla le haghaidh baisc táirgthe ionadaíoch;

(e) 

liosta de rialuithe le linn próisis lena n-áirítear an chéim den mhonaraíocht ina ndéantar iad;

(f) 

le haghaidh táirgí steiriúla, i gcás ina mbeidh dálaí steirilithe neamh-pharmacopoeia á n-úsáid, sonraí na bpróiseas steirilithe agus/nó nósanna imeachta aiseipteacha a úsáidtear.

(3) Tabharfar tuairisciú ar bhailíochtú na modhanna rialaithe go léir a úsáidtear sa mhodh monaraíochta, déanfar iad a thaifeadadh agus soláthrófar na torthaí, ach amháin mura bhfuil údar leis. Léireofar bailíochtú ar phríomhchéimeanna den phróiseas agus léireofar bailíochtú ar an bpróiseas táirgthe ar an iomlán agus déanfar foráil maidir le torthaí ar thrí bhaisc as a chéile arna dtáirgeadh trí úsáid a bhaint as an modh a bhfuil tuairisc air.

IIIb.2C.    Táirgeadh ábhar tosaigh agus rialú orthu

(1) Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “ábhair thosaigh” gach comhpháirt a úsáidtear chun an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch a tháirgeadh.

(2) Measfar gur ábhar tosaigh amháin iad córais aidiúvacha atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá ainmnithe le hainm branda chomh maith le meáin chultúir a úsáidtear chun an tsubstaint ghníomhach a tháirgeadh ina bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla. Mar sin féin, cuirfear i láthair an comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil a mhéid a mheasann na húdaráis go mbaineann an fhaisnéis sin le cáilíocht an táirge chríochnaithe agus le haon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

(3) Más rud é go n-úsáidtear ábhair de bhunadh ainmhíoch chun na meáin saothrúcháin nó na córais aidiúvaigh sin a ullmhú, ní mór na speicis ainmhíocha agus an fíochán a úsáidtear a chur san áireamh agus léireofar comhlíontacht na monagraf ábhartha lena n-áirítear monagraif ghinearálta agus caibidlí ginearálta de Pharmacopoeia Eorpach.

(4) Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméadacht chun a léiriú go bhfuil na hábhair thosaigh lena n-áirítear síolábhair, síolta ceall, baisceanna séirim agus an t-ábhar eile de thionscnamh speicis ainmhíoch ábhartha do tharchur TSE agus monaraíocht an táirge íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis an Nóta Treorach maidir le híoslaghdú an riosca go ndéanfaí gníomhaithe einceifealapaití spúinseacha ainmhíocha a tharchur trí tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta, chomh maith le ceanglais an mhonagraif chomhfhreagraigh de Pharmacopoeia Eorpach. Féadfar úsáid a bhaint as Deimhnithe Oiriúnachta arna n-eisiúint ag an Stiúrthóireacht Eorpach um Cháilíocht Leigheasra agus Cúraim Sláinte, agus tagairt á déanamh don mhonagraf ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach, chun comhlíonadh a léiriú.

(5) Áireofar sa sainchomhad na sonraíochtaí, faisnéis faoi na tástálacha atá le déanamh i ndáil le rialú cáilíochta na mbaisceanna uile ábhar tosaigh agus na torthaí a bheidh ar bhaisc le haghaidh na gcomhpháirteanna go léir arna n-úsáid agus cuirfear isteach é i gcomhréir le ceanglais na Coda seo.

(6) Déanfar deimhnithe anailíse a thíolacadh le haghaidh na n-ábhar tosaigh chun a léiriú gur comhlíonadh an tsonraíocht shainithe.

(7) Comhlíonfaidh an t-ábhar dathúcháin, i ngach cás, ceanglais Threoir 2009/35/CE.

(8) Ní mór údar maith a thabhairt le hantaibheathaigh a úsáid le linn an táirgthe agus leasaithigh a áireamh i gcomhdhéanamh an táirge chríochnaithe agus i gcomhréir le Pharmacopoeia Eorpach.

(9) Maidir le támháin nua, i.e. támháin nó támháin a úsáidtear den chéad uair san Aontas i dtáirge íocshláinte tréidliachta nó i mbealach nua lena dtugtar an táirge, soláthrófar sonraí monaraíochta, saintréithriú, agus rialuithe, le crostagairtí do shonraí sábháilteachta tacaíochta, idir shonraí cliniciúla agus sonraí neamhchliniciúla. Maidir le hábhair dhathúcháin, measfar mar a bheith leordhóthanach na dearbhuithe comhlíontachta mar a luaitear faoi Chuid II.2C2, pointí (3) agus (4).

IIIb.2C1.    Ábhair thosaigh a liostaítear in pharmacopoeia

(1) Beidh monagraif de Pharmacopoeia Eorpach infheidhme i leith gach ábhair tosaigh a shonraítear ann, mura soláthraítear údar ceart.

(2) I gcás substaintí eile, féadfaidh gach Ballstát a cheangal go ndéanfar aird a thabhairt ar a pharmacopoeia náisiúnta féin i ndáil le táirgí arna monarú ina chríoch.

(3) Féadfar tagairt iomchuí do pharmacopoeia i gceist a chur in ionad na tuairisce ar na modhanna anailíseacha.

(4) Beidh gach tástáil ghnáthúil a dhéantar ar gach baisc de na hábhair thosaigh mar a luaitear san iarratas ar údarú margaíochta. Más rud é go n-úsáidtear tástálacha seachas na tástálacha a luaitear in pharmacopoeia, soláthrófar cruthúnas go gcomhlíonann na hábhair thosaigh ceanglais cháilíochta maidir leis an pharmacopoeia sin.

(5) I gcásanna nach mbeidh an tsonraíocht atá i monagraf de Pharmacopoeia Eorpach nó in pharmacopoeia ceann de na Ballstáit ina sonraíocht leordhóthanach chun cáilíocht na substainte a áirithiú, féadfaidh na húdaráis inniúla sonraíochtaí níos iomchuí a iarraidh ar an iarratasóir ar údarú margaíochta. Cuirfear na húdaráis atá freagrach as pharmacopoeia i gceist ar an eolas maidir leis an easnamh líomhnaithe.

IIIb.2C2.    Ábhair thosaigh nach liostaítear in pharmacopoeia

IIIb.2C2.1.    Ábhair thosaigh de thionscnamh bitheolaíoch

(1) Tabharfar an tuairisc i bhfoirm monagraif.

(2) Beidh táirgeadh vacsaíní bunaithe ar chóras beart síl agus ar shíolta ceall seanbhunaithe aon uair is féidir. Maidir le táirgeadh táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha atá déanta as séiream, léireofar an áit tionscnaimh, sláinte ghinearálta agus stádas imdhíoneolaíoch na n-ainmhithe táirgthe agus úsáidfear comhthiomsuithe sainithe d’ábhair bhunaidh.

(3) Tabharfar tuairisc agus doiciméadú ar a dtionscnamh, lena n-áirítear an réigiún geografach, agus ar stair na n-ábhar tosaigh.

(4) I gcás ábhair thosaigh a ndéantar innealtóireacht ghéiniteach orthu, áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí amhail tuairisc ar na cealla nó na pórtha tosaigh, forléiriú ar an veicteoir léirithe (ainm, bunús, feidhm an mhacasamhaileáin, feabhsaitheoir tionscnóra agus eilimintí rialtóra eile), rialú ar an seicheamh DNA nó RNA a chuirtear isteach go héifeachtach, seichimh olaganúicléitíde de veicteoir plasmaide i gcealla, plasmaid a úsáidtear do chomh-thrasfhabhtú, géinte a chuirtear leis nó a bhaintear amach, airíonna bitheolaíocha an fhorléirithe deiridh agus na géinte a léirítear, líon cóipeanna agus cobhsaíocht ghéiniteach.

(5) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGM) nó atá comhdhéanta díobh, beidh ag gabháil leis an gcuid cháilíochta den iarratas freisin na doiciméid atá riachtanach i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE.

(6) Déanfar ábhair síl, lena n-áirítear síolta ceall agus amhshéiream le haghaidh táirgeadh antaiséirim, a thástáil chun iad a shainaithint, agus léireofar nach bhfuil ann do ghníomhaithe coimhthíocha de réir Pharmacopoeia Eorpach.

(7) Cuirfear faisnéis ar fáil i gcás gach substainte de thionscnamh bitheolaíoch a úsáideadh ag céim ar bith den nós imeachta monaraíochta. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a) 

sonraí faoi fhoinse na n-ábhar;

(b) 

sonraí faoi aon phróiseáil, íonghlanadh agus díghníomhachtú a chuirtear i bhfeidhm, maille le sonraí faoi bhailíochtú na bpróiseas agus na rialuithe sin le linn an táirgthe;

(c) 

sonraí faoi aon tástálacha ar lorg éilliú a rinneadh ar gach baisc den tsubstaint.

(8) Má bhraitear nó má mheastar go bhfuil gníomhaithe coimhthíocha i láthair, déanfar an t-ábhar comhfhreagrach a dhíobhadh nó déanfar próiseáil air chun an riosca de ghníomhaithe coimhthíocha i gcóireáil bhailíochtaithe a laghdú. Más rud é, tar éis na cóireála, go mbraitear nó go meastar go bhfuil gníomhaithe coimhthíocha i láthair, ní dhéanfar an t-ábhar comhfhreagrach a úsáid ach amháin i gcás inar féidir a áirithiú go ndéanfar na gníomhaithe sin a dhíbirt agus/nó a dhíghníomhachtú le próiseáil bhreise; léireofar díbirt agus/nó díghníomhachtú na ngníomhaithe coimhthíocha sin.

(9) I gcás ina n-úsáidfear cill-síolta, léireofar gur fhan saintréithe na gceall gan athrú suas chuig an leibhéal is airde den phasáiste a úsáideadh don táirgeadh.

(10) I gcás vacsaíní caolaithe beo, ní mór cobhsaíocht saintréithe chaolú an tsíl a dhearbhú. Mura mbaineann saintréith ar leith leis an gcaolú (e.g. marcóir géiniteach, cobhsaíocht theirmeach), déantar é sin, de ghnáth, trí easpa fillte ar nimhneacht sa spriocspeiceas ainmhí.

(11) Nuair is gá, soláthrófar samplaí den ábhar tosaigh bitheolaíoch nó imoibrithe a úsáidtear sna nósanna imeachta tástála chun a chur ar a chumas don údaráis inniúil na tástálacha a dhéanfar a sheiceáil.

IIIb.2C2.2.    Ábhair thosaigh de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch

Tabharfar an tuairisc i bhfoirm monagraif faoi na ceannteidil seo a leanas:

(a) 

déanfar ainm an ábhair tosaigh, a comhlíonann na ceanglais i bpointe (3) de Chuid IIIb.2A1 a ionadú le haon chomhchiallach trádála nó eolaíoch atá air;

(b) 

an tuairisc ar an ábhar tosaigh, atá leagtha síos i bhfoirm atá cosúil leis an tuairisc a úsáidtear in ítim thuairisciúil in Pharmacopoeia Eorpach;

(c) 

feidhm an ábhair tosaigh;

(d) 

modhanna sainaitheantais;

(e) 

aon réamhchúraim speisialta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le linn stóráil an ábhair tosaigh, agus, más gá, tabharfar a shaol stórála.

IIIb.2D.    Tástálacha rialaithe le linn an mhodha monaraíochta

(1) Áireofar sa sainchomhad sonraí maidir le tástálacha rialaithe a dhéantar ar chéimeanna idirmheánacha monaraíochta d’fhonn comhsheasmhacht an mhodha monaraíochta agus an táirge deiridh a fhíordheimhniú. Socrófar sonraíochtaí le haghaidh gach tástála rialaithe agus tabharfar tuairisc ar na modhanna anailísíochta. Soláthrófar bailíochtú na dtástálacha rialaithe ar pharaiméadair a mheastar a bheith tábhachtach le haghaidh an mhodha monaraíochta, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(2) I gcás vacsaíní díghníomhachtaithe nó díthocsainithe déanfar an díghníomhachtú nó an díthoscanú a thástáil le linn gach táirgthe arna rith a luaithe is féidir tar éis dheireadh an phróisis díghníomhachtaithe nó díthocsainithe sin agus tar éis an neodraithe, má tharlaíonn sin, ach roimh an gcéad chéim eile táirgthe.

(3) I gcomhréir le forálacha Threoir 2010/63/AE agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cosaint Ainmhithe Veirteabracha a úsáidtear chun críoch Turgnaimh nó chun críoch eile Eolaíochta, déanfar tástálacha ar bhealach ina n-úsáidfear an líon ainmhithe is lú agus is féidir agus a bheidh ina gcúis leis an bpian, fulaingt, anacair nó díobháil mharthanach is lú agus is féidir. Má bhíonn sí ar fáil, úsáidfear tástáil mhalartach in vitro más rud é go gcuirfear an tástáil sin in ionad úsáid ainmhithe nó más rud é go mbeidh mar thoradh ar an tástáil sin laghdú ar an úsáid ainmhithe nó laghdú ar an bhfulaingt.

IIIb.2E.    Tástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe

(1) I gcás gach tástála, déanfar an tuairisc ar na teicnící chun an táirge críochnaithe a anailísiú a leagan amach ar bhealach atá mionsonraithe a dhóthain chun measúnú cáilíochta a dhéanamh.

(2) I gcás inarb ann do mhonagraif iomchuí cheana féin, má bhaintear feidhm as nósanna imeachta agus teorainneacha tástála cé is moite de na cinn a luaitear sna monagraif ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach, nó ina éagmais sin, in pharmacopoeia ceann de na Ballstáit, soláthrófar cruthúnas go gcomhlíonfadh an táirge críochnaithe, dá ndéanfaí é a thástáil i gcomhréir leis na monagraif sin, ceanglais cháilíochta an pharmacopoeia sin don fhoirm chógaisíochta lena mbaineann. Liostófar san iarratas ar údarú margaíochta na tástálacha sin, a dhéantar ar shamplaí ionadaitheacha de gach baisc den táirge críochnaithe. Sonrófar minicíocht na dtástálacha a dhéantar ar an mbulc-vacsaín deiridh in ionad ar an mbaisc nó ar na baisceanna a ullmhaítear uaithi sin. Sonrófar na teorainneacha don scaoileadh agus tabharfar údar leo. Soláthrófar bailíochtú na dtástálacha rialaithe a dhéantar ar an táirge críochnaithe.

(3) Soláthrófar faisnéis faoi bhunú agus ionadú an ábhair tagartha. Más rud é gur úsáideadh níos mó ná aon chaighdeán tagartha amháin, soláthrófar stair cháilíochta ina dtabharfar tuairisc ar an gcaoi ar cothaíodh an caidreamh idir na caighdeáin dhifriúla.

(4) Má bhíonn sé ar fáil, úsáidfear ábhar tagartha, idir cheimiceach agus bhitheolaíoch, as Pharmacopoeia Eorpach. Má úsáideadh ullmhóidí agus caighdeáin tagartha eile, sainaithneofar iad agus tabharfar tuairisc mhionsonraithe orthu.

(5) I gcomhréir le forálacha Threoir 2010/63/AE agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cosaint Ainmhithe Veirteabracha a úsáidtear chun críoch Turgnaimh nó chun críoch eile Eolaíochta, déanfar tástálacha ar bhealach ina n-úsáidfear an líon ainmhithe is lú agus is féidir agus a bheidh ina gcúis leis an bpian, fulaingt, anacair nó díobháil mharthanach is lú agus is féidir. Má bhíonn sí ar fáil, úsáidfear tástáil mhalartach in vitro más rud é go gcuirfear an tástáil sin in ionad úsáid ainmhithe nó más rud é go mbeidh mar thoradh ar an tástáil sin laghdú ar an úsáid ainmhithe nó laghdú ar an bhfulaingt.

(6) Saintréithe ginearálta an táirge chríochnaithe

Bainfidh na tástálacha ar shaintréithe ginearálta, i gcás inarb infheidhme, le cuma agus le tástálacha fisiciúla nó ceimiceacha, amhail seoltacht, pH, slaodacht, etc. Maidir le gach ceann de na saintréithe sin, bunóidh an t-iarratasóir sonraíochtaí, lena mbaineann teorainneacha muiníne iomchuí.

(7) Substaint ghníomhach nó substaintí gníomhacha a shainaithint

Nuair is gá, déanfar tástáil shonrach chun sainaithint a dhéanamh. I gcás inarb iomchuí, féadfar an tástáil sainaitheantais a dhéanamh in éineacht leis an títear baisce nó leis an tástáil neartúlachta.

(8) Títear nó neartúlacht baisce

Déanfar cainníochtú ar an tsubstaint ghníomhach de gach baisc a chur i gcrích lena thaispeáint go mbeidh an neartúlacht iomchuí nó an títear sin i ngach baisc a ghabhann leis chun a shábháilteacht agus a éifeachtúlacht a áirithiú.

(9) Aidiúvaigh a shainaithint agus a mheasúnú

Déanfar cainníocht agus cineál an aidiúvaigh agus a chomhpháirteanna a fhíorú ar an táirge críochnaithe, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(10) Comhpháirteanna ar támháin iad a shainaithint agus a mheasúnú

A mhéid is gá, beidh an támhán nó na támháin faoi réir tástálacha sainaitheantais ar a laghad.

Beidh tástáil teorann uachtarach agus íosta éigeantach maidir le gníomhaithe a chaomhnú. Beidh tástáil teorann d’aon chomhpháirteanna eile a d’fhéadfadh bheith ina cúis le frithghníomh díobhálach a dhéanamh éigeantach.

(11) Triail steirilíochta agus íonachta

Léireofar nach bhfuil ann do ghníomhaithe coimhthíocha (baictéir, míceaplasma, fungais agus iontocsain i gcás inarb ábhartha) le haghaidh táirgí a thugtar go paireintreach i gcomhréir le Pharmacopoeia Eorpach. Maidir le táirgí neamhleachtacha nach dtugtar go paireintreach, i gcás ina bhfuil údar leormhaith leis, féadfar glacadh le comhlíontacht uasteorann ualaigh bhithigh in ionad tástáil steirilíochta.

Déanfar tástálacha iomchuí chun a thaispeáint nach bhfuil éilliú ó ghníomhaithe coimhthíocha nó ó shubstaintí eile ann, agus déanfar na tástálacha sin de réir chineál an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch, modh agus coinníollacha an mhonaraithe. Úsáidfear cur chuige bunaithe ar riosca lena léiriú nach ann do ghníomhaithe coimhthíocha mar a thuairiscítear in Pharmacopoeia Eorpach.

(12) Bogthaise iarmharach

Déanfar gach baisc de tháirge leofilithe a thástáil i gcás bogthaise iarmharaí.

(13) Toirt líonta

Déanfar tástálacha iomchuí chun an toirt líonta cheart a léiriú.

IIIb.2F.    Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc

Chun a áirithiú go bhfuil cáilíocht an táirge comhsheasmhach ó bhaisc go baisc agus lena thaispeáint go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na sonraíochtaí, soláthrófar prótacal iomlán de thrí cinn de na baisceanna as a chéile atá ionadaíoch don ghnáth-tháirgeadh lena soláthrófar na torthaí le haghaidh gach tástála a dhéantar le linn an táirgthe agus ar an táirge críochnaithe. Féadfar sonraí comhsheasmhachta a fhaightear ó tháirgí comhcheangailte a úsáid le haghaidh táirgí díorthacha ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna céanna.

IIIb.2G.    Tástálacha cobhsaíochta

(1) Cuimsítear le tástálacha cobhsaíochta cobhsaíocht na substainte gníomhaí agus an táirge chríochnaithe, lena n-áirítear tuaslagóir(í), más ábhartha.

(2) Tabharfar tuairisc ar na tástálacha a rinneadh chun tacú leis an tseilfré, na dálaí molta stórála agus na sonraíochtaí ag deireadh na seilfré a mholann an t-iarratasóir don tsubstaint ghníomhach agus don táirge críochnaithe. Is staidéir fíor-ama iad na tástálacha sin i gcónaí.

Má stóráiltear táirgí idirmheánacha a fuarthas ag céimeanna éagsúla den phróiseas monaraíochta, tabharfar údar leormhaith le dálaí agus fad beartaithe na stórála ar bhonn na sonraí cobhsaíochta atá ar fáil.

(3) Déanfar tástálacha cobhsaíochta don táirge críochnaithe ar thrí bhaisc ionadaíocha ar a laghad a táirgeadh de réir an phróisis táirgthe a thuairiscítear agus ar tháirgí a stóráladh sa choimeádán/sna coimeádáin deiridh; cuimsítear leis na tástálacha sin tástálacha bitheolaíocha agus fisiceimiceacha a rinneadh go tráthrialta don táirge críochnaithe go dtí 3 mhí tar éis dheireadh maíte na seilfré.

(4) Áireofar sna conclúidí torthaí na n-anailísí, rud a chuireann údar maith leis an tseilfré atá beartaithe faoi gach staid stórála atá molta. Cuirfear san áireamh na torthaí a fuarthas i rith an staidéir cobhsaíochta agus sonraíochtaí iomchuí don fhoirmliú agus don scaoileadh á sainiú chun comhréireacht an táirge leis an tseilfré a mhaítear a áirithiú

(5) I gcás táirgí a thugtar i mbeatha, tabharfar faisnéis freisin de réir mar is gá ar sheilfré an táirge, ag na céimeanna difriúla den mheascadh, nuair a mheasctar é i gcomhréir leis na treoracha molta.

(6) I gcás go n-éilíonn táirge críochnaithe go ndéanfaí é a athbhunú sula dtugtar in uisce óil é, éilítear sonraí faoin tseilfré mholta do na táirgí arna n-athbhunú mar atá molta. Déanfar sonraí a chur isteach mar thacaíocht leis an tseilfré mholta don táirge athbhunaithe a cuireadh isteach.

(7) Féadfar sonraí cobhsaíochta a fhaightear ó tháirgí comhcheangailte a úsáid i gcás ina bhfuil údar leormhaith leo le haghaidh táirgí díorthacha ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna céanna.

(8) I gcás coimeádáin ildáileog, i gcás inarb ábhartha, déanfar sonraí cobhsaíochta a thíolacadh mar údar iomchuí le seilfré an táirge tar éis é a bhearnú nó a oscailt den chéad uair agus saineofar sonraíocht in-úsáide seilfré.

(9) Léireofar go bhfuil an táirge críochnaithe éifeachtach.

(10) D’fhéadfadh sé gur leor faisnéis faoi éifeachtúlacht leasaithigh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha eile atá comhchosúil ón monaróir céanna.

(11) Má stóráiltear substaintí gníomhacha, saineofar dálaí agus fad beartaithe na stórála ar bhonn sonraí cobhsaíochta. Féadfar na sonraí sin a fháil trí thástáil a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha féin nó trí thástáil iomchuí a dhéanamh ar an táirge críochnaithe.

IIIb.2H.    Faisnéis eile

Féadfar faisnéis faoi cháilíocht an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch nach gcumhdaítear sa Roinn seo a áireamh sa sainchomhad.

IIIb.3.    Cuid 3: Doiciméadacht sábháilteachta (tástálacha sábháilteachta agus tástálacha ar iarmhair)

IIIb.3A.    Ceanglais ghinearálta

(1) Beidh an doiciméadacht sábháilteachta leormhaith chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a) 

sábháilteacht an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch nuair a thugtar don spriocspeiceas é agus aon éifeacht neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi na dálaí úsáide a bheartaítear; déanfar meastóireacht ar na héifeachtaí neamh-inmhianaithe sin i ndáil le tairbhí féideartha an táirge;

(b) 

na héifeachtaí díobhálacha féideartha ar dhaoine atá ag iarmhair an táirge íocshláinte tréidliachta nó na substainte i mbia-ábhair a fhaightear ó na hainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu;

(c) 

na rioscaí is féidir a thiocfaidh as teagmháil daoine leis an táirge íocshláinte tréidliachta, agus é á thabhairt don ainmhí, mar shampla;

(d) 

na rioscaí féideartha don chomhshaol a thiocfadh as an táirge íocshláinte tréidliachta a úsáid.

▼M2

(2) Déanfar staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla i gcomhréir le ceanglais an dea-chleachtais saotharlainne.

Féadfar glacadh le staidéir nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne i gcás staidéir ar speiceas nach é an spriocspeiceas é chomh maith le staidéir ina ndéantar measúnú ar airíonna imdhíoneolaíocha, bitheolaíocha nó géiniteacha na dtréithchineálacha vacsaíne, faoi dhálaí a rialaítear ar bhealach leormhaith. Tabharfar údar le diallais eile.

▼M1

(3) Déanfar na trialacha sábháilteachta uile i gcomhréir le prótacal tomhaiste mionsonraithe a ndéanfar é a thaifeadadh i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an triail. Beidh leas na n-ainmhithe trialach faoi réir maoirsiú tréidliachta agus cuirfear go hiomlán san áireamh é i rith mionsaothrú aon phrótacail trialach agus le linn na trialach.

(4) Beidh nósanna imeachta córasacha réamhshocraithe i scríbhinn riachtanach maidir le heagrú, reáchtáil, bailiú sonraí, doiciméadú agus fíorú trialacha sábháilteachta.

(5) Déanfar trialacha cliniciúla (trialacha allamuigh) i gcomhréir le prionsabail sheanbhunaithe an dea-chleachtais chliniciúil (DCC). Tabharfar údar le diallais.

(6) Beidh na staidéir shábháilteachta i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha in Pharmacopoeia Eorpach. Tabharfar údar le diallais.

(7) Déanfar na staidéir shábháilteachta ar an spriocspeiceas. Is é an dáileog a úsáidfear ná cainníocht an táirge a mholtar le húsáid agus déanfar an bhaisc a úsáidtear i gcomhair tástáil sábháilteachta a bhaint as baisc nó baisceanna a tháirgtear de réir an mhodha monaraíochta a thuairiscítear i gCuid 2 den iarratas.

(8) Maidir leis na tástálacha saotharlainne a thuairiscítear i Ranna B.1, B.2 agus B.3, beidh an títear, an cion antaigine nó an neartúlacht uasta sa dáileog den táirge íocshláinte tréidliachta. Más gá, féadfar tiúchan na hantaigine a mhodhnú chuig an dáileog atá de dhíth.

(9) Léireofar sábháilteacht táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch le haghaidh gach catagóire de na spriocspeicis ainmhithe ina moltar é a úsáid, de réir gach bealaigh agus modha lena dtugtar an táirge agus ag úsáid an sceidil riartha a mholtar. Féadfar leas a bhaint as an gcás is measa don bhealach agus don mhodh tabhartha má bhíonn údar eolaíoch leis.

(10) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha ar orgánaigh bheo atá iontu, cuimsítear ceanglais speisialta faoi B.6.

(11) Déanfar na sonraí agus na doiciméid a bheidh ag gabhail leis an iarratas ar údarú margaíochta a thíolacadh i gcomhréir leis na ceanglais maidir le staidéir réamhchliniciúla agus trialacha cliniciúla a thuairiscítear i gCuid IIIb.4B, pointe (4), agus i gCuid IIIb.4C, pointe (3)..

IIIb.3B.    Staidéir réamhchliniciúla

(1) A shábháilte atá sé dáileog amháin a thabhairt

Tabharfar an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch de réir na dáileoige molta agus ar gach bealach agus modh riartha d’ainmhithe de gach speiceas agus de gach catagóir ábhartha (e.g. aois íosta, ainmhithe torracha, de réir mar is iomchuí) ina mbeartaítear é a úsáid.

Déanfar faireachán ar na hainmhithe agus scrúdófar iad ar bhonn laethúil le haghaidh comharthaí de fhrithghníomhuithe córasacha agus logánta go dtí nach mbeidh súil le frithghníomhuithe a thuilleadh, ach i ngach cás, ar feadh 14 lá ar a laghad tar éis an táirge a thabhairt. I gcás inarb iomchuí, áireofar sna staidéir sin scrúduithe mionsonraithe macrascópacha agus micreascópacha iarbháis ar an mball insteallta. Déanfar critéir oibiachtúla eile a thaifeadadh, amhail teocht reicteach agus tomhais maidir le feidhmíocht.

Féadfaidh an staidéar seo a bheith mar chuid den staidéar maidir le hathdháileog atá de dhíth faoi phointe 3 nó is féidir é a fhágáil ar lár mura léiríonn torthaí an staidéir maidir le ródháileog atá de dhíth faoi phointe 2 frithghníomhuithe tromchúiseacha córasacha nó logánta. Má fhágtar ar lár é, glacfar leis na frithghníomhuithe córasacha nó logánta a fheictear sa staidéar maidir le ródháileog mar an bonn chun tuairisc a thabhairt ar shábháilteacht an táirge san Achoimre ar Shaintréithe Táirge.

(2) A shábháilte atá sé ródháileog a thabhairt

Is iad táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha beo amháin ar gá iad a thástáil maidir le ródháileog.

Déanfar ródháileog den táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch, arb é deich ndáileog a bheidh ann go hiondúil, a thabhairt ar gach bealach agus modh tabhartha molta d’ainmhithe sna catagóirí is íogaire den spriocspeiceas, ach amháin má tá údar maith le roghnú leis na cinn is íogaire de na bealaí comhchosúla éagsúla. I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a dhéantar a thabhairt le hinstealladh, roghnófar na dáileoga agus an bealach/na bealaí agus an modh/na modhanna lena dtugtar iad chun an t-uasmhéid is féidir a chur san áireamh, ar féidir a thabhairt ag aon bhall insteallta amháin.

Déanfar faireachán ar na hainmhithe agus scrúdófar iad ar bhonn laethúil ar feadh 14 lá ar a laghad tar éis thabhairt an táirge chun a chinneadh an bhfuil frithghníomhuithe córasacha agus logánta ag tarlú. Déanfar critéir oibiachtúla eile a thaifeadadh, amhail teocht reicteach agus tomhais maidir le feidhmíocht.

I gcás inarb iomchuí, áireofar sna staidéir sin scrúduithe mionsonraithe macrascópacha agus micreascópacha iarbháis ar an mball insteallta mura ndearnadh é sin faoi phointe 1.

(3) A shábháilte atá sé dáileog amháin a thabhairt arís agus arís eile

I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha atá le tabhairt níos mó ná aon uair amháin, mar chuid den scéim bhunúsach, beidh staidéar i dtaca le tabhairt atriallach d’aon dáileog amháin de dhíth chun aon éifeacht dhíobhálach a rinne an tabhairt sin a nochtadh.

Déanfar an tástáil sin ar na catagóirí is íogaire den spriocspeiceas (amhail póir nó aoisghrúpaí áirithe), ag baint feidhme as an mbealach agus as an modh tabhartha molta.

Ní bheidh an líon dáileog arna dtabhairt níos lú ná an líon uasta a mholtar; maidir le vacsaíní, cuirfear san áireamh leis sin an líon dáileog arna dtabhairt don vacsaíniú príomhúil agus don chéad athvacsaíniú.

Féadfaidh an t-eatramh idir na dáileoga a bheith níos giorra ná an t-eatramh a mhaítear san Achoimre ar Shaintréithe Táirge. Tabharfar údar leis an eatramh roghnaithe i ndáil leis na dálaí úsáide a bheartaítear.

Déanfar faireachán ar na hainmhithe agus scrúdófar iad ar bhonn laethúil le haghaidh comharthaí de fhrithghníomhuithe córasacha agus logánta ar feadh 14 lá ar a laghad tar éis thabhairt deiridh an táirge. Déanfar critéir oibiachtúla eile a thaifeadadh, amhail teocht reicteach agus tomhais maidir le feidhmíocht.

(4) Scrúdú ar fheidhmíocht atáirgthe

Déanfar an scrúdú ar fheidhmíocht atáirgthe a mheas i gcás ina mbeartaítear an táirge tréidliachta imdhíoneolaíoch a úsáid nó i gcás ina bhféadfar é a úsáid in ainmhithe torracha nó in éin ubh-bhreithe agus i gcás ina dtugtar le tuiscint leis na sonraí go bhféadfaí gur tosca riosca é an t-ábhar tosaigh as a ndíorthaítear an táirge.

Déanfar imscrúdú ar fheidhmíocht atáirgthe na n-ainmhithe fireanna agus na n-ainmhithe baineanna nach bhfuil torrach agus atá torrach leis an dáileog a mholtar agus ar an mbealach agus an modh tabhartha is íogaire.

Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a mholtar iad lena n-úsáid in ainmhithe torracha, tabharfar aghaidh sa scrúdú ar an bhfeidhmíocht atáirgthe ar an tsábháilteacht tabhartha i rith na tréimhse iompair nó i rith tréimhse iompair shonrach lena n-áirítear úsáid bheartaithe an táirge.

Síneofar an tréimhse faireacháin go dtí an bhreith chun imscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí díobhálacha féideartha ar an sliocht, lena n-áirítear éifeachtaí teiritigineacha agus ginmhillteacha.

Féadfaidh na staidéir sin a bheith ina gcuid de na staidéir shábháilteachta a thuairiscítear i bpointí 1, 2, 3 nó mar chuid de na tástálacha allamuigh dá bhforáiltear i Roinn IIIb.3C.

(5) Scrúdú ar fheidhmeanna imdhíoneolaíocha

I gcás ina bhféadfadh an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch dochar a dhéanamh do fhreagairt imdhíonachta an ainmhí vacsaínithe nó dá shliocht, déanfar tástálacha oiriúnacha ar an bhfeidhm imdhíoneolaíoch.

(6) Saincheanglais maidir le vacsaíní beo

(1)   Leathadh an tréithchineáil vacsaíne

Déanfar imscrúdú ar leathadh an chineáil vacsaíne ó ainmhithe atá vacsaínithe chuig spriocainmhithe nach bhfuil, ag baint feidhme as an mbealach nua lena dtugtar an vacsaín is dóchúla a mbeadh leathadh mar thoradh air. Ina theannta sin, féadfaidh sé gur gá imscrúdú a dhéanamh ar leathadh chuig speicis ainmhithe nach spriocspeicis iad agus a d’fhéadfadh a bheith thar a bheith soghabhálach do chineál vacsaíne beo. Soláthrófar measúnú ar an líon pasanna ó ainmhí go hainmhí is dócha a tharlóidh faoi na gnáthdhálaí úsáide agus ar na hiarmhairtí féideartha.

(2)   Scaipeadh san ainmhí vacsaínithe

Féadfaidh faecas, fual, bainne, uibheacha, táil ón mbéal, ón tsrón agus ó bhaill eile a scrúdú, mar is iomchuí, chun a fhionnadh an bhfuil an t-orgánach i láthair. Thairis sin, féadfaidh sé go mbeidh gá le staidéir maidir le scaipeadh an chineáil vacsaíne sa cholainn, agus aird faoi leith á tabhairt ar shuíomhanna a bhfuil an claonadh iontu chun an t-orgánach a athchruthú. I gcásanna vacsaíní beo i gcomhair zónóisí de réir bhrí Threoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le húsáid i gcomhair bia-ainmhithe, cuirfear san áireamh leis na staidéir sin go háirithe cé chomh fada a mhaireann an t-orgánach ag an mball insteallta.

(3)   Méadú ar nimhneacht

Déanfar imscrúdú ar mhéadú nó ar fhilleadh ar nimhneacht leis an máistirshíol. Mura mbeidh an máistirshíol ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha, scrúdófar an síol pasáiste is ísle ar baineadh feidhm as don táirgeadh. Tabharfar údar maith le húsáid rogha phasáiste eile. Déanfar an vacsaíniú tosaigh leis an mbealach agus an modh tabhartha is dóchúla as a dtiocfaidh méadú ar an nimhneacht ar táscaire é ar fhilleadh ar nimhneacht. Déanfar sraith de phasáistí i spriocainmhithe trí chúig ghrúpa d’ainmhithe, ach amháin má tú údar maith le tuilleadh pasáistí nó má imíonn an t-orgánach ó na hainmhithe tástála níos luaithe ná sin. I gcás nach n-éireoidh leis an orgánach é féin a atáirgeadh go leordhóthanach, déanfar an méid pasáistí is féidir sa spriocspeiceas.

(4)   Airíonna bitheolaíocha an tréithchineáil vacsaíne

Féadfaidh sé go mbeidh gá le scrúduithe eile chun a dhéanamh amach chomh beacht agus is féidir cé hiad airíonna bitheolaíocha intreacha an chineáil vacsaíne (e.g. néaratrópacht).

Maidir le vacsaíní ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe beo nó orgánaigh ghéinmhodhnaithe bheo, i gcás ina gcuimsítear táirge ó ghéin iasachta sa tréithchineál mar phróitéin struchtúrach, tabharfar aghaidh ar an riosca a bhaineann le trópacht nó nimhneacht an tréithchineáil agus, i gcás inar gá, déanfar tástálacha sonracha.

(5)   Athchuingir nó athshórtáil ghéanómaíoch tréithchineálacha

Déanfar meastóireacht ar dhóchúlacht athchuingire nó athshórtála géanómaíche le tréithchineálacha goirt nó tréithchineálacha eile agus pléifear iarmhairtí na dteagmhas sin.

(7) Sábháilteacht úsáideoirí

Áireofar sa roinn seo plé ar na héifeachtaí a shonraítear i gCuid IIIb.3A go Cuid IIIb.3B agus déanfar na héifeachtaí sin a chur i gcomparáid le cineál agus fairsinge na neamhchosanta daonna don táirge d’fhonn foláirimh iomchuí don úsáideoir a cheapadh mar aon le haon bheart bainistithe riosca eile.

Tabharfar aghaidh ar shábháilteacht úsáideoirí i gcomhréir le treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht.

(8) Imoibrithe

Má tá ráiteas i dtaca le comhoiriúnacht le táirgí imdhíoneolaíocha tréidliachta eile san achoimre ar shaintréithe táirge, déanfar imscrúdú ar shábháilteacht na comhúsáide. Tabharfar tuairisc ar aon imoibriú eile le táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil fios fúthu.

IIIb.3C.    Trialacha cliniciúla

Ach amháin mura bhfuil údar leis, déanfar sonraí ó staidéir cliniciúla a fhorlíonadh le sonraí ó thrialacha cliniciúla, agus bainfear úsáid as baisceanna atá ionadaíoch don mhodh monaraíochta a thuairiscítear san iarratas ar údarú margaíochta. Féadfar imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht araon sna trialacha cliniciúla céanna.

IIIb.3D.    Measúnú riosca don chomhshaol

(1) Déanfar measúnú riosca don chomhshaol chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh a bheith ag táirge íocshláinte tréidliachta ar an gcomhshaol agus chun an riosca go mbeidh na héifeachtaí sin ann a shainaithint. Chomh maith leis sin, sainaithneofar leis an measúnú aon bhearta réamhchúraim a fhéadfaidh a bheith riachtanach chun an riosca sin a laghdú.

(2) Dhá chéim a bheidh sa mheasúnú seo. Déanfar an chéad chéim den mheasúnú i gcónaí. Cuirfear mionsonraí an mheasúnaithe ar fáil i gcomhréir leis an treoraíocht arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Léireoidh sé a mhéid a d’fhéadfadh an táirge dul i dteagmháil leis an gcomhshaol agus an leibhéal riosca a bhaineann leis an teagmháil sin agus cuirfear na nithe áirithe seo san áireamh ann:

(a) 

an spriocspeiceas ainmhí agus an patrún úsáide atá beartaithe;

(b) 

An bealach agus an modh tabhartha, go háirithe a mhéid is dócha a rachaidh an táirge go díreach isteach sa chóras comhshaoil;

(c) 

eisfhearadh nó tál féideartha an táirge nó a shubstaintí gníomhacha sa chomhshaol ó ainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu, a fhad a mhaireann an táirge nó na substaintí sin san eisfhearadh nó sa tál sin;

(d) 

diúscairt an táirge neamhúsáidte nó an dramhtháirge.

(3) I gcás cineálacha vacsaíne atá beo agus a d’fhéadfadh bheith zónóiseach, measúnófar an riosca atá ann don duine.

(4) I gcás ina léirítear le conclúid na chéad chéime gurb ann do bhaol féideartha ábhartha don chomhshaol mar thoradh ar an táirge, rachaidh an t-iarratasóir ar aghaidh chuig an dara céim agus déanfaidh sé meastóireacht ar an riosca/na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge íocshláinte tréidliachta don chomhshaol. Más gá, déanfar imscrúduithe breise ar an tionchar a bheidh ag an táirge (ar ithir, uisce, aer, córais uisce agus orgánaigh nach spriocorgánaigh iad).

(5) Maidir le vacsaíní DNA, is ábhar imní sonrach ó thaobh na sábháilteachta de an riosca féideartha go n-aistreodh DNA chuig fíocháin na ngónad agus an t-aistriú féideartha DNA chuig na cealla geirmlíne d’ainmhithe fireanna agus baineanna vacsaínithe agus, ar an gcaoi sin, an tarchur féideartha chuig an sliocht. Déanfaidh an t-iarratasóir meastóireacht agus plé ar riosca(í) féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag na táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha sin do shláinte an duine agus don chomhshaol (lena n-áirítear plandaí agus ainmhithe). Má aithnítear riosca(í) féideartha, déanfar imscrúduithe ar thionchar na vacsaíne ag brath ar a húsáid in ainmhithe coimhdeachta nó i mbia-ainmhithe chun faisnéis ar an bpointe sin a sholáthar.

IIIb.3E.    An measúnú atá ina cheangal maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh

(1) I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) nó atá comhdhéanta díobh, beidh ag gabháil leis an iarratas freisin na doiciméid atá riachtanach faoi Airteagal 2 agus Cuid C de Threoir 2001/18/CE agus faoin treoraíocht shonrach ina ndéileáiltear le OGManna.

(2) Déanfar measúnú cruinn ar éifeachtaí díobhálacha féideartha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar aistriú géine ó OGManna chuig orgánaigh eile nó mar thoradh ar mhodhnuithe géiniteacha, ar bhonn cás ar chás. Is é cuspóir an mheasúnaithe riosca sin don chomhshaol éifeachtaí díobhálacha díreacha agus indíreacha, láithreacha nó moillithe, OGM ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol (lena n-áirítear plandaí agus ainmhithe) a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus déanfar é i gcomhréir le prionsabail Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

IIIb.3F.    Tástálacha ar iarmhair atá le háireamh sna staidéir réamhchliniciúla

(1) Do tháirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha, ní bheidh gá de ghnáth staidéar ar na hiarmhair a dhéanamh.

(2) I gcás ina n-úsáidtear antaibheathaigh, aidiúvaigh, leasaitheach nó aon támhán eile i monaraíocht táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a bheartaítear do bhia-ainmhithe agus/nó ina gcuimsítear iad san fhoirmliú deiridh, déanfar breithniú ar an bhféidearthacht de neamhchosaint tomhaltóirí d’iarmhair i mbia-ábhair a dhíorthaítear ó ainmhithe a gcuirtear cóireáil orthu agus ar chomhlíontacht reachtaíochta maidir le huasteorainneacha iarmhar. Tabharfar aghaidh ar impleachtaí sábháilteachta do thomhaltóirí ag eascairt as an bhféidearthacht go mbeidís sa táirge críochnaithe.

(3) I gcás vacsaíní beo le haghaidh galair zónóiseacha sheanbhunaithe, de bhreis ar na staidéir ar an leathadh, d’fhéadfaí gur ghá orgánaigh vacsaíne iarmharacha a dhearbhú ag an mball insteallta. Más gá, imscrúdófar na héifeachtaí a bheidh ag iarmhair den sórt sin.

(4) Déanfar moladh i gcomhair tréimhse aistarraingthe agus pléifear a leordhóthanacht i dtaca le haon staidéar iarmhar a rinneadh.

IIIb.4.    Cuid 4: Doiciméadacht ar an éifeachtúlacht (staidéir réamhchliniciúla agus triail chliniciúil/trialacha cliniciúla)

IIIb.4A.    Ceanglais ghinearálta

(1) Comhlíonfar na ceanglais ghinearálta seo a leanas:

(a) 

beidh na staidéir éifeachtúlachta i gcomhréir leis na ceanglais ghinearálta in Pharmacopoeia Eorpach; Tabharfar údar le diallais.

(b) 

ní mór don imscrúdaitheoir an paraiméadar príomhúil ar a mbunaítear an dearbhú éifeachtúlachta a shainiú tráth deartha an staidéir agus ní athrófar é tar éis an staidéar a chur i gcrích;

(c) 

tabharfar tuairisc mhionsonraithe i bprótacail an staidéir ar an anailís staidrimh a bheartaítear;

(d) 

beidh údar maith le rogha na n-antaigainí nó na gcineálacha vacsaíne ar bhonn sonraí eipeazó-eolaíochta;

(e) 

beidh na trialacha éifeachtúlachta a dhéanfar sa tsaotharlann ina dtrialacha cóimheasa ina n-áireofar ainmhithe cóimheasa nár cuireadh cóireáil orthu murab é nach bhfuil údar leis sin ar chúiseanna leasa ainmhithe agus gur féidir éifeachtúlacht a léiriú ar dhóigh eile.

(2) Go ginearálta, beidh mar thaca ag staidéir réamhchliniciúla trialacha a dhéantar faoi fhíordhálaí úsáide.

I gcás ina dtacaítear go hiomlán i staidéir réamhchliniciúla lena maítear san achoimre ar shaintréithe táirge, ní gá trialacha a dhéantar faoi fhíordhálaí úsáide a dhéanamh.

Ach amháin mura bhfuil údar leis, déanfar sonraí ó staidéir cliniciúla a fhorlíonadh le sonraí ó thrialacha cliniciúla, agus bainfear úsáid as baisceanna atá ionadaíoch don mhodh monaraíochta a thuairiscítear san iarratas ar údarú margaíochta. Féadfar imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht araon sna trialacha cliniciúla céanna.

(3) Tabharfar tuairisc ar na tástálacha uile ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leor chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil measúnú iomchuí a dhéanamh orthu. Léireofar bailíocht gach teicníce a úsáidtear sa triail.

(4) Tuairisceofar na torthaí uile a fuarthas, bíodh siad dearfach nó diúltach:

(a) 

Léireofar éifeachtúlacht táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch le haghaidh gach catagóire de na spriocspeicis ainmhithe ina moltar é a úsáid, de réir gach bealaigh agus modha tabhartha agus ag úsáid an sceidil tabhartha a mholtar. Ach amháin mura bhfuil údar leis, déanfar tús agus aga na himdhíonachta a dhearbhú agus beidh sonraí ó thrialacha mar thaca leis sin.

(b) 

Déanfar meastóireacht leormhaith, más iomchuí, ar thionchar antasubstaintí a fhaightear go héighníomhach ón máthair ar éifeachtúlacht vacsaíní i gcás ina dtugtar na vacsaíní sin ag aois ag a bhfuil an imdhíonacht fhaighte ón máthair ann i gcónaí.

(c) 

Léireofar éifeachtúlacht gach comhábhair de tháirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch infhiúsacha agus comhcheangailte. Má mholtar an táirge lena thabhairt i gcomhar le táirge íocshláinte tréidliachta eile nó an tráth céanna leis, léireofar éifeachtúlacht na comhúsáide le staidéir iomchuí. Tabharfar tuairisc ar aon idirghníomhú eile atá ar eolas le haon táirge íocshláinte tréidliachta eile.

(d) 

Aon uair is cuid de scéim vacsaínithe atá molta ag an iarratasóir táirge, léireofar éifeacht phríomhúil nó éifeacht teanndáileoige an táirge tréidliachta imdhíoneolaíoch nó rannchuidiú an táirge sin le héifeachtúlacht na scéime ina hiomláine.

(e) 

Is í an dáileog a úsáidfear ná cainníocht an táirge a mholtar le húsáid agus déanfar an bhaisc a úsáidtear i gcomhair tástála sábháilteachta a bhaint as baisc nó baisceanna a tháirgtear de réir an mhodha monaraíochta a thuairiscítear i gCuid 2 den iarratas.

(f) 

I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha chun diagnóis a dhéanamh ar ainmhithe, léireoidh an t-iarratasóir cén bhrí a bhainfear as na frithghníomhartha in aghaidh táirge.

(g) 

I gcás vacsaíní a bhfuil sé ceaptha gur féidir idirdhealú a dhéanamh leo idir ainmhithe vacsaínithe agus ainmhithe infhabhtaithe (vacsaíní marcóra), i gcás ina mbeidh an rud atáthar a mhaíomh fúthu i leith éifeachtúlachta ag brath ar thástálacha diagnóise in vitro, soláthrófar sonraí leordhóthanacha ar na tástálacha diagnóise le gur féidir measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar rudaí atá á maíomh maidir leis na hairíonna marcóra.

IIIb.4B.    Staidéir réamhchliniciúla

(1) I bprionsabal, déanfar léiriú éifeachtúlachta faoi choinníollacha saotharlainne a bhfuil smacht láidir orthu trí dhúshlán a thabhairt tar éis gur tugadh an táirge tréidliachta imdhíoneolaíoch don sprioc-ainmhí faoi na dálaí úsáide molta. A mhéid is féidir, léireofar na dálaí nádúrtha ionfhabhtaithe leis na dálaí faoina ndéantar an dúshlán. Soláthrófar sonraí faoin tréithchineál dúshláin agus a ábharthacht.

(2) Maidir le vacsaíní beo, bainfear an táirge a úsáidfear don tástáil éifeachtúlachta as baisce nó baisceanna lena mbaineann an títear nó an neartúlacht íosta. Maidir le táirgí eile, úsáidfear táirgí ó bhaisceanna ina bhfuil an t-ábhar nó an neartúlacht ghníomhach íosta a bhfuil súil leo ag deireadh na tréimhse bailíochta, ach amháin mura bhfuil údar leis.

(3) Más féidir, déanfar an sásra imdhíoneolaíoch (trí mheán ceall/lionnach, aicmí logánta/ginearálta de ghlóbailin imdhíonachta) a dhéantar a thosú tar éis gur tugadh an táirge íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíoch do na spriocainmhithe trí bhealach tabhartha molta a shonrú agus a dhoiciméadú.

(4) Soláthrófar na nithe seo a leanas i ndáil le gach staidéir réamhchliniciúla:

(a) 

achoimre;

▼M2 —————

▼M1

(c) 

ainm an chomhlachta a rinne na staidéir;

(d) 

prótacal turgnamhach mionsonraithe lena dtugtar tuairisc ar na modhanna, ar an ngaireas agus ar na hábhair a úsáideadh, ar shonraí amhail an speiceas nó an pór ainmhithe, catagóirí ainmhithe, cá bhfuair siad iad, a n-aitheantas agus a n-uimhreacha, na dálaí ina raibh siad ina gcónaí agus conas a beathaíodh iad (ina sonrófar, inter alia, an raibh siad saor ó aon phataigin shonraithe agus/nó antasubstaint shonraithe, cineál agus cainníocht aon bhreiseáin sa bheatha), dáileog, bealach, sceideal agus dátaí na tabhartha, tuairisc ar na modhanna staidrimh ar baineadh feidhm astu agus an t-údar a bhí lena n-úsáid;

(e) 

i gcás ainmhithe rialaithe, an bhfuair siad placebo nó aon chóireáil;

(f) 

i gcás ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu agus, i gcás inarb iomchuí, an bhfuair siad an táirge trialach nó táirge eile atá údaraithe san Aontas;

(g) 

gach rud a braitheadh go ginearálta agus ina aonair agus na torthaí a fuarthas (le meáin agus diallais chaighdeánacha), bíodh siad dearfach nó diúltach. Tabharfar tuairisc ar na sonraí ar bhealach atá mionsonraithe a dhóthain d’fhonn na torthaí a mheas go criticiúil agus go neamhspleách ar an míniú a thug a n-údar. Cuirfear na sonraí ar leith i láthair i bhfoirm tábla. Chun tacú leis an míniú agus leis an léiriú, féadfar cóipeanna de thaifid, photomicreagraif, etc., a chur leis na torthaí;

(h) 

nádúr, minicíocht agus aga na bhfrithghníomhuithe díobhálacha a braitheadh;

(i) 

líon na n-ainmhithe arna n-aistarraingt róluath ó na trialacha agus na cúiseanna leis an tarraingt siar sin;

(j) 

anailís staidrimh ar na torthaí, i gcás ina mbeidh gá le clár tástála, agus éagsúlacht laistigh de na sonraí;

(k) 

a mhinice a tharla galar coimhdeachtach agus a chúrsa;

(l) 

gach sonra i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta (cé is moite den táirge atá faoi staidéar), a raibh gá iad a thabhairt le linn an staidéir;

(m) 

aon bharúil eile agus diallais ón bprótacal agus tionchar féideartha ar na torthaí;

(n) 

plé oibiachtúil ar na torthaí a fuarthas, as ar eascair conclúidí maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an táirge.

IIIb.4C.    Trialacha cliniciúla

(1) Ach amháin mura bhfuil údar leis, deanfar sonraí ó thrialacha cliniciúla a fhorlíonadh le sonraí ó thrialacha allamuigh, agus bainfear úsáid as baisceanna atá ionadaíoch don mhodh monaraíochta a thuairiscítear san iarratas ar údarú margaíochta. Féadfar sábháilteacht agus éifeachtúlacht a imscrúdú araon sa triail allamuigh chéanna.

(2) Nuair nach féidir le staidéir réamhchliniciúla bheith éifeachtúil, is féidir go mbeidh trialacha allamuigh inghlactha.

(3) Beidh dóthain sonraí i dtaca le trialacha allamuigh le gur féidir breithiúnas oibiachtúil a dhéanamh. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh iontu:

(a) 

achoimre;

(b) 

ráiteas comhlíontachta i leith an dea-chleachtais chliniciúil;

(c) 

ainm, seoladh, feidhm agus cáilíochtaí an imscrúdaitheora i gceannas;

(d) 

áit agus dáta na tabhartha, cód aitheantais a bhféadfar é a nascadh le hainm agus seoladh úinéir an ainmhí/na n-ainmhithe;

(e) 

sonraí ar phrótacal na trialach, lena dtugtar tuairisc ar na modhanna, ar an ngaireas agus ar na hábhair a úsáidtear, sonraí amhail bealach agus modh na tabhartha, sceideal na tabhartha, an dáileog, na catagóirí ainmhithe, fad an fhaireacháin, an fhreagairt shéireolaíoch agus imscrúduithe eile a dhéantar ar na hainmhithe tar éis an táirge a riar;

(f) 

i gcás ainmhithe cóimheasa, an bhfuair siad placebo, táirge ó iomaitheoir, nó cóireáil ar bith;

(g) 

aitheantas na n-ainmhithe a cóireáladh agus na n-ainmhithe rialaithe (le chéile nó ina n-aonar, de réir mar is iomchuí), amhail an speiceas, pór nó cineál, aois, meáchan, gnéas, stádas fiseolaíoch;

(h) 

tuairisc ghairid ar an modh bainistíochta agus beathaithe, ina sonrófar cineál agus cainníocht aon bhreiseáin bheatha a bhí sa bhia;

(i) 

na sonraí uile ar aon rud a braitheadh, ar fheidhmíochtaí agus ar thorthaí (le meáin agus diallas caighdeánach); léireofar sonraí aonair nuair a rinneadh tástálacha agus tomhais ar ainmhithe aonair;

(j) 

anailís staidrimh ar na torthaí, i gcás ina mbeidh gá le clár tástála, agus éagsúlacht laistigh de na sonraí;

(k) 

gach rud a braitheadh agus torthaí na dtrialacha, bíodh siad dearfach nó diúltach, le ráiteas iomlán ar na rudaí a braitheadh agus torthaí na dtástálacha oibiachtúla de ghníomhaíocht atá de dhíth chun an táirge a mheasúnú; sonrófar na teicnící a úsáidtear agus míneofar suntas aon éagsúlachta sna torthaí;

(l) 

éifeachtaí ar fheidhmíocht na n-ainmhithe;

(m) 

líon na n-ainmhithe arna n-aistarraingt róluath ó na trialacha agus na cúiseanna leis an tarraingt siar sin;

(n) 

nádúr, minicíocht agus aga na bhfrithghníomhuithe díobhálacha a braitheadh;

(o) 

a mhinice a tharla galar coimhdeachtach agus a chúrsa;

(p) 

gach sonra maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta (cé is moite den táirge faoi staidéar) a tugadh roimh an táirge tástála nó i gcomhthráth leis nó i rith na tréimhse faireacháin; sonraí aon idirghníomhaíochta a tugadh faoi deara;

(q) 

aon bharúil eile agus diallais don phrótacal agus tionchar féideartha ar na torthaí;

(r) 

plé oibiachtúil ar na torthaí a fuarthas, as ar eascair conclúidí maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an táirge.

ROINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE hIARRATAIS SHONRACHA AR ÚDARÚ MARGAÍOCHTA

IV.1.    Iarratais le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha

IV.1.1. Beidh in iarratais bunaithe ar Airteagal 18 (táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha) na sonraí dá dtagraítear i gCodanna 1 agus 2 de Roinn II den Iarscríbhinn seo. Cuimseofar measúnú riosca don chomhshaol más gá de bhun Airteagal 18(7). Ina theannta sin, beidh sa sainchomhad sonraí lena léirítear go bhfuil an comhdhéanamh cáilíochtúil agus cainníochtúil céanna ó thaobh substainte gníomhaí/substaintí gníomhacha de agus an fhoirm chógaisíochta chéanna ag an táirge leis an táirge íocshláinte tagartha; agus sonraí, lena léirítear bithchoibhéis leis an táirge íocshláinte tagartha nó údar leis an gcúis nach ndearnadh na staidéir sin le tagairt don treoraíocht sheanbhunaithe. Measfar gur aon fhoirm chógaisíochta amháin iad gach foirmliú béil tobscaoilte.

Maidir le táirge íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha (lena n-áirítear táirgí imdhíoneolaíocha), ní mheastar gurb iomchuí an cur chuige cineálach caighdeánach, agus leanfar cur chuige hibrideach (féach Cuid IV.2.).

IV.1.2. Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha, díreofar go háirithe ar na gnéithe seo a leanas i dtuarascálacha ó na saineolaithe ar an tsábháilteacht agus ar an éifeachtúlacht:

(a) 

na forais ar a maítear an bhithchoibhéis;

(b) 

achoimre ar eisíontais atá i mbaisceanna den tsubstaint ghníomhach nó de na substaintí gníomhacha agus den táirge íocshláinte críochnaithe (agus, i gcás inarb ábhartha, táirgí dianscaoilte a thagann chun cinn le linn na stórála) mar aon le meastóireacht ar na heisíontais sin;

(c) 

meastóireacht ar na staidéir bhithchoibhéise nó ar aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh tacú leis an mbithchoibhéis a mhaíomh i gcomhréir le treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht;

(d) 

aon sonraí breise chun léiriú a thabhairt ar choibhéiseacht airíonna sábháilteachta agus éifeachtúlachta ag salainn, eistir nó díorthaigh substainte gníomhaí údaraithe;

(e) 

athbhreithniú ar an measúnú riosca do sábháilteacht úsáideoirí ina ndírítear ar dhifríochtaí idir na táirgí íocshláinte tréidliachta cineálacha agus tagartha (mar shampla, comhdhéanamh na dtámhán);

(f) 

athbhreithniú ar an measúnú riosca don chomhshaol, nuair is ábhartha.

IV.1.3. Maidir le hiarratas le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta cineálach ina bhfuil substaint fhrithmhiocróbach, soláthrófar faisnéis ar an leibhéal frithsheasmhachta, mar atá ar eolas ó shonraí bibleagrafacha.

IV.1.4. Maidir le táirge íocshláinte tréidliachta cineálach ina bhfuil substaint fhrithsheadánach, soláthrófar faisnéis ar an leibhéal frithsheasmhachta, mar atá ar eolas ó shonraí bibleagrafacha.

IV.1.5. I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha lena dtabhairt trí bhealaí ionmhatánacha, fochraicneacha nó trasdeirmeacha, cuirfear na sonraí breise seo a leanas ar fáil:

(a) 

fianaise lena léiriú go mbíonn ídiú iarmhar ón suíomh tabhartha ann atá coibhéiseach nó difriúil, rud is féidir a chruthú le staidéir iomchuí ar ídiú iarmhar;

(b) 

fianaise lena léiriú go mbíonn fulaingt ag na spriocainmhithe ag an suíomh tabhartha, rud is féidir a chruthú le staidéir iomchuí ar fhulaingt an sprioc-ainmhí.

IV.2.    Iarratais le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta hibrideacha

IV.2.1. Baineann iarratais bunaithe ar Airteagal 19 (táirge íocshláinte tréidliachta hibrideacha) le táirgí íocshláinte tréidliachta, atá cosúil le táirge íocshláinte tréidliachta tagartha, ach nach gcomhlíonann na dálaí sa sainmhíniú ar tháirgí íocshláinte tréidliachta cineálach.

IV.2.2. Maidir leis na hiarratais sin, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

na sonraí go léir dá dtagraítear i gCodanna 1 agus 2 de Ranna II nó III, de réir mar is iomchuí, den Iarscríbhinn seo;

(b) 

maidir le Codanna 3 agus 4 den sainchomhad, féadfaidh iarratais hibrideacha brath i bpáirt ar thorthaí na staidéar sábháilteachta, staidéar ar iarmhair, staidéar réamhchliniciúil agus trialacha cliniciúla iomchuí le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta tagartha atá údaraithe cheana féin, agus i bpáirt ar shonraí nua. Cuimseofar le sonraí nua measúnú riosca do shábháilteacht úsáideoirí agus measúnú riosca don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 18 (7), más infheidhme. Ina theannta sin, tabharfar aghaidh ar an riosca forbartha frithsheasmhachta, más infheidhme, maidir le táirgí ábhartha (mar shampla oibreáin fhrithmhiocróbacha, frithsheadánaigh).

IV.2.3. I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha (lena n-áirítear táirgí imdhíoneolaíocha), leanfar athbhreithniú comparáideachta cuimsitheach a thabharfaidh aghaidh ar an gcuid a bhaineann le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht.

IV.2.4. I gcás ina ndéantar tagairt do shonraí ó tháirge íocshláinte tréidliachta údaraithe eile, tabharfar údar le húsáid na sonraí sin agus lena n-ábharthacht don táirge nua.

IV.2.5. Braithfidh réim na sonraí nua a bheidh riachtanach chun tacú leis an tsábháilteacht agus leis an éifeachtúlacht ar shaintréithe speisialta an táirge nua ar leith, agus ar na difríochtaí idir é agus an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha, agus déanfar é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás. Cuirfear sonraí nua réamhchliniciúla agus cliniciúla don táirge nua i láthair le haghaidh gach gné i gcás nach soláthraítear tacaíocht ábhartha leis an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha.

IV.2.6. Má dhéantar staidéir nua le baisceanna de tháirge íocshláinte tréidliachta tagartha atá údaraithe i dtríú tír, léireoidh an t-iarratasóir gur údaraíodh an táirge íocshláinte tréidliachta tagartha i gcomhréir le ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a bhunaítear san Aontas, agus go bhfuil siad chomh cosúil sin lena chéile go bhféadfaí iad a chur in ionad a chéile sna staidéir réamhchliniciúla nó i dtrialacha cliniciúla.

IV.3.    Iarratais le haghaidh táirgí comhcheangailte íocshláinte tréidliachta

IV.3.1. Déanfar iarratas ar tháirge comhcheangailte seasta ina bhfuil substaintí gníomhacha aonair, a bhí ina n-ábhar d’údarú margaíochta do tháirge íocshláinte tréidliachta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch roimhe seo, a chur isteach faoi Airteagal 20.

Déanfar comhcheangailte seasta ina bhfuil aon substaint ghníomhach nua amháin ar a laghad nár údaraíodh í go fóill do tháirge íocshláinte tréidliachta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a chur isteach faoi Airteagal 8.

IV.3.2. Maidir le hiarratais a chuirtear isteach faoi Airteagal 20, soláthrófar sainchomhad iomlán ina bhfuil Codanna 1, 2, 3 agus 4.

IV.3.3. Soláthrófar údar eolaíoch iontaofa bunaithe ar phrionsabail theiripeacha bhailí don chomhtháirge substaintí gníomhacha, lena n-áirítear sonraí cliniciúla, lena léirítear an gá le gach substaint ghníomhach agus a rannchuidiú tráth na cóireála.

IV.3.4. Go ginearálta, soláthrófar na sonraí go léir ar an tsábháilteacht agus ar an éifeachtúlacht don chomhtháirge seasta, agus ní gá sonraí sábháilteachta agus éifeachtúlachta do na substaintí gníomhacha leo féin, ach amháin chun a n-airíonna cógaseolaíochta a shoiléiriú.

IV.3.5. I gcás ina bhfuil sonraí ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht substainte gníomhaí aonair atá ar eolas ar fáil don iarratasóir agus méid leordhóthanach mionsonraí iontu, d’fhéadfaí na sonraí sin a sholáthar le go bhféadfaí an gá le roinnt staidéar ar an táirge comhcheangailte seasta, nó faisnéis ábhartha rannchuidithe, a sheachaint. Sa chás sin, déanfar imscrúdú freisin ar idirghníomhú féideartha idir substaintí gníomhacha.

IV.3.6. Déanfar measúnú ar shábháilteacht úsáideoirí, measúnú riosca don chomhshaol, staidéir ar ídiú iarmhar, agus staidéir chliniciúla maidir leis an táirge comhcheangailte seasta.

IV.3.7. S oláthrófar staidéar sábháilteachta maidir le spriocainmhithe i dtaca leis an bhfoirmliú deiridh mura bhfuil údar ann gan é sin a dhéanamh.

IV.4.    Iarratais bunaithe ar thoiliú feasach

IV.4.1. Baineann iarratais bunaithe ar Airteagal 21 le táirgí arb ionann a gcomhdhéanamh, a bhfoirm chógaisíochta agus a modh monaraíochta (lena n-áirítear amhábhair agus ábhair thosaigh, paraiméadair phróisis agus láithreáin mhonaraíochta) agus na táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe cheana féin.

IV.4.2. Ní chuimseofar leis an sainchomhad le haghaidh na n-iarratas sin sonraí le haghaidh Chodanna 1A agus 1B, mar a thugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn I (pointí 1 go 6.4), ar choinníoll gur thug sealbhóir an údaraithe margaíochta don táirge íocshláinte tréidliachta atá údaraithe cheana féin a thoiliú i scríbhinn don iarratasóir tagairt dá bhfuil i gCuid 1C agus i gCodanna 2, 3 agus 4 de shainchomhad an táirge sin. Sa chás sin, ní gá tuarascálacha criticiúla ó shaineolaithe maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht a chur isteach. Soláthródh an t-iarratasóir cruthúnas ar an toiliú i scríbhinn san iarratas.

IV.5.    Iarratais bunaithe ar shonraí bibleagrafacha

IV.5.1. Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a raibh a substaint ghníomhach nó a substaintí gníomhacha in úsáid tréidliachta sheanbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 22, lena mbaineann éifeachtúlacht aitheanta agus leibhéal inghlactha sábháilteachta, beidh feidhm ag na rialacha sonracha seo a leanas.

IV.5.2. Soláthrófar sainchomhad iomlán (ina bhfuil Codanna 1, 2, 3 agus 4). Déanfaidh an t-iarratasóir Codanna 1 agus 2 a chur isteach mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn seo. Maidir le Codanna 3 agus 4, cuirfear isteach bibleagrafaíocht eolaíoch mhionsonraithe mar aon le faisnéis lena léirítear an nasc iomchuí idir tagairtí bibleagrafacha agus an táirge íocshláinte tréidliachta chun aghaidh a thabhairt ar an tsábháilteacht agus ar an éifeachtúlacht. D’fhéadfaí gur ghá roinnt doiciméadachta a bhaineann go sonrach leis an táirge a chur leis na sonraí bibleagrafacha, mar shampla measúnuithe riosca do shábháilteacht úsáideoirí agus don chomhshaol, nó sonraí ó staidéir ar iarmhair chun údar a thabhairt le haon tréimhse aistarraingthe a bheartaítear.

IV.5.3. Beidh feidhm ag na rialacha sonracha a leagtar amach i gCuid IV.5.3.1 go Cuid IV.5.3.12 d’fhonn úsáid tréidliachta sheanbhunaithe a léiriú.

IV.5.3.1. Cuirfear na tosca seo a leanas san áireamh d’fhonn úsáid íocshláinte tréidliachta sheanbhunaithe de chomhábhair táirgí íocshláinte tréidliachta a bhunú:

(a) 

an t-aga ar úsáideadh an tsubstaint ghníomhach go tráthrialta lena linn sa spriocspeiceas de réir an bhealaigh tabhartha agus na réime dáileoga a bheartaítear;

(b) 

gnéithe cainníochtúla d’úsáid na substainte gníomhaí/substaintí gníomhacha, agus a mhéid a úsáideadh an tsubstaint nó na substaintí sa chleachtas, agus fairsinge na húsáide ar bhonn geografach á gcur san áireamh;

(c) 

méid na spéise eolaíochta a léirítear in úsáid na substainte gníomhaí/substaintí gníomhacha (mar a léirítear sa litríocht eolaíoch a fhoilsítear);

(d) 

comhleanúnachas measúnuithe eolaíocha.

IV.5.3.2. D’fhéadfaí go mbeadh tréimhsí ama difriúla de dhíth chun úsáid sheanbhunaithe substaintí gníomhacha difriúla a dhéanamh amach. Cibé ar bith, ní bheidh an tréimhse ama atá de dhíth chun úsáid tréidliachta sheanbhunaithe de chomhábhar táirge íocshláinte a bhunú níos lú ná 10 mbliana ón gcéad úsáid chórasach agus dhoiciméadaithe a bhaintear as an tsubstaint sin mar tháirge íocshláinte tréidliachta san Aontas.

IV.5.3.3. Ní chiallaíonn úsáid tréidliachta úsáid mar tháirge íocshláinte tréidliachta údaraithe go heisiach. Tagraíonn úsáid tréidliachta sheanbhunaithe don úsáid chun críche teiripí sonraí sa spriocspeiceas.

IV.5.3.4. Má mholtar substaint atá in úsáid sheanbhunaithe le haghaidh tásca teiripeacha atá iomlán nua, ní féidir tagairt d’úsáid tréidliachta sheanbhunaithe agus don úsáid sin amháin. Soláthrófar sonraí breise ar an tásc teiripeach nua, mar aon le tástálacha iomchuí ar an tsábháilteacht agus ar iarmhair agus na sonraí réamhchliniciúla agus cliniciúla, agus sa chás sin ní féidir iarratais a dhéanamh bunaithe ar Airteagal 21.

IV.5.3.5. Beidh an doiciméadacht fhoilsithe arna cur isteach ag an iarratasóir le fáil gan srian don phobal agus beidh sé foilsithe ag foinse iontaofa, agus piarmheasúnú déanta air más féidir.

IV.5.3.6. Beidh sonraí leordhóthanacha sa doiciméadacht le go bhféadfar measúnú neamhspleách a dhéanamh air.

IV.5.3.7. Cuimseofar leis an doiciméadacht gach gné den mheasúnú sábháilteachta agus/nó éifeachtúlachta ar an táirge le haghaidh an táisc a bheartaítear sa spriocspeiceas de réir an bhealaigh tabhartha agus na réime dáileoga a bheartaítear. Áireofar ann léirbhreithniú ar an litríocht ábhartha, nó tagairt di, agus cuirfear san áireamh ann staidéir réamh-mhargaithe agus iarmhargaithe agus litríocht eolaíoch fhoilsithe a bhaineann le taithí i bhfoirm staidéir eipidéimeolaíocha agus, go háirithe, staidéir eipidéimeolaíocha chomparáideacha.

IV.5.3.8. Tuairisceofar an doiciméadacht uile, bíodh sí dearfach nó diúltach. Maidir leis na forálacha maidir le húsáid tréidliachta sheanbhunaithe, is gá go háirithe a shoiléiriú go bhféadfar an tagairt bhibleagrafach d’fhoinsí eile fianaise (staidéir iarmhargaithe, staidéir eipidéimeolaíocha, etc.) seachas díreach sonraí a bhaineann le tástálacha agus trialacha, agus iad sin amháin, a úsáid mar chruthúnas bailí ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht táirge má thugann an t-iarratasóir míniú sásúil ar úsáid na bhfoinsí fianaise sin agus má thugann sé údar sásúil leis.

IV.5.3.9. Ní féidir a mheas go soláthraítear faisnéis leordhóthanach i dtuarascálacha poiblí ar mheasúnuithe ná achoimrí de thoradh saoráil faisnéise, cé is moite den tuarascáil ar an measúnú arna foilsiú ag an nGníomhaireacht tar éis measúnú a dhéanamh ar iarratas le haghaidh uasteorainneacha iarmhar a bhunú, a bhféadfar í a úsáid mar litríocht ar bhealach iomchuí, go háirithe le haghaidh na dtástálacha sábháilteachta.

IV.5.3.10. Tabharfar aird ar leith ar aon fhaisnéis atá in easnamh, agus tabharfar údar leis an bhfáth ar féidir tacú le léiriú ar leibhéal inghlactha sábháilteachta agus/nó éifeachtúlachta cé go bhfuil cuid den fhaisnéis in easnamh.

IV.5.3.11. Míneofar sna tuarascálacha ó na saineolaithe criticiúla maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht ábharthacht aon sonraí a chuirtear isteach, a bhaineann le táirge atá difriúil leis an táirge a mbeartaítear é a chur ar an margadh. Déanfar breithiúnas maidir le cibé an féidir nó nach féidir an táirge a ndearnadh staidéar air sa bhibleagrafaíocht a nascadh go sásúil nó go heolaíoch leis an táirge arb ina leith a ndearnadh an t-iarratas ar údarú margaíochta d’ainneoin na difríochtaí atá ann cheana.

IV.5.3.12. Tá tábhacht faoi leith ag baint le taithí iarmhargaithe a bhaineann le táirgí eile ina bhfuil na comhábhair chéanna agus cuirfidh iarratasóirí béim ar leith ar an tsaincheist seo.

IV.6.    Iarratais le haghaidh margaí teoranta

IV.6.1. Féadfar údarú margaíochta a dheonú le haghaidh margadh teoranta in éagmais sonraí cuimsitheacha sábháilteachta agus/nó éifeachtúlachta i gcás, dá ndéantar foráil in Airteagal 23, ina léiríonn an t-iarratasóir go bhfuil sé i gceist an táirge a úsáid i margadh teoranta agus gur mó an buntáiste an táirge nua a bheith ar fáil ná an riosca a bhaineann le cuid de na sonraí sábháilteachta nó éifeachtúlachta a éilítear leis an Iarscríbhinn seo a fhágáil ar lár.

IV.6.2. Maidir leis na hiarratais sin, déanfaidh an t-iarratasóir Codanna 1 agus 2 a chur isteach mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn seo.

IV.6.3. Maidir le Codanna 3 agus 4, féadfar cuid de na sonraí sábháilteachta nó éifeachtúlachta a éilítear leis an Iarscríbhinn seo a fhágáil ar lár. A mhéid a bhaineann le fairsinge na sonraí sábháilteachta agus éifeachtúlachta a fhéadfar a fhágáil ar lár, tabharfar aird ar an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht.

IV.7.    Iarratais in imthosca eisceachtúla

IV.7.1. In imthosca eisceachtúla a bhaineann le sláinte ainmhithe nó leis an tsláinte phoiblí, féadfar údarú margaíochta a dheonú faoi Airteagal 25 le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta, faoi réir oibleagáidí, coinníollacha agus/nó srianta sonracha áirithe.

IV.7.2. Maidir leis na hiarratais sin, déanfaidh an t-iarratasóir Cuid 1 a chur isteach mar a thuairiscítear san Iarscríbhinn seo, mar aon le húdar leis an bhfáth ar mó an buntáiste a bhaineann leis an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann a bheith ar fáil láithreach ar an margadh ná an riosca atá ann toisc nár soláthraíodh doiciméadacht cháilíochta, sábháilteachta ná éifeachtúlachta.

IV.7.3. Maidir le Codanna 2, 3 agus 4, féadfar sonraí áirithe cáilíochta, sábháilteachta nó éifeachtúlachta a éilítear leis an Iarscríbhinn seo a fhágáil ar lár, más rud é go léiríonn an t-iarratasóir údar nach féidir na sonraí sin a sholáthar tráth a bhfuil an t-iarratas á chur isteach. Chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a shainaithint maidir le gach iarratas den sórt sin, tabharfar aird ar an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht.

IV.7.4. Féadfar staidéir iarúdaraithe a iarraidh mar chuid de na coinníollacha le haghaidh údarú margaíochta, agus déanfar iad a dhearadh, a reáchtáil, a anailísiú agus a chur i láthair de réir na bprionsabal ginearálta le haghaidh tástálacha cáilíochta, sábháilteachta agus éifeachtúlachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, agus i ndoiciméid treoraíochta ábhartha, mar is infheidhme ag brath ar an tsaincheist ar a dtabharfar aghaidh sa staidéar.

ROINN V

CEANGLAIS MAIDIR LE hIARRATAIS AR ÚDARÚ MARGAÍOCHTA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE TRÉIDLIACHTA ÁIRITHE

Leagtar síos sa Roinn seo ceanglais shonracha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta sainaitheanta a bhaineann le cineál na substaintí gníomhacha atá iontu.

V.1.    Táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe

V.1.1    Ceanglais ghinearálta

V.1.1.1. Ag brath ar an tsubstaint ghníomhach agus ar an mód gníomhaíochta, féadfaidh táirge íocshláinte tréidliachta nuatheiripe teacht faoi aon cheann de na trí chatagóir táirgí:

(a) 

táirgí íocshláinte tréidliachta seachas táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha;

(b) 

táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha seachas táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha;

(c) 

táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha.

V.1.1.2. De ghnáth, cloífidh iarratais ar údarú margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 (43), leis an bhformáid agus leis na ceanglais maidir le sonraí a dtugtar tuairisc orthu i Ranna II nó III den Iarscríbhinn seo ag brath ar an gcaoi a ndéantar an nuatheiripe a chatagóiriú. Soláthrófar sainchomhad iomlán ina bhfuil Codanna 1, 2, 3 agus 4 de ghnáth i gcomhréir leis na ceanglais a bhfuil tuairisc orthu i Ranna II nó III agus in aon treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Féadfar diallais ó cheanglais na hIarscríbhinne seo a cheadú nuair a bhíonn údar leo. I gcás inarb iomchuí agus sainiúlachtaí táirgí nuatheiripe á gcur san áireamh, féadfaidh ceanglais bhreise a bheith ábhartha le haghaidh cineálacha áirithe táirgí.

V.1.1.3. Comhlíonfaidh na modhanna monaraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe prionsabail an Dea-Chleachtais Monaraíochta a chuirtear in oiriúint, i gcás inar gá, chun cineál sonrach na dtáirgí sin a léiriú. Tarraingeofar suas treoirlínte a bhaineann go sonrach le táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe chun cineál sonrach a modha monaraíochta a léiriú i gceart.

V.1.1.4. De réir cineál sonrach táirge nuatheiripe, d’fhéadfadh rioscaí sonracha a bheith ag baint le húsáid an táirge. Sainaithneofar na rioscaí sin trí mhodheolaíocht próifílithe rioscaí a chur i bhfeidhm chun na rioscaí is gné dhílis den táirge sonrach a shainaithint chomh maith leis na tosca riosca a chuireann leis na rioscaí sin. Sa chomhthéacs sin, chuimseofaí le rioscaí aon éifeacht neamhfhabhrach a d’fhéadfaí a chur i leith úsáid an táirge nuatheiripe is cás leis an spriocphobal agus/nó leis an úsáideoir, leis an tomhaltóir, agus/nó leis an gcomhshaol. Féadfar an fhorbairt iomlán a chuimsiú san anailís ar rioscaí. Cuimsítear leis na tosca riosca is féidir a bhreithniú bunús an ábhair tosaigh (cealla etc.), an mód gníomhaíochta san ainmhí (iomadú, tosú ar fhreagairt imdhíonachta, buaine sa chorp, etc.), leibhéal ionramhála ceall (mar shampla, an modh monaraíochta), cónascadh na substainte gníomhaí le móilíní bithghníomhacha nó ábhair struchtúracha, fairsinge na hinniúlachta macasamhlúcháin de víris nó de mhiocrorgánaigh a úsáidtear in vivo, leibhéal comhtháthaithe seicheamh aigéad núicléasach nó géinte sa ghéanóm, an fheidhmiúlacht fhadama, an riosca oncaigéineach, na héifeachtaí nár bhain an sprioc amach, agus an mód tabhartha nó úsáide.

V.1.1.5. Bunaithe ar an meastóireacht ar an bhfaisnéis faoi na rioscaí agus na tosca riosca a shainaithnítear, bunófar próifíl shonrach de gach riosca ar leith a bhaineann le táirge sonrach agus féadfar í a úsáid lena dhearbhú cén chaoi a dtugann an tacar sonraí a sholáthraítear na dearbhuithe riachtanacha maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht agus le húdar a thabhairt leis sin agus go bhfuil sé leormhaith chun tacú le hiarratas ar údarú margaíochta, go háirithe le haghaidh na ngnéithe sin de tháirgí nuatheiripe atá thar an eolas atá ann faoi láthair.

V.1.1.6. Féadfar cur chun feidhme beart nó staidéar iarúdaraithe a bhreithniú ar bhonn cás ar chás chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sna sonraí nó éiginnteachtaí tráth údaraithe an táirge. Chun comharthaí luatha nó moillithe de fhrithghníomhartha díobhálacha a bhrath, chun iarmhairtí cliniciúla de na frithghníomhartha sin a chosc agus chun cóireáil thráthúil a áirithiú agus chun faisnéis a fháil ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht fhadtéarmach táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe, tabharfar mionsonraí i bplean bainistithe riosca ar na bearta a bheartaítear chun an obair leantach sin a áirithiú.

V.1.1.7. Maidir le haon táirge nuatheiripe, go háirithe na táirgí siúd a mheastar gur réimse nuaghinte iad sa tréidliacht, moltar comhairle na Gníomhaireachta a lorg go tráthúil roimh shainchomhad an údaraithe margaíochta a chur isteach chun an táirge a aicmiú, an struchtúr comhaid infheidhme a chinneadh, agus faisnéis ábhartha a fháil ar an tacar sonraí breise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun tacú le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht.

V.1.2.    Ceanglais cháilíochta

V.1.2.1. De ghnáth, cuirfear isteach tuairisc ar an gcomhdhéanamh, an modh monaraíochta, comhsheasmhacht an táirgthe, rialuithe ar ábhair thosaigh, rialuithe a chuirtear chun feidhme le linn an mhodha monaraíochta, tástáil ar an táirge críochnaithe lena n-áirítear cur chun feidhme tástáil gníomhaíochta nó cainníochtú den tsubstaint ghníomhach agus sonraí cobhsaíochta.

V.1.2.2. De ghnáth, beidh na ceanglais maidir le sonraí i dtaca le monaraíocht agus tástáil ar tháirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe de bhunús bitheolaíoch agus a aicmítear mar tháirge bitheolaíoch nó mar tháirge imdhíoneolaíoch i gcomhréir leo siúd le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha nó imdhíoneolaíocha (mar a thugtar tuairisc orthu i gCuid III den Iarscríbhinn seo) lena n-áirítear an gá le tástáil neartúlachta ábhartha. D’fhéadfaí go mbeadh ceanglais bhreise infheidhme i gcásanna áirithe, mar shampla cealla agus comhstruchtúir DNA veicteora.

V.1.2.3. Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nuatheiripe a chruthaítear le sintéis cheimiceach, is iad na ceanglais maidir le sonraí atá infheidhme i leith táirgí íocshláinte tréidliachta seachas táirgí bitheolaíocha (mar a thugtar orthu i gCuid II den Iarscríbhinn seo) a bhíonn infheidhme de ghnáth. D’fhéadfaí go mbeadh ceanglais bhreise infheidhme i gcásanna áirithe, mar shampla measúnacht neartúlachta ábhartha.

V.1.3.    Ceanglais sábháilteachta

V.1.3.1. Ag brath ar chineál an táirge agus a úsáid bheartaithe, d’fhéadfadh sonraí breise a bheith ábhartha chun meastóireacht a dhéanamh ar an tsábháilteacht don sprioc-ainmhí, don úsáideoir, don tomhaltóir nó don chomhshaol de réir mar a chinntear in anailís riosca i ngach cás.

V.1.3.2. Cuirfear ceanglais Threoir 2001/18/CE san áireamh i gcás ina bhféadfadh an t-ainmhí a gcuirtear cóireáil air teacht chun a bheith ina orgánach géinmhodhnaithe. Cé go mbaineann Treoir 2001/18/CE le táirgí críochnaithe ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, tá sé ar an treoir theicniúil is fearr atá ann faoi láthair maidir leis na sonraí riachtanacha a liostú. Go háirithe, príomh-shaincheist is ea ráta comhtháthaithe DNA i ngaiméití (in-tarchurtha don sliocht ar an gcaoi sin) nó tarchur féideartha na gceall géinmhodhnaithe don sliocht. Sonrófar freisin nach bhfuil an fhadhb seo go díreach mar an gcéanna agus ainmhithe coimhdeachta agus bia-ainmhithe (táirgí ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe á n-ithe ag daoine) á gcur san áireamh.

V.1.3.3. Maidir le substaintí a bhfuil sé beartaithe iad a chomhtháthú sa ghéanóm nó an géanóm a mhodhnú leo, déanfar tástálacha chun meastóireacht a dhéanamh ar an riosca de mhodhnuithe nár bhain an sprioc amach agus/nó de shó-ghineas ionlocach.

V.1.4.    Ceanglais éifeachtúlachta

V.1.4.1. Tá difríochtaí idir na ceanglais maidir le sonraí i dtaca leis an éifeachtúlacht ag brath go príomha ar na tásca a bheartaítear don úsáid sa spriocspeiceas. Ag brath ar aicmiú an táirge nuatheiripe agus ar an úsáid a bheartaítear sa spriocspeiceas, d’fhéadfadh na ceanglais éifeachtúlachta a leagtar amach i gCodanna II nó III a bheith infheidhme maidir le táirge íocshláinte tréidliachta nuatheiripe.

V.1.4.2. Tacófar leis na tásca a mhaítear le sonraí iomchuí sa spriocspeiceas.

V.1.5.    Ceanglais shonracha maidir le sonraí le haghaidh cineálacha áirithe táirgí nuatheiripe

V.1.5.1.    Prionsabail

V.1.5.1.1 . Agus sainiúlachtaí táirgí nuatheiripe á gcur san áireamh, d’fhéadfaí gurbh iomchuí ceanglais shonracha de bhreis ar na ceanglais chaighdeánacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht.

V.1.5.1.2. Cuirtear i dtábhacht sna ranna seo a leanas ceanglais shonracha atá le cur san áireamh maidir le cineál áirithe táirgí nuatheiripe. Léirítear leis na ceanglais shonracha sin a bhunaítear maidir le cineál áirithe táirge nuatheiripe liosta neamh-uileghabhálach de cheanglais a bhféadfaí gur ghá iad a chur in oiriúint don táirge sonrach lena mbaineann ar bhonn cás ar chás agus bunaithe ar anailís riosca.

V.1.5.1.3. I ngach cás agus go háirithe maidir le nuatheiripí a meastar gur teiripí nuaghinte iad i réimse na tréidliachta, beidh ar iarratasóirí staid reatha an eolais íocshláinte tréidliachta agus an treoraíocht eolaíoch arna foilsiú ag an nGníomhaireacht agus ag an gCoimisiún a chur san áireamh, i gcomhréir le Cuid I den Iarscríbhinn seo.

V.1.5.2.    Táirgí íocshláinte tréidliachta géinteiripe

V.1.5.2.1. Is táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha iad táirgí géinteiripe ina bhfuil substaint ghníomhach ina bhfuil aigéad núicléasach athchuingreach, nó atá comhdhéanta d’aigéad núicléasach athchuingreach, a úsáidtear in ainmhithe nó a thugtar dóibh chun seicheamh géiniteach a rialáil, a dheisiú, a ionadú, cur leis, nó é a scriosadh. Baineann a n-éifeacht theiripeach, phróifiolacsach nó dhiagnóiseach go díreach leis an seicheamh aigéid núicléasaigh athchuingrigh atá iontu, nó le táirge léiriú na géine den seicheamh sin.

V.1.5.2.2. De bhreis ar na ceanglais maidir le sonraí a leagtar amach i gCodanna II nó III, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

soláthrófar faisnéis ar na hábhair thosaigh go léir a úsáidtear chun an tsubstaint ghníomhach a mhonarú, lena n-áirítear na táirgí atá riachtanach do mhodhnú géiniteach ceall, mar is infheidhme, saothrú agus caomhnú na gceall géinmhodhnaithe ina dhiaidh sin, agus easpa fhéideartha céimeanna íonúcháin á gcur san áireamh;

(b) 

maidir le táirgí ina bhfuil miocrorgánach nó víreas, soláthrófar sonraí ar an modhnú géiniteach, anailís ar sheicheamh, maolú nimhneachta, trópacht le haghaidh fíocháin shonracha agus cineálacha sonracha ceall, spleáchas timthrialla cille an mhiocrorgánaigh nó an víris, pataigineacht agus saintréithe an mháthar-thréithchineáil;

(c) 

tabharfar tuairisc ar eisíontais a bhaineann le próisis agus ar eisíontais a bhaineann le táirgí sna ranna ábhartha den sainchomhad agus go háirithe éilleáin víris atá inniúil ar mhacasamhlú más rud é go ndeartar an veicteoir le bheith neamhinniúil ar mhacasamhlú;

(d) 

maidir le plasmaidí, déanfar cainníochtú ar na foirmeacha plasmaide difriúla ar feadh sheilfré an táirge;

(e) 

maidir le cealla géinmhodhnaithe, déanfar tástáil ar shaintréithe na gceall roimh an modhnú géiniteach agus ina dhiaidh, agus roimh aon nós imeachta reoite/stórála agus ina dhiaidh. Maidir le cealla géinmhodhnaithe, de bhreis ar na ceanglais shonracha maidir le táirgí íocshláinte géinteiripe, beidh feidhm ag na ceanglais cháilíochta maidir le táirgí íocshláinte teiripe cille agus táirgí a gineadh de thoradh innealtóireacht fíocháin;

(f) 

is gá ionsánna neamh-spriocdhírithe (a mbíonn, mar shampla, siadaí/ailse, mífheidhmithe meitibileacha ina dtoradh orthu) agus só-ghineas ionlocach agus géineatocsaineacht (ionsá gnéithe géiniteacha agus léiriú próitéiní modhnaithe DNA mar mheáin iompair fo-iarsmaí géineatocsaineacha) sa spriocspeiceas a chur san áireamh;

(g) 

soláthrófar staidéir tarchurtha geirmlíne, ach amháin mura bhfuil údar leis.

V.1.5.3.    Míochaine athghiniúnach, innealtóireacht fíochán agus táirgí íocshláinte tréidliachta teiripe cille

V.1.5.3.1. Meastar go gcuimsítear le cógais athghiniúnacha réimse fairsing táirgí agus teiripí a bhfuil mar chuspóir ginearálta acu feidhmeanna a thabhairt ar ais. Áirítear leis na cógais sin teiripí cillbhunaithe lena n-áirítear táirgí a gineadh de thoradh innealtóireacht fíocháin.

V.1.5.3.2. Is táirgí íocshláinte tréidliachta bitheolaíocha iad táirgí íocshláinte tréidliachta teiripe ceall ina bhfuil cealla nó fíocháin, nó atá comhdhéanta de chealla nó d’fhíocháin, a bhí faoi réir ionramháil shubstaintiúil ó thaobh cineáil nó feidhme de lenar mionathraíodh saintréithe bitheolaíocha, feidhmeanna fiseolaíocha nó airíonna struchtúracha ábhartha don úsáid chliniciúil bheartaithe, nó de chealla nó d’fhíocháin nach mbeartaítear iad a úsáid don fheidhm fhíor-riachtanach chéanna ná do na feidhmeanna fíor-riachtanacha céanna san fhaighteoir agus sa deontóir. Cuirtear i láthair go bhfuil airíonna acu, nó go n-úsáidtear iad in ainmhithe nó go dtugtar iad d’ainmhithe, chun galar a chóireáil, a chosc nó a dhiagnóisiú trí ghníomhaíocht chógaseolaíoch, imdhíoneolaíoch nó mheitibileach a gceall nó a bhfíochán nó chun fíochán a athghiniúint, a dheisiú nó a ionadú.

V.1.5.3.3. De bhreis ar na ceanglais maidir le sonraí a leagtar amach i gCodanna II nó III, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

soláthrófar faisnéis achoimre ar sholáthar agus ar thástáil an fhíocháin agus na gceall ainmhíoch a úsáidtear mar ábhair thosaigh. Má úsáidtear cealla nó fíocháin míshláintiúla mar ábhair thosaigh, tabharfar údar lena n-úsáid;

(b) 

tabharfar aghaidh ar an inathraitheacht fhéideartha a thugtar isteach trí na fíocháin agus na cealla ainmhíocha mar chuid de bhailíocht an mhodha monaraíochta, saintréithriú na substainte gníomhaí agus an táirge chríochnaithe, forbairt measúnachtaí, leagan amach sonraíochtaí agus cobhsaíochta;

(c) 

maidir le modhnú géiniteach na gceall, beidh feidhm ag na ceanglais theicniúla a shonraítear le haghaidh táirgí géinteiripe;

(d) 

soláthrófar faisnéis ábhartha maidir le saintréithriú an phobail ceall nó an mheascáin ceall i dtéarmaí céannachta, íonachta (mar shampla gníomhaithe coimhthíocha agus éilleáin cheallacha), inmharthanacht, neartúlacht, crómasómeolaíocht, siadaighineacht agus oiriúnacht don úsáid íocshláinte bheartaithe. Léireofar cobhsaíocht ghéiniteach na gceall;

(e) 

déanfar imscrúdú ar thionchar agus ar idirghníomhuithe aon chomhpháirte ar dócha go n-idirghníomhóidh sí (go díreach nó mar thoradh ar dhíghrádú nó ar mheitibileacht) leis an tsubstaint ghníomhach;

(f) 

i gcás ina bhfuil struchtúr tríthoiseach ina chuid den fheidhm a bheartaítear, beidh an staid difreála, eagrúchán struchtúrach agus feidhmiúil na gceall agus, i gcás inarb infheidhme, an mhaitrís eachtarcheallach a ghinfear ina gcuid den saintréithriú le haghaidh na dtáirgí cillbhunaithe sin.

V.1.5.4.    Táirge íocshláinte tréidliachta a dheartar go sonrach le haghaidh teiripe bhaictéarafagach

V.1.5.4.1 . Is víris iad baictéarafagaigh a bhíonn ag brath ar óstaigh bhaictéaracha le hiomadú agus gníomhaíonn siad ar bhealach an-sonrach ar thréithchineálacha baictéaracha áirithe. Féadfar teiripe bhaictéarafagach a úsáid mar mhalairt ar antaibheathaigh, mar shampla. De ghnáth, cuimsítear le baictéarafagach géanóm ina bhfuil DNA nó RNA aon ribe amháin nó dhá ribe, atá imchochlaithe le caipsid phróitéine. I ngeall ar éagsúlacht na spriocanna beartaithe don chóireáil agus sainiúlacht na mbaictéarafagach, ní mór an tréithchineál oiriúnach baictéarafagaigh a roghnú le haghaidh an tréithchineáil baictéarafagaigh is cúis le galar ar bhonn cás ar chás don ráig ghalair ar leith.

V.1.5.4.2 Féadfar de ghnáth cáilíocht agus cainníocht na mbaictéarafagach atá le húsáid sa táirge críochnaithe a athrú. Dá bhrí sin, ní hiondúil go mbeidh ann do chomhdhéanamh seasta cáilíochtúil agus cainníochtúil baictéarafagach mar ní mór na baictéarafagaigh a chur in oiriúint ar bhonn leanúnach. Bunaithe air sin, ní mór síolstoc baictéarafagach a bhunú agus a choinneáil ar bun (inchomparáide le cur chuige bunaithe ar thréithchineálacha iolracha).

V.1.5.4.3. Más féidir, déanfar baictéarafagaigh chomh maith le baictéir óstaigh/máistir-chillbhainc don mhonaraíocht a tháirgeadh bunaithe ar chóras máistirshíl. Soláthrófar deimhniú gur baictéarafagach líseasach é an baictéarafagach a úsáidtear.

V.1.5.4.4. Léireofar ar gach máistirshíol an easpa géine/géinte frithsheasmhachta agus an easpa géinte ina bhfuil códú le haghaidh tosca nimhneachta.

V.1.5.4.5. Bainfidh an tásc le cóireáil phróifiolacsach, mheitifiolacsach agus/nó theiripeach ar ionfhabhtú nó galar ionfhabhtaíoch sonrach amháin nó níos mó. Baineann éifeachtúlacht na cóireála le gníomhaíocht líseasach na mbaictéarafagach lena dtugtar don ghníomhaíocht bhaictéiricídeach ar na baictéarafagaigh sin sainiúlacht don tréithchineál baictéarach lena mbaineann.

V.1.5.4.6. Tabharfar tuairisc ar an modhnú géiniteach i gcás baictéarafagaigh ghéinmhodhnaithe.

V.1.5.5. Táirgí íocshláinte tréidliachta ag eascairt as nanaitheicneolaíochtaí

V.1.5.5.1. Breathnaítear ar nanaitheicneolaíochtaí go príomha mar theicneolaíocht chun iompróirí a ghiniúint le haghaidh substaintí a shintéisítear go ceimiceach ach d’fhéadfaidís a bheith ina n-iompróirí de shubstaintí bitheolaíocha freisin. D’fhéadfadh sé go bhféadfaí nanacháithníní a úsáid chun an seachadadh substaintí ar intuaslagthacht íseal nó comhdhúile tocsaineacha a rialú.

V.1.5.5.2. Baineann an “nanaitheicneolaíocht” le dearadh, saintréithriú, agus táirgeadh nana-ábhar trí chruth agus méid a rialú ar an nanascála (suas le thart ar 100 nm).

V.1.5.5.3. Meastar go bhfuil dhá thoise nó níos mó ag nanacháithníní ar an nanascála.

V.1.5.5.4. I réimse na tréidliachta, tá nanacháithníní le haghaidh córas tugtha cógas ábhartha mar “tháirgí ag eascairt as nanaitheicneolaíochtaí”: déantar nanacháithníní a chomhchuingiú le substaintí chun na hairíonna cógaschinéiteacha agus/nó cógasdinimiciúla a athrú. Déantar drugaí mRNA a imchochlú i gcórais seachadta nanacháithníní.

V.1.5.5.5. De bhreis ar na ceanglais cháilíochta maidir le sonraí a leagtar amach i gCodanna II nó III, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

dearbhófar méid-dáileachán na gcáithníní;

(b) 

úsáidfear tástáil in vitro oiriúnach dá bhfeidhm agus dá n-inniúlacht seachadta fhéideartha (más rud é go n-úsáidfear iad mar an córas tugtha cógas).

V.1.5.5.6. Maidir le sábháilteacht, d’fhéadfadh na cineálacha guaise a thugtar isteach mar thoradh ar nanacháithníní a úsáid le haghaidh tabhairt cógas a bheith thar na guaiseacha traidisiúnta de bharr ceimiceán i maitrísí seachadta traidisiúnta. Dá bhrí sin, cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh maidir le sábháilteacht:

(a) 

D’fhéadfadh na nanacháithníní le haghaidh thabhairt na gcógas dul i bhfeidhm ar thocsaineacht an táirge íocshláinte. Tá tocsaineacht na substainte gníomhaí ríthábhachtach don táirge, ach cuirfear san áireamh freisin tocsaineacht an nanacháithnín chun an cógas a thabhairt, mar d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis le rioscaí sonracha (ceirtleáin, cíteatocsaineacht), d’fhéadfaidís eisíontais a thabhairt isteach mar thoradh ar asúchán, d’fhéadfaidís ábhair thocsaineacha a ghiniúint mar thoradh ar dhíghrádú nó intuaslagú, nó d’fhéadfaí iad a aistriú trí bhacainn fhiseolaíoch (bacainn haemait-enceifealain, bacainn fhéatach-phlacainteach, cillscannáin agus scannáin núicléacha, etc.). Sa chomhthéacs seo:

(i) 

i gcás ina dtrasnaítear bacainní fiseolaíocha, déanfar tionchar na nanacháithníní maidir le tabhairt cógas ar an orgán comhfhreagrach nó na horgáin chomhfhreagracha a imscrúdú;

(ii) 

déanfar tionchar ceirtleán a imscrúdú sna sprioc-orgáin dhifriúla, agus díreofar go háirithe ar an riosca eambólachta sna fuileadáin níos lú;

(iii) 

d’fhéadfaí saincheisteanna sábháilteachta na nanacháithníní don tabhairt cógas a nascadh le héifeacht charnach, próifíl díghrádúcháin nó marthanacht sa chorp lena mbaineann éifeachtaí diúltacha ar fheidhmeanna na sprioc-orgán;

(iv) 

d’fhéadfaí saincheisteanna sábháilteachta a bhrath ar leibhéal na gceall freisin. D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh sé ar chumas na gceall na nanacháithníní a aistrítear tríd an gcillscannán a dhíothú, rud is cúis le cíteatocsaineacht go háirithe trí ionduchtú struis ocsaídiúcháin. Beifear in ann leis na measúnachtaí tocsaineolaíochta atá le cur chun feidhme measúnú a dhéanamh ar an gcíteatocsaineacht sin agus ar ghnéithe gaolmhara, amhail giniúint saorfhréamhacha tocsaineacha agus bithmharthanacht.

(b) 

D’fhéadfadh próifíl tocsaineolaíochta na substaintí gníomhacha i nanacháithníní don seachadadh cógas a bheith difriúil mar d’fhéadfaí iad a dháileadh sna horgáin inmheánacha éagsúla ar bhealaí difriúla (intuaslagthacht dhifriúil i maitrísí bitheolaíocha), nó toisc go bhféadfaidís bacainní bitheolaíocha éagsúla sa chorp a thrasnú gan choinne, amhail bacainn na hinchinne.

(c) 

D’fhéadfaí gur mheasa na fo-iarsmaí a bhaineann leis na substaintí gníomhacha nuair a sheachadtar le nanacháithníní iad.

(d) 

Aithníodh saincheisteanna sábháilteachta imdhíonachta amhail tocsaineacht imdhíonachta (dochar díreach do chealla imdhíonacha), spreagadh imdhíonachta, sochtadh imdhíonachta agus imdhíon-mhodhnúchán (amhail gníomhachtú comhlánach, athlasadh, gníomhachtú na himdhíonachta inbheirthe nó oiriúnaitheach) le haghaidh nanaimhíochainí cheana féin.

(e) 

Cuirfear san áireamh cumas nanacháithníní a bheith ina gcúis le frithghníomhuithe athlastacha nó ailléirgeacha. D’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcumas dul isteach san fhuil agus frithghníomhuithe ailléirgeacha a spreagadh téachtadh ionsoithíoch scaipthe nó fibrinealú mar aon le hiarmhairtí breise amhail trombóis. Seiceálfar heamat-chomhoiriúnacht na nanacháithníní dá bhrí sin.

V.1.5.6.    Táirgí teiripe frithbhríche RNA agus teiripe trasnaíochta RNA

V.1.5.6.1. Féadfar táirgí frithbhríche agus teiripe trasnaíochta a ghiniúint le sintéis nó trí theicnící athchuingreacha.

V.1.5.6.2. RNA aon ribe amháin is ea RNA frithbhríoch atá comhlántach le teachtaire RNA códaithe próitéine lena ndéanann sé hibridiú, agus ar an gcaoi sin cuireann sé bac ar a aistriú ina phróitéin.

V.1.5.6.3. Próiseas bitheolaíoch is ea trasnaíocht RNA ina gcuireann móilíní RNA bacainn ar léiriú nó aistriú géine trí mhóilíní mRNA spriocdhírithe a neodrú.

V.1.5.6.4. De bhreis ar na ceanglais maidir le sonraí a leagtar amach i gCodanna II nó III, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

ní mór an méid íosta deighleog RNA de réir toirte a dhearbhú mar chuid de thástálacha rialaithe ar an táirge críochnaithe, mar aon lena dheimhniú go bhfuil na deighleoga RNA sa seicheamh ceart;

(b) 

maidir le táirgí teiripe frithbhríche áirithe a thagann faoi Roinn II den Iarscríbhinn seo, d’fhéadfaí go mbeadh gá le bithmheasúnacht neartúlachta le haghaidh na tástála scaoilte;

(c) 

cuimseofar le staidéir chobhsaíochta tástáil chun faireachán a dhéanamh ar ráta díghrádaithe na ndeighleog RNA le himeacht ama;

(d) 

maidir le táirgí teiripe frithbhríche RNA, tabharfar aghaidh ar na héifeachtaí díobhálacha féideartha i ngeall ar nascadh a bhain nó nár bhain an sprioc amach chomh maith le héifeachtaí díobhálacha féideartha nach mbaineann le teiripe fhrithbhríoch i ngeall ar bhailiú, freagairtí réamh-athlastacha agus nascadh aptaiméire, mar shampla;

(e) 

maidir le táirgí teiripe trasnaíochta trí mheán RNA (RNAi), tabharfar aghaidh ar éifeachtaí díobhálacha féideartha na trasnaíochta nár bhain amach an sprioc (i ngeall ar an ribe dhearfach RNAi), mar aon leis an bhféidearthacht go bhféadfaí an bhacainn idir an fhuil agus an inchinn a thrasnú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le neamhoird de chuid lárchóras na néaróg;

(f) 

maidir le táirgí teiripe frithbhríche RNA agus teiripe trasnaíochta RNA a bheartaítear don ghéinteiripe, cuirfear san áireamh na ceanglais maidir le táirge íocshláinte tréidliachta géinteiripe.

V.2.    Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne

Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha áirithe agus de mhaolú ar Roinn IIIb, Cuid 2, tugtar isteach coincheap an Mháistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne.

V.2.1. Prionsabail

V.2.1.1. Chun críche na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn Máistirchomhad Antaiginí Vacsaíne cuid saorsheasaimh den sainchomhad iarratais ar údarú margaíochta do vacsaín, ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha cháilíochta uile maidir le gach ceann de na substaintí gníomhacha atá ina gcuid den táirge íocshláinte tréidliachta. Is ceadmhach baint a bheith ag an gcuid saorsheasaimh sin le ceann amháin nó níos mó de na vacsaíní aonfhiúsacha agus/nó de na vacsaíní comhcheangailte a chuireann an t-iarratasóir céanna nó sealbhóir an údaraithe margaíochta céanna isteach.

V.2.1.2. Tá sé roghnach Máistirchomhad Antaiginí Vacsaíne a úsáid. I gcás vacsaíní comhcheangailte, sonrófar an antaigin/na hantaiginí vacsaíne atá le cur san áireamh i Máistirchomhd Antaiginí Vacsaíne nó Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne agus beidh gá le Máistirchomhad Antaiginí Vacsaíne ar leith le haghaidh gach ceann díobh.

V.2.1.3. Comhlíonfaidh tíolacadh agus formheas Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht.

V.2.2. Ábhar

Beidh sa Mháistirchomhad Antaiginí Vacsaíne an fhaisnéis i gCuid V.2.2.1 go Cuid V.2.3.3 a bhaintear ó na ranna ábhartha de Chuid 1 (Achoimre ar an sainchomhad) agus de Chuid 2 (Doiciméadacht cháilíochta) mar a leagtar amach i Roinn IIIb den Iarscríbhinn seo:

V.2.2.1. Achoimre ar an sainchomhad (Cuid 1)

Tabharfar ainm agus seoladh an mhonaróra nó na monaróirí agus an láithreáin nó na láithreán a mbeidh baint acu le céimeanna difriúla na monaraíochta agus an rialaithe ar an tsubstaint ghníomhach, mar aon le cóipeanna de na húdaruithe monaraíochta comhfhreagracha.

V.2.2.2. Sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla na gcomhábhar (Cuid 2.A)

Soláthrófar ainm cruinn iomlán na substainte gníomhaí (mar shampla, tréithchineál víris nó baictéir, antaigin), ar an gcaoi chéanna is a luaitear é in aon táirge críochnaithe. Sonrófar faisnéis ar fhorbairt táirge atá ábhartha don tsubstaint ghníomhach.

V.2.2.3. Tuairisc ar an modh monaraíochta (Cuid 2.B)

Soláthrófar tuairisc ar an modh monaraíochta don tsubstaint ghníomhach lena n-áirítear bailíochtú na n-eochairchéimeanna táirgthe agus údar, más ábhartha, le haon stóras inmheánach a bheartaítear. Maidir le vacsaíní díghníomhaithe, soláthrófar sonraí atá ábhartha do chéim an díghníomhaithe, lena n-áirítear bailíochtú phróiseas an díghníomhachtú.

V.2.2.4. Táirgeadh ábhar tosaigh agus rialú orthu (Cuid 2.C)

V.2.2.4.1. Beidh feidhm ag na ceanglais chaighdeánacha a dtugtar tuairisc orthu i Roinn IIIb.2C agus atá ábhartha don tsubstaint ghníomhach.

V.2.2.4.2 . Soláthrófar faisnéis ar an tsubstaint ghníomhach (mar shampla, tréithchineál den víreas/de na baictéir), ar an tsubstráit nó ar na substráití (cealla, meán saothrúcháin) agus ar na hamhábhair go léir (pharmacopoeia nó neamh-pharmacopoeia, bhitheolaíocha nó neamh-bhitheolaíocha) a úsáidtear i dtáirgeadh na substainte gníomhaí.

V.2.2.4.3. Áireofar sa sainchomhad na sonraíochtaí, faisnéis faoi na próisis a chuirtear chun feidhme agus leis na tástálacha atá le déanamh i ndáil le rialú cáilíochta na mbaisceanna uile ábhar tosaigh agus na torthaí a bheidh ar bhaisc le haghaidh na gcomhpháirteanna go léir arna n-úsáid.

V.2.2.4.4. Soláthrófar measúnú riosca maidir le TSE agus gníomhaithe coimhthíocha (EA), i gcás inarb infheidhme. Maidir leis na spriocspeicis a choinnítear le haghaidh na dtáirgí críochnaithe lena dtagraítear don Mháistirchomhad Antaiginí Vacsaíne, tá sé lena shonrú go ndéanfar iad a bhreithniú le haghaidh measúnú riosca TSE agus EA. Féadfar rabhaidh nó srianta úsáide a thabhairt isteach ar leibhéal an Mháistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne ag brath ar an bhfaisnéis a chuirtear i láthair, rud a d’fhéadfaí a mhaolú i rith na hanailíse riosca ar leibhéal an táirge chríochnaithe.

V.2.2.4.5. Más rud é go bhfaightear an tsubstaint ghníomhach le teicnící athchuingreacha, soláthrófar na sonraí ábhartha comhfhreagracha go léir ar an víreas géinmhodhnaithe nó ar na baictéir ghéinmhodhnaithe.

V.2.2.5. Tástálacha rialaithe le linn an mhodha monaraíochta (Cuid 2.D)

Beidh feidhm ag na ceanglais chaighdeánacha a dtugtar tuairisc orthu i Roinn IIIb.2D le haghaidh na dtástálacha rialaithe le linn próisis a dhéantar le linn mhonarú na substainte gníomhaí, lena n-áirítear bailíochtuithe d’eochairthástálacha rialaithe agus, más ábhartha, aon stóras idirmheánach a bheartaítear (roimh an gcumasc).

V.2.2.6. Comhsheasmhacht ó bhaisc go baisc (Cuid 2.F)

Beidh feidhm ag na ceanglais chaighdeánacha a dtugtar tuairisc orthu i Roinn IIIb.2F maidir le léiriú na comhsheasmhachta i monarú na hantaigine.

V.2.2.7. Cobhsaíocht (Cuid 2.G)

Beidh feidhm ag na ceanglais chaighdeánacha a dtugtar tuairisc orthu i Roinn IIIb.2G maidir le léiriú a thabhairt ar chobhsaíocht na hantaigine agus, i gcás inarb ábhartha, aon stóras idirmheánach.

V.2.3. Meastóireacht agus deimhniú

V.2.3.1. Maidir le vacsaíní ina bhfuil antaigin(í) vacsaíne nua i gcás nach ann d’aon Mháistirchomhad Antaiginí Vacsaíne cheana féin, soláthróidh an t-iarratasóir don Ghníomhaireacht sainchomhad iomlán iarratais ar údarú margaíochta lena n-áirítear na Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne go léir a chomhfhreagraíonn do gach antaigin vacsaíne aonair dá mbeartaítear Máistirchomhad Antaiginí Vacsaíne a úsáid. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht eolaíoch agus theicniúil ar gach Máistirchomhad Antaiginí Vacsaíne. Beidh mar thoradh ar mheastóireacht dhearfach deimhniú um chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais le haghaidh gach Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne, a mbeidh an tuarascáil mheastóireachta ag gabháil leis. Beidh feidhm ag an deimhniú ar fud an Aontais.

V.2.3.2. Beidh feidhm ag Cuid V.2.3.1 freisin maidir le gach vacsaín, ina bhfuil teaglaim nua d’antaiginí vacsaíne, gan beann ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon cheann amháin nó níos mó de na hantaiginí vacsaíne sin le fáil i vacsaíní atá údaraithe san Aontas cheana féin.

V.2.3.3. Beidh athruithe ar inneachar Máistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne le haghaidh vacsaín a údaraítear san Aontas faoi réir meastóireacht eolaíoch agus theicniúil arna déanamh ag an nGníomhaireacht. I gcás meastóireacht dhearfach, eiseoidh an Ghníomhaireacht deimhniú um chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais le haghaidh an Mháistirchomhaid Antaiginí Vacsaíne. Beidh feidhm ag an deimhniú a eiseofar ar fud an Aontais.

V.3.    Sainchomhad ilchineálach

V.3.1. Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha áirithe agus de mhaolú ar fhorálacha Roinn IIIb, Cuid 2, tugtar isteach an coincheap de shainchomhad il-tréithchineálach.

V.3.2. Ciallaíonn sainchomhad il-tréithchineálach sainchomhad aonair ina bhfuil na sonraí ábhartha chun measúnú eolaíoch uathúil críochnúil a dhéanamh ar na roghanna difriúla tréithchineálacha nó teaglamaí il-tréithchineálacha lenar féidir vacsaíní in aghaidh víris nó baictéir atá malartach maidir le hantaiginí ar a bhfuil athruithe tapa nó minice i gcomhdhéanamh an fhoirmlithe vacsaíne de dhíth chun éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis an staid eipidéimeolaíoch atá ann. De réir na staide eipidéimeolaíche ina mbeartaítear an vacsaín a úsáid, d’fhéadfaí roinnt tréithchineálacha a roghnú ina measc siúd a áirítear sa sainchomhad chun táirge deiridh a fhoirmliú.

V.3.3. Baineann gach sainchomhad il-tréithchineálach le speiceas amháin víris, géineas amháin de bhaictéir nó veicteoir amháin galair áirithe, agus leis sin amháin; ní fhéadfar meascáin de víris éagsúla a bhaineann le teaghlaigh, géinis speicis nó baictéir dhifriúla a bhaineann le finte nó le géinis dhifriúla a fhormheas i gcomhthéacs sainchomhad il-tréithchineálach.

V.3.4. Maidir le hiarratais nua le haghaidh sainchomhaid il-tréithchineálacha d’údaruithe margaíochta i gcás nach ann cheana féin d’aon vacsaín il-tréithchineálach údaraithe le haghaidh víreas/baictéar/galar áirithe, deimhneoidh an Ghníomhaireacht incháilitheacht do chur chuige an tsainchomhaid il-tréithchineálaigh sula gcuirfear isteach an t-iarratas.

V.3.5. Comhlíonfaidh tíolacadh sainchomhad il-tréithchineálach an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht.

V.4.    Teicneolaíocht ardáin vacsaíne

V.4.1. Prionsabail

V.4.1.1 . Is é is teicneolaíocht ardáin vacsaíne ann bailiúchán teicneolaíochtaí a bhfuil i bpáirt acu úsáid iompróra “crainn taca” nó veicteora a modhnaítear é le hantaigin dhifriúil nó le sraith dhifriúil antaiginí le haghaidh gach vacsaíne a dhíorthaítear ón ardán. Cuimsítear leis sin ardáin phróitéin-bhunaithe (cáithníní atá cosúil le víreas), ardáin vacsaíne DNA, ardáin bunaithe ar mRNA, macasamhaileáin (RNA féinmhacasamhlaithe) agus vacsaíní víreasacha agus veicteora bhaictéaraigh, ach d’fhéadfaí nithe eile a chuimsiú leis freisin.

V.4.1.2. Maidir le hiarratais ar údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta imdhíoneolaíocha a mhonaraítear bunaithe ar theicneolaíochtaí ardáin vacsaíne, meastar iad mar a bheith incháilithe do cheanglais laghdaithe maidir le sonraí. Tá sainchomhad iomlán de dhíth le haghaidh an chéad táirge ó mhonaróir bunaithe ar theicneolaíocht ardáin áirithe le haghaidh spriocspeiceas áirithe. Tráth a chuirtear isteach an chéad sainchomhad (iomlán) bunaithe ar an teicneolaíocht ardáin, féadfaidh an t-iarratasóir “Máistirchomhad Teicneolaíochta Ardáin” a chur isteach i gcomhthráth lena gcuimsítear na sonraí go léir a bhaineann leis an ardán a bhfuil cinnteacht eolaíoch réasúnta ann ina leith go bhfanfaidh sé gan athrú gan beann ar an antaigin/na hantaiginí nó an ghéin/na géinte spéise a chuirtear leis an ardán. Beidh an cineál sonraí a chuirfear san áireamh sa Mháistirchomhad Teicneolaíochta Ardáin ag brath ar an gcineál ardáin.

V.4.1.3. Nuair a dheimhneofar Máistirchomhad Teicneolaíochta Ardáin, féadfar an deimhniú a úsáid chun na ceanglais sonraí ábhartha a chomhlíonadh in iarratais ina dhiaidh sin ar údaruithe margaíochta bunaithe ar an ardán céanna agus a mbeartaítear iad don spriocspeiceas céanna.

V.4.2.   Meastóireacht agus deimhniú

V.4.2.1. Comhlíonfaidh tíolacadh Máistirchomhad Teicneolaíochta Ardáin an treoraíocht ábhartha arna foilsiú ag an nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht eolaíoch agus theicniúil ar Mháistirchomhad Teicneolaíochta Ardáin. Beidh mar thoradh ar mheastóireacht dhearfach deimhniú um chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais le haghaidh an Mháistirchomhaid Teicneolaíochta Ardáin, a mbeidh an tuarascáil mheastóireachta ag gabháil leis. Beidh feidhm ag an deimhniú ar fud an Aontais.

V.4.2.2. Beidh athruithe ar inneachar Máistirchomhaid Teicneolaíochta Ardáin le haghaidh vacsaín a údaraítear san Aontas faoi réir meastóireacht eolaíoch agus theicniúil arna déanamh ag an nGníomhaireacht.

V.4.2.3. I gcás meastóireacht dhearfach, eiseoidh an Ghníomhaireacht deimhniú um chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais le haghaidh an Mháistirchomhaid Teicneolaíochta Ardáin.

V.5    . Táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha údaraithe

V.5.1  Cáilíocht (Cuid 2)

Beidh feidhm ag forálacha Roinn II.2. Cuid 2 leis na doiciméid le haghaidh údarú táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha dá dtagraítear in Airteagal 85(2) leis na modhnuithe seo a leanas.

V.5.2  Téarmaíocht

Beidh ainm Laidine an stoic hoiméapataigh a bhfuil tuairisc air sa sainchomhad iarratais ar údarú margaíochta i gcomhréir leis an teideal Laidine atá in Pharmacopoeia Eorpach nó, ina éagmais sin, in pharmacopoeia oifigiúil Ballstáit. Más ábhartha, cuirfear na hainmneacha traidisiúnta a úsáidtear i ngach Ballstát ar fáil.

V.5.3  Rialú ar ábhair thosaigh

Déanfar sonraí breise i ndáil leis an stoc hoiméapatach a fhorlíonadh leis na sonraí agus na doiciméid maidir leis na hábhair thosaigh, i.e., na hábhair go léir a úsáidtear lena n-áirítear amhábhair agus idirmheánaigh suas leis an gcaolú deiridh atá le cuimsiú sa táirge íocshláinte tréidliachta hoiméapatach údaraithe críochnaithe, a bheidh ag gabháil leis an iarratas.

Beidh feidhm ag na ceanglais cháilíochta ghinearálta maidir leis na hábhair thosaigh agus na hamhábhair agus maidir le hidirchéimeanna an mhodha monaraíochta go dtí an caolú deiridh atá le cur isteach sa táirge íocshláinte tréidliachta críochnaithe. I gcás ina bhfuil comhpháirt thocsaineach ann, rialófar í sin, más féidir, sa chaolú deiridh. Mura féidir é sin a dhéanamh de dheasca caolú ard, is gnách go rialófar an chomhpháirt thocsaineach ag céim níos luaithe. Tabharfar tuairisc iomlán ar gach céim den mhodh monaraíochta ó na hábhair thosaigh go dtí an caolú deiridh atá le cuimsiú sa táirge críochnaithe.

I gcás ina mbaineann caoluithe leis an bpróiseas, déanfar na céimeanna caolaithe sin i gcomhréir leis na modhanna monaraíochta hoiméapatacha a leagtar síos sa mhonagraf ábhartha de Pharmacopoeia Eorpach nó, ina éagmais sin, in pharmacopoeia oifigiúil Ballstáit.

V.5.4  Tástálacha rialaithe ar an táirge íocshláinte críochnaithe

Beidh feidhm ag na ceanglais cháilíochta ghinearálta maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha críochnaithe. Tabharfaidh an t-iarratasóir údar iomchuí le haon eisceacht.

Déanfar na comhpháirteanna uile atá ábhartha ó thaobh na toscaineolaíochta de a shainaithint agus a mheasúnú. Má thugtar údar lena léiriú nach féidir na comhpháirteanna uile atá ábhartha ó thaobh tocsaineolaíochta de a shainaithint agus/nó a mheasúnú, mar shampla mar thoradh ar a gcaolú sa táirge íocshláinte críochnaithe, léireofar an cháilíocht le bailíochtú iomlán an mhodha monaraíochta agus caolaithe.

V.5.5  Tástálacha cobhsaíochta

Léireofar go bhfuil an táirge críochnaithe cobhsaí. Is féidir sonraí cobhsaíochta ó na stoic hoiméapatacha a aistriú go caoluithe nó go neartchaoluithe a rinneadh as na stoic sin. Mura féidir an tsubstaint ghníomhach a shainaithint ná a mheasúnú de bharr mhéid an chaolaithe, féadfar sonraí cobhsaíochta na foirme cógaisíochta a áireamh.

V.5.6  Doiciméadacht sábháilteachta (Cuid 3)

Beidh feidhm ag Cuid 3 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta hoiméapatacha dá dtagraítear in Airteagal 4(10) den Rialachán seo leis an tsonraíocht seo a leanas, gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún ( 20 ) maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch.

Tabharfar údar le haon fhaisnéis atá in easnamh, mar shampla tabharfar údar leis an bhfáth ar féidir tacú le leibhéal inghlactha sábháilteachta, fiú i gcás ina bhfuil cuid de na staidéir in easnamh.

▼B




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE NA HOIBLEAGÁIDÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 136(1)

(1) 

an oibleagáid, mar iarratasóir, faisnéis bheacht agus doiciméadacht bheacht a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 6(4);

(2) 

an oibleagáid, in iarratas a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 62, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal sin a sholáthar;

(3) 

an oibleagáid na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23 agus Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(4) 

an oibleagáid na coinníollacha áirithe san údarú margaíochta i gcomhair táirge íocshláinte tréidliachta a chomhlíonadh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 36(1);

(5) 

an oibleagáid chun aon mhodhnú is gá a thabhairt isteach i dtéarmaí an údaraithe mhargaíochta chun dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh agus chun a chumasú go ndéanfar na táirgí íocshláinte tréidliachta a mhonarú agus go mbeidh siad seiceáilte ag modhanna eolaíocha a nglactar go coitianta leo, dá bhforáiltear in Airteagal 58(3);

(6) 

an oibleagáid chun an achoimre ar shaintréithe an táirge, bileog phacáiste agus lipéadú a choimeád cothrom le dáta leis an eolas eolaíoch reatha, dá bhforáiltear in Airteagal 58(4);

(7) 

an oibleagáid chun na dátaí a thaifead sa bhunachar sonraí táirgí nuair a chuirtear a tháirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe ar an margadh agus eolas maidir le hinfhaighteacht gach táirge íocshláinte tréidliachta i ngach Ballstát ábhartha agus, mar is infheidhme, na dátaí d’aon uair a cuireadh údaruithe margaíochta lena mbaineann ar fionraí nó gur cúlghairmeadh iad, mar aon le sonraí a bhaineann le méid díolacháin an táirge íocshláinte, dá bhforáiltear in Airteagal 58(6) agus in Airteagal 58(11) faoi seach;

(8) 

an oibleagáid chun aon sonraí a léiríonn go bhfanann an chothromaíocht sochair-riosca dearfach a sholáthar laistigh den teorainn ama a socraíodh ar iarratas ó údarás inniúil nó ón nGníomhaireacht, dá bhforáiltear in Airteagal 58(9);

(9) 

an oibleagáid aon fhaisnéis nua a d’fhéadfadh a bheith mar údar ar mhodhnú ar théarmaí an údaraithe mhargaíochta a sholáthar, aon toirmeasc nó srian forchurtha ag na húdaráis inniúla in aon tír ina ndéantar an táirge íocshláinte tréidliachta a mhargú a chur in iúl, nó chun aon fhaisnéis a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar mheasúnú rioscaí agus tairbhí an táirge íocshláinte a sholáthar, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 58(10);

(10) 

an oibleagáid chun an táirge íocshláinte tréidliachta a chur ar an margadh i gcomhréir le hinneachar achoimre shaintréithe an táirge agus an lipéadú agus an bhileog phacáiste atá san údarú margaíochta;

(11) 

an oibleagáid teagmhais dhíobhálacha amhrasta le haghaidh a gcuid táirgí íocshláinte tréidliachta a thaifead agus a thuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 76(2);

(12) 

an oibleagáid chun sonraí cógas-aireachais sonracha a bhailiú de bhreis ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 73(2) agus chun staidéir iarmhargaíochta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 76(3);

(13) 

an oibleagáid a áirithiú go ndéantar fógairtí poiblí i ndáil le faisnéis i dtaobh buarthaí cógas-aireachais a chur i láthair ar bhealach oibiachtúil nach ndéanann daoine a chur ar mhíthreoir agus go ndéantar iad sin a chur i bhfógra chuig an nGníomhaireacht, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 77(11);

(14) 

an oibleagáid chun córas cógas-aireachais a oibriú ar mhaithe le cúraimí cógas-aireachais a chomhlíonadh, lena n-áirítear cothabháil mháistirchomhad de chóras cógas-aireachais i gcomhréir le hAirteagal 77;

(15) 

an oibleagáid, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, cóip de mháistirchomhad a chóras cógas-aireachais a thíolacadh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 79(6);

(16) 

an oibleagáid chun próiseas bainistithe ar chomharthaí a dhéanamh agus torthaí an phróisis sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 81(1) agus (2);

(17) 

an oibleagáid chun gach faisnéis atá ar fáil a sholáthar don Ghníomhaireacht a bhaineann leis an tarchur ar leas an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 82(3).




IARSCRÍBHINN IV



TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2001/82/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 4

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(2),(3) agus (4)

Airteagal 3

Airteagal 2(4)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(6)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 5(1) an dara abairt

Airteagal 38(3)

Airteagal 5(2)

Airteagal 58(1)

Airteagal 6(1), (2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 7

Airteagal 116

Airteagal 8

Airteagal 116

Airteagal 8 an tríú abairt

 

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 112

Airteagal 11

Airteagal 113, Airteagal 114 agus Airteagal 115

Airteagal 12

Airteagal 8

Airteagal 13(1)

Airteagal 18

Airteagal 13(2)

Airteagal 4(8) agus (9)

Airteagal 13(3),(4)

Airteagal 19

Airteagal 13(5)

Airteagal 38, Airteagal 39 agus Airteagal 40

Airteagal 13(6)

Airteagal 41

Airteagal 13a

Airteagal 22

Airteagal 13b

Airteagal 20

Airteagal 13c

Airteagal 21

Airteagal 14

Airteagal 35

Airteagal 16

Airteagal 85

Airteagal 17

Airteagal 86

Airteagal 18

Airteagal 87

Airteagal 19

Airteagal 85

Airteagal 20

Airteagal 85

Airteagal 21(1)

Airteagal 47

Airteagal 21(2)

Airteagal 46

Airteagal 22

Airteagal 48

Airteagal 23

Airteagal 28 agus Airteagal 29

Airteagal 24

Airteagal 30

Airteagal 25

Airteagal 33

Airteagal 26(3)

Airteagal 25 agus Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 58

Airteagal 27a

Airteagal 58(6)

Airteagal 27b

Airteagal 60

Airteagal 28

Airteagal 5(2)

Airteagal 30

Airteagal 37

Airteagal 31

Airteagal 142 agus Airteagal 143

Airteagal 32

Airteagal 49 agus Airteagal 52

Airteagal 33

Airteagal 54

Airteagal 35

Airteagal 82

Airteagal 36

Airteagal 83

Airteagal 37

Airteagal 84

Airteagal 38

Airteagal 84

Airteagal 39

Airteagal 60

Airteagal 40

Airteagal 129

Airteagal 44

Airteagal 88

Airteagal 45

Airteagal 89

Airteagal 46

Airteagal 90

Airteagal 47

Airteagal 90

Airteagal 48

Airteagal 92

Airteagal 49

Airteagal 90

Airteagal 50

Airteagal 93 agus Airteagal 96

Airteagal 50a

Airteagal 95

Airteagal 51

Airteagal 89

Airteagal 52

Airteagal 97

Airteagal 53

Airteagal 97

Airteagal 55

Airteagal 97

Airteagal 56

Airteagal 97

Airteagal 58

Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 59

Airteagal 12

Airteagal 60

Airteagal 11(4)

Airteagal 61

Airteagal 14

Airteagal 64

Airteagal 16

Airteagal 65

Airteagal 99 agus Airteagal 100

Airteagal 66

Airteagal 103

Airteagal 67

Airteagal 34

Airteagal 68

Airteagal 103

Airteagal 69

Airteagal 108

Airteagal 70

Airteagal 111

Airteagal 71

Airteagal 110

Airteagal 72

Airteagal 73

Airteagal 73

Airteagal 73 agus Airteagal 74

Airteagal 74

Airteagal 78

Airteagal 75

Airteagal 77

Airteagal 76

Airteagal 79

Airteagal 78(2)

Airteagal 130

Airteagal 80

Airteagal 123

Airteagal 81

Airteagal 127

Airteagal 82

Airteagal 128

Airteagal 83

Airteagal 129 agus Airteagal 130

Airteagal 84

Airteagal 134

Airteagal 85(1),(2)

Airteagal 133

Airteagal 85(3)

Airteagal 119 agus Airteagal 120

Airteagal 87

Airteagal 79(2)

Airteagal 88

Airteagal 146

Airteagal 89

Airteagal 145

Airteagal 90

Airteagal 137

Airteagal 93

Airteagal 98

Airteagal 95

Airteagal 9(2)

Airteagal 95a

Airteagal 117



( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

( 4 ) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

( 5 ) Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoir 81/602/CEE, Treoir 88/146/CEE agus Treoir 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3).

( 6 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/652/AE ón gCoimisiún an 12 Samhain 2013 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i mbaictéir zónóiseacha agus chomhthíosacha (IO L 303, 14.11.2013, lch. 26).

( 7 ) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

( 8 ) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

( 9 ) Cinneadh 94/358/CE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 lena nglactar, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Coinbhinsiúin maidir le forbairt Pharmacopoeia Eorpach (IO L 158, 25.6.1994, lch. 17).

( 10 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 11 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 12 ) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le scrúdú na modhnuithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus do tháirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).

( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 658/2007 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2007 i dtaca le pionóis airgeadais do shárú oibleagáidí áirithe i ndáil le húdaruithe margaíochta a dheonaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 155, 15.6.2007, lch. 10).

( 14 ) Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (IO L 50, 20.2.2004, lch. 44).

( 15 ) Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú dea-chleachtais saotharlainne (GLP) (IO L 50, 20.2.2004, lch. 28).

( 16 ) Treoir 2009/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis na hábhair dhathúcháin is féidir a chur le táirge íocshláinte (IO L 109, 30.4.2009, lch. 10).

( 17 ) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

( 18 ) Rialachán (AE) Uimh. 2018/782 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena mbunaítear na prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnú riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 (IO L 132, 30.5.2018, lch. 5).

( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

( 20 ) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).”

Op