EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2018:303:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 303, 28 Samhain 2018


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
28 Samhain 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta

1

 

*

Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

39

 

*

Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach ( 1 )

59

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh

69

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 303 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1805 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt.

(2)

Tá comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha, a dtugtar an bunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla laistigh den Aontas air go coitianta ón tráth ar tionóladh an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999.

(3)

Meastar ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú a bheith ar na bealaí is éifeachtaí chun an choireacht a chomhrac. Is de thiomantas an Aontais a áirithiú go ndéantar sócmhainní coiriúla a shainaithint, a choigistiú, agus a athúsáid ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhréir le “Clár Stócólm —Eoraip atá oscailte slán, a fhreastalaíonn ar shaoránaigh agus a thugann cosaint dóibh” (2).

(4)

Ós rud é gur coireacht thrasnáisiúnta a bhíonn sa choireacht go minic, tá comhar éifeachtach trasteorann fíor-riachtanach d'fhonn ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú.

(5)

Is iad Cinntí Réime 2003/577/CGB (3) agus 2006/783/CGB ón gComhairle (4) is bonn do chreat dlíthiúil reatha an Aontais maidir le haitheantas frithpháirteach d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta.

(6)

Léiríonn tuarascálacha an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Chinneadh Réime 2003/577/CGB agus Chinneadh Réime 2006/783/CGB nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair maidir le haitheantas frithpháirteach d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta lánéifeachtach. Níor cuireadh na Cinntí Réime sin chun feidhme agus i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit, rud a fhágann nach leor an t-aitheantas frithpháirteach agus go bhfuil comhar trasteorann fo-optamach ann.

(7)

Níor fhan creat dlíthiúil an Aontais maidir le haitheantas frithpháirteach d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta bord ar bhord leis na forbairtí reachtacha a rinneadh le gairid ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, le Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), bunaítear comhrialacha íosta maidir le maoin a chalcadh agus a choigistiú. Baineann na rialacha íosta sin le ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a choigistiú, lena n-áirítear sna cásanna breoiteachta nó éalú an duine a bhfuil amhras faoi nó an cúisí, nó i gcásanna ina bhfuiltear tar éis imeachtaí a thionscnamh cheana féin i ndáil le cion coiriúil, coigistiú leathnaithe agus coigistiú ó thríú páirtí. Baineann na rialacha íosta sin freisin le maoin a chalcadh ionas go mbeifear in ann í a choigistiú ina dhiaidh sin. Ba cheart na cineálacha ordaithe do chalctha agus do choigistithe a chumhdaítear leis an Treoir sin a chur san áireamh sa chreat dlíthiúil maidir le haitheantas frithpháirteach freisin.

(8)

Agus Treoir 2014/42/AE á glacadh acu, chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl i ndearbhú uathu go mbíonn nasc bunúsach idir córas calctha agus coigistithe éifeachtach san Aontas agus aitheantas frithpháirteach dea-fheidhmiúil d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta. Agus aird acu ar an ngá atá le córas cuimsitheach a bhunú chun fáltais ón gcoireacht agus ionstraimeachtaí na coireachta a chalcadh agus a choigistiú, d'iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh maidir le haitheantas frithpháirteach d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta.

(9)

Ina theachtaireacht an 28 Aibreán 2015 dar teideal “An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil”, bhí an Coimisiún den tuairim go mbíonn comhar breithiúnach in ábhair choiriúla ag brath ar ionstraimí éifeachtacha trasteorann agus go mbíonn an t-aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha ar phríomhghné den chreat slándála. Mheabhraigh an Coimisiún freisin gur gá an t-aitheantas frithpháirteach maidir le horduithe calctha agus le horduithe coigistíochta a fheabhsú.

(10)

Ina theachtaireacht an 2 Feabhra 2016 i ndáil le “Plean Gníomhaíochta maidir leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú”, chuir an Coimisiún béim ar an ngá go n-áiritheofaí go mbainfear a sócmhainní de choirpigh a mhaoiníonn an sceimhlitheoireacht. Luaigh an Coimisiún, d'fhonn gníomhaíochtaí coiriúla eagraithe a mhaoiníonn sceimhlitheoireacht a shuaitheadh, go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbainfí fáltais na coireachta de na coirpigh sin. Chuige sin, chuir an Coimisiún in iúl gur gá a áirithiú go ndéanfar gach cineál orduithe calctha agus orduithe coigistíochta a fhorfheidmhiú a mhéid is féidir ar fud an Aontais trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

(11)

Chun an t-aitheantas frithpháirteach éifeachtach d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta a áirithiú, ba cheart na rialacha maidir le haithint agus forghníomhú na n-orduithe sin a bhunú le gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bheidh infheidhme go díreach.

(12)

Tá sé tábhachtach aithint fhrithpháirteach agus forghníomhú orduithe calctha agus orduithe coigistíochta a éascú trí rialacha a bhunú, ar rialacha iad lena gcuirtear de cheangal ar Bhallstát orduithe calctha agus orduithe coigistíochta arna n-eisiúint ag Ballstát eile faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla a aithint gan foirmiúlachtaí breise agus na horduithe sin a fhorghníomhú laistigh dá limistéar féin.

(13)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach ordú calctha agus gach ordú coigistíochta arna eisiúint faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair coiriúla. Is coincheap uathrialach de chuid dlí an Aontais é “imeachtaí in ábhair coiriúla” arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d'ainneoin cásdlí Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Dá bhrí sin, cumhdaítear leis an téarma sin orduithe calctha agus orduithe coigistíochta den uile chineál a eisítear tar éis imeachtaí i dtaca le cion coiriúil, ní hamháin orduithe a chumhdaítear faoi Threoir 2014/42/AE. Cumhdaítear cineálacha eile orduithe leis freisin a eisítear gan ciontú críochnaitheach. Cé gur féidir nach mbeadh orduithe den chineál sin i gcóras an Bhallstáit, ba cheart an Ballstát sin a bheith in ann ordú den chineál sin a d'eisigh Ballstát eile a aithint agus a fhorghníomhú. Faoi imeachtaí in ábhair choiriúla, d'fhéadfadh sé go gcuimseofaí imscrúduithe coiriúla a dhéanann na póilíní agus na húdaráis forfheidhmithe dlí eile. Ba cheart orduithe calctha agus orduithe coigistíochta arna n-eisiúint faoi chuimsiú imeachtaí sibhialta nó riaracháin a eisiú ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

Ba cheart orduithe calctha agus orduithe coigistíochta maidir le cionta coiriúla a chumhdaítear le Treoir 2014/42/AE a chumhdach leis an Rialachán seo, chomh maith le horduithe calctha agus le horduithe coigistíochta a bhaineann le cionta coiriúla eile. Níor cheart, mar sin, gur do chionta coiriúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo fíor-thromchúiseacha ag a mbíonn gné trasteorann a theorannófaí na cionta sin, óir ní cheanglaítear le hAirteagal 82 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) teorainn den sórt sin maidir le haitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais in ábhair choiriúla.

(15)

Maidir le comhar na mBallstát, ar comhar é atá bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an fhorghníomhaithe láithrigh i dtaca le cinntí breithiúnacha, glactar leis go mbíonn muinín ag na Ballstáit gur i gcomhréir le prionsabail na dlíthiúlachta, na coimhdeachta agus na comhréireachta a ghlacfar gach cinneadh a bheidh le haithint agus le forghníomhú. Maidir le comhar den chineál sin glactar leis freisin gur cheart cearta daoine dá ndéanann ordú calctha nó ordú coigistíochta difear a chaomhnú. Ba cheart a áireamh ar na daoine sin dá ndéantar difear, a d'fhéadfadh a bheith ina ndaoine nádúrtha nó ina ndaoine dlítheanacha, aon duine ar eisíodh ordú calctha nó ordú coigistíochta ina éadan nó ina héadan, nó aon duine ar leis nó ar léi an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú sin, chomh maith le haon tríú páirtithe a ndéantar dochar díreach dá gcearta i ndáil leis an maoin sin, lena n-áirítear tríú páirtithe bona fide. Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil dochar díreach á dhéanamh ag ordú calctha nó ordú coigistíochta do thríú páirtithe den chineál sin, ba cheart an méid sin a chinneadh i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh.

(16)

Leis an Rialachán seo ní dhéantar aon leasú ar an oibleagáid maidir le cearta bunúsacha agus prionsabail dlí a urramú, mar atá cumhdaithe in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(17)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (“CECD”). Áirítear leis sin an prionsabal i ndáil le toirmeasc a chur ar aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, bunús eitneach nó ciníoch, creideamh, claonadh gnéasach, náisiúntacht, teanga, tuairim pholaitiúil, nó míchumas. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag na cearta nós imeachta a leagtar amach i dTreoracha 2010/64/AE (6), 2012/13/AE (7), 2013/48/AE (8), (AE) 2016/343 (9), (AE) 2016/800 (10) agus (AE) 2016/1919 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, laistigh de raon feidhme na dTreoracha sin, i ndáil le himeachtaí coiriúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag na Treoracha sin. I gcás ar bith, ba cheart feidhm a bheith ag na cosaintí faoin gCairt i ndáil leis na himeachtaí go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith ag cosaintí bunriachtanacha na n-imeachtaí coiriúla a leagtar amach sa Chairt in imeachtaí in ábhair choiriúla nach imeachtaí coiriúla iad ach a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(19)

Cé gur cheart a áirithiú leis na rialacha maidir le tarchur, le haithint agus le forghníomhú orduithe calctha agus orduithe coigistíochta go mbeidh an próiseas a bhaineann le haisghabháil sócmhainní coiriúla éifeachtúil, ní mór cearta bunúsacha a urramú ag an am céanna.

(20)

Agus measúnú á dhéanamh ar choireacht dhúbailte, ba cheart d'údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh a fhíorú cé acu a bheadh nó nach mbeadh na gnéithe fíorasacha ba bhonn leis an gcion coiriúil i gceist, mar a léirítear sa deimhniú calctha nó sa deimhniú coigistíochta arna thíolacadh ag údarás inniúil an Stáit eisiúna, faoi réir, per se, pionós coiriúil sa Stát forghníomhaitheach dá mb'amhlaidh go raibh na gnéithe sin láthair Bhallstát sin tráth déanta an chinnidh maidir leis an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta a aithint.

(21)

Ba cheart don údarás eisiúna a áirithiú, agus ordú calctha nó ordú coigistíochta á eisiúint aige, go ndéanfar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú. Faoin Rialachán seo, níor cheart ordú calctha nó ordú coigistíochta a eisiúint agus a tharchur chuig údarás forghníomhaitheach i mBallstát eile ach amháin i gcás ina bhféadfaí é a eisiúint agus a úsáid i gcás intíre agus sa chás sin amháin. Ba cheart don údarás eisiúna a bheith freagrach as riachtanas agus comhréireacht orduithe den sórt sin i ngach cás, toisc nár cheart aithint agus forghníomhú orduithe calctha agus coigistíochta a dhiúltú ar fhorais seachas iad siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(22)

I roinnt cásanna, féadfaidh údarás arna ainmniú ag an mBallstát eisiúna, ordú calctha a eisiúint, ar údárás é atá inniúil in ábhair choiriúla chun an t-ordú calctha a eisiúint nó a fhorghníomhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus nach breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí é. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go ndéanfadh breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí an t-ordú calctha a bhailíochtú sara dtarchuirfear chuig an údarás forghníomhaitheach é.

(23)

Ba cheart do Bhallstáit bheith in ann dearbhú a dhéanamh ina ndeirtear gur gá don údarás eisiúna an deimhniú calctha bunaidh nó an deimhniú coigistíochta bunaidh nó cóip dheimhnithe de a tharchur, i dteannta an deimhnithe calctha nó an deimhnithe coigistíochta, i gcás ina dtarchuirtear deimhniú calctha nó deimhniú coigistíochta chucu chun go ndéanfaí ordú calctha nó ordú coigistíochta a shainaithint agus a fhorghníomhú. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a thíolacann siad, nó nuair a tharraingíonn siad siar, dearbhú den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit go léir agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach (EJN) dá bhforáiltear le Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle (12). Ba cheart do EJN an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear sa Chinneadh sin.

(24)

Ba cheart don údarás eisiúna deimhniú calctha nó deimhniú coigistíochta, mar aon leis an ordú calctha nó leis an ordú coigistíochtai gcás inab infheidhme, a tharchur go díreach chuig an údarás forghníomhaitheach nóchuig údarás lárnach an Stáit fhorghníomhaithigh, de réir mar is infheidhme, trí mheán ar bith lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a fhágfaidh gur féidir leis an údarás forghníomhaitheach barántúlacht a dheimhniú, amhail tríd an bpost cláraithe nó trí ríomhphost daingnithe. Ba cheart don údarás eisiúna a bheith in ann úsáid a bhaint as aon mhodh ábhartha traschurtha, lena n-áirítear córas slán teileachumarsáide an EJN, Eurojust, nó bealaí eile a mbaineann údaráis bhreithiúnacha úsáid astu.

(25)

I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an údarás eisiúna lena chreidiúint gur ann atá maoin nó ioncam ag an duine ar ina choinne nó ina coinne a eisíodh an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta, ba cheart don údarás sin an deimhniú calctha nó deimhniú coigistíochta, a bhaineann le hordú maidir le suim airgid, a tharchur chuig an mBallstát sin. Ar an mbonn sin, d'fhéadfaí an deimhniú, mar shampla, a tharchur chuig an mBallstát ina bhfuil cónaí ar an duine nádúrtha ar eisíodh an t-ordú ina choinne nó ina coinne, nó, sa chás nach bhfuil seoladh buan nó socraithe ag an duine sin, chuig an mBallstát inar gnách leis cur faoi. I gcás ina n-eisíodh an deimhniú i gcoinne duine dlítheanach, d'fhéadfaí an deimhniú a tharchur chuig an mBallstát ina bhfuil sainchónaí ar an duine dlítheanach sin.

(26)

I bhfianaise deimhnithe a bhaineann le tarchur agus glacadh riarthach na ndeimhnithe a bhaineann le horduithe calctha agus le horduithe coigistíochta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú i gcás inar gá mar gheall ar struchtúr a gcórais dlí inmheánaigh. D'fhéadfadh údaráis lárnacha den chineál sin tacaíocht riaracháin a chur ar fáil freisin, ról comhordaithe a ghlacadh agus cabhrú chun staidreamh a bhailiú agus ar an mbealach sin aitheantas frithpháirteach d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta a éascú agus a chur chun cinn.

(27)

I gcás ina dtarchuirtear deimhniú coigistíochta a bhaineann le hordú coigistíochta maidir le suim airgid chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin, ba cheart don Stát eisiúna féachaint le gan níos mó maoine a choigistiú ná mar a bheadh riachtanach ionas nach rachadh an luach iomlán os cionn an mhéid uasta. Chuige sin, ba cheart don údarás forghníomhaitheach, i measc nithe eile, (i) a léiriú sa deimhniú coigistíochta luach na sócmhainní, más eol, i ngach Stát forghníomhaitheach, ionas go bhféadfaidh na húdaráis fhorghníomhaitheacha é sin a chur san áireamh; (ii) na teagmhálacha agus an t-idirphlé is gá a choinneáil leis na húdaráis fhorghníomhaitheacha maidir leis an maoin atá le coigistiú; agus (iii) a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach ábhartha nó do na húdaráis fhorghníomhaitheacha ábhartha láithreach má mheasann sé go bhféadfadh riosca a bheith ann go dtarlódh forghníomhú a rachadh os cionn an uasmhéid. I gcás inarb iomchuí, d'fhéadfadh Eurojust ról comhordaithe a fheidhmiú laistigh dá shainchúram d'fhonn coigistiú iomarcach a sheachaint.

(28)

Ba cheart Ballstáit a spreagadh chun dearbhú a dhéanamh ina luaitear go nglacfaidís, mar Stáit fhorghníomhaitheacha, le deimhnithe calctha, le deimhnithe coigistíochta nó leis an dá rud i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais seachas a dteanga oifigiúil ná a dteangacha oifigiúla féin.

(29)

Ba cheart don údarás forghníomhaitheach orduithe calctha agus orduithe coigistíochta a aithint agus ba cheart dó na bearta is gá a ghlacadh lena bhfhorfheidhmiú. Ní mór an cinneadh a dhéanamh maidir leis an ordú calctha nó leis an ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú agus an calcadh nó an choigistíocht a chur i gcrích leis an luas agus leis an tosaíocht chéanna le cásanna intíre den chineál céanna. Ba cheart teorainneacha ama a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (13), agus iad a leagan amach, chun cinneadh agus forghníomhú éifeachtúil a áirithiú i dtaca leis an ordú calctha nó coigistíochta agus forfheidhmiú tapaigh agus éifeachtach de. Maidir le horduithe calctha, ba cheart don údarás forghníomhaitheach, tráth nach déanaí ná 48 n_uaire an chloig tar éis an cinneadh a dhéanamh maidir le haithint agus forghníomhú orduithe den sórt sin, tús a chur leis na bearta nithiúla is gá a ghlacadh chun na horduithe sin a aithint agus a fhorghníomhú.

(30)

Ba cheart don údarás eisiúna agus don údarás forghníomhaitheach aird chuí a thabhairt ar rúndacht an imscrúdaithe agus ordú calctha á fhorghníomhú. Go sonrach, ba cheart don údarás forghníomhaitheach rúndacht na bhfíricí agus substaint an ordaithe calctha a ráthú. Ní dochar an méid seo don oibleagáid na daoine dá ndéanann forghníomhú orduithe calctha difear a chur ar an eolas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(31)

Níor cheart aithint agus forghníomhú ordaithe calctha nó coigistíochta a dhiúltú ar fhorais seachas iad siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart don Rialachán seo a cheadú go bhféadfadh na húdaráis forghníomhaitheacha gan orduithe coigistíochta a aithint ná a fhorghníomhú ar bhonn an phrionsabail ne bis in idem, ar bhonn cearta na ndaoine dá ndéantar difear nó ar bhonn an chirt a bheith i láthair ag an triail.

(32)

Níor cheart don Rialachán seo a cheadú do na húdarais fhorghníomhaitheacha gan orduithe coigistíochta a aithint nó a forghniomhú ar an ábhar nach raibh an duine atá i gceist i láthair ag an triail dár lean ordú coigistíochta atá nasctha le ciontú críochnaitheach. Níor cheart gur foras sin le nach ndéanfar orduithe coigistíochta a aithint nó a fhorghníomhú ach amháin i gcás trialacha dá leanann orduithe coigistíochta atá nasctha le ciontú críochnaitheach, agus ní bhíonn feidhm aige in imeachtaí ar orduithe coigistíochta is toradh orthu. Mar sin féin, d'fhonn go bhféadfadh feidhm a bheith ag foras mar sin, ba cheart éisteacht amháin, ar a laghad, a thionól. Ní fhéadann an foras a bheith i bhfeidhm mura ndéantar foráil maidir le héisteacht a bheith ann sna rialacha náisiúnta nós imeachta ábhartha. Ba cheart do rialacha náisiúnta den sórt sin an Chairt agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a chomhlíonadh, go háirithe maidir leis an gceart chun triail chóir a fháil. Is amhlaidh atá an scéal, mar shampla, i gcás ina ndéantar na himeachtaí, go hiomlán nó go páirteach, ar bhealach simplithe i ndiaidh nós imeachta i scríbhinn nó nós imeachta nach bhforáiltear éisteacht ina leith.

(33)

In imthosca eisceachtúla, ba cheart a bheith in ann gan ordú calctha nó ordú coigistíochta a aithint ná a fhorghníomhú, i gcás ina gcuirfeadh aithint nó forghníomhú den chineál sin cosc ar an Stát forghníomhaitheach a chuid rialacha bunreachtúla a chur i bhfeidhm maidir le saoirse an phreasa nó saoirse cainte sna meáin eile.

(34)

Maidir le limistéar saoirse slándála agus ceartais a chruthú laistigh den Aontas, tá an méid sin bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar thoimhde i dtaca leis na Ballstáit eile do chomhlíonadh dlí an Aontais agus, go háirithe, cearta bunúsacha. Mar sin féin, i dtosca eisceachtúla, i gcás ina bhfuil forais shuntasacha le creidiúint, ar bhonn fianaise iontaofa, oibiachtúil, shonrach agus nuashonraithe i gceart, go mbeadh sárú soiléir ar oibleagáidí an Stáit fhorghníomhaithigh i gcomhréir leis an gCairt, mar thoradh ar fhorghníomhú ordaithe calctha nó ordaithe coigistíochta, in imthosca áirithe an cháis, ba cheart don údarás forghníomhaitheach a bheith in ann a chinneadh gan an t-ord lena mbaineann a aithint nó a fhorghníomhú. Is iad na cearta bunúsacha ba cheart a bheith ábhartha i ndáil leis sin, go háirithe, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun cosanta. Níor cheart an ceart chun maoine a bheith ábhartha i bprionsabal, toisc gur gá go gciallófaí, le calcadh agus coigistiú sócmhainní, go gcuirtear isteach ar cheart an duine chun maoine agus toisc go bhforáiltear cheana féin, i ndlí an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo, do na coimircí is gá ina leith sin.

(35)

Sula ndéanann sé cinneadh gan ordú calctha nó ordú coigistíochta a aithint nó a fhorghníomhú ar bhonn foras do neamhaithint nó do neamhfhorghníomhú, ba cheart don údarás forghníomhaitheach dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil.

(36)

Agus iarraidh ón údarás forghníomhaitheach chun teorainn a chur leis an tréimhse is ceart an mhaoin a chalcadh á scrúdú ag an údarás eisiúna, ba cheart dó imthosca iomlána an cháis a chur san áireamh, go háirithe an bhféadfaí dochar gan údar a dhéanamh sa Stát forghníomhaitheach dá leanfaí leis an ordú calctha. Moltar go láidir don údarás forghníomhaitheach dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna maidir leis an tsaincheist sin roimh iarraidh fhoirmiúil a dhéanamh.

(37)

Ba cheart don údarás eisiúna a chur in iúl d'údarás forghníomhaitheach nuair a fhaigheann údarás de chuid an Stáit eisiúna aon suim airgid a d'íoc an duine lena mbaineann i dtaca leis an ordú coigistíochta, agus é le tuiscint nár cheart an Stát forghníomhaitheach a chur ar an eolas ach i gcás go mbeidh tionchar ag an méid a íoctar i leith an ordaithe ar an méid atá fós le híoc ba cheart a choigistiú de bhun an ordaithe.

(38)

Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás forghníomhaitheach forghníomhú ordaithe calctha nó coigistíochta a chur siar, go háirithe más baol go bhféadfaí díobháil a dhéanamh d'imscrúdú coiriúil leanúnach dá ndéanfaí é a fhorghníomhú. A luaithe a scoirfidh na forais lena chur siar de bheith ann, ba cheart don údarás forghníomhaitheach na bearta is gá a dhéanamh chun an t-ordú a fhorghníomhú.

(39)

Tar éis ordú calctha a fhorghníomhú agus tar éis an chinnidh ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú, ba cheart don údarás forghníomhaitheach, a mhéid is féidir, na daoine sin dá ndéantar difear agus is eol dó a chur ar an eolas faoin bhforghníomhú sin nó faoin gcinneadh sin. Chuige sin, ba cheart don údarás forghníomhaitheach gach iarracht réasúnach a dhéanamh cé hiad na daoine dá ndéantar difear leis a aithint, a fhíorú conas is féidir dul i dteagmháil leo, agus na daoine sin a chur ar an eolas faoi fhorghníomhú an ordaithe calctha nó an chinnidh go ndéanfar an t-ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú. Agus na hoibleagáidí sin á gcur i gcrích aige, d'fhéadfadh an t-údarás forghníomhaitheach cúnamh a iarraidh ar an údarás eisiúna, mar shampla i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil na daoine dá ndéantar difear ina gcónaí sa Stát eisiúna. An oibleagáid faoin Rialachán seo atá ar an údarás forghníomhaitheach faisnéis a chur ar fáil do na daoine dá ndéantar difear, ní dochar í d'aon oibleagáid atá ar an údarás eisiúna faisnéis a chur ar fáil do dhaoine faoi dhlí an Stáit eisiúna, mar shampla maidir le hordú calctha a eisiúint nó maidir le réitigh dhlíthiúla atá ann cheana faoi dhlí an Stáit eisiúna.

(40)

Ba cheart fógra a thabhairt don údarás eisiúna gan mhoill i gcás nach féidir ordú calctha nó ordú coigistíochta a fhorghníomhú. D'fhéadfadh sé nach mbeifí in ann ordú a fhorghníomhú toisc gur coigistíodh an mhaoin cheana, go bhfuil sí ar iarraidh, gur díothaíodh í nó nach féidir teacht uirthi san áit a shonraigh an t-údarás eisiúna, nó toisc nach ndearnadh an áit a bhfuil an mhaoin a shonrú ar bhealach sách beacht d'ainneoin comhairliúcháin idir an t-údarás forghníomhaitheach agus an t-údarás eisiúna. Sna himthosca sin, níor cheart an t-údarás forghníomhaitheach a bheith faoin oibleagáid a thuilleadh an t-ordú calctha a fhorghníomhú. Mar sin féin, má fhaigheann an t-údarás forghníomhaitheach faisnéis ina dhiaidh sin a chuireann ar a chumas an mhaoin a aimsiú, ba cheart dó a bheith in ann an deimhniú coigistíochta a fhorghníomhú gan gá a bheith le deimhniú nua a thraschur, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(41)

I gcás nach féidir, ó thaobh dlí an Stáit fhorghníomhaithigh de, forghníomhú orduithe calctha nó ordaithe coigistíochta a dhéanamh ó thaobh dlí de, ba cheart don údarás forghníomhaitheach dul i dteagmháil leis an údarás eisiúna chun an staid a phlé agus teacht ar réiteach. Réiteach amháin ab ea go ndéanfadh an t-údarás eisiúna an t-ordú sin a tharraingt siar.

(42)

A luaithe a chuirtear forghníomhú ordaithe i gcrích, ba cheart don údarás forghníomhaitheach é sin a chur in iúl don údarás eisiúna. Agus sin á dhéanamh aige, agus i gcás inar féidir sin go praiticiúil, ba cheart don údarás forghníomhaitheach a chur in iúl, ag an am sin, d'údarás eisiúna na maoine nó an méid airgid a coigistíodh, mar aon le mionsonraí eile is ábhartha, dar leis.

(43)

Ba cheart forghníomhú an ordaithe coigistíochta nó an ordaithe calctha a bheith faoi rialú dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus ba cheart gurb iad na húdaráis de chuid an Stáit sin amháin a bheadh inniúil chun cinneadh a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh a fhorghníomhaithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don údarás eisiúna agus forghníomhaithigh iarraidh ar Eurojust nó ar EJN cúnamh a chur ar fáil, laistigh dá sainordú, maidir le saincheisteanna a bhaineann le forghníomhú orduithe calctha agus orduithe coigistíochta.

(44)

Éilíonn feidhmiú cuí an Rialacháin seo dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla atá i gceist, go háirithe i gcásanna a bhaineann le hordú coigistíochta a fhorghníomhú go comhuaineach i níos mó ná Ballstát amháin. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta dul i gcomhairle le chéile nuair is gá, go díreach nó, i gcás inarb iomchuí, trí Eurojust nó EJN.

(45)

Níor cheart dochar a dhéanamh do cheart an íospartaigh chun aiseag agus cúiteamh a fháil i gcásanna trasteorann. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chúiteamh íospartach agus d'aiseag a gcuid maoine i rialacha maidir le diúscairt maoine calctha nó coigistithe. Tá coincheap an íospartaigh le léiriú i gcomhréir le dlí an Stáit eisiúna, ar cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh leis an dlí sin, freisin, go bhféadfadh duine dlítheanach a bheith ina íospartach chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo do na rialacha maidir le maoin a chúiteamh agus a aiseag le híospartaigh i nósanna imeachta náisiúnta.

(46)

I gcás ina ndéantar an t-údarás forghníomhaitheach a chur ar an eolas faoi chinneadh a d'eisigh an t-údarás eisiúna nó údarás inniúil eile sa Stát eisiúna, chun an mhaoin chalctha a aiseag leis an íospartach, ba cheart don údarás forghníomhaitheach gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an mhaoin lena mbaineann a chalcadh agus a aiseag leis an íospartach a luaithe is féidir. Ba cheart an t-údarás forghníomhaitheach a bheith in ann an mhaoin a aistriú chuig an Stát eisiúna, ionas go mbeadh an Stát sin in ann an mhaoin a aiseag don íospartach, nó an mhaoin a aistriú go díreach chuig an íospartach, faoi réir thoiliú an Stáit eisiúna. Ba cheart go mbeadh an oibleagáid maidir leis an maoin chalctha a aiseag don íospartach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: níor cheart teideal an íospartaigh i leith na maoine a bheith faoi chonspóid, is é sin le rá, go nglactar leis gurb é an t-íospartach úinéir dlisteanach na maoine, agus nach ann d'aon éilimh ar fiú trácht orthu chun sin a tharraingt anuas; níor cheart an mhaoin a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí coiriúla sa Stát forghníomhaitheach; Agus (III) níor cheart go ndéanfaí dochar do chearta na ndaoine dá ndéantar difear, go háirithe cearta na tríú páirtithe bona fide. Níor cheart don údarás forghníomhaitheach an mhaoin chalctha a aiseag don íospartach ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo. I gcás ina measann an t-údarás forghníomhaitheach nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, ba cheart dó dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna, mar shampla, chun aon fhaisnéis bhreise a iarraidh nó chun plé a dhéanamh ar an staid sin d'fhonn teacht ar réiteach. Mura féidir teacht ar réiteach, ba cheart don údarás forghníomhaitheach a chinneadh gan an mhaoin chalctha a aiseag don íospartach.

(47)

Ba cheart do gach Ballstát smaoineamh ar oifig náisiúnta láraithe a bhunú a bheadh freagrach as bainistiú maoine calctha chun go bhféadfaí an mhaoin sin a choigistiú ar ball, agus as bainistiú na maoine a coigistíodh. Ba cheart maoin chalctha agus maoin choigistithe a chur ar leataobh mar ábhar tosaíochta le haghaidh tionscadail forfheidhmithe dlí, tionscadail chun cóir eagraithe a chosc agus tionscadail eile leasa phoiblí agus shóisialta.

(48)

Ba cheart do gach Ballstát smaoineamh ar chiste náisiúnta a bhunú chun cúiteamh leordhóthanach a rathú d'íospartaigh na coireachta, amhail teaghlaigh póilíní agus státseirbhísigh a maraíodh nó a míchumasaíodh agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do na Ballstáit cion de shócmhainní coigistithe a chur ar leataobh chun na críche sin.

(49)

Níor cheart do Bhallstáit a bheith in ann cúiteamh as na chostais a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éileamh ó chéile. Mar sin féin, i gcás inar thabhaigh an Stát forghníomhaitheach costais mhóra nó eisceachtúla, i gcás an mhaoin a bheith calctha ar feadh tréimhse nach gearr, mar shampla, ba cheart don údarás eisiúna aird a thabhairt ar aon mholadh ón údarás forghníomhaitheach go ndéanfaí na costais a roinnt.

(50)

D'fhonn a bheith in ann aghaidh a thabhairt feasta, chomh tapa agus is féidir, ar fhadhbanna sa todhchaí a sainaithníodh maidir le hinneachar an deimhnithe a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar na deimhnithe sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(51)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon aitheantas frithpháirteach d'orduithe calctha agus forghníomhú na n-orduithe a bhaint amach, ach gur fearr, dá bhrí sin, i ngeall ar a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(52)

Cuireadh Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) in ionad fhorálacha Chinneadh Réime 2003/577/CGB cheana, a mhéid a bhaineann le calcadh fianaise do na Ballstáit atá faoi cheangal na Treorach sin,. Ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad fhorálacha Chinneadh Réime 2003/577/CGB maidir le calcadh maoine idir na Ballstáit sin atá faoi cheangal aige. Ba cheart, freisin, an Rialachán seo a chur in ionad Chinneadh Réime 2006/783/CGB idir na Ballstáit atá faoi cheangal aige. Ba cheart forálacha Chinneadh Réime 2003/577/CGB maidir le calcadh maoine, mar aon le forálacha Chinneadh Réime 2006/783/CGB, leanúint d'fheidhm a bheith acu dá bhrí sin ní hamháin idir na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán seo, ach freisin idir aon Bhallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán seo agus aon Bhallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.

(53)

Níor cheart gurbh fhasach é foirm dhlíthiúil an ghnímh seo do ghníomhartha dlí a bheidh ag an Aontas amach anseo i réimse an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla. Ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar fhoirm dhlíthiúil ghníomhartha dlí an Aontais a bheidh ann amach anseo de réir an cháis agus éifeachtacht an ghnímh dlí agus prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta á gcur san áireamh, i measc fachtóirí eile.

(54)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i gcomhréir le Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle (16) go gcomhoibreodh a nOifigí um Aisghabháil Sócmhainní le chéile chun fáltais ón gcoireacht agus maoin eile a bhaineann léi a rianú agus a shainaithint, ar fáltais iad a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhár d'ordú calctha nó d'ordú coigistíochta.

(55)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(56)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha faoina ndéanfaidh Ballstát orduithe calctha agus orduithe coigistíochta, arna n-eisiúint ag Ballstát eile faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla, a aithint agus a fhorghníomhú laistigh dá chríoch féin.

2.   Ní hé is éifeacht don Rialachán seo modhnú a dhéanamh ar an oibleagáid maidir le cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha dlí a urramú, a chumhdaítear in Airteagal 6 CAE.

3.   Agus orduithe calctha nó orduithe coigistíochta á n-eisiúint acu, áiritheoidh na húdaráis eisiúna go ndéanfar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú.

4.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le horduithe calctha agus orduithe coigistíochta arna n-eisiúint faoi chuimsiú imeachtaí sibhialta nó riaracháin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ordú calctha” cinneadh arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás eisiúna d'fhonn díothú, claochlú, bogadh, aistriú nó diúscairt maoine a chosc d'fhonn í a choigistiú;

(2)

ciallaíonn “ordú coigistíochta” pionós nó beart críochnaitheach arna fhorchur ag cúirt tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil, a bhfuil mar thoradh air go mbaintear maoin de dhuine nádúrtha nó duine dlítheanach go críochnaitheach;

(3)

ciallaíonn “maoin” aon sórt maoine, bíodh sí corprach nó neamhchorprach, sochorraithe nó dochorraithe, chomh maith le doiciméid nó ionstraimí dlí lena bhfianaítear teideal ar mhaoin den sórt sin nó leas inti, ina measann an t-údarás eisiúna:

(a)

gur fáltais ó chion coiriúil, nó a chomhionann, atá sa mhaoin, bíodh luach iomlán na bhfáltas nó cuid den luach sin i gceist;

(b)

gur ionstraimeachtaí ciona coiriúil atá sa mhaoin, nó gurb é atá inti luach ionstraimeachtaí den sórt sin;

(c)

go bhfuil an mhaoin faoi réir coigistíochta trí aon cheann de na cumhachtaí coigistíochta dá bhforáiltear i dTreoir 2014/42/AE a chur i bhfeidhm sa Stát eisiúna; nó

(d)

go bhfuil an mhaoin faoi réir coigistíochta faoi aon fhorálacha eile a bhaineann le cumhachtaí coigistíochta, lena n-áirítear coigistiú gan ciontú críochnaitheach faoi dhlí an Stáit eisiúna, tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil;

(4)

ciallaíonn “fáltais” aon bhuntáiste eacnamaíoch a fhaightear go díreach nó go hindíreach as cion coiriúil ina bhféadfadh maoin de chineál ar bith a bheith i gceist, lena n-áirítear aon athinfheistíocht nó claochlú a dhéantar ar fháltais dhíreacha ina dhiaidh sin agus aon tairbhí luachmhara;

(5)

ciallaíonn “ionstraimeachtaí” aon mhaoin a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, ar aon slí, go hiomlán nó go páirteach, chun cion cóiriúil a dhéanamh;

(6)

ciallaíonn “Stát eisiúna” an Ballstát ina ndéantar ordú calctha nó ordú coigistíochta a eisiúint;

(7)

ciallaíonn “Stát forghníomhaitheach” an Ballstát a ndéantar an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta a tharchur chuige, chun é a aithint agus a fhorghníomhú;

(8)

ciallaíonn “údarás eisiúna”:

(a)

maidir le hordú calctha:

(i)

breitheamh, cúirt, nó ionchúisitheoir poiblí inniúil sa chás lena mbaineann; nó

(ii)

údarás inniúil eile arna ainmniú amhlaidh ag an Stát eisiúna, agus a bhfuil inniúlacht aige in ábhair choiriúla chun calcadh maoine a ordú nó chun ordú calctha a fhorghníomhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, sula ndéanfar é a tharchur chuig an údarás forghníomhaitheach, déanfaidh breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí sa Stát eisiúna an t-ordú calctha a bhailíochtú tar éis scrúdú a dhéanamh ar a chomhréireacht leis na coinníollacha faoina n-eisítear ordú den sórt sin faoin Rialachán seo. Sa chás go raibh an t-ordú bailíochtaithe ag breitheamh, cúirt nó ionchúisitheoir poiblí, is féidir a mheas gur údarás eisiúna chun críocha tarchurtha an ordaithe an t-údarás inniúil eile sin;

(b)

maidir le hordú coigistíochta, údarás arna ainmniú amhlaidh ag an Stát eisiúna agus a bhfuil inniúlacht aige in ábhair choiriúla chun ordú coigistíochta arna eisiúint ag cúirt a fhorghníomhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(9)

ciallaíonn “údarás forghníomhaitheach” údarás atá inniúil chun ordú calctha nó ordú coigistíochta a aithint agus chun forghníomhú an ordaithe a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na nósanna imeachta is infheidhme faoin dlí náisiúnta maidir le calcadh agus coigistiú maoine; i gcás ina gceanglaíonn nós imeachta den sórt sin go gcláraíonn cúirt an t-ordú agus go n-údaraíonn sí a fhorghníomhú, áirítear ar an údarás forghníomhaitheach an t-údarás atá inniúil chun clárú agus údarú den sórt a iarraidh;

(10)

ciallaíonn “duine dá ndéantar difear” duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh ordú calctha nó ordú coigistíochta ina choinne nó ina coinne, nó an duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis nó léi an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú sin, chomh maith le haon tríú páirtithe a ndéantar dochar díreach dá gcearta i ndáil leis an maoin sin leis an ordú sin faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh.

Airteagal 3

Cionta coiriúla

1.   Déanfar orduithe calctha nó orduithe coigistíochta a fhorghníomhú gan coiriúlacht dhúbailte na ngníomhartha is cúis le horduithe den sórt sin a fhíorú, sa chás ina bhfuil na gníomhartha sin inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta darb uasmhéid 3 bliana, ar a laghad, agus arb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na cionta coiriúla seo a leanas faoi dhlí an Stáit eisiúna:

(1)

rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil;

(2)

sceimhlitheoireacht;

(3)

gáinneáil ar dhaoine;

(4)

teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí;

(5)

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha;

(6)

gáinneáil aindleathach ar airm, armlóin agus pléascáin;

(7)

éilliú;

(8)

calaois, lena n-áirítear calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(9)

sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht;

(10)

góchumadh airgeadra, lena n-áirítear an euro;

(11)

coireacht atá bainteach le ríomhaireacht;

(12)

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis plandaí agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt;

(13)

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú;

(14)

dúnmharú, nó mórdhíobháil choirp;

(15)

trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine;

(16)

fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil nó gabháil giall;

(17)

ciníochas agus séinefóibe;

(18)

robáil eagraithe nó armtha;

(19)

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;

(20)

caimiléireacht;

(21)

cambheartaíocht agus sracadh;

(22)

góchumadh agus píoráideacht táirgí;

(23)

brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu;

(24)

modhanna íocaíochta a bhrionnú;

(25)

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;

(26)

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha;

(27)

ghinneáil ar fheithiclí goidte;

(28)

éigniú;

(29)

coirloscadh;

(30)

coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

(31)

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long;

(32)

sabaitéireacht.

2.   I gcás cionta coiriúla seachas na cionta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Stát forghníomhaitheach forghníomhú agus aithint ordaithe calctha nó coigistíochta a chur faoi réir an choinníoll gur cion coiriúil iad na gníomhartha is cúis leis an ordú calctha nó an ordú coigistíochta faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh, is cuma cé na heilimintí atá sa ghníomh coiriúil sin nó cén bealach a gcuirtear síos air faoi dhlí an Stáit eisiúna.

CAIBIDIL II

ORDUITHE CALCTHA A THARCHUR, A AITHINT AGUS A FHORGHNÍÓMHÚ

Airteagal 4

Orduithe coigistíochta a tharchur

1.   Déanfar ordú calctha a tharchur trí dheimhniú calctha. Déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú calctha dá bhforáiltear in Airteagal 6 a tharchur go díreach chuig an údarás forghníomhaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás lárnach dá dtagraítear in Airteagal 24(2), trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha a ligeann don údarás forghníomhaitheach barántúlacht an deimhnithe calctha nó an deimhnithe calctha a shuí.

2.   Féadfaidh na Ballstáit dearbhú a dhéanamh ina ndeirtear gurb amhlaidh, nuair a tharchuirtear deimhniú calctha chucu chun go ndéanfaí ordú calctha a shainaithint agus a fhorghníomhú, go bhfuil an t-údarás eisiúna chun an t-ordú calctha bunaidh nó cóip dheimhnithe de, chomh maith leis an deimhníú calctha, a tharchur. Mar sin féin, ní gá ach an deimhniú calctha a aistriú, i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

3.   Féadfaidh na Ballstáit an dearbhú dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh nó a tharraingt siar tráth ar bith. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas nuair a dhéanann siad dearbhú den sórt sin siar nó nuair a tharraingíonn siad siar é. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin ar fáil do na Ballstáit go léir agus do EJN.

4.   Maidir le hordú calctha a bhaineann le suim airgid, i gcás ina bhfuil forais réasúnta ag an údarás lena chreidiúint go bhfuil maoin nó ioncam ag an duine sin ar ina choinne nó ina coinne a eisíodh an t-ordú calctha i mBallstát, déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú calctha a tharchur chuig an mBallstát sin.

5.   Maidir le hordú calctha a bhaineann le míreanna sonracha maoine, déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú calctha a tharchur chuig an mBallstát sin a bhfuil forais réasúnta ag an údarás lena chreidiúint gurb ann atá an mhaoin a chumhdaítear san ordú calctha suite.

6.   Maidir leis an deimhniú calctha:

(a)

beidh deimhniú coigistíochta ag gabháil leis a tharchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 14; nó

(b)

beidh treoir ann go bhfanfaidh an mhaoin chalctha sa Stát forghníomhaitheach go dtí go ndéanfar an t-ordú coigistíochta a tharchur agus a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 14 agus, sa chás sin, déanfaidh an t-údarás eisiúna dáta measta an tarchuir sin a chur in iúl sa deimhniú.

7.   Más eol dó daoine ar bith lena mbaineann dá ndéanann an t-ordú calctha difear, cuirfidh an t-údarás eisiúna an méid sin in iúl don údarás forghníomhaitheach. Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin air, an t-údarás forghníomhaitheach a chur ar an eolas freisin faoi aon fhaisnéis is ábhartha i leith éileamh ar bith a d'fhéadfadh a bheith ag na daoine sin dá ndéantar difear, i ndáil leis an maoin, lena n-áirítear aon fhaisnéis lena sainaithnítear na daoine sin.

8.   Más rud é, d'ainneoin na faisnéise a cuireadh ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 24(3), nach eol don údarás eisiúna cé an t-údarás inniúil forghníomhaitheach, déanfaidh an t-údarás eisiúna na fiosrúcháin go léir is gá, lena n-áirítear trí phointí teagmhála EJN, chun faisnéis a fháil i dtaobh cén t-údarás atá inniúil le haghaidh an ordú calctha a aithint agus a fhorghníomhú.

9.   I gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag an Stát forghníomhaitheach a fhaigheann deimhniú calctha chun an t-ordú calctha a aithint nó chun bearta a dhéanamh is gá lena fhorghníomhú, déanfaidh an t-údarás sin an deimhniú calctha a tharchur láithreach chuig an údarás inniúil forghníomhaitheach ina Bhallstát féin agus cuirfidh sé sin in iúl don údarás eisiúna dá réir.

Airteagal 5

Ordú coigistíochta a tharchur chuig Stát forghníomhaitheach amháin nó níos mó

1.   Ní tharchuirfear deimhniú calctha de bhun Airteagal 4 ach chuig Stát forghníomhaitheach amháin ag aon am amháin mura rud é go bhfuil feidhm ag mír 2 nó ag mír 3 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina mbaineann ordú calctha le míreanna sonracha maoine, féadfar an deimhniú calctha a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin ag an am céanna:

(a)

i gcás ina bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna lena chreidiúint go bhfuil míreanna éagsúla maoine a chumhdaítear san ordú calctha suite i Stáit fhorghníomhaitheacha éagsúla; nó

(b)

i gcás ina n-éileofaí gníomhaíocht i níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin chun mír shonrach mhaoine a chumhdaítear san ordú calctha a chalcadh.

3.   I gcás ina mbaineann ordú calctha le suim airgid, féadfar an deimhniú calctha a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin ag an am céanna, i gcás ina measann an t-údarás eisiúna go bhfuil gá ar leith lena dhéanamh, go háirithe i gcás nach dócha gur leor luach na maoine a d'fhéadfaí a chalcadh sa Stát eisiúna agus in aon Stát forghníomhaitheach ar leith chun an méid iomlán a chumhdaítear san ordú calctha a chalcadh.

Airteagal 6

Deimhniú caighdeánach coigistíochta

1.   D'fhonn ordú clactha a tharchur, déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú calctha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chomhlánú, a shíniú, agus deimhneoidh sé go bhfuil a inneachar cruinn ceart.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna aistriúchán ar an deimhniú calctha a sholáthar don údarás forghníomhaitheach i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh nó in aon teanga eile a nglacfaidh an Stát forghníomhaitheach léi i gcomhréir le mír 3.

3.   Féadfaidh aon Bhallstát, ag am ar bith, a shonrú i ndearbhú arna thíolacadh chuig an gCoimisiún, go nglacfaidh sé le haistriúchán ar orduithe calctha a aistríodh go teanga oifigiúil amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na dearbhuithe ar fáil do na Ballstáit uile agus do EJN.

Airteagal 7

Orduithe coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach ordú coigistíochta arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 4 a aithint agus déanfaidh sé na bearta is gá lena fhorghníomhú ar an mbealach céanna agus a dhéanfaidh sé ordú coigistíochta intíre arna eisiúnt ag údarás de chuid an Stait eisiúna a fhorghníomhú, ach amháin má dhéanann an t-údarás forghníomhaitheach ceann de na forais do neamhaithint nó do neamhfhorghníomhú dá bhforáiltear in Airteagal 8 nó ceann de na forais do chur siar ordaithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 a agairt.

2.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach tuairisciú don údarás eisiúna maidir leis an ordú calctha a fhorghníomhú, lena n-áirítear tuairisc ar an maoin a calcadh agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, meastachán ar luach na maoine sin a thabhairt. Déanfar an tuairisciú sin trí mheán ar bith lenar bhféadfar taifead i scríbhinn a sholáthar, gan aon mhoill mhíchuí a luaithe a mbeifear tar éis a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach gur forghníomhaíodh an t-ordú calctha.

Airteagal 8

Forais le gan orduithe coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Ní fhéadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cinneadh a dhéanamh gan ordú calctha a aithint ná a fhorghníomhú ach amháin:

(a)

más rud é go mbeadh forghníomhú an ordaithe calctha in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

(b)

más rud é go bhfuil pribhléid nó díolúine ann faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh lena gcuirfí cosc ar chalcadh na maoine lena mbaineann nó má tá rialacha ann maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú, ar dliteanas coiriúil é a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, agus go gcuirtear cosc, leis na rialacha sin, ar fhorghníomhú an ordaithe calctha;

(c)

má tá an deimhniú calctha neamhiomlán nó más follas go bhfuil sé mícheart, agus nár comhlánaíodh é tar éis an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2;

(d)

má bhaineann an t-ordú calctha le cion coiriúil a rinneadh, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríoch an Stáit eisiúna agus go ndearnadh é go hiomlán nó go páirteach laistigh de chríoch an Stáit fhorghníomhaithigh, agus nach cion faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh é an t-iompar ar eisíodh an t-ordú calctha ina leith;

(e)

más rud é, i gcás a thagann faoi Airteagal 3(2), nach cion coiriúil faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh é an t-iompar is cúis leis an ordú calctha sin; mar sin féin, i gcásanna a bhaineann le cánacha nó dleachtanna, nó le rialacháin chustaim agus mhalairte, ní dhéanfar aithint nó forghníomhú an ordaithe calctha a dhiúltú ar na forais nach ngearrtar cáin ná dleacht den chineál céanna faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh nó nach bhfuil rialacha den chineál céanna ann maidir le cánacha agus dleachtanna nó rialacháin chustaim agus mhalairte den chineál céanna is atá i ndlí an Stáit eisiúna;

(f)

i dtosca eisceachtúla, tá forais shuntasacha le creidiúint, ar bhonn fianaise oibiachtúil agus shonrach, go mbeadh sárú soiléir ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach sa Chairt, mar thoradh ar fhorghníomhú an ordaithe calctha, in imthosca áirithe an cháis, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, an ceart chun triail chóir a fháil nó an ceart cosanta.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, sula ndéantar cinneadh gan ordú calctha a aithint nó a fhorghníomhú, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle leis an údarás eisiúna ar aon bhealach is iomchuí agus iarrfaidh sé ar an údarás eisiúna, nuair is iomchuí, aon fhaisnéis atá riachtanach a sholáthar gan mhoill.

3.   Déanfar aon chinneadh gan an t-ordú coigistíochta a aithint nó gan an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú gan mhoill agus tabharfar fógra ina leith siúd láithreach don údarás eisiúna trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar.

4.   I gcás inar thug údarás forghníomhaitheach aitheantas d'ordú calctha, ach go dtugann sé faoi deara, le linn fhorghníomhú an ordaithe, go bhfuil ceann de na forais do neamhaithint nó do neamhfhorghníomhú infheidhme, rachaidh sé i dteagmháil láithreach leis an údarás eisiúna trí aon mheán iomchuí chun plé a dhéanamh ar na bearta iomchuí a bheidh le dhéanamh. Ar an mbonn sin, féadfaidh an t-údarás eisiúna cinneadh a dhéanamh an t-ordú calctha a aistarraingt. Más rud é, tar éis an phlé sin, nár thángthas ar aon réiteach, féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le forghníomhú an ordaithe calctha.

Airteagal 9

Teorainneacha ama maidir le horduithe calctha a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cinneadh maidir leis an ordú calctha a aithint agus a fhorghníomhú agus leis an ordú sin a fhorghníomhú gan mhoill agus chomh gasta céanna agus leis an tosaíocht chéanna agus a bhíonn i gceist le cás comhchosúil intíre tar éis don údarás forghníomhaitheach an deimhniú calctha a fháil.

2.   I gcás inar léirigh an t-údarás eisiúna, sa deimhniú calctha, gur gá forghníomhú an ordaithe calctha a chur i gcrích ar dháta sonrach, tabharfaidh an t-údarás forghníomhaitheach aird, a lánoiread is féidir, air sin. I gcás inar léirigh an t-údarás eisiúna go bhfuil comhordú ag teastáil idir na Ballstáit lena mbaineann, rachaidh an t-údarás forghníomhaitheach agus an t-údarás eisiúna i mbun comhordú le chéile d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le dáta forghníomhaithe an ordaithe calctha. Mura féidir teacht ar aon chomhaontú, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cinneadh maidir le dáta forghníomhaitheach an ordaithe calctha, leasanna an údaráis eisiúna á gcur san áireamh oiread agus is féidir.

3.   Gan dochar do mhír 5, i gcás inar luaigh an t-údarás eisiúna, sa deimhniú calctha, gur gá calcadh a dhéanamh láithreach ós rud é go bhfuil forais dhlisteanacha ann lena chreidiúint go ndéanfar an mhaoin atá i gceist a aistriú nó a scriosadh, i bhfianaise aon riachtanas imscrúdaithe nó nós imeachta sa Bhallstát eisiúna, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cinneadh, maidir leis an ordú calctha a aithint, tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis don údarás forghníomhaitheach é a fháil. Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach na bearta nithiúla is gá chun an t-ordú a fhorghníomhú tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis an cinneadh a dhéanamh.

4.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach an cinneadh maidir leis an ordú calctha a aithint agus a fhorghníomhú a chur in iúl don údarás eisiúna gan mhoill agus trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar.

5.   I gcás ar leith, nuair nach féidir na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 3 a chomhlíonadh, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach é sin in iúl don údarás eisiúna láithreach trí mheán ar bith, agus na cúiseanna leis an moill á dtabhairt aige, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás eisiúna maidir le sceideal iomchuí le haithint nó forghníomhú an ordaithe calctha.

6.   Ní scaoiltear, le dul in éag na dteorainneacha ama a leagtar amach i mír 3, an t-údarás forghníomhaitheach óna oibleagáidí cinneadh a ghlacadh maidir leis an ordú calctha a aithint agus a fhorghníomhú, ná maidir leis an t-ordú sin a fhorghníomhú, gan mhoill.

Airteagal 10

Forghníomhú orduithe calctha a chur siar

1.   Féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach forghníomhú ordaithe calctha arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 4 a chur siar i gcás:

(a)

ina bhféadfadh a fhorghníomhú dochar a dhéanamh d'imscrúdú coiriúil leanúnach; sa chás sin is féidir forghníomhú an ordaithe calctha a chur siar go dtí cibé tráth a mheasann an t-údarás forghníomhaitheach a bheith réasúnach;

(b)

ina bhfuil an mhaoin ina abhar d'ordú calctha atá ann cheana, agus sa chás sin, féadfar forghníomhú an ordaithe calctha a chur siar go dtí go ndéanfar an t-ordú sin atá ann cheana féin a aistarraingt; nó

(c)

ina bhfuil an mhaoin faoi réir ordú atá ann cheana féin arna eisiúint le linn imeachtaí eile sa Stát forghníomhaitheach agus, sa chás sin, féadfar forghníomhú an ordaithe calctha a chur siar go dtí go ndéanfar an t-ordú sin atá ann cheana a aistarraingt; ní bheidh feidhm ag an bpointe sin, áfach, ach amháin nuair a bheidh tosaíocht ag an ordú atá ann cheana, faoin dlí náisiúnta, ar orduithe calctha náisiúnta ina dhiaidh sin i dtaobh ábhair choiriúla.

2.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, láithreach agus trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar, tuairisciú don údarás eisiúna maidir le forghníomhú an ordaithe calctha a chur siar lena sonraítear na forais leis an gcur siar agus, más féidir, pé fad a mheastar a mhairfidh an cur siar.

3.   A luaithe a scoirfidh na forais do chur siar an ordaithe de bheith ann, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach láithreach na bearta is gá chun an t-ordú calctha a fhorghníomhú agus cuirfidh sé an t-údarás eisiúna ar an eolas faoin méid sin trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar.

Airteagal 11

Rúndacht

1.   Agus ordú calctha á fhorghníomhú, tabharfaidh an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach aird chuí ar rúndacht an imscrúdaithe, ar sa chomhthéacs sin a eisíodh an t-ordú calctha.

2.   Ach amháin a mhéid is gá chun an t-ordú calctha a fhorghníomhú, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach rúndacht fhíorais agus shubstaint an ordaithe calctha a ráthú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin. Gan dochar mír 3 den Airteagal seo, a luaithe a fhorghníomhaítear an t-ordú calctha, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach na daoine dá ndéantar difear ar an eolas faoin méid sin i gcomhréir le hAirteagal 32.

3.   Chun imscrúduithe leanúnacha a choimirciú, féadfaidh an t-údarás eisiúna a iarraidh ar an údarás forghníomhaitheach go ndéanfaí fógra a thabhairt do dhaoine dá ndéantar difear faoi fhorghníomhú an ordaithe calctha faoi Airteagal 32 a chur siar. A luaithe nach gá go gcuirfear fógra a thabhairt do dhaoine dá ndéantar difear ionas gur féidir imscrúduithe leanúnacha a choimirciú a chur siar, tabharfaidh an t-údarás eisiúna fógra don údarás forghníomhaitheach dá réir, chun gur féidir leis an údarás forghníomhaitheach fógra a thabhairt do na daoine dá ndéantar difear faoi fhorghníomhú an ordaithe calctha i gcomhréir le hAirteagal 32.

4.   Mura féidir leis an údarás forghníomhaitheach na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé fógra don údarás eisiúna faoi sin láithreach agus, i gcás inarb indéanta, sula ndéanfar an t-ordú calctha a fhorghníomhú.

Airteagal 12

Fad orduithe calctha

1.   Fanfaidh an mhaoin atá faoi réir ordaithe calctha sa Stát forghníomhaitheach go dtí go dtabharfaidh údarás inniúil an stáit sin freagra cinntitheach ar ordú coigistíochta arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 14, nó go dtí go gcuirfidh an t-údarás eisiúna in iúl don údarás forghníomhaitheach aon bhearta nó aon chinneadh a fhágann nach mbeidh an t-ordú in-fhorfheidhmithe nó is cúis le go dtarraingeofar siar é, i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

2.   Féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh aige, iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an údarás eisiúna chun an tréimhse a bhfuiltear chun an mhaoin a chalcadh lena linn a theorannú. Déanfar iarraidh den sórt sin, lena n-áirítear aon fhaisnéis ábhartha tacaíochta, a tharchur trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar, faoi choinníollacha a fhágfaidh gur féidir leis an údarás eisiúna barántúlacht na hiarrata a shuí. Agus iarraidh den chineál sin á scrúdú aige, cuirfidh an t-údarás eisiúna na leasanna go léir san áireamh, lena n-áirítear leasanna an údaráis fhorghníomhaithigh. Tabharfaidh an t-údarás eisiúna freagairt ar an iarraidh a luaithe is féidir. Mura n-aontaíonn an t-údarás eisiúna leis an teorannú, déanfaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach. Sa chás sin, fanfaidh an mhaoin faoi chalcadh i gcomhréir le mír 1. Mura dtabharfaidh an t-údarás eisiúna freagairt ar an iarraidh laistigh de 6 seachtaine ón dáta a bhfaightear an iarraidh, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an údarás forghníomhaitheach a thuilleadh an t-ordú calctha a fhorghníomhú.

Airteagal 13

Neamhfhéidearthacht ordú coigistíochta a fhorghníomhú

1.   I gcás ina measann an t-údarás forghníomhaitheach nach bhfuil sé indéanta ordú calctha a fhorghníomhú, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don údarás eisiúna gan mhoill.

2.   Sula dtabharfar fógra don údarás eisiúna i gcomhréir le mír 1, rachaidh an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás eisiúna.

3.   Ní bheidh údar le gan ordú calctha a fhorghníomhú faoin Airteagal seo ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

más rud é gur coigistíodh an mhaoin cheana;

(b)

más rud é go bhfuil an mhaoin ar iarraidh;

(c)

más rud é gur scriosadh an mhaoin;

(d)

más rud é nach féidir teacht ar an maoin sa suíomh atá sonraithe ar an deimhniú calctha; nó

(e)

más rud é nach féidir an mhaoin a fháil siocair nach bhfuil cuntas sách cruinn tugtha ar an suíomh ina bhfuil an mhaoin sin lonnaithe, d'ainneoin na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2.

4.   Maidir leis na cásanna faoi phointe (b), pointe (d) agus pointe (e) de mhír 3, más rud é go bhfaigheann an t-údarás forghníomhaitheach faisnéis ina dhiaidh sin lena gcuirtear ar a chumas an mhaoin a shuí, féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach an t-ordú calctha a fhorghníomhú gan gá deimhniú nua calctha a tharchur, ar choinníoll gur fhíoraigh an t-údarás forghníomhaitheach, sula bhforghníomhaítear an t-ordú calctha, leis an údarás eisiúna go bhfuil an t-ordú calctha fós bailí.

5.   D'ainneoin mhír 3, má léirigh an t-údarás eisiúna go bhféadfaí maoin ar luach coibhéiseach a chalcadh, ní cheanglófar ar an údarás forghníomhaitheach an t-ordú ordaithe calctha faoin Airteagal seo más ann do cheann amháin de na himthosca a leagtar amach i mír 3 agus murar ann do mhaoin ar luach coibhéiseach a fhéadfar a chalcadh.

CAIBIDIL III

ORDUITHE CALCTHA A THARCHUR,A AITHINT AGUS A FHORGHNÍOMHÚ

Airteagal 14

Orduithe coigistíochta a tharchur

1.   Déanfar ordú coigistíochta a tharchur trí dheimhniú coigistíochta. Déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú coigistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 17 a tharchur go díreach chuig an údarás forghníomhaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás lárnach dá dtagraítear in Airteagal 24(2) trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar faoi choinníollacha ina bhfuil ar chumas an údaráis fhorghníomhaithigh barántúlacht an ordaithe coigistíochta a shuí.

2.   Féadfaidh na Ballstáit dearbhú a dhéanamh ina ndeirtear gurb amhlaidh, nuair a tharchuirtear deimhniú coigistíochta chucu chun go ndéanfaí ordú coigistíochta a shainaithint agus a fhorghníomhú, go bhfuil an t-údarás eisiúna chun an an t-ordú coigistíochta bunaidh nó cóip dheimhnithe de a tharchur i dteannta an deimhnithe coigistíochta. Mar sin féin, ní gá ach an deimhniú coigistíochta a aistriú, i gcomhréir le hAirteagal 17(2).

3.   Féadfaidh na Ballstáit an dearbhú dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ar dháta is déanaí. Féadfaidh na Ballstáit dearbhú den chineál sin a tharraingt siar tráth ar bith. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas nuair a dhéanann siad dearbhú den sórt sin nó nuair a tharraingíonn siad siar é. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin ar fáil do na Ballstáit go léir agus do EJN.

4.   Maidir le hordú coigistíochta a bhaineann le suim airgid, i gcás ina gcineann an t-údarás eisiúna go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint gur ann atá maoin nó ioncam ag an duine ar ina choinne a eisíodh an t-ordú coigistíochta, tarchuirfidh sé an deimhniú coigistíochta chuig an mBallstát sin.

5.   Maidir le hordú coigistíochta a bhaineann le míreanna sonracha maoine, i gcás ina gcineann an t-údarás eisiúna go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil nithe den sórt sin lonnaithe i mBallstát, tarchuirfidh sé an deimhniú coigistíochta chuig an mBallstát sin.

6.   Más eol aon daoine dó dá ndéanann an t-ordú calctha difear, cuirfidh an t-údarás eisiúna an méid sin in iúl don údarás forghníomhaitheach. Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin air, an t-údarás forghníomhaitheach a chur ar an eolas freisin faoi aon fhaisnéis is ábhartha i leith éileamh ar bith a d'fhéadfadh a bheith ag na daoine sin dá ndéantar difear, i ndáil leis an maoin, lena n-áirítear aon fhaisnéis lena sainaithnítear na daoine sin.

7.   Más rud é, d'ainneoin na faisnéise a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 24(3), nach eol don údarás eisiúna cé an t-údarás inniúil forghníomhaitheach, déanfaidh an t-údarás eisiúna na fiosrúcháin go léir is gá, lena n-áirítear trí phointí teagmhála EJN, chun a chinneadh cén t-údarás atá inniúil le haghaidh an ordú calctha a aithint agus a fhorghníomhú.

8.   I gcás nach bhfuil an t-údarás sa Stát forghníomhaitheach a fhaigheann deimhniú coigistíochta inniúil chun an deimhniú coigistíochta a aithint nó chun na bearta is gá a dhéanamh lena fhorghníomhú, déanfaidh an t-údarás sin an deimhniú coigistíochta a tharchur láithreach chuig an údarás inniúil forghníomhaitheach ina Bhallstát féin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás eisiúna dá réir.

Airteagal 15

Ordú coigistíochta a tharchur chuig Stát forghníomhaitheach amháin nó níos mó

1.   Ní tharchuirfear deimhniú coigistíochta, de bhun Airteagal 14, ach chuig Stát forghníomhaitheach amháin ag aon am amháin mura rud é go bhfuil feidhm ag mír 2 nó mír 3 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina mbaineann ordú coigistíochta le míreanna sonracha maoine, féadfar an deimhniú coigistíochta a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin ag an am céanna i gcás:

(a)

go bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna lena chreidiúint go bhfuil míreanna éagsúla maoine arna gcumhdach ag an ordú coigistíochta suite i Stáit fhorghníomhaitheacha éagsúla; nó

(b)

go bhfuil gníomhaíocht ag teastáil i níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin chun mír shonrach mhaoine arna cumhdach ag an ordú coigistíochta a choigistiú.

3.   I gcás ina mbaineann suim airgid le hordú coigistíochta, féadfar an deimhniú coigistíochta a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin ag an am céanna, i gcás ina measann an t-údarás eisiúna go bhfuil gá ar leith lena dhéanamh, go háirithe i gcás:

(a)

nár calcadh an mhaoin atá i gceist faoin Rialachán seo; nó

(b)

nach dócha gur leor luach measta na maoine a d'fhéadfaí a choigistiú sa Stáit eisiúna in aon Stát forghníomhaitheach ar leith chun an méid iomlán a chumhdaítear leis an ordú coigistíochta a choigistiú.

Airteagal 16

Iarmhairtí orduithe coigistíochta a tharchur

1.   Ní chuirfidh tarchur an ordaithe coigistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 15, srian ar cheart an Stáit eisiúna an t-ordú a fhorghníomhú.

2.   Ní rachaidh an luach iomlán a fhaightear ó fhorghníomhú ordaithe coigistíochta a bhaineann le suim airgid os cionn an uasmhéid arna shonrú san ordú sin, beag beann ar cibé a ndearnadh é a tharchur chuig Stát forghníomhaitheach amháin nó níos mó.

3.   Cuirfidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forghníomhaitheach ar an eolas láithreach trí mheán ar bith lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar i gcás:

(a)

ina measfaidh sé go bhféadfadh coigistiú is airde ná an uasmhéid tarlú, go háirithe ar bhonn faisnéis a fhaightear ón údarás forghníomhaitheach de bhun phointe (b) d'Airteagal 21(1);

(b)

ina ndearnadh an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú ina iomláine nó i bpáirt sa Stát eisiúna nó i Stát forghníomhaitheach eile, sa chás sin sonrófar an méid den iomlán nár forghníomhaíodh go fóill leis an ordú coigistíochta; nó

(c)

tar éis dheimhniú coigistíochta a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 14, go bhfaigheann údarás de chuid an Stáit eisiúna aon suim airgid atá íoctha ag an duine lena mbaineann i ndáil leis an ordú coigistíochta.

I gcás ina mbeidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír, cuirfidh an t-údarás eisiúna in iúl don údarás forghníomhaitheach a luaithe is féidir cé acu is ann nó nach ann a thuilleadh don bhaol dá dtagraítear sa phointe sin.

Airteagal 17

Deimhniú caighdeánach coigistíochta

1.   Chun ordú coigistíochta a tharchur, déanfaidh an t-údarás eisiúna an deimhniú coigistíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a chomhlánú, a shíniú, agus deimhneoidh sé go bhfuil a inneachar cruinn ceart.

2.   Soláthróidh an t-údarás eisiúna aistriúchán ar an deimhniú coigistíochta i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh nó in aon teanga eile a nglacfaidh an Stát forghníomhaitheach léi i gcomhréir le mír 3 don údarás forghníomhaitheach.

3.   Féadfaidh aon Bhallstát, ag am ar bith, a shonrú i ndearbhú arna thíolacadh chuig an gCoimisiún, go nglacfaidh sé le haistriúcháin ar dheimhnithe coigistíochta i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na dearbhuithe ar fáil do na Ballstáit uile agus do EJN.

Airteagal 18

Orduithe coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach ordú coigistíochta arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 14 a aithint agus déanfaidh sé na bearta is gá lena fhorghníomhú sa tslí chéanna ina fhorghníomhaítear ordú coigistíochta arna eisiúint ag údarás de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh, ach amháin má agraíonn an t-údarás forghníomhaitheach ceann de na forais do neamhaithint nó do neamhfhorghníomhú da bhforáiltear in Airteagal 19 nó ceann de na forais chun an t-ordú a chur siar dá bhforáiltear in Airteagal 21.

2.   Má bhaineann ordú coigistíochta le mír shonrach mhaoine, féadfaidh an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach, má fhoráiltear amhlaidh faoi dhlí an Stáit eisiúna, a aontú gur féidir an choigistíocht a dhéanfar sa Stát forghníomhaitheach a chur i gcrích trí shuim airgid a choigistiú is ionann agus luach na maoine a bhí le a coigistiú.

3.   Má bhaineann ordú coigistíochta le suim airgid agus mura bhfuil an t-údarás forghníomhaitheach in ann íocaíocht an mhéid sin a fháil, forgníomhóidh sé an t-ordú coigistíochta i gcomhréir le mír 1 i dtaca le haon mhír mhaoine atá ar fáil chun na críche sin. Más gá, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach an tsuim airgid atá le coigistiú a chomhshó go dtí airgeadra an Stáit fhorghníomhaithigh, ar an ráta malairte laethúil don euro arna fhoilsiú i sraith C in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh don dáta ar eisíodh an t-ordú coigistíochta.

4.   Aon chuid den tsuim airgid a aisghabhtar de bhun an ordaithe coigistíochta in aon Stát seachas sa Stát forghníomhaitheach, asbhainfear ina hiomláine í ón méid a bheidh le coigistiú sa Stát forghníomhaitheach.

5.   I gcás inar eisigh an t-údarás eisiúna ordú coigistíochta ach nach bhfuil ordú calctha eisithe aige, féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, mar chuid de na bearta dá bhforáiltear i mír 1, cinneadh a dhéanamh uaidh féin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta an mhaoin a chalcadh, i bhfianaise fhorghníomhú an ordaithe coigistíochta ina dhiaidh sin. I gcás mar sin, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach é sin in iúl don údarás eisiúna gan mhoill, agus más féidir, sula ndéanfar an mhaoin lena mbaineann a chalcadh.

6.   A luaithe atá forghníomhú an ordaithe curtha i gcrích, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, trí mheán ar bith lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar, torthaí an fhorghníomhaithe a chur in iúl don údarás eisiúna.

Airteagal 19

Forais le gan orduithe coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Ní fhéadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cinneadh a dhéanamh gan ordú coigistíochta a aithint ná a fhorghníomhú ach amháin:

(a)

más rud é go mbeadh forghníomhú an ordaithe coigistíochta in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

(b)

más rud é go bhfuil pribhléid nó díolúine ann faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh lena gcuirfí cosc ar fhorghníomhú i leith na maoine lena mbaineann, nó má tá rialacha ann maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú, ar dliteanas coiriúil é a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, agus go gcuirtear cosc, leis na rialacha sin, ar fhorghníomhú an ordaithe coigistíochta;

(c)

má tá an deimhniú coigistíochta neamhiomlán nó más follas go bhfuil sé mícheart, agus nár comhlánaíodh é tar éis an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2;

(d)

má bhaineann an t-ordú coigistíochta le cion coiriúil a rinneadh, go hiomlán nó go páirteach, lasmuigh de chríoch an Stáit eisiúna agus go ndearnadh é go hiomlán nó go páirteach laistigh de chríoch an Stáit fhorghníomhaithigh, agus nach cion faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh é an t-iompar ar eisíodh an t-ordú coigistíochta ina leith;

(e)

má tá sé dodhéanta faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh, mar gheall ar chearta daoine dá ndéantar difear, an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú, lena n-áirítear i gcás nach féidir sin a dhéanamh mar thoradh ar leigheasanna dlíthiúla arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 33;

(f)

más rud é, i gcás a thagann faoi Airteagal 3(2), nach cion faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh é an t-iompar ar a bhfuil an t-ordú coigistíochta eisithe; mar sin féin, i gcásanna a bhaineann le cánacha nó dleachtanna, nó le rialacháin chustaim agus mhalairte, ní dhéanfar aithint nó forghníomhú an ordaithe coigistíochta a dhiúltú ar an bhforas nach ngearrtar cáin ná dleachtanna den chineál céanna faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh nó nach ndéantar foráil do rialacha den chineál céanna ann maidir le cánacha agus dleachtanna nó rialacháin chustaim agus mhalairte is atá i ndlí an Stáit eisiúna;

(g)

de réir an deimhnithe coigistíochta, mura raibh an duine ar eisíodh an t-ordú coigistíochta ina choinne nó ina coinne i láthair é féin nó í féin ag an triail, agus dá bharr sin, gur tugadh ordú coigistíochta atá nasctha le ciontú críochnaitheach, mura rud é go luaitear sa deimhniú coigistíochta, i gcomhréir le ceanglais bhreise nós imeachta mar a shainmhínítear i ndlí an Stáit eisiúna:

(i)

go bhfuair an duine toghairm go pearsanta in am trátha agus gur cuireadh in iúl dó nó dí, dá bhíthin sin, an dáta sceidealta agus láthair na trialach dár lean an t-ordú coigistíochta, nó go bhfuair an duine faisnéis oifigiúil maidir le dáta sceidealta agus láthair na trialach ar bhealach eile ionas gur cinntíodh gan amhras go raibh sé nó sí ar an eolas faoin triail sceidealta, agus gur cuireadh in iúl don duine sin in am trátha go bhféadfaí ordú coigistíochta den chineál sin a thabhairt mura mbeadh an duine sin i láthair don triail;

(ii)

agus an duine sin feasach ar an triail sceidealta, gur thug sé nó sí sainordú do dhlíodóir, a cheap an duine lena mbaineann nó an Stát chun é nó í a chosaint ag an triail, agus go deimhin go ndearna an dlíodóir sin an duine a chosaint ag an triail; nó

(iii)

tar éis don duine an t-ordú coigistíochta a fháil agus ar a chur in iúl go sainráite don duine sin go raibh sé de cheart aige atriail a iarraidh nó achomharc a dhéanamh, agus go mbeadh cead ag an duine a bheith páirteach sa triail nó san achomharc sin, agus go gceadófaí, leis sin, tuillteanais an cháis, scrúdú ar fhianaise nua san áireamh, a athscrúdú, agus go bhféadfaí an t-ordú coigistíochta bunaidh a fhreaschur dá bharr, go ndúirt an duine go sainráite nach raibh sé nó sí ag cur in aghaidh an ordaithe coigistíochta, nó nár iarr sé nó sí atriail nó achomharc laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme;

(h)

i dtosca eisceachtúla, tá forais shuntasacha le creidiúint, ar bhonn fianaise shonrach agus oibiachtúil, go mbeadh sárú soiléir ar cheart bunúsach ábhartha mar a leagtar amach sa Chairt, mar thoradh ar fhorghníomhú an ordaithe coigistíochta, in imthosca sonracha an cháis, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, an ceart chun triail chóir a fháil nó an ceart cosanta.

2.   In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, sula ndéantar cinneadh gan ordú coigistíochta a aithint agus gan ordú coigistíochta a fhorghníomhú, bíodh sin go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle leis an údarás eisiúna ar aon bhealach is iomchuí agus iarrfaidh sé ar an údarás eisiúna, nuair is iomchuí, aon fhaisnéis riachtanach a sholáthar gan mhoill.

3.   Déanfar aon chinneadh gan an t-ordú coigistíochta a aithint nó gan an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú gan mhoill agus tabharfar fógra ina leith siúd láithreach don údarás eisiúna trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar.

Airteagal 20

Teorainneacha ama maidir le horduithe coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú

1.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach an cinneadh maidir leis an ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú gan mhoill, gan dochar do mhír 4, agus tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis don údarás forghníomhaitheach an deimhniú coigistíochta a fháil.

2.   An cinneadh maidir leis an ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach é in iúl gan mhoill agus trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar don údarás eisiúna.

3.   Murab ann d'fhorais chun an t-ordú a chur siar de bhun Airteagal 21, glacfaidh an t-údarás forghníomhaitheach na bearta nithiúla is gá chun an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú gan mhoill agus ar a laghad chomh gasta agus leis an tosaíocht chéanna a bhaineann le cás intíre inchomparáide.

4.   Mura bhfuil sé indéanta, i gcás sonrach, an teorainn ama a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach é sin in iúl don údarás eisiúna gan mhoill, agus na cúiseanna leis an moill á dtabhairt aige, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás eisiúna maidir le sceideal iomchuí chun an t-ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú.

5.   Ní scaoiltear, le dul in éag na teorann ama a leagtar amach i mír 1, an t-údarás forghníomhaitheach óna oibleagáidí cinneadh a ghlacadh maidir leis an ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú ná ón ordú sin a fhorghníomhú gan mhoill.

Airteagal 21

Forghníomhú orduithe coigistíochta a chur siar

1.   Féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach aithint nó forghníomhú an ordaithe coigistíochta arna tharchur i gcomhréir le hAirteagal 14 a chur siar i gcás:

(a)

ina bhféadfadh a fhorghníomhú dochar a dhéanamh d'imscrúdú coiriúil leanúnach; sa chás sin is féidir forghníomhú an ordaithe coigistíochta a chur siar go dtí cibé tráth a mheasann an t-údarás forghníomhaitheach atá réasúnach;

(b)

maidir le hordú coigistíochta a bhaineann le suim airgid, i gcás ina measann an t-údarás forghníomhaitheach gur baol go bhféadfadh an luach iomlán a fhaightear ó fhorghníomhú an ordaithe coigistíochta sin dul go mór os cionn a bhfuil sonraithe san ordú coigistíochta mar gheall ar fhorghníomhú comhuaineach an ordaithe coigistíochta i níos mó ná Ballstát amháin;

(c)

ina bhfuil an mhaoin ina ábhar do nósanna imeachta coigistíochta leanúnacha cheana féin sa Stát forghníomhaitheach; nó

(d)

ina n-agrófar leigheas dlí dá dtagraítear in Airteagal 33.

2.   D'ainneoin Airteagal 18(5), déanfaidh údarás inniúil an Stáit fhorghníomhaithigh, a fhad agus atá forghníomhú an ordaithe coigistíochta á chur siar, na bearta uile a dhéanfadh sé i gcás intíre den chineál céanna ionas nach dtarlóidh sé nach mbeidh fáil a thuilleadh ar an maoin chun an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú.

3.   Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach tuairisciú don údarás eisiúna gan mhoill agus trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar maidir le forghníomhú an ordaithe coigistíochta a chur siar, lena sonraítear na forais lena chur siar agus, más féidir, pé fad a mheastar a mhairfidh an cur siar.

4.   A luaithe nach ann do na forais do chur siar a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, gan mhoill, na bearta is gá chun an t-ordú a fhorghníomhú agus cuirfidh sé an t-údarás eisiúna ar an eolas faoi sin trí aon mheán lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar.

Airteagal 22

Neamhfhéidearthacht ordú coigistíochta a fhorghníomhú

1.   I gcás ina measann an t-údarás forghníomhaitheach go bhfuil sé indéanta ordú coigistíochta a fhorghníomhú, tabharfaidh sé fógra don údarás eisiúna ina leith gan mhoill.

2.   Sula dtabharfaidh sé fógra don údarás eisiúna i gcomhréir le mír 1, rachaidh an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás eisiúna, agus cuirfear na féidearthachtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 18(2) nó (3) san áireamh freisin.

3.   Ní bheidh údar le hordú coigistíochta orghníomhú gfaoin Airteagal seo ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

más rud é gur coigistíodh an mhaoin cheana;

(b)

más rud é go bhfuil an mhaoin ar iarraidh;

(c)

más rud é gur díothaíodh an mhaoin;

(d)

más rud é nach féidir teacht ar an maoin sa suíomh atá sonraithe ar an deimhniú coigistíochta; nó

(e)

más rud é nach féidir an mhaoin a fháil siocair nach bhfuil cuntas sách cruinn tugtha ar an suíomh ina bhfuil an mhaoin sin lonnaithe d'ainneoin na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2.

4.   Maidir leis na cásanna faoi phointe (b), pointe (d) agus pointe (e) de mhír 3, más rud é go bhfaigheann an t-údarás forghníomhaitheach faisnéis ina dhiaidh sin lena gcuirtear ar a chumas an mhaoin a shuí, féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach an deimhniú coigistíochta a fhorghníomhú gan aon ghá a bheith le deimhniú coigistíochta nua a tharchur ar choinníoll go mbeidh sé fíoraithe leis an údarás eisiúna ag an údarás forghníomhaitheach go bhfuil an t-ordú coigistíochta fós bailí sula bhforghníomhóidh sé é.

5.   D'ainneoin mhír 3, i gcás inar léirigh an t-údarás eisiúna go bhféadfadh maoin ar luach coibhéiseach a choigistiú, ní bheidh ceanglas ar an údarás forghníomhaitheach ordú coigistíochta a fhorghníomhú más ann do cheann amháin de na himthosca a leagtar amach i mír 3 agus murar ann do mhaoin ar luach coibhéiseach a fhéadfar a choigistiú.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 23

An dlí lena rialaítear forghníomhú

1.   Déanfar forghníomhú an ordaithe calctha nó an ordaithe coigistíochta a rialú faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh agus is iad a chuid údarás siúd amháin a bheidh inniúil chun cinneadh a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh an fhorghníomhaithe agus chun na bearta uile a bhaineann leo a chinneadh.

2.   Déanfar ordú calctha nó ordú coigistíochta arna eisiúint i gcoinne duine dlítheanach a fhorghníomhú fiú mura n-aithníonn an Stát forghníomhaitheach an prionsabal maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha.

3.   D'ainneoin Airteagal 18(2) agus (3), ní fhéadfaidh an Stát forghníomhaitheach bearta malartacha a fhorchur ar an ordú calctha a tarchuireadh de bhun Airteagal 4 nó ar an ordú coigistíochta a tarchuireadh de bhun Airteagal 14 gan toiliú an Stáit eisiúna.

Airteagal 24

Na húdaráis inniúla a chur in iúl

1.   Faoin 19 Nollaig 2020, déanfaidh gach Ballstát an t-údarás nó na húdaráis arna shainiú nó arna sainiú i bpointe (8) agus (9) d'Airteagal 2 atá inniúil faoina dhlí a chur in iúl don Choimisiún, sna cásanna sin inarb é an Ballstát sin an Stát eisiúna, nó an Stát forghníomhaitheach, faoi seach.

2.   Más gá, mar thoradh ar struchtúir a chórais dlí inmheánaigh, féadfaidh gach Ballstát údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú le bheith freagrach as tarchur agus glacadh riarthach deimhnithe calctha agus deimhnithe coigistíochta agus as cabhrú lena húdaráis inniúla féin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi aon údarás a ainmneoidh sé.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear faoin Airteagal seo ar fáil do na Ballstáit go léir agus don EJN.

Airteagal 25

Cumarsáid

1.   I gcás inar gá, rachaidh an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle le chéile, gan mhoill, le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, trí mheán iomchuí ar bith.

2.   Déanfar gach cumarsáid, lena n-áirítear an chumarsáid siúd atá beartaithe aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí maidir le tarchur nó barántúlacht aon doiciméid atá riachtanach chun an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú, go díreach idir an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach agus, i gcás inar ainmnigh an Ballstát údarás lárnach i gcomhréir le hAirteagal 24(2), i gcás inarb iomchuí beidh an t-údarás lárnach sin rannpháirteach sa chumarsáid siúd.

Airteagal 26

Orduithe iolracha

1.   Má fhaigheann an t-údarás forghníomhaitheach dhá ordú calctha nó níos mó nó dhá ordú coigistíochta nó níos mó ó Bhallstáit éagsúla i gcoinne an duine chéanna, agus mura bhfuil maoin leordhóthanach ag an duine sin sa Stát forghníomhaitheach chun go sásófaí na horduithe uile, nó má fhaigheann an t-údarás forghníomhaitheach dhá ordú calctha nó dhá ordú coigistíochta nó níos mó ná sin i ndáil leis an mír shonrach mhaoine chéanna, cinnfidh an t-údarás forghníomhaitheach na horduithe a dhéanfar a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh, gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaí forghníomhú an ordaithe coigistíochta a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.   Agus an cinneadh sin á dhéanamh aige, tabharfaidh an t-údarás forghníomhaitheach, i gcás inar féidir sin, tosaíocht do leasanna na n-íospartach. Cuirfidh sé na himthosca ábhartha uile eile san áireamh freisin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

cibé acu atá na sócmhainní calctha nó nach bhfuil;

(b)

dátaí na n-orduithe faoi seach agus dátaí a dtarchuir;

(c)

tromchúis an chiona choiriúil lena mbaineann; agus

(d)

áit déanta an chiona choiriúil.

Airteagal 27

Forghníomhú ordaithe calctha nó ordaithe coigistíochta a fhoirceannadh

1.   I gcás nach féidir an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú a thuilleadh, nó nach bhfuil sé bailí a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás eisiúna an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta a tharraingt siar.

2.   Cuirfidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forghníomhaitheach ar an eolas láithreach, trí mheán ar bith lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar, faoi aistarraingt ordaithe calctha nó ordaithe coigistíochta, agus faoi aon chinneadh nó aon bheart is cúis le tarraingt siar ordaithe calctha nó ordaithe coigistíochta.

3.   Foirceannfaidh an t-údarás forghníomhaitheach forghníomhú an ordaithe calctha nó an ordaithe coigistíochta a luaithe a chuirfidh an t-údarás eisiúna ar an eolas é i gcomhréir le mír 2, sa mhéid is nár cuireadh an forghníomhú i gcrích fós. Seolfaidh an t-údarás, gan aon mhoill mhíchuí agus trí mheán ar bith lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar, dearbhú maidir le foirceannadh chuig an Stáit eisiúna.

Airteagal 28

Maoin chalctha agus choigistithe a bhainistiú agus a dhiúscairt

1.   Déanfar maoin chalctha agus choigistithe a bhainistiú faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh.

2.   Déanfaidh an Stát forghníomhaitheach an mhaoin chalctha nó choigistithe a bhainistiú d'fhonn a dímheas luacha a chosc. Chuige sin, beidh deis ag an Stát forghníomhaitheach, ag féachaint d'Airteagal 10 de Threoir 2014/42/AE, maoin chalctha a dhíol nó a aistriú.

3.   Fanfaidh maoin chalctha, nó airgead a fhaightear tar éis maoin den chineál sin a dhíol i gcomhréir le mír 2, sa Stát forghníomhaitheach go dtí go mbeidh deimhniú coigistíochta tarchurtha agus forghníomhaithe, gan dochar don deis faoi Airteagal 29 go ndéanfaí maoin a aiseag.

4.   Ní bheidh ceangal ar an Stát forghníomhaitheach míreanna sonracha a chumhdaítear le hordú coigistíochta agus ar nithe cultúrtha iad, mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), a thabhairt ar ais nó a dhíol. Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear don oibleagáid réada cultúrtha a thabhairt ar ais faoin Treoir sin.

Airteagal 29

Maoin chalctha a aiseag leis an íospartach

1.   I gcás ina ndearna an t-údarás eisiúna nó údarás inniúil eile de chuid an Stáit eisiúna cinneadh a eisiúint, i gcomhréir lena dhlí naisiúnta, go ndéanfaí maoin chalctha a aiseag leis an íospartach, déanfaidh an t-údarás eisiúna faisnéis maidir leis an gcinneadh sin a áireamh sa deimhniú calctha nó déanfaidh sé faisnéis maidir leis an gcinneadh sin a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach tráth is faide anonn.

2.   I gcás ina bhfuair an t-údarás forghníomhaitheach faisnéis faoi chinneadh maoin chalctha a aiseag leis an íospartach, faoi mar a thagraítear dó nó di i mír 1, glacfaidh sé na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an mhaoin sin, i gcás inar calcadh í, a aiseag leis an íospartach a luaithe is féidir, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Stáit fhorghníomhaithigh, tríd an Stát eisiúna i gcás inar gá, ar an gcoinníoll:

(a)

nach bhfuil an teideal atá ag an íospartach chun na maoine á chonspóid;

(b)

nach bhfuil an mhaoin ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí coiriúla sa Stát forghníomhaitheach; agus

(c)

nach ndéantar dochar do chearta na ndaoine dá ndéantar difear.

Tabharfaidh an t-údarás forghníomhaitheach fógra don údarás eisiúna i gcás ina ndéantar maoin a aistriú díreach chuig an íospartach.

3.   I gcás nach measfaidh an t-údarás forghníomhaitheach gur comhlíonadh coinníollacha mhír 2, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás eisiúna gan mhoill agus trí aon mhodh is iomchuí d'fhonn teacht ar réiteach. Murar féidir teacht ar réiteach, féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach a chinneadh gan an mhaoin chalctha a aiseag leis an íospartach.

Airteagal 30

Diúscairt maoine coigistithe nó airgead a fuarthas tar éis maoin den chineál sin a dhíol

1.   I gcás ina ndearna an t-údarás eisiúna nó údarás inniúil eile de chuid an Stáit eisiúna cinneadh a eisiúint, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maoin choigistithe a aiseag leis an íospartach nó an t-íospartach a chúiteamh, déanfaidh an t-údarás eisiúna faisnéis maidir leis an gcinneadh sin a áireamh sa deimhniú coigistíochta, nó déanfaidh sé faisnéis maidir leis an gcinneadh sin a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach, ag céim is déanaí.

2.   I gcás ina bhfuair an t-údarás forghníomhaitheach faisnéis faoi chinneadh maoin choigistithe a aiseag leis an íospartach, faoi mar a thagraítear dó nó di i mír 1, glacfaidh sé na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar an mhaoin sin, nuair a choigistítear í, a aiseag leis an íospartach a luaithe is féidir, trína haistriú, i gcás inar gá, chuig an Stát eisiúna. Tabharfaidh an t-údarás forghníomhaitheach fógra don údarás eisiúna i gcás ina ndéantar maoin a aistriú díreach chuig an íospartach.

3.   I gcás nach féidir leis an údarás forghníomhaitheach an mhaoin a aiseag leis an íospartach i gcomhréir le mír 2, ach go bhfuarthas airgead mar thoradh ar ordú coigistíochta a fhorghníomhú i ndáil leis an maoin sin, déanfar an tsuim chomhfhreagrach a aistriú chuig an íospartach chun críocha aisig, tríd an Stát eisiúna i gcás inar gá. Tabharfaidh an t-údarás forghníomhaitheach fógra don údarás eisiúna i gcás ina ndéantar airgead a aistriú díreach chuig an íospartach. Aon mhaoin a bheidh fágtha, déanfar í a dhiúscairt i gcomhréir le mír 7.

4.   I gcás ina bhfuair an t-údarás forghníomhaitheach faisnéis faoi chinneadh cúiteamh a thabhairt don íospartach dá dtagraítear i mír 1, agus go bhfuarthas airgead mar thoradh ar ordú coigistíochta a fhorghníomhú, déanfar an tsuim chomhfhreagrach, sa mhéid is nach sáraítear an méid a léirítear sa deimhniú léi, a aistriú chuig an íospartach chun críocha cúitimh, tríd an Stát eisiúna i gcás inar gá. Tabharfaidh an t-údarás forghníomhaitheach fógra don údarás eisiúna i gcás ina ndéantar airgead a aistriú díreach chuig an íospartach. Aon mhaoin a bheidh fágtha, déanfar í a dhiúscairt i gcomhréir le mír 7.

5.   Má tá nós imeachta chun an t-íospartach a aiseag nó a chúiteamh ar feitheamh sa Stát eisiúna, déanfaidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forghníomhaitheach a chur ar an eolas dá réir. Déanfaidh an Stát forghníomhaitheach diúscairt na maoine a coigistíodh a shiarchoinneáil go dtí go ndéanfar an fhaisnéis faoin gcinneadh maidir le maoin a aiseag leis an íospartach, nó cúiteamh a íoc leis an íospartach, a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach, fiú i gcásanna inar forghníomhaíodh an t-ordú coigistíochta cheana.

6.   Gan dochar do mhír 1 go mír 5, déanfar maoin nach airgead, a fuarthas mar thoradh fhorghníomhú an ordaithe coigistíochta, a dhiúscairt i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

féadfar an mhaoin a dhíol, agus sa chás sin, déanfar fáltais an díola a dhiúscairt i gcomhréir le mír 7;

(b)

féadfar an mhaoin a aistriú chuig an Stát eisiúna ar an gcoinníoll, i gcás ina gcumhdaítear suim airgid leis an ordú coigistíochta go mbeidh a thoiliú tugtha ag an údarás eisiúna go ndéanfar maoin chuig an Stát eisiúna;

(c)

faoi réir phointe (d), mura féidir pointe (a) nó pointe (b) a chur i bhfeidhm, féadfar an mhaoin a dhiúscairt ar bhealach eile i gcomhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh; nó

(d)

féadfar an mhaoin a úsáid chun leas an phobail nó chun críocha sóisialta sa Stát forghníomhaitheach i gcomhréir lena dhlí, faoi réir toiliú an Stáit eisiúna.

7.   Mura bhfuil cinneadh chun an mhaoin a aiseag leis an íospartach nó an t-íospartach a chúiteamh i gcomhréir le mír1 go mír 5 ag gabháil leis an ordú coigistíochta, nó murar chomhaontaigh na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt, déanfaidh an Stát forghníomhaitheach an t-airgead a fuarthas mar thoradh ar fhorghníomhú ordaithe coigistíochta a dhiúscairt mar a leanas:

(a)

i gcás gurb é atá sa mhéid a fuarthas as forghníomhú an ordaithe coigistíochta EUR 10 000 nó gur lú ná EUR 10 000 é, fabhróidh an méid sin chuig an Stát forghníomhaitheach; nó

(b)

i gcás gur mó ná EUR 10 000 an méid a fuarthas as forghníomhú an ordaithe coigistíochta, aistreoidh an Stát forghníomhaitheach 50 % den mhéid sin chuig an Stát eisiúna.

Airteagal 31

Costais

1.   I gcás gach Ballstáit, is air féin a thitfidh na costais a thiocfaidh as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan dochar do na forálacha a bhaineann le maoin choigistithe a dhiúscairt, a leagtar amach in Airteagal 28.

2.   Féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach togra a thíolacadh chuig an údarás eisiúna go ndéanfaí na costais a roinnt i gcás ina ndealróidh sé, roimh ordú calctha nó ordú coigistíochta a fhorghníomhú nó ina dhiaidh sin, go mbeidh costais mhóra nó eisceachtúla i gceist le forghníomhú an ordaithe.

Maidir le tograí den sórt sin, na ngabhfaidh miondealú mionsonraithe ar na costais a thabhaigh an t-údarás forghníomhaitheach. Tar éis togra den sórt sin, rachaidh an t-údarás eisiúna agus an t-údarás forghníomhaitheach i gcomhairle le chéile. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Eurojust comhairliúcháin den chineál sin a éascú.

Déanfar na comhairliúcháin, nó an toradh orthu sin ar a laghad a thaifeadadh, trí mheán ar bith lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar.

Airteagal 32

Oibleagáid na daoine dá ndéantar difear a chur ar an eolas

1.   Gan dochar d'Airteagal 11, tar éis ordú calctha a fhorghníomhú agus tar éis an chinnidh ordú coigistíochta a aithint agus a fhorghníomhú, cuirfidh an t-údarás forghníomhaitheach a mhéid is féidir, na daoine dá ndéantar difear ar an eolas faoin bhforghníomhú sin agus faoi chinneadh mar sin gan mhoill, i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoina dhlí naisiúnta.

2.   Sonrófar an t-údarás a d'eisigh an t-ordú agus na leigheasanna atá ar fáil faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh san fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir le mír 1. Sonrófar san fhaisnéis sin freisin, ar a laghad go hachomair, na cúiseanna atá leis an ordú.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t-údarás forghníomhaitheach cúnamh a iarraidh ar an údarás eisiúna chun na tascanna dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

Airteagal 33

Leigheasanna dlí sa Stát forghníomhaitheach i gcoinne aithint agus forghníomhú ordaithe calctha nó ordaithe coigistíochta

1.   Beidh ceart chun leigheasanna éifeachtacha dlí ag daoine dá ndéantar difear sa Stát forghníomhaitheach i gcoinne an chinnidh maidir le horduithe calctha a aithint de bhun Airteagal 7 nó le horduithe coigistíochta a fhorghníomhú de bhun Airteagal 18. Agrófar an ceart chun leigheas dlí os comhair cúirte sa Stát forghníomhaitheach i gcomhréir lena dhlí. A mhéid a bhaineann le horduithe coigistíochta, féadfaidh éifeacht fionraíochta a bheith ag an gcaingean i gcás ina bhforáiltear dó sin faoi dhlí an Stáit fhorghníomhaithigh.

2.   Ní dhéanfar agóid i gcoinne na gcúiseanna substainteacha maidir leis an ordú calctha nó leis an ordú coigistíochta a eisiúint os comhair cúirt de chuid an Stáit fhorghníomhaithigh.

3.   Cuirfear údarás inniúil an Stáit eisiúna ar an eolas faoi aon leigheas dlí arna agairt i gcomhréir le mír 1.

4.   Ní dochar an tAirteagal seo do chur chun feidhme cosaintí agus leigheasanna dlí sa Stát eisiúna i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/42/AE.

Airteagal 34

Aisíocaíocht

1.   I gcás ina bhfuil dliteanas ar an Stát forghníomhaitheach faoina dhlí féin as díobháil do dhuine dá ndéantar difear mar gheall ar fhorghníomhú ordaithe calctha nó ordaithe coigistíochta a tarchuireadh chuige de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 14, aisíocfaidh an Stát eisiúna aon damáistí a d'íoc an Stát forghníomhaitheach leis an duine dá ndéantar difear. I gcás, áfach, inar féidir leis an Stát eisiúna a léiriú don Stát forghníomhaitheach go raibh an díobháil sin, nó aon chuid di, mar thoradh ar iompair an Stáit fhorghníomhaithigh, agus air sin amháin, déanfaidh an Stát eisiúna agus an Stát forghníomhaitheach a mbeidh le haisíoc a chomhaontú eatarthu.

2.   Ní dochar mír 1 do dhlí na mBallstát maidir le héilimh ó dhaoine nádúrtha nó ó dhaoine dlítheanacha le haghaidh cúiteamh i leith damáiste.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Staitisticí

1.   Déanfaidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach a bhailiú go rialta ó na húdaráis ábhartha. Déanfaidh siad an staidreamh sin a choinneáil ar bun, agus cuirfidh siad chuig an gCoimisiún é gach bliain. Chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Threoir 2014/42/AE, áireofar ar an staidreamh sin líon na n-orduithe calctha agus na n-orduithe coigistíochta a fuair Ballstát ó Bhallstáit eile ar orduithe iad a aithníodh agus a forghníomhaíodh, agus ar orduithe iad ar diúltaíodh iad a aithint nó a fhorghníomhú.

2.   Gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an staidreamh seo a leanas chuig an gCoimisiún freisin, ach sin a bheith ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstáit lena mbaineann:

(a)

líon na gcásanna ina ndearnadh íospartach a chúiteamh nó a ndearnadh aiseag leis nó léi mar gheall ar an maoin a fuarthas trí ordú coigistíochta a fhorghníomhú faoin Rialachán seo; agus

(b)

an mheánthréimhse i leith orduithe calctha agus orduithe coigistíochta a fhorghníomhú faoin Rialachán seo.

Airteagal 36

Leasuithe ar an deimhniú agus ar an bhfoirm

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhaíochtaí tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le leasú ar bith ar na deimhnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II. Beidh leasuithe den chineál sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ní dhéanfaidh siad difear dó.

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 36 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón19 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 36 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad féin aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

Tuairisciú agus athbhreithniú

Faoin 20 Nollaig 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

an deis a bheith ag na Ballstáit dearbhuithe a dhéanamh agus a tharraingt siar faoi Airteagal 4(2) agus Airteagal 14(2);

(b)

an idirghníomhaíocht idir urraim a thabhairt do chearta bunúsacha agus aitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagal 28, Airteagal 29 agus Airteagal 30 maidir le maoin choigistithe a bhainistiú agus a dhiúscairt, agus maidir leis an maoin a aiseag leis na híospartaigh agus na híospartaigh a chúiteamh.

Airteagal 39

Cur in ionad

Gabhann an Rialachán seo ionad fhorálacha Chinneadh Réime 2003/577/CGB maidir le maoin a chalcadh idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo ón 19 Nollaig 2020.

Gabhann an Rialachán seo ionad Chinneadh Réime 2006/783/CGB idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo ón 19 Nollaig 2020.

I ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal an Rialacháin seo, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2003/577/CGB maidir le maoin a chalcadh idir na Ballstáit agus tagairtí do Chinneadh Réime 2006/783.CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 40

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le deimhnithe calctha agus deimhnithe coigistíochta arna dtarchur ar an 19 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin.

2.   Leanfar de dheimhnithe calctha agus le deimhnithe coigistíochta a tarchuireadh roimh an 19 Nollaig 2020 a rialú le Cinneadh Réime 2003/577/CGB agus le Cinneadh Réime 2006/783/CGB tar éis an dáta sin, idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo go dtí go ndéanfar an t-ordú calctha nó an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú go críochnaitheach.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 19 Nollaig 2020.

Beidh feidhm ag Airteagal 24, áfach, ón 18 Nollaig 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018.

(2)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(3)  Cinneadh Réime 2003/577/CGB an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le horduithe a fhorghníomhú san Aontas Eorpach d'fhonn maoin nó fianaise a chalcadh (IO L 196, 2.8.2003, lch. 45).

(4)  Cinneadh Réime 2006/783/CGB an 6 Deireadh Fómhair 2006 ón gComhairle maidir le feidhm a bheith ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maidir le horduithe coigistíochta (IO L 328, 24.11.2006, lch. 59).

(5)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).

(6)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).

(7)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

(8)  Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart dlíodóir a fháil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí a bhaineann le barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus chun dul i dteagmháil le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalacha i gcás caillte saoirse. (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart bheith i láthair in imeachtaí coiriúla a neartú (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí faoi réir barántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).

(12)  Cinneadh 2008/976/CGB ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach (IO L 348, 24.12.2008, lch. 130).

(13)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena sonraítear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

(14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(15)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(16)  Cinneadh Réime 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí Gnóthaithe Sócmhainní na mBallstát i dtaca le fáltas nó réadmhaoine eile a bhaineann le coireacht a rianú agus a aithint (IO L 332, 18.12.2007, lch. 103).

(17)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(18)  Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 1024/2012 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

DEIMHNIÚ CALCTHA

ROINN A:

An Stát eisiúna: …

Údarás eisiúna: …

An t-údarás bailíochtaithe (más infheidhme): …

Stát forghníomhaitheach: …

An t-údarás forghníomhaitheach (más eol): …

ROINN B: Práinn agus/nó an dáta iarrtha maidir le forghníomhú

1.   Léirigh na forais ar leith a bhfuil práinn leo:

Tá forais dhlisteanacha lena chreidiúint go ndéanfar an mhaoin atá i gceist a aistriú nó a scriosadh, eadhon:

Riachtanais imscrúdaitheacha nó riachtanais nós imeachta sa Stát eisiúna, eadhon:

2.   An dáta maidir le forghníomhú::

Iarrtar dáta sonrach, eadhon: …

Comhordú de dhíth idir na Ballstáit lena mbaineann

Forais leis an iarraidh seo:

ROINN C: An duine (Na daoine) dá ndéantar difear

Céannacht an duine/na ndaoine ar ina c(h)oinne/ina gcoinne a eisíodh an t-ordú calctha, nó an duine/na ndaoine ar leis, léi nó leo an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú calctha (má dhéantar difear do níos mó ná duine amháin, cuir faisnéis ar fáil faoi gach duine ar leith):

1.   Sonraí aitheantais

(i)   I gcás duine nádúrtha/daoine nádúrtha

Sloinne: …

Ainm(neacha): …

Ainm(neacha) ábhartha eile, más infheidhme: …

Ailiasanna, más infheidhme: …

Inscne: …

Náisiúntacht: …

Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialaí, má tá sí ar fáil: …

Cineál nó uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas), má tá sé/siad ar fáil:

Dáta breithe: …

Áit bhreithe: …

Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas (mura bhfuil an seoladh ar eolas, an seoladh deiridh atá ar eolas):

Teanga(cha) a thuigeann an duine dá ndéantar difear: …

Sonraigh gairm an duine dá ndéantar difear sna himeachtaí:

an duine ar ina choinne nó ina coinne a dhírítear an t-ordú calctha

an duine ar leis nó léi an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú calctha

(ii)   I gcás duine dlítheanach/daoine dlítheanacha

Ainm: …

Foirm dhlíthiúil: …

Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme: …

Oifig chláraithe: …

Uimhir chláraithe: …

Seoladh: …

Ainm an ionadaí: …

Sonraigh gairm an duine dá ndéantar difear sna himeachtaí:

an duine ar ina choinne nó ina coinne a dhírítear an t-ordú calctha

an duine ar leis nó léi an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú calctha

2.   I gcás ina bhfuil sé éagsúil ón seoladh thuas, tabhair an suíomh ina bhfuil an t-ordú calctha le forghníomhú, le do thoil:

3.   Tríú páirtithe a ndéanann an t-ordú clactha difear díreach dá gcearta i ndáil leis an maoin atá cumhdaithe ag an ordú (céannacht agus forais):

4.   Déan aon fhaisnéis eile a sholáthar a chuideoidh le forghníomhú an ordaithe calctha:

ROINN D: Faisnéis faoin maoin lena mbaineann an t-ordú

1.   Léirigh, le do thoil, má bhaineann an t-ordú le:

suim airgid

mír shonrach/míreanna sonracha maoine (corprach nó neamhchorprach, sochorraithe nó dochorraithe)

maoin ar luach coibhéiseach (i gcomhthéacs coigistithe bunaithe ar luach)

2.   Má bhaineann an t-ordú le suim airgid nó le maoin ar luach coibhéiseach leis an suim airgid sin:

An méid i gcomhair forghníomhú sa Stát forghníomhaitheach, i bhfigiúirí agus i bhfocail (sonraigh an t-airgeadra): …

An méid iomlán a chumhdaítear leis an ordú, i bhfigiúirí agus i bhfocail (sonraigh an t-airgeadra):

Faisnéis bhreise:

Forais lena chreidiúint go bhfuil maoin/ioncam ag an duine dá ndéantar difear sa Stát forghníomhaitheach:

Cur síos ar mhaoin/ar fhoinse ioncaim an duine dá ndéantar difear (nuair is féidir sin a dhéanamh):

Suíomh beacht mhaoin/fhoinse ioncaim an duine dá ndéantar difear (mura bhfuil sé sin ar eolas, an suíomh deiridh atá ar eolas): …

Mionsonraí chuntas bainc an duine dá ndéantar difear (más eol):

3.   Má bhaineann an t-ordú le mír shonrach/míreanna sonracha maoine nó le maoin ar luach coibhéiseach leis an maoin sin

Na forais atá leis an ordú a tharchur chuig an Stát forghníomhaitheach:

go bhfuil an mhír mhaoine/na míreanna maoine faoi leith suite sa Stát forghníomhaitheach

go bhfuil an mhír shonrach/na míreanna sonracha maoine faoi leith cláraithe sa Stát forghníomhaitheach

go bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna lena chreidiúint go bhfuil an mhír shonrach mhaoine/na míreanna sonracha maoine ar fad a chumhdaítear leis an ordú nó cuid di/díobh suite sa Stát forghníomhaitheach.

Faisnéis bhreise:

Na forais lena chreidiúint go bhfuil an mhír shonrach mhaoine/na míreanna sonracha maoine suite sa Stát forghníomhaitheach:

Cur síos ar an mír mhaoine:

Suíomh na míre maoine (mura bhfuil sin ar eolas, an suíomh deiridh atá ar eolas):

Aon fhaisnéis ábhartha eile: (mar shampla, ceapachán riarthóra bhreithiúnaigh):

ROINN E: Na forais chun an t-ordú calctha a eisiúint

1.   Achoimre ar na fíorais

Leag amach na cúiseanna atá leis an ordú calctha a eisiúint, lena n-áirítear:

achoimre ar na fíorais, lena n-áirítear cur síos ar an gcion coiriúil/na cionta coiriúla:

an chéim atá sroichte san imscrúdú:

forais le calcadh:

aon fhaisnéis ábhartha eile:

2.   Cineál agus rangú dlí an chiona/na gcionta ar eisíodh an t-ordú calctha ina leith agus an fhoráil dlí na forálacha dlí is infheidhme:

3.   An pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála darb uasmhéid 3 bliana, ar a laghad, an pionós a ghearrtar sa Stát eisiúna as an gcion coiriúil a n-eisítear an t-ordú calctha ina leith, agus an áirítear an cion coiriúil sin sa liosta cionta a leagtar amach thíos? (cuir tic sa bhosca ábhartha, le do thoil). I gcás ina mbaineann an t-ordú calctha le roinnt cionta coiriúla, léirigh na huimhreacha i liosta na gcionta coiriúla thíos (a chomhfhreagraíonn do na cionta a ndéantar cur síos orthu faoi phointí 1 agus 2 thuas).

rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil

sceimhlitheoireacht

gáinneáil ar dhaoine

teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha,

gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin

éilliú

calaois, lena n-áirítear calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371

sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht

góchumadh airgeadra, lena n-áirítear an euro

coireacht atá bainteach le ríomhaireacht

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis plandaí agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú

an dúnmharú nó an mhórdhíobháil choirp

trádáil neamhdhleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine

fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil nó gabháil giall

ciníochas agus seineafóibe

robáil eagraithe nó armtha

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne

caimiléireacht

cambheartaíocht agus sracaireacht

góchumadh agus píoráideacht táirgí

brionnú doiciméad riaracháin agus gáinneáil orthu

brionnú modhanna íocaíochta neamhairgid

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha

gáinneáil ar fheithiclí goidte

éigniú

coirloscadh

coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí/long

sabaitéireacht

4.   Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. an gaol idir an mhaoin agus an cion coiriúil):

ROINN F: Rúndacht an ordaithe agus/nó iarraidh ar fhoirmiúlachtaí

An gá atá leis an bhfaisnéis atá san ordú a choinneáil faoi rún tar éis forghníomhú:

An gá atá le foirmiúlachtaí sonracha tráth a ndéantar forghníomhú:

ROINN G: I gcás ina ndearnadh deimhniú calctha a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin, déan an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:

1.   Rinneadh deimhniú calctha a tharchur chuig an Stát forghníomhaitheach/na Stáit fhorghníomhaitheacha eile seo a leanas (Stát agus údarás):

2.   Rinneadh deimhniú calctha a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin ar na cúiseanna seo a leanas

I gcás ina mbaineann an t-ordú calctha le míreanna sonracha maoine:

Creidtear go bhfuil míreanna maoine éagsúla a chumhdaítear faoin ordú suite i stáit fhorghníomhaitheacha éagsúla

Teastaíonn gníomhaíocht i níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin le mír mhaoine faoi leith a chalcadh

I gcás ina mbaineann an t-ordú calctha le suim airgid:

Ní dócha go mbeidh luach measta na maoine a d'fhéadfaí a chalcadh sa Stát eisiúna agus in aon Stát forghníomhaitheach amháin leordhóthanach chun an méid iomlán a chumhdaítear leis an ordú a chalcadh.

Riachtanais shonracha eile:

3.   Luach na sócmhainní, más eol, i ngach Stát forghníomhaitheach:

4.   I gcás ina gceanglaítear gníomhaíocht i níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin le mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine a chalcadh, cur síos ar an ngníomhaíocht atá le déanamh sa Stát forghníomhaitheach:

ROINN H: An gaol le hordú calctha agus/nó le hordú/le horduithe nó iarraidh/iarrataí eile a rinneadh roimhe seo

Léirigh pé acu an mbaineann nó nach mbaineann an t-ordú calctha seo le hordú calctha a rinneadh roimhe seo (e.g. ordú calctha, ordú imscrúdaithe Eorpach, barántas gabhála Eorpach, nó cúnamh dlíthiúil frithpháirteach). Más infheidhme, tabhair an fhaisnéis seo a leanas atá ábhartha chun an t-ordú nó an iarraidh roimhe seo a shainaithint:

Cineál an orduithe/na hiarratas: …

Dáta eisiúna: …

An t-údarás ar tarchuireadh an t-ordú/an iarraidh chuige:

An uimhir thagartha a thug an t-údarás eisiúna:

an uimhir thagartha/na huimhreacha tagartha a thug an t-údarás forghníomhaitheach/na húdaráis forghníomhaitheacha: …

ROINN I: Coigistiú

Cuir an méid seo in iúl:

an bhfuil deimhniú coigistíochta ag gabháil leis an deimhniú calctha seo, a eisíodh sa Stát eisiúna, a fhorghníomhú (uimhir thagartha an deimhnithe coigistíochta):

an bhfanfaidh an mhaoin calctha sa Stát forghníomhaitheach go dtí go dtarchuirfear agus go bhforghníomhófar an t-ordú coigistíochta (dáta measta maidir leis an deimhniú coigistíochta a thíolacadh, más féidir):

ROINN J: Bearta malartacha

1.   Sonraigh pé acu an ligeann nó nach ligeann an Stát eisiúna don Stát forghníomhaitheach bearta malartacha a chur i bhfeidhm i gcás nach féidir an t-ordú calctha a fhorghníomhú, bíodh sé sin ina iomláine nó i bpáirt:

Eisíodh

Níor eisíodh

2.   Má ligeann, léirigh na bearta d'fhéadfadh a bheith infheidhme:

ROINN K: MAOIN CHALCTHA A AISEAG

1.   Léirigh ar eisíodh cinneadh go ndéanfaí maoin chalctha a aiseag leis an íospartach:

Eisíodh

Níor eisíodh

Má eisíodh, sonraigh an méid seo a leanas maidir leis an gcinneadh maoin chalctha a aiseag leis an íospartach:

An t-údarás a d'eisigh an cinneadh (ainm oifigiúil):

Dáta an chinnidh: …

Uimhir thagartha an chinnidh (má tá sí ar fáil): …

Cur síos ar an maoin atá le haiseag: …

Ainm an íospartaigh: …

Seoladh an íospartaigh: …

Má chonspóidtear an teideal atá ag an íospartach chun na maoine, tabhair sonraí (cé na daoine a chonspóideann an teideal, na cúiseanna, srl.):

Dá bhféadfaí dochar a dhéanamh do chearta daoine dá ndéantar difear mar thoradh ar an aiseag, tabhair sonraí (cé na daoine dá ndéantar difear, na cearta a bhféadfaí dochar a dhéanamh dóibh, na cúiseanna, etc.):

2.   An bhfuil éileamh ar mhaoin chalctha a aiseag leis an íospartach ar feitheamh sa Stát eisiúna?

Níl

Tá, cuirfear an toradh in iúl don údarás forghníomhaitheach

Tabharfar fógra don údarás eisiúna i gcás ina ndéanfar aistriú díreach chuig an íospartach.

ROINN L: Leigheasanna dlí

An t-údarás sa Stát eisiúna ar féidir leis breis faisnéise a sholáthar maidir le nósanna imeachta chun leigheasanna dlí a lorg sa Stát eisiúna agus faisnéis faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cúnamh dlí, ateangaireacht agus aistriúchán ar fáil:

An t-údarás eisiúna, (féach Roinn M)

An t-údarás bailíochtaithe, (féach Roinn N)

Eile:

ROINN M: Sonraí an údaráis eisiúna

An cineál údaráis eisiúna:

breitheamh, cúirt, ionchúisitheoir poiblí

údarás inniúil eile arna ainmniú ag an Stát eisiúna

Ainm an údaráis …

Ainm an teagmhálaithe: …

Post (teideal/grád) …

Uimhir an Chomhaid: …

Seoladh: …

Uimhir Theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

Uimhir Facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

R-phost: …

Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás eisiúna …

Murab ionann iad agus a bhfuil thuas, sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil nó socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir le forghníomhú an ordaithe:

Ainm/Teideal/Eagraíocht: …

Seoladh: …

R-phost/Uimhir Theileafóin: …

Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil ábhar an deimhnithe calctha cruinn agus ceart: …

Ainm: …

An post a shealbhaítear (teideal/grád) …

Dáta: …

Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): …

ROINN N: Sonraí an údaráis a bhailíochtaigh an t-ordú calctha

Léirigh, le do thoil, an cineál údaráis a bhailíochtaigh an t-ordú calctha (más infheidhme):

breitheamh nó cúirt

ionchúisitheoir poiblí

Ainm an údaráis bailíochtaithe: …

Ainm an teagmhálaithe: …

An post a shealbhaítear (teideal/grád): …

Uimhir anchomhaid: …

Seoladh: …

Uimhir Theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

Uimhir Facs (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

R-phost: …

Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás bailíochtaithe: …

Léirigh, le do thoil, an príomhphointe teagmhála don údarás forghníomhaitheach:

an t-údarás eisiúna

an t-údarás bailíochtaithe

Síniú agus sonraí an údaráis bailíochtaithe agus/nó a ionadaí: …

Ainm: …

An post a shealbhaítear(teideal/grád): …

Dáta: …

Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): …

ROINN O: Údarás lárnach

I gcás inar cuireadh tarchur agus glacadh riarthach deimhnithe calctha mar fhreagracht ar údarás lárnach sa Stát eisiúna, léirigh, le do thoil, an méid seo a leanas:

Ainm an údaráis lárnaigh: …

Duine teagmhála: …

An post a shealbhaítear (teideal/grád): …

Tagairt an chomhaid: …

Seoladh: …

Uimhir Theileafóin (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

Uimhir Facs (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

R-phost: …

ROINN P: Ceangaltáin

Sonraigh, le do thoil, aon cheangaltáin atá ag gabháil leis an deimhniú: …


IARSCRÍBHINN II

DEIMHNIÚ COIGISTÍOCHTA

ROINN A:

An Stát eisiúna: …

Údarás eisiúna: …

Stát forghníomhaitheach: …

An t-údarás forghníomhaitheach (más eol): …

ROINN B: Ordú coigistíochta

1.   An chúirt a d'eisigh an t-ordú coigistíochta (ainm oifigiúil):

2.   Uimhir thagartha an ordaithe coigistíochta (má tá sí ar fáil):

3.   Eisíodh an t-ordú coigistíochta an (dáta):

4.   Rinneadh ordú críochnaitheach den ordú coigistíochta an (dáta):

ROINN C: Duine (Daoine) dá ndéantar difear

Céannacht an duine/na ndaoine ar ina c(h)oinne/ina gcoinne a eisíodh an t-ordú coigistíochta, nó an duine/na ndaoine ar leis, léi nó leo an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú calctha (má dhéantar difear do níos mó ná duine amháin, cuir faisnéis ar fáil faoi gach duine ar leith):

1.   Sonraí aitheantais

(i)   I gcás duine nádúrtha/daoine nádúrtha

Ainm: …

Ainm(neacha): …

Ainm(neacha) ábhartha eile, más infheidhme …

Ailiasanna, más infheidhme: …

Inscne …

Náisiúntacht …

Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialaí, má tá sí ar fáil …

Cineál nó uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil: …

Dáta breithe: …

Áit bhreithe: …

Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas …

Teanga(cha) a thuigeann an duine dá ndéantar difear: …

Sonraigh seasamh an duine dá ndéantar difear sna himeachtaí:

an duine ar ina choinne nó ina coinne a dhírítear an t-ordú coigistíochta

an duine ar leis nó léi an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú coigistíochta

(ii)   I gcás duine dlítheanach/daoine dlítheanacha

Ainm: …

Foirm dhlíthiúil: …

Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme: …

Oifig chláraithe: …

Uimhir chláraithe: …

Seoladh: …

Ainm an ionadaí: …

Sonraigh, le do thoil, seasamh an duine dá ndéantar difear sna himeachtaí:

an duine ar ina choinne nó ina coinne a dhírítear an t-ordú coigistíochta

an duine ar leis nó léi an mhaoin a chumhdaítear leis an ordú coigistíochta

2.   I gcás ina bhfuil sé éagsúil ón seoladh thuas, tabhair an suíomh ina bhfuil an t-ordú coigistíochta le forghníomhú, le do thoil

3.   Tríú páirtithe a ndéanann an t-ordú coigisíochta dochar díreach dá gcearta i ndáil leis an maoin a chumhdaítear leis an ordú (céannacht agus forais):

4.   Déan aon fhaisnéis eile a sholáthar a chuideoidh le forghníomhú an ordaithe coigistíochta:

ROINN D: Faisnéis faoin maoin lena mbaineann an t-ordú

1.   Chinn an chúirt, maidir leis an maoin:

gur fáltais ó chion choiriúil, nó a choibhéis, atá inti, bíodh luach iomlán na bhfáltas nó cuid den luach sin i gceist

gurb é atá inti ionstraimeachtaí cionta coiriúla den sórt sin, nó luach ionstraimeachtaí den sórt sin

go bhfuil an mhaoin faoi réir coigistíochta mar thoradh ar aon cheann de na cumhachtaí coigistíochta dá bhforáiltear i dTreoir 2014/42/AE a chur i bhfeidhm sa Stát eisiúna (lena n-áirítear coigistiú leathnaithe)

go bhfuil an mhaoin faoi réir coigistíochta faoi aon fhorálacha eile a bhaineann le cumhachtaí coigistíochta, lena n-áirítear coigistiú gan ciontú críochnaitheach, faoi dhlí an Stáit eisiúna tar éis imeachtaí i ndáil le cion coiriúil

2.   Léirigh, le do thoil, má bhaineann an t-ordú le:

suim airgid

mír shonrach/míreanna sonracha maoine (corprach(a) nó neamhchorprach(a), sochorraithe nó dochorraithe)

maoin ar luach coibhéiseach (i gcomhthéacs coigistithe bunaithe ar luach)

3.   Má bhaineann an t-ordú le suim airgid nó le maoin ar luach coibhéiseach leis an tsuim airgid sin:

An méid i gcomhair forghníomhú sa Stát forghníomhaitheach, i bhfigiúirí agus i bhfocail (sonraigh an t-airgeadra) …

An méid iomlán a chumhdaítear leis an ordú, i bhfigiúirí agus i bhfocail (sonraigh an t-airgeadra): …

Faisnéis bhreise:

Forais lena chreidiúint go bhfuil maoin/ioncam ag an duine dá ndéantar difear sa Stát eisiúna:

Cur síos ar mhaoin/ar fhoinse ioncaim an duine dá ndéantar difear (nuair is féidir sin a dhéanamh):

Suíomh beacht mhaoin/fhoinse ioncaim an duine dá ndéantar difear (mura bhfuil sé sin ar eolas, an suíomh deiridh atá ar eolas): …

Mionsonraí cuntais bainc an duine dá ndéantar difear (más eol):

4.   Má bhaineann an t-ordú le mír shonrach/míreanna sonracha maoine nó le maoin ar luach coibhéiseach leis an maoin sin:

Forais leis an ordú a tharchur chuig an Stát forghníomhaitheach:

go bhfuil an mhír shonrach mhaoine/na míreanna sonracha maoine suite sa Stát forghníomhaitheach

go bhfuil an mhír shonrach/na míreanna sonracha maoine faoi leith cláraithe sa Stát forghníomhaitheach

go bhfuil forais réasúnta ag an údarás eisiúna a chreidiúint go bhfuil an mhír shonrach mhaoine/na míreanna sonracha maoine ar fad a chumhdaítear leis an ordú nó cuid di/díobh suite sa Stát forghníomhaitheach.

Faisnéis bhreise:

Na forais lena chreidiúint go bhfuil an mhír shonrach mhaoine/na míreanna sonracha maoine suite sa Stát forghníomhaitheach: …

Cur síos ar an mír mhaoine

Suíomh na míre maoine (mura bhfuil sin ar eolas, an suíomh deiridh atá ar eolas):

Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. ceapachán riarthóra bhreithiúnaigh): …

5.   Faisnéis maidir le tiontú agus aistriú maoine

Má bhaineann an t-ordú le mír shonrach mhaoine, sonraigh an bhforáiltear nó nach bhforáiltear faoi dhlí an Stáit eisiúna gur féidir leis an gcoigistiú sa Stát forghníomhaitheach a chur i gcrích trí choigistiú suime airgid a bheidh cothrom le luach na maoine a bheidh le coigistiú:

Foráiltear

Ní fhoráiltear

ROINN E: Ordú calctha

Léirigh le do thoil, cé acu:

an bhfuil ordú calctha ag gabháil leis an ordú coigistíochta a eisíodh sa Stát eisiúna (uimhir thagartha an deimhnithe calctha): …

an ndearnadh an mhaoin a chalcadh i gcomhréir le hordú calctha roimhe seo a tarchuireadh chuig an Stát forghníomhaitheach: …

dáta eisiúna an ordaithe calctha: …

dáta tarchurtha an ordaithe calctha: …

an t-údarás chuig ar tarchuireadh é: …

an uimhir thagartha a thug an t-údarás eisiúna: …

an uimhir thagartha a thug na húdaráis eisiúna: …

ROINN F: Forais chun an t-ordú coigistíochta a eisiúnt

1.   Soláthraigh achoimre ar na fíorais agus na cúiseanna atá leis an ordú coigistíochta a eisiúint, lena n-áirítear cur síos ar an gcion coiriúil/na cionta coiriúla agus faisnéis ábhartha eile: …

2.   Cineál agus rangú dlí an chiona choiriúil/na gcionta coiriúla ar eisíodh an t-ordú calctha ina leith agus an fhoráil dlí/na forálacha dlí is infheidhme: …

3.   An pianbhreith choimeádta darb uasmhéid 3 bliana, ar a laghad, an pionós a ghearrtar sa Stát eisiúna as an gcion coiriúil a n-eisítear an t-ordú coigistíochta ina leith, ar pionós é sin agus an áirítear an cion sin sa liosta cionta coiriúla a leagtar amach thíos? (cuir tic sa bhosca ábhartha, le do thoil). I gcás ina mbaineann an t-ordú coigistíochta le roinnt cionta coiriúla, cuir uimhreacha i liosta na gcionta coiriúla thíos (a chomhfhreagraíonn do na cionta coiriúla a ndéantar cur síos orthu faoi phointí 1 agus 2 thuas).

rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil

sceimhlitheoireacht

gáinneáil ar dhaoine

teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha

gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin

éilliú

calaois, lena n-áirítear calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371

sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht

góchumadh airgeadra, lena n-áirítear an euro

coireacht atá bainteach le ríomhaireacht

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis plandaí agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú

dúnmharú, mórdhíobháil choirp

trádáil neamhdhleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine

fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil agus gabháil giall

ciníochas agus seineafóibe

robáil eagraithe nó armtha

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne

caimiléireacht

cambheartaíocht agus sracaireacht

góchumadh agus píoráideacht táirgí

brionnú doiciméad riaracháin agus gáinneáil orthu

brionnú modhanna íocaíochta neamhairgid

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha

gáinneáil ar fheithiclí goidte

éigniú

coirloscadh

coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí/long

sabaitéireacht

4.   Aon fhaisnéis ábhartha eile (e.g. an gaol idir an mhaoin agus an cion coiriúil):

ROINN G: I gcás ina ndearnadh an deimhniú coigistíochta a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin, déan an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:

1.   Rinneadh an deimhniú a tharchur chuig an Stát forghníomhaitheach/na Stáit fhorghníomhaitheacha eile seo a leanas (Stát agus údarás):

2.   Rinneadh an deimhniú coigistíochta a tharchur chuig níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin ar na cúiseanna seo a leanas:

I gcás ina mbaineann an t-ordú coigistíochta le míreanna sonracha maoine:

Creidtear go bhfuil míreanna maoine éagsúla a chumhdaítear faoin ordú suite i Stáit fhorghníomhaitheacha éagsúla

Teastaíonn gníomhaíocht i níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin chun mír shonrach mhaoine a choigistiú

I gcás ina mbaineann an t-ordú coigistíochta le suim airgid:

Nior calcadh an mhaoin lena mbaineann faoi Rialachán (AE) 2018/1805

Ní dócha gur leor luach na maoine a d'fhéadfaí a choigistiú sa Stát eisiúna agus in aon Stát forghníomhaitheach amháin chun an méid iomlán a chumhdaítear leis an ordú a choigistiú

Riachtanais shonracha áirithe:

3.   Luach na sócmhainní, más eol, i ngach Stát forghníomhaitheach:

4.   I gcás ina gceanglaítear gníomhaíocht i níos mó ná Stát forghníomhaitheach amháin le mír shonrach mhaoine/míreanna sonracha maoine a choigistiú, cur síos ar an ngníomhaíocht atá le déanamh sa Stát forghníomhaitheach:

ROINN H: Imeachtaí a raibh an t-ordú coigistíochta mar thoradh orthu

Léirigh, le do thoil, an raibh an duine, ar ina choinne nó ina coinne a eisíodh an t-ordú coigistíochta, i láthair go pearsanta ag an triail a raibh an t-ordú coigistíochta a bhaineann le ciontú críochnaitheach mar thoradh uirthi:

1.

Bhí an duine i láthair go pearsanta ag an triail.

2.

Ní raibh an duine i láthair go pearsanta ag an triail.

3.

Níor tionóladh aon éisteachtaí, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta.

4.

Má chuir tú tic sa bhosca faoi phointe 2, deimhnigh gur ann do cheann amháin díobh seo a leanas:

4.1a. ☐

fuair an duine toghairm go pearsanta ar an (lá/mí/bliain) ... agus ar an dóigh sin cuireadh an dáta sceidealta agus áit na trialach a raibh an t-ordú coigistíochta mar thoradh uirthi in iúl dó agus cuireadh in iúl dó go bhféadfaí ordú coigistíochta a dhéanamh mura dtiocfadh sé i láthair don triail

4.1b. ☐

ní bhfuair an duine toghairm go pearsanta ach fuair sé faisnéis oifigiúil iarbhír ar bhealaí eile maidir leis an dáta sceidealta agus áit na trialach a raibh an t-ordú coigistíochta mar thoradh uirthi, ar mhodh a chinntigh gan amhras go raibh sé feasach ar an triail sceidealta, agus gur cuireadh in iúl dó go bhféadfaí ordú coigistíochta a dhéanamh mura dtiocfadh sé i láthair don triail

4.2. ☐

agus é nó í feasach ar an triail sceidealta, thug an duine sainordú do dhlíodóir a cheap an duine lena mbaineann nó a cheap an stát, chun chosaint a thabhairt dó nó di ag an triail, agus is amhlaidh gur thug an dlíodóir sin cosaint dó nó di ag an triail

4.3.

seirbheáladh an t-ordú coigistíochta ar an duine an (lá/mí/bliain) ... agus cuireadh in iúl go sainráite dó nó di go bhfuil ceart atrialach nó achomhairc aige nó aici, ina bhfuil sé de cheart aige nó aici páirt a ghlacadh agus lena gceadaítear tuillteanais an cháis, lena n-áirítear fianaise nua, a scrúdú, agus go bhféadfaí an t-ordú coigistíochta bunaidh a fhreaschur dá bharr, agus

dúirt an duine lena mbaineann, go sainráite, nach ndéanann sé nó sí an t-ordú coigistíochta a chonspóid

níor iarr an duine go gcuirfí atriail nó achomharc ar bun laistigh den tréimhse ama is infheidhme

5.

Má tá tic curtha sa bhosca agat faoi phointí 3.1b, 3.2 nó 3.3, tabhair faisnéis, le do thoil, faoin gcaoi ar comhlíonadh an coinníoll ábhartha: …

ROINN I: Bearta malartacha, lena n-áirítear smachtbhannaí príosúnachta

1.   Sonraigh pé acu an ligeann nó nach ligeann an Stát eisiúna don Stát forghníomhaitheach bearta malartacha a chur i bhfeidhm i gcás nach féidir an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú, bíodh sé sin ina iomláine nó i bpáirt:

Eisíodh

Níor eisíodh

2.   Más ea, luaigh, le do thoil, cad iad na bearta a fhéadfar a chur i bhfeidhm

Coimeád (uastréimhse):

Seirbhís pobail (nó a comhionann) (uastréimhse):

Beartais eile (cur síos):

ROINN J: Cinneadh maidir leis an íospartach an mhaoin a aiseag leis an íospartach nó é nó í a chúiteamh

1.   Léirigh, le do thoil, i gcás inarb ábhartha:

Tá cinneadh eisithe ag údarás eisiúna nó ag údarás inniúil eile de chuid an Stáit eisiúna an t-íospartach a chúiteamh nó a aiseag leis an tsuim airgid seo a leanas:

Tá cinneadh eisithe ag údarás eisiúna nó ag údarás inniúil eile de chuid an Stáit eisiúna an mhaoin seo a leanas seachas airgead a aiseag don íospartach:

Tá imeachtaí maidir le maoin a aiseag leis an íospartach, nó é nó í a chúiteamh, ar feitheamh sa Stát eisiúna agus déanfar an toradh a chur in iúl don údarás forghníomhaitheach

2.   Sonraí faoin gcinneadh maidir leis an íospartach a aiseag nó a chúiteamh:

An t-údarás a d'eisigh an cinneadh (ainm oifigiúil): …

Dáta an chinnidh: …

An dáta a rinneadh cinneadh críochnaitheach de: …

Uimhir thagartha an chinnidh (má tá sí ar fáil): …

Cur síos ar an maoin atá le haiseag: …

Ainm an íospartaigh: …

Seoladh an íospartaigh: …

Tabharfar fógra don údarás eisiúna i gcás ina ndéanfar aistriú díreach chuig an íospartach.

ROINN K: Sonraí an údaráis eisiúna

Ainm an údaráis: …

Ainm an teagmhálaithe: …

Post (teideal/grád): …

Uimhir an Chomhaid: …

Seoladh: …

Uimhir Theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

Uimhir Facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

R-Phost: …

Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás eisiúna: …

Murab ionann iad agus thuas, sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil nó socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir leis an ordú a fhorghníomhú nó an mhaoin a aistriú: …

Ainm/Teideal/Eagraíocht: …

Seoladh: …

R-phost/Uimhir Theileafóin i gcomhair Teagmhála: …

Síniú an údaráis eisiúna agus/nó a ionadaí ag deimhniú go bhfuil ábhar an deimhnithe coigistíochta cruinn agus ceart: …

Ainm: …

Post (teideal/grád): …

Dáta: …

Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil): …

ROINN L: Údarás lárnach

I gcás inar cuireadh tarchur agus glacadh riarthach dearbhuithe coigistíochta mar fhreagracht ar údarás lárnach sa Stát eisiúna, léirigh, le do thoil, an méid seo a leanas:

Ainm an údaráis lárnaigh: …

Ainm an teagmhálaithe: …

Post (teideal/grád agus ainm): …

Uimhir an chomhaid: …

Seoladh: …

Uimh. Theileafóin. (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

Uimh. Facs (cód tíre) (cód ceantair/cathrach): …

R-phost: …

ROINN M: Sonraí íocaíochta an Stáit eisiúna

IBAN: …

BIC: …

Ainm an tsealbhóra cuntais bainc: …

ROINN N: Ceangaltáin

Sonraigh, le do thoil, aon cheangaltán atá ag gabháil leis an deimhniú:


28.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

39


RIALACHÁN (AE) 2018/1806 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(códú)

TÁ PARLIAMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Foráiltear leis an Rialachán seo do chomhchuibhiú iomlán maidir leis na tríú tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir ceanglais víosa a bheith ina seilbh acu chun teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú (dá ngairtear “an ceanglas víosa” freisin) agus maidir leis na tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(3)

Ba cheart go ndéanfaí cinneadh na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, ar bhonn measúnaithe breithnithe, de réir gach cáis ar leith ar roinnt critéar. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh go tréimhsiúil agus go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air moltaí reachtacha a bheith ann chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ina liostaítear na tríú tíortha a gceanglaítear ar a naisiúnaigh víosa bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát, agus chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú ina liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, d'ainneoin go bhféadfadh sé go mbeadh leasuithe tírshonracha ar na hIarscríbhinní sin i gcásanna áirithe, mar shampla mar thoradh ar phróiseas léirscaoilte víosaí nó mar thoradh deiridh ar fhionraí shealadach an cheanglais víosa (dá ngairtear “an díolúine víosa” anseo freisin).

(4)

Ba cheart go mbeadh comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II ar comhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, agus ba cheart go bhfanfadh sé ar comhréir leis na critéir sin. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

(5)

Maidir le forbairtí sa dlí idirnáisiúnta as a leanfaidh athruithe ar stádas nó ainmniú Stát nó eintiteas áirithe, ba cheart iad a léiriú in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

(6)

Toisc go bhfuil náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Lichtinstéin agus na hIorua díolmhaithe ón gceanglas víosa mar gheall ar an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (4), níor cheart na tíortha sin a chur san áireamh sa liosta in Iarscríbhinn II.

(7)

Ós rud é go bhforáiltear leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (5) do shaorghluaiseacht gan víosa do náisiúnaigh de chuid na hEilvéise, níor cheart an Eilvéis a chur san áireamh sa liosta in Iarscríbhinn II.

(8)

Maidir le dídeanaithe aitheanta agus le daoine gan stát, gan dochar do na hoibleagáidí faoi chonarthaí idirnáisiúnta a shínigh na Ballstáit agus go háirithe Comhaontú Eorpach Chomhairle na hEorpa maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe, a síníodh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, ba cheart an cinneadh i leith an cheanglais víosa nó an díolúine a bhunú ar an tríú tír ina bhfuil cónaí ar na daoine sin agus a d'eisigh a gcuid doiciméad taistil. Ós rud é, áfach, go bhfuil difríochtaí sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir le dídeanaithe aitheanta agus le daoine gan stát, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ar cheart na catagóirí sin daoine a bheith díolmhaithe, sa chás gur tríú tír í an tír ina bhfuil cónaí ar na daoine sin agus a d'eisigh a gcuid doiciméad taistil agus a bhfuil a cuid náisiúnach díolmhaithe ón gceanglas víosa.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart díolúine ón gceanglas víosa do shealbhóirí cheadúnais tráchta teorann áitiúil a leagan síos.

(10)

Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúine ón gceanglas víosa do shealbhóirí atá i seilbh pasanna áirithe seachas gnáthphasanna.

(11)

I gcásanna sonracha ina mbeidh gá le rialacha speisialta víosa, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit catagóirí áirithe daoine a dhíolmhú ón gceanglas víosa nó go bhféadfadh siad é a fhorchur orthu i gcomhréir le dlí nó nós idirnáisiúnta poiblí.

(12)

Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit dídeanaithe aitheanta, daoine gan stát, is é sin na daoine sin atá cumhdaithe ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Daoine gan Stát an 28 Meán Fómhair 1954 chomh maith leis na daoine atá lasmuigh de raon feidhme an Choinbhinsiúin sin, agus daltaí scoile atá ag taisteal ar thurasanna scoile i gcás ina bhfuil na daoine sna catagóirí sin ina gcónaí i dtríú tír a áirítear sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(13)

Ba cheart na socruithe lena rialaítear díolúintí ón gceanglas víosa a bheith i gcomhréir leis na cleachtais iarbhír. Tugann Ballstáit áirithe díolúintí ó na ceanglais víosa do náisiúnaigh tríú tíortha a áirítear sa liosta tríú tíortha a bhfuil ceangal ar náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus ar baill de na fórsaí armtha iad atá ag taisteal ar ghnó de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) nó ar ghnó Chomhpháirtíocht na Síochána. Ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht dhlíthiúil, cé go bhfuil na díolúintí sin bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta lasmuigh de dhlí an Aontais, ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh sa Rialachán seo.

(14)

Is cuspóir í an chómhalartacht iomlán víosaí ar cheart don Aontas a shaothrú ar bhealach onnghníomhach ina chaidreamh le tríú tíortha, agus inchreidteacht agus leanúnachas bheartas seachtrach an Aontais a fheabhsú ar an mbealach sin.

(15)

Ba cheart foráil a dhéanamh do shásra Aontais lena gcumasófaí cur chun feidhme phrionsabal na cómhalartachta má chinneann ceann de na tríú tíortha a áirítear sa liosta in Iarscríbhinn II náisiúnaigh de chuid ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a chur faoi réir cheanglas víosa. Ba cheart don sásra sin foráil a dhéanamh do fhreagra ón Aontas ar mhaithe le dlúthpháirtíocht, má chuireann tríú tír den sórt sin ceanglas víosa i bhfeidhm do na náisiúnaigh i mBallstát amháin ar a laghad.

(16)

Ar fhógra a fháil ó Bhallstát go bhfuil tríú tír a áirítear sa liosta in Iarscríbhinn II ag cur ceanglais víosa i bhfeidhm le haghaidh náisiúnaigh an Bhallstáit sin, ba cheart go ngníomhódh gach Ballstát ar aon bhonn, agus freagra Aontais á thabhairt dá bhíthin sin ar chás a bhfuil éifeacht aige ar an Aontas ina iomláine agus lena gcaitear lena chuid saoránach faoi réir ar bhealach éagsúil.

(17)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh páirt iomchuí ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle sa dara céim de chur chun feidhme shásra na cómhalartachta, ráite an nádúr polaitiúil ró-íogair a ghabhann le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh uile tríú tír a áirítear sa liosta in Iarscríbhinn II agus a himpleachtaí cothrománacha ar Bhallstáit, ar na tíortha a mbaineann Schengen leo agus ar an Aontas féin, go háirithe i dtaca lena gcaidreamh seachtrach agus feidhmiú ginearálta limistéir Schengen, ba cheart na cumhachtaí maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún i ndáil le gnéithe áiririthe den sásra cómhalartachta. Cuirtear san áireamh le cumhacht den sórt sin a tharmligean don Choimisiún an gá atá le plé polaitiúil faoi bheartas an Aontais maidir le víosaí i limistéar Schengen. Léirítear leis freisin an gá atá le trédhearcacht leordhóthanach agus cinnteacht reachtach a áirithiú maidir leis an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar náisiúnaigh uile ón tríú tír lena mbaineann, go háirithe trí leasú sealadach comhfhreagrach ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(18)

Leis an Rialachán seo ba cheart foráil a dhéanamh do shásra le haghaidh fionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh tríú tíre a áirítear sa liosta in Iarscríbhinn II (“an sásra fionraíochta”) i staid éigeandála nuair atá freagairt phráinneach ag teastáil chun deacrachtaí atá ag Ballstát amháin ar a laghad a réiteach, agus tionchar ginearálta na staide éigeandála ar an Aontas Eorpach ina iomláine á chur san áireamh.

(19)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an sásra fionraíochta agus forálacha áirithe den sásra cómhalartachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go háirithe chun go bhféadfar na tosca uile atá ábhartha chomh maith leis na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann faoi chur chun feidhme na sásraí sin a áireamh go cuí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na catagóirí a chinneadh maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann ar cheart dóibh a bheith faoi réir fionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa laistigh de chreat shásra na cómhalartachta; agus faoi fhad comhfhreagrach na fionraíochta sin agus i ndáil leis an sásra fionraíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh.

(20)

Tá sé riachtanach aon mhí-úsáid a bheadh mar thoradh ar dhíolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh ó thríú tír i gcás cuairteanna gearrfhanachta a sheachaint agus a chomhrac nuair a d'fhéadfadh na daoine sin beartas poiblí (ordre public) agus an tslándáil inmheánach an Bhallstáit lena mbaineann a chur i mbaol.

(21)

Le sásra fionraíochta, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit fógra a thabhairt faoi na himthosca arbh fhéidir fionraíocht a bheith mar thoradh orthu, agus don Choimisiún an sásra fionraíochta a chur ar obair ar a thionscnamh féin.

(22)

Go háirithe, ba cheart úsáid an tsásra fionraíochta a éascu trí tréimhsí tagartha agus sprioc-amanna gearra, rud a d'fhágfadh go mbeadh an nós imeachta gasta, agus ba cheart go n-áireofaí na forais ar féidir fionraíocht a chur i bhfeidhm, ionas go gcuimseofaí laghdú ar an gcomhar maidir le hathligean isteach, mar aon le méadú suntasach ar na rioscaí do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát. Ba cheart, go háirithe, a chuimsiú leis an laghdú sin ar an gcomhar méadú suntasach ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach, lena n-áirítear do náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír lena mbaineann, i gcás ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáid um athligean isteach den sórt sin i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an sásra fionraíochta a chur ar obair freisin i gcás nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, go háirithe i gcás ina bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas.

(23)

Chun críocha an tsásra fionraíochta, léirítear le méadú suntasach méadú a sháraíonn tairseach 50 %. D'fhéadfadh sé méadú níos ísle a léiriú freisin, dá measfadh an Coimisiún go raibh sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

(24)

Chun críocha an tsásra fionraíochta, léirítear le ráta íseal aitheantais ráta aitheantais maidir le hiarratais ar thearmann atá cothrom le thart faoi 3 nó 4 %. D'fhéadfadh sé ráta aitheantais níos airde a léiriú freisin dá measfadh an Coimisiún go raibh sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

(25)

Tá sé riachtanach aon mhí-úsáid a bhainfí as an díolúine ón gceanglas víosa a sheachaint agus aon mhí-úsáid a chomhrac i gcás ina dtagann méadú ar an mbrú imirce, mar thoradh ar mhéadú gan bhunús ar iarratais ar thearmann, mar shampla, agus nuair a bhíonn iarratais gan bhunús ar cheadanna cónaithe mar thoradh air freisin.

(26)

D'fhonn a áirithiú go leanfar de na ceanglais shonracha a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine ón gceanglas víosa, ar díolúine í a deonaíodh de thoradh ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosa, a chomhall i bhfad na haimsire, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid sna tríú tíortha lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sna tríú tíortha lena mbaineann.

(27)

Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, go ceann tréimhse 7 mbliana tar éis do léirscaoileadh víosa do tríú tír áirithe teacht i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin nuair a mheasann an Coimisiún gur gá, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle.

(28)

Sula nglacfaidh sé aon chinneadh an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a chur ar fionraí go sealadach, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sa tríú tír sin agus ar na hiarmhairtí a d'fhéadfadh teacht as fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa don staid sin.

(29)

Le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa trí ghníomh cur chun feidhme, ba cheart catagóirí áirithe náisiúnach an tríú tír lena mbaineann a chumhdach, trí thagairt a dhéanamh do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise, amhail daoine atá ag taisteal den chéad uair chuig críoch na mBallstát. Ba cheart a chinneadh leis an ngníomh cur chun feidhme catagóirí na náisiúnach ar cheart feidhm a bheith ag an bhfionraíocht maidir leo, agus na himthosca sonracha ar thug Ballstát amháin nó roinnt Ballstát fógra maidir leo nó a thuairiscigh an Coimisiún agus prionsabal na comhréireachta á gcur san áireamh.

(30)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh páirt iomchuí ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcur chun feidhme an tsásra fionraíochta, i bhfianaise na híogaireachta polaitiúla a ghabhann le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh uile na dtríú tíortha a áirítear sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus a himpleachtaí cothrománacha ar na Ballstáit agus ar an Aontas féin, go háirithe i dtaca lena gcaidreamh seachtrach agus feidhmiú ginearálta limistéar Schengen, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le fionraíocht sealadach na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh na dtríú tíortha lena mbaineann. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain go córasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(31)

Chun a áirithiú go ndéanfar an córas víosa a riar ar bhealach oscailte agus go gcuirfear na daoine lena mbaineann ar an eolas, ba cheart do na Ballstáit na bearta a ndéanann siad de bhun an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an fhaisnéis sin a fhoilsiú freisin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(32)

Níor cheart go ndéanfadh na coinníollacha lena rialaítear dul isteach i gcríoch na mBallstát nó eisiúint víosaí difear do na rialacha lena rialaítear aitheantas a thabhairt do bhailíocht doiciméad taistil.

(33)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is bealach riachtanach agus iomchuí araon é chun a áirithiú go n-oibreoidh an comhbheartas maidir le víosaí go héifeachtúil dul ar iontaoibh Rialacháin lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(34)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm comhaontuithe idirnáisiúnta a chuir an Comhphobal Eorpach i gcrích roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, oibleagáidí a fhágann gur gá imeacht ón gcomhbheartas maidir le víosaí, agus cás dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.

(35)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (9) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10).

(36)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú ag an Aontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (11) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí B agus C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (12).

(37)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (13) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí B agus C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14).

(38)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE (15) ón gComhairle; níl an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(39)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (16); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a cur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo cinntear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith ar roinnt critéar a bhaineann, inter alia, le hinimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “víosa” víosa faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Airteagal 3

1.   Beidh sé de cheangal ar náisiúnaigh na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát.

2.   Gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as Comhaontú Eorpach Chomhairle na hEorpa maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, beidh sé de cheangal ar dhídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát más tríú tír í atá ar an liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo an tríú tír a d'eisigh a ndoiciméad taistil agus a bhfuil cónaí orthu inti.

Airteagal 4

1.   Beidh náisiúnaigh tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 3(1) i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

2.   Beidh na daoine seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas víosa freisin:

(a)

náisiúnaigh tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhfuil cead tráchta teorann áitiúil ina seilbh acu a d'eisigh na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 sa chás go bhfeidhmíonn na sealbhóirí sin na cearta atá acu faoi chóras an tráchta teorann áitiúil;

(b)

daltaí scoile ar náisiúnaigh iad de thríú tír atá ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a bhfuil cónaí orthu i mBallstát a chuireann i bhfeidhm Cinneadh 94/795/CGB (18) agus atá i mbun taistil i gcomhthéacs turas scoile mar bhaill de ghrúpa de dhaltaí scoile a bhfuil múinteoir ón scoil atá i gceist ina dteannta;

(c)

dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht tír ar bith acu, a bhfuil cónaí orthu i mBallstát agus a bhfuil doiciméad taistil ina seilbh acu a d'eisigh an Ballstát sin.

Airteagal 5

Náisiúnaigh tríú tíortha nua a bhí mar chuid de thríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, beidh siad faoi réir Airteagal 3 agus Airteagal 4 faoi seach mura ndéanann an Chomhairle cinneadh dá mhalairt faoin nós imeachta atá leagtha síos i bhforáil ábhartha CFAE agus go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh den sórt sin.

Airteagal 6

1.   Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceanglas víosa dá bhforáiltear in Airteagal 3 nó ón díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear in Airteagal 4 i gcás na ndaoine seo a leanas:

(a)

sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla nó pasanna speisialta;

(b)

baill d'aerchriú agus de mhuirchriú sibhialtach agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh;

(c)

baill de mhuirchriú sibhialtach nuair a rachaidh siad i dtír, ar baill iad a mbeidh doiciméad aitheantais maraí acu a eisíodh i gcomhréir le Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 108 an 13 Bealtaine 1958 nó Uimh. 185 an 19 Meitheamh 2003 nó i gcomhréir le Coinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú an 9 Aibreán 1965;

(d)

criú agus baill de mhisin éigeandála nó tarrthála i gcás tubaiste nó tionóisce;

(e)

criú sibhialtach long a bheidh ag loingsiú in uiscí intíre idirnáisiúnta;

(f)

sealbhóirí doiciméad taistil a d'eisigh eagraíochtaí idirnáisiúnta idir-rialtasacha a bhfuil Ballstát amháin ar a laghad ina bhall díobh, nó a d'eisigh eintitis eile a n-aithneoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil siad faoi réir an dlí idirnáisiúnta, le hoifigigh na n-eagraíochtaí nó na n-eintiteas sin.

2.   Féadfaidh Ballstát na daoine a leanas a dhíolmhú ón gceanglas víosa dá bhforáiltear in Airteagal 3:

(a)

dalta scoile ag a bhfuil náisiúntacht tríú tíre atá ar an liosta in Iarscríbhinn I a bhfuil cónaí air i dtríú tír atá ar an liosta in Iarscríbhinn II nó san Eilvéis nó i Lichtinstéin agus atá i mbun taistil i gcomhthéacs turas scoile mar bhall de ghrúpa de dhaltaí scoile a bhfuil múinteoir ón scoil atá i gceist ina dteannta;

(b)

dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát má tá an tríú tír ina bhfuil cónaí orthu agus a d'eisigh a ndoiciméid taistil ar cheann de na tríú tíortha atá ar an liosta in Iarscríbhinn II;

(c)

baill de na fórsaí armtha a dhéanann taisteal ar mhaithe le gnó ECAT nó Chomhpháirtíocht na Síochána agus sealbhóirí orduithe céannachta agus gluaiseachta dá bhforáiltear le Comhaontú 1951 idir Pháirtithe Chonradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a gcuid Fórsaí an 19 Meitheamh 1951;

(d)

gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as Comhaontú Eorpach Chomhairle na hEorpa maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, lena n-aithnítear dídeanaithe agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d'eisigh an Ríocht Aontaithe nó Éire, a aithneoidh an Ballstát lena mbaineann.

3.   Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh d'eisceachtaí i ndáil leis an díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear in Airteagal 4 maidir le daoine a bhíonn i mbun gníomhaíochta íoctha le linn a bhfanachta.

Airteagal 7

I gcás inar chuir tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II ceanglas víosa i bhfeidhm le haghaidh náisiúnach Ballstáit amháin ar a laghad, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

laistigh de 30 lá tar éis don tríú tír an ceanglas víosa a chur chun feidhme, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas ina leith i scríbhinn.

Maidir leis an bhfógra sin:

(i)

sonrófar ann dáta cur chun feidhme an cheanglais víosa agus cineálacha na ndoiciméad taistil agus na víosaí lena mbaineann;

(ii)

áireofar leis an bhfógra sin míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta a rinne an Ballstát lena mbaineann d'fhonn taisteal gan víosa a áirithiú leis an tríú tír lena mbaineann agus áireofar leis an fhaisnéis go léir is ábhartha.

Foilseoidh an Coimisiún faisnéis a bhaineann leis an bhfógra sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le dáta cur chun feidhme an cheanglais víosa agus cineálacha na ndoiciméad taistil agus na víosaí lena mbaineann.

Má chineann an tríú tír an ceanglas víosa a tharraingt siar sula n-éagann an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo, ní thabharfar an fógra, nó, aistarraingeofar é agus ní fhoilseofar an fhaisnéis;

(b)

déanfaidh an Coimisiún, láithreach bonn tar éis dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún céimeanna, i gcomhar le húdaráis an tríú tír, go háirithe i réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus tráchtála, d'fhonn taisteal gan víosa a athbhunú nó a thabhairt isteach agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill maidir leis na céimeanna sin;

(c)

i gcás nach bhfuil an tríú tír tar éis an ceanglas víosa a tharraingt siar laistigh de 90 lá tar éis dáta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus in ainneoin na gcéimeanna a glacadh i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí do chatagóirí áirithe náisiúnach an tríú tír sin. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát iarraidh dá shórt, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi;

(d)

déanfaidh an Coimisiún, agus céimeanna breise á meá aige i gcomhréir le pointe (e), pointe (f) nó pointe (h), toradh na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann chun taisteal gan víosa leis an tríú tír i gceist a áirithiú, mar aon leis na céimeanna a ghlacfar i gcomhréir le pointe (b) chun a athbhunú nó a thabhairt isteach, agus na hiarmhairtí a thagann ó fhionraí na díolúine ón gceanglas víosa i ndáil leis an gcaidreamh seachtrach a bhíonn ag an Aontas agus a Bhallstáit leis an tríú tír ábhartha sin;

(e)

i gcás nach bhfuil an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír sin lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún, ar a dhéanaí laistigh de 6 mhí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus ansin ag eatraimh nach faide ná 6 mhí laistigh de thréimhse iomlán nach rachaidh thar an dáta ina dtagann an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f) i bhfeidhm nó má chuirtear ina aghaidh:

(i)

gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ar iarraidh ón mBallstát (Ballstáit) lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin lena gcuirfear ar fionraí go sealadach, go ceann tréimhse 6 mhí, an díolúine ón gceanglas víosa atá ag catagóirí áirithe náisiúnach ón tríú tír lena mbaineann. Socrófar leis an ngníomh cur chun feidhme sin dáta, laistigh de 90 lá tar éis a theacht i bhfeidhm, ar a ngabhfaidh éifeacht le fionraí na díolúine ón gceanglas víosa, agus na hacmhainní atá ar fáil i gconsalachtaí na mBallstát á gcur san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, féadfaidh an Coimisiún tréimhsí breise nach faide ná 6 mhí a chur leis an bhfionraí sin agus féadfaidh sé modhnú a dhéanamh ar chatagóirí na náisiúnach ón tríú tír atá i dtreis agus ar fionraíodh an díolúine ón gceanglas víosa ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6, le linn thréimhsí na fionraíochta sin, éileofar go mbeidh víosa ina sheilbh ag gach catagóir náisiúnaigh ón tríú tír dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme, agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát; nó

(ii)

cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 11(1) lena ndéanfar measúnú ar an gcás agus ina léireofar na cúiseanna ar bheartaigh an coiste gan an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis.

Cuirfear na tosca ábhartha uile, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (d), san áireamh sa tuarascáil sin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plé polaitiúil a dhéanamh ar bhonn na tuarascála sin;

(f)

i gcás nach bhfuil an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír lena mbaineann laistigh de 24 mhí tar éis dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 lena gcuirfear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí sealadach ar feadh tréimhse 12 mhí le haghaidh náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann. Socrófar leis an ngníomh tarmligthe dáta, laistigh de 90 lá tar éis a theacht i bhfeidhm, ar a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí maidir leis an díolúine ón gceanglas víosa, agus na hacmhainní atá ar fáil i gconsalachtaí na mBallstát á gcur san áireamh agus lena leasófar Iarscríbhinn II dá réir. Déanfar an leasú sin trí bhíthin fonóta a chur le hais ainm an tríú tír atá i dtreis, ina gcuirtear in iúl go bhfuil an díolúine ón víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sainníteaar tréimhse na fionraíochta sin.

Maidir leis an dáta ar a ngabhann éifeacht le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann nó i gcás ina mbíonn agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe á chur in iúl de bhun Airteagal 10(7), rachaidh aon ghníomh tarmligthe nó aon ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun phointe (e) den chéad fhomhír den Airteagal seo a bhaineann leis an tríú tír sin in éag. Má tharlaíonn sé go ndéanann an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh mar a thagraítear dó i bpointe (h), cuirfear 6 mhí de shíneadh leis an tréimhse fionraithe maidir leis an díolúine ón gceanglas víosa dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo. Déanfar an fonóta dá dtagraítear san fhomhír sin a leasú dá réir.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6, éileofar go mbeidh víosa ina sheilbh ag gach catagóir náisiúnaigh ón tríú tír a mbaineann an gníomh tarmligthe léi, le linn thréimhsí na fionraíochta sin, agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát;

(g)

aon fhógra a dhéanfaidh Ballstát eile ina dhiaidh sin de bhun phointe (a) a bhaineann leis an tríú tír chéanna le linn thréimhse feidhme na mbeart de réir phointí (e) nó (f) i ndáil leis an tríú tír sin, déanfar iad a chumasc sna nósanna imeachta leantacha sin gan fad a chur leis na sprioc-amanna nó le tréimhsí feidhme a leithéidí de bhearta;

(h)

i gcás nach bhfuil l an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír laistigh de 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an gnímh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f), féadfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a thíolacadh chun an tagairt don tríú tír a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I;

(i)

ní chuirfidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (e), (f) agus (h) isteach ar an gceart atá ag an gCoimisiún togra reachtaíochta a chur isteach am ar bith lena leasaítear an Rialachán sin d'fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I;

(j)

i gcás ina gcuirfidh an tríú tír lena mbaineann deireadh leis an gceanglas víosa, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi sin láithreach. Foilseoidh an Coimisiún an fógra gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Aon ghníomh cur chun feidhme nó gníomh tarmhligthe a ghlactar de bhun phointe (e) nó (f) a bhaineann leis an tríú tír lena mbaineann, rachaidh sé in éag seacht lá tar éis an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo. Má tá ceanglas víosa tugtha isteach ag an tríú tír atá i dtreis maidir le náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát nó níos mó, éagfaidh na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a bhaineann leis an tríú tír sin seacht lá tar éis an fógra a fhoilsiú a bhaineann leis an mBallstát deiridh a raibh a náisiúnaigh faoi réir cheanglas víosa ag an tríú tír sin. Déanfar an fonóta sa chéad fhomhír de phointe (f) a scrios tar éis don gníomh tarmligthe lena mbaineann dul in éag. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis an dul in éag sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan mhoill.

Sa chás ina gcuireann an tríú tír atá i dtreis deireadh leis an gceanglas víosa agus nach dtugann an Ballstát lena mbaineann aon fhógra di i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den phointe seo, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh gan mhoill ar a thionscnamh féin leis an bhfoilsiúchán dá dtagraítear sa bhfomhír sin agus beidh feidhm ag an dara fomhír den phointe seo.

Airteagal 8

1.   De mhaolú ar Airteagal 4, déanfar an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur ar fionraí go sealadach, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún más rud é, thar thréimhse 2 mhí, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin, nó i gcomparáid leis an 2 mhí dheireanacha roimh theacht i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, más rud é gurb ann do cheann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

méadú suntasach a theacht ar an líon náisiúnach den tríú tír sin ar diúltaíodh dul isteach dóibh nó a bhfuarthas go bhfuil siad ag fanacht ar chríoch an Bhallstáit gan ceart chuige sin a bheith acu;

(b)

méadú suntasach a theacht ar an líon iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh den tríú tír sin, ar tír í a bhfuil an ráta aitheantais íseal ina leith;

(c)

laghdú ar an gcomhar leis an tríú tír sin maidir le hathligean isteach, arna fhíorú le sonraí leordhóthanacha, go háirithe méadú suntasach a bheith tagtha ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach a chuir an Ballstát faoi bhráid an tríú tír sin, ar iarratais iad a bhaineann le náisiúnaigh den tríú tír sin nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó an Ballstát sin agus an tríú tír sin, le náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír sin;

(d)

riosca méadaithe nó garbhagairt a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát, go háirithe méadú suntasach ar chionta coiriúla tromchúiseacha, a bhaineann le náisiúnaigh ón tríú tír sin, arna bhfíorú le faisnéis oibiachtúil, nithiúil ábhartha agus le sonraí arna gcur ar fáil ag údaráis inniúla.

Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tabharfar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe agus cuimseofar leis sonraí agus staidreamh ábhartha mar aon le míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann d'fhonn an staid a leigheas. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a shonrú san fhógra uaidh na catagóirí náisiúnach ón tríú tír lena mbaineann atá le cumhdach le gníomh cur chun feidhme faoi phointe (a) de mhír 6, agus na cúiseanna mionsonraithe atá leis á sonrú. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi fhógra den sórt sin.

3.   I gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa ag an gCoimisiún, agus sonraí, tuarascálacha agus staidreamh ábhartha á gcur san áireamh aige i dtaobh na n-imthosca dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) de mhír 2, ar iomthosca iad a éiríonn i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, go háirithe i gcás ina bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích idir an tríú tír sin agus an tAontas, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras maidir lena anailís, agus beidh feidhm ag forálacha mhír 6.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is é a d'fhéadfadh a bheith i neamh-chomhoibriú i ndáil le hathligean isteach, mar shampla:

iarratais ar athligean isteach a dhiúltú nó mainniú iad a phróiseáil in am trátha;

mainniú doiciméid taistil a eisiúint in am trátha, ar chun críocha an fhillidh laistigh de na sprioc-amanna atá leagtha amach sa chomhaontú um athligean isteach iad nó gan glacadh le doiciméid taistil Eorpacha arna n-eisiúint tar éis dhul in éag na sprioc-amanna leagtha amach sa chomhaontú um athligean isteach; nó

an comhaontú um athligean isteach a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas sonrach, atá bunaithe ar Airteagal 1 agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht léirscaoilte víosa arna dheonú, ag na tríú tíortha ar díolmhaíodh a náisiúnaigh ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch Ballstát, ar díolúine í ar toradh í ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosa idir an tAontas agus an tríú tír sin.

Ina theannta sin, tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, go ceann tréimhse 7 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm léirscaoileadh víosa don tríú tír sin, agus ina dhiaidh sin nuair a mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle. Díreofar sa tuarascáil ar na tríú tíortha ar ina leith a mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann ceanglais áirithe a thuilleadh, bunaithe ar fhaisnéis nithiúil iontaofa.

Beidh feidhm ag mír 6 i gcás ina dtaispeánann tuarascáil ón gCoimisiún nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na ceanglais shonracha a thuilleadh i ndáil le tríú tír ar leith.

5.   Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra arna thabhairt de bhun mhír 2, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

cibé acu an ann d'aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 2 nó nach ann dóibh;

(b)

líon na mBallstát a ndéanann aon cheann de na himthosca dá dtagraítear I mír 2 difear dóibh;

(c)

tionchar foriomlán na n-imthosca dá dtagraítear i mír 2 maidir le staid na himirce san Aontas i bhfianaise na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil nó atá ar fáil don Choimisiún;

(d)

na tuarascálacha a ullmhóidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn nó Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) nó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais nó eagraíocht idirnáisiúnta atá inniúil sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, má éilítear sin leis na himthosca sa chás sonrach;

(e)

an fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith tugtha ag an mBallstát lena mbaineann san fhógra uaidh maidir le bearta féideartha faoi phointe (a) de mhír 6;

(f)

ceist fhoriomlán an bheartais phoiblí agus na slándála inmheánaí, i gcomhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí a scrúdaithe.

6.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i mír 3, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 4, nó ar bhonn an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 5, agus iarmhairtí fhionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do chaidreamh seachtrach an Aontais agus na mBallstát leis an tríú tír lena mbaineann á gcur san áireamh aige, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis an tríú tír lena mbaineann chun teacht ar réitigh mhalartacha fhadtéarmacha ag an am céanna, go bhfuil gá le gníomhaíocht, nó i gcás inar thug tromlach simplí de na Ballstáit fógra don Choimisiún á rá gurb ann d'imthosca dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) de mhír 6, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go sealadach do náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann go ceann tréimhse 9 mí. Beidh feidhm ag an bhfionraíocht maidir le catagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír lena mbaineann, trí thagairt do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na catagóirí a bhfuil feidhm ag an bhfionraíocht leo, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, catagóirí atá mór a ndóthain chun go mbeidh siad ina gcabhair éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 a áireamh i ngach cás sonrach, agus urramóidh sé prionsabal na comhréireachta i gcomhthráth. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme laistigh de mhí amháin:

(i)

tar éis dó na fógraí dá dtagraítear i mír 2 a fháil;

(ii)

tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3;

(iii)

tar éis dó an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 a thíolacadh; nó

(iv)

tar éis dó an fógra a fháil ó thromlach simplí de na Ballstáit á rá gurb ann d'imthosca dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) de mhír 2.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin. Socróidh sé an dáta a dtiocfaidh fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa i bhfeidhm.

Le linn na tréimhse fionraíochta, bunóidh an Coimisiún idirphlé feabhsaithe leis an tríú tír lena mbaineann, d'fhonn go leigheasfaí na himthosca atá i gceist.

(b)

I gcás inarb ann i gcónaí do na himthosca dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, ar a dhéanaí 2 mhí roimh dhul in éag na tréimhse 9 mí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 lena gcuirfear cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II ar fionraí go sealadach go ceann tréimhse 18 mí maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír lena mbaineann. Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe ó dháta dhul in éag an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus déanfar Iarscríbhinn II a leasú leis dá réir. Déanfar an leasú sin trí fhonóta a chur le hais ainm an tríú tír atá i gceist, lena léirítear go bhfuil an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sonrófar tréimhse na fionraíochta sin.

I gcás inar thíolaic an Coimisiún togra reachtach de bhun mhír 7, déanfar an tréimhse fionraíochta na díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear sa ghníomh tarmligthe a fhadú 6 mhí. Déanfar an fonóta a leasú dá réir sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6, cuirfear de cheangal, le linn na tréimhse fionraíochta, ar náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát.

Ballstát a dhéanann foráil, i gcomhréir le hAirteagal 6, do dhíolúintí nua ón gceanglas víosa do chatagóir náisiúnach den tríú tír a chumhdaítear leis an ngníomh lena gcuirtear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí, cuirfidh sé na bearta sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12.

7   Roimh dheireadh thréimhse bailíochta an ghnímh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) de mhír 6, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach maidir le leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil d'fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II chuig Iarscríbhinn I.

8.   I gcás ina mbeidh togra reachtach tíolactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 7, féadfaidh sé bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun phointe (a) de mhír 6 den Airteagal seo a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ghlacfar an cinneadh chun bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a fhadú.

Airteagal 9

1.   Faoin 10 Eanáir 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht an tsásra cómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus, más gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith aon togra den sórt sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

2.   Faoin 29 Márta 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a mbeidh measúnú inti ar éifeachtacht an tsásra fionraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8 agus, más gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh maidir leis an Rialachán seo a leasú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith togra den sórt sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Airteagal 10

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 9 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 8(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 28 Márta 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 7 agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

5.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

6.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (f) d'Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

8.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) d'Airteagal 8(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid.

Airteagal 11

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

1.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún na bearta a rinne siad de bhun Airteagal 6, laistigh de 5lá oibre tar éis ghlacadh na mbeart sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, ar mhaithe le faisnéis, na bearta a cuireadh in iúl de bhun mhír 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le haitheantas a thabhairt do Stáit agus d'aonaid chríche agus do phasanna, do dhoiciméid taistil agus aitheantais arna n-eisiúint ag údaráis na Stát nó na gcríocha sin.

Airteagal 14

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 15

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn III.

(4)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(5)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(10)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(12)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(14)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(15)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(16)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosa) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(18)  Cinneadh 94/795/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach, cinneadh a ghlac an Chomhairle de bhun Airteagal K.3.2.b den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le saoráidí taistil do dhaltaí scoile ó thríu tíortha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát (IO L 327, 19.12.1994, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA TRÍÚ TÍORTHA A BHFUIL CEANGAL AR A NÁISIÚNAIGH VÍOSA A BHEITH INA SEILBH ACU AR THRASNÚ TEORAINNEACHA SEACHTRACHA NA MBALLSTÁT DÓIBH

1.   STÁIT

An Afganastáin

An Airméin

Angóla

An Asarbaiseáin

An Bhanglaidéis

Buircíne Fasó

Bairéin

An Bhurúin

Beinin

An Bholaiv

An Bhútáin

An Bhotsuáin

An Bhealarúis

An Bheilís

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Poblacht na hAfraice Láir

An Congó

An Cósta Eabhair

Camarún

An tSín

Cúba

Rinn Verde

Djibouti

An Phoblacht Dhoiminiceach

An Ailgéir

Eacuadór

An Éigipt

Eswatini

An Eiritré

An Aetóip

Fidsí

An Ghabúin

Gána

An Ghaimbia

An Ghuine

An Ghuine Mheánchiorclach

Guine Bissau

An Ghuáin

Háítí

An Indinéis

An India

An Iaráic

An Iráin

Iamáice

An Iordáin

An Chéinia

An Chirgeastáin

An Chambóid

Oileáin Chomóra

An Chóiré Thuaidh

Cuáit

An Chasacstáin

Laos

An Liobáin

Srí Lanca

An Libéir

Leosóta

An Libia

Maracó

Madagascar

Mailí

Maenmar/Burma

An Mhongóil

An Mháratáin

Oileáin Mhaildíve

An Mhaláiv

Mósaimbíc

An Namaib

An Nígir

An Nigéir

Neipeal

Óman

Nua-Ghuine Phapua

Na hOileáin Fhilipíneacha

An Phacastáin

Catar

An Rúis

Ruanda

An Araib Shádach

An tSúdáin

Siarra Leon

An tSeineagáil

An tSomáil

Suranam

An tSúdáin Theas

São Tomé agus Príncipe

An tSiria

Sead

Tóga

An Téalainn

An Táidsíceastáin

An Tuircméanastáin

An Túinéis

An Tuirc

An Tansáin

Uganda

An Úisbéiceastáin

Vítneam

Éimin

An Afraic Theas

An tSaimbia

An tSiombáib

2.   EINTITIS, AGUS ÚDARÁIS, ARB ÚDARÁIS CHRÍCHE IAD, NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD

An Chosaiv mar atá sainmhínithe le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999

Údarás Náisiúnta na Palaistíne


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA TRÍÚ TÍORTHA A MBEIDH A NÁISIÚNAIGH DÍOLMHAITHE ÓN GCEANGLAS VÍOSA A BHEITH INA SEILBH ACU AR THRASNÚ TEORAINNEACHA SEACHTRACHA NA MBALLSTÁT DÓIBH I GCÁS FANACHTAÍ NACH FAIDE NÁ 90 LÁ IN AON TRÉIMHSE 180 LÁ

1.   STÁIT

Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine (1)

Andóra

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (2)

Antigua agus Barbúda

An Albáin (1)

An Airgintín

An Astráil

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (1)

Barbadós

An Bhurúin

An Bhrasaíl

Na Bahámaí

Ceanada

An tSile

An Cholóim

Cósta Ríce

Doiminice (2)

An Mhicrinéis (2)

Greanáda (2)

An tSeoirsia (3)

Guatamala

Hondúras

Iosrael

An tSeapáin

Cireabaití (2)

San Críostóir-Nimheas

An Chóiré Theas

Saint Lucia (2)

Monacó

An Mholdóiv (4)

Montainéagró (5)

Oileáin Marshall (6)

Oileán Mhuirís

Meicsiceo

An Mhalaeisia

Nicearagua

Nárú (6)

An Nua-Shéalainn

Panama

Peiriú (6)

Oileáin Palau (6)

Paragua

An tSeirbia (ach amháin sealbhóirí pasanna na Seirbia a d'eisigh Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava)) (5)

Oileáin Sholomón

Na Séiséil

Singeapór

San Mairíne

An tSalvadóir

Tíomór Thoir (6)

Tonga (6)

Oileán na Tríonóide agus Tobága

Tuvalu (6)

An Úcráin (7)

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Uragua

An Suí Naofa

San Uinseann agus na Greanáidíní (6)

Veiniséala

Vanuatú (6)

Samó

2.   SAINRÉIGIÚIN RIARACHÁIN DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

Sainréigiún Riaracháin Hong Cong (8)

Sainréigiún Riaracháin Macao (9)

3.   SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA NACH NÁISIÚNAITHE DE CHUID RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN IAD CHUN CRÍOCHA DHLÍ AN AONTAIS

Náisiúnaithe Briotanacha (Thar Lear)

Daoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear (BOTC)

Saoránaigh Bhriotánacha thar lear (BOC)

Daoine Briotanacha faoi chosaint (BPP)

Géillsinigh Bhriotanacha (BS)

4.   EINTITIS, AGUS ÚDARÁIS, ARB ÚDARÁIS CHRÍCHE IAD, NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD

An Téaváin (10)


(1)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus maidir leo sin amháin.

(2)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach.

(3)  Déanfar an díolúine ón gceanglas víosa a theorannú do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an tSeoirsia i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(4)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an Moldóiv i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(5)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus leo siúd amháin.

(6)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus leo siúd amháin.

(7)  Déanfar an díolúine ón gceanglas víosa a theorannú do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(8)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pas de chuid “Sainréigiún Riaracháin Hong Cong” agus leo siúd amháin.

(9)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pas de chuid “Região Administrativa Especial de Macau” agus leo siúd amháin.

(10)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag an Téaváin ar pasanna iad a bhfuil uimhir chárta aitheantais orthu, agus maidir leo sin amháin.


IARSCRÍBHINN III

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle

(IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2414/2001ón gComhairle

(IO L 327, 12.12.2001, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 453/2003 ón gComhairle

(IO L 69, 13.3.2003, lch. 10)

 

Ionstraim Aontachais 2003, Iarscríbhinn II, pointe 18(B)

 

Rialachán (CE) Uimh. 851/2005 ón gComhairle

(IO L 141, 4.6.2005, lch. 3)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle

(IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)

An t-aonú fleasc déag maidir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus pointe 11(B)(3) den Iarscríbhinn, amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 ón gComhairle

(IO L 405, 30.12.2006, lch. 23)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle

(IO L 336, 18.12.2009, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1091/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 329, 14.12.2010, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1211/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 339, 22.12.2010, lch. 6)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

An ceathrú fleasc d'Airteagal 1(1)(k), agus pointe 13(B)(2) den Iarscríbhinn, amháin

Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 182, 29.6.2013, lch. 1)

Airteagal 4 amháin

Rialachán (AE) Uimh. 1289/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 347, 20.12.2013, lch. 74)

 

Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 105, 8.4.2014, lch. 9)

 

Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 149, 20.5.2014, lch. 67)

 

Rialachán (AE) 2017/371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 61, 8.3.2017, lch. 1)

 

Rialachán (AE) 2017/372 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 61, 8.3.2017, lch. 7)

 

Rialachán (AE) 2017/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 133, 22.5.2017, lch. 1)

 


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 539/2001

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1(1), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 3(2)

Airteagal 1(2), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1)

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an chéad fleasc

Airteagal 4(2)(a)

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 4(2)(b)

Airteagal 1(2), an dara fomhír, an tríú fleasc

Airteagal 4(2)(c)

Airteagal 1(3)

Airteagal 5

Airteagal 1(4)

Airteagal 7

Airteagal 1a(1) agus (2)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 1a(2a)

Airteagal 8(3)

Airteagal 1a(2b)

Airteagal 8(4)

Airteagal 1a(3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 1a(4)

Airteagal 8(6)

Airteagal 1a(5)

Airteagal 8(7)

Airteagal 1a(6)

Airteagal 8(8)

Airteagal 1b

Airteagal 9(1)

Airteagal 1c

Airteagal 9(2)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 4a

Airteagal 11

Airteagal 4b(1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 4b(2a)

Airteagal 10(3)

Airteagal 4b(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 4b(3a)

Airteagal 10(5)

Airteagal 4b(4)

Airteagal 10(6)

Airteagal 4b(5)

Airteagal 10(7)

Airteagal 4b(6)

Airteagal 10(8)

Airteagal 5

Airteagal 12

Airteagal 6

Airteagal 13

Airteagal 7

Airteagal 14

Airteagal 8

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


28.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

59


RIALACHÁN (AE) 2018/1807 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá borradh faoi dhigitiú an gheilleagair. Ní earnáil ar leith í earnáil na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide a thuilleadh ach is í is bonn leis na córais agus na sochaithe eacnamaíocha nuálacha nua-aimseartha uile. I gcroílár na gcóras sin tá sonraí leictreonacha agus is féidir leo luach mór a ghiniúint nuair a dhéantar iad a anailísiú nó a cheangal le seirbhísí agus táirgí. Ag an am céanna, mar thoradh ar an bhforbairt mhear ar an ngeilleagar sonraí agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail Intleacht Shaorga, táirgí agus seirbhísí ó Idirlíon na Rudaí Nithiúla, córais uathrialacha, agus 5G, tá saincheisteanna dlí nua ag teacht chun cinn maidir le ceisteanna a bhaineann le rochtain ar shonraí agus athúsáid sonraí, maidir le dliteanais, eiticí agus dlúthpháirtíocht. Ba cheart obair ar shaincheist an dliteanais a bhreithniú, go háirithe trí chóid fhéinrialála agus dea-chleachtais eile a chur chun feidhme, ag cur san áireamh moltaí, cinntí agus gníomhaíochtaí arna nglacadh gan idirbheartaíocht dhaonna ar shlabhra luacha iomlán na próiseála sonraí. D'fhéadfaí a áireamh ar obair den sórt sin sásraí iomchuí maidir le dliteanas a chinneadh, maidir le freagracht a aistriú i measc seirbhísí comhoibríocha, maidir le hárachas agus maidir le hiniúchadh.

(2)

Bunaítear slabhraí luacha sonraí ar ghníomhaíochtaí sonraí éagsúla: cruthú agus bailiú sonraí; comhiomlánú agus eagrú sonraí; próiseáil sonraí; anailísiú sonraí, margaíocht agus dáileachán; úsáid agus athúsáid sonraí. Is bunchloch de shlabhra luacha sonraí ar bith próiseáil sonraí ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil. Mar sin féin, bíonn bac ar fheidhmiú éifeachtach éifeachtúil na próiseála sonraí agus ar fhorbairt an gheilleagair sonraí san Aontas i ngeall ar dhá chineál constaice a bhíonn roimh shoghluaisteacht sonraí agus roimh an margadh inmheánach: ceanglais logánaithe sonraí a chuireann údaráis na mBallstát i bhfeidhm agus cleachtais ghaibhnithe díoltóirí san earnáil phríobháideach.

(3)

Tá feidhm ag an tsaoirse bhunaíochta agus ag an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) maidir le seirbhísí próiseála sonraí. Mar sin féin, cuirtear bac ar sholáthar na seirbhísí sin nó cuirtear cosc leo uaireanta i ngeall ar cheanglais náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla áirithe i dtaca le sonraí a bheith suite ar chríoch shonrach.

(4)

Eascraíonn constaicí den sórt sin a bhíonn roimh shaorghluaiseacht seirbhísí próiseála sonraí agus roimh an gceart bunaíochta do sholáthraithe seirbhísí as ceanglais i ndlíthe na mBallstát sonraí a shuí ar limistéar sonrach geografach nó ar chríoch shonrach gheografach chun críche próiseála sonraí. Bíonn éifeacht choibhéiseach ag rialacha nó cleachtais riaracháin eile trí cheanglais shonracha a fhorchur a dhéanann níos deacra é sonraí a phróiseáil lasmuigh de limistéar nó críoch shonrach gheografach laistigh den Aontas, amhail ceanglais maidir le saoráidí teicneolaíochta a úsáid arna ndeimhniú nó arna bhformheas laistigh de Bhallstát sonrach. Cuirtear teorainn bhreise leis na roghanna atá ar fáil do ghníomhaithe sa mhargadh agus don earnáil phoiblí i dtaca le suíomh próiseála sonraí i ngeall ar an éiginnteacht dhlíthiúil i dtaca le fairsinge na gceanglas logánaithe sonraí, idir cheanglais dhlisteanacha agus cheanglais neamhdhlisteanacha. Ní chuireann an Rialachán seo srian ar aon bhealach ar shaoirse gnólachtaí conarthaí a thabhairt i gcrích lena sonraítear cá háit a bhfuil sonraí le suí. Níl beartaithe sa Rialachán seo ach an tsaoirse sin a choimirciú trína áirithiú gur féidir suíomh comhaontaithe a bheith suite in áit ar bith laistigh den Aontas.

(5)

Ag an am céanna, tá srianta príobháideacha ann a chuireann isteach ar shoghluaisteacht sonraí san Aontas: saincheisteanna dlíthiúla, conarthacha agus teicniúla a chuireann bac nó cosc ar úsáideoirí seirbhísí próiseála sonraí a gcuid sonraí a phortáil ó sholáthraí seirbhíse amháin go dtí soláthraí seirbhíse eile nó ar ais chuig a gcórais teicneolaíochta faisnéise (TF) féin, thar aon ní eile nuair a chuirtear deireadh lena gconradh le soláthraí seirbhíse.

(6)

I ngeall ar na constaicí sin ag teacht i dteannta a chéile, tharla easpa iomaíochais idir soláthraithe néalseirbhísí san Aontas, mar aon le saincheisteanna éagsúla maidir le díoltóirí a ghaibhniú agus easpa mhór soghluaisteachta sonraí. Mar an gcéanna, rinne beartais logánaithe sonraí an bonn a bhaint den chumas a bhíonn ag cuideachtaí taighde agus forbartha comhoibriú a éascú idir gnólachtaí, ollscoileanna, agus eagraíochtaí taighde eile agus é mar aidhm acu nuálaíocht a spreagadh.

(7)

Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus mar gheall ar an ngá le cothrom iomaíochta laistigh den Aontas, is príomheilimint le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh é tacar aonair rialacha a bheith ann le haghaidh na rannpháirtithe uile sa mhargadh. Chun deireadh a chur leis na constaicí atá roimh thrádáil agus leis an saobhadh ar iomaíochas de thoradh dlíthe náisiúnta a bheith éagsúil óna chéile agus chun cosc a chur ar na constaicí is dócha a bheith roimh thrádáil agus ar shaobhadh suntasach ar an iomaíochas, tá sé riachtanach rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme i ngach Ballstát a ghlacadh.

(8)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear don chreat dlíthiúil maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta sa chumarsáid leictreonach agus go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir (AE) 2016/680 (4) agus Treoir (AE) 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(9)

Idirlíon na Rudaí Nithiúla atá ag dul i méid, intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim, is ionann iad agus foinsí ollmhóra sonraí neamhphearsanta, mar shampla mar go n-úsáidtear iad i bpróisis táirgeachta tionsclaíocha uathoibrithe. I measc na samplaí sonracha sonraí neamhphearsanta tá tacair sonraí chomhiomlána agus anaithnidithe a úsáidtear d'anailísíocht mórshonraí, sonraí maidir le feirmeoireacht bheacht, ar sonraí iad ar féidir leo cabhrú faireachán a dhéanamh ar úsáid lotnaidicídí agus uisce agus barrfeabhais a chur uirthi, nó sonraí maidir le riachtanais chothabhála do mheaisíní tionsclaíocha. Más rud é, le forbairtí teicneolaíochta, gur féidir sonraí anaithnidithe a athrú go sonraí pearsanta, caithfear sonraí den sórt sin a n-áireamh mar shonraí pearsanta agus beidh feidhm dá réir ag Rialachán (AE) 2016/679.

(10)

Faoi Rialachán (AE) 2016/679, ní fhéadfaidh na Ballstáit srian ná toirmeasc a chur ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Bunaítear leis an Rialachán seo prionsabal céanna na saorghluaiseachta laistigh den Aontas le haghaidh sonraí neamhphearsanta ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt le srian nó toirmeasc ar chúiseanna slándála poiblí. Le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an Rialachán seo, cuirtear tacar comhleanúnach rialacha ar fáil, ar rialacha iad lena bhfreastalaítear ar shaorghluaiseacht cineálacha éagsúla sonraí. Ina theannta sin, ní fhorchuirtear leis an Rialachán seo oibleagáid na cineálacha éagsúla sonraí a stóráil ar leithligh.

(11)

Chun creat a chur ar bun le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas agus chun bonn a leagan síos chun an geilleagar sonraí a fhorbairt agus iomaíochas thionscal an Aontais a fheabhsú, tá sé riachtanach creat dlí soiléir, cuimsitheach agus intuartha a leagan síos le haghaidh próiseála sonraí, cé is moite de shonraí pearsanta, sa mhargadh inmheánach. Ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil an creat solúbtha go leor le riachtanais athraitheacha úsáideoirí, soláthraithe seirbhísí agus údarás náisiúnta san Aontas a thabhairt san áireamh ach cur chuige prionsabalbhunaithe a bheith i bhfeidhm lena ndéanfaí foráil maidir le comhar i measc na mBallstát, mar aon le féinrialáil. Chun forluí le sásraí atá i bhfeidhm cheana a sheachaint agus dá thoradh sin chun ualaí níos mó a sheachaint do na Ballstáit agus do ghnólachtaí, níor cheart rialacha mionsonraithe teicniúla a leagan síos.

(12)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do phróiseáil sonraí sa mhéid is go ndéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais. Go háirithe, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an tslándáil náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CFAE”), ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.

(13)

Beidh ról tábhachtach ag saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas chun fás agus nuálaíocht sonraíbhunaithe a bhaint amach. Dála gnólachtaí agus tomhaltóirí, rachaidh saoirse rogha mhéadaithe maidir le soláthraithe seirbhísí sonraíbhunaithe, praghsanna níos iomaíche agus soláthar níos éifeachtúla seirbhísí do na saoránaigh chun tairbhe d'údaráis phoiblí na mBallstát agus comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí. I bhfianaise na méideanna móra sonraí a láimhseálann údaráis phoiblí agus comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh siad dea-shampla trí thosú ar úsáid a bhaint as seirbhísí próiseála sonraí agus nach ndéanfaidh siad srianta logánaithe sonraí agus úsáid á baint acu as seirbhísí próiseála sonraí. Ba cheart, dá bhrí sin, údaráis phoiblí agus comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí a chumhdach leis an Rialachán seo. I ndáil leis an méid sin, ba cheart freisin feidhm a bheith ag an bprionsabal maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le cleachtais riaracháin ghinearálta agus chomhsheasmhacha agus maidir le ceanglais logánaithe sonraí eile i réimse an tsoláthair phoiblí, gan dochar do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(14)

Díreach mar atá i gcás Threoir 2014/24/AE, ní dochar an Rialachán seo d'fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le heagrú inmheánach na mBallstát agus lena ndéantar cumhachtaí agus freagrachtaí maidir le sonraí a phróiseáil, gan luach saothair conarthach do pháirtithe príobháideacha, a dháileadh i measc údaráis phoiblí agus comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí, agus d'fhorálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin na mBallstát lena ndéantar foráil maidir le feidhmiú na gcumhachtaí agus na bhfreagrachtaí sin. Cé go spreagtar na húdaráis phoiblí agus comhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí na tairbhí eacnamaíocha agus na tairbhí eile a bhaineann le seachfhoinsiú chuig soláthróirí seirbhíse seachtracha a bhreithniú, d'fhéadfadh cúiseanna dlisteanacha a bheith acu chun féinsoláthar seirbhísí nó ionfhoinsiú a roghnú. Dá bhrí sin, níl aon rud sa Rialachán seo a chuireann oibleagáid ar Bhallstáit soláthar seirbhísí ar mian leo a sholáthar iad féin nó ar mian leo a eagrú ar bhealach seachas trí chonarthaí poiblí a chur amach ar conradh nó a sheachtrú.

(15)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí próiseála sonraí d'úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó a bhfuil bunaíocht acu ann, lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí próiseála sonraí san Aontas gan bunaíocht a bheith acu san Aontas. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí próiseála sonraí a tharlaíonn lasmuigh den Aontas agus maidir le ceanglais logánaithe sonraí a bhaineann le sonraí den sórt sin.

(16)

Leis an Rialachán seo, ní leagtar síos rialacha maidir leis an dlí is infheidhme a chinneadh i gcúrsaí tráchtála agus, dá bhrí sin, ní dochar é do Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Go háirithe, sa mhéid is nár roghnaíodh an dlí is infheidhme maidir le conradh i gcomhréir leis an Rialachán sin, tá conradh maidir le soláthar seirbhísí á rialú, i bprionsabal, le dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an soláthróir seirbhíse.

(17)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí sa chiall is leithne, lena gcuimsítear an úsáid a bhaintear as gach cineál córais TF, bíodh siad suite in áitreabh an úsáideora nó seachfhoinsithe chuig soláthraí seirbhíse eile. Ba cheart a chumhdach sa Rialachán seo próiseáil sonraí ar leibhéil éagsúla déine, idir stóráil sonraí (Seirbhís bonneagair (IaaS)) agus phróiseáil sonraí ar ardáin (Seirbhís ardán (PaaS)) nó i bhfeidhmchláir (Seirbhís bogearra (SaaS)).

(18)

Is léir gur bacainn iad na ceanglais logánaithe sonraí ar an margadh inmheánach agus ar shaorsholáthar seirbhísí próiseála sonraí ar fud an Aontais. Ar an ábhar sin, ba cheart cosc a chur orthu ach amháin má tá bonn cirt leo ar fhoras na slándála poiblí, mar a shainítear i ndlí an Aontais é, agus go háirithe de réir bhrí Airteagal 52 CFAE, agus má urramaíonn siad prionsabal na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 5 CFAE. Chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta thar theorainneacha, chun a áirithiú go mbaintear na ceanglais logánaithe sonraí go gasta agus chun an phróiseáil sonraí i suíomhanna éagsúla san Aontas a éascú ar chúiseanna oibríochtúla, agus ós rud é go ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le bearta chun infhaighteacht sonraí a áirithiú chun críocha rialú rialála, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann aon bhonn cirt seachas slándáil phoiblí a agairt maidir le riachtanais logánaithe sonraí.

(19)

Maidir leis an gcoincheap “slándáil phoiblí”, de réir bhrí Airteagal 52 CFAE agus arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, cumhdaítear an tslándáil inmheánach agus slándáil sheachtrach Ballstáit leis, chomh maith le saincheisteanna maidir le slándáil phoiblí, chun, go háirithe, imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a éascú. Leis an gcoincheap sin, glactar leis gurb ann d'fhíorbhagairt atá tromchúiseach go leor agus lena ndéantar difear do cheann de leasanna bunúsacha na sochaí, amhail bagairt d'fheidhmiú institiúidí agus seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha agus do mharthanas an phobail, mar aon leis an riosca go ndéanfaí mórshuaitheadh ar an gcaidreamh eachtrach nó ar an gcómhaireachtáil shíochánta idir náisiúin, nó riosca do leasanna míleata. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart do cheanglais logánaithe sonraí a bhfuil bonn cirt leo ar fhoras na slándála poiblí a bheith oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, agus níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(20)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an phrionsabail maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta thar theorainneacha a áirithiú, agus chun cosc a chur le teacht chun cinn bacainní nua ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart do na Ballstáit aon dréachtghníomh lena dtugtar isteach ceanglas nua logánaithe sonraí nó lena modhnaítear ceanglas logánaithe sonraí atá ann cheana a chur in iúl láithreach don Choimisiún. Ba cheart na dréachtghníomhartha sin a thíolacadh agus a mheasúnú i gcomhréir le Treoir (AE) Uimh. 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(21)

Thairis sin, chun fáil réidh le bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann cheana, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, le linn idirthréimhse 24 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chineál ginearálta atá ann cheana agus lena leagtar síos ceanglais logánaithe sonraí, agus aon cheanglas logánaithe sonraí den sórt sin a mheasann siad a chomhlíonann an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún, mar aon le bonn cirt leis sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, a bhuí leis sin, scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann aon cheanglais logánaithe sonraí eile an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann barúlacha a chur in iúl, más iomchuí, don Bhallstát i dtrácht. D'fhéadfadh moladh an ceanglas logánaithe sonraí a leasú nó a aisghairm a bheith san áireamh sna barúlacha sin.

(22)

Na hoibleagáidí na ceanglais logánaithe sonraí atá ann cheana agus dréachtghníomhartha a chur in iúl don Choimisiún, arna mbunú leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le ceanglais rialála logánaithe sonraí agus dréachtghníomhartha de chineál ginearálta ach níor cheart feidhm a bheith acu maidir le cinntí dírithe chuig duine nádúrtha nó dlítheanach sonrach.

(23)

Chun trédhearcacht ceanglas logánaithe sonraí a áirithiú sna Ballstáit atá leagtha síos i bhforáil reachtaíochta, rialúchán nó riaracháin de chineál ginearálta le haghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, amhail soláthraithe seirbhísí agus úsáideoirí seirbhísí próiseála sonraí, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoi cheanglais den sórt sin a fhoilsiú ar phointe faisnéise náisiúnta aonair ar líne agus an fhaisnéis sin a nuashonrú go rialta. De rogha air sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta faoi cheanglais den sórt sin a sholáthar do lárphointe faisnéise arna bhunú faoi gníomh eile de chuid an Aontais. Chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chur ar an eolas go hiomchuí faoi cheanglais logánaithe sonraí ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi sheoltaí na bpointí faisnéise náisiúnta aonair ar líne sin. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin féin, in éineacht le liosta comhdhlúite a nuashonraítear go rialta de na ceanglais logánaithe sonraí ar fad atá i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear faisnéis achoimrithe faoi na ceanglais sin.

(24)

Is minic a eascraíonn ceanglais logánaithe sonraí ó easpa muiníne i bpróiseáil sonraí trasteorann, rud a eascraíonn as an toimhde nach mbíonn sonraí ar fáil chun críocha údaráis inniúla na mBallstát, amhail chun críocha imscrúdaithe agus iniúchta le haghaidh rialú rialála nó maoirseachta. Ní féidir le neamhniú ar théarmaí conarthacha a chuireann toirmeasc ar rochtain dhleachtach ar shonraí ag údaráis inniúla i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil amháin easpa muiníne den sórt sin a shárú. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú go soiléir leis an Rialachán seo nach ndéanann sé difear do chumhachtaí na n-údarás inniúil rochtain ar shonraí a iarraidh nó a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus nach féidir rochtain ar shonraí a dhiúltú d'údaráis inniúla ar an mbonn go ndéantar na sonraí a phróiseáil i mBallstát eile. D'fhéadfadh údaráis inniúla ceanglais fheidhmiúla a fhorchur chun tacú le rochtain ar shonraí, amhail a cheangal nach mór tuairiscí córais a choinneáil sa Bhallstát lena mbaineann.

(25)

Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí sonraí a sholáthar do na húdaráis inniúla, is féidir leo na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh trí rochtain leictreonach thráthúil éifeachtach ar na sonraí a sholáthar agus a ráthú do na húdaráis inniúla, gan beann ar cén Ballstát a ndéantar na sonraí a phróiseáil ar a chríoch. Is féidir rochtain den sórt sin a áirithiú trí théarmaí coincréiteacha agus coinníollacha coincréiteacha a leagan síos i gconarthaí idir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na hoibleagáide rochtain a sholáthar agus an soláthraí seirbhíse.

(26)

I gcás ina bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach faoi réir oibleagáide sonraí a sholáthar agus ina mainníonn an duine sin an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann cúnamh a lorg ó údaráis inniúla i mBallstáit eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as ionstraimí comhair sonracha i ndlí an Aontais nó faoi comhaontuithe idirnáisiúnta, ag brath ar an ábhar i gcás ar leith, amhail, i réimse an chomhair póilíneachta, an bhreithiúnais choiriúil nó shibhialta nó in ábhair riaracháin faoi seach, Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (9), Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (11), Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle (12), Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (13) agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (14). In éagmais na sásraí sonracha comhair sin, ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile d'fhonn rochtain a sholáthar ar na sonraí atá á lorg, trí phointí aonair teagmhála ainmnithe.

(27)

I gcás ina bhfágfaidh iarraidh ar chúnamh go bhfaighidh an t-údarás iarrtha rochtain ar aon áitreabh de chuid duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear ar threalamh agus modhanna próiseála sonraí ar bith, ní mór rochtain den sórt sin a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí nós imeachta náisiúnta, lena n-áirítear aon cheanglas maidir le húdarú breithiúnach a fháil roimh ré.

(28)

Níor cheart don Rialachán seo cur ar chumas úsáideoirí iarracht a dhéanamh éalú ó chur i bhfeidhm an dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart dó foráil a dhéanamh go ndéanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar úsáideoirí a chuireann toirmeasc ar údaráis inniúla rochtain a fháil ar a sonraí atá riachtanach d'fheidhmiú dhualgais oifigiúla na n-údarás inniúil faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. I gcásanna práinne, ina mbaineann úsáideoir mí-úsáid as a cheart, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann bearta eatramhacha atá go hiomlán comhréireach a fhorchur. D'imeodh aon bhearta eatramhacha a éilíonn athlogánú sonraí ar feadh níos mó ná 180 lá tar éis an t-athlogánú a dhéanamh ó phrionsabal na saorghluaiseachta sonraí ar feadh tréimhse suntasach agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur in iúl don Choimisiún chun a gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais a scrúdú.

(29)

An cumas sonraí a phortáil gan bhac, is gné thábhachtach é maidir le rogha úsáideora agus iomaíocht éifeachtach ar mhargaí i ndáil le seirbhísí próiseála sonraí a éascú. Na deacrachtaí iarbhír, nó na deacrachtaí a mheastar atá ann, maidir le sonraí a phortáil thar theorainneacha, baineann siad an bonn freisin de mhuinín úsáideoirí gairmiúla agus iad ag glacadh le tairiscintí trasteorann, agus de dheasca sin dá muinín sa mhargadh inmheánach. Cé go mbaineann tomhaltóirí aonair tairbhe as dlí an Aontais atá ann cheana, ní chuirtear ar chumas na n-úsáideoirí sin a ghníomhaíonn agus iad atá i mbun gnó nó gníomhaíochtaí gairmiúla aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go soláthraí seirbhíse eile. Rannchuidíonn ceanglais theicniúla chomhsheasmhacha ar fud an Aontais freisin, bíodh sin bainteach le comhchuibhiú teicniúil, aitheantas frithpháirteach nó comhchuibhiú deonach, le margadh inmheánach iomaíoch a fhorbairt do sheirbhísí próiseála sonraí.

(30)

Chun buntáiste iomlán a bhaint as timpeallacht na hiomaíochta, ba cheart d'úsáideoirí gairmiúla a bheith in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus comparáid éasca a dhéanamh idir comhpháirteanna aonair seirbhísí próiseála sonraí éagsúla atá á dtairiscint sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear i ndáil leis na téarmaí agus coinníollacha conarthacha a bhaineann le sonraí a phortáil nuair a chuirtear deireadh le conradh. Chun go mbeidh siad ag teacht le poitéinseal nuálaíochta an mhargaidh agus chun taithí agus saineolas na soláthraithe seirbhísí agus úsáideoirí gairmiúla na seirbhísí próiseála sonraí a chur san áireamh, ba cheart do ghníomhaithe sa mhargadh an fhaisnéis mhionsonraithe agus na ceanglais oibríochtúla maidir le portáil sonraí a shainiú trí fhéinrialú, agus ba cheart don Choimisiún an féinrialú sin a spreagadh agus a éascú agus ba cheart dó faireachán a dhéanamh air, i bhfoirm cóid iompair de chuid an Aontais a bhféadfadh téarmaí agus coinníollacha conarthacha eiseamláireacha a bheith san áireamh leo.

(31)

Chun a bheith éifeachtach agus chun aistriú idir soláthraithe seirbhíse agus portáil sonraí a dhéanamh níos easca, ba cheart do na cóid iompair sin a bheith cuimsitheach agus ba cheart dóibh ar a laghad na príomhghnéithe atá tábhachtach don phróiseas portála sonraí a chumhdach, amhail na próisis a n-úsáidtear do chúltacaí sonraí agus suíomh na gcúltacaí sonraí sin; na formáidí agus na tacaíochtaí sonraí atá ar fáil; an chumraíocht TF agus an bandaleithead íosta líonra atá de dhíth; an t-achar ama is gá sula gcuirfear tús leis an bpróiseas portála agus an t-achar ama ar lena linn is féidir teacht go fóill ar na sonraí lena bportáil; agus na ráthaíochtaí chun rochtain a fháil ar shonraí i gcás fhéimheacht an tsoláthraí seirbhíse. Ba cheart é a bheith soiléir freisin sna cóid iompair nach cleachtas gnó inghlactha é gaibhniú ag díoltóir, ba cheart dóibh foráil a dhéanamh do theicneolaíochtaí méadaithe-muiníne, agus ba cheart iad a nuashonrú go rialta chun coimeád cothrom le dáta le forbairtí theicneolaíocha. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtéitear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear comhlachais d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus de ghnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí agus soláthraithe néalseirbhíse le linn an phróisis. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairt na gcód iompair sin agus ar éifeachtacht chur chun feidhme na gcód iompair sin.

(32)

I gcás ina n-iarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh ó Bhallstát eile chun rochtain a fháil ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó, trí phointe teagmhála aonair ainmnithe, iarraidh a bhfuil bonn cirt léi a chur faoi bhráid an phointe teagmhála aonair atá ainmnithe ag an mBallstát eile sin, ar cheart a bheith san áireamh leis míniú i scríbhinn ar na cúiseanna agus na bunúis dlí atá aige rochtain ar na sonraí a lorg. Ba cheart don phointe teagmhála aonair arna ainmniú ag an mBallstát a bhfuil cúnamh á iarraidh air tarchur na hiarrata chuig an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát iarrtha a éascú. Chun comhar éifeachtach a áirithiú, ba cheart don údarás a dtarchuirtear an iarraidh chuige cúnamh a thabhairt gan moill mhíchuí chun freastal ar iarraidh áirithe nó ba cheart dó faisnéis a sholáthar maidir le deacrachtaí a fuarthas agus an iarraidh sin á comhlíonadh nó maidir leis an bhforas a bhí aige an iarraidh a dhiúltú.

(33)

Más fearr an mhuinín atá i bpróiseáil sonraí trasteorann, ba cheart gur lú claonadh a bheadh ag gníomhaithe sa mhargadh agus ag an earnáil phoiblí logánú sonraí a úsáid in áit slándáil sonraí. Ba cheart dó an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú freisin do chuideachtaí maidir le comhlíonadh na gceanglas slándála is infheidhme nuair atá a ngníomhaíochtaí próiseála sonraí á seachfhoinsiú acu chuig soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear chuig soláthraithe seirbhíse i mBallstáit eile.

(34)

Aon cheanglais slándála a bhaineann le próiseáil sonraí a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach comhréireach a bhfuil bonn cirt leis, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais sa Bhallstát a bhfuil cónaí ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann na sonraí ann, nó a bhfuil bunaíocht acu ann, ba cheart do na ceanglais slándála sin leanúint d'fheidhm a bheith acu maidir le próiseáil na sonraí sin i mBallstát eile. Ba cheart do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin a bheith in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh iad féin nó trí chlásail chonarthacha i gconarthaí le soláthraithe seirbhíse.

(35)

Ceanglais slándála a leagtar síos ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart gá a bheith leo agus ba cheart iad a bheith comhréireach leis na rioscaí atá ann do shlándáil na próiseála sonraí a thagann faoi raon feidhme an dlí náisiúnta ina leagtar síos na ceanglais sin.

(36)

I dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), déantar foráil maidir le bearta dlíthiúla chun leibhéal foriomlán na cibearshlándála san Aontas a neartú. Ceann amháin de na seirbhísí digiteacha a chumhdaítear leis an Treoir sin is ea seirbhísí próiseála sonraí. De réir na Treorach sin, tá na Ballstáit lena áirithiú go sainaithneoidh soláthraithe seirbhíse digití na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí do shlándáil na ngréasán agus na gcóras faisnéise a úsáideann siad a bhainistiú, agus go nglacfaidh siad na bearta sin. Ba cheart leibhéal slándála a áirithiú leis na bearta sin is iomchuí don riosca atá ann, agus ba cheart a chur san áireamh sna bearta sin slándáil na gcóras agus na saoráidí; láimhseáil teagmhas; bainistiú leanúnachais gnó; faireachán; iniúchadh agus tástáil; agus comhlíonadh caighdeán idirnáisiúnta. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na gnéithe sin a shonrú tuilleadh i ngníomhartha cur chun feidhme faoin Treoir sin.

(37)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a thíolacadh, go háirithe d'fhonn an gá atá le modhnuithe a mheas i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó forbairtí sa mhargadh. Ba cheart don tuarascáil sin, go háirithe, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialacháin seo, go háirithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le tacair sonraí atá comhdhéanta de shonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon, mar aon le cur chun feidhme eisceacht na slándála poiblí. Sula dtosóidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige, ba cheart don Choimisiún freisin treoir fhaisnéiseach a fhoilsiú maidir le conas tacair sonraí atá comhdhéanta de shonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon a láimhseáil, chun go mbeadh tuiscint níos fearr ag cuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, ar an idirghníomhaíocht idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/679, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar an dá Rialachán sin.

(38)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart é a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, lena n-áirítear na cearta chun sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

(39)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon saorshreabhadh sonraí seachas sonraí pearsanta a áirithiú laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo saorshreabhadh sonraí nach sonraí pearsanta iad a áirithiú laistigh den Aontas trí rialacha a leagan síos maidir le ceanglais logánaithe sonraí, infhaighteacht sonraí d'údaráis inniúla agus portáil sonraí d'úsáideoirí gairmiúla.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí leictreonacha, seachas sonraí pearsanta, san Aontas, ar ní í:

(a)

a chuirtear ar fáil mar sheirbhís d'úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó a bhfuil bunaíocht acu ann, is cuma cibé acu an bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe san Aontas nó nach bhfuil; nó

(b)

a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air san Aontas nó a bhfuil bunaíocht aige ann dá chuid riachtanas féin.

2.   I gcás tacar sonraí atá comhdhéanta de shonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gcuid sin den tacar sonraí a bhaineann le sonraí neamhphearsanta. I gcás ina bhfuil dlúthbhaint idir sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta i dtacar sonraí, beidh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíocht atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais.

Ní dochar an Rialachán seo d'fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le heagrú inmheánach na mBallstát agus lena ndéantar cumhachtaí agus freagrachtaí maidir le sonraí a phróiseáil, gan luach saothair conarthach do pháirtithe príobháideacha, a dháileadh i measc údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí arna rialú leis an dlí poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE, agus d'fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát lena ndéantar foráil do chur chun feidhme na gcumhachtaí agus na bhfreagrachtaí sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí” sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí nó ar thacair sonraí i bhformáid leictreonach, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(3)

ciallaíonn “dréachtghníomh” téacs a dréachtaíodh chun é a achtú mar fhoráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chineál ginearálta, agus ar téacs é atá ag céim an ullmhúcháin a bhféadfar fós leasuithe substainteacha a dhéanamh air lena linn;

(4)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí próiseála sonraí;

(5)

ciallaíonn “ceanglas logánaithe sonraí” aon oibleagáid, toirmeasc, coinníoll, teorainn nó ceanglas eile dá bhforáiltear sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstáit nó atá mar thoradh ar chleachtais riaracháin ghinearálta agus chomhsheasmhacha i mBallstát agus i gcomhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, gan dochar do Threoir 2014/24/AE, lena bhforchuirtear próiseáil sonraí i gcríoch Ballstáit shonraigh nó lena gcuirtear bac ar phróiseáil sonraí in aon Bhallstát eile;

(6)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás de chuid Ballstáit nó de chuid aon eintitis eile atá údaraithe leis an dlí náisiúnta feidhm phoiblí a dhéanamh nó údarás oifigiúil a fheidhmiú, a bhfuil an chumhacht aige rochtain a fháil ar shonraí a phróiseálann duine nádúrtha nó dlítheanach i bhfeidhmiú a dhualgas oifigiúil, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta;

(7)

ciallaíonn “úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás poiblí nó comhlacht arna rialú leis an dlí poiblí, a úsáideann nó a iarrann seirbhís próiseála sonraí;

(8)

ciallaíonn “úsáideoir gairmiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás poiblí nó comhlacht arna rialú leis an dlí poiblí, a úsáideann nó a iarrann seirbhís próiseála sonraí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm.

Airteagal 4

Saorghluaiseacht sonraí laistigh den Aontas

1.   Cuirfear toirmeasc ar cheanglais logánaithe sonraí, mura rud é go bhfuil bonn cirt leo sin ar fhoras na slándála poiblí, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Ní dochar an chéad fhomhír den mhír seo do mhír 3 agus do cheanglais logánaithe sonraí a leagtar síos ar bhonn dhlí an Aontais atá ann cheana.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a chur in iúl láithreach don Choimisiún aon dréachtghníomh lena dtugtar isteach ceanglas nua logánaithe sonraí nó lena ndéantar athruithe ar cheanglas logánaithe sonraí atá ann cheana i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/1535.

3.   Faoin 30 Bealtaine 2021, áiritheoidh na Ballstáit go n-aisghairfear aon cheanglas logánaithe sonraí atá ann cheana, a leagtar síos i bhforáil reachtaíochta, rialúchán nó riaracháin de chineál ginearálta agus nach bhfuil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Faoin 30 Bealtaine 2021, má mheasann Ballstát go bhfuil bearta atá ann cheana in bhfuil ceanglas logánaithe sonraí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus gur féidir leis, ar an ábhar sin, fanacht i bhfeidhm, déanfaidh sé an beart sin a chur in iúl don Choimisiún, mar aon le bonn cirt leis an gceanglas sin a choinneáil i bhfeidhm. Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, scrúdú ar a mhéid a chomhlíonann an beart sin mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, a bharúlacha a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trína mholadh go ndéanfaí an beart a leasú nó a aisghairm.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na mionsonraí maidir le haon cheanglas logánaithe sonraí, a leagtar síos i bhforáil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chineál ginearálta agus is infheidhme ar a gcríoch féin a chur ar fáil go poiblí trí phointe faisnéise aonair náisiúnta ar líne a choinneoidh siad cothrom le dáta, nó déanfaidh siad mionsonraí atá cothrom le dáta maidir le haon cheanglas logánaithe den sórt sin a sholáthar do lárphointe faisnéise arna bhunú faoi ghníomh eile de chuid an Aontais.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le seoladh an phointe faisnéise aonair ar líne atá acu dá dtagraítear i mír 4. Foilseoidh an Coimisiún an nasc nó na naisc chuig an bpointe sin nó na pointí sin ar a shuíomh gréasáin, in éineacht le liosta comhdhlúite a nuashonraítear go rialta de na ceanglais logánaithe sonraí ar fad dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear faisnéis achoimrithe faoi na ceanglais sin.

Airteagal 5

Infhaighteacht sonraí d'údaráis inniúla

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhachtaí na n-údarás inniúil rochtain ar shonraí a iarraidh nó a fháil chun a ndualgais oifigiúla a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní fhéadfar rochtain ar shonraí d'údaráis inniúla a dhiúltú ar an mbonn go ndéantar na sonraí a phróiseáil i mBallstát eile.

2.   I gcás, tar éis dó rochtain ar shonraí úsáideora a iarraidh, nach bhfaighidh údarás inniúil rochtain agus murab ann d'aon sásra comhair sonrach faoi dhlí an Aontais nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le sonraí a mhalartú idir údaráis inniúla de chuid Ballstáit éagsúla, féadfaidh an t-údarás inniúil sin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7.

3.   I gcás ina bhfágfaidh iarraidh ar chúnamh go bhfaighidh an t-údarás iarrtha rochtain ar aon áitreabh de chuid duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear ar threalamh agus modhanna próiseála sonraí ar bith, ní mór rochtain den sórt sin a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí nós imeachta náisiúnta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh maidir le sonraí a sholáthar, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

I gcás mí-úsáid ceart ag úsáideoir, féadfaidh Ballstát, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méid sin de bharr a phráinní atá sé rochtain a dhéanamh ar na sonraí agus leasanna na bpáirtithe lena mbaineann á gcur san áireamh, bearta eatramhacha atá go hiomlán comhréireach a fhorchur ar an úsáideoir sin. Má fhorchuireann beart eatramhach athlogánú sonraí ar feadh tréimhse atá níos faide ná 180 lá tar éis an t-athlogánú a dhéanamh, déanfar an méid sin a chur in iúl don Choimisiún laistigh den tréimhse 180 lá sin. Déanfaidh an Coimisiún, laistigh den achar ama is giorra is féidir, scrúdú ar an mbeart agus ar a chomhoiriúnacht le dlí an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé na bearta is gá. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis faoin taithí a fuarthas i ndáil leis sin a mhalartú le pointí teagmhála aonair na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 6

Sonraí a phortáil

1.   Déanfaidh an Coimisiún forbairt cód iompair féinrialála a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais (“cóid iompair”), chun rannchuidiú le geilleagar sonraí iomaíoch, ar cóid iompair iad a bheidh bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na hidir-inoibritheachta, lena dtabharfar aird chuí ar chaighdeáin oscailte lena gcumhdófar, inter alia, na gnéithe seo a leanas:

(a)

dea-chleachtais le haghaidh an bealach a réiteach chun aistriú ó sholáthraí seirbhíse go chéile agus chun sonraí a phortáil i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín lena n-áirítear formáidí lena ngabhann caighdeáin oscailte i gcás inar gá nó arna iarraidh sin ag an soláthróir seirbhíse a fhaigheann na sonraí;

(b)

ceanglais íosta faisnéise chun a áirithiú, sula ndéanfar conradh le haghaidh próiseáil sonraí a thabhairt i gcrích, go ndéantar faisnéis atá mionsonraithe, soiléir agus trédhearcach a dóthain a sholáthar d'úsáideoirí gairmiúla a bhaineann leis na próisis, na ceanglais theicniúla, na tréimhsí ama agus na muirir a mbeidh feidhm acu má theastaíonn ó úsáideoir gairmiúil aistriú go dtí soláthraí seirbhíse eile nó sonraí a phortáil ar ais chuig a chórais TF féin;

(c)

cineálacha cur chuige maidir le scéimeanna deimhniúcháin lena ndéantar comparáid idir táirgí agus seirbhísí próiseála sonraí a éascú d'úsáideoirí gairmiúla, agus noirm sheanbhunaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh, lena ndéantar inchomparáideacht na dtáirgí agus na seirbhísí sin a éascú. Féadfar a áireamh sna cineálacha cur chuige sin, inter alia, bainistiú cáilíochta, bainistiú slándála faisnéise, bainistiú leanúnachais gnó agus bainistiú comhshaoil;

(d)

treochláir chumarsáide lena ngabhann cur chuige ildisciplíneach chun feasacht a ardú i measc geallsealbhóirí ábhartha maidir leis na cóid iompair.

2.   Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go ndéanfar na cóid iompair a fhorbairt i ndlúthchomhar le gach geallsealbhóir ábhartha, lena n-áirítear comhlachais de FBManna agus de ghnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí agus soláthraithe néalseirbhísí.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún na soláthraithe seirbhíse chun forbairt na gcód iompair a chur i gcrích faoin 29 Samhain 2019 agus chun iad a chur chun feidhme go héifeachtach faoin 29 Bealtaine 2020.

Airteagal 7

Nós imeachta maidir le comhar idir údaráis

1.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair agus déanfaidh an pointe teagmhála aonair sin idirchaidreamh le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na pointí teagmhála aonair ainmnithe agus aon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh ó Bhallstát eile, de bhun Airteagal 5(2), chun rochtain a fháil ar shonraí, cuirfidh sé iarraidh a bhfuil bonn cirt léi faoi bhráid an phointe teagmhála aonair atá ainmnithe ag an mBallstát sin. Áireofar san iarraidh sin míniú i scríbhinn ar na cúiseanna agus na bunúis dlí atá le rochtain ar na sonraí a lorg.

3.   Aithneoidh an pointe teagmhála aonair an t-údarás inniúil lena mbaineann ina Bhallstát féin agus cuirfidh sé an iarraidh arna fáil de bhun mhír 2 ar aghaidh chuig an údarás inniúil sin.

4.   Arna iarraidh sin ar an údarás inniúil ábhartha, déanfaidh sé, gan aon mhoill mhíchuí agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata, freagra a thabhairt lena gcuirfear na sonraí arna n-iarraidh in iúl, nó lena ndéanfar an t-údarás inniúil iarrthach a chur ar an eolas nach measann an t-údarás go bhfuil na coinníollacha maidir le cúnamh a iarraidh faoin Rialachán seo comhlíonta.

5.   Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil faoi Airteagal 5(2) ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh an fhaisnéis sin ina leith.

6.   Déanfaidh na pointí teagmhála aonair faisnéis ghinearálta faoin Rialachán seo a thabhairt d'úsáideoirí, lena n-áirítear faoi na cóid iompair.

Airteagal 8

Meastóireacht agus treoirlínte

1.   Tráth nach déanaí ná an 29 Samhain 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le tacair sonraí atá comhdhéanta de shonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha a d'fhéadfadh leathnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le sonraí a dhí-anaithnidiú;

(b)

cur chun feidhme Airteagal 4(1) ag na Ballstáit, agus go háirithe eisceacht na slándála poiblí; agus

(c)

na cóid iompair a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach agus soláthar éifeachtach faisnéise ag na soláthraithe seirbhísí.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

3.   Faoin 29 Bealtaine 2019, déanfaidh an Coimisiún treoir fhaisnéiseach maidir le hidirghníomhaíocht an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2016/679 a fhoilsiú, go háirithe i dtaca le tacair sonraí atá comhdhéanta de shonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon.

Airteagal 9

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo 6 mhí tar éis a fhoilsithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 78.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(5)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(6)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(8)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(9)  Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir údaráis forfheidhmithe dlí, ar údaráis de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad (IO L 386, 29.12.2006, lch. 89).

(10)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Fianaise Eorpach a úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(11)  Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht, CETS Uimh. 185.

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).

(13)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh leibhéal ard coiteann slándála gréasán agus córas faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).


TREORACHA

28.11.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


TREOIR (AE) 2018/1808 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is in 2007, tráth ar glacadh Treoir 2007/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a rinneadh an leasú substainteach deireanach ar Threoir 89/552/CEE ón gComhairle (5), a códaíodh ina dhiaidh sin le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ó shin i leith, tá forás suntasach pras tagtha ar mhargadh sheirbhísí na meán closamhairc i ngeall ar an gcóineasú leanúnach atá á dhéanamh ar sheirbhísí teilifíse agus seirbhísí idirlín. Fágann forbairtí teicniúla gur féidir le cineálacha nua seirbhísí agus eispéireas úsáideora teacht chun cinn. Tá athrú suntasach tagtha ar nósanna féachana, go háirithe i measc na n-óg. Cé gur gaireas tábhachtach i gcónaí é an príomhscáileán teilifíse don eispéireas closamhairc, tá go leor den lucht féachana i ndiaidh bogadh ar aghaidh agus is ar ghairis eile, gairis atá iniompartha, a bhíonn siad ag féachaint ar inneachar closamhairc. Is ar an teilifís traidisiúnta i gcónaí a chaitear sciar mór den mheán-am féachana.

Mar sin féin, tá cineálacha nua inneachair, amhail gearrthóga físe nó inneachar ó úsáideoirí ag éirí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí, agus faoin am seo, tá bunús maith ar ghníomhaithe nua, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí físeáin ar éileamh agus soláthraithe ardáin comhroinnte físeán. Leis an gcóineasú sin ar na meáin, tá gá le creat dlíthiúil nuashonraithe chun forbairtí sa mhargadh a léiriú agus chun cothromaíocht a bhaint amach idir rochtain ar sheirbhísí inneachair ar líne, cosaint tomhaltóirí agus iomaíochas.

(2)

Ar an 6 Bealtaine 2015, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal A Digital Single Market Strategy for Europe (Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip)inar fhógair sé go ndéanfaí athbhreithniú ar Threoir 2010/13/AE.

(3)

Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2010/13/AE i gcónaí ach amháin maidir leis na seirbhísí sin arb é is príomhchuspóir leo cláir a sholáthar chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil. Ba cheart a mheas gur comhlíonadh an ceanglas maidir leis an bpríomhchuspóir más rud é gur féidir an t-inneachar closamhairc agus an fhoirm chlosamhairc atá mar chuid den tseirbhís a dhealú ó phríomhghníomhaíocht an tsoláthraí seirbhíse, amhail codanna neamhspleácha de nuachtáin ar líne ina mbíonn cláir chlosamhairc nó físeáin ó úsáideoirí, i gcás inar féidir a mheas gur féidir na codanna sin a dhealú ó phríomhghníomhaíocht na nuachtán. Ba cheart a mheas nach bhfuil i seirbhís ach comhlánú ar an bpríomhghníomhaíocht, nach féidir a dhealú uaithi, mar thoradh ar na naisc idir an tairiscint chlosamhairc agus an phríomhghníomhaíocht amhail nuacht a chur ar fáil i scríbhinn. Mar sin, is féidir cainéil nó aon seirbhísí closamhairc eile atá faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí, féadfaidh siad féin a bheith ina seirbhísí meán closamhairc, fiú amháin má thairgtear iad ar ardán comhroinnte físeán arb í an tsaintréith is mó a ghabhann leis an easpa freagrachta eagarthóireachta. Sna cásanna sin, is faoi na soláthraithe ar a bhfuil freagracht eagarthóireachta a bheidh sé Treoir 2010/13/AE a chomhlíonadh.

(4)

Trí mheán seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, soláthraítear inneachar closamhairc agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine sa phobal i gcoitinne — daoine óga go háirithe— a bhfuil rochtain acu air. Is fíor an méid sin freisin maidir le seirbhísí meán sóisialta ar meáin thábhachtacha iad chun faisnéis a roinnt, siamsaíocht agus oideachas a chur ar fáil, lena n-áirítear rochtain a sholáthar ar chláir agus ar fhíseáin ó úsáideoirí. Is gá na seirbhísí meán sóisialta sin a chur san áireamh i raon feidhme Rialachán 2010/13/AE toisc go bhfuil siad in iomaíocht le seirbhísí meán closamhairc do na pobail mheáin chéanna agus don ioncam céanna. Ina theannta sin, bíonn tionchar suntasach acu mar tugann sé deis d'úsáideoirí tuairimí úsáideoirí eile a mhúnlú agus dul i bhfeidhm orthu. Dá bhrí sin, d'fhonn leanaí mionaoiseacha a chosaint ar inneachar díobhálach agus gach saoránach a chosaint ar ghríosú chun fuatha, ar fhoréigean agus ar sceimhlitheoireacht, ba cheart na seirbhísí sin a chumhdach le Treoir 2010/13/AE a mhéid a chomhlíonfar an sainmhíniú ar sheirbhís ardáin comhroinnte físeán.

(5)

Cé nach é an aidhm atá ag Treoir 2010/13/AE seirbhísí meán sóisialta a rialáil iontu féin, ba cheart seirbhísí meán sóisialta a chumhdach más í feidhmiúlacht fhíor-riachtanach de chuid na seirbhíse sin cláir agus físeáin a dhéanann úsáideoirí a sholáthar. Ba cheart soláthar clár agus físeáin a rinne úsáideoirí a mheas mar fheidhmiúlacht fhíor-riachtanach de sheirbhís meán sóisialta mura gné choimhdeach nó cuid bheag é an t-inneachar closamhairc de ghníomhaíochtaí na seirbhíse meán sóisialta sin. Chun a áirithiú gur soiléir, éifeachtach, comhsheasmhach a bheidh an cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá, treoirlínte a eisiúint, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála, maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil chritéir feidhmiúlachta fíor-riachtanaí an tsainmhínithe ar “seirbhís ardáin comhroinnte físeán”. Ba cheart na treoirlínte sin a dhréachtú ag féachaint go cuí do chuspóirí leasa phoiblí ghinearálta atá le baint amach leis na bearta a bheidh le déanamh ag soláthraithe seirbhísí ardán comhroinnte físeán agus don cheart chun tuairimí a nochtadh.

(6)

Nuair is cuid in-dhícheangailte de sheirbhís í an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán, chun críocha Threoir 2010/13/AE, níor cheart ach an chuid sin den tseirbhís a chumhdach leis an Treoir sin agus i leith cláir agus físeáin a rinne úsáideoirí amháin. Níor cheart gearrthóga físe a leabaítear in inneachar eagarthóireachta leaganacha leictreonacha de nuachtáin ná d'irisleabhair ná íomhánna beo amhail GIFeanna a chumhdach le Treoir 2010/13/AE. Níor cheart gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha, amhail inneachar closamhairc ar shuímh ghréasáin phríobháideacha agus ar shuímh neamhthráchtála pobal leasmhar a sholáthar, a chumhdach leis an sainmhíniú ar sheirbhís ardáin comhroinnte físeán.

(7)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear Treoir 2010/13/AE chun feidhme go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach go mbunódh agus go gcoinneodh na Ballstáit taifead cothrom le dáta ar sholáthraithe seirbhíse na meán agus ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán atá faoina ndlínse, agus go roinnfidís na taifid sin go tráthrialta leis na húdaráis nó leis na gcomhlachtaí inniúla neamhspleácha rialála agus leis an gCoimisiún. Ba cheart a áireamh sna taifid sin faisnéis faoi na critéir ar a mbunaítear dlínse.

(8)

D'fhonn dlínse a bhunú is gá measúnú a dhéanamh ar chásanna fíorasacha ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i dTreoir 2010/13/AE. D'fhéadfadh go dtiocfadh torthaí an mheasúnaithe ar na cásanna fíorasacha sin salach ar a chéile. Agus na nósanna imeachta maidir le comhar dá bhforáiltear sa Treoir sin á gcur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Coimisiún a thorthaí a bhunú ar fhíorais iontaofa. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht do Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) tuairimí a thabhairt maidir le dlínse, arna iarraidh sin don Choimisiún. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, le linn dó na nósanna imeachta comhair sin a chur i bhfeidhm, dul i gcomhairle le ERGA, ba cheart dó an Coiste Teagmhála a chur ar an eolas, lena n-áirítear faoi fhógra arna fháil ó Bhallstáit de bhun na nósanna imeachta maidir le comhar, agus faoi thuairim ERGA.

(9)

Ba cheart na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le srian a chur ar an tsaoirse seirbhísí meán closamhairc a sholáthar agus a fháil, ba cheart iad a bheith mar an gcéanna do sheirbhísí líneacha agus do sheirbhísí neamhlíneacha araon.

(10)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an “Chúirt”), féadfar srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ráthaítear faoin gConradh mar gheall ar chúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí ghinearálta, amhail ardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, ar choinníoll go bhfuil údar lena leithéid de shrianta, go bhfuil siad comhréireach agus riachtanach. Dá bhrí sin, ba cheart Ballstát a bheith in ann bearta áirithe a ghlacadh chun a áirithiú go n-urramófar a rialacha cosanta tomhaltóirí nach dtagann faoi na réimsí arna gcomhordú le Treoir 2010/13/AE. Níor mhór údar a bheith ag bearta a ghlacfadh Ballstát chun a chóras náisiúnta cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear maidir le fógraíocht ar chearrbhachas, níor mhór go mbeidís i gcomhréir leis an gcuspóir a fhéachtar lena shaothrú agus go mbeidís riachtanach de réir mar a cheanglaítear faoi chásdlí na Cúirte. I gcás ar bith, ní mór nach nglacfaidh Ballstát is faighteoir bearta a chuirfeadh cosc ar chraoltaí teilifíse den sórt sin a athchraoladh ina chríoch.

(11)

Agus fógra á thabhairt don Choimisiún ag Ballstát go bhfuil soláthraí seirbhíse meán tar éis é féin a bhunú sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige, d'fhonn dul timpeall ar rialacha is déine sna réimsí atá á gcomhordú le Treoir 2010/13/AE, a bheadh infheidhme maidir leis an soláthraí sin dá mbeadh sé bunaithe sa Bhallstát a thugann fógra, ba cheart don Bhallstát sin fianaise inchreidte chuí-réasúnaithe a thabhairt ar aird. Ba cheart tacar fíricí comhthacaíocha a mhionsonrú san fhianaise sin lena bhféadfaí a bhunú go ndearnadh an dul timpeall sin.

(12)

Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal Better Regulation for Better Results – an EU Agenda [Rialáil Níos Fearr le haghaidh Torthaí Níos Fearr – Clár Oibre de chuid an Aontais], chuir an Coimisiún i bhfáth, agus é ag smaoineamh ar réitigh bheartais, go mbreithneodh sé modhanna rialála agus modhanna neamhrialála araon, ar modhanna iad a mhúnlaítear ar an gComhphobal cleachtais agus ar na Prionsabail maidir le Féinrialáil agus le Comhrialáil Níos Fearr. Roinnt de na cóid iompair a bunaíodh sna réimsí a chomhordaítear le Treoir 2010/13/AE, is léir gur dearadh go maith iad, i gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Féinrialáil agus le Comhrialáil Níos Fearr. Measadh go raibh sé tábhachtach cúltaca reachtaíochta a bheith ann le go ndéantar comhlíonadh cóid maidir le féinrialáil nó cóid maidir le comhrialáil a chur chun cinn go rathúil. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbunófaí le cóid den sórt sin spriocanna agus cuspóirí sonracha lena bhféadfaí faireachán agus measúntóireacht rialta thrédhearcach neamhspleách a dhéanamh ar chuspóirí na gcód iompair. Ba cheart a fhoráil sna cóid iompair d'fhorfheidhmiú éifeachtach freisin. Ba cheart do na cóid maidir le féinrialáil agus maidir le comhrialáil a ghlactar sna réimsí a chomhordaítear le Treoir 2010/13/AE na prionsabail seo a leanúint.

(13)

Is léir ón taithí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag ionstraimí féinrialála agus comhrialála araon, arna gcur chun feidhme i gcomhréir le traidisiúin éagsúla na mBallstát, chun ardleibhéal cosanta a thabhairt do thomhaltóirí. Is mó an éifeacht a bhíonn ag bearta atá dírithe ar chuspóirí leasa phoiblí ghinearálta a bhaint amach san earnáil éiritheach do sheirbhísí na meán closamhairc más le tacaíocht ghníomhach na soláthraithe seirbhísí féin a dhéantar iad.

(14)

Is cineál tionscnaimh dheonaigh í an fhéinrialáil lena gcuirtear ar chumas oibreoirí eacnamaíocha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachais treoirlínte comhchoiteanna a ghlacadh eatarthu féin agus leo féin. Is iad a bhíonn freagrach as forbairt, faireachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh na dtreoirlínte sin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis na traidisiúin dhlíthiúla éagsúla acu, aitheantas a thabhairt don ról a d'fhéadfadh féinrialáil éifeachtach a imirt mar chomhlánú ar na sásraí reachtacha, breithiúnacha agus riaracháin atá ann agus don mhéid a chuireann an fhéinrialáil le cuspóirí Threoir 2010/13/AE a bhaint amach. Mar sin féin, cé gur modh comhlántach í an fhéinrialáil chun forálacha áirithe de chuid Threoir 2010/13/AE a chur chun feidhme, níor cheart féachaint uirthi mar ní ar féidir a chur in ionad oibleagáidí an reachtóra náisiúnta. Tugann an chomhrialáil, ina foirm íosta, nasc dlíthiúil idir an fhéinrialáil agus an reachtóir náisiúnta i gcomhréir le traidisiúin dhlíthiúla na mBallstát. Sa chomhrialáil, roinntear an ról rialála idir na geallsealbhóirí agus an rialtas nó na húdaráis náisiúnta rialála agus/nó comhlachtaí náisiúnta rialála. Áirítear ar ról na n-údarás poiblí ábhartha aitheantas a thabhairt don scéim comhrialála, iniúchadh a dhéanamh ar phróisis agus ar chistiú na scéime. Ba cheart don chomhrialáil a cheadú go bhféadfaí idirghabháil stáit a bheith ann i gcás nach mbainfí a cuspóirí amach. Gan dochar d'oibleagáidí foirmiúla na mBallstát maidir le trasuí, spreagtar le Treoir 2010/13/AE úsáid na féinrialála agus na comhrialála. Níor cheart dó seo oibleagáid a chur ar na Ballstáit córais fhéinrialála nó chomhrialála, nó iad ar aon, a bhunú, nó níor cheart dó cur isteach ar thionscnaimh chomhrialála atá ann cheana sna Ballstáit atá ag feidhmiú go héifeachtach, nó córais mar sin a chur i mbaol.

(15)

Tá baint dhíreach ag trédhearcacht úinéireacht na meán le saoirse tuairimí a nochtadh, ar bunchloch de bunchlocha na gcóras daonlathach í. De bhrí go mbíonn an úinéireacht i gceannas ar an ábhar a sholáthraítear nó go dtéann sí go mór i bhfeidhm air, cuireann faisnéis faoin struchtúr úinéireachta a bhaineann le soláthraithe seirbhíse meán ar chumas úsáideoirí cinneadh eolach a dhéanamh i dtaca leis an ábhar a sholáthraíonn an tseirbhís. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh ar cheart go mbeadh rochtain ag úsáideoirí ar fhaisnéis faoi struchtúr úinéireachta sholáthraí seirbhíse meán agus a mhéid a bheadh an rochtain sin acu, ar choinníoll go n-urramaítear éirim na gceart agus na saoirsí bunúsacha lena mbaineann agus go bhfuil a leithéid de bhearta riachtanach agus comhréireach.

(16)

Mar gheall ar chineál sonrach seirbhísí meán closamhairc, go háirithe tionchar na seirbhísí sin ar an tslí a dtagann daoine ar thuairimí, tá leas dlisteanach ag úsáideoirí a bheith ar an eolas i ndáil le cé atá freagrach as inneachar na seirbhísí sin. D'fhonn saoirse tuairimí a nochtadh, agus ag teacht as sin, iolrachas na meán a chur chun cinn agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint, tá sé tábhachtach go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh rochtain fhurasta, dhíreach ag úsáideoirí ar fhaisnéis faoi soláthraithe seirbhísí meán aon am is mian leo. Is faoi gach Ballstát ar leith atá sé cinneadh a dhéanamh, go háirithe i dtaca leis an bhfaisnéis a fhéadfar a sholáthar i ndáil le struchtúr úinéireachta agus úinéirí tairbhiúla.

(17)

D'fhonn comhleanúnachas a áirithiú agus d'fhonn cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí agus d'údaráis na mBallstát, ba cheart an coincheap “gríosú chun foréigin nó fuatha” a thuisicint de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle (7).

(18)

I bhfianaise na héabhlóide atá tagtha ar na modhanna a úsáidtear chun inneachar a scaipeadh trí líonraí cumarsáide leictreonaí, tá sé tábhachtach an pobal i gcoitinne a chosaint ar ghríosú chun foréigin. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú le Treoir 2010/13/AE nach mbeidh briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh le fáil i seirbhísí na meán closamhairc. D'fhonn comhleanúnachas a áirithiú agus d'fhonn cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí agus d'údaráis na mBallstát, ba cheart an coincheap “briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh” a thuiscint de réir bhrí Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

D'fhonn an lucht féachana, lena n-áirítear tuismitheoirí agus mionaoisigh, a chumhachtú chun cinntí feasacha a dhéanamh maidir leis an inneachar ar a bhféachfar, is gá go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí meán faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, le córas de thuairisceoirí inneachair, le rabhadh fuaimiúil, le siombail amhairc nó le haon mheán eile lena gcuirfí síos ar chineál an inneachair.

(20)

Ba cheart na bearta iomchuí do mhionaoisigh a chosaint a chuirtear i bhfeidhm maidir le seirbhísí craolta teilifíse a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí meán closamhairc ar éileamh chomh maith. Ba cheart go méadódh sin leibhéal na cosanta. A bhuí leis an gcur chuige comhchuibhithe íosta is féidir leis na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta a fhorbairt d'inneachar a chuirfeadh isteach ar fhorbairt coirp, meabhrach ná mhorálta mionaoiseach. Maidir leis an inneachar is díobhálaí, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach, ach nach gá gur cion coiriúil a bheadh i gceist leis, ba cheart an t-inneachar sin a bheith faoi réir na mbeart is déine amhail incriptiú agus rialuithe éifeachtacha tuismitheoirí, gan dochar do bhearta níos déine a bheith á nglacadh ag na Ballstáit.

(21)

Aithnítear i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) go bhfuil cosaint ar leith tuillte ag leanaí i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Nuair a chuireann soláthraithe seirbhísí na meán sásraí cosanta leanaí ar bun, is é an toradh dosheachanta air sin go ndéanfar sonraí pearsanta mionaoiseach a phróiseáil. Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm le sásraí mar sin leanaí a chosaint, níor cheart sonraí pearsanta mionaoiseach a dhéantar a phróiseáil i gcreat bearta teicniúla cosanta leanaí a úsáid chun críocha tráchtála.

(22)

Is ceanglas fíor-riachtanach é go ndéanfaí an inrochtaineacht a áirithiú ar inneachar closamhairc i gcomhthéacs na ngealltanas a glacadh faoi Choinbhinsiún Chearta Daoine faoi Mhíchumas na Náisiún Aontaithe. I gcomhthéacs Threoir 2010/13/AE, ba cheart an téarma “daoine faoi mhíchumas” a léiriú i bhfianaise chineál na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir sin, ar seirbhísí meán closamhairc iad. Tá nasc idir an ceart atá ag daoine a bhfuil lagú orthu agus ag daoine scothaosta páirt a ghlacadh agus a bheith lánpháirteach i saol sóisialta agus cultúrtha an Aontais agus seirbhísí meán closamhairc a bheith ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, gan moill mhíchuí, go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí meán atá faoina ndlínse iarracht ghníomhach le go mbeadh inneachar inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe daoine a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu. Ba cheart na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh trí phróiseas forásach leanúnach, agus na srianta praiticiúla dosheachanta á gcur san áireamh a d'fhéadfadh a bheith ina gcosc ar an inrochtaineacht iomlán, amhail cláir nó imeachtaí a chraoltar i bhfíor-am. D'fhonn an dul chun cinn a rinne soláthraithe seirbhíse meán i dtaca le seirbhísí a chur ar fáil diaidh ar ndiaidh do dhaoine atá faoi mhíchumas amhairc nó éisteachta a thomhas, ba cheart do na Ballstáit a éileamh ar sholáthraithe seirbhísí meán a bunaíodh ar a gcríoch tuairisciú a dhéanamh dóibh ar bhonn rialta.

(23)

Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na bealaí chun inrochtaineacht seirbhísí meán closamhairc a bhaint amach faoi Threoir 2010/13/AE, ach ní gá go mbeadh sin teoranta dóibh sin amháin: teanga chomharthaíochta, fotheidealú do dhaoine bodhra agus daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu, fotheidil labhartha, agus trácht-tuairisc. Mar sin féin, ní chumhdaíonn an Treoir sin gnéithe nó seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc, ná gnéithe inrochtaineachta treoracha leictreonacha clár (EPGanna). Dá bhrí sin, ní dochar an Treoir sin do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó inrochtaineacht na seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc a chomhchuibhiú, amhail suímh ghréasáin, feidhmchláir ar líne agus EPGanna, nó do sholáthar faisnéise maidir le hinrochtaineacht agus i bhformáidí inrochtana.

(24)

I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé nach mbeifí in ann faisnéis éigeandála a chur ar fáil ar bhealach a mbeadh rochtain ag daoine atá faoi mhíchumas uirthi. Níor cheart go gcuirfeadh dálaí eisceachtúla den chineál sin bac ar fhaisnéis éigeandála a sholáthar don phobal trí sheirbhísí na meán closamhairc áfach.

(25)

Ní dochar Treoir 2010/13/AE do chumas na mBallstát oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú, maidir le hinneachar lena ngabhann leas coiteann faoi chuspóirí sainithe maidir le leas coiteann amhail iolrachas na meán, saoirse cainte agus éagsúlacht chultúrtha, go mbeidh suntasacht iomchuí aige. Níor cheart na hoibleagáidí sin a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil gá leo chun cuspóirí maidir le leas coiteann a bhaint amach, ar cuspóirí iad a shainigh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás ina gcinneann na Ballstáit rialacha maidir le suntasacht iomchuí a fhorchur, níor cheart dóibh ach oibleagáidí comhréireacha a fhorchur ar ghnóthais, ar mhaithe le breithnithe dlisteanacha beartais poiblí.

(26)

D'fhonn freagracht eagarthóireachta sholáthraithe seirbhísí na meán agus an slabhra luacha closamhairc a chosaint, tá sé fíor-riachtanach a bheith in ann sláine na gclár agus sláine sheirbhísí na meán closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí na meán a ráthú. Níor cheart cláir agus seirbhísí na meán closamhairc a tharchur i bhfoirm ghiorraithe, a athraithe nó bhriste, nó gan iad a bheith á bhforleagan chun críocha tráchtála, gan toiliú sainráite ó sholáthraithe seirbhísí na meán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gá toiliú an tsoláthraí seirbhíse meán le haghaidh forleagan a thionscain nó a d'údaraigh faighteoir na seirbhíse le haghaidh úsáid phríobháideach, amhail forleagan a tharlaíonn de bharr seirbhísí cumarsáide aonair. Níor cheart eilimintí rialaithe comhéadan úsáideora atá riachtanach chun an gléas a oibriú nó chun clár a aimsiú, amhail rialtáin fuaime, feidhmeanna cuardaigh, roghchlár nascleanúna nó liostaí na mbealaí, a chumhdach. Níor cheart forleagan dlisteanach amhail faisnéis riosca an leasa phoiblí ghinearálta i gcoitinne, faisnéis leasa phoiblí, fotheidil nó forleaganacha faisnéise tráchtála a chuireann soláthraí seirbhísí na meán ar fáil a chumhdach ach oiread. Gan dochar d'Airteagal 3(3) de Rialachán 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), níor cheart teicnící comhbhrúite sonraí lena laghdaítear méid an chomhaid sonraí agus teicnící eile chun an tseirbhís a chur in oiriúint do na modhanna dáileacháin, amhail gléine agus códú, gan aon mhodhnú ar an inneachar, a chumhdach ach an oiread.

Ba cheart bearta chun sláine chlár nó seirbhísí na meán closamhairc a chosaint a fhorchur i gcás ina bhfuil gá leo chun cuspóirí maidir le leas coiteann a bhaint amach, ar cuspóirí iad a shainigh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Le bearta den chineál sin, ba cheart oibleagáidí comhréireacha a fhorchur ar ghnóthais, ar mhaithe le breithnithe dlisteanacha beartais poiblí.

(27)

Cé is moite d'urraíocht agus de shuiteáil táirgí, ba cheart do theachtaireachtaí closamhairc tráchtála do dheochanna alcóil ar sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh, na critéir is infheidhme maidir leis an bhfógraíocht teilifíse agus leis an teilishiopadóireacht do dheochanna alcóil, mar a leagtar síos i dTreoir 2010/13/AE, a chomhlíonadh. Na critéir is mionsonraithe is infheidhme maidir leis an bhfógraíocht teilifíse agus leis an teilishiopadóireacht do dheochanna alcóil, tá siad teoranta d'fhógraí, ar de chineál iad ar aon nós a bhíonn deighilte amach ón gclár, agus dá bhrí sin, ní fholaíonn na critéir sin teachtaireachtaí eile tráchtála atá nasctha leis an gclár nó ar cuid dhílis den chlár iad, amhail urraíocht agus suiteáil táirgí. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag na critéir sin i ndáil le hurraíocht agus suiteáil táirgí ar sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh.

(28)

Is ann do threoirlínte áirithe cothaithe ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, treoirlínte amhail an tsamhail maidir le próifíl chothaitheach ón Oifig Réigiúnach don Eoraip de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, d'fhonn bianna a idirdhealú ar bhonn a gcomhdhéanaimh chothaithigh i gcomhthéacs fógraíocht bianna a dhéantar ar an teilifís do leanaí. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go n-úsáidtear féinrialáil agus comhrialáil, lena n-áirítear trí chóid iompair, chun nochtadh leanaí a laghdú go héifeachtach ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc maidir le bianna agus deochanna ina bhfuil leibhéil arda salainn, siúcra, saille, saillte sáithithe nó aigéad tras-sailleach nó nach luíonn ar shlí eile leis na treoirlínte cothaithe náisiúnta nó idirnáisiúnta sin.

(29)

Ar an gcuma chéanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go n-úsáidtear cóid iompair maidir le féinrialáil agus maidir le comhrialáil chun nochtadh leanaí agus mionaoiseach a laghdú go héifeachtach ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc le haghaidh deochanna alcólacha. Is ann do chórais áirithe féinrialála nó do chórais áirithe comhrialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta d'fhonn deochanna alcólacha a mhargú go freagrach, lena n-áirítear i dteachtaireachtaí tráchtála closamhairc. Ba cheart na córais sin a spreagadh tuilleadh, go háirithe iad siúd arb é is aidhm leo a áirithiú go mbíonn teachtaireachtaí stuama maidir le hól ag gabháil le teachtaireachtaí tráchtála closamhairc le haghaidh deochanna alcólacha.

(30)

Tá sé tábhachtach cosaint éifeachtach a thabhairt do mhionaoisigh ar nochtadh ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc a chuireann an cearrbhachas chun cinn. Ina fhianaise sin, is ann do roinnt córas comhrialála nó féinrialála ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cearrbhachas freagrach a chur chun cinn, lena n-áirítear i dteachtaireachtaí tráchtála closamhairc.

(31)

D'fhonn bacainní ar shaorchúrsaíocht seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas a bhaint, maidir le bearta féinrialála agus bearta comhrialála arb é is aidhm leo, go háirithe, tomhaltóirí nó an tsláinte phoiblí a chosaint, is gá a áirithiú go bhfuil siad éifeachtach.

(32)

Tá athrú tagtha ar an margadh le haghaidh craoltóireacht teilifíse agus tá gá, dá bhrí sin, le níos mó solúbthachta a mhéid a bhaineann le teachtaireachtaí tráchtála closamhairc, go háirithe maidir le rialacha cainníochtúla le haghaidh seirbhísí meán closamhairc líneacha agus suiteáil táirgí. Anois agus seirbhísí nua ar an bhfód, lena n-áirítear seirbhísí gan fógraíocht, tá níos mó roghanna ann don lucht féachana, a fhéadann athrú go héasca chuig tairiscintí malartacha.

(33)

Ní dheachthas i muinín na foirme sin cumarsáide tráchtála closamhairc de bharr léirscaoileadh na suiteála táirgí, mar a bhíothas ag súil leis. Go háirithe, níor cruthaíodh cinnteacht dhlíthiúil do sholáthraithe seirbhísí meán de bharr toirmeasc ginearálta a bheith ar shuiteáil táirgí, cé is moite de roinnt eisceachtaí. Ba cheart, dá bhrí sin, suiteáil táirgí a cheadú sna seirbhísí meán closamhairc agus sna seirbhísí ardáin comhroinnte físeán uile, faoi réir eisceachtaí.

(34)

Níor cheart suiteáil táirgí a cheadú i gcláir nuachta agus cúrsaí reatha, cláir maidir le gnóthaí tomhaltóra, cláir reiligiúnacha ná cláir do leanaí. Go háirithe, tá fianaise ann a léiríonn gur féidir le suiteáil táirgí agus le fógraí leabaithe cur as d'iompar leanaí ós rud é gur minic nach bhfuil sé ar chumas leanaí a aithint gur inneachar tráchtála atá ann. Is gá, mar sin, leanúint de shuiteáil táirgí a thoirmeasc i gcláir do leanaí. Is éard is cláir maidir le gnóthaí tomhaltóirí cláir a thugann comhairle don lucht féachana, nó cláir ina ndéantar léirmheas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a ceannaíodh. Is é an toradh a bheadh ar shuiteáil táirgí a cheadú sna cláir sin an t-idirdhealú idir inneachar fógraíochta agus inneachar eagarthóireachta a dhéanamh doiléir don lucht féachana, a d'fhéadfadh a bheith ag súil le léirmheas ionraic ar tháirgí agus ar sheirbhísí sna cláir sin.

(35)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí meán closamhairc ar éileamh léiriú agus dáileadh saothar Eorpach a chur chun cinn trína áirithiú go bhfuil sciar íosta de shaothair Eorpacha ina gcatalóga agus go dtarraingítear dóthain airde orthu. Maidir leis an lipéadú i meiteashonraí inneachair closamhairc is incháilithe mar shaothar Eorpach, ba cheart é a spreagadh ionas go mbeidh na meiteashonraí sin ar fáil do sholáthraithe seirbhísí meán. Is éard atá i gceist leis an aird sin, go ndéanfar saothair Eorpacha a chur chun cinn trí rochtain ar na saothair sin a éascú. Is féidir tús áite a áirithiú ar bhealaí go leor, amhail roinn ar leith a chur i leataobh i gcomhair saothair Eorpacha, ar roinn í a mbeadh teacht uirthi ó leathanach baile na seirbhíse, an deis chun saothair Eorpacha a chuardach san uirlis chuardaigh a bheidh ar fáil mar chuid den tseirbhís sin, leas a bhaint as saothair Eorpacha i bhfeachtais na seirbhíse sin nó poiblíocht a dhéanamh ó chatalóg na seirbhíse sin i leith céatadán íosta de shaothair Eorpacha, mar shampla trí mheirgí nó uirlisí comhchosúla a úsáid.

(36)

D'fhonn leibhéil leordhóthanacha infheistíochta i saothair Eorpacha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann oibleagáidí airgeadais a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí meán atá bunaithe ar a gcríoch. D'fhéadfadh na hoibleagáidí sin a bheith i bhfoirm ranníocaíochtaí díreacha chun saothair Eorpacha a léiriú agus chun cearta ar an saothair sin a fháil. D'fhéadfadh na Ballstáit tobhaigh a fhorchur a bheadh le híoc le ciste, ar bhonn na n-ioncam a ghineann seirbhísí meán closamhairc a chuirtear ar fáil ar a gcríoch agus a dhírítear uirthi. Leis an Treoir seo, soiléirítear go gceadaítear do Bhallstát, i bhfianaise an naisc dhírigh atá ann idir oibleagáidí airgeadais agus beartais chultúrtha éagsúla na mBallstát, na hoibleagáidí airgeadais sin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí meán atá bunaithe i mBallstát eile ach atá dírithe ar a chríoch féin. Sa chás sin, níor cheart na hoibleagáidí airgeadais a mhuirearú ach amháin ar na hioncaim sin a ghintear tríd an lucht féachana sa Bhallstát a bhfuiltear ag díriú air. Soláthraithe seirbhísí meán a gceanglaítear orthu rannchuidiú le scéimeanna maoinithe scannán i mBallstát a bhfuiltear ag díriú air, ba cheart go mbeidís in ann tairbhiú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ón gcabhair atá ar fáil do sholáthraithe seirbhísí meán faoi na scéimeanna maoinithe scannán faoi seach, fiú mura bhfuil bunaíocht acu sa Bhallstát sin.

(37)

Is mó infheistiú atá á dhéanamh ag craoltóirí i saothair closamhairc Eorpacha faoi láthair ná mar atá á dhéanamh ag soláthraithe seirbhíse meán closamhairc ar éileamh. Dá bhrí sin, i gcás ina roghnaíonn Ballstát a bhfuiltear ag díriú air oibleagáid airgeadais a fhorchur ar chraoltóir atá faoi dhlínse Ballstáit eile, ba cheart dó a chur san áireamh an rannchuidiú díreach a dhéanann an craoltóir sin le léiriúcháin saothar Eorpach agus leis na cearta chucu a fháil, go háirithe comhléiriúcháin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta. Ní dochar an méid sin d'inniúlacht na mBallstát, i gcomhréir lena mbeartas cultúrtha agus faoi réir comhoiriúnacht leis na rialacha maidir le Státchabhair, leibhéal na ranníocaíochtaí airgeadais a bhunú a bheidh le híoc ag soláthraithe seirbhísí meán atá faoina ndlínse.

(38)

Agus measúnú á dhéanamh ag Ballstát ar bhonn gach cáis ar leith an ag díriú ar an lucht féachana ar a chríoch atá soláthraí seirbhíse closamhairc ar éileamh atá buanaithe i mBallstát eile, ba cheart dó tagairt a dhéanamh do tháscairí amhail fógraíocht nó promóisin eile a dhíríonn go sonrach ar chustaiméirí ar a chríoch, príomhtheanga na seirbhíse nó inneachar nó teachtaireachtaí tráchtála atá ann agus a dhíríonn go sonrach ar an lucht féachana sa Bhallstát faighteach.

(39)

Nuair a fhorchuireann Ballstát ranníocaíochtaí airgeadais ar sholáthraithe seirbhísí meán, ba cheart, leis na ranníocaíochtaí sin, féachaint le saothair Eorpacha a chur chun cinn ar bhealach leordhóthanach, agus an riosca go bhforchuirfí ranníocaíochtaí ar sholáthraithe seirbhísí meán faoi dhó á sheachaint. Ar an gcuma sin, má fhorchuireann an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe ranníocaíocht airgeadais den sórt sin, ba cheart dó aon ranníocaíocht arna forchur ag na Ballstáit a ndírítear orthu a chur san áireamh.

(40)

D'fhonn a áirithiú nach mbaintear an bonn ó fhorbairt an mhargaidh le hoibleagáidí a bhaineann le saothair Eorpacha a chur chun feidhme agus chun go bhféadfaidh gníomhaithe nua teacht isteach sa mhargadh, níor cheart soláthraithe nach bhfuil i láthair ar bhealach suntasach sa mhargadh a chur faoi réir na gceanglas sin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás soláthraithe a bhfuil láimhdeachas íseal nó lucht féachana íseal acu. Féadfar a ísle atá líon an lucht féachana a chinneadh, mar shampla, ar bhonn am féachana nó díolacháin, ag brath ar chineál na seirbhíse, agus ba cheart, agus an láimhdeachas íseal á chinneadh, aird a thabhairt ar mhéideanna éagsúla margaí closamhairc sna Ballstáit. D'fhéadfadh sé freisin gur mhíchuí na ceanglais sin a fhorchur i gcásanna nach mbeidís indéanta nó nach mbeadh bonn cirt leo, i bhfianaise chineál nó théama na seirbhísí meán closamhairc.

(41)

Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó solúbthachta ag craoltóirí agus go mbeidís in ann a chinneadh cathain ba cheart fógraíocht a dhéanamh chun éileamh na bhfógróirí agus an sreabhadh luchta féachana a uasmhéadú. I ndáil leis an méid sin, áfach, is gá leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a choimeád, ós rud é go bhféadfadh solúbthacht den chineál sin an lucht féachana a nochtadh d'fhógraíocht iomarcach le linn príomh-ama. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na teorainneacha sonracha ama sa tréimhse ó 06.00 go 18.00 agus ó 18.00 go 24.00.

(42)

Le frámaí neodracha, déantar an t-inneachar eagarthóireachta a dheighilt ó mhíreanna fógraíochta teilifíse nó ó mhíreanna teilishiopadóireachta, mar aon le míreanna aonair. Ligeann siad don amharcóir fios a bheith acu go héasca cathain a thagann deireadh le cineál amháin inneachair chlosamhairc agus cathain a thosaíonn an cineál eile. Is gá a shoiléiriú go n-eisiatar frámaí neodracha ón teorainn chainníochtúil a leagtar amach i gcomhair fógraíocht teilifíse. Déantar sin chun a áirithiú nach mbeidh tionchar ag an am a úsáidtear i bhfrámaí neodracha ar an am a úsáidtear le haghaidh fógraíochta agus nach ndéanfar difear diúltach do na hioncaim a ghintear ón bhfógraíocht.

(43)

I ndáil leis an am tarchuir laethúil a leithroinntear ar fhógráin a dhéanann an craoltóir a bhaineann lena chláir féin agus táirgí coimhdeacha a thagann go díreach ó na cláir sin, nó ar fhógráin seirbhíse nó achainí charthanachta a chraoltar saor in aisce, seachas na costais a thabhaítear mar thoradh ar chraoladh achainíocha den sórt sin, níor cheart é a áireamh in uasmhéid an ama craolta a d'fhéadfaí a leithroinnt ar fhógraíocht teilifíse agus ar theilishiopadóireacht. Ina theannta sin, tá a lán craoltóirí ina gcuid de ghrúpaí móra craoltóirí agus déanann siad fógráin, ní hamháin maidir lena gcláir féin agus le táirgí coimhdeacha a dhíorthaítear go díreach ó na cláir sin, ach maidir le cláir agus seirbhísí meán closamhairc ó eintitis eile atá sa ghrúpa céanna craoltóirí chomh maith. I ndáil leis an am tarchuir a leithroinntear ar fhógraí den chineál sin, níor cheart é a chur san áireamh in uasmhéid an ama tarchuir a d'fhéadfaí a leithroinnt ar fhógraíocht teilifíse agus ar theilishiopadóireacht ach an oiread.

(44)

Déanann na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a chumhdaítear le Treoir 2010/13/AE seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chur ar fáil. Dá bhrí sin, tá na soláthraithe sin faoi réir na forálacha maidir leis an margadh inmheánach a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE, más i mBallstát atá siad bunaithe. Is iomchuí a áirithiú go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna chomh maith maidir le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán nach bhfuil bunaithe i mBallstát, d'fhonn éifeachtacht na mbeart a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE chun cosaint a thabhairt do mhionaoisigh agus don phobal i gcoitinne a choimirciú agus chun cothroime iomaíochta a áirithiú a mhéid is féidir, sa mhéid go bhfuil máthairghnóthas nó foghnóthas atá bunaithe i mBallstát ag na soláthraithe sin, nó i gcás inar cuid de ghrúpa iad na soláthraithe sin agus ina bhfuil gnóthas eile ón ngrúpa sin bunaithe i mBallstát. Dá bhrí sin, na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE, ba cheart gur bunaithe ar phrionsabail a bheidís agus ba cheart dóibh a áirithiú nach féidir le gnóthas é féin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin trí struchtúr grúpa a chruthú ina mbeidh iliomad sraitheanna de ghnóthais atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na soláthraithe atá faoi dhlínse gach Ballstáit de bhun na rialacha maidir le bunú a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE agus i dTreoir 2000/13/CE.

(45)

Is ann do dhúshláin nua, go háirithe a mhéid a bhaineann le hardáin comhroinnte físeán, ardáin ar a bhféachann úsáideoirí - mionaoisigh ach go háirithe - ar inneachar closamhairc níos mó agus níos mó. Ós amhlaidh atá, tá ag méadú ar an imní atá ann mar gheall ar inneachar díobhálach agus ar fhuathchaint a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán. D'fhonn mionaoisigh agus an pobal i gcoitinne a chosaint ar inneachar den chineál sin, is gá rialacha comhréireacha a leagan amach maidir leis na hábhair sin.

(46)

Déantar teachtaireachtaí tráchtála ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a rialáil faoi láthair le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena dtoirmeasctar cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais mhíthreoracha agus ionsaitheacha a tharlaíonn i seirbhísí na sochaí faisnéise.

Maidir le teachtaireachtaí tráchtála i ndáil le tobac agus le táirgí gaolmhara ar ardáin comhroinnte físeán, áirithítear go dtugtar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí ar tháirgí tobac agus ar tháirgí gaolmhara leis na toirmisc dá bhforáiltear i dTreoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus leis na toirmisc is infheidhme maidir le toitíní leictreonacha agus le coimeádáin athlíonta de bhun Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ós rud é gur ag brath ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a bhíonn úsáideoirí chun rochtain a fháil ar inneachar closamhairc, is gá leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a áirithiú tríd na rialacha maidir le teachtaireachtaí tráchtála a ailíniú, a mhéid is iomchuí, i measc na soláthraithe uile. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh teachtaireachtaí tráchtála closamhairc, a bheadh ar fáil ar ardáin comhroinnte físeán, sainaitheanta go soiléir agus go n-urramóidís tacar d'íoscheanglais cháilíochtúla.

(47)

Tá sciar suntasach den inneachar a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nach mbíonn faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí ardáin comhroinnte físeán. Mar sin féin, is gnách gurb iad na soláthraithe sin a chinneann eagrú an inneachair, eadhon cláir, físeáin ó úsáideoirí agus teachtaireachtaí closamhairc tráchtála, lena n-áirítear trí mheáin uathoibríocha nó trí algartaim. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar na soláthraithe sin bearta iomchuí a dhéanamh chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt coirp, meabhrach nó mhorálta. Ba cheart a cheangal orthu freisin bearta iomchuí a dhéanamh chun an pobal i gcoitinne a chosaint ar inneachar ina bhfuil gríosú chun foréigin nó fuatha á dhíriú i gcoinne grúpa nó comhalta de ghrúpa, ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), nó ar cion coiriúil é a scaipeadh faoi dhlí an Aontais.

(48)

I bhfianaise chineál rannpháirtíocht na soláthraithe leis an inneachar a chuirtear ar fáil ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán, ba cheart baint a bheith ag na bearta iomchuí chun mionaoisigh agus an pobal i gcoitinne a chosaint le heagrú an inneachair seachas leis an inneachar féin. Maidir leis na ceanglais i dtaca leis sin a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE, ba cheart feidhm a bheith acu gan dochar d'Airteagal 12 gp hAirteagal 14 de Threoir 2000/31/CE, lena bhforáiltear do dhíolúine ó dhliteanas i gcás faisnéis neamhdhleathach a dhéantar a tharchur nó a stóráil go huathoibríoch, go hidirmheánach nó go sealadach nó a dhéanann soláthraithe áirithe sheirbhísí na sochaí faisnéise a stóráil. Agus seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 12 go hAirteagal 14 de Threoir 2000/31/CE á gcur ar fáil, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin freisin gan dochar d'Airteagal 15 den Treoir sin, lena gcuirtear bac ar oibleagáidí ginearálta a fhorchur ar na soláthraithe sin maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus fíorais nó imthosca lena dtugtar gníomhaíocht neamhdhleathach le fios a lorg go gníomhach, ach ní bheidh baint ag na ceanglais le hoibleagáidí faireacháin i gcásanna ar leith, áfach, agus ní dhéanfar difear leo d'orduithe a thabharfaidh na húdaráis náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(49)

Is iomchuí a thabhairt ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán a bheith páirteach a mhéid is féidir agus na bearta iomchuí a bheidh le glacadh de bhun Threoir 2010/13/AE á gcur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, comhrialáil a spreagadh. Ba cheart an deis a bheith fós ag soláthraithe ardáin comhroinnte físeán bearta níos déine a ghlacadh dá ndeoin féin i gcomhréir le dlí an Aontais, agus urraim á tabhairt don tsaoirse cainte agus don tsaoirse faisnéise agus d'iolrachas na meán.

(50)

Is cearta bunúsacha a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt iad an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus an ceart chun triail chóir a fháil. Níor cheart, dá bhrí sin, forálacha Threoir 2010/13/AE a fhorléiriú ar bhealach a bheadh ina chosc ar pháirtithe a gceart rochtana ar an gcóras breithiúnach a fheidhmiú.

(51)

Agus na bearta iomchuí á nglacadh chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar díobhálach agus chun an pobal i gcoitinne a chosaint ar inneachar ina bhfuil gríosú chun foréigin, fuatha agus sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE, ba cheart na cearta bunúsacha is infheidhme, a leagtar amach sa Chairt, a chothromú go cáiréiseach. Baineann sé sin, go háirithe, agus de réir mar a bheidh, leis an gceart maidir le hurraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus cosaint ar shonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse fiontraíochta, an toirmeasc ar idirdhealú agus cearta an linbh.

(52)

Is é an aidhm atá ag an gCoiste Teagmhála gur fusa a bheidh sé Treoir 2010/13/AE a chur chun feidhme go héifeachtach agus ba cheart dul i gcomhairle go rialta leis maidir le haon fhadhbanna praiticiúla a thiocfadh as a cur i bhfeidhm. Níor cheart obair an Choiste Teagmhála a theorannú do na shaincheisteanna atá ann cheana maidir leis an mbeartas closamhairc, ach ba cheart féachaint leis na forbairtí ábhartha a thagann chun cinn san earnáil sin a chumhdach freisin. Ar an gcoiste beidh ionadaithe ó údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát. Agus a gcuid ionadaithe á gceapadh acu, iarrtar ar na Ballstáit an comhionannas inscne a chur chun cinn i gcomhdhéanamh an Choiste Teagmhála.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur leithleach ó thaobh dlí de a n-údaráis nó a gcomhlachtaí rialála náisiúnta ón rialtas. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar na Ballstáit maoirseacht a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta acu. Ba cheart a mheas gur bhain údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta amach an leibhéal neamhspleáchais is gá má tá na húdaráis nó comhlachtaí sin, lena n-áirítear iad siúd a bunaíodh mar údaráis nó comhlachtaí poiblí, neamhspleách go feidhmeach agus go héifeachtach ar a rialtais faoi seach nó ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Meastar go bhfuil an méid sin fíor-riachtanach chun neamhchlaontacht na gcinntí a dhéanann údarás nó comhlacht rialála náisiúnta a áirithiú. Níor cheart gur dhochar an ceanglas maidir le neamhspleáchas don deis atá ag na Ballstáit údaráís rialála a bhunú a dhéanann formhaoirseacht ar earnálacha éagsúla, amhail an earnáil closamhairc agus an earnáil teileachumarsáide. Ba cheart na cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus na hacmhainní is gá a bheith ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta chun a gcúraimí a thabhairt i gcrích a mhéid a bhaineann le soláthar foirne, le saineolas agus le hacmhainní airgeadais. Le gníomhaíochtaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta a bhunaítear faoi Threoir 2010/13/AE, ba cheart urraim a thabhairt do na cuspóirí maidir le hiolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha, cosaint tomhaltóirí, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun cinn iomaíocht chóir.

(54)

Ós rud é gur ceann de chuspóirí na seirbhísí meán closamhairc é fónamh do leasanna daoine aonair agus tuairimí an phobail a mhúnlú, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh na seirbhísí sin in ann daoine aonair agus an tsochaí a chur ar an eolas chomh maith agus is féidir agus leis an leibhéal is airde éagsúlachta is féidir. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin má dhéantar cinntí eagarthóireachta saor ó chur isteach ón stát agus ó thionchar na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta seachas gnáthchur chun feidhme an dlí agus coimirciú ceart atá faoi chosaint dlí agus atá le cosaint beag beann ar aon tuairim ar leith.

(55)

Ba cheart sásraí éifeachtacha achomhairc a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don chomhlacht ábhartha achomhairc a bheith neamhspleách ar na páirtithe a bheidh i gceist. Féadfar gur cúirt atá i gcomhlacht den chineál sin. Ba cheart an nós imeachta achomhairc a bheith gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí laistigh de chórais bhreithiúnacha náisiúnta.

(56)

D'fhonn a áirithiú go ndéantar creat rialála an Aontais do sheirbhísí meán closamhairc a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát go léir, bhunaigh an Coimisiún Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) le Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2014 (15). Is é an ról atá ag ERGA saineolas teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún ina chuid oibre chun a áirithiú go ndéantar Treoir 2010/13/AE a chur chun feidhme go comhsheasmhach sna Ballstáit go léir, agus comhar a éascú idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta agus idir na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta agus an Coimisiún.

(57)

Is mór maith an rannchuidiú a thug ERGA maidir le cleachtas comhsheasmhach rialála agus chuir sé comhairle ardleibhéil ar an gCoimisiún maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme. Is gá, dá réir sin, an ról atá aige a aithint go foirmiúil agus a atreisiú i dTreoir 2010/13/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, ERGA a bhunú de bhua na Treorach sin.

(58)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag an gCoimisiún dul i gcomhairle le ERGA maidir le haon ábhar a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc agus le hardáin comhroinnte físeán. Ba cheart do ERGA cúnamh a thabhairt don Choimisiún trí shaineolas agus comhairle theicniúil a thabhairt agus trí mhalartú dea-chleachtas a éascú, lena n-áirítear maidir le cóid iompair chomhrialála agus féinrialála. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le ERGA maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2010/13/AE d'fhonn an bealach a réiteach lena cur chun feidhme go cóineasaithe. Arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart do ERGA tuairimí neamhcheangailteacha a chur ar fáil maidir le dlínse, maidir le comhoiriúnacht beart le dlí an Aontais, maidir le bearta de mhaolú ó phrionsabal na saoirse glactha, agus maidir le bearta lena dtugtar aghaidh ar an dul timpeall ar dhlínse. Ba cheart do ERGA a bheith in ann freisin comhairle theicniúil a thabhairt maidir le haon cheist rialála a bhaineann le creat seirbhísí meán closamhairc, lena n-áirítear i réimse na fuathchainte agus chosanta mhionaoiseach, agus maidir le hábhar teachtaireachtaí tráchtála closamhairc le haghaidh bianna ina bhfuil leibhéal ard saille, salainn nó sóidiam agus siúcraí.

(59)

Tagraíonn “litearthacht sna meáin”: scileanna, eolas agus tuiscint a chuirfidh ar chumas na saoránach úsáid éifeachtúil shábháilte a bhaint as na meáin. D'fhonn go mbeidh saoránaigh in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis agus inneachar meán a mheas go criticiúil agus a chruthú ar bhealach freagrach slán, ní mór ardscileanna litearthachta sna meáin a bheith ag saoránaigh. Ní hí an oiliúint in uirlisí agus teicneolaíochtaí an teorainn is ceart a bheith leis an litearthacht sna meáin, ach ba cheart di na saoránaigh a chumasú leis na scileanna smaointeoireachta criticiúla atá ag teastáil chun breithiúnas a fheidhmiú, chun anailís a dhéanamh ar réaltacht chasta agus chun an difríocht idir tuairimí agus fíricí a aithint. Is gá mar sin go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí na meán agus soláthraithe ardáin comhroinnte físeán ar aon, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, forbairt litearthachta sna meáin chun cinn i ngach réimse den tsochaí, do shaoránaigh idir shean agus óg, agus do na meáin ar fad, agus go gcoinneofar súil ghéar ar an dul chun cinn a dhéanfar ina leith sin.

(60)

Ní dochar Treoir 2010/13/AE don oibleagáid atá ar na Ballstáit dínit an duine a urramú agus a chosaint. Urramaítear léi na cearta bunúsacha agus comhlíonann sí na prionsabail a aithnítear, go háirithe, leis an gCairt. Go háirithe, féachtar le Treoir 2010/13/AE leis an gceart chun saoirse tuairimí a nochtadh, an tsaoirse fiontraíochta agus an ceart chun athbhreithniú breithiúnach a urramú go hiomlán, agus féachtar léi freisin cur i bhfeidhm chearta an linbh a chumhdaítear sa Chairt a chur chun cinn.

(61)

Maidir le haon bhearta a ghlacfaidh na Ballstáit faoi Threoir 2010/13/AE, tá siad chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus iolrachas na meán, mar aon le héagsúlacht chultúrtha agus teanga, a urramú, i gcomhréir le Coinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn.

(62)

Tá an ceart chun rochtain a fháil ar chláir nuachta polaitiúla ríthábhachtach chun coimirce a thabhairt don tsaoirse bhunúsach faisnéis a fháil agus chun a áirithiú go ndéantar leasa an lucht féachana a chosaint go hiomlán agus go cuí. Ós rud é go bhfuil seirbhísí meán closamhairc ag éirí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí do shochaithe agus don daonlathas, ba cheart craoltaí nuachta polaitiúla a chur ar fáil, a mhéid is mó is féidir, ar bhonn trasteorann san Aontas, agus sin gan dochar do rialacha maidir le cóipcheart.

(63)

Ní bhaineann Treoir 2010/13/AE le rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, go háirithe rialacha lena rialaítear dlínse na gcúirteanna agus an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

(64)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (16), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(65)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/13/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2010/13/AE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘seirbhís meán closamhairc’:

(i)

seirbhís, mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di dírithe ar chláir a sholáthar, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán, don phobal i gcoitinne, chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil trí líonraí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE. is craoladh teilifíse, mar a shainmhínítear i bpointe (e) den mhír seo, nó seirbhís meán closamhairc ar éileamh, mar a shainmhínítear i bpointe (g) den mhír seo, seirbhís meán closamhairc den sórt sin;

(ii)

cumarsáid tráchtála closamhairc;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

ciallaíonn ‘seirbhís ardáin comhroinnte físeán’ seirbhís, mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di nó an fheidhmiúlacht fhíor-riachtanach atá ag an seirbhís tiomanta do chláir, físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí nó an dá rud a sholáthar don phobal i gcoitinne, nach bhfuil freagracht eagarthóireachta ar sholáthraí ardáin comhroinnte físeán maidir léi, d'fhonn eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne trí líonraí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE agus cinneann soláthraí an ardáin comhroinnte físeán eagrú na gclár sin agus na bhfiseán sin arna nginiúint ag úsáideoirí, lena n-áirítear trí mheáin uathoibríocha nó trí algartaim, go háirithe trí bhíthin léiriú, clibeáil agus seicheamhú.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ciallaíonn ‘clár’ sraith íomhánna gluaisteacha, bíodh fuaim leo nó na bíodh, is ionann agus mír aonair, beag beann ar a fad laistigh de sceideal nó de chatalóg a bhunaíonn soláthraí seirbhíse meán, lena n-áirítear scannáin fhada, gearrthóga físe, ócáidí spóirt, drámaí grinn suímh, cláir faisnéise, cláir do leanaí agus dráma úr;”;

(d)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(ba)

ciallaíonn ‘físeán ó úsáideoir’ sraith íomhánna gluaisteacha, bíodh fuaim leo nó ná bíodh, is ionann agus mír aonair, beag beann ar a fad, a chruthaíonn úsáideoir agus a dhéanann an t-úsáideoir sin nó aon úsáideoir eile a uaslódáil chuig ardán comhroinnte físeán;

(bb)

ciallaíonn ‘cinneadh eagarthóireachta’ cinneadh a dhéantar ar bhonn rialta chun críche freagracht eagarthóireachta a fheidhmiú atá nasctha le hoibriú laethúil na seirbhíse meán closamhairc;”;

(e)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(da)

ciallaíonn ‘soláthraí ardáin comhroinnte físeán’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís ardáin comhroinnte físeán;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

ciallaíonn ‘cumarsáid tráchtála closamhairc’ íomhánna a dtugtar nó nach dtugtar fuaim dóibh agus a dearadh chun na hearraí, na seirbhísí nó an íomhá atá ag duine nádúrtha nó dlítheanach, atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach; tá na híomhánna sin ag gabháil le clár, nó áirítear iad i gclár nó i bhfíseán arna ghiniúint ag úsáideoirí, i gcomaoin íocaíochta nó comaoin den tsamhail sin nó lena chur chun cinn. Ar na foirmeacha cumarsáide tráchtála closamhairc áirítear, inter alia, fógraíocht teilifíse, urraíocht, teilishiopadóireacht agus suíomh táirgí;”;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

ciallaíonn ‘urraíocht’ aon ranníocaíocht arna déanamh ag gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó daoine nádúrtha nach bhfuil ag gabháil do sheirbhísí meán closamhairc nó do sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán a sholáthar ná do shaothair chlosamhairc a tháírgeadh chun maoiniú a dhéanamh ar sheirbhísí meán closamhairc, ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí nó ar chláir d'fhonn ainm, trádmharc, íomhá, gníomhaíochtaí nó táirgí an chéanna a chur chun cinn;”;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

ciallaíonn ‘suíomh táirgí’ aon fhoirm cumarsáide tráchtála closamhairc arb é atá i gceist táirge, seirbhís nó trádmharc an chéanna a áireamh, nó tagairt a dhéanamh dó, ionas gur gné de chlár nó de nó d'fhíseán arna ghiniúint ag úsáideoirí é, i gcomaoin íocaíochta nó comaoin den tsamhail;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

FORÁLACHA GINEARÁLTA LE HAGHAIDH SEIRBHÍSÍ MEÁN CLOSAMHAIRC”;

(3)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

má tá a cheannoifig ag soláthraí seirbhíse meán i gceann de na Ballstáit ach go nglactar cinntí eagarthóireachta maidir leis an tseirbhís meán closamhairc ar bhonn rialta i mBallstát eile, measfar go bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe sa Bhallstát ina n-oibríonn cuid shuntasach den lucht saothair atá i mbun na gníomhaíochta clárbhaintí seirbhíse meán closamhairc. I gcás ina bhfeidhmíonn cuid shuntasach den lucht saothair atá i mbun na ngníomhaíochtaí clárbhainteacha seirbhíse meán closamhairc i ngach ceann de na Ballstáit sin, measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a cheannoifig aige atá an soláthraí seirbhíse meán bunaithe. Má fheidhmíonn cuid shuntasach den lucht saothair atá i mbun gníomhaíochtaí clárbhainteacha seirbhíse meán closamhairc i gceachtar den dá Bhallstát sin, measfar gur bunaithe sa Bhallstát inar chuir sé tús lena ghníomhaíocht i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin atá an soláthraí seirbhíse meán bunaithe, ar choinníoll go gcothaíonn sé nasc seasmhach éifeachtach le geilleagar an Bhallstáit sin;”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“5a.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthraithe seirbhíse meán na húdaráis nó na comhlachtaí rialála inniúla náisiúnta ar an eolas faoi aon athruithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh dlínse i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4.

5b.   Déanfaidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe meán atá faoina ndlínse a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta agus léireoidh siad na critéir, a leagtar amach i mír 2 go mír 5, ar a bhfuil a ndlínse bunaithe. Cuirfidh na Ballstáit an liosta sin, mar aon le haon nuashonruithe air, in iúl don Choimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear liostaí den sórt sin ar fáil i mbunachar sonraí láraithe. I gcás neamhréireachtaí idir na liostaí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil rochtain ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ar an liosta sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis sa bhunachar ar fáil don phobal.

5c.   I gcás nach dtagann na Ballstáit ar chomhaontú, agus Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Treoir seo á gcur i bhfeidhm, maidir leis an mBallstát a bhfuil dlínse aige, cuirfidh siad an méid sin ar a shúile don Choimisiún gan moill mhíchuí. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA) tuairim a thabhairt faoin méid sin i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3). Cuirfidh ERGA an tuairim sin ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don Choimisiún iarraidh a thíolacadh. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála a bunaíodh le hAirteagal 29 ar an eolas go cuí.

Agus cinneadh á ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 3(2) nó (3), nó Airteagal 4(5), déanfaidh sé cinneadh freisin maidir le cén Ballstát a bhfuil dlínse aige.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an tsaoirse glactha agus ní chuirfidh siad srian ar a gcríoch le hathchraoltaí seirbhísí meán closamhairc ó Bhallstáit eile ar chúiseanna a thagann faoi na réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo.

2.   Féadfaidh Ballstát maolú, ar bhonn sealadach, ó mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina sáraíonn seirbhís meán closamhairc arna soláthar ag soláthraí seirbhíse meán faoi dhlínse Ballstáit eile, pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó d'Airteagal 6a(1) go soiléir, go tromchúiseach agus go mór nó má dhéanann sí dochar nó má ghabhann riosca tromchúiseach mór léi go ndéanfaí dochar don tsláinte phoiblí.

An maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas a bheidh sé:

(a)

i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, rinne an soláthraí seirbhíse meán teagmhas amháin nó níos mó de na hiompraíochtaí a thuairiscítear sa chéad fhomhír dhá uair ar a laghad;

(b)

thug an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don soláthraí seirbhíse meán, don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí sin agus don Choimisiún maidir leis na sáruithe líomhnaithe agus na bearta comhréireacha atá beartaithe aige má tharlaíonn sárú líomhnaithe den chineál sin arís;

(c)

gur urramaigh an Ballstát lena mbaineann an ceart chun cosanta atá ag an soláthraí seirbhíse meán agus, go háirithe, gur thug sé deis don soláthraí sin a bharúlacha a nochtadh maidir leis na sáruithe líomhnaithe; agus

(d)

ní raibh socrú cairdiúil mar thoradh ar an gcomhairliúchán leis an mBallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán agus leis an gCoimisiún laistigh de 1 mhí amháin tar éis don Choimisiún an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) a fháil.

Laistigh de 3 mhí tar éis fógra iomlán a bheith faighte faoi na bearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann agus tar éis tuairim a iarraidh ar ERGA i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3), déanfaidh an Coimisiún cinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais, cuirfidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na bearta mar ábhar práinne.

3.   Féadfaidh Ballstát maolú, ar bhonn sealadach, ó mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina sáraíonn seirbhís meán closamhairc arna soláthar ag soláthraí seirbhíse meán faoi dhlínse Ballstáit eile, pointe (b) d'Airteagal 6(1) go soiléir, go tromchúiseach agus go mór nó má dhéanann sí dochar nó má ghabhann riosca tromchúiseach mór léi go ndéanfaí dochar don tslándáil phoiblí, lena n-áirítear coimirciú na slándála agus na cosanta náisiúnta.

Beidh an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, tharla an iompraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a laghad uair amháin;

agus

(b)

thug an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don soláthraí seirbhíse meán, don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí sin agus don Choimisiún maidir leis an sárú líomhnaithe agus na bearta atá beartaithe aige má tharlaíonn sárú den chineál sin arís.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann cearta cosanta an tsoláthraí seirbhíse meán sin a urramú agus, go háirithe, tabharfaidh sé deis don soláthraí sin a bharúlacha a nochtadh maidir leis na sáruithe líomhnaithe.

Laistigh de 3 mhí tar éis fógra iomlán a bheith tugtha faoi na bearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann agus tar éis tuairim a iarraidh ar ERGA i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3), déanfaidh an Coimisiún cinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais, cuirfidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na bearta mar ábhar práinne.

4.   Beidh mír 2 agus mír 3 gan dochar do chur i bhfeidhm aon nós imeachta, leighis nó smachtbhanna ar na sáruithe lena mbaineann sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán lena mbaineann.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna práinneacha, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an tsáraithe líomhnaithe, maolú ó na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) de mhír 3. Sa chás sin, cuirfear na bearta a ghlactar in iúl chomh luath agus is féidir don Choimisiún agus don Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán, agus léireofar na cúiseanna lena measann an Ballstát práinn a bheith ann. Déanfaidh an Coimisiún comhréireacht na mbeart a fógraíodh le dlí an Aontais a scrúdú chomh tapa agus is féidir. I gcás gurb í an chonclúid a bheidh ag an gCoimisiún go bhfuil na bearta sin neamhchomhréireach le dlí an Aontais, ceanglóidh an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na bearta sin go práinneach.

6.   Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an gCoimisiún chun an cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 2 nó mhír 3, iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil gach faisnéis is gá chun teacht ar an gcinneadh sin. An teorainn ama ar laistigh di a bhfuil an Coimisiún chun an cinneadh a dhéanamh, cuirfear ar fionraí í go dtí go mbeidh an fhaisnéis is gá sin curtha ar fáil ag an mBallstát sin. I gcás ar bith, ní faide ná mí amháin a mhairfidh fionraí na teorann ama sin.

7.   Beidh malartú rialta taithí agus dea-chleachtas idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo faoi chuimsiú an Choiste Teagmhála agus ERGA.”;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse rialacha níos mionchruinne nó níos déine a chomhlíonadh sna réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo, ar an gcoinníoll go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   I gcás inarb amhlaidh:

(a)

go ndearna Ballstát a shaoirse a fheidhmiú faoi mhír 1 chun rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a ghlacadh i ndáil leis an leas poiblí ginearálta, agus

(b)

go ndéanann Ballstát a mheasúnú go soláthraíonn soláthraí seirbhíse meán atá faoi dhlínse Ballstáit eile seirbhís meán closamhairc atá dírithe go hiomlán nó den chuid is mó ar a chríoch,

féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát a bhfuil dlínse aige aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna a aithnítear maidir leis an mír seo. Comhoibreoidh an dá Bhallstát go macánta agus go pras d'fhonn teacht ar réiteach atá sásúil dóibh ar aon.

Tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil faoin gcéad fhomhír, iarrfaidh an Ballstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán na rialacha leasa phoiblí ghinearálta lena mbaineann a chomhlíonadh. Cuirfidh an Ballstát a bhfuil dlínse aige an Ballstát iarrthach ar an eolas go rialta maidir leis na bearta atá á ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a aithníodh. Laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil, cuirfidh an Ballstát a bhfuil dlínse aige an Ballstát iarrthach agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis na torthaí a fuarthas agus déanfaidh sé na cúiseanna a mhíniú sa chás nárbh fhéidir teacht ar réiteach.

Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh ar an gCoiste Teagmhála an cás a scrúdú aon tráth.

3.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta iomchuí a ghlacadh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse meán lena mbaineann nuair is fíor an méid a leanas:

(a)

déanann sé measúnú nach bhfuil na torthaí a baineadh amach trí mhír 2 a chur i bhfeidhm sásúil; agus

(b)

thug sé ar aird fianaise a léiríonn go ndearna an soláthraí seirbhíse meán atá i gceist é féin a bhunú sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige d'fhonn dul timpeall ar na rialacha níos déine, sna réimsí atá á gcomhordú leis an Treoir seo, a bheadh infheidhme ina leith dá mbeadh sé bunaithe sa chéad Bhallstát lena mbaineann; leis an bhfianaise sin beifear in ann a shuíomh go réasúnach go ndeachthas timpeall ar na rialacha sin, gan gá a bheith lena chruthú go raibh rún ag an soláthraí seirbhíse meán dul timpeall ar na rialacha níos déine sin.

Beidh gá le bearta den chineál sin ar bhealach oibiachtúil, cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad comhréireach leis na cuspóirí a shaothraítear leo.

4.   Ní fhéadfaidh Ballstát bearta a dhéanamh de bhun mhír 3 ach amháin má tá na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

chuir sé in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe go bhfuil sé beartaithe aige bearta den chineál sin a dhéanamh agus bunús á thabhairt maidir leis na forais ar a ndéanann sé a mheasúnú;

(b)

rinne sé cearta cosanta an tsoláthraí seirbhíse meán lena mbaineann a urramú agus, go háirithe, thug sé deis don soláthraí seirbhíse meán sin a thuairimí a nochtadh maidir leis an dul timpeall líomhnaithe agus na bearta atá beartaithe ag an mBallstát a thugann fógra a dhéanamh; agus

(c)

chinn an Coimisiún, tar éis tuairim a iarraidh ar ERGA i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3), go bhfuil na bearta ag luí le dlí an Aontais, go háirithe go bhfuil bonn ceart leis na measúnuithe a rinne an Ballstát a rinne na bearta faoi mhír 2 agus mír 3 den Airteagal seo; coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí.

5.   Laistigh de 3 mhí ón bhfógra dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 4 a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh an bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais, cuirfidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann staonadh ó na bearta atá beartaithe a ghlacadh.

Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an gCoimisiún chun an cinneadh a ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre, iarrfaidh sé, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil, ar an mBallstát lena mbaineann gach faisnéis is gá chun teacht ar an gcinneadh sin. An teorainn ama ar laistigh di a bhfuil an Coimisiún chun an cinneadh a dhéanamh, cuirfear ar fionraí í go dtí go mbeidh an fhaisnéis is gá sin curtha ar fáil ag an mBallstát sin. I gcás ar bith, ní faide ná mí amháin a mhairfidh fionraí na teorann ama sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, trí mheáin iomchuí, faoi chuimsiú an dlí náisiúnta atá acu, go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse an Treoir seo go héifeachtach.

7.   Beidh feidhm ag Treoir 2000/31/CE mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo. I gcás ina mbeidh coimhlint idir Treoir 2000/31/CE agus an Treoir seo, beidh tosaíocht ag an Treoir seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo.”;

(6)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

1.   Déanfaidh na Ballstáit úsáid comhrialála agus cothú féinrialála a spreagadh trí chóid iompair a ghlacfar ar an leibhéal náisiúnta sna réimsí atá á gcomhordú faoin Treoir seo sa mhéid a cheadaítear é sin faoina gcórais dhlíthiúla. Maidir leis na cóid sin:

(a)

ceapfar iad ar chaoi agus go mbeidh glacadh ginearálta leo ag na príomhgheallsealbhóirí sna Ballstáit lena mbaineann;

(b)

leagfar amach a gcuspóirí go soiléir agus gan athbhrí;

(c)

déanfar foráil iontu d'fhaireachán agus meastóireacht rialta, thrédhearcach, neamhspleách ar na cuspóirí sin; agus

(d)

déanfar foráil iontu d'fhorfheidhmiú éifeachtach, lena n-áirítear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú trí chóid iompair an Aontais arna ndréachtú ag soláthraithe seirbhíse meán, soláthraithe ardáin comhroinnte físeán nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh, i gcomhar, de réir mar is gá, le hearnálacha eile amhail comhlachais agus eagraíochtaí tionscail, trádála, gairmiúla agus tomhaltóirí. Ceapfar na cóid sin ar bhealach ina nglacfaidh na príomhgheallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais go ginearálta leo agus comhlíonfaidh siad pointe (b) go pointe (d) de mhír 1. Beidh cóid iompair an Aontais gan dochar do na cóid iompair náisiúnta.

I gcomhar leis na Ballstáit, éascóidh an Coimisiún forbairt cód iompair don Aontas, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Cuirfidh sínitheoirí chóid iompair an Aontais dréachtaí de na cóid sin agus aon leasuithe orthu, faoi bhráid an Choimisiúin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála maidir leis na dréachtchóid sin nó maidir le leasuithe orthu.

Cuirfidh an Coimisiún cóid iompair an Aontais ar fáil don phobal agus féadfaidh sé iad a phoibliú go cuí.

3.   Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse go gcomhlíonfaidh siad rialacha níos mionsonraithe nó níos déine i gcomhlíonadh na Treorach seo agus dhlí an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina gcinneann a n-údaráis nó a gcomhlachtaí rialála náisiúnta neamhspleácha nach bhfuil cód iompair nó codanna de sách éifeachtach. Déanfaidh na Ballstáit rialacha den sórt sin a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill mhíchuí.”

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ MEÁN CLOSAMHAIRC”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfidh soláthraí seirbhíse meán faoina dhlínse rochtain ar fáil go héasca, go díreach agus go buan d'fhaighteoirí seirbhíse ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

a ainm;

(b)

an seoladh poist ag a bhfuil sé bunaithe;

(c)

na sonraí ina leith, lena n-áirítear a sheoladh ríomhphoist nó suíomh gréasáin, le gur féidir teagmháil a dhéanamh leis go tapa ar shlí dhíreach éifeachtach;

(d)

an Ballstát ag a bhfuil dlínse air agus na húdaráis nó comhlachtaí inniúla rialála nó comhlachtaí maoirseachta.

2.   Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena bhforálfar, sa bhreis ar an bhfaisnéis atá liostaithe i mír 1, go gcuirfidh soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse faisnéis ar fáil i ndáil lena struchtúr úinéireachta, lena n-áirítear na húinéirí tairbhiúla. Urramófar sna bearta sin na cearta bunúsacha lena mbaineann, amhail saol príobháideach agus saol teaghlaigh na n-úinéirí tairbhiúla. Beidh bearta den sórt sin riachtanach, comhréireach agus beidh sé mar aidhm acu cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú.”

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Gan dochar don oibleagáid atá ar na Ballstáit dínit an duine a urramú agus a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit trí mheáin iomchuí nach mbeidh an méid seo a leanas sna seirbhísí meán closamhairc atá á soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse:

(a)

gríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó comhalta de ghrúpa bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt;

(b)

briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541.

2.   Na bearta a ghlacfar chun críocha an Airteagail seo, beidh siad riachtanach agus comhréireach agus urramóidh siad na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt.”

(10)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú nach mbeidh seirbhísí meán closamhairc a d'héadfadh dochar a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán closamhairc faoina ndlínse curtha ar fáil ach amháin ar bhealach nach bhfeicfidh nó nach gcloisfidh mionaoisigh iad de ghnáth. D'fhéadfaí a áireamh i mbearta den chineál sin am craolta, uirlisí fíoraithe aoise nó bearta teicniúla eile a roghnú. Beidh siad comhréireach le dochar féideartha an chláir.

Beidh an t-inneachar is díobhálaí, amhail foréigean gan ghá agus pornagrafaíocht, faoi réir na mbeart is déine.

2.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta mionaoiseach a bhailíonn nó a ghineann soláthraithe seirbhísí meán de bhun mhír 1 a phróiseáil chun críocha tráchtála, amhail margaíocht dhíreach, próifíliú agus fógraíocht iompraíocht-dírithe.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtugann soláthraithe seirbhíse meán faisnéis leordhóthanach don lucht féachana maidir le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach. Chun na críche sin, bainfidh soláthraithe seirbhíse meán leas as córas lena ndéanfar cur síos ar chineál inneachair seirbhíse meán closamhairc, ar cineál é a d'fhéadfadh a bheith díobhálach.

Chun an mhír seo a chur chun feidhme, spreagfaidh na Ballstáit comhrialáil a úsáid faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1).

4.   Féadfaidh an Coimisiún a mholadh do sholáthraithe seirbhíse meán dea-chleachtais a mhalartú maidir le cóid iompair chomhrialála. Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú, chun críocha an Airteagail seo, trí chóid iompair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).”

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, gan moill mhíchuí, go dtabharfar rochtain níos fearr ar sheirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse do dhaoine atá faoi mhíchumas ar bhealach leanúnach, céimseach trí bhearta comhréireacha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh soláthraithe seirbhíse meán, ar bhonn rialta, tuairisc chuig na húdaráis nó na heagraíochtaí rialála náisiúnta i ndáil le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1. Faoin 19 Nollaig 2022 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Spreagfaidh na Ballstáit soláthraithe seirbhíse meán le pleananna gníomhaíochta inrochtaineachta a fhorbairt i ndáil le rochtain níos fearr ar a gcuid seirbhísí a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas ar bhealach leanúnach, céimseach. Cuirfear aon phlean gníomhaíochta den chineál sin in iúl do na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta.

4.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair a mbeidh teacht air go héasca, lena n-áirítear ag daoine faoi mhíchumas, chun faisnéis a sholáthar agus gearáin a fháil maidir le haon saincheisteanna inrochtaineachta dá dtagraítear san Airteagal seo.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil faisnéis éigeandála, lena n-áirítear teachtaireachtaí agus fógraí poiblí i gcás tubaiste nádúrtha, a chuirfear ar fáil don phobal trí sheirbhísí meán closamhairc, ar bhealach ina mbeidh rochtain uirthi ag daoine atá faoi mhíchumas.”

(12)

Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 7a

Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh chun tosaíocht iomchuí seirbhísí meán closamhairc a bhaineann leis an leas ginearálta a áirithiú.

Airteagal 7b

Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, comhréireacha chun a áirithiú nach mbeidh seirbhísí meán closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán forleagtha chun críocha tráchtála ná modhnaithe gan toiliú sainráite na soláthraithe sin.

Chun críche an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit na mionsonraí rialála a shonrú, lena n-áirítear eisceachtaí, go háirithe i ndáil le cosaint leasanna dlisteanacha na n-úsáideoirí agus leasanna dlisteanacha na soláthraithe seirbhíse meán a chéadchuir na seirbhísí meán closamhairc ar fáil á gcur san áireamh ag an am céanna.”

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh i gcumarsáid tráchtála closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse:

(a)

Beidh sé furasta a aithint gur cumarsáid tráchtála closamhairc í cumarsáid dá leithéid; toirmeascfar cumarsáid tráchtála closamhairc fholaitheach;

(b)

ní bhainfear úsáid as teicnící fothairseachúla i gcumarsáid tráchtála closamhairc;

(c)

ní dhéanfar an méid a leanas i gcumarsáid tráchtála closamhairc:

(i)

dochar a dhéanamh do dhínit an duine;

(ii)

idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a áireamh nó a spreagadh;

(iii)

iompar a dhéanfadh dochar do shláinte nó do shábháilteacht a spreagadh;

(iv)

iompar a bheadh thar a bheith dochrach do chosaint an chomhshaoil a spreagadh;

(d)

déanfar gach sórt cumarsáide tráchtála closamhairc i gcomhair toitíní agus táirgí eile tobac, chomh maith le toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta, a thoirmeasc;

(e)

ní bheidh cumarsáid tráchtála closamhairc i gcomhair deochanna alcólacha dírithe go sonrach ar mhionaoisigh agus ní spreagfaidh siad ól neamh-mheasartha deochanna den sórt sin;

(f)

toirmeascfar teachtaireachtaí tráchtála closamhairc i gcomhair táirgí sonracha leighis nó cóireálacha sonracha leighis nach bhfuil ar fáil ach le hoideas sa Bhallstát a bhfuil an soláthraí seirbhíse meán faoina dhlínse;

(g)

ní bheidh cumarsáid tráchtála closamhairc ina cúis díobhála coirp, meabhrach nó morálta do mhionaoisigh. Dá bhrí sin, ní ghríosóidh siad mionaoisigh chun táirge nó seirbhís a cheannach nó a fháil ar cíos trí bhuntáiste a bhreith ar a n-easpa taithí nó ar a saontacht, nó iad a spreagadh go díreach chun áitiú ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine eile na hearraí nó na seirbhísí a fhógraítear a cheannach, nó teacht i dtír ar an muinín speisialta a chuireann mionaoisigh ina dtuismitheoirí, ina múinteoirí nó i ndaoine eile, nó mionaoisigh a thaispeáint go míréasúnta i ndálaí contúirteacha.

2.   Teachtaireachtaí tráchtála closamhairc maidir le deochanna alcóil i seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, cé is moite d'urraíocht agus de shuiteáil táirgí, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 22.

3.   Spreagfaidh na Ballstáit úsáid comhrialála agus cothú féinrialála trí chóid iompair de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1) i ndáil le cumarsáid tráchtála closamhairc mhíchuí i gcomhair deochanna alcólacha. Beidh sé mar aidhm leis na cóid sin nochtadh mionaoiseach do chumarsáid tráchtála closamhairc i gcomhair deochanna alcólacha a laghdú go héifeachtach.

4.   Spreagfaidh na Ballstáit úsáid comhrialála agus cothú féinrialála trí chóid iompair de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1) i ndáil le cumarsáid tráchtála closamhairc mhíchuí, in éineacht nó in áireamh le cláir leanaí, do bhianna agus deochanna ina bhfuil cothaithigh, agus substaintí le héifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu, go háirithe saill, saillte sáithithe, aigéid tras-sailleacha, salann nó sóidiam agus siúcraí nach molfaí iontógáil iomarcach díobh in aiste bia fhoriomlán.

Beidh sé mar aidhm leis na cóid sin nochtadh leanaí do chumarsáid tráchtála closamhairc i gcomhair bia agus deochanna den chineál sin a laghdú go héifeachtach. Beidh sé mar aidhm leo nach leagfaidh cumarsáid tráchtála closamhairc den sórt sin béim ar cháilíocht dhearfach ghnéithe cothaitheacha na mbianna agus na ndeochanna sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú, chun críocha an Airteagail seo, trí chóid iompair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).”;

(14)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh seirbhísí meán closamhairc ná cláir urraithe ag gnóthais arb é a bpríomhghníomhaíocht toitíní, agus táirgí eile tobac a mhonarú nó a dhíol, mar aon le toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní dhéanfar cláir nuachta agus cúrsaí reatha a urrú. Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar urraíocht na gclár do leanaí. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú toirmeasc a chur ar lógó urraíochta a thaispeáint le linn cláir do leanaí, cláir faisnéise agus cláir reiligiúnacha.”;

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le cláir a táirgeadh tar éis an 19 Nollaig 2009.

2.   Ceadófar suiteáil táirgí i ngach seirbhís meán closamhairc, ach amháin cláir nuachta agus cúrsaí reatha, cláir maidir le gnóthaí tomhaltóirí, cláir reiligiúnacha agus cláir do leanaí.

3.   Comhlíonfaidh cláir ina bhfuil suiteáil táirgí na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní bheidh tionchar ar a n-inneachar agus ar a n-eagrú laistigh de sceideal, i gcás craoltóireacht teilifíse, nó laistigh de chatalóg i gcás seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, i gcás ar bith ar bhealach a dhéanfaidh difear do fhreagracht agus do neamhspleáchas eagarthóireachta an tsoláthraí seirbhíse meán;

(b)

ní dhéanfaidh siad spreagadh díreach chun earraí nó seirbhísí a cheannach nó a fháil ar cíos, go háirithe trí thagairtí speisialta poiblíochta a dhéanamh do na hearraí nó do na seirbhísí sin;

(c)

ní thabharfaidh siad tosaíocht mhíchuí don táirge atá i gceist;

(d)

cuirfear an lucht féachana ar an eolas ar bhealach soiléir faoi shuiteáil táirgí a bheith ann trí shainaithint iomchuí a dhéanamh ag tús agus ag deireadh an chláir, agus nuair a thosaíonn clár arís tar éis sos fógraíochta, chun nach mbeidh aon mhearbhall ar an lucht féachana.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i bpointe (d) a tharscaoileadh seachas i gcás na gclár sin a dhéanann soláthraí seirbhíse meán nó cuideachta atá cleamhnaithe leis an soláthraí seirbhíse meán sin, a léiriú nó a choimisiúnú.

4.   Ar aon nós ní dhéanfar na táirgí seo a leanas a shuiteáil in aon chláir:

(a)

toitíní agus táirgí eile tobac, mar aon le toitíní leictreonacha agus coimeádáin athlíonta nó táirgí ó ghnóthais arb é a bpríomhghníomhaíocht na táirgí sin a mhonarú nó a dhíol;

(b)

táirgí sonracha leighis nó cóireálacha sonracha leighis nach bhfuil ar fáil ach le hoideas sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí seirbhíse meán.”;

(16)

Scriostar teideal Chaibidil IV;

(17)

Scriostar Airteagal 12;

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sciar 30 % ar a laghad de shaothair Eorpacha sna catalóga acu ag soláthraithe seirbhíse meán de sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh faoina ndlínse agus áiritheoidh siad go dtabharfar tosaíocht do na saothair sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse meán atá faoina ndlínse rannchuidiú ó thaobh airgeadais chun saothair Eorpacha a léiriú, lena n-áirítear trí infheistíocht dhíreach a dhéanamh san inneachar agus trí ranníocaíocht a dhéanamh le cistí náisiúnta, féadfaidh siad a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse meán a dhíríonn ar lucht féachana ar a gcríocha, ach atá bunaithe i mBallstát eile, na ranníocaíochtaí airgeadais sin a dhéanamh, go comhréireach, neamh-idirdhealaitheach.

3.   Sa chás dá dtagraítear i mír 2, is ar an ioncam a ghnóthófar sna Ballstáit a bhfuiltear ag díriú orthu amháin a bheidh an ranníocaíocht airgeadais bunaithe. Má fhorchuireann an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse meán bunaithe ranníocaíocht den sórt sin, cuirfidh sé san áireamh aon ranníocaíocht a d'fhorchuir na Ballstáit a bhfuiltear ag díriú orthu. Comhlíonfaidh aon ranníocaíocht airgeadais dlí an Aontais, go háirithe na rialacha maidir le Státchabhair.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoi 19 Nollaig 2021 agus gach dara bliain ina dhiaidh sin maidir le mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil agus ar bhonn staidéar neamhspleách, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, lena n-áirítear an margadh agus forbairtí teicneolaíocha agus cuspóir na héagsúlachta cultúrtha.

6.   An oibleagáid a fhorchuirfear de bhun mhír 1 agus an ceanglas ar sholáthraithe seirbhíse meán a dhíríonn ar lucht féachana i mBallstáit eile, a leagtar amach i mír 2, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i dtaca le soláthraithe seirbhísí meán a bhfuil láimhdeachas íseal nó lucht féachana íseal acu. Féadfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí nó na ceanglais sin a tharscaoileadh freisin i gcás ina mbeidís dodhéanta nó nach mbeadh údar leo mar gheall ar chineál nó téama na seirbhísí meán closamhairc.

7.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis an sciar de shaothair Eorpacha dá dtagraítear i mír 1 a ríomh agus maidir leis an sainmhíniú, dá dtagraítear i mír 6, ar lucht féachana íseal agus ar láimhdeachas íseal.”;

(19)

In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ceadófar míreanna don fhógraíocht aonarach teilifíse agus don teilishiopadóireacht i rith imeachtaí spóirt. Is mar eisceacht i gcónaí a bheidh na míreanna don fhógraíocht aonarach teilifíse agus don teilishiopadóireacht, seachas a mhéid a bhaineann le himeachtaí spóirt a tharchur.”;

(20)

In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le tarchur scannáin a rinneadh don teilifís (seachas sraith, cláir shrathacha agus cláir faisnéise), saothair chineamatagrafacha agus cláir nuachta, is féidir sos a bheith iontu le haghaidh fógraíochta teilifíse, teilishiopadóireachta, nó iad ar aon, uair amháin i ngach tréimhse sceidealaithe 30 nóiméad ar a laghad. Féadfar, leis an bhfógraíocht teilifíse, cur isteach, uair amháin in aghaidh gach tréimhse de, ar laghad, 30 nóiméad, ar tharchur na gclár do pháistí, ar choinníoll gur mó ná 30 nóiméad ré sceidealaithe an chláir. Beidh cosc ar tharchur teilishiopadóireachta i rith cláir do pháistí. Ní dhéanfar aon fhógraíocht teilifíse ná ní dhéanfar aon mhír theilishiopadóireachta a chraoladh le linn seirbhísí reiligiúnacha.”;

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

1.   Ní rachaidh cion na míreanna fógraíochta teilifíse agus na míreanna teilishiopadóireachta laistigh den tréimhse idir 06:00 agus 18:00 thar 20 % den tréimhse sin. Ní rachaidh cion na míreanna fógraíochta teilifíse agus na míreanna teilishiopadóireachta laistigh den tréimhse idir 18:00 agus 24:00 thar 20 % den tréimhse sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

fógraí a dhéanann an craoltóir a bhaineann lena chláir féin agus táirgí coimhdeacha a thagann go díreach ó na cláir sin nó le cláir agus seirbhísí meán closamhairc ó eintitis eile de chuid an ghrúpa craoltóireachta céanna;

(b)

fógraí urraíochta;

(c)

suiteáil táirgí;

(d)

frámaí neodracha idir an t-inneachar eagarthóireachta agus míreanna fógraíochta teilifíse nó teilishiopadóireachta, agus idir míreanna aonair.”;

(22)

Scriostar Caibidil VIII;

(23)

Cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IXA

FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ ARDÁIN COMHROINNTE FÍSEÁN

Airteagal 28a

1.   Chun críocha na Treorach seo, soláthraí ardáin comhroinnte físeán atá bunaithe ar chríoch Ballstáit de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2000/31/CE, is faoi dhlínse an Bhallstáit sin a bheidh sé.

2.   Soláthraí ardáin comhroinnte físeán nach bhfuil bunaithe ar chríoch Ballstáit de bhun mhír 1, measfar go bhfuil sé bunaithe ar chríoch Ballstáit chun críocha na Treorach seo más fíor an méid seo a leanas maidir leis an soláthraí ardáin comhroinnte físeán sin:

(a)

tá máthairghnóthas nó foghnóthas aige atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit sin; nó

(b)

is comhalta de ghrúpa é agus tá gnóthas eile den ghrúpa sin bunaithe ar chríoch an Bhallstáit sin.

Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ gnóthas a rialaíonn foghnóthas amháin nó níos mó

(b)

ciallaíonn ‘foghnóthas’ gnóthas arna rialú ag máthairghnóthas, lena n-áirítear aon fhoghnóthas de chuid máthairghnóthas deiridh;

(c)

ciallaíonn ‘grúpa’ máthairghnóthas, a fhoghnóthais uile agus gach gnóthas eile a bhfuil naisc eagraíochtúla eacnamaíocha agus dlíthiúla leo.

3.   Chun críocha mír 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an máthairghnóthas, an foghnóthas nó na gnóthais eile den ghrúpa bunaithe i mBallstáit éagsúla, measfar go bhfuil an soláthraí ardáin comhroinnte físeán bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an máthairghnóthas bunaithe nó, in éagmais máthairghnóthas a bheith bunaithe i mBallstát, measfar go bhfuil sé bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an foghnóthas bunaithe, nó in éagmais foghnóthas a bheith bunaithe i mBallstát, measfar go bhfuil sé bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas eile den ghrúpa bunaithe.

4.   Chun críocha mír 3 a chur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil roinnt foghnóthas ann agus gach ceann acu bunaithe i mBallstát éagsúil, measfar go bhfuil an soláthraí ardáin comhroinnte físeán bunaithe sa Bhallstát inar thosaigh ceann de na foghnóthais ag gníomhú ar dtús, ar choinníoll go gcoinníonn sé nasc cobhsaí agus éifeachtach le geilleagar an Bhallstáit sin.

I gcás ina bhfuil roinnt gnóthas eile ann agus iad ina gcuid den ghrúpa agus gach ceann acu bunaithe i mBallstát eile, measfar go bhfuil an soláthraí ardáin comhroinnte físeán bunaithe sa Bhallstát inar thosaigh ceann amháin de na gnóthais sin a chuid gníomhaíochtaí den chéad uair, ar choinníoll go gcoinníonn sé nasc cobhsaí, éifeachtach le geilleagar an Bhallstáit sin.

5.   Chun críocha na Treorach seo, bainfidh Airteagal 3, agus Airteagal 12 go Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a meastar gur bunaithe i mBallstát i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo atá siad.

6.   Déanfaidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe ar a gcríoch a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta agus léireoidh siad na critéir, a leagtar amach i mír 1 go mír 4, ar a bhfuil a ndlínse bunaithe. Cuirfidh na Ballstáit an liosta sin, mar aon le haon nuashonruithe air, in iúl don Choimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear liostaí den sórt sin ar fáil i mbunachar sonraí láraithe. I gcás neamhréireachtaí idir na liostaí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil rochtain ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta ar an mbunachar sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá sa bhunachar ar fáil don phobal.

7.   I gcás nach dtagann na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú, agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, maidir leis an mBallstát a bhfuil dlínse aige, cuirfidh siad an méid sin ar a shúile don Choimisiún gan moill mhíchuí. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ERGA tuairim a thabhairt ar an ábhar sin i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 30b(3). Cuirfidh ERGA tuairim den sort sin ar fáil laistigh de 15 lá oibre tar éis don Choimisiún iarraidh a thíolacadh. Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála ar an eolas go cuí.

Airteagal 28b

1.   Gan dochar d'Airteagal 12 go hAirteagal 15 de Threoir 2000/31/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán atá faoina ndlínse bearta iomchuí maidir leis an méid a leanas:

(a)

mionaoisigh a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach i gcomhréir le hAirteagal 6a(1);

(b)

an pobal i gcoitinne a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc ina ndéantar gríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó comhalta grúpa bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt;

(c)

an pobal i gcoitinne a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc ina bhfuil inneachar arb ionann é a scaipeadh agus gníomhaíocht ar cion coiriúil é faoi dhlí an Aontais, mar atá briogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2017/541, cionta a bhaineann le pornagrafaíocht leanaí mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*agus cionta a bhaineann leis an gciníochas agus an tseineafóibe mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/913/CGB.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(1) i dtaca le cumarsáid tráchtála closamhairc a mhargaíonn, a dhíolann agus a shocraíonn na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán faoina ndlínse bearta iomchuí chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(1) a chomhlíonadh i dtaca le cumarsáid tráchtála closamhairc nach bhfuil á gcur ar an margadh, á ndíol ná á socrú ag na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán sin, agus cuirfear san áireamh an rialú teoranta arna fheidhmiú ag na hardáin comhroinnte físeán ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán úsáideoirí ar an eolas ar bhealach soiléir faoi na cláir agus na físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí ina bhfuil cumarsáid tráchtála closamhairc, ar choinníoll go ndearbhaítear cumarsáid den sórt sin faoi phointe (c) den tríú fomhír de mhír 3 nó ina bhfuil an soláthraí ar an eolas go bhfuil sin amhlaidh.

Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na comhrialála agus cothú na féinrialála trí chóid iompair de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1) a bhfuil sé mar aidhm leo nochtadh leanaí agus mionaoiseach a laghdú go héifeachtach ar theachtaireachtaí tráchtála closamhairc maidir le bianna agus deochanna ina bhfuil cothaithigh nó substaintí le héifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu, go háirithe saill, saillte sáithithe, aigéid thras-sailleacha, salann nó sóidiam agus siúcraí nach molfaí iontógáil iomarcach díobh in aiste bia fhoriomlán. Beidh sé mar aidhm leis na cóid sin nach leagfaidh cumarsáid tráchtála closamhairc den sórt sin béim ar cháilíocht dhearfach ghnéithe cothaitheacha na mbianna agus na ndeochanna sin.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, cinnfear na bearta iomchuí, i bhfianaise chineál an inneachair atá i gceist, na díobhála a d'fhéadfadh sé a dhéanamh, na saintréithe den chatagóir daoine atá le cosaint chomh maith leis na cearta agus leasanna dlisteanacha atá i gceist, lena n-áirítear cearta agus leasanna na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán agus na n-úsáideoirí a chruthaigh an t-inneachar nó a d'uaslódáil an t-inneachar chomh maith le leasa phoiblí ghinearálta.

Áirtheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gach soláthraí ardáin comhroinnte físeán faoina ndlínse bearta den sórt sin i bhfeidhm. Beidh na bearta sin indéanta, comhréireach, agus méid na seirbhíse ardáin comhroinnte físeán agus an cineál seirbhíse a sholáthraítear á gcur san áireamh. Ní bheidh mar thoradh ar na bearta sin aon bhearta rialaithe ex ante ná scagadh uaslódála inneachair, nach gcomhlíonann Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE. Chun críocha mionaoisigh a chosaint, dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an t-inneachar is díobhálaí faoi réir na mbeart is déine rialaithe rochtana.

Is éard a bheidh sna bearta sin, de réir mar is iomchuí:

(a)

i dtéarmaí agus coinníollacha na seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm;

(b)

i dtéarmaí agus coinníollacha na seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9(1) i ndáil le cumarsáid tráchtála closamhairc nach margaíonn, nach ndíolann nó nach socraíonn na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm;

(c)

feidhmiúlacht a bheith ann le haghaidh úsáideoirí a uaslódálann físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí chun a dhearbhú an bhfuil cumarsáid tráchtála closamhairc sna físeáin sin, chomh fada agus is eol dóibh nó chomh fada agus a d'fhéadfaí le réasún a bheith ag súil gurbh eol dóibh;

(d)

sásraí trédhearcacha, soláimhsithe d'úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán a bhunú agus a fheidhmiú chun an t-inneachar dá dtagraítear i mír 1 agus atá curtha ar fáil ar a ardán a thuairisciú nó a mharcáil don soláthraí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

córais a bhunú agus a fheidhmiú trína míneoidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán d'úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán cén éifeacht a bhí ag an tuairisciú nó ag an marcáil dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)

córais fíoraithe aoise a bhunú agus a fheidhmiú d'úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán i ndáil le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach;

(g)

córais is furasta a úsáid, a bhunú agus a fheidhmiú lena bhféadfaidh úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán an t-inneachar dá dtagraítear i mír 1 a mheas;

(h)

córais rialaithe tuismitheoirí atá faoi rialú an úsáideora dheiridh maidir le hinneachar a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh d'fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta na mionaoiseach a chur ar fáil;

(i)

nósanna imeachta trédhearcacha, furasta a úsáid, éifeachtacha a bhunú agus a fheidhmiú chun gearáin úsáideoirí chuig an soláthraí ardáin comhroinnte físeán maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i bpointí (d) go (h) a láimhseáil agus a réiteach;

(j)

foráil a dhéanamh le haghaidh bearta agus uirlisí maidir le litearthacht sna meáin agus feasacht na n-úsáideoirí ar na bearta agus na huirlisí sin a mhúscailt.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta na mionaoiseach a bhailítear ná a ghintear le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán de réir phointí (f) agus (h) den tríú fhomhír a phróiseáil chun críocha tráchtála, amhail margaíocht dhíreach, próifíliú agus fógraíocht iompraíocht-dírithe.

4.   Chun críocha chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo, spreagfaidh na Ballstáit úsáid na comhrialála faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(1).

5.   Bunóidh na Ballstáit na sásraí is gá chun oiriúnacht na mbeart dá dtagraítear i mír 3 arna ndéanamh ag soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a mheasúnú. Cuirfidh na Ballstáit measúnú na beart sin faoi chúram na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta.

6.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a fhorchur ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán atá níos mionsonraithe nó níos déine ná na bearta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Agus bearta den sórt sin á nglacadh acu, déanfaidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh, amhail iad siúd a leagtar amach in Airteagal 12 go hAirteagal 15 de Threoir 2000/31/CE nó in Airteagal 25 de Threoir 2011/93/AE.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí sásaimh lasmuigh den chúirt ar fáil chun díospóidí a réiteach idir úsáideoirí agus soláthraithe ardáin comhroinnte físeán a bhaineann le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3. Le sásraí den sórt sin beifear in ann díospóidí a shocrú ar bhealach neamhchlaonta agus ní bhainfear an chosaint dhlíthiúil den úsáideoir a thugtar faoin dlí náisiúnta.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húsáideoirí a gcearta a dhearbhú os comhair cúirte i ndáil le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán de bhun mhír 1 agus mhír 3.

9.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe ardáin comhroinnte físeán dea-chleachtais a mhalartú maidir le cóid iompair chomhrialála dá dtagraítear i mír 4.

10.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún féinrialáil a chothú trí chóid iompair an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4a(2). (*1)”;

(*1)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch 1)."

(24)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil XI:

ÚDARÁIS AGUS COMHLACHTAÍ RIALÁLA NA MBALLSTÁT”;

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás nó comhlacht rialála náisiúnta amháin nó níos mó, nó an dá chineál. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil ón rialtas agus neamhspleách ó thaobh feidhme ar a rialtais féin faoi seach agus ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Beidh sé sin gan dochar don deis atá ag na Ballstáit rialaitheoirí a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar earnálacha eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo, go háirithe iolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, cosaint tomhaltóirí, inrochtaineacht, neamh-idirdhealú, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíocht chóir a chur chun cinn.

Ní lorgóidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta treoracha ó aon chomhlacht eile i ndáil le feidhmiú na gcúraimí a shannfar dóibh faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ná ní ghlacfaidh siad le treoracha uathu. Ní choiscfear leis sin maoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go saineofar inniúlachtaí agus cumhachtaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí rialála náisiúnta go soiléir ina ndlí, maille leis na bealaí a mbeidh siad cuntasach.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní airgeadais agus daonna agus cumhachtaí forfheidhmithe leordhóthanacha ag na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach agus chun cur le hobair ERGA. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar a mbuiséid bhliantúla féin do na húdaráis nó do na comhlachtaí rialála náisiúnta agus go gcuirfear iad seo ar fáil go poiblí.

5.   Leagfaidh na Ballstáit síos ina ndlí náisiúnta na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le cinn údaráis agus comhlachtaí rialála náisiúnta nó comhaltaí an chomhlachta choláistigh ag comhlíonadh na feidhme sin a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost, lena n-áirítear fad tréimhse an tsainordaithe. Beidh na nósanna imeachta sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus áiritheofar leo an leibhéal neamhspleáchais is gá. Féadfar ceann údaráis nó comhlachta rialála náisiúnta nó comhaltaí an chomhlachta choláistigh ag comhlíonadh na feidhme sin laistigh d'údarás nó de chomhlacht rialála náisiúnta a bhriseadh as a bpost, mura gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, coinníollacha a leagtar síos roimh ré ar an leibhéal náisiúnta. Beidh údar cuí ag cinneadh maidir le duine a bhriseadh as a phost, beidh sé faoi réir fógra a thabhairt roimh ré agus cuirfear an cinneadh ar fáil go poiblí.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí achomhairc éifeachtacha ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Beidh an comhlacht achomhairc, a bhféadfaidh cúirt a bheith i gceist leis, neamhspleách ar na páirtithe atá páirteach san achomharc.

Go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc, seasfaidh an cinneadh ón údarás nó ón gcomhlacht rialála náisiúnta, mura gceadaítear bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(26)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 30a

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta bearta iomchuí chun an fhaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm a chur ar fáil dá chéile agus don Choimisiún, go háirithe Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4.

2.   I gcomhthéacs an mhalartaithe faisnéise faoi mhír 1, i gcás ina bhfaigheann údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta faisnéis ó sholáthraí seirbhíse meán faoina ndlínse go gcuirfidh sé seirbhís atá dírithe go hiomlán nó den chuid is mó ar an lucht féachana i mBallstát eile, cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht rialála náisiúnta sa Bhallstát a bhfuil dlínse aige údarás nó comhlacht rialála náisiúnta an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air ar an eolas.

3.   Má dhéanann an t-údarás nó an comhlacht rialála i mBallstát a bhfuil soláthraí seirbhíse meán atá faoi dhlínse Ballstáit eile ag díriú air, iarratas a sheoladh maidir le gníomhaíochtaí an tsoláthraí sin chuig údarás nó comhlacht rialála an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige ar an soláthraí sin, déanfaidh an t-údarás nó an comhlacht rialála sin a dhícheall an t-iarratas a fhreagairt laistigh de 2 mhí, gan dochar do na teorainneacha ama níos déine is infheidhme de bhun na Treorach seo. I gcás ina n-iarrtar é, cuirfidh údarás nó comhlacht rialála an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air aon fhaisnéis a bheadh ina cuidiú chun an t-iarratas a fhreagairt ar fáil d'údarás nó do chomhlacht rialála an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige.

Airteagal 30b

1.   Leis seo bunaítear Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA).

2.   Sa ghrúpa sin, beidh ionadaithe ó údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta i réimse na seirbhísí meán closamhairc ar a bhfuil príomhfhreagracht na maoirseachta ar sheirbhísí meán closamhairc, nó i gcás nach bhfuil údarás nó comhlacht rialála náisiúnta ann, beidh ionadaithe eile a roghnófar de réir na nósanna imeachta atá acu. Beidh ionadaí ón gCoimisiún rannpháirteach i gcruinnithe ERGA.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar ERGA:

(a)

saineolas teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

an cúram atá air cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach seo a áirithiú i ngach Ballstát,

cúrsaí a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc laistigh dá inniúlacht;

(b)

taithí agus dea-chleachtais a mhalartú ó thaobh chur i bhfeidhm an chreata rialála do sheirbhísí meán closamhairc, lena n-áirítear inrochtaineacht agus litearthacht sna meáin;

(c)

comhoibriú lena chomhaltaí agus an fhaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm a chur ar fáil dóibh, go háirithe maidir le hAirteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 7;

(d)

tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún, i ndáil le gnéithe teicniúla agus fíorasacha na saincheisteanna de bhun Airteagal 2(5c), Airteagal 3(2) agus (3), pointe (c) d'Airteagal 4(4) agus Airteagal 28a(7).

4.   Glacfaidh ERGA a rialacha nós imeachta.”;

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gcaoi a gcuirfidh na Ballstáit an Treoir seo i bhfeidhm.

Faoin 19 Nollaig 2022 ar a dhéanaí, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.

Faoin 19 Nollaig 2026, ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle meastóireacht ex post, agus moltaí maidir lena hathbhreithniú ag gabháil leo, más iomchuí, maidir le tionchar na Treorach seo agus a breisluach.

Coinneoidh an Coimisiún an Coiste Teagmhála agus ERGA ar an eolas go cuí faoi obair agus ghníomhaíochtaí a chéile.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear faisnéis a fhaightear ó na Ballstáit faoi aon bheart a dhéanann siad sna réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo in iúl don Choiste Teagmhála agus do ERGA.”;

(28)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 33a

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta a chur chun cinn agus a ghlacadh chun scileanna litearthachta sna meáin a fhorbairt.

2.   Faoin 19 Nollaig 2022 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Teagmhála, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le raon feidhme tuarascálacha den sórt sin.”

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 19 Meán Fómhair 2020 Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí a mbeidh tagairt den sórt sin le déanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 157.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 41.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Samhain 2018.

(4)  Treoir 89/552/CEE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 1989 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh gníomhaíochtaí craolacháin teilifíse a shaothrú (IO L 298, 17.10.1989, lch. 23).

(5)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(6)  Treoir 2007/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena leasaítear Treoir 89/552/CEE ón gComhairle maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh gníomhaíochtaí craolacháin teilifíse a shaothrú (IO L 332, 18.12.2007, lch. 27).

(7)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55).

(8)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(11)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(12)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(13)  Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialúcháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac, (IO L 152, 20.6.2003, lch. 16).

(14)  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).

(15)  Cinneadh C(2014)0462 final ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2014 maidir le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc a bhunú.

(16)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


Top