EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0154

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa AGuS ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú cinntí agus ionstraimí barántúla in ábhar comharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach {SEC(2009) 410} {SEC(2009) 411}

/* COIM/2009/0154 leagan deireanach - COD 2009/0157 */

52009PC0154

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa AGuS ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú cinntí agus ionstraimí barántúla in ábhar comharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach {SEC(2009) 410} {SEC(2009) 411} /* COIM/2009/0154 leagan deireanach - COD 2009/0157 */


GA

An Bhruiséil 14.10.2009

COIM(2009) 154 leagan deireanach

2009/0157 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú cinntí agus ionstraimí barántúla in ábhar comharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach

{SEC(2009) 410}

{SEC(2009) 411}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs an Togra

1.1. Comhthéacs ginearálta

In Airteagal 61 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, (dá ngairtear an "Conradh" anseo feasta) foráiltear do limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile, go háirithe trí bhearta i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta. In Airteagal 65 luaitear go sainráite bearta a bhfuil sé d'aidhm acu "aithint agus forghníomhú cinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a fheabhsú agus a shimpliú, lena n-áirítear na cinntí seachbhreithiúnacha" agus taobhú ar an gcuma sin le comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe agus le dlínse". In go leor ionstraimí a glacadh cheana ar an mbonn seo, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 [1], eisiatar comharbas óna raon feidhme.

I bPlean Gníomhaíochta Vín [2] 1998 bhí ionstraim Eorpach in ábhar comharbais a ghlacadh i measc na dtosaíochtaí cheana féin. Tugtar cuireadh i gClár na Háige [3] ionstraim a chumhdaíonn an fhadhb ina iomláine a thíolacadh: an dlí is infheidhme, dlínse agus aithint, bearta riaracháin (deimhnithe comharbais, clárú na n-uachtanna). I gcomhréir le conclúidí an staidéir iarmharta, díreofar ar chlárú na n-uachtanna i dtionscnamh níos deireanaí ón gCoimisiún.

1.2. Forais agus cuspóirí an togra

Sa staidéar iarmharta atá i gceangal leis an togra, tugadh chun suntais tábhacht na gcomharbas trasteorannacha laistigh den Aontas Eorpach. Le héagsúlacht na rialacha maidir le dlí substainteach, agus na rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta nó an dlí is infheidhme araon, leis an iliomad údarás a bheith ag gabháil de chomharbas idirnáisiúnta chomh maith le hilroinnt an chomharbais a d'fhéadfadh teacht as na rialacha éagsúla, tá bac á chur ar shaorghluaiseacht daoine san Aontas Eorpach. Bíonn ar na daoine sin dul i ngleic le deacrachtaí nach beag chun a gcearta a chur chun feidhme i gcomhthéacs comharbais idirnáisiúnta. Leis na rialacha sin cuirtear bac freisin ar fheidhmiú iomlán an chirt chun maoine príobháidí, ceart atá ina dhlúthchuid de chearta bunúsacha an duine de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus a áiríthíonn an Chúirt go n-urramaítear é [4]. Is é is aidhm don togra seo ligean do dhaoine a chónaíonn san Aontas Eorpach a gcomharbas a eagrú roimh ré agus cearta oidhrí agus/nó leagáidithe a ráthú ar bhealach éifeachtúil, agus cearta daoine eile a bhfuil nasc acu leis an duine éagtha chomh maith le creidiúnaithe an chomharbais.

2. Toradh na gcomhairliúchán – measúnú iarmharta

Seoladh comhairliúchán forleathan leis na Ballstáit, leis na hinstitiúidí eile agus an leis an bpobal roimh an togra seo a ullmhú. Fuair an Coimisiún "Staidéar ar chomharbas idirnáisiúnta san Aontas Eorpach", arna chur i gcrích ag an "Institiúid Nótaireachta Gearmánach" i Samhain 2002 [5]. Fuarthas tuairim is 60 freagra ar a Phaipéar Uaine maidir le comharbas agus uachtanna [6] a foilsíodh an 1.3.2005 agus bhí éisteacht phoiblí dá éis sin an 30.11.2006 [7]. Tháinig grúpa saineolaithe ar a dtugtar "PRM III/IV", a bhunaigh an Coimisiún an 1.3.2006 [8], le chéile 7 n-uaire idir 2006 agus 2008, agus d'eagraigh an Coimisiún cruinniú de shaineolaithe náisiúnta an 30.6.2008. Deimhnítear sna barúlacha a fuarthas go bhfuil gá le hionstraim Chomhphobail sa réimse seo agus moltar iontu togra a ghlacadh ina gcumhdaítear, i measc ceisteanna eile, ceisteanna a bhaineann leis an dlí is infheidhme, dlínse, aithint agus forghníomhú na gcinntí agus Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach [9]. Thacaigh an Pharlaimint [10] agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta [11] lena leithéid d'ionstraim a ghlacadh. Rinne an Coimisiún staidéar iarmharta atá ceangailte leis an togra.

3. Gnéithe Dlíthiúla An Togra

3.1. Bonn dlíthiúil

In Airteagal 67(5), den Chonradh foráiltear go nglacfaidh an Chomhairle na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 65 de réir an nós imeachta comhchinnteoireachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, ach gan feidhm a bheith ag na "gnéithe a bhaineann leis an dlí teaghlaigh".

Ba cheart a mheabhrú ar dtús go ndéanann formhór mór na mBallstát, cé is moite de na tíortha Nordacha, idirdhealú idir an dlí comharbais agus an dlí teaghlaigh, i ngeall ar a ghnéithe oidhreachta ceannasacha. Fiú ar leibhéal an dlí shubstaintigh, tá difríochtaí nach beag idir an dá ábhar. Is é príomhchuspóir an dlí comharbais na dlíthe maidir le cineachadh an chomharbais a shainmhíniú chomh maith le tarchur an chomharbais féin a rialú. Murab ionann is an dlí comharbais, is é is cuspóir leis an dlí teaghlaigh na cúrsaí dlíthiúla a bhaineann le pósadh agus saol an lánúna, le gaolmhaireacht agus le stádas sibhialta a rialú. Is é a fheidhm shóisialta bhunúsach naisc an teaghlaigh a chosaint. Thairis sin, murab ionann is an dlí teaghlaigh áit nach bhfuil mórán tábhachta le toil na ndaoine aonair agus go bhfuil formhór mór na gcaidreamh á rialú le rialacha faoin mbeartas poiblí, is ábhar fós an dlí comharbais ina bhfuil toil shealbhóir na gceart an-tábhachtach.

Tá uathrialachas leordhóthanach idir an dá bhrainse sin den dlí sibhialta chun go ndéileálfar leis na hábhair sin ar leithligh óna chéile. Thairis sin, ós rud é gur eisceacht atá ann, ní foláir go ndéanfaidh na hinstitiúidí an dara fleasc d'Airteagal 67(5) a léiriú agus a chur i bhfeidhm go dian. Níl an eisceacht sin infheidhme maidir leis an Rialachán seo maidir le comharbas.

Fágtar go leor de rogha na n-institiúidí chun cinneadh an bhfuil gá le beart le haghaidh feidhmiú maith an mhargaidh inmheánaigh. Is é is aidhm don togra seo na baic go léir ar shaorghluaiseacht daoine a thagann as na difríochtaí idir rialacha na mBallstát lena rialaítear comharbas idirnáisiúnta a scriosadh.

3.2. Prionsabal na coimhdeachta

Ní féidir cuspóirí an togra a bhaint amach ach i bhfoirm comhrialacha maidir le comharbas idirnáisiúnta, nach foláir gurb ionann iad d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú le haghaidh na saoránach. Rachadh gníomhaíocht aontaobhach na mBallstát i gcoinne an chuspóra seo. Tá Coinbhinsiún na Háige ann maidir leis an dlí is infheidhme maidir le comharbas (dá ngairtear "an Coinbhinsiún" anseo feasta) nár tháinig i bhfeidhm riamh [12]. Dhaingnigh 16 Bhallstát Coinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontas Dlíthe a bhaineann le foirm na bhforálacha tiomnacha. Bheadh sé inmhianaithe go ndaingneodh na Ballstáit eile an Coinbhinsiún chun leas an Chomhphobail.

Thaispeáin na comhairliúcháin agus na staidéir go léir méid na faidhbe a ndíríonn an togra seo uirthi.

3.3. Prionsabal na comhréireachta agus rogha ionstraimí

Ní bhaineann an togra ach leis an méid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach. Ní chomhchuibhíonn an togra dlí comharbais ná dlí maoine na mBallstát. Ní dhéanann sé difear ach oiread do chánachas oidhreachta na mBallstát. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go dtarlódh míréireachtaí idir na córais chánach náisiúnta de bharr na gcomharbas idirnáisiúnta agus go mbeadh cánachas dúbailte agus idirdhealú mar thoradh orthu. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh chun tabhairt faoi na saincheisteanna seo i rith na bliana 2010.

Chun críche deimhneachta dlíthiúla agus intuarthachta, ní foláir rialacha soiléire agus aonfhoirmeacha a bheith ann, agus ceanglaítear Rialachán mar fhoirm ionstraime. Chuirfí isteach ar na cuspóirí sin dá bhfágfaí de rogha ag na Ballstáit cur chun feidhme na rialacha.

4. Tráchtaireacht ar na hAirteagail

4.1. Caibidil I: Raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ní foláir an coincheap "comharbas" a fhorléiriú ar bhealach uathrialach agus cumhdaíonn sé gnéithe uile comharbais, go háirithe an cineachadh, an riarachán agus an leachtú.

Le heisiamh cearta agus maoin a cruthaíodh nó a aistríodh seachas trí chomharbas ar mhaoin daoine éagtha, ní hiad "cearta marthanóirí trí chomhúinéireacht" arna n-aithint faoin dlí coiteann amháin a chumhdaítear ach na foirmeacha uile tabhartas faoin dlí sibhialta.

Ní bheidh an eisceacht dá bhforáiltear le haghaidh na n-iontaobhas ina bhac ar chur i bhfeidhm an dlí maidir le comharbas, dlí a rialaíonn é de bhua an Rialacháin seo.

I mír (j) sonraítear go bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le fáil cirt in rem a bhaineann le maoin a fhaightear trí chomharbas, ach nach bhfuil feidhm aige maidir le hinneachar an chirt sin. Ní dhéanann an Rialachán aon difear do "numérus clausus" dhlí maoine na mBallstát, aicmiú na maoine agus na gceart ná cinneadh sainchumas shealbhóir na gceart sin. De thoradh air sin, i bprionsabal, ní bheadh sé bailí ceart in rem a bhunú gan eolas ar dhlí na háite ina bhfuil an mhaoin suite. Ní fhéadfar go mbeadh sé de thoradh ar an dlí comharbais go ndéanfaí sa Stát ina bhfuil an mhaoin suite clásal maidir le dlí maoine a thabhairt isteach nó a scriosadh, i ngan fhios don Stát. Mar shampla, ní fhéadfar ceart úsáide a thabhairt isteach i Stát nach n-aithníonn é. Ar an taobh eile, níl feidhm ag an eisceacht seo maidir le haistriú cirt in rem a aithnítear sa Bhallstát ina bhfuil an mhaoin a fuarthas trí oidhreacht suite.

Eisiatar freisin maoin-chearta a fhoilsiú, go háirithe feidhmiú an Chláir Talún agus éifeachtaí iontrála nó easpa iontrála sa chlár sin.

Airteagal 2

Cúirteanna: De ghnáth socraítear cásanna comharbais lasmuigh den chúirt. Úsáidtear coincheap na cúirte sa chiall is leithne sa Rialachán seo agus áirítear leis údaráis eile sa chás go bhfuil feidhm bhreithiúnach acusan a bhaineann le dlínse na gcúirteanna, go háirithe trí tharmligean, lena n-áirítear na nótairí agus na cléirigh chúirte.

4.2. Caibidil II: Dlínse

Airteagal 4

Tá difear suntasach idir na rialacha maidir le dlínse de dhroim dlí a bhaineann le comharbas ó Bhallstát go Ballstát. Tagann coimhlintí dearfacha as seo áit ina ndearbhaíonn na cúirteanna i roinnt Stát go bhfuil siad inniúil, nó coimhlintí diúltacha, áit nach ndearbhaíonn cúirt ar bith go bhfuil sí inniúil. D'fhonn na deacrachtaí seo a sheachaint do na saoránaigh, ní foláir riail aonfhoirmeach a bheith ann. Is é dlínse an Bhallstáit ina raibh gnáthchónaí deiridh ar an duine atá éagtha a úsáideann na Ballstáit go hiondúil agus is minic a bhíonn sé i gcomhthráth le suíomh mhaoin an duine éagtha. Beidh na dlínsí seo inniúil chun rialáil ar gach gné den chomharbas, cibé an nósanna imeachta sáraíochta nó neamhsháraíochta a bheidh i gceist.

Airteagal 5

Níor cheart go ndéanfaí an cás a tharchur go huathoibreach chuig cúirt níos iomchuí sa chás gur roghnaigh an duine éagtha dlí Ballstáit eile. Ba cheart go gcuirfeadh an chúirt inniúil san áireamh, go háirithe, leasanna an duine éagtha, na n-oidhrí, na leagáidithe agus na gcreidiúnaithe agus a ngnáthchónaí deireanach. Leis an riail seo d'fhéadfaí teacht ar réiteach cothromaithe sa chás nach raibh cónaí ar an duine éagtha i mBallstát eile seachas sa Bhallstát ar náisiúnach de é ach ar feadh tamaill ghearr agus go raibh a theaghlach ag fanacht ina Bhallstát tionscnaimh.

Airteagal 6

Sa chás go raibh cónaí ar an duine éagtha i dtríú tír, áirithítear leis an riail seo go mbeidh rochtain ar cheartas ag oidhrí agus creidiúnaithe Comhphobail, sa chás go bhfuil dlúthbhaint ag an suíomh leis an mBallstát i ngeall ar mhaoin a bheith ann.

Airteagal 9

I ngeall ar na dlúthnaisc idir na rialacha comharbais agus na rialacha substainteacha ní mór dlínse eisceachtúil a bheith ag na cúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an mhaoin suite sa chás go gceanglaíonn dlí an Bhallstáit sin idirghabháil a chúirteanna. Mar sin féin, tá an dlínse sin teoranta go dian do ghnéithe an chirt in rem chun maoin a aistriú.

4.3. Caibidil III: An dlí is infheidhme

Airteagal 16

Córas aonair

Le linn na gcomhairliúchán leagadh béim ar mhíbhuntáistí an chórais ar a dtugtar "córas scarthach", ina bhfuil an comharbas ar shócmhainní sochorraithe faoi réir dhlí na háite ina raibh sainchónaí ar an duine éagtha agus an comharbas ar shócmhainní dochorraithe faoi réir dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin suite. Leis seo cruthaítear níos mó ná éastát éagach amháin, gach ceann faoi réir dlí dhifriúil lena gcinntear, ar bhealach difriúil, na hoidhrí agus a gcion faoi seach, chomh maith le roinnt agus leachtú an chomharbais. Leis an rogha seo i ndáil le córas aonair a chruthú trí bhíthin rialacháin is féidir an comharbas a bheith faoi réir dlí aonair, a sheachnaíonn na míbhuntáistí seo. Le córas aonair is féidir le tiomnóir an tslí ina roinntear a mhaoin idir a chuid oidhrí a phleanáil gan spleáchas ar shuíomh na maoine seo.

Nascfhachtóir: an dlí maidir le gnáthchónaí deireanach an duine éagtha

Sa Rialachán coinnítear an dlí seo, seachas dlí na náisiúntachta, mar go bhfuil sé i gcomhthráth le lárionad leasa an duine éagtha agus go minic leis an áit ina bhfuil formhór a mhaoine suite. Trí bhíthin an naisc seo taobhaítear le comhtháthú i mBallstát an ghnáthchónaí agus seachnaítear aon idirdhealú maidir le daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát ach nach bhfuil ina náisiúnaigh de. Coinníodh an gnáthchónaí mar sin sna rialacha easaontachta dlíthe roinnt Ballstát agus sna hionstraimí nua-aimseartha go léir, go háirithe sa Choinbhinsiún.

Airteagal 17

Tá meicníochtaí ag córais dhlíthiúla go léir na mBallstát a bhfuil sé d'aidhm acu tacaíocht a ráthú do ghaolta an duine éagtha, go príomha meicníochtaí a bhaineann leis an gcuid sin de mhaoin atá forchoimeádta. Mar sin féin, i dtaca le tiomnóirí ar náisiúnaigh iad de na Ballstáit ina bhfuil na bronntanais inter vivos neamh-inchúlghairthe, féadfaidh siad a mbailíocht a dheimhniú trína ndlí náisiúnta a roghnú mar infheidhme maidir lena gcomharbas. Tá sé mar phríomhaidhm sa Rialachán a áirithiú go n-urramófar na meicníochtaí sin. Trí bhíthin rogha dlí a thabhairt don tiomnóir, níorbh fholáir comhréiteach a fháil idir buntáistí an rogha sin, amhail deimhneacht dhlíthiúil agus iad a bheith in ann a gcomharbas a phleanáil níos éasca, agus cosaint leasanna dlisteanacha ghaolta an duine éagtha, go háirithe leasanna an chéile mharthanaigh agus na bpáistí marthanacha. Dá bhrí sin, faoin Rialachán seo, ní féidir leis an tiomnóir ach dlí maidir lena náisiúntacht a roghnú agus ní foláir é a mheasúnú i gcomhréir leis an riail ghinearálta as a dtagann cur i bhfeidhm an dlí maidir le gnáthchónaí. Cuireann an rogha seo ar chumas an tiomnóra a thairbhíonn den saorghluaiseacht atá ar fáil laistigh den Aontas Eorpach, ach atá ag iarraidh dlúthnasc a choinneáil lena thír thionscnaimh, na naisc chultúrtha seo a choinneáil trí bhíthin a chomharbais. Mhol Parlaimint na hEorpa an réiteach seo freisin.

Eisiamh roghanna eile: Leis an Rialachán seo cuireadh deireadh leis an bhféidearthacht an dlí is infheidhme maidir le socruithe i dtaca le maoin phósta an tiomnóra a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomharbas. Lena leithéid d'fhoráil bheadh go leor roghanna ann, i gcás socruithe maidir le maoin phósta, bheadh solúbthacht níos mó ann do na céilí agus iad ag roghnú dlí is infheidhme. Ach rachadh an méid seo salach ar chur i gcríoch na gcuspóirí thuas.

Airteagal 18

Tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh do rialacha a rialaíonn an dlí is infheidhme maidir le comhaontuithe i dtaca le comharbas agus le comhuachtanna, a úsáidtear i mBallstáit áirithe, d'fhonn aistriú cuideachta a eagrú mar shampla agus chun cur ar chumas na gcéilí tairbhiú den chómhaoin.

Airteagal 21

Is é is aidhm don Airteagal seo sonraíochtaí na gcóras dlíthiúil den dlí coiteann a chur san áireamh, amhail córas dlíthiúil Shasana, áit nach bhfaigheann na hoidhrí cearta an duine éagtha go díreach ar é d'fháil bháis ach go mbainistíonn riarthóir arna cheapadh agus arna mhaoirsiú ag an mbreitheamh an comharbas.

Airteagal 22

I ngeall ar an gcríoch eacnamaíoch, teaghlaigh nó sóisialta atá leo, tá foirgnimh áirithe, cuideachtaí áirithe nó catagóirí speisialta eile maoine faoi réir socruithe speisialta maidir le comharbas sa Bhallstát ina bhfuil siad suite, agus ba cheart urramú dó seo. Déantar foráil do shocruithe dá leithéid, mar shampla, le haghaidh feirmeacha teaghlaigh. Ní foláir go ndéanfar forléiriú dian ar an eisceacht seo ionas go leanfaí de bheith comhoiriúnach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. Go sonrach, níl feidhm aige maidir leis an gcóras scarthach ná leis an maoin atá forchoimeádta.

Airteagal 27

Ní ceart dul ar iontaoibh an oird phoiblí ach in imthosca eisceachtúla. Ní féidir difríocht idir na dlíthe maidir le cosaint leasanna dlisteanacha ghaolta an duine éagtha a úsáid chun úsáid an oird phoiblí a dhlíthiú, rud nach mbeadh comhoiriúnach leis an aidhm go n-áiritheofaí dlí aonair a chur i bhfeidhm maidir le comharbas maoine.

4.4. Caibidil IV: Aithint agus forghníomhú

Tá forálacha na Caibidle seo bunaithe ar na rialacha comhfhreagracha i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001. Déantar foráil ann d'aithint na gcinntí agus na socraíochtaí cúirte go léir d'fhonn prionsabal an aithint fhrithpháirtigh a bhunú in ábhar chomharbais, atá bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí. Ar an gcuma sin, coinnítear na forais maidir le neamhaithint chomh híseal agus is féidir.

4.5. Caibidil V: Ionstraimí barántúla

I bhfianaise thábhacht phraiticiúil na n-ionstraimí barántúla in ábhair chomharbais, ba cheart go n-áiritheofaí a n-aithint leis an Rialachán seo chun go mbeadh saorghluaiseacht acu. Ciallaíonn an t-aithint seo go bhfuil an éifeacht iomlán fianaise chéanna acu i leith inneachar na n-ionstraimí taifeadta agus i leith na bhfíoras atá iontu agus atá ag na hionstraimí barántúla náisiúnta nó ar an mbonn céanna agus ina dtír féin, toimhde barántúlachta, agus na dteorainneacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith inchurtha i bhfeidhm.

4.6. Caibidil VI: Deimhniú Eorpach Comharbais

Ionas gur féidir comharbas idirnáisiúnta a shocrú go tapa, tugtar isteach Deimhniú Eorpach Comharbais leis an Rialachán seo. D'fhonn a ghluaiseacht san Aontas Eorpach a éascú, ba cheart samhail dheimhnithe aonfhoirmeach a ghlacadh agus údarás a cheapadh a mbeadh an dlínse idirnáisiúnta aige chun é a eisiúint. D'fhonn comhsheasmhacht le rialacha an dlínse shubstaintigh a áirithiú, ba cheart gurb í an chúirt chéanna agus a bhfuil dlínse aici chun an comharbas a shocrú a ghníomhódh mar údarás.

Ní ghlacann an deimhniú seo ionad na ndeimhnithe atá ann cheana i mBallstáit áirithe. I mBallstát an údaráis inniúil, fíorófar na cáilíochtaí oidhre agus cumhachtaí riarthóir nó sheiceadóir an chomharbais i gcomhréir leis an nós imeachta inmheánach.

2009/0157 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú cinntí agus ionstraimí barántúla in ábhar comharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c) agus an dara fleasc d’Airteagal 67(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [13],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [14],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an gComhphobal limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. D'fhonn limistéar den sórt sin a bhunú go forásach, ní foláir don Chomhphobal bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh éifeacht thrasteorann acu, a mhéid is gá d'oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2) De réir Airteagal 65(b) den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta lena ndéanfar comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlí agus dlínse a chur ar aghaidh.

(3) Rinne an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 an prionsabal maidir le haithint fhrithpháirteach breithiúnas agus cinntí eile de chuid údarás breithiúnach a fhormheas mar bhunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus iarradh le linn an chruinnithe ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún clár beart a ghlacadh chun an prionsabal sin a chur chun feidhme.

(4) An 30 Samhain 2000, ghlac an Chomhairle an dréachtchlár beart maidir le haithint frithpháirteach cinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme [15]. Tuairiscítear sa chlár na bearta maidir le comhchuibhiú na rialacha maidir le heasaontas dlíthe chun aithint frithpháirteach na gcinntí a éascú. Déantar foráil ann d'ionstraim maidir le comharbas agus uachtanna, ábhar a eisiatar, go sonrach, ó Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála [16].

(5) Glacadh le linn cruinniú den Chomhairle Eorpach, a tháinig le chéile sa Bhruiséil an 4 agus 5 Samhain 2004, clár nua dar teideal "Clár na Háige": an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas a neartú san Aontas Eorpach" [17]. Sa chlár seo dearbhaítear gur gá, idir seo agus 2011, ionstraim maidir le dlí an chomharbais a ghlacadh, go háirithe ionstraim a bhainfidh le heasaontacht dlíthe, dlínse, aithint frithpháirteach agus forghníomhú na gcinntí sa réimse seo, le Deimhniú Eorpach Comharbais agus le meicníocht lena bhfíorófar go beacht ar fhág cónaitheoir den Aontas Eorpach uacht dheireanach nó tiomna.

(6) Ba cheart feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a éascú trí na baic ar shaorghluaiseacht daoine a mbíonn deacrachtaí acu chun a gcearta a fheidhmiú i dtaca le comharbas idirnáisiúnta a dhíchur. Sa limistéar Eorpach ceartais, ní foláir do na saoránaigh a bheith in ann a gcomharbas a eagrú roimh ré. Ní foláir cearta na n-oidhrí agus na leagáidithe, na ndaoine eile a bhfuil nasc acu leis an duine éagtha chomh maith le cearta chreidiúnaithe an chomharbais a ráthú ar bhealach éifeachtúil.

(7) D'fhonn na cuspóirí seo a bhaint amach, ní foláir na forálacha maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú na gcinntí agus na n-ionstraimí barántúla sa réimse sin agus maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt le chéile sa Rialachán seo.

(8) Ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun gach ceist shibhialta a bhaineann le comharbas ar mhaoin daoine éagtha a chumhdach, eadhon gach cineál aistriú ar mhaoin daoine éagtha, bíodh sé ina aistriú toiliúil i bhfoirm uachta nó ina chomhaontú maidir le comharbas, nó úinéireacht ar mhaoin daoine éagtha a aistriú de dhroim dlí.

(9) Maidir le bailíocht agus éifeachtaí na dtabhartas, cumhdaítear iad le Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2008 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I) [18]. Ba chóir mar sin iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, mar atá i gcás cearta agus sócmhainní eile a cruthaítear agus a aistrítear ar bhealach eile seachas trí chomharbas. D'ainneoin sin, ba cheart don dlí maidir le comharbas arna chinneadh trí bhíthin an Rialacháin seo a shonrú i dtaca leis an tabhartas seo nó foirmeacha eile forálacha inter vivos as a dtig ceart in rem láithreach, an bhféadfadh aon oibleagáid teacht astu tabhartais a thabhairt ar ais nó a chur i gcuntas, nuair a bheidh scaireanna na n-oidhrí nó na leagáidithe á gcinneadh i gcomhréir le dlí an chomharbais.

(10) Cé gur cheart go gcumhdódh an Rialachán seo an modh chun ceart in rem a fháil i leith maoine inláimhsithe nó doláimhsithe mar a fhoráiltear di sa dlí faoina rialaítear an comharbas, ba cheart an liosta sriantach ("numérus clausus") de chearta in rem a d'fhéadfadh a bheith ann faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, a rialaítear i bprionsabal leis an lex rei sitae, a áireamh sna rialacha náisiúnta lena rialaítear easaontacht dlíthe. Eisiatar freisin na cearta sin a fhoilsiú, go háirithe feidhmiú an Chláir Talún agus éifeachtaí iontrála nó easpa iontrála sa chlár sin, a rialaítear leis an dlí náisiúnta freisin.

(11) D'fhonn na modhanna difriúla chun comharbas a shocrú sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go sainmhíneofaí sa Rialachán seo dlínse na gcúirteanna sa chiall is leithne, lena n-áirítear dlínse na n-údarás neamhbhreithiúnach nuair a fheidhmíonn siad feidhm dhlínsiúil, go háirithe trí tharmligean.

(12) Ag cur san áireamh go bhfuil soghluaiseacht shaoránaigh na hEorpa ag méadú agus d'fhonn taobhú le riarachán maith ceartais san Aontas Eorpach agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh nasc réadúil idir an comharbas agus an Ballstát a fheidhmíonn an dlínse, ba cheart go bhforálfaí sa Rialachán seo do dhlínse chúirteanna an Bhallstáit ag a raibh gnáthchónaí deireanach ar an duine éagtha le haghaidh an chomharbais ina iomláine. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo don chúirt inniúil, go heisceachtúil agus faoi imthosca áirithe, an cás a tharchur chuig an dlínse ina raibh an duine éagtha ina náisiúnach más rud é go bhféadfadh an dlínse seo an cás a éisteacht níos fearr.

(13) D'fhonn an t-aithintfrithpháirteach a éascú, níor cheart aon tarchur chuig na rialacha dlínse faoin dlí náisiúnta a shamhlú as seo amach. Tá forais sa Rialachán seo mar sin ar a gcinnfear cásanna inar féidir le cúirt i mBallstát dlínse coimhdeach a fheidhmiú.

(14) D'fhonn saol na n-oidhrí agus na leagáidithe a chónaíonn i mBallstát eile seachas sa Bhallstát a bhfuil a chúirteanna inniúil chun an comharbas a shocrú a éascú, ba cheart go n-údarófaí dóibh (sa Rialachán) dearbhuithe a dhéanamh maidir leis an gcomharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh san fhoirm dá bhforáiltear faoin dlí sa Bhallstát ina raibh gnáthchónaí deireanach orthu, agus más gá os comhair chúirteanna an Bhallstáit sin.

(15) Ciallaíonn an dlúthnasc idir na rialacha comharbais agus na rialacha substainteacha gur cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán do dhlínse eisceachtúil chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin má cheanglaíonn dlí an Bhallstáit sin go ndéanfaidh a chúirteanna idirghabháil chun bearta a dhéanamh a chumhdaítear faoin dlí substainteach a bhaineann le tarchur na maoine sin agus a taifeadadh sna Cláir Talún.

(16) Chun go bhfeidhmeoidh an ceartas go rianúil ní fhéadfar dhá bhreithiúnas a thiocfaidh salach ar a chéile a thabhairt in dhá Bhallstát ar leith. Chun na críche sin, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do rialacha ginearálta nós imeachta, bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 44/2001.

(17) Ionas go mbeadh na saoránaigh in ann leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, le deimhneacht iomlán dhlíthiúil, ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo ar an eolas iad roimh ré faoin dlí a bheadh infheidhme maidir lena gcomharbas. Ba cheart rialacha maidir le heasaontacht dlíthe a thabhairt isteach chun cinntí a thiocfadh salach ar a chéile a sheachaint sna Ballstáit. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bpríomhriail go rialófar an comharbas le dlí intuartha, a bhfuil dlúthnasc aige leis. I ngeall ar imní an phobail maidir le deimhneacht dhlíthiúil, éilítear go gcumhdóidh an dlí seo maoin an chomharbais ina hiomláine, gan aird ar a nádúr ná a suíomh, d'fhonn deacrachtaí a thiocfadh as ilroinnt an chomharbais a sheachaint.

(18) Ba cheart go mbeadh sé níos fusa do shaoránaigh a gcomharbas a eagrú roimh ré i ngeall ar an Rialachán seo, mar go mbeidh siad in ann an dlí is infheidhme a roghnú. Ba cheart go mbeadh an rogha seo faoi réir rialacha daingne d'fhonn ionchais dhlisteanacha na n-oidhrí agus na leagáidithe a urramú.

(19) Ní chumhdaítear bailíocht fhoirm na ndiúscairtí maoine tráth báis sa Rialachán. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil sé daingnithe acu, tá a raon feidhme faoi rialú fhorálacha Choinbhinsiún na Háige an 5 Deireadh Fómhair 1961 maidir le hEasaontacht Dlíthe a bhaineann le foirm na bhforálacha tiomnacha.

(20) D'fhonn aithinta thabhairt do chearta comharbais a fuarthas i mBallstát, ba cheart go dtaobhódh na rialacha maidir le heasaontacht dlíthe le bailíocht na gcomhaontuithe comharbais trí na nascfhachtóirí a choinneáil. Ba cheart ionchais dhlisteanacha na dtríú páirtithe a chaomhnú.

(21) A mhéad is a luíonn sé le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo agus d'fhonn tarchur cirt in rem a fuarthas faoin dlí comharbais a éascú, níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo bac ar chur i bhfeidhm rialacha dlí sainordaitheacha áirithe an Stáit ina bhfuil an mhaoin, rialacha atá liostaithe go cuimsitheach.

(22) I ngeall ar a gcuspóir eacnamaíoch, teaghlaigh nó sóisialta, tá foirgnimh, gnólachtaí nó catagóirí eile maoine faoi réir córais comharbais áirithe sa Bhallstát ina bhfuil siad suite. Ba cheart go n-urramódh an Rialachán seo an córas áirithe sin. Mar sin féin, ní foláir forléiriú dian ar an eisceacht seo ar chur i bhfeidhm an dlí chun go leanfadh sé de bheith comhoiriúnach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. Níl feidhm ag an eisceacht go háirithe i dtaca leis an riail maidir le hEasaontacht Dlíthe lena gcuirtear maoin dhochorraithe faoi réir dlí atá difriúil ón dlí is infheidhme maidir le maoin shochorraithe nó le cion forchoimeádta éastáit.

(23) I ngeall ar na difríochtaí, ar thaobh amháin, idir réitigh náisiúnta i dtaca le ceart an Stáit oidhreacht fholamh a urghabháil agus, ar an taobh eile, cás a láimhseáil nach eol ord báis duine amháin nó níos mó, d'fhéadfadh sé go mbeadh torthaí a thiocfadh salach ar a chéile ann nó, a mhalairt, nach mbeadh réiteach ar bith ann. Ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo do thoradh a bheadh ag luí le dlí substainteach na mBallstát.

(24) In imthosca eisceachtúla, ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do na cúirteanna sna Ballstáit neamhaird a dhéanamh de chur chun feidhme dlí eachtraigh i gcás áirithe áit ina mbeadh sé seo in aghaidh bheartas poiblí an fhóraim. D'ainneoin sin, níor cheart go mbeadh na cúirteanna in ann an eisceacht maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm chun neamhaird a dhéanamh de dhlí Ballstáit eile nó chun diúltú do chinneadh, d'ionstraim bharántúil, d'idirbheart dlíthiúil nó do Dheimhniú Eorpach Comharbais arna dtarraingt suas i mBallstát eile, a aithint nó a fhorghníomhú, nuair a sháródh sé seo Cairt um Chearta Bunúsachaan Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 21, lena dtoirmisctear gach saghas idirdhealaithe.

(25) I bhfianaise chuspóir ginearálta an Rialacháin seo, eadhon aithint frithpháirteach ar na cinntí arna dtabhairt ag na Ballstáit maidir le comharbas ar mhaoin daoine éagtha, ba cheart go leagfaí síos leis rialacha maidir le haithint agus forghníomhú cinntí, bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, cinntí is ceart a oiriúnú, más gá, do riachtanais shonracha na n-ábhar a chumhdaítear sa Rialachán seo.

(26) D'fhonn na bealaí difriúla i dtaca le réiteach ceisteanna maidir le comharbas sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go ráthódh an Rialachán seo aithint agus forghníomhú na n-ionstraimí barántúla. Mar sin féin, ní féidir glacadh leis na hionstraimí barántúla mar chinntí ón gcúirt chomh fada agus a bhaineann lena n-aithint. Is éard atá i gceist le haithint na n-ionstraimí barántúla go bhfuil an fheidhm dhochloíte chéanna acu ó thaobh inneachair agus go bhfuil na héifeachtaí céanna acu agus atá ina dtír thionscnaimh, chomh maith le toimhde bailíochta is féidir a dhíchur i gcás ina gconspóidtear é. Is féidir an bhailíocht seo a chonspóid i gcónaí os comhair cúirte i mBallstát tionscnaimh na hionstraime barántúla, i gcomhréir leis na coinníollacha nós imeachta a shainmhíníonn an Ballstát.

(27) Trí shocrú luathaithe, réasúnta agus éifeachtach na gcomharbas idirnáisiúnta san Aontas Eorpach, bheadh sé ar chumas an oidhrí, an leagáidí nó an seiceadóra uachta nó an riarthóra a n-inniúlacht a chruthú go héasca agus lasmuigh den chúirt sa Bhallstát ina bhfuil an mhaoin a bhaineann leis an gcomharbas. Ionas go mbeadh saorghluaiseacht ag an gcruthúnas san Aontas Eorpach, ba cheart trí bhíthin an Rialacháin seo, go dtabharfaí isteach samhail aonfhoirmeach don Dheimhniú Eorpach Comharbais isteach agus go gceapfaí údarás inniúil chun é a eisiúint. D'fhonn prionsabal na coimhdeachta a urramú, ní ghlacfaidh an deimhniú seo ionad na nósanna inmheánacha imeachta sna Ballstáit. Ba cheart go sonrófaí ceangal leis na nósanna imeachta sin sa Rialachán seo.

(28) Níor cheart go gciallódh an urraim do thiomantais arna ndéanamh ag na Ballstáit go ndéanfadh an Rialachán seo difear do choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu agus an Rialachán seo á ghlacadh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, éilítear go mbeadh tosaíocht ag an Rialachán seo i measc na mBallstát ar na coinbhinsiúin.

(29) D'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart go bhforálfaí d'oibleagáid a bheadh ar na Ballstáit faisnéis áirithe ar a ndlíthe comharbais a chur in iúl faoi chuimsiú an Líonra Bhreithiúnaigh Eorpaigh in Ábhair Shibhialta agus in Ábhair Tráchtála arna chruthú le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 [19].

(30) Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [20].

(31) Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún aon leasú a dhéanamh ar aon fhoirmeacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE.

(32) Nuair is é an téarma "náisiúntacht" a chinneann an dlí is infheidhme, ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcás roinnt Stát, a bhfuil a gcóras dlí bunaithe ar an dlí coiteann, go bhfuil an coincheap "sainchónaí" seachas "náisiúntacht" in úsáid acu, mar nascfhactóir coibhéiseach in ábhar comharbais.

(33) Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, saorghluaiseacht daoine, go ndéanfadh saoránaigh Eorpacha a gcomharbas a eagrú roimh ré i gcomhthéacs idirnáisiúnta, cearta oidhrí agus leagáidithe, agus daoine a bhfuil nasc acu leis an duine éagtha chomh maith le creidiúnaithe an chomharbais, a chur i gcrích go leordhóthanach agus gur féidir mar sin, i ngeall ar scála agus éifeachtaí an Rialacháin seo iad a chur i gcrích níos fearr ar leibhéal Comhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(34) Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 21 de, ina dtoirmisctear aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach. Ní foláir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcúirteanna na mBallstát ag urramú do na cearta agus na prionsabail sin.

(35) I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, [tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mhian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]/[gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm]

(36) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le Seasamh na Danmhairge atá curtha i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg nó ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comharbas ar mhaoin daoine éagtha. Eisiatar óna réim cúrsaí ioncaim, custaim agus riaracháin.

2. Sa Rialachán seo, ciallóidh "Ballstát" na Ballstáit go léir ach amháin an Danmhairg, [an Ríocht Aontaithe agus Éire].

3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán maidir leis an méid seo a leanas:

(a) stádas daoine nádúrtha mar aon le gaol teaghlaigh agus gaol a bhfuil éifeacht den chineál céanna leis;

(b) inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha faoi réir Airteagal 19(2)(c) agus (d);

(c) i gcás go bhfuil duine nádúrtha ar iarraidh, as láthair nó go dtoimhdítear go bhfuil sé básaithe;

(d) ceisteanna a bhaineann le socruithe maidir le maoin phósta agus leis na socruithe maidir le maoin atá infheidhme maidir le gaol a bhfuil éifeacht den chineál céanna leis agus atá leis an bpósadh;

(e) oibleagáidí cothabhála;

(f) cearta agus sócmhainní a cruthaíodh nó a aistríodh seachas trí chomharbas ar mhaoin daoine éagtha, lena n-áirítear tabhartais, amhail cearta marthanóirí trí chomhúinéireacht, pleananna pinsin, conarthaí árachais agus socruithe den chineál céanna, faoi réir Airteagal 19(2)(j);

(g) ceisteanna a bhaineann le dlí na gcuideachtaí, amhail clásail atá i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais cuideachtaí, comhlachas agus daoine dlítheanacha lena gcinntear céard a tharlóidh do na scaireanna ar bhás a bpáirtnéirí;

(h) díscaoileadh, foirceannadh agus cumasc cuideachtaí, comhlachas agus daoine dlítheanacha;

(i) comhdhéanamh, feidhmiú agus díscaoileadh iontaobhas;

(j) cineál na gceart in rem a bhaineann le maoin agus na cearta sin a phoibliú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) "comharbas ar mhaoin daoine éagtha": gach cineál aistriú a dhéantar de mhaoin daoine éagtha, bíodh sé ina aistriú toiliúil, i bhfoirm uachta nó ina chomhaontú maidir le comharbas, nó úinéireacht ar mhaoin daoine éagtha a aistriú de dhroim dlí;

(b) "cúirt": gach údarás breithiúnach nó gach údarás inniúil atá sna Ballstáit a fheidhmíonn feidhm bhreithiúnach i dtaca le comharbas. Aon údaráis eile a fheidhmíonn, trí tharmligean ó rialtas an Bhallstáit sin, na feidhmeanna a thagann faoi dhlínse na gcúirteanna mar a fhoráiltear dó sa Rialachán seo measfar gur cúirteanna iad;

(c) "comhaontú maidir le comharbas": comhaontú lena dtugtar, lena modhnaítear nó lena dtarraingítear siar, ar chomaoin nó gan chomaoin, cearta comharbais todhchaí duine amháin nó níos mó ná duine amháin atá ina bpáirtithe sa chomhaontú;

(d) "comhuachtanna": uachtanna arna dtarraingt suas ag dhá dhuine nó níos mó san ionstraim chéanna, chun sochair tríú páirtí agus/nó ar bheart frithpháirteach;

(e) "Ballstát baile": an Ballstát, ag brath ar an gcás, inar tugadh an cinneadh, inar ceadaíodh an tsocraíocht chúirte nó inar tugadh í chun críche agus inar tarraingíodh suas an ionstraim bharántúil;

(f) "Ballstát iarrtha": an Ballstát ina n-iarrtar an cinneadh, an tsocraíocht chúirte nó an ionstraim bharántúil a aithint agus/nó a fhorghníomhú;

(g) "cinneadh": aon chinneadh a thugtar maidir le hábhar comharbais ar mhaoin daoine éagtha i gcúirt Bhallstáit, cibé céard a ghairfear de, lena n-áirítear foraithne, ordú, breith nó eascaire fhorghníomhaithe, mar aon le cinneadh ar chostais nó ar chaiteachais ag oifigeach den chúirt;

(h) "ionstraim bharántúil": ionstraim a tharraingítear suas nó a chláraítear go foirmiúil mar ionstraim bharántúil agus i gcás a barántúlachta:

– go mbaineanna sí le síniú agus le hábhar na hionstraime barántúla, agus

– go bhfuil sí suite ag údarás poiblí nó ag údarás eile a bhfuil an chumhacht tugtha dó ag an mBallstát baile chun na críche sin;

(i) "Deimhniú Eorpach Comharbais": an deimhniú a eiseoidh an chúirt inniúil de bhun Chaibidil VI den Rialachán seo.

Caibidil II

Dlínse

Airteagal 3

Cúirteanna

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le cúirteanna uile na mBallstát, ach ní bheidh feidhm acu maidir le húdaráis neamhbhreithiúnacha ach amháin nuair a bheidh sin riachtanach.

Airteagal 4

Dlínse ghinearálta

D'ainneoin fhorálacha an Rialacháin seo beidh cúirteanna an Bhallstáit a raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha ar a chríoch tráth a bháis inniúil breith a thabhairt in ábhar comharbais.

Airteagal 5

Tarchur chuig cúirt atá níos ábalta chun an cás a éisteacht

1. I gcás go bhfuil dlí Ballstáit roghnaithe ag an duine éagtha chun a chomharbas a rialú i gcomhréir le hAirteagal 17, féadfaidh an chúirt a dtugtar na himeachtaí os a comhair i gcomhréir le hAirteagal 4, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, agus má tá sí den tuairim go bhfuil cúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí a roghnaíodh níos ábalta breith a thabhairt ar an ábhar comharbais, na himeachtaí a fhionraí agus cuireadh a thabhairt do na páirtithe an t-iarratas a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát sin.

2. Sonróidh an chúirt inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4 spriocdháta faoina gcaithfear na himeachtaí a thabhairt os comhair chúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí a roghnaíodh i gcomhréir le mír 1. Más rud é nach dtugtar na himeachtaí os comhair na gcúirteanna faoin spriocdháta sin, leanfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair ag feidhmiú a dlínse maidir leis an gcás.

3. Dearbhóidh cúirteanna an Bhallstáit arb é a dhlí a roghnaíodh go bhfuil dlínse acu laistigh d'uastréimhse ocht seachtaine ón dáta a dtugtar na himeachtaí os a gcomhair i gcomhréir le mír 2. Sa chás sin, dlífidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair den chéad uair a dlínse a dhiúltú. Murab amhlaidh an cás, leanfaidh an chéad chúirt a tugadh na himeachtaí os a comhair ag feidhmiú a dlínse.

Airteagal 6

Dlínse iarmharach

Más rud é nach raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha i mBallstát tráth a bháis, beidh dlínse ag cúirteanna Ballstáit mar sin féin ar an mbonn go bhfuil maoin an chomharbais sa Bhallstát sin agus:

(a) go raibh gnáthchónaí roimhe sin ar an duine éagtha sa Bhallstát i dtrácht, ar choinníoll nár tháinig deireadh leis an ngnáthchónaí sin níos luaithe ná cúig bliana sula gcuirtear na himeachtaí os comhair na cúirte; nó, dá uireasa sin,

(b) go raibh náisiúntacht an Bhallstáit ag an duine éagtha tráth a bháis; nó, dá uireasa sin,

(c) go bhfuil gnáthchónaí ar oidhre nó ar leagáidí sa Bhallstát sin; nó, dá uireasa sin,

(d) go mbaineann an t-iarratas leis an maoin seo amháin.

Airteagal 7

Frithéileamh

An chúirt a bhfuil na himeachtaí ar feitheamh os a comhair faoi Airteagail 4, 5 nó 6, beidh dlínse aici freisin chun an frithéileamh a scrúdú, i gcás go dtagann sé sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 8

Dlínse chun comharbas a ghlacadh nó a tharscaoileadh

Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an oidre nó ar an leagáidí freisin chun dearbhuithe a fháil a bhaineann le glacadh nó le tarscaoileadh an chomharbais nó na leagáide nó dearbhuithe a fháil a bhaineann le dliteanas an oidhre nó dliteanas an leagáidí i gcás go gcaithfear na dearbhuithe sin a dhéanamh os comhair cúirte.

Airteagal 9

Dlínse cúirteanna san áit ina bhfuil an mhaoin

I gcás go gceanglaítear le dlí Bhallstát na háite ina bhfuil an mhaoin go mbeidh baint ag cúirteanna an Bhallstáit sin le bearta a dhéanamh faoin dlí substainteach maidir le tarchur na maoine, lena taifeadadh nó lena haistriú sa chlár talún, beidh dlínse ag na cúirteanna sa Bhallstát sin chun bearta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 10

Imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte

Chun críocha na Caibidle seo, measfar imeachtaí a bheith tugtha os comhair cúirte:

(a) tráth a ndéantar an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad comhionann a thaisceadh leis an gcúirt, ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a dhéanamh ba ghá dó a dhéanamh chun an tseirbheáil a chur ar an gcosantóir, nó

(b) más gá an doiciméad a sheirbheáil sula dtaiscfear leis an gcúirt é, tráth a ndéanfaidh an t-údarás atá freagrach as an tseirbheáil é a tharraingt suas go foirmiúil nó a chlárú, ar choinníoll nár mhainnigh an gearánaí dá éis sin na bearta a dhéanamh ba ghá dó a dhéanamh chun an doiciméad a thaisceadh leis an gcúirt.

Airteagal 11

Fíorú ar dhlínse

I gcás go gcuirtear imeachtaí os comhair cúirte Ballstáit agus nach bhfuil aon dlínse aici faoin Rialachán seo, dearbhóidh sí uaithi féin nach bhfuil aon dlínse aici.

Airteagal 12

Fíorú ar inghlacthacht

1. Maidir le cosantóir a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát eile nach é an Ballstát é inar tionscnaíodh an chaingean, mura dtaifeadfaidh sé láithreas cuirfidh an chúirt inniúil bac ar na himeachtaí fad a bheifear gan a shuíomh go raibh caoi ag an gcosantóir doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a fháil in am trátha chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, nó go ndearnadh gach dícheall chuige sin.

2. Maidir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit [21], beidh feidhm aige in ionad fhorálacha mhír 1 den Airteagal seo más rud é go gcaithfear doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a tharchur ó Bhallstát amháin go Bhallstát eile de bhun an Rialacháin seo.

3. Más rud é nach mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, beidh feidhm ag Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Dhoiciméid Bhreithiúnacha agus Sheachbhreithiúnacha in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála a sheirbheáil thar lear, más rud é go gcaithfear doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a tharchur thar lear de bhun an Choinbhinsiúin sin.

Airteagal 13

Lis pendens

1. Má dhéantar imeachtaí a bhaineann leis an gcaingean chéanna agus leis an gcúis chéanna agus idir na páirtithe céanna a thionscnamh i gcúirteanna Ballstát éagsúil, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí, uaithi féin, go dtí go suífear dlínse na chéad chúirte ar tugadh os a comhair iad.

2. Má shuítear dlínse na chéad chúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair, dlífidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 14

Caingne gaolmhara

1. Má bhíonn caingne gaolmhara ar feitheamh os comhair cúirteanna i mBallstáit éagsúla, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí.

2. Má bhíonn na caingne sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na caingne os a comhair ar na caingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

3. Meastar caingne a bheith gaolmhar, chun críocha an Airteagail seo, má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile ionas go seachnófaí breithiúnais ar neamhréir le chéile mar ab fhéidir a theacht d'imeachtaí ar leithligh.

Airteagal 15

Bearta sealadacha agus bearta cosantacha

Maidir le bearta sealadacha nó le bearta cosantacha atá ar fáil faoi dhlí Ballstáit, féadfar iad a iarraidh ar údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit sin, fiú más rud é, faoin Rialachán seo, go bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile maidir le substaint an ábhair.

Caibidil III

An dlí is infheidhme

Airteagal 16

Riail ghinearálta

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí is infheidhme maidir le comharbas ina iomláine dlí an Stáit ina raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha tráth a bháis.

Airteagal 17

Saoirse rogha

1. Féadfaidh duine dlí an Stáit a bhfuil a náisiúntacht aige a roghnú mar dhlí chun a chomharbas ina iomláine a rialú.

2. Ní foláir an dlí is infheidhme maidir le comharbas a chinneadh go sainráite agus a áireamh i ndearbhú arb é an fhoirm a bheidh aige diúscairt maoine tráth báis.

3. Beidh an marthanas agus an bhailíocht a bheidh mar shubstaint leis an toiliú a bhaineann leis an gcinneadh sin faoi rialú ag an dlí atá ainmnithe.

4. Maidir le haon mhodhnú nó aon chúlghairm a dhéanfaidh déantóir cinnidh den sórt sin ar an dlí is infheidhme beidh sé i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le modhnú nó le cúlghairm ar dhiúscairt maoine tráth báis.

Airteagal 18

Comhaontuithe maidir le comharbas

1. Beidh comhaontú maidir le comharbas duine faoi rialú ag an dlí sin a bheadh infheidhme, faoin Rialachán seo, maidir le comharbas an duine sin i gcás báis an lá ar cuireadh an comhaontú i gcrích. Más rud é, de réir an dlí sin, nach bhfuil an comhaontú bailí, glacfar lena bhailíocht mar sin féin, más rud é go bhfuil sé i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, tráth an bháis, maidir leis an gcomharbas faoin Rialachán seo. Beidh an comhaontú faoi rialú ag an dlí sin dá bhrí sin.

2. Ní bheidh comhaontú a bhaineann le comharbas níos mó ná duine amháin bailí go substainteach, ach amháin má ghlactar leis an mbailíocht sin de réir an dlí a bheadh infheidhme, agus Airteagal 16 á chur i bhfeidhm, maidir le comharbas duine amháin as measc na ndaoine a bhfuil baint ag a gcomharbas leis i gcás báis an lá ar cuireadh an comhaontú i gcrích. Más rud é go mbeidh an conradh bailí de bhun an dlí is infheidhme maidir le comharbas duine amháin as measc na ndaoine sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag an dlí sin. Más rud é go mbeidh an conradh bailí de bhun an dlí is infheidhme maidir le comharbas níos mó ná duine amháin as measc na ndaoine sin a chur i bhfeidhm, beidh an comhaontú faoi rialú ag an dlí a bhfuil na naisc is gaire aige leis.

3. Féadfaidh na páirtithe a chinneadh mar dhlí lena rialaítear an comhaontú an dlí sin a d'fhéadfadh a bheith roghnaithe ag an duine nó ag duine de na daoine a bhfuil baint ag a gcomharbas leis an gcomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 17.

4. Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm an dlí a fhoráiltear leis an Airteagal seo dochar do chearta aon duine nach bhfuil ina pháirtí sa chomhaontú agus a bhfuil, i gcomhréir leis an dlí a chinntear in Airteagal 16 agus Airteagal 17, ceart dochloíte nó ceart eile aige nach féidir leis an duine a bhfuil baint ag a chomharbas leis an gcomhaontú a bhaint de.

Airteagal 19

Raon an dlí is infheidhme

1. Beidh an comharbas ina iomláine, ó thús an phróisis go dtí tarchur críochnaitheach na hoidhreachta chuig na tairbhithe, faoi rialú ag an dlí a chinntear i gCaibidil III.

2. Beidh an méid seo a leanas go háirithe faoi rialú ag an dlí sin:

(a) cúiseanna, am agus áit thús an phróisis chomharbais;

(b) incháilitheacht na n-oidhrí agus na leagáidithe, lena n-áirítear cearta comharbais an chéile mharthanaigh, cinneadh scaireanna na ndaoine sin faoi seach, na freagrachtaí arna gceangal orthu ag an duine éagtha, agus na cearta eile comharbais a bhfuil bás an duine éagtha mar bhonn leo;

(c) cumas an duine chun teacht i gcomharbas;

(d) na cúiseanna ar leith a chiallaíonn nach féidir le duine oidhreacht a dhiúscairt nó a ghlacadh;

(e) dí-oidhriú agus mífhiúntacht chun teacht i gcomharbas;

(f) cearta agus sócmhainní atá sa chomharbas a tharchur chuig na hoidhrí agus na leagáidithe, lena n-áirítear na coinníollacha agus na héifeachtaí a bhaineann leis an gcomharbas nó an leagáid sin a ghlacadh nó a tharscaoileadh;

(g) cumhachtaí na n-oidhrí, na seiceadóirí uachta agus na riarthóirí eile sa chomharbas, go háirithe maidir le maoin a dhíol agus creidiúnaithe a íoc;

(h) an fhreagracht as fiacha faoin gcomharbas;

(i) an chuid indiúscartha, na codanna forchoimeádta agus na srianta eile ar an tsaoirse chun maoin a dhiúscairt tráth báis, lena n-áirítear na leithroinntí arna n-asbhaint ag údarás breithiúnach nó ag údarás eile ón gcomharbas chun sochair gaolta an duine éagtha;

(j) aon oibleagáid a bhaineann le tabhartais a chur ar ais nó a chur i gcuntas agus scaireanna na n-oidhrí á gcinneadh;

(k) diúscairt maoine tráth báis a bhailíochtú, a fhorléiriú, a mhodhnú nó a chúlghairm, ach amháin a bailíochíocht fhoirmiúil;

(l) an oidhreacht a roinnt.

Airteagal 20

Bailíocht maidir le foirm an ghlactha nó an tarscaoilte

Gan dochar d'Airteagal 19, agus ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dhlí an Stáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an oidhre nó ar an leagáidí, beidh sé bailí freisin comharbas nó leagáid a ghlacadh nó a tharscaoileadh agus beidh dearbhú lena ndéantar dliteanas an oidhre nó an leagáidí a theorannú bailí freisin.

Airteagal 21

Dlí an Stáit ina bhfuil an mhaoin a chur i bhfeidhm

1. Ní bheidh an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas ina bhac ar chur i bhfeidhm dhlí an Stáit ina bhfuil an mhaoin, i gcás comharbas nó leagáid a ghlacadh nó a tharscaoileadh, áit ina leagtar síos leis an dlí sin foirmiúlachtaí a thagann i ndiaidh na bhfoirmiúlachtaí sin a leagtar síos leis an dlí is infheidhme maidir le comharbas.

2. Ní bheidh an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas ina bhac ar chur i bhfeidhm dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin:

(a) i gcás go gceanglaíonn sé maidir le riaradh agus le leachtú an chomharbais go mbeidh ar údarás sa Bhallstát sin riarthóir nó seiceadóir uachta a cheapadh. Beidh cinneadh na ndaoine, amhail oidhrí, leagáidithe, seiceadóirí nó riarthóirí an uachta, a bhféadfadh riaradh agus leachtú an chomharbais a bheith curtha de chúram orthu, faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas;

(b) i gcás go gceanglaíonn sé maidir le tarchur críochnaitheach na hoidhreachta chuig na tairbhithe go mbeidh orthu cáin a bhaineann leis an gcomharbas a íoc roimh ré.

Airteagal 22

Socruithe speisialta maidir le comharbas

Ní dhéanfaidh an dlí is infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo aon dochar do shocruithe speisialta maidir le comharbas a bhfuil réadmhaoin áirithe, cuideachtaí áirithe nó catagóirí speisialta eile maoine faoina réir de réir dhlí an Bhallstáit ina bhfuil siad i ngeall ar an gcríoch eacnamaíoch, teaghlaigh nó sóisialta atá leo, i gcás go bhfuil na socruithe sin, i gcomhréir le dlí den sórt sin, infheidhme is cuma cén dlí a bhfuil an comharbas faoina rialú.

Airteagal 23

Bás i gcomhthráth

Más rud é go bhfaighe beirt daoine nó níos mó ná beirt a bhfuil a gcomharbais faoi rialú ag dlíthe difriúla bás in imthosca nach gceadaíonn ord a mbásanna a chinneadh, agus go réitíonn na dlíthe sin leis an gcás seo trí fhorálacha atá ar neamhréir nó nach réitíonn siad an cás ar chor ar bith, ní bheidh aon chearta ag aon duine acu maidir le comharbas an pháirtí nó na bpáirtithe eile.

Airteagal 24

Maoin gan éilitheoir

Más rud é, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo, nach bhfuil aon oidhre ná leagáid ann mar a chinntear trí dhiúscairt maoine tráth báis, agus nach oidhre é aon duine nádúrtha trí oibriú an dlí, ní bheidh cur i bhfeidhm an dlí a chinntear sa tslí sin ina bhac ar cheart an Bhallstáit nó ar cheart comhlachta a cheaptar i gcomhréir le dlí an Bhallstáit i dtrácht maidir le maoin an chomharbais atá ar a chríoch a ghabháil.

Airteagal 25

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu is dlí nó nach dlí de chuid Ballstáit é.

Airteagal 26

Tarchur

Ciallaíonn cur i bhfeidhm dhlí aon Stáit arna shonrú leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí atá i bhfeidhm sa Stát sin seachas a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

Airteagal 27

Beartas poiblí

1. Ní fhéadfar diúltú foráil dlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más rud é nach bhfuil an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí ("ordre public") an fhóraim.

2. Ní fhéadfar, go háirithe, foráil dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a mheas mar shárú ar bheartas poiblí an fhóraim ar an bhforas sin amháin go bhfuil a chlásail a bhaineann leis an gcuid sin de mhaoin atá forchoimeádta difriúil ó na clásail sin atá i bhfeidhm san fhóram.

Airteagal 28

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu

1. I gcás ina gcuimseofar i Stát aonaid chríochacha leithleacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh maidir le comharbas ar mhaoin daoine éagtha, féachfar ar gach aonad críochach mar Stát chun go n-aithneofar an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo.

2. Ballstát ina bhfuil a rialacha dlí féin ag aonaid chríochacha éagsúla maidir le comharbas ar mhaoin daoine éagtha, ní cheanglófar air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí nach bhfuil ann ach idir dhlíthe na n-aonad sin.

Caibidil IV

Aithint agus forghníomhú

Airteagal 29

Cinneadh a aithint

Beidh cinntí a tugadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm aitheanta sna Ballstáit eile, gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

Aon pháirtí leasmhar a thabharfaidh aithint chinnidh faoi thrácht mar phríomh-shaincheist i gconspóid, féadfaidh sé, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 38 go 56 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, iarratas a dhéanamh ar bhreith go ndlitear an cinneadh a aithint. Má bhíonn toradh imeachtaí i gcúirt Ballstáit ag brath ar cheist theagmhasach aithinte a chinneadh, beidh dlínse ag an gcúirt sin ar an gceist sin.

Airteagal 30

Forais le neamhaithint

Ní aithneofar cinntí sna cásanna seo a leanas:

(a) más léir go bhfuil an aithint sin contrártha leis an mbeartas poiblí sa Bhallstát iarrtha, ar an tuiscint nach bhféadfar critéar an bheartais phoiblí a chur i bhfeidhm maidir leis na rialacha dlínse;

(b) mura ndearnadh doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó doiciméad comhionann a sheirbheáil ar an gcosantóir in am trátha agus ar an dóigh sin d'fhonn é a chumasú chun socrú a dhéanamh é féin a chosaint, murar mhainnigh an cosantóir imeachtaí a thionscnamh chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh tráth arbh fhéidir leis déanamh amhlaidh;

(c) má tá sé ar neamhréir le cinneadh a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Bhallsát iarrtha;

(d) má tá sé ar neamhréir le cinneadh a tugadh roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú Stát agus é ag baint leis an gcúis chéanna caingne agus idir na páirtithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an cinneadh a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Bhallstát iarrtha.

Airteagal 31

Gan athbhreithniú ó thaobh substainte cinnidh

Ní féidir i gcás ar bith cinneadh coigríche a athbhreithniú ó thaobh a shubstainte.

Airteagal 32

Bac a chur ar imeachtaí

Féadfaidh cúirt i mBallstát ar cuireadh iarratas os a comhair maidir le cinneadh a tugadh i mBallstát eile a aithint bac a chur ar na himeachtaí más rud é gur taisceadh gnáthachomharc i gcoinne an chinnidh sin.

Airteagal 33

Infhorghníomhaitheacht na gcinntí

Cinntí a thugtar i mBallstát agus atá infhorghníomhaithe sa Bhallstát sin agus socraíochtaí cúirte, déanfar iad a fhorghníomhú sna Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagail 38 go 56 agus Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001.

Caibidil V

Ionstraimí barántúla

Airteagal 34

Ionstraimí barántúla a aithint

Beidh ionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear i mBallstát amháin aitheanta sna Ballstáit eile, ach amháin má dhéantar bailíocht na n-ionstraimí seo a chonspóid i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhallstát baile agus ar choinníoll nach mbeidh aithint den sórt sin contrártha le beartas poiblí an Bhallstáit iarrtha.

Airteagal 35

Infhorghníomhaitheacht na n-ionstraimí barántúla

Doiciméad a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil agus is infhorghníomhaithe i mBallstát amháin, déanfar a dhearbhú i mBallstát eile, arna iarraidh sin de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 38 go 57 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, go bhfuil sé infhorghníomhaithe ann. An chúirt lena dtaiscfear achomharc faoi Airteagal 43 agus Airteagal 44 den Rialachán seo, ní dhiúltóidh sí do dhearbhú infhorghníomhaitheachta ná ní chúlghairfidh sí é ach amháin más léir go bhfuil forghníomhú na hionstraime barántúla contrártha leis an mbeartas poiblí sa Bhallstát iarrtha nó go bhfuil conspóid a bhaineann lena bailíocht ar feitheamh os comhair cúirte i mBallstát baile na hionstraime barántúla.

Caibidil VI

Deimhniú Eorpach Comharbais

Airteagal 36

Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach

1. Tugtar isteach leis an Rialachán seo Deimhniú Eorpach Comharbais, ar cruthúnas é ar cháil oidhre nó leagáidí agus ar chumhachtaí na seiceadóirí uachta nó riarthóirí eile. Eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú seo de bhun na Caibidle seo, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le comharbas de bhun Chaibidil III den Rialachán seo.

2. Ní bheidh úsáid an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais éigeantach. Ní chuirfear an deimhniú in ionad nósanna imeachta inmheánacha. Bíodh sin mar atá, aithneofar impleachtaí an deimhnithe freisin sa Bhallstát inar eisigh a údaráis é i gcomhréir leis an Caibidil seo.

Airteagal 37

Dlínse chun an deimhniú a eisiúint

1. Eiseofar an deimhniú ar iarratas ó aon duine a bhfuil sé d'oibleagáid air cáil oidhre nó cáil leagáidí agus cumhachtaí na seiceadóirí uachta nó riarthóirí eile a chruthú.

2. Is í an chúirt inniúil sa Bhallstát a bhfuil a chúirteanna inniúil faoi Airteagail 4, 5 agus 6 a tharraingeoidh suas an deimhniú.

Airteagal 38

Inneachar an iarratais

1. Soláthróidh an duine a dhéanfaidh iarratas ar dheimhniú comharbais a eisiúint, ag úsáid na foirme a bhfuil eiseamláir di in Iarscribhínn I, i gcás go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas aige:

(a) sonraí maidir leis an duine éagtha: sloinne, ainm baiste nó ainmneacha baiste, inscne, stádas sibhialta, naisiúntacht, a chód aitheantais má tá sé ar fáil, seoladh deireanach ag a raibh gnáthchónaí air, dáta agus láthair a bháis;

(b) sonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne, ainm baiste nó ainmneacha baiste, inscne, naisiúntacht, a chód aitheantais má tá sé ar fáil, seoladh, cineál gaoil leis an duine éagtha;

(c) na fíricí nó na pointí dlí a thugann bonn cirt dá cheart comharbais agus/nó dá cheart an comharbas a riaradh agus/nó a fhorghníomhú. I gcás go bhfuil sé ar an eolas faoi dhiúscairt maoine tráth báis, beidh cóip den diúscairt sin i gceangal leis an iarratas;

(d) má tá sé ag tógáil ionad oidhrí nó leagáidithe eile, agus i gcás gurb amhlaidh, cruthúnas go bhfuair sé bás nó cruthúnas ar aon teagmhas eile a chuir bac air éileamh a dhéanmah ar an gcomharbas;

(e) má shonraigh an duine éagtha conradh pósta; i gcás inar shonraigh, ní mór dó cóip den chonradh pósta a chur i gceangal lena iarratas;

(f) má tá sé ar an eolas faoi chonspóid a bhaineann leis na cearta comharbais.

2. Ní mór don iarratasóir cruinneas na sonraí a thugtar a chruthú le doiciméad bharantúla. I gcás nach féidir na doicméid sin a sholáthar nó nach féidir iad a sholáthar ach le deacrachtaí móra, glacfar le foirmeacha eile cruthúnais.

3. Glacfaidh an chúirt inniúil na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na dearbhuithe a rinneadh fíor. I gcás go gceadaíonn a dlí náisiúnta a leithéid, éileoidh an chúirt inniúil go ndéanfar na dearbhuithe sin faoi mhionn.

Airteagal 39

Deimhniú páirteach

Féadfar deimhniú páirteach a iarraidh agus a eisiúint chun cruthúnas a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) cearta gach oidhre nó leagáidí, agus a scair den oidhreacht;

(b) cineachadh maoine áirithe, i gcás go bhfuil sé sin incheadaithe faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas;

(c) riaradh an chomharbais.

Airteagal 40

An Deimhniú a eisiúint

1. Ní eiseofar an deimhniú ach amháin i gcás go measann an chúirt inniúil go bhfuil na fíricí a tugadh mar bhonn leis an iarratas suite. Eiseoidh an chúirt inniúil an deimhniú gan mhoill.

2. Déanfaidh an chúirt inniúil, as a stuaim féin agus bunaithe ar dhearbhuithe an iarratasóra, ar na hionstraimí agus na foirmeacha eile cruthúnais a sholáthair an t-iarratasóir, na fiosrúcháin is gá chun na fíricí a fhianú agus aon chruthúnas eile a dhealrófar go bhfuil gá leis a lorg.

3. Chun críocha na Caibidle seo, tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar chúirteanna inniúla i mBallstáit eile, go háirithe ar na cláir stádais shibhialta, ar na cláir ina ndéantar taifead ar ghníomhaíochtaí nó ar fhíricí a bhaineann leis an gcomharbas nó le socruithe i dtaca le maoin phósta theaghlach an duine éagtha agus ar na Cláir Talún.

4. Féadfaidh an chúirt eisiúna na daoine lena mbaineann agus na riarthóirí nó na seiceadóirí a thoghairm os a comhair agus ráitis phoiblí a dhéanamh d'fhonn a iarraidh ar dhaoine eile a bhfuil cearta acu i ndáil leis an gcomharbas na cearta sin a fhorfheidhmiú.

Airteagal 41

Inneachar an deimhnithe

1. Eiseofar an Deimhniú Eorpach Comharbais tríd an fhoirm chaighdeánach in Iarscríbhinn II a úsáid.

2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa Deimhniú Eorpach Comharbais:

(a) an chúirt eisiúna, na fíricí agus pointí dlí a measann an chúirt sin ar a mbonn go bhfuil dlínse aici chun an deimhniú a eisiúint, chomh maith leis an dáta eisiúna;

(b) sonraí maidir leis an duine éagtha: sloinne, ainmeacha baiste, inscne, stádas sibhialta, naisiúntacht, a chód aitheantais má tá sé ar fáil, seoladh deireanach ag a raibh gnáthchónaí air, dáta agus láthair a bháis;

(c) aon chomhaontuithe pósta a shonraigh an duine éagtha;

(d) an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na fíricí agus na cúinsí dlí, ar cinneadh an dlí sin ar a mbonn;

(e) na fíricí agus na pointí dlí as a n-eascraíonn cearta agus/nó cumhachtaí na n-oidhrí, na leagáidithe, na seiceadóirí uachta nó riarthóirí eile: comharbas de dhroim an dlí agus/nó i bhfoirm thiomnach agus/nó a eascraíonn as comhaontuithe maidir le comharbas;

(f) sonraí maidir leis an iarratasóir: sloinne, ainmneacha baiste, inscne, naisiúntacht, a chód aitheantais má tá sé ar fáil, seoladh, cineál gaoil leis an duine éagtha;

(g) nuair is infheidhme, faisnéis i leith gach oidhre maidir leis an gcaoi ina ndéanfar an comharbas a ghlacadh;

(h) i gcás go bhfuil níos mó ná hoidhre amháin ann, scair gach duine acu chomh maith le, más infheidhme, liosta de na cearta agus na sócmhainní atá ag dul d'oidhre áirithe;

(i) liosta de na cearta agus na sócmhainní atá ag dul do na leagáidithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas;

(j) na srianta ar cheart an oidhre i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas i gcomhréir le Caibidil III agus/nó i gcomhréir leis na forálacha atá san uacht nó sa chomhaontú maidir le comharbas;

(k) liosta de na gníomhaíochtaí ar féidir leis an oidhre, an leagáide, an seiceadóir uachta agus/nó an riarthóir a chur i gcrích ar mhaoin an chomharbais de bhun an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas.

Airteagal 42

Éifeachtaí an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais

1. Aithneofar an Deimhniú Eorpach Comharbais go huathoibríoch i ngach Ballstát maidir le cáil na n-oidhrí agus na leagáidithe agus cumhachtaí na seiceadóirí uachta nó riarthóirí eile.

2. Toimhdeofar gurb ionann inneachar an deimhnithe agus an fhírinne i ngach Ballstát ar feadh a thréimhse bailíochta. Toimhdeofar go mbeidh an ceart comharbais sa deimhniú ag an duine a ainmneofar mar oidhre, leagáide, seiceadóir uachta nó riarthóir, nó go mbeidh na cumhachtaí riaracháin a bheidh sonraithe aige agus nach mbeidh coinníollacha ná srianta ann seachas na cinn a bheidh luaite ann.

3. Scaoilfear óna oibleagáidí aon duine a íocfaidh le sealbhóir an deimhnithe nó a aistreoidh maoin chuig sealbhóir an deimhnithe agus atá údaraithe chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis an deimhniú, mura bhfuil a fhios aige nach ionann inneachar an deimhnithe agus an fhírinne.

4. Maidir le gach duine a bhfuil maoin chomharbais faighte aige ó shealbhóir an deimhnithe agus atá údaraithe chun an mhaoin a bheith ina sheilbh aige i gcomhréir leis an liosta atá i gceangal leis an deimhniú, measfar go bhfuair sé í ó dhuine a raibh sé de chumhacht aige an mhaoin a bheith ina sheilbh aige, ach amháin mura bhfuil a fhios aige nach ionann inneachar an deimhnithe agus an fhírinne.

5. Is doiciméad bailí é an deimhniú lenar féidir an mhaoin a fhaightear a thrascríobh nó a iontráil i gcláir phoiblí an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin. Déanfar an trascríobh faoi na coinníollacha a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a gcoimeádtar an clár faoina údarás agus beidh na héifeachtaí a bhforáiltear dóibh ann aige.

Airteagal 43

An Deimhniú Eorpach Comharbais a cheartú, a fhionraí nó a chealú

1. Coimeádfaidh an chúirt eisiúna an deimhniú bunaidh, agus eiseoidh sí cóip bharántúil amháin nó níos mó don iarratasóir nó d'aon duine a mbeidh leas dlisteanach acu.

2. I gcás na gcóipeanna a eiseofar beidh na héifeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 42 acu ar feadh tréimhse teoranta trí mhí. A luaithe a bheidh an tréimhse seo caite, beidh ar shealbhóirí an deimhnithe nó aon pháirtithe leasmhara eile cóip bharántúil nua a iarraidh ón gcúirt eisiúna chun a gcearta comharbais a dhearbhú.

3. Arna iarraidh sin ag páirtí leasmhar ar an gcúirt eisiúna, nó ag an údarás i dtrácht ar a thionscnamh féin, déanfar an deimhniú:

(a) a cheartú i gcás earráide substaintí;

(b) nóta a chur ar a imeall trína bhfionraítear a éifeachtaí i gcás go bhfuil conspóid ann maidir le cruinneas an deimhnithe;

(c) a chealú i gcás go suítear nach bhfuil an deimhniú cruinn.

4. Cuirfidh an chúirt eisiúna nóta ar imeall an deimhnithe bhunaidh maidir le ceartú nó le fionraí a éifeachtaí nó le cealú an deimhnithe agus tabharfaidh sí fógra ina leith don iarratasóir nó do na hiarratasóirí.

Airteagal 44

Modhanna achomhairc

Eagróidh gach Ballstát na modhanna achomhairc i gcoinne an chinnidh i dtaca le deimhniú a eisiúint nó gan a eisiúint, a cheartú, a fhionraí nó a chealú.

Caibidil VII

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 45

Gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann

1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo aon difear do chur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún déthaobhach nó iltaobhach a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a ghlactar an Rialachán seo agus a bhaineann leis na hábhair atá cumhdaithe leis an Rialachán seo, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 307 den Chonradh.

2. D'ainneoin na chéad mhíre, beidh forlámhas ag an Rialachán seo, idir na Ballstáit, ar na coinbhinsiúin a bhaineann leis na hábhair atá cumhdaithe leis an Rialachán seo agus a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu.

Airteagal 46

Faisnéis a chur ar fáil don phobal

Déanfaidh na Ballstáit, tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála, tuairisc a chur ar fáil ar an reachtaíocht náisiúnta agus ar na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le dlí an chomharbais, mar aon le téacsanna ábhartha, d'fhonn iad a chur ar fáil don phobal. Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir le haon leasú ina dhiaidh sin ar na forálacha seo.

Airteagal 47

Leasuithe ar na foirmeacha

Déanfar aon leasú ar na foirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 38 agus Airteagal 41 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin a leagtar síos in Airteagal 48(2).

Airteagal 48

Coiste

1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 75 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 49

Clásal athbhreithnithe

Tráth nach déanaí ná [...], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí maidir le hoiriúnú in éineacht leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 50

Forálacha idirthréimhseacha

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comharbas ar mhaoin daoine éagtha tar éis an dáta a chuirfear é i bhfeidhm den chéad uair.

2. Más rud é go raibh dlí ainmnithe ag an duine éagtha, roimh an dáta a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm den chéad uair, a bheidh infheidhme maidir lena chomharbas, measfar go mbeidh an t-ainmniúchán sin bailí ar choinníoll go sásaíonn sé na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 17.

3. Más rud é go raibh dlí ainmnithe ag na páirtithe i gcomhaontú maidir le comharbas, roimh an dáta a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm den chéad uair, a bheidh infheidhme maidir leis an gcomhaontú sin, measfar go mbeidh an t-ainmniúchán sin bailí ar choinníoll go sásaíonn sé na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 18.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón [bliain amháin tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(...PICT...)

|

IARSCRÍBHINN I: AN T-IARRATAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 38 DEN RIALACHÁN

iarratas ar dheimhniú eorpach comharbais

(Airteagail 36 agus a leanann de Rialachán […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comharbas [22])

|

1. BallstátBE □ BG □ CZ □ DE □ EE □ [IE □] EL □ ES □ FR □ IT □ CY □ LV □ LT □ LU □ HU □ MT □ NL □ AT □ PL □ PT □ RO □ SI □ SK □ FI □ SE □ [UK □] |

|

2. Sonraí an duine éagtha

2.1. Sloinne:

2.2. Ainm baiste nó ainmneacha baiste:

2.3. Inscne:

2.4. Stádas sibhialta:

2.5. Náisiúntacht:

2.6. Cód aitheantais*:

2.7. Dáta an bháis:

2.8. Láthair an bháis:

Seoladh deireanach ag a raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha:

2.9. Sráid agus uimhir oifig phoist:

2.10. Áit agus cód poist:

2.11. Tír:

|

3. Sonraí an iarratasóra:

3.1. Sloinne:

3.2. Ainm baiste nó ainmneacha baiste:

3.3. Inscne:

3.4. Náisiúntacht:

3.5. Cód aitheantais*:

3.6. Sráid agus uimhir oifig phoist:

3.7. Áit agus cód poist:

3.8. Uimhir theileafóin:

3.9. Seoladh r-phoist:

3.10. Cineál gaoil leis an duine éagtha:

*más iomchuí

|

4. Eolas breise:

4.1. Fíricí nó pointí dlí a thugann bonn do cheart comharbais:

4.2. Fíricí nó pointí dlí a thugann bonn do cheart chun an comharbas a fhorghníomhú agus/nó a riaradh:

4.3. An ndearna an duine éagtha diúscairtí maoine tráth báis? rinne ní dhearna

I gcás gur fhreagair tú go ndearna, ní mór duit an diúscairt maoine tráth báis a chur i gceangal.*

4.4. Ar shonraigh an duine éagtha conradh pósta? Shonraigh níor shonraigh

I gcás gur fhreagair tú gur shonraigh, ní mór duit an conradh pósta a chur i gceangal.*

4.5. An nglacann tú ionad oidhre nó leagáidí eile? Glacaim ní ghlacaim

I gcás gur fhreagair tú go nglacann, ní mór duit cruthúnas go bhfuair sé bás nó cruthúnas maidir leis an teagmhas a chuireann bac air éileamh a dhéanamh ar an gcomharbas a chur i gceangal.*

4.6. An bhfuil tú ar an eolas faoi chonspóid a bhaineann leis na cearta comharbais? tá níl

I gcás gur fhreagair tú go bhfuil, ní mór duit sonraí maidir leis an gconspóid a sholáthar.*

4.7. Ní mór duit liosta de ghaolta uile an duine éagtha a chur i gceangal, ina sonraítear a sloinne, a n-ainm baiste nó a n-ainmneacha baiste, an cineál gaoil leis an duine éagtha, dáta breithe, náisiúntacht agus seoladh.

*Ní mór duit doiciméid bharántúla nó cóipeanna deimhnithe, más féidir, a sholáthar. |

Dearbhaím go sollúnta gur soláthraíodh na sonraí seo go hiomlán a mhéid is eol dom.* |

Dáta:

Síniú:

*Airteagal 38(3), i gcás go ndéantar na dearbhuithe faoi mhionn.

IARSCRÍBHINN II: AN DEIMHNIÚ EORPACH COMHARBAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 41

Deimhniú Eorpach comharbais

(Airteagal 41 de Rialachán […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comharbas [23])

|

1. Ballstát na cúirte eisiúnaBE □ BG □ CZ □ DE □ EE □ [IE □] EL □ ES □ FR □ IT □ CY □ LV □ LT □ LU □ HU □ MT □ NL □ AT □ PL □ PT □ RO □ SI □ SK □ FI □ SE □ [UK □] |

|

2. Sonraí maidir leis an gcúirt 2.1. An chúirt a bhfuil dlínse aici i gcomhréir leis an Airteagal seo a leanas den Rialachán: Airteagal 4 Airteagal 5 Airteagal 6 2.2. Déan teagmháil le: 2.3. Seoladh: |

3. Sonraí an duine éagtha

3.1. Sloinne:

3.2. Ainm baiste nó ainmneacha baiste:

3.3. Inscne:

3.4. Stádas sibhialta:

3.5. Náisiúntacht:

3.6. Cód aitheantais*:

3.7. Dáta an bháis:

3.8. Láthair an bháis:

Seoladh deireanach ag a raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha:

3.9. Sráid agus uimhir oifig phoist:

3.10. Áit agus cód poist:

3.11. Tír:

3.12 Comhaontuithe pósta:

3.13 An dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas:

|

4. Sonraí an iarratasóra

4.1. Sloinne:

4.2. Ainm baiste nó ainmneacha baiste:

4.3. Inscne:

4.4. Náisiúntacht:

4.5. Cód aitheantais*:

4.6. Sráid agus uimhir oifig phoist:

4.7. Áit agus cód poist:

4.8. Uimhir theileafóin:

4.9. Seoladh r-phoist:

4.10. Cineál gaoil leis an duine éagtha:

*más iomchuí |

5. Cruthúnas ar an gcáil oidhre

5.1. An soláthraíonn an doiciméad seo cruthúnas maidir ar an gcáil oidhre soláthraíonn ní sholáthraíonn

5.2. Liosta na n-oidhrí:*

Sloinne | Ainm baiste nó aimneacha baiste | Dáta breithe | Sciar an chomharbais | Srianta |

| | | | |

| | | | |

| | | | |

| | | | |

| | | | |

| | | | |

| | | | |

*más gá, cuir leathanach breise leis más gá.

5.3. An bhfuil glacadh an chomharbais, nuair is infheidhme,

faoi réir coinníll (mar shampla, faoi beneficium inventarii)? tá níl

Má tá, sonraigh ar leathanach eile an cineál coinníll atá i gceist agus a éifeachtaí.

5.4. Liosta de na sócmhainní agus na cearta ag dul d'oidhre áirithe:*

Sloinne | Ainm baiste nó aimneacha baiste | Sonrú ar an maoin nó ar an gceart |

| | |

| | |

| | |

| | |

| | |

| | |

*cuir leathanach breise leis más gá. |

6. Cruthúnas ar an gcáil leagáidí

6.1. An soláthraíonn leis an doiciméad seo cruthúnas ar an gcáil oidhre soláthraíonn ní sholáthraíonn

6.2. Liosta na n-oidhrí:*

Sloinne | Ainm baiste nó aimneacha baiste | Dáta breithe | Ceart nó cearta nó maoin atá ag dul don leagáidí i gcomhréir leis an diúscairt maoine tráth báis |

| | | |

| | | |

| | | |

| | | |

| | | |

*cuir leathanach breise leis más gá.

|

7. Cruthúnas ar an gcáil riarthóra agus/nó seiceadóra

7.1. An soláthraíonn an doiciméad seo cruthúnas ar an gcáil oidhre soláthraíonn ní sholáthraíonn

7.2. An soláthraíonn an doiciméad seo cruthúnas ar an gcáil seiceadóra soláthraíonn ní sholáthraíonn

7.3. Sonraigh más é do thoil é cineál na gceart riarthóra agus/nó seiceadóra atá i gceist, bonn dlíthiúil na gceart sin agus liosta na ngíomhaíochtaí ar féidir leis an duine sin a chur i gcrích de bharr na gceart seo:

[1] IO L 12, 16.1.2001, lch 1.

[2] IO C 19, 23.1.1999.

[3] Féach Conclúidí na hUachtaránachta, An Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil, an 4 agus an 5 Samhain 2004.

[4] CBCE, 28.4.1998, C-200/96 – Metronome Musik, ECR 1998 I-01953; 12.7.2005, C-154 agus 155/04 – Alliance for Natural Health and others, ECR 2005 I-06451.

[5] http://www.successions.org.

[6] COIM(2005) 65, http://europa.eu/scadplus/leg/en/lvb/l16017.htm

[7] http://ec.europa.eu/justice_home/news/consulting_public/successions/news_contributions__en.htm.

[8] IO C 51, 1.3.2006, lch 3.

[9] http://ec.europa.eu/justice_home/news/consulting_public/successions/contributions/summary_contributions_successions_fr.pdf

[10] Rún an 16.11.2006, P6_TA(2006)0496.

[11] Tuairim an 26.10.2005, IO C 28, 3.2.2006. lch 1.

[12] Coinbhinsiún na Háige an 1.8.1989 i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le comharbas ar mhaoin daoine éagtha.IO C…,lch…

[13] IO C …, lch ..

[14] IO C …, lch ..

[15] IO C 12, 15.1.2001, lch 1.

[16] IO L 12, 16.1.2001, lch 1.

[17] IO C 53, 3.3.2005, lch 1.

[18] IO L 177, 4.7.2008. lch 6.

[19] IO L 174, 27.6.2001. lch 25.

[20] IO L 184, 17.7.1999. lch 23.

[21] IO L 324, 10.12.2007. lch 79.

[22] IO L […]

[23] IO L [...].

--------------------------------------------------

Top