EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H0498

Moladh (AE) 2023/498 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le Cód Cleachtais i ndáil le caighdeánú sa Limistéar Eorpach Taighde

C/2023/1320

IO L 69, 7.3.2023, p. 63–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/498/oj

7.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 69/63


MOLADH (AE) 2023/498 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2023

maidir le Cód Cleachtais i ndáil le caighdeánú sa Limistéar Eorpach Taighde

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuidíonn caighdeáin le taighdeoirí agus nuálaithe a nuálaíocht a thabhairt níos gaire don mhargadh agus dul chun cinn teicneolaíoch a scaipeadh trí chritéir aonfhoirmeacha a bhunú agus trí fhorbairt a dhéanamh ar mhodhanna, cleachtais agus nósanna imeachta atá ar fáil go poiblí i ndoiciméad foirmiúil. Le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, soláthraítear rochtain ar mhargaí móra domhanda agus réigiúnacha do tháirgí agus seirbhísí nuálacha nua.

(2)

Cuireann caighdeáin bonn ar fáil chun teicneolaíochtaí éagsúla a chomhtháthú i gcórais agus i réitigh chasta nuálacha, agus cumasaítear leo idir-inoibritheacht idir comhpháirteanna, táirgí agus seirbhísí, rud a sheachnaíonn gaibhniú díoltóirí agus a sholáthraíonn rogha níos mó do chustaiméirí ar fud an domhain – ról ríthábhachtach i ndomhan atá ag dul faoi chlaochlú digiteach ar fud na dtionscal agus na n-earnálacha uile.

(3)

Le caighdeáin, cumasaítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus sonraí trí bhacainní teicniúla a bhaint. Déanann siad íoscheanglais sábháilteachta a leagan síos d’fhorbairt, d’iompar agus d’úsáid na n-earraí agus na seirbhísí sin, chun an pobal agus oibrithe a chosaint. Tugann na caighdeáin aghaidh dhíreach ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus is féidir leo cuidiú le hathléimneacht gheilleagar an Aontais a neartú. Tá ról lárnach acu maidir le huaillmhianta an Aontais i dtreo geilleagar aeráidneodrach, athléimneach agus ciorclach agus maidir lena uathriail straitéiseach oscailte a neartú. Chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannródaí maidir le caighdeáin dhomhanda, beidh sé ríthábhachtach dó tionchar mór a bheith aige ar ghníomhaíochtaí caighdeánaithe ar bhonn domhanda agus an obair sna fóraim agus institiúidí idirnáisiúnta is tábhachtaí a threorú.

(4)

Tacaíonn fianaise ó roinnt cineálacha éagsúla tionscadal taighde agus nuálaíochta (T&N) le ról an chaighdeánaithe maidir le táirgí agus réitigh indíolta a chruthú (1). Is féidir le caighdeáin riachtanais úsáideoirí agus páirtithe leasmhara eile a chódú chun taighde agus forbairt teicneolaíochta a threorú. Fágann siad gur féidir teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí a bheith idir-inoibritheach: ós rud é go soláthraíonn caighdeán sonraí maidir le húsáid agus ábhar teicneolaíochta nó táirge, tá sé i bhfad níos éasca a fháil amach cathain agus conas is féidir é a úsáid in éineacht le teicneolaíochtaí nó táirgí eile.

(5)

Tá feasacht ar thairbhí an chaighdeánaithe ina réamhriachtanas tábhachtach chun go mbeidh gníomhaithe taighde rannpháirteach go rathúil i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe. Tá sé tábhachtach gníomhaíochtaí caighdeánaithe a phleanáil roimh ré sa phlean oibre tosaigh maidir le tionscadail T&N agus na riachtanais chaighdeánaithe a shainaithint ag tús an tionscadail, sula mbainfear torthaí insaothraithe amach.

(6)

Is ann do thacair chobhsaí agus athfhillteacha de ghnéithe dea-chleachtais tionscadal taighde a bhíonn ag plé le caighdeánú (2). An tráth céanna, tá acmhainneacht láidir ann chun cur le feasacht agus saineolas teicniúil taighdeoirí maidir le próisis chaighdeánaithe, agus chun táscairí feidhmíochta aitheanta a fhorbairt chun rath na ngníomhaíochtaí aistrithe teicneolaíochta agus luachshocraithe a rianú. D’fhéadfaí cur le feasacht agus saineolas teicniúil chomh maith maidir leis an gcaoi a bhfuil baint ag próisis chaighdeánaithe le próisis taighde agus le próisis nuálaíochta agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad leo. Is féidir le comhtháthú rathúil T&N agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe ugach mór a thabhairt do ghlacadh gníomhaíochtaí T&N.

(7)

Is féidir leibhéil na hullmhachta teicneolaí (LUTanna) agus an t-athrú orthu le linn an tionscadail a mheas mar tháscairí tábhachtacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht agus ar fheidhmíocht tionscadail T&N i dtéarmaí na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe. D’fhéadfadh riachtanais éagsúla i dtéarmaí caighdeán agus caighdeánaithe a bheith i gceist le LUTanna éagsúla freisin: de ghnáth bíonn baint níos mó ag LUTanna níos ísle leis an obair atá le déanamh, mar shampla, maidir le téarmaí agus coincheapa, méadreolaíocht agus tástáil, cásanna úsáide agus ailtireachtaí tagartha; os a choinne sin is gnách go mbaineann LUTanna ag céim níos déanaí le saincheisteanna amhail idir-inoibritheacht agus feidhmíocht (mar shampla, maidir le slándáil, sábháilteacht, tionchar ar an gcomhshaol agus feidhmiúlacht) na teicneolaíochta/na nuálaíochta – dá bhrí sin, tá caighdeáin ar fud na LUTanna uile tábhachtach do thaighdeoirí agus nuálaithe ar fud roinnt réimsí teicneolaíochta agus feidhmchláir.

(8)

Is féidir le gníomhaithe T&N caighdeáin nua a stiúradh, a leanúint nó a ghlacadh chun tacú le forbairt agus cur in úsáid idirnáisiúnta na dteicneolaíochtaí, na nuálaíochtaí agus na dtreochtaí is déanaí. Dá luaithe a ghlacann na gníomhaithe T&N páirt sa phróiseas forbartha caighdeán, a chomhtháthaítear laistigh dá bpróiseas foriomlán T&N, is ea is luaithe is féidir leo a nuálaíochtaí atá bunaithe ar chaighdeáin a thabhairt chuig margaí domhanda iomaíocha, agus bíonn luach agus luach saothair níos mó ann dá bharr. Dá bhrí sin, téann na ceannairí chun tosaigh trína rannpháirtíocht ghníomhach luath maidir le leagan síos caighdeán nua a ghiaráil. Le linn an phróisis forbartha caighdeán, faigheann siad léargas luachmhar margaidh agus teicniúil freisin chun bonn eolais a chur faoina straitéis agus a dtreochláir T&N agus chun buntáiste a fháil thar a n-iomaitheoirí ó thaobh ama go dtí an margadh de mar gheall ar a rannpháirtíocht luath i bhforbairt na gcaighdeán nua. Faigheann na ceannairí sin (lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta) an deis freisin a nuálaíochtaí uathúla táirgí nó seirbhísí féin a shuíomh ar an mbunchaighdeán agus iad a chur leis, ar caighdeán é a chabhraigh siad a leagan síos.

(9)

Is gá aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna san oiliúint agus sa léachtóireacht (3). Tá sé ríthábhachtach tuiscint bhunúsach a fhorbairt ar na saintréithe agus na caidrimh idir próisis taighde, próisis nuálaíochta agus próisis chaighdeánaithe agus an chaoi ar féidir leo treisiú a dhéanamh ar a chéile chun borradh a chur faoi luachshocrú eolais (4).

(10)

Ceann de na saincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt uirthi i mbeartas Institiúide Ardoideachais nó eagraíochta taighde maidir le caighdeáin agus caighdeánú le haghaidh luachshocrú taighde is ea gníomhaíochtaí caighdeánaithe a dtaighdeoirí a dhreasú agus na gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh i bhforbairt gairme.

(11)

San Aontas, le blianta anuas, bhunaigh Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta iad féin i gcuid mhór institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde mar ionaid seirbhísí ní hamháin chun maoin intleachtúil a láimhseáil agus a chomhdú, nó chun tacú le cruthú gnólachtaí nuathionscanta, ach freisin chun tacaíocht ghinearálta a chur ar fáil agus iad ag déileáil le taighde ar chonarthaí agus ag cuidiú le tionscadail taighde chomhoibríocha a riar. Dá bhrí sin, is crann taca institiúideach eile iad eagraíochtaí aistrithe teicneolaíochta atá ceaptha chun tacú le caighdeánú, agus is leanúint loighciúil dá ról aistrithe eolais/teicneolaíochta í a rannpháríocht. I gcodarsnacht le paitinní agus foilseacháin eolaíocha, is cosúil nach gcuirtear coincheap na húdarthachta i bhfeidhm go forleathan, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra tionchar a rianú trí úsáid a bhaint as teicnící tomhais lua.

(12)

I gcás roinnt tionscadal T&N, d’fhéadfadh sé nach é an rogha is fearr nó fiú nach rogha indéanta é a bheith rannpháirteach i gcruthú caighdeáin nua. An tráth céanna, tá acmhainneacht mhór ann mar gheall ar thaighdeoirí a bheith rannpháirteach i luathchéimeanna na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe laistigh de chláir T&N, nuair a fhaigheann taighdeoirí eolas agus líonraí tábhachtacha, agus an tráth céanna rannchuidíonn siad le forbairt príomhchaighdeán idirnáisiúnta agus Eorpach, idir chaighdeáin nua agus chaighdeáin fheabhsaithe, i réimsí ríthábhachtacha don tionscal agus don tsochaí.

(13)

Nuair a aithníonn tionscadal na teorainneacha atá ag baint leis ó thaobh raon feidhme, fad agus acmhainní de, féadfaidh sé féachaint lena thorthaí agus a ionchur a chomhdhlúthú le tionscadail eile den chineál céanna. Tá roinnt ardán agus braislí téamacha ann cheana in earnálacha éagsúla agus féachann siad le feidhmíocht a fheabhsú agus dul chun cinn a n-earnálacha sonracha a uasmhéadú.

(14)

I gcomhréir le Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) (5), lena n-áirítear gníomhaíocht chun “Treoraíocht ón Aontas le haghaidh luachshocrú eolais níos fearr a uasghrádú”, molann an Coimisiún an Moladh seo maidir le Cód Cleachtais i ndáil le caighdeánú sa Limistéar Eorpach Taighde chun Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle (6) a chur chun feidhme. Sainaithníodh an glao ar an Moladh seo sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le LET nua le haghaidh taighde agus nuálaíochta (7) agus sna Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir le rialachas LET agus maidir leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip (8). Thairis sin, leagtar béim i Straitéis an Aontais um Chaighdeánú (9) ar a thábhachtaí atá sé feasacht straitéiseach a mhúscailt agus a bheith rannpháirteach i bpobal T&N go luath sa chaighdeánú agus luaitear inti go bhfuil gá leis an Moladh seo.

(15)

Léirítear sa Mholadh seo na treoracha nua a tugadh isteach le Moladh (AE) 2022/2415 toisc gurb é is aidhm dó feasacht straitéiseach a mhúscailt i measc taighdeoirí agus nuálaithe maidir leis na tairbhí an-suntasach a bhaineann le T&N agus caighdeánú a chomhtháthú, agus comhairle dea-chleachtais a chur ar fáil maidir le conas an comhtháthú sin a dhéanamh go rathúil ar fud a ngníomhaíochtaí T&N le haghaidh cruthú uasluacha agus chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach.

(16)

Ceaptar an Moladh seo ar leibhéal na n-institiúidí ardoideachais agus na n-eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta príobháideacha agus poiblí, ar leibhéal chomhpháirtithe an tionscadail taighde agus nuálaíochta agus ar leibhéal an bheartais agus na bpáirtithe leasmhara níos leithne. Ba cheart an Moladh seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le haon riail ábhartha ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.   SAINMHÍNITHE

Chun críoch an Mholta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn maoin intleachtúil toradh gníomhaíochtaí intleachtúla atá incháilithe le haghaidh cosaint dhlíthiúil agus áirítear léi aireagáin, saothair liteartha agus ealaíonta, agus siombailí, ainmneacha, íomhánna agus dearaí;

(2)

ciallaíonn caighdeán sonraíocht theicniúil, arna glacadh ag comhlacht aitheanta um chaighdeánú ar an leibhéal idirnáisiúnta, Eorpach nó náisiúnta, atá le cur i bhfeidhm arís is arís nó ar bhonn leantach, nach bhfuil comhlíontacht éigeantach ina leith (10);

(3)

Ciallaíonn Eagraíocht Forbartha Caighdeán comhlacht a dhéanann speisialtóireacht i bhforbairt caighdeán trí phróiseas an chomhdhearcaidh agus a éascaíonn saineolaithe chun páirt a ghlacadh sa phróiseas caighdeánaithe;

(4)

ciallaíonn caighdeánú próiseas arb é is aidhm dó sonraíochtaí deonacha teicniúla nó cáilíochta a shainiú, ar sonraíochtaí iad a fhéadfaidh táirgí, próisis táirgthe nó seirbhísí, atá ann anois nó a bheidh ann amach anseo, a chomhlíonadh. D’fhéadfadh roinnt nithe a bheith i gceist le caighdeánú, amhail caighdeánú ar ghráid nó ar thoisí éagsúla de tháirge ar leith nó caighdeánú ar shonraíochtaí teicniúla i margaí táirgí nó seirbhísí ina bhfuil comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht le táirgí nó córais eile fíor-riachtanach (11);

(5)

ciallaíonn coiste teicniúil grúpa páirtithe leasmhara éagsúil saineolaithe atá freagrach as caighdeáin a fhorbairt agus a dhréachtú, agus aithníonn comhlacht um chaighdeánú iad ina dhiaidh sin;

(6)

ciallaíonn sonraíocht theicniúil doiciméad ina leagtar amach na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas, seirbhís nó córas agus ina leagtar síos na saintréithe is gá a bheith ag táirge nó seirbhís amhail cáilíocht agus feidhmíocht, na modhanna agus na próisis táirgthe a úsáidtear agus na modhanna agus na critéir chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú (12).

2.   INSTITIÚIDÍ ARDOIDEACHAIS AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TAIGHDE AGUS NUÁLAÍOCHTA PRÍOBHÁIDEACHA AGUS POIBLÍ

2.1.   Moltar beartas um chaighdeánú a fhorbairt, beartas a bheidh neamhspleách nó mar chuid de bheartas um luachshocrú maoine intleachtúla nó torthaí taighde.

(7)

Ba cheart d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí T&N a fhiosrú cé na réimsí taighde a bhféadfadh baint a bheith acu le caighdeánú agus conas is féidir le caighdeánú cuidiú chun torthaí taighde a luachshocrú. Ciallaíonn sé sin gur cheart measúnú ar riachtanais maidir le caighdeáin agus caighdeánú a dhéanamh ar leibhéal na heagraíochta. Ba cheart d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí T&N cultúr comhoibríoch a fhorbairt agus comhar a chothú idir an eagraíocht agus a páirtithe leasmhara, lena n-áirítear lucht tionscail, lucht ceaptha beartas, saineolaithe um chaighdeánú, comhlachtaí um chaighdeánú agus ionadaithe úsáideoirí. Ba cheart féachaint freisin ar ról na gcaighdeán i mbinsí tástála chun lúba aischothaithe dhá threo a chruthú idir T&N agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe chun caighdeáin níos fearr a bhaint amach níos tapúla. Éascaíonn an Coiste Eorpach um Chaighdeánú agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CEN-Cenelec), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) idirchaidreamh díreach idir institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí T&N agus Eagraíochtaí Forbartha Caighdeán (SDOnna) chun rochtain ar fhaisnéis agus ar shaineolas maidir le caighdeánú a sholáthar. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh CEN-Cenelec agus ETSI cuidiú le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí T&N beartais nua a fhorbairt chun a ngníomhaíochtaí T&N agus caighdeánaithe a chomhtháthú (13).

(8)

Ba cheart cur chuige dhá ghné a leanúint chun beartas um chaighdeánú a fhorbairt. Ar an gcéad dul síos, ba cheart faisnéis a bhailiú trí fhiosrúchán a sheoladh a bheidh dírithe ar gach aonad taighde inmheánach laistigh d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí T&N maidir lena leibhéal rannpháirtíochta iarbhír agus féideartha le caighdeáin agus le gníomhaíochtaí caighdeánaithe, chomh maith lena leibhéal eolais ar na gníomhaíochtaí sin. Ar an dara dul síos, ba cheart cur chun feidhme a áirithiú trí idirchaidreamh a dhéanamh le SDOnna, go háirithe le CEN-Cenelec agus ETSI agus le comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, ar féidir leo tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí T&N maidir le caighdeánú mar chúram i dtionscadail taighde.

2.2.   Moltar gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus aschuir a mheas go hiomchuí i bpleananna forbartha gairme agus i gcleachtaí measúnaithe taighde na dtaighdeoirí.

(9)

Ba cheart do bheartas na n-institiúidí ardoideachais agus na n-eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le caighdeáin agus caighdeánú taighdeoirí a spreagadh chun dul i dteagmháil le coistí teicniúla na gcomhlachtaí ábhartha um chaighdeánú agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh iontu, chun leas a bhaint as a saineolas maidir le caighdeánú. Ba cheart go bhfaigheadh na taighdeoirí aitheantas d’fhorbairt gairme a bhaineann lena rannchuidiú le caighdeánú.

(10)

I gcomhthéacs an tionscnaimh Eorpaigh atá faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara chun measúnú taighde a athchóiriú, ar cuid é de Chlár Oibre Beartais LET 2022-2024 agus de Ghlao Pháras maidir le Measúnú Taighde (14), ba cheart gníomhaíochtaí caighdeánaithe a mheas mar rannchuidithe luachmhara a bhféadfadh tionchair shuntasacha agus éifeachtaí suntasacha de chineál eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil nó sochaíoch a bheith acu.

2.3.   Moltar foráil a dhéanamh maidir le hoideachas agus oiliúint i dtaca le caighdeánú.

(11)

Ba cheart oiliúint spriocdhírithe a chur ar fáil ar dtús do phríomhfhoireann feidhmiúcháin in institiúidí ardoideachais agus in eagraíochtaí T&N, amhail leas-déin le haghaidh taighde, Príomhoifigigh Nuálaíochta agus Príomhoifigigh Luachshocraithe, lena n-áiritheofar a dtacaíocht d’fhorbairt bhreise ar bheartas um chaighdéanú ina n-institiúidí. Ina dhiaidh sin, ba cheart oiliúint a thairiscint do na nuálaithe, taighdeoirí, ceann ranna agus ollúna sin ar dóichí go ndéanfaidh na hábhair chaighdeánaithe difear dóibh nó go nochtfar iad do na hábhair chaighdeánaithe. Ba cheart d’oiliúnóirí ó SDOanna agus ón tionscal a bheith rannpháirteach sna cláir oiliúna agus teagaisc. I gcás inarb ábhartha, ba cheart ionadaithe úsáideoirí a bheith rannpháirteach freisin.

(12)

Mar chuid de straitéisí caighdeánaithe, ba cheart caighdeánú a mheas freisin mar ábhar teagaisc i gcláir iomchuí ghnó, nuálaíochta, fiontraíochta, teicneolaíochta agus eolaíochta, mar shampla i gcláir oideachais bainistithe nuálaíochta.

2.4.   Moltar Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta a dhéanamh oiriúnach do chaighdeánú.

(13)

Ba cheart d’Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta acmhainneacht a fhorbairt – mar shampla, trí oiliúint agus cumhachtú institiúideach – chun sraith seirbhísí a thairiscint i ndáil le caighdeánú, amhail:

(a)

feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann le caighdeánú;

(b)

comhairle a chur ar fáil maidir le táirgí insoláthartha caighdeánaithe ábhartha (amhail caighdeáin Eorpacha, caighdeáin idirnáisiúnta, sonraíochtaí teicniúla, réamhchaighdeáin, Comhaontú Ceardlainne an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú, sonraíochtaí Ghrúpa na gCaighdeán Idirnáisiúnta);

(c)

an cumas nasc a dhéanamh le SDOnna agus a dtairiscint oiliúna agus seirbhísí;

(d)

treoraíocht a chur ar fáil maidir le conas nasc a dhéanamh le comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú agus le hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeáin agus maidir le conas páirt a ghlacadh i gcoistí teicniúla in SDOnna;

(e)

tacaíocht bhunúsach a chur ar fáil agus tograí tionscadail á ndréachtú chun tagairt do chaighdeáin agus do chaighdeánú a chur san áireamh;

(f)

tacaíocht bhunúsach a chur ar fáil sa phróiseas caighdeánaithe a mhéid a bhaineann le foirmeacha a líonadh agus/nó a tharchur chuig SDOnna chun na críche sin;

(g)

tacaíocht a chur ar fáil nuair a bheifear ag déileáil le cúrsaí a bhaineann le maoin intleachtúil i bpróisis chaighdeánaithe;

(h)

faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar aschuir ó thionscadail T&N a bhaineann le caighdeánú;

(i)

oiliúint a eagrú do thaighdeoirí agus nuálaithe in institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí T&N, ionaid T&N (amhail Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, Pobail Eolais agus Nuálaíochta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht) agus dá gcomhpháirtithe tionscail.

2.5.   Moltar córas táscairí agus meastóireachta a fhorbairt.

(14)

Ba cheart d’eagraíochtaí T&N faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí caighdeánaithe bunaithe ar tháscairí aschuir, torthaí agus tionchair. Moltar oibriú i ndlúthchomhar le hinstitiúidí ardoideachais eile, le heagraíochtaí T&N agus le hOifigí Aistrithe Teicneolaíochta chun modhanna coiteanna inchomparáide bailithe sonraí agus léirmhínithe a chruthú. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta agus ag comhlachais ollscoile ina leith sin. Ba cheart cur chuige measctha, lena n-áirítear paraiméadair cháilíochtúla agus chainníochtúla, a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach sainítear agus nach mbailítear sonraí le haghaidh táscairí cainníochtúla amháin. Ní mór do thaighdeoirí agus/nó d’Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta tuarascálacha féinmheasúnaithe a scríobh nó modhanna cáilíochtúla eile a fhorbairt ina sonraítear comhthéacs na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe. Chuideodh sé sin le léirmhíniú na dtáscairí cainníochtúla agus sholáthródh sé feabhsuithe fianaisebhunaithe ar chórais faireacháin agus táscairí. Bheadh sé inmholta giaráil a dhéanamh ar líonraí Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta atá ann cheana, mar fheidhmeoirí córais faireacháin.

(15)

Ba cheart rannpháirteachas le stórais sonraí eolaíocha, go háirithe tríd an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte, a shaothrú lena gcumasófar meiteashonraí sonracha chun gníomhaíochtaí caighdeánaithe a nascadh le sonraí agus foilseacháin tacaíochta. Ba cheart comhar le hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeáin agus le SDOnna eile a spreagadh ina leith sin. I dteannta a chéile, ba cheart na riachtanais seo a leanas a shainaithint: ar an gcéad dul síos, bonn fianaise a fhorbairt maidir leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le táscairí áirithe a bhaineann le caighdeánú chun luachshocrú eolais a rianú; ar an dara dul síos, leas a bhaint as sraith táscairí seachas táscairí aonair.

3.   COMHPHÁIRTITHE TIONSCADAIL

3.1.   Moltar anailís a dhéanamh ar thírdhreach na gcaighdeán atá ann cheana agus measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú is féidir le caighdeánú cur ar fáil don tionscadal taighde agus nuálaíochta.

(16)

Ag tús an phróisis chun togra tionscadail a dhréachtú, moltar na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:

a)

féachaint ar ghníomhaíochtaí leanúnacha caighdeánaithe a bhaineann leis an ábhar taighde chun tuiscint a fháil ar an úrscothacht;

b)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí agus conas a dhéanfaí torthaí T&N a ionchorprú i gcaighdeáin nua nó a úsáid chun na caighdeáin atá ann cheana a nuashonrú.

(17)

Ba cheart caighdeánú a thuiscint mar uirlis seachas mar chuspóir ann féin. Agus cinneadh á dhéanamh an bhféadfaí caighdeáin agus caighdeánú a chur san áireamh i dtogra tionscadail, ba cheart na tásca seo a leanas a mheas:

(a)

luaitear sa ghlao ar thograí caighdeánú agus caighdeáin go sainráite sa téacs agus/nó sna critéir mheastóireachta;

(b)

tá gá le hidir-inoibritheacht comhpháirteanna, gaireas, córas agus sonraí teicniúla éagsúla i réimse an taighde nó na teicneolaíochta;

(c)

tá saincheisteanna sábháilteachta, slándála, comhshaoil, feidhmíochta, tomhais nó sláinte le sainiú agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu;

(d)

is gá téarmaíocht chomhchoiteann, coincheapa, modheolaíochtaí agus cásanna úsáide nuálaí a fhorbairt a bheidh le breithniú agus le húsáid ag páirtithe leasmhara éagsúla;

(e)

tá gá le bealaí atá sainithe go soiléir chun fadhbanna a chainníochtú, a thástáil agus a thomhas; agus chun comhlíonadh na gceanglas teicniúil nó rialála a léiriú;

(f)

tá an réimse teicneolaíochta ag forbairt agus tá gá le caighdeáin nua nó leasaithe;

(g)

is féidir caighdeáin atá ann cheana a úsáid chun modheolaíochtaí nua a thagarmharcáil agus chun nuashonruithe ar na caighdeáin tagarmhairc atá ann cheana a mholadh. Ba cheart anailís ar bhearnaí caighdeánaithe a mheas mar cheann de na chéad chúraimí agus tionscadal á chur i gcrích. Ba cheart d’eagraíocht atá eolach ar thírdhreach na gcaighdeán é a dhéanamh, amhail SDO a d’fhéadfadh tacú le dréachtú na hanailíse ar bhearnaí caighdeánaithe agus a d’fhéadfadh leas a bhaint as uirlisí tacaíochta amhail StandICT.eu (15) agus StandardPlusInnovation.eu (16).

3.2.   I gcás tionscadal comhoibríoch, moltar comhthuiscint a chruthú sa chuibhreannas chomh maith le comhsheasamh straitéiseach maidir le caighdeánú agus saincheisteanna caighdeánaithe.

(18)

Ba cheart eolas ar phróisis fhoirmiúla chaighdeánaithe a bheith ag comhpháirtithe tionscadail nó ba cheart dóibh an t-eolas sin a fháil, lena n-áirítear an gá atá le comhdhearcadh a bhaint amach i measc roinnt páirtithe leasmhara in obair chaighdeánaithe; anailís a dhéanamh ar fhéidearthachtaí agus ar theorainneacha na dtáirgí insoláthartha éagsúla a bhaineann le caighdeánú amhail doiciméid tagartha agus sonraíochta (amhail Comhaontuithe Ceardlainne CEN); agus anailís a dhéanamh ar na próisis as a dtagann na táirgí insoláthartha sin, lena n-áirítear a riachtanais, a gcomhairliúcháin agus a n-uainiú.

(19)

Ba cheart do chomhpháirtithe tionscadail comhsheasamh straitéiseach a shainiú maidir leis na caighdeáin agus na gníomhaíochtaí caighdeánaithe atá beartaithe. Nuair a ghníomhaíonn comhpháirtithe thar ceann an tionscadail sna meithleacha éagsúla agus sna fóraim chaighdeánaithe, ba cheart tacaíocht na gcomhpháirtithe eile a bheith acu agus cásanna a sheachaint ina mbeadh comhpháirtithe éagsúla ag teacht salach ar a chéile. Ba cheart dóibh teacht ar chomhthuiscint maidir le gnéithe teicniúla a bheidh le forbairt a thuilleadh sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe.

(20)

Iarrtar ar chomhpháirtithe tionscadail teagmháil a bhunú le CEN-Cenelec agus ETSI nó lena líonra comhaltaí náisiúnta chun a bheith ar an eolas faoin raon táirgí insoláthartha caighdeánaithe agus réamhchaighdeánaithe atá ar fáil dóibh, amhail Comhaontuithe Ceardlainne CEN-Cenelec, táirgí insoláthartha Ghrúpa na gCaighdeán Idirnáisiúnta de chuid ETSI, sonraíochtaí teicniúla nó tuarascálacha teicniúla.

3.3.   I gcás tionscadal comhoibríoch, moltar comhpháirtithe a bhfuil taithí acu ar chaighdeánú a thabhairt isteach san fhoireann, a bhfuil rochtain mhaith acu ar an bpobal caighdeánaithe.

(21)

Ba cheart SDOnna a bheith rannpháirteach sa chuibhreannas, nó ba cheart ar a laghad roinnt idirchaidrimh leo a áirithiú (mar shampla, trí litreacha tacaíochta, léiriú spéise, comhaltas de bhord comhairleach tionscadail). Ba cheart an t-idirchaidreamh le SDOnna a ghiaráil freisin trí theagmhálacha idirinstitiúideacha idir na hOifigí Aistrithe Teicneolaíochta agus oifigí taighde na n-institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí T&N agus SDOnna.

(22)

Mura féidir naisc dhíreacha a bhunú idir comhpháirtithe an tionscadail agus na coistí teicniúla ó thús an tionscadail, d’fhéadfadh comhaltaí den choiste teicniúil (nó speisialtóirí gníomhacha caighdeánaithe) a bheith rannpháirteach mar bhonn braite don tionscadal. Moltar comhpháirtithe a bhfuil taithí acu ar chaighdeánú agus a bhfuil rochtain mhaith acu ar an bpobal caighdeánaithe (mar shampla, taithí roimhe seo ar bheith rannpháirteach i gcoiste teicniúil ábhartha) a chur san áireamh sa chuibhreannas. Go hidéalach, ba cheart na comhpháirtithe sin a bheith ar bord cheana féin ó thús an tionscadail. Ba cheart do chomhpháirtithe an tionscadail naisc láidre a bhunú le coistí teicniúla SDOnna ós rud é go ndéanann coistí teicniúla na cinntí maidir le gníomhaíochtaí caighdeánaithe leanúnacha. Dá bhrí sin, go hidéalach, ba cheart taighdeoirí agus nuálaithe sa chuibhreannas a bheith ina gcomhaltaí de na coistí teicniúla ábhartha freisin. I gcás nach ann d’aon choiste teicniúil don ábhar atá i gceist, tá próisis éagsúla réamhchaighdeánaithe ar fáil trí SDOnna éagsúla ar féidir le comhpháirtithe tionscadail iad a úsáid, mar shampla, an ceardlann agus an próiseas comhaontaithe ceardlainne tríd an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú agus CEN-Cenelec, agus próiseas Ghrúpa na gCaighdeán Idirnáisiúnta trí ETSI.

(23)

Ba cheart oiliúint agus múscailt feasachta a chur ar fáil do gach comhpháirtí tionscadail (17) nach bhfuil eolach ar chaighdeáin agus ar chaighdeánú. D’fhéadfadh SDOnna múscailt feasachta agus oiliúint a chur ar fáil freisin do chomhpháirtithe go sonrach mar chuid de ghníomhaíochtaí tionscadail.

3.4.   Moltar caighdeáin a bheith ina gcompháirt inláimhsithe den tionscadal.

(24)

Moltar caighdeánú a bheith ina chomhpháirt inláimhsithe de thogra tionscadail, cé nár cheart do chomhpháirtithe a bheith ró-uaillmhianach maidir leis an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ag a dtionscadal le caighdeánú chun titim isteach i “gcaighdeán-snasú” a sheachaint.

(25)

Ba cheart straitéis um chaighdeánú a shainiú laistigh den tionscadal, agus ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a iompú ina bpacáistí oibre nó ina gcúraimí oibre. Chun a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí atá beartaithe, ba cheart buiséid, acmhainní ama agus freagrachtaí leordhóthanacha a bheith mar bhonn taca leo.

(26)

Le linn athbhreithnithe ar thorthaí an tionscadail, ba cheart d’athbhreithneoirí sainaithint a dhéanamh ar thorthaí féideartha tionscadail a bhfuil acmhainneacht acu rannchuidiú le caighdeánú, rud as a dtiocfadh leithdháileadh acmhainní chun na críche sin. Is uirlis é Radar Nuálaíochta an Aontais (18) freisin a d’fhéadfadh rannchuidiú chuige sin.

3.5.   Moltar infheistíocht a dhéanamh i rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara ar feadh an tionscadail agus freastal ar an rannpháirteachas sin.

(27)

Is é rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear úsáideoirí féideartha, a thagann as cion mór de na gníomhaíochtaí caighdeánaithe i gcleachtas. Moltar do chomhpháirtithe úsáid a bhaint as comhpháirtíochtaí agus idirchaidrimh bhunaithe na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeáin chun tacú lena dtionscadail. Is féidir ceithre réimse gníomhaíochta a shainaithint ina leith sin:

(a)

rannpháirtíocht an tionscail a áirithiú: gan beann ar na cineálacha rannchuidithe le caighdeánú (bíodh sin trí chaighdeán nó sonraíocht theicniúil nua a fhorbairt nó a leasú, nó céim idirmheánach amhail Comhaontú Ceardlainne CEN), is gá an oiread tacaíochta tionscail agus rannpháirtíochta dírí is féidir a bheith ann. Tá sé sin fíor-riachtanach chun go n-éireoidh leis na gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus chun a áirithiú go nglacfar na nuálaíochtaí forbartha sa mhargadh;

(b)

plean maith scaipthe agus cumarsáide a chur chun feidhme: moltar plean tiomnaithe scaipthe agus cumarsáide a fhorbairt i ndáil le gníomhaíochtaí caighdeánaithe. I ndáil leis an méid sin, d’fhéadfaí suíomhanna gréasáin tiomnaithe, liostaí seoltaí nó sraith seimineár gréasáin a úsáid;

(c)

oiliúint i scileanna idirbheartaíochta agus in obair bheartais: ba cheart oiliúint a bhaineann le rannpháirteachas páirtithe leasmhara agus rannpháirtíocht i gcoistí forbartha caighdeán a spreagadh. Féadfaidh comhpháirtithe faisnéis ábhartha maidir le tacaíocht trí thairseach HSBooster.eu (19);

(d)

acmhainní a chur ar fáil: ní mór am agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí rannpháirteachais páirtithe leasmhara.

3.6.   Moltar a bheith réalaíoch maidir le haschuir, torthaí agus tionchar agus eochairtháscairí feidhmíochta oiriúnacha a mheas.

(28)

I gcás punanna, sraitheanna nó braislí tionscadal: Sa mhéid go bhfuil cur i gcrích sraitheanna, braislí, punann tionscadail réadúil agus indéanta, d’fhéadfaí cruthú caighdeáin le sraith nó braislí tionscadal a mhúnlú go straitéiseach chun caighdeáin nua a fhorbairt le tacaíocht ó chistiú T&N. I roinnt cásanna, d’fhéadfaí na gníomhaíochtaí sin a threisiú le Comhpháirtíochtaí Poiblí agus Príobháideacha atá dírithe ar ábhair a bhfuil spéis ag comhpháirtithe a bheith rannpháirteach iontu (20).

(29)

I gcás rannchuidithe le doiciméid tagartha agus sonraíochtaí teicniúla: mura féidir caighdeán nua a fhorbairt ina iomláine, ba cheart baint níos dlúithe a bheith ag tionscadail le hobair na gcoistí teicniúla chun doiciméid chaighdeánaithe a fhorbairt nach dteastaíonn comhdhearcadh iomlán ina leith, mar shampla, trí dhoiciméid tagartha agus sonraíochtaí a ullmhú amhail Comhaontuithe Ceardlainne CEN, ailtireachtaí tagartha, páipéir bhána, tuarascálacha teicniúla. Ba cheart do chomhpháirtithe na dtionscadal a bheith ar an eolas faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na huirlisí sin agus an oiread tacaíochta tionscail agus is féidir a bhailiú do na sonraíochtaí sin.

(30)

Ba cheart do chomhpháirtithe an tionscadail breithniú a dhéanamh ar eochairtháscairí feidhmíochta a fhorbairt, ar aschuir, torthaí agus tionchair réalaíocha iad i gcomhréir le pointe 14.

3.7.   Moltar gach iarracht a dhéanamh chun go ndéanfar tuairisciú comhcheangailte cáilíochtúil agus cainníochtúil ar fheidhmíocht le haghaidh meastóireachtaí agus faireacháin.

(31)

Chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht luachshocraithe, ba cheart don tionscadal tuairisciú comhcheangailte táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart do na comhpháirtithe táscairí a shainiú agus na sonraí comhfhreagracha a bhailiú. Ba cheart béim a leagan ar thuairisciú cáilíochtúil agus ar léirmhíniú na dtáscairí, amhail i bhfoirm tuarascálacha measúnaithe nó féinmheasúnaithe.

(32)

Iarrtar ar thaighdeoirí teagmháil a dhéanamh le CEN-Cenelec agus ETSI nó lena gcomhaltaí náisiúnta chun torthaí a dtionscadal a luachshocrú ar an mbealach is fearr, amhail Comhaontuithe Ceardlainne CEN, ós rud é, i gcás ghlacadh Chomhaontú Ceardlainne CEN, nach gá comhdhearcadh iomlán a bheith ann (mar sin ní bheidh ballóidiú iomlán ann i measc chomhaltaí CEN Cenelec), i gcodarsnacht leis an gCaighdeán Eorpach, rud a éilíonn comhdhearcadh iomlán i measc na gcomhaltaí. Leagtar amach san Iarscríbhinn liosta de tháscairí féideartha agus moladh maidir le cén leibhéal conaire tionchair atá le húsáid chun an táscaire a thomhas, mar bhonn le breis forbartha, oiriúnaithe agus sonraíochta.

3.8.   Moltar breithnithe caighdeánaithe a chur san áireamh i mbainistíocht nuálaíochta agus sócmhainní intleachtúla (agus a mhalairt).

(33)

De ghnáth, ní féidir aschur agus tionchair caighdeánaithe a shainiú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí eile chun torthaí T&N a thráchtálú. Baineann breithnithe straitéiseacha maidir le húsáid maoine intleachtúla le gníomhaíochtaí tráchtálaithe, amhail samhlacha ceadúnaithe éagsúla (lena n-áirítear ceadúnais foinse oscailte) agus cruthú gnólachtaí nuathionscanta. Dá bhrí sin, ba cheart bainistíocht sócmhainní intleachtúla a mheas i gcomhar le caighdeánú agus straitéis chuí tráchtálaithe á sainiú.

(34)

Ba cheart breithnithe maidir le caighdeánú a chur san áireamh sa straitéis maidir le bainistíocht sócmhainní intleachtúla. Ní hamháin gur cheart an cur chuige sin a shainiú i gcleachtais bainistíochta sócmhainní intleachtúla agus chaighdeánaithe na hInstitiúide Ardoideachais nó na heagraíochta T&N, ach ba cheart é a léiriú ar leibhéal an tionscadail freisin.

(35)

Sula rachaidh siad i mbun gníomhaíochtaí caighdeánaithe a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, ba cheart do chomhpháirtithe breithniú a dhéanamh ar iarratas ar phaitinn a chomhdú.

3.9.   Moltar inbhuanaitheacht a áirithiú tar éis thráthchlár an tionscadail.

(36)

Chun tionchar a chruthú, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí caighdeánaithe a théann níos faide ná tráthchlár tionscadail, ba cheart na torthaí a chothú tar éis thráthchlár an tionscadail. Moltar na roghanna seo a leanas:

(a)

trí na torthaí a ionchorprú i sonraíochtaí teicniúla agus i ndoiciméid tagartha amhail Comhaontú Ceardlainne CEN nó tuarascálacha teicniúla, d’fhéadfaí inbhuanaitheacht na dtorthaí a bhaineann go sonrach le caighdeánú a mhéadú;

(b)

a áirithiú go mbeidh na torthaí infheicthe agus inrochtana tar éis dheireadh an tionscadail trí iad a chur isteach i stórais amhail Ardán Thorthaí Fhís Eorpach (21) chun freagairt do leas an tionscail chomh maith le leas an úsáideora fhéideartha a áirithiú;

(c)

breithniú a dhéanamh ar thionscadail leantacha chun inbhuanaitheacht a áirithiú sa phróiseas forbartha caighdeán.

3.10.   Moltar aghaidh a thabhairt ar chaighdeánú laistigh d’ardáin earnála, de Chomhpháirtíochtaí Poiblí agus Príobháideacha, de bhraislí tionscadail, d’Ionaid T&N nó d’fhóraim chomhpháirteacha eile.

(37)

Ba cheart do chomhpháirtithe tionscadail caighdeánú a chur chun cinn mar uirlis chumhachtach laistigh d’ardáin earnála, de Chomhpháirtíochtaí Poiblí agus Príobháideacha, de bhraislí tionscadail, d’Ionaid T&N nó d’fhóraim chomhpháirteacha eile. Trí dhul i gcomhar leis na heintitis thuasluaite, beidh spás níos leithne agus níos inbhuanaithe ann chun fianaise a bhailiú ar leibhéal na hearnála. Féadfaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí agus Príobháideacha atá nasctha le gníomhaíochtaí taighde arna gcistiú ag an Aontas a bheith ina n-ardán maith chun a áirithiú go rannchuidíonn tionscadail le caighdeánú. Is féidir le comhpháirtíochtaí agus idirchaidrimh bhunaithe na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeáin le fóraim earnála bunaithe, agus páirtithe leasmhara institiúideacha tacú leis an mbeart sin. Ba cheart do chomhpháirtithe rochtain a fháil ar na grúpaí sin tríd an líonra Eorpach um chaighdeánú. D’fhéadfadh tionscnaimh na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeáin, amhail STAIR nó RISE, tacú leis sin.

4.   BEARTAS AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

4.1.   Moltar caighdeánú a chur chun cinn mar mhodh chun eolas a luachshocrú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach trí chomhoibriú le SDOanna, institiúidí ardoideachais chomh maith le comhlachais eagraíochtaí T&N agus Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta.

(38)

Ba cheart do na Ballstáit idirchaidreamh a dhéanamh le SDOnna, comhlachais institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde agus comhlachais Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta agus gairmithe.

(39)

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí sonracha a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu tríd an gcomhar sin:

(a)

meithleacha comhpháirteacha a bhunú chun táscairí a fhorbairt ar bhealach comhchuibhithe chun luachshocrú eolais a rianú trí chaighdeánú;

(b)

sonraí a bhailiú agus a thuairisciú;

(c)

prionsabail a fhorbairt trínar féidir straitéisí nuálaíochta agus bainistíochta sócmhainní intleachtúla a ailíniú le gníomhaíochtaí caighdeánaithe (22);

(d)

gníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta a thairiscint (le haghaidh nuálaithe, taighdeoirí agus Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta);

(e)

seirbhísí tacaíochta sonracha a fhorbairt a chuirfidh na hOifigí Aistrithe Teicneolaíochta ar fáil do thaighdeoirí agus do nuálaithe (lena n-áirítear tarchuir chuig SDOanna le haghaidh cineálacha sonracha seirbhísí);

(f)

forbairt a dhéanamh ar bhealaí inar féidir le measúnú ar fheidhmíocht taighde gníomhaíochtaí caighdeánaithe a chur san áireamh; agus meastóireacht a dhéanamh ar a indéanta atá sé deasc chabhrach um chaighdeánú a bhunú atá cosúil leis an Deasc Chabhrach Eorpach um Maoin Intleachtúil atá ann cheana (23);

(g)

tacú le rannpháirtíocht taighdeoirí agus nuálaithe i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe nithiúla, mar shampla, trí ghníomhaíochtaí tacaíochta amhail StandICT agus gníomhaíochtaí “T&N + Caighdeáin” a bheidh ann amach anseo sna Ballstáit.

4.2.   Moltar do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar riachtanais gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna i dtionscadail T&N i ndáil le caighdeáin agus caighdeánú.

(40)

Moltar do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar ról na ngnólachtaí nuathionscanta agus FBManna i dtionscadail T&N, go háirithe maidir leis an úsáid a bhaineann siad as caighdeáin agus ábhair chaighdeánaithe agus lena nochtadh dóibh. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit agus do SDOnna comhoibriú a lorg le príomhchomhlachais FBManna agus le gorlanna gnólachtaí nuathionscanta. Ar an iomlán, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí sonracha a bheith mar thoradh air sin, amhail neartóir caighdeánaithe atá sonrach nó saincheaptha do FBManna.

4.3.   Moltar do SDOanna a bpunanna seirbhíse a fhorbairt a thuilleadh le haghaidh gníomhaithe T&N agus scrúdú a dhéanamh ar bhealaí nua chun a ngníomhaíochtaí a ailíniú le T&N.

(41)

Moltar do SDOnna a ngníomhaíochtaí for-rochtana agus seirbhíse a leathnú chuig aonaid agus páirtithe leasmhara eile laistigh d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí T&N. Tagraíonn sé seo go háirithe d’oifigí na leas-déan atá freagrach as taighde sna hinstitiúidí ardoideachais, d’Oifigí Aistrithe Teicneolaíochta agus do na haonaid choibhéiseacha in eagraíochtaí T&N.

(42)

Ina theannta sin, moltar do SDOanna a mheas an ann do bhealaí, go háirithe le linn luathchéimeanna an chaighdeánaithe, chun na próisis chaighdeánaithe a dhéanamh níos solúbtha agus, dá bhrí sin, chun sioncrónú le gníomhaíochtaí T&N a éascú. Moltar measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí faoinar féidir rianú níos fearr a dhéanamh ar údarthacht agus ar an rannchuidiú le cruthú caighdeán (rud atá tábhachtach chun feidhmíocht taighde a thomhas). Ar deireadh, ba cheart leanúint d’oiliúint agus do mhúscailt feasachta a thairiscint do thaighdeoirí agus do nuálaithe agus iad a mhíniú ar bhealach níos mionsonraithe, amhail cé na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le haschuir de chineál arb éadroime ná an gnách an caighdeán a chuirtear i bhfeidhm ina leith/le haschuir réamhchaighdeánacha (lena n-áirítear Comhaontú Ceardlainne CEN, tuarascáil theicniúil, sonraíocht theicniúil).

4.4.   Moltar do na Ballstáit struchtúir náisiúnta tacaíochta a úsáid i ndáil le ról an chaighdeánaithe i luachshocrú torthaí T&N.

(43)

Ba cheart d’aireachtaí náisiúnta atá i gceannas ar an oideachas agus T&N tacú le hábhar an chaighdeánaithe agus na gcaighdeán i ndáil le gníomhaíochtaí T&N, mar shampla nuair atá conarthaí feidhmíochta á gcaibidliú le hinstitiúidí ardoideachais. Ba cheart nascadh agus rannpháirteachas le páirtithe leasmhara náisiúnta a chur chun cinn agus saintréithe áitiúla á gcur san áireamh chun rannpháirteachas agus éifeachtacht níos fearr a bhaint amach.

(44)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag struchtúir náisiúnta tacaíochta cuidiú le taighdeoirí ina n-iarrachtaí a bheith rannpháirteach go rathúil i dtionscadail T&N. Ar an iomlán, d’fhéadfaí bunú pointe teagmhála náisiúnta le haghaidh caighdeán agus caighdeánaithe a mheas, cosúil leis na pointí teagmhála náisiúnta atá ann cheana le haghaidh réimsí téamacha Fhís Eorpach (24). Thairis sin, ba cheart do struchtúir tacaíochta náisiúnta gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a spreagadh chun a dtaithí rathúil i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe a roinnt.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Mariya GABRIEL

Comhalta den Choimisiún


(1)  Staidéar scóipe chun tacú le cód cleachtais a fhorbairt do thaighdeoirí maidir le caighdeánú - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).

(2)  Idem

(3)  Mar a cuireadh i bhfios go láidir in aiseolas ó na páirtithe leasmhara faoi Straitéis an Aontais um Chaighdeánú, “Níl aon oideachas foirmiúil ná gairmoiliúint maidir le caighdeánú. Tá go leor cuideachtaí san Aontas – bíodh siad mór nó beag – nach bhfuil cur chuige struchtúrtha straitéiseach acu maidir le caighdeánú lena léirítear a ábhartha atá sé d’oibríochtaí eacnamaíocha éagsúla, cé acu comhlíontacht dhlíthiúil, rochtain ar an margadh nó straitéis ghinearálta ghnó atá i gceist.”

(4)  EN ISO 56002:2019 Bainistiú nuálaíochta — Córas bainistithe nuálaíochta - Treoir

(5)  Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde (europa.eu)

(6)  Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141).

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A new ERA for Research and Innovation [Limistéar Eorpach Taighde Nua le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta] (COM(2020) 628 final).

(8)  Rialachas ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET) amach anseo - Conclúidí ón gComhairle

(9)  COM(2022) 31 final

(10)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

(11)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

(12)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012

(13)  Tá cláir i bhfeidhm ag CEN-Cenelec agus ETSI araon (Caighdeánú, Nuálaíocht agus Taighde (STAIR) agus Éiceachóras Taighde, Nuálaíochta agus Caighdeán (RISE)) chun nasc a dhéanamh idir T&N agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe.

(14)  Glao Pháras maidir le Measúnú Taighde

(15)  StandICT.eu

(16)  StandardPlusInnovation.eu

(17)  Faigh breis eolais faoin tionscnamh Eorpach um Chaighdeáin + Nuálaíocht (standardsplusinnovation.eu)

(18)  An Radar Nuálaíochta > Foghlaim faoi nuálaíochtaí iontacha arna gcistiú ag an Aontas (innoradar.eu)

(19)  HSBooster.eu

(20)  Amhail an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, an Chomhghuaillíocht le haghaidh Nuálaíocht Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus Imeall-Ríomhaireachta, Big Data Value Association, an Comhlachas Taighde Eorpach maidir le Monarchana sa Todhchaí, agus an Grúpa Comhordaithe Straitéise um Rialacháin, Cóid agus Caighdeáin (RCSSC) den Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan

(21)  Ardán Thorthaí Fhís Eorpach

(22)  EN ISO 56002:2019 Bainistiú nuálaíochta — Córas bainistithe nuálaíochta — Treoir, EN ISO 56005:2020 Bainistiú nuálaíochta — Uirlisí agus modhanna le haghaidh bainistíocht maoine intleachtúla — Treoir

(23)  an Deasc Chabhrach Eorpach um Maoin Intleachtúil (europa.eu)

(24)  Cistiú & tairiscintí (europa.eu)


IARSCRÍBHINN

Léirítear san Iarscríbhinn seo liosta de tháscairí féideartha agus moladh maidir le cén leibhéal den chonair tionchair atá le húsáid chun an táscaire a thomhas, mar bhonn chun caighdeáin a fhorbairt, a oiriúnú agus a shonrú a thuilleadh. Ba cheart an leibhéal torthaí a roghnú sa chaoi gur féidir an toradh a bhaint amach laistigh de thréimhse ama an tionscadail nó ar a laghad gur féidir coinne a bheith lena chur chun feidhme laistigh de thráthchlár réasúnach. Ba cheart na táscairí a shonrú a thuilleadh i gcomhthéacs tionscadal sonrach taighde.

Image 1


Top