EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0282

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/282 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8976

IO L 43, 24.2.2022, p. 51–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2022/282/oj

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/51


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/282 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine maidir le mearcair a úsáid i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda a bhfuil feadán > 17 mm ar trastomhas acu (e.g. T9) (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 2(b)(3) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda chun solas ultraivialait a ghiniúint, ar solas é sin a thiontaítear ina sholas infheicthe leis an mbratú fluaraiseach ar an lampa. Tá dath an tsolais agus an dathscáthú ag brath ar chomhdhéanamh an bhrataithe, a bhfuil mearcair ann.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (‘an t-iarratas ar athnuachan’) atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, ar iarratas é ceann amháin acu a tugadh cothrom le dáta le faisnéis bhreise i mí Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Is é conclúid na meastóireachta ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil sé dodhéanta go teicniúil faoi láthair mearcair a ionadú nó a dhíothú i gcás na bhfeidhmeanna lena mbaineann. Thángthas ar chonclúid sa mheastóireacht sin freisin gur féidir an teorainn maidir le tiúchan mearcair sna catagóirí lampaí a chumhdaítear leis an díolúine sin a ísliú ó 15 mg go 10 mg in aghaidh an lampa. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na tuairimí a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú, le foclaíocht athbhreithnithe ina leagtar amach raon feidhme teoranta na díolúine, ar feadh tréimhse 3 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, chun sonraí breise a bhailiú i dtaca le hinfhaighteacht na n-ionadach le haghaidh na gcineálacha lampaí sonracha a chumhdaítear leis an díolúine sin. I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE, ba cheart dáta éaga 12 mhí a shocrú le haghaidh na díolúine reatha 2(b)(3). I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2(b)(3):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“2(b)(3)

Lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda a bhfuil feadán > 17 mm ar trastomhas acu (e.g. T9): 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2023; Is féidir 10 mg a úsáid in aghaidh an lampa ón 25 Feabhra 2023 go dtí an 24 Feabhra 2025”


Top