EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0279

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/279 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8979

IO L 43, 24.2.2022, p. 41–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2022/279/oj

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/41


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/279 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta nach luaitear go sonrach (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 4(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Baineann an fheidhm atá ag mearcair i lampaí díluchtaithe gáis chun críoch speisialta leis an bpróiseas chun solas a ghiniúint d’fhonn leictreachas a thiontú go solas.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún líon iarratas chun an díolúine a athnuachan (“na hiarratais ar athnuachan”) atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann leis an díolúine dodhéanta go teicniúil faoi láthair. I bhfianaise na bhféidearthachtaí an díolúine a theorannú amach anseo le hionadú, is iomchuí, áfach, an athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse de 3 bliana agus sin amháin. Ba é ba chonclúid don mheastóireacht freisin gur féidir na feidhmeanna atá incháilithe le haghaidh athnuachan ar an díolúine a shainiú a thuilleadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE mar gheall ar a bhfeidhmiúlacht shonrach agus a gceantar feidhme sonrach, eadhon gal-lampaí mearcair ardbhrú a úsáidtear i dteilgeoirí, a úsáidtear le haghaidh soilsiú gairneoireachta a eisíonn solas atá sa speictream ultraivialaite. I gcomhair na bhfeidhmeanna sonracha sin, ba cheart an díolúine a athnuachan ar feadh uastréimhse de 5 bliana. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

(1)   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4(f):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

4(f) -I

Mearcair i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta nach luaitear go sonrach san Iarscríbhinn seo

In éag an 24 Feabhra 2025

4(f) -II

Mearcair i ngal-lampaí mearcair ardbhrú a úsáidtear i dteilgeoirí i gcás inar gá aschur ≥ 2000 lúman ANSI

In éag an 24 Feabhra 2027

4(f) -III

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú a úsáidtear i soilsiú gairneoireachta

In éag an 24 Feabhra 2027

4(f) -IV

Mearcair i lampaí a eisíonn solas atá sa speictream ultraivialait

In éag an 24 Feabhra 2027”


Top