EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12006E067

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite)
Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail
TEIDEAL IV - Víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saor- ghluaiseacht daoine
Airteagal 67

IO C 321E, 29.12.2006, p. 69–70 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tec_2006/art_67/oj

12006E067

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL IV - Víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saor- ghluaiseacht daoine - Airteagal 67

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0069 - 0070
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0060 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0203 - Consolidated version


Airteagal 67

1. Le linn idirthréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún nó ar thionscnamh Ballstáit agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

2. I ndiaidh na tréimhse cúig bliana sin:

- gníomhóidh an Chomhairle ar thograí ón gCoimisiún; scrúdóidh an Coimisiún aon iarraidh ó Bhallstát go dtíolacfadh sé togra don Chomhairle;

- déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, cinneadh a ghlacadh chun a fhoráil go mbeidh na réimsí uile a thig faoin Teideal seo nó roinnt díobh faoi rialú an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus chun na forálacha a bhaineann le cumhachtaí na Cúirte Breithiúnais a oiriúnú.

3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear i bpointe (2)(b) (i) agus (iii) d'Airteagal 62 a ghlacadh, amhail ó theacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

4. De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear i bpointe (2)(b) (ii) agus (iv) d'Airteagal 62 a ghlacadh, i ndiaidh tréimhse cúig bliana tar éis do Chonradh Amstardam teacht i bhfeidhm, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251.

5. De mhaolú ar mhír 1, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251:

- na bearta dá bhforáiltear i bpointe (1) agus i bpointe (2)(a) d'Airteagal 63 ar chuntar go mbeidh an Chomhairle tar éis reachtaíocht Chomhphobail ag sainiú na gcomhrialacha agus na mbunphrionsabal a rialaíonn na ceisteanna sin a ghlacadh roimh ré i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo;

- na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 65, amach ó ghnéithe a bhaineann leis an dlí teaghlaigh.

--------------------------------------------------

Top