EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SPN07/09/B

Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - 9.Environment - B.Waste management

IO L 157, 21.6.2005, p. 158–166 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12005SPN07/09/B



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0158 - 0166


B. BAINISTÍOCHT DRAMHAÍOLA

1. 31993 R 0259: Rialachán (CEE) Uimh. 259/93 ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le loingsiú dramhaíola a mhaoirsiú agus a rialú laistigh den Chomhphobal Eorpach agus isteach ann agus amach as (IO L 30, 6.2.1993, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32001 R 2557: Rialachán (CE) Uimh. 2557/2001 ón gCoimisiún an 28.12.2001 (IO L 349, 31.12.2001, lch. 1).

(a) Go dtí an 31 Nollaig 2015, cuirfear in iúl do na húdaráis inniúla gach loingsiú dramhaíola lena hathghabháil chuig an Rómáin atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 259/93 agus próiseálfar iad ar cothrom le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán.

(b) De mhaolú ar Airteagal 7(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 259/93, go dtí an 31 Nollaig 2011 féadfaidh údaráis inniúla na Rómáine, ar cothrom leis na forais agóide atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Rialachán, agóidí a dhéanamh i gcoinne loingsithe chuig an Rómáin i gcás na dramhaíola seo a leanas lena hathghabháil atá liostaithe in Iarscríbhinn III. Beidh loingsithe den sórt sin faoi réir Airteagal 10 den Rialachán.

AA. DRAMHAÍL A IOMPRAÍONN MIOTAL

- AA 060 Luaithreach agus iarmhair vanaidiam

- AA 080 Dramhaíl, fuíollach agus iarmhair tailliam

- AA 090 Dramhaíl agus iarmhair arsanaice

- AA 100 Dramhaíl agus iarmhair mhearcair

- AA 130 Licéir ó mhiotail a phicliú

AB. DRAMHAÍL A BHFUIL COMHÁBHAIR NEAMHORGÁNACHA GO PRÍOMHA INTI, AR FÉIDIR MIOTAIL AGUS ÁBHAIR ORGÁNACHA A BHEITH INTI

- AB 010 Cnámhóg, luaithreach agus iarmhair, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

- AB 020 Iarmhair a eascraíonn ó dhóchán dramhaíola bardasachta/tí

- AB 030 Dramhaíl ó chórais nach bhfuil bunaithe ar chiainíd agus a eascraíonn ó chóireáil dromchla miotail

- AB 040 Dramhaíl ghloine ó fheadáin gha-chatóideacha agus ó ghloiní gníomhachtaithe eile

- AB 050 Sloda fluairíde cailciam

- AB 060 Comhdhúile neamhorgánacha eile fluairín i bhfoirm leachtanna nó sloda

- AB 080 Catalaígh spíonta nach bhfuil ar an liosta glas

- AB 090 Dramh-hiodráití alúmanam

- AB 110 Tuaslagáin bhunata

- AB 120 Comhdhúile neamhorgánacha hailíde, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

AC. DRAMHAÍL A BHFUIL COMHÁBHAIR ORGÁNACHA GO PRÍOMHA INTI, AR FÉIDIR MIOTAIL AGUS ÁBHAIR ORGÁNACHA A BHEITH INTI

- AC 040 Slodaí peitril (gásailín) luaidhe

- AC 050 Sreabháin theirmeacha (traschur teasa)

- AC 060 Sreabháin hiodrálacha

- AC 070 Sreabháin choscán

- AC 080 Sreabháin frithreoáin

- AC 090 Dramhaíl ó roisíní, laitéis, plaisteacháin, gliúnna agus greamacháin a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid

- AC 100 Nitriceallalós

- AC 110 Feanóil, comhábhair feanóil lena n-áirítear clóraifeanól i bhfoirm leachtanna agus slodaí

- AC 120 Naftailéiní polaclóirinithe

- AC 140 Catalaíoch trí-eitiolaimín chun gaineamh teilgcheárta a théachtadh

- AC 150 Clórafluaracarbóin

- AC 160 Halóin

- AC 190 Bruth — meilteach éadrom de dheasca stialladh gluaisteán

- AC 200 Comhdhúile orgánacha fosfair

- AC 210 Tuaslagóirí neamh-halaiginithe

- AC 220 Tuaslagóirí halaiginithe

- AC 230 Iarmhair neamhuiscí halaiginithe nó neamh-halaiginithe driogtha a eascraíonn ó oibríochtaí athghabhála tuaslagóirí orgánacha

- AC 240 Dramhaíl a eascraíonn ó hidreacarbóin halaiginithe alafatacha (ar nós clóraimeatán, déchlóireatáin, clóiríde vinile, clóiríde vinilidéine, clóiríde aillile agus eipeaclóirihidríne) a tháirgeadh

- AC 260 Aoileach leachtach muc, faecas

- AC 270 Sloda séarachta

AD. DRAMHAÍL AR FÉIDIR COMHÁBHAIR ORGÁNACHA NÓ NEAMHORGÁNACHA A BHEITH INTI

- AD 010 Dramhaíl ó tháirgí cógaisíochta a tháirgeadh agus a ullmhú

- AD 020 Dramhaíl ó bhithicídí agus fíteacógais a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid

- AD 030 Dramhaíl ó cheimiceáin leasaithe adhmaid a mhonarú, a fhoirmliú agus a úsáid

Dramhaíl ina bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas, atá comhdhéanta de nó atá fabhtaithe aige:

- AD 040 Ciainídí neamhorgánacha, amach ó iarmhair a iompraíonn miotail lómhara i bhfoirm sholadach ina bhfuil rianta de chiainídí neamhorgánacha

- AD 050 Ciainídí orgánacha

- AD 080 Dramhaíl de chineál pléascach, nuair nach bhfuil sí faoi réir reachtaíochta sonraí eile

- AD 110 Tuaslagáin aigéadacha

- AD 120 Roisíní malairte ian

- AD 130 Ceamaraí aonuaire ag a bhfuil batairí

- AD 140 Dramhaíl ó fheistí rialaithe ar thruailliú tionsclaíoch chun easgháis thionsclaíocha a ghlanadh, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile

- AD 150 Ábhar orgánach a fhaightear go nádúrtha arna úsáid mar mheán scagtha (ar nós bithscagairí)

- AD 160 Dramhaíl bhardasachta/tí

- AD 170 Carbón gníomhachtaithe spíonta a bhfuil gnéithe contúirteacha aige agus ar toradh é ar a úsáid sa tionscal ceimiceach neamhorgánach, sa tionscal ceimiceach orgánach agus i dtionscal na cógaisíochta, i gcóireáil fuíolluisce, i bpróisis ghlanta gáis/aeir agus i bhfeidhmiúcháin eile dá samhail

Féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015 faoin nós imeachta atá sainithe in Airteagal 18 de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1975 maidir le dramhaíl [16] mar atá arna leasú le Treoir 91/156/CEE ón gComhairle [17].

(c) De mhaolú ar Airteagal 7(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 259/93, go dtí an 31 Nollaig 2011 féadfaidh údaráis inniúla na Romáine, ar cothrom leis na forais agóide atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Rialachán, agóidí a dhéanamh i gcoinne loingsithe dramhaíola chuig an Rómáin lena hathghabháil atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán agus i gcoinne loingsithe dramhaíola lena hathghabháil nach bhfuil liostaithe sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015 faoin nós imeachta atá sainithe in Airteagal 18 de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1975 maidir le dramhaíl [16] mar atá arna leasú le Treoir 91/156/CEE ón gComhairle [18].

(d) De mhaolú ar Airteagal 7(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 259/93, déanfaidh údaráis inniúla na Rómáine agóid i gcoinne loingsithe dramhaíola lena hathghabháil atá liostaithe in Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán agus i gcoinne loingsithe dramhaíola lena hathghabháil nach bhfuil liostaithe sna hIarscríbhinní sin arb é a gceann scríbe áis a thairbhíonn de mhaolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú iomlánaithe ar an truailliú [19], de Threoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh [20], nó de Threoir 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le hastaíocht truailleán áirithe san aer ó ollghléasraí dócháin a theorannú [21], i rith na tréimhse ina gcuirtear an maolú sealadach i bhfeidhm maidir leis an áis chinn scríbe.

2. 31994 L 0062: Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl pacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32004 L 0012: Treoir 2004/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.2.2004 (IO L 47, 18.2.2004, lch. 26).

(a) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(a) de Threoir 94/62/CE, déanfaidh an Rómáin an sprioc foriomlán athghabhála nó losctha ag gléasraí losctha dramhaíola lena ngabhann athghabháil fuinnimh a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2011 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 32 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 34 % do 2007, 40 % do 2008, 45 % do 2009 agus 48 % do 2010.

(b) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(b) de Threoir 94/62/CE, déanfaidh an Rómáin an sprioc foriomlán athghabhála nó losctha ag gléasraí losctha dramhaíola lena ngabhann athghabháil fuinnimh a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2013 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 53 % de réir meáchain do 2011 agus 57 % do 2012.

(c) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(c) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Rómáin amach an sprioc athchúrsála le haghaidh plaisteach faoin 31 Nollaig 2011 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 8 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 10 % do 2007, 11 % do 2008, 12 % do 2009 agus 14 % do 2010.

(d) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(d) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Rómáin amach an sprioc foriomlán athchúrsála faoin 31 Nollaig 2013 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 26 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 28 % do 2007, 33 % do 2008, 38 % do 2009, 42 % do 2010, 46 % do 2011 agus 50 % do 2012.

(e) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(e)(i) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Rómáin amach an sprioc athchúrsála le haghaidh gloine faoin 31 Nollaig 2013 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 21 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 22 % do 2007, 32 % do 2008, 38 % do 2009, 44 % do 2010, 48 % do 2011 agus 54 % do 2012.

(f) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(e)(iv) de Threoir 94/62/CE, déanfaidh an Rómáin an sprioc athchúrsála le haghaidh plaisteach, ar a n-áireofar go heisiach ábhar a dhéantar a athchúrsáil ar ais i bplaistigh, a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2013 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 16 % de réir meáchain do 2011 agus 18 % do 2012.

(g) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(e)(v) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Rómáin amach an sprioc athchúrsála le haghaidh adhmaid faoin 31 Nollaig 2011 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 4 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 5 % do 2007, 7 % do 2008, 9 % do 2009 agus 12 % do 2010.

3. 31999 L 0031: Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1), mar atá arna leasú le:

- 32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29.9.2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(a) De mhaolú ar Airteagal 14(c) agus pointí 2, 3, 4 agus 6 d'Iarscríbhinn I de Threoir 1999/31/CE, agus gan dochar do Threoir 75/442/CEE an 15 Iúil 1975 ón gComhairle maidir le dramhaíl [22] agus do Threoir 91/689/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le dramhaíl chontúirteach [23], ní bheidh feidhm maidir le 101 laithreán bhardasach líonta talún atá ann sa Rómáin go dtí an 16 Iúil 2017 ag na ceanglais a bhaineann le rialú uisce agus bainistíocht láisteach, cosaint ithreach agus uisce, rialú agus cobhsaíocht gáis.

Áiritheoidh an Rómáin laghdú de réir a chéile den dramhaíl arna cur i líonadh talún sna 101 laithreán bardasach neamhchomhlíontach sin atá ann i gcomhréir leis na méideanna uasta bliantúla seo a leanas:

- faoin 31 Nollaig 2006: 3470000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2007: 3240000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2008: 2920000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2009: 2920000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2010: 2900000 tona,

- faoin 31 Nollaig 20011: 2740000 tona,

- faoin 31 Nollaig 20012: 2460000 tona,

- faoin 31 Nollaig 20013: 2200000 tona,

- faoin 31 Nollaig 20014: 1580000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2015: 1420000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2016: 1210000 tona.

(b) De mhaolú ar Airteagal 5(3)(a) agus (b) agus ar Iarscríbhinn I, pointe 2, an dara fleasc, de Threoir 1999/31/CE agus gan dochar d'Airteagal 6(c)(ii) den Treoir sin agus gan dochar do Threoir 75/442/CEE, ní bheidh feidhm sa Rómáin ag na ceanglais do dhramhaíl leachtach, chreimneach agus ocsaídeach agus i dtaca le cosc ar uisce dromchla a theacht isteach i ndramhaíl arna cur i líonadh talún maidir leis na 23 áis seo a leanas atá ann go dtí an dáta atá sonraithe do gach áis:

Go dtí an 31 Nollaig 2007:

1. S.C. BEGA UPSOM Ocna Mureş, Ocna Mureş, contae Alba

Go dtí an 31 Nollaig 2008:

2. S.C. TERMOELECTRICA SA — SE Doiceşti, Doiceşti, contae Dâmboviţa

3. S.C. COMPLEXUL ENERGETIC ROVINARI SA, Cicani-Beterega, contae Gorj

4. RAAN Drobeta-Turnu Severin — Sucursala ROMAG — TERMO, Drobeta-Turnu Severin, contae Mehedinţi

Go dtí an 31 Nollaig 2009:

5. COMPLEXUL ENERGETIC CRAIOVA — SE Craiova, Valea Mănăstirii, contae Dolj

6. COMPLEXUL ENERGETIC CRAIOVA — SE Işalniţa, Işalniţa II, contae Dolj

7. COMPLEXUL ENERGETIC CRAIOVA — SE Işalniţa, Işalniţa I, contae Dolj

8. S.C. ELECTROCENTRALE DEVA SA — SE Paroşeni, Căprişoara, contae Hunedoara

9. S.C. TERMICA SA Suceava, Suceava, contae Suceava

Go dtí an 31 Nollaig 2010:

10. S.C. ELECTROCENTRALE DEVA SA, Bejan, contae Hunedoara

11. S.C. ALUM Tulcea, Tulcea, contae Tulcea

Go dtí an 31 Nollaig 2011:

12. S.C. UZINA TERMOELECTRICĂ GIURGIU SA, Giurgiu, contae Giurgiu

Go dtí an 31 Nollaig 2012

13. CET Bacău, Furnicari — Bacău, Bacău

14. S.C. COMPLEXUL ENERGETIC TURCENI, Valea Ceplea, contae Gorj

15. S.C. COMPLEXUL ENERGETIC TURCENI, Valea Ceplea, contae Gorj

16. S.C. UZINELE SODICE Govora, Govora, contae Vâlcea

17. S.C. CET Govora SA, Govora, contae Vâlcea

Go dtí an 31 Nollaig 2013:

18. S.C. CET Arad, Arad, contae Arad

19. S.C. ELECTROCENTRALE ORADEA SA, Sântaul Mic, contae Bihor

20. S.C. ELECTROCENTRALE ORADEA SA, Sântaul Mic, contae Bihor

21. S.C. ELECTROCENTRALE ORADEA SA, Sântaul Mic, contae Bihor

22. CET II Iaşi, Holboca, contae Iaşi

23. S.C. Uzina Electrică Zalău, Hereclean — Panic, contae Sălaj

Áiritheoidh an Rómáin laghdú de réir a chéile den dramhaíl leachtach arna cur i líonadh talún sna 23 áis neamhchomhlíontach sin atá ann i gcomhréir leis na méideanna uasta bliantúla seo a leanas:

- faoin 31 Nollaig 2006: 11286000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2007: 11286000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2008: 11120000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2009: 7753000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2010: 4803000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2011: 3492000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2012: 3478000 tona,

- faoin 31 Nollaig 2013: 520000 tona.

(c) De mhaolú ar Airteagal 5(3)(a) agus (b) agus ar Iarscríbhinn I, pointe 2, an dara fleasc, de Threoir 1999/31/CE agus gan dochar d'Airteagal 6(c)(ii) den Treoir sin agus gan dochar do Threoir 75/442/CEE, ní bheidh feidhm sa Rómáin ag na ceanglais do dhramhaíl leachtach, chreimneach agus ocsaídeach agus i dtaca le cosc ar uisce dromchla a theacht isteach i ndramhaíl arna cur i líonadh talún maidir leis na 5 linn fuíll seo a leanas atá ann go dtí an dáta atá sonraithe do gach linn fuíll:

Go dtí an 31 Nollaig 2009:

1. BĂIŢA Ştei, Fânaţe, contae Bihor

Go dtí an 31 Nollaig 2010:

2. TRANSGOLD Baia Mare, Aurul-Recea, contae Maramureş

3. MINBUCOVINA Vatra Dornei, Ostra-Valea Straja, contae Suceava

Go dtí an 31 Nollaig 2011:

4. CUPRUMIN Abrud, Valea Şesei, contae Alba

5. CUPRUMIN Abrud, Valea Ştefancei, contae Alba.

Áiritheoidh an Rómáin laghdú de réir a chéile den dramhaíl leachtach arna cur i líonadh talún sna 5 linn fuíll neamhchomhlíontach sin atá ann i gcomhréir leis na méideanna uasta bliantúla seo a leanas:

- faoin 31 Nollaig 2006: 6370000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2007: 5920000 tona (ar a n-áireofar 2100000 tona contúirteach, 3820000 tona neamhchontúirteach);

- faoin 31 Nollaig 2008: 4720000 tona (ar a n-áireofar 2100000 tona contúirteach, 2620000 tona neamhchontúirteach);

- faoin 31 Nollaig 2009: 4720000 tona (ar a n-áireofar 2100000 tona contúirteach, 2620000 tona neamhchontúirteach);

- faoin 31 Nollaig 2010: 4640000 tona (ar a n-áireofar 2100000 tona contúirteach, 2540000 tona neamhchontúirteach);

- faoin 31 Nollaig 2011: 2470000 tona (ar fad neamhchontúirteach).

(d) De mhaolú ar an dara fleasc d'Airteagal 2(g) de Threoir 1999/31/CE, agus gan dochar do Threoir 75/442/CEE, agus do Threoir 91/689/CEE, ní mheasfar go dtí an 31 Nollaig 2009 sa Rómáin gur líonadh talún é buanláithreán a úsáidtear do stóráil shealadach dramhaíola contúirtí arna giniúint laistigh den Rómáin.

Soláthróidh an Rómáin don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain, ag tosú an 30 Meitheamh 2007, tuarascáil maidir leis an Treoir a chur chun feidhme de réir a chéile agus maidir le comhlíonadh na spriocanna idirmheánacha sin.

4. 32002 L 0096: Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 37, 13.2.2003, lch. 24), mar atá arna leasú le:

- 32003 L 0108: Treoir 2003/108/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8.12.2003 (IO L 345, 31.12.2003, lch. 106)

De mhaolú ar Airteagail 5(5) agus 7(2) de Threoir 2002/96/CE, faoin 31 Nollaig 2008 bainfidh an Rómáin amach ráta bailiúcháin leithligh de cheithre chileagram DTLL ar a laghad ar an meán in aghaidh an duine in aghaidh na bliana ó theaghlaigh phríobháideacha agus bainfidh sí amach an ráta athghabhála agus an ráta athúsáide agus athchúrsála comhpháirteanna, ábhar agus substaintí.

[16] IO L 194, 25.7.1975, lch. 39. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[17] IO L 78, 26.3.1991, lch. 32.

[18] IO L 78, 26.3.1991, lch. 32.

[19] IO L 257, 10.10.1996, lch. 26. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[20] IO L 332, 28.12.2000, lch. 91.

[21] IO L 309, 27.11.2001, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 703).

[22] IO L 194, 25.7.1975, lch. 39. Treoir mar atá arna leasú le Treoir 91/156/CEE agus mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[23] IO L 377, 31.12.1991, lch. 20. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 94/31/CE (IO L 168, 2.7.1994, lch. 28).

--------------------------------------------------

Top