EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1156

Rialachán (AE) 2021/1156 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocáistí steibhióil ó Stevia (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/5062

IO L 249, 14.7.2021, p. 87–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1156/oj

14.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 249/87


RIALACHÁN (AE) 2021/1156 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocáistí steibhióil ó Stevia

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagail 10(3) agus 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta an Aontais de bhreiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(3)

Féadfar liosta an Aontais de bhreiseáin bia agus na sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

I mí Feabhra 2018, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun leasú a dhéanamh ar na sonraíochtaí a bhaineann leis an mbreiseán bia gliocóisídí steibhióil (E 960). Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Sonraítear sna sonraíochtaí reatha go mbeidh 95 % ar a laghad d’aon ghliocóiséid steibhióil déag (E 960) a ainmnítear i ngliocóisídí steibhióil: steibhiósíd, rúibiusósíd, dulcóisíd A, steibhióilbisíd agus ribidióisídí A, B, C, D, E, F agus M, ar bhonn triomaithe, in aon mheascán nó cóimheas. Cuimsíonn próiseas monaraíochta an bhreiseáin bia seo dhá phríomhchéim, is éard atá i gceist leis an gcéad chéim ná úscadh uisce ó dhuilleoga an phlanda Bertoni stevia rebaudiana agus réamh-íonú an úisc, agus is éard atá i gceist leis an dara céim athchriostalú na ngliocóisídí steibhióil.

(6)

D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí leasú ar shonraíochtaí gliocóisídí steibhióil (E 960) chun modh nua a chur san áireamh maidir le táirgeadh ribidióisíd M. Is mionghliocóisíd í ribidióisíd M atá le fáil ag leibhéil an-íseal (< 1 %) sa duilleog stevia a bhfuil próifíl bhlais aige atá níos cosúil le siúcrós nuair a chuirtear é i gcomparáid leis na gliocóisídí móra (i.e. steibhiósíd agus ribidióisíd A).

(7)

Is éard atá i gceist leis an bpróiseas nua bith-chomhshó d’úsc duilleoga stevia íonaithe (≥95 % gliocóisídí steibhióil) trí phróiseas ilchéimiúil einsíme le heinsímí a ullmhaítear ag an gcéad chéim den phróiseas. Téann an ribidióisíd M atá mar thoradh air sin faoi shraith céimeanna íonaithe agus leithlisithe chun an ribidióisíd M deiridh (≥ 95 %) a chur ar fáil.

(8)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht an leasaithe atá beartaithe maidir le sonraíochtaí an bhreiseáin bia gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ghlac sé a thuairim an 24 Meán Fómhair 2019 (4). Mheas an tÚdarás go bhféadfadh eisíontais a bheith mar thoradh ar phróiseas na gcéimeanna einsíme a chuirtear i bhfeidhm chun ribidióisíd M a tháirgeadh, eisíontais atá éagsúil ó na heisíontais a d’fhéadfadh a bheith i ngliocóisídí steibhióil (E 960) a fhaightear ó úscadh uisce ó dhuilleoga stevia rebaudiana agus athchriostalú ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, mheas an tÚdarás go bhfuil gá le sonraíochtaí ar leithligh le haghaidh ribidióisíd M a tháirgtear leis an bpróiseas seo. Thairis sin, chinn sé gur féidir an Iontógáil Laethúil Inghlactha (ADI) de 4 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae a chur i bhfeidhm freisin maidir le ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocóisídí steibhióil. Mheas an tÚdarás nach mbeidh nochtadh do ribidióisíd M (a shloinntear mar coibhéis steibhióil) níos airde ná an nochtadh do ghliocóisídí steibhióil (E 960) má chuirtear ribidióisíd M a tháirgtear trí phróiseas na gcéimeanna einsíme ina ionad. Maidir le ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocóisídí steibhióil, trí úsáid a bhaint as UDP-glúcóisíoltraschuráis agus einsímí siontáise siúcróis a tháirgtear leis na giostaí géinmhodhnaithe K. phaffii UGT-a agus K. phaffii UGT-b, chinn an tÚdarás freisin nach mbeadh imní faoi chúrsaí sábháilteachta ina leith maidir leis na húsáidí céanna atá beartaithe agus ar aon leibhéil úsáide le gliocóisídí steibhióil (E 960).

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid ribidióisíd M a tháirgtear trí phróiseas na gcéimeanna einsíme a údarú mar mhilseoir sna catagóirí bia ina bhfuil gliocóisídí steibhióil (E 960) údaraithe faoi láthair.

(10)

Agus an próiseas leanúnach maidir le leasú a dhéanamh ar an gCóras Uimhrithe Idirnáisiúnta le haghaidh breiseáin bia den Codex Alimentarius á chur san áireamh, is iomchuí an breiseán bia nua a áireamh mar “E 960c gliocóisídí steibhióil a táirgtear go heinsímeach” i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 chun críocha an lipéadaithe. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhleanúnachas, ba cheart an breiseán bia “gliocóisídí steibhióil (E 960)” atá údaraithe faoi láthair a athainmniú mar “gliocóisídí steibhióil ó stevia (E 960a)”. Ós rud é gur féidir na breiseáin bia sin a rialáil le chéile, ba cheart grúpa nua le haghaidh gliocóisídí steibhióil, lena n-áirítear an dá cheann, a chur isteach i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, agus ba cheart gach iontráil maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) i gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a ionadú dá réir sin, agus ag an am céanna na húsáidí is infheidhme faoi láthair agus an t-uasleibhéal le haghaidh úsáidí údaraithe agus leibhéil úsáide údaraithe a choinneáil.

(11)

Na sonraíochtaí le haghaidh ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocóisídí steibhióil ó stevia, ba cheart iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhthráth le “E 960c gliocóisídí steibhióil a tháirgtear go heinsímeach” a áireamh ar liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(13)

Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse a bhféadfar leanúint lena linn den bhreiseán bia “gliocóisídí steibhióil ó stevia (E 960a)” agus de bhianna ina bhfuil sé iontu a mhargú mar “gliocóisídí stiebhióil (E 960)”.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

An breiseán bia “gliocóisídí stiebhióil” (E 960) agus bianna ina bhfuil sé iontu atá lipéadaithe nó curtha ar an margadh suas le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(10):5867, 19 lch.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 mar a leanas:

(a)

Leasaítear Cuid B2 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

“E 960a

Gliocóisídí steibhióil ó Stevia

(2)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 960a:

“E 960c

Gliocóisídí steibhióil a tháirgtear go heinsímeach”

(b)

I bpointe (5) de Chuid C, cuirtear an pointe (v) nua seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (u) le haghaidh E 626-635: Ribeanúicléitídí:

“(v)

E 960a – 960c: Gliocóisídí steibhióil

E-uimhir

Ainm

E 960a

Gliocóisídí stiebhióil ó Stevia

E 960c

Gliocóisídí steibhióil a tháirgtear go heinsímeach”

(c)

Leasaítear Cuid E mar a leanas:

(1)

I gCatagóir 01.4 (táirgí bainne coipthe blaistithe, lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (gliocóisídí steviol):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

táirgí fuinneamhlaghdaithe nó táirgí nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(2)

I gCatagóir 03 (reoiteoga), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

táirgí fuinneamhlaghdaithe nó táirgí nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(3)

I gCatagóir 04.2.2 (Torthaí agus glasraí i bhfínéagar, óla nó sáile), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (gliocóisídí steviol):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

torthaí agus glasraí leasaithe atá milis agus -soursearbh, agus iad sin amháin”

(4)

I gCatagóir 04.2.4.1 (Ullmhóidí torthaí agus glasraí seachas compóit), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe amháin”

(5)

I gCatagóir 04.2.5.1 (Subh bhreise agus glóthach breise faoi mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/113/CE), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

subha, glóthacha agus marmaláidí fuinneamhlaghdaithe amháin”

(6)

I gCatagóir 04.2.5.2 (subha, glóthacha agus marmaláidí agus purée castáin milsithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/113/CE), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

subha, glóthacha agus marmaláidí fuinneamhlaghdaithe amháin”

(7)

I gCatagóir 04.2.5.3 (Leatháin torthaí agus glasraí eile den chineál céanna), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

leatháin fhuinneamhlaghdaithe torthaí agus glasraí agus leatháin le cur ar cheapairí atá bunaithe ar thorthaí triomaithe, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(8)

I gCatagóir 05.1 (Táirgí cócó agus seacláide mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/36/CE), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo agus iad sin amháin”

(9)

I gCatagóir 05.2 (Milseogra eile lena n-áirítear micrimilseáin le haghaidh chumhra na hanála), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)

cócó nó bunaithe ar thorthaí triomaithe, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

cócó, bainne, leatháin le cur ar cheapairí atá bunaithe ar thorthaí triomaithe nó ar shaill, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

350

(1) (60)

milseogra nach bhfuil aon siúcra breise curtha leis, agus é sin amháin

milseogra crua fuinneamhlaghdaithe amháin (candaí agus líreacáin)

milseogra bog fuinneamhlaghdaithe amháin (candaí coganta, gumaí torthaí agus táirgí siúcra cúir/leamhacháin)

liocras fuinneamhlaghdaithe amháin

eithneagán fuinneamhlaghdaithe amháin

prásóg fuinneamhlaghdaithe amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

2 000

(1) (60)

micrimilseáin le haghaidh chumhra na hanála, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

670

(1) (60)

pastailí scornaí a bhfuil blás orthu, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(10)

I gCatagóir 05.3 (Guma coganta), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

3300

(1) (60)

gan aon siúcra breise curtha leis amháin”

(11)

I gCatagóir 05.4 (Maisiúcháin, bratuithe agus líonadh, seachas líonadh atá bunaithe ar thorthaí a chlúdaítear le catagóir 4.2.4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

milseogra nach bhfuil aon siúcra breise curtha leis, agus é sin amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)

cócó nó bunaithe ar thorthaí triomaithe, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(12)

I gCatagóir 06.3 (Gránaigh nó táirgí gránacha), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

gránaigh bhricfeasta ina bhfuil cion snáithíní is mó ná 15 %, agus ina bhfuil 20 % de bhran ar a laghad, iad fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin”

(13)

I gCatagóir 07.2 (Earraí míne bácála), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)

essoblaten amháin - páipéar sliseoige”

(14)

I gCatagóir 09.2 (éisc nó táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear moilisc agus crústaigh), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (gliocóisídí steviol):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

éisc agus maraid éisc, de chrústaigh agus de mhoilisc atá milis agus searbh agus leasaithe nó leasaithe i bpáirt, agus iad sin amháin”

(15)

I gCatagóir 11.4.1 (Milseoirí boird i bhfoirm leachtach), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

quantum satis

(1) (60)”

 

(16)

I gCatagóir 11.4.2 (Milseoirí a bhíonn ar an mbord i bhfoirm púdair), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

quantum satis

(1) (60)”

 

(17)

I gCatagóir 11.4.3 (Milseoirí boird ina dtáibléid), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

quantum satis

(1) (60)”

 

(18)

I gCatagóir 12.4 (Mustard), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

120

(1) (60)”

 

(19)

I gCatagóir 12.5 (Anraithí agus bratanna) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

40

(1) (60)

anraithí fuinneamhlaghdaithe amháin”

(20)

I gCatagóir 12.6 (Anlainn), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrálacha le haghaidh E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

120

(1) (60)

seachas anlann pónairí soighe (coipthe nó neamhchoipthe)

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

175

(1) (60)

anlann pónairí soighe amháin (coipthe nó neamhchoipthe)”

(21)

I gCatagóir 13.2 (Bianna diaitéiteacha chun críoch speisialta míochaine a shainmhínítear i dTreoir 1999/21/CE (seachas táirgí ó chatagóir bia 13.1.5)), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

330

(1) (60)”

 

(22)

I gCatagóir 13.3 (Bianna diaitéiteacha le haghaidh aistí bia chun meáchan a rialú a bheartaítear a chur in ionad na hiontógála laethúla bia nó in ionad béile aonair (an aiste bia laethúil iomlán nó cuid di), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

270

(1) (60)”

 

(23)

I gCatagóir 14.1.3 (Neachtar torthaí mar a shainmhínítear le Treoir 2001/112/CE agus neachtar glasraí agus táirgí den chineál céanna), (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo amháin”

(24)

I gCatagóir 14.1.4 (Deochanna blaistithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

80

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo amháin”

(25)

I gCatagóir 14.1.5.2 (Eile), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrálacha le haghaidh E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

30

(1) (60) (93)

caife, tae agus deochanna insileadh luibhe amháin, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

30

(1) (60) (93)

caife blaistithe ar an toirt agus táirgí cappuccino ar an toirt, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo, agus iad sin amháin

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

20

(1) (60) (93)

deochanna bunaithe ar bhraich agus deochanna blaistithe seacláide/cappuccino, fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise, agus iad sin amháin”

(26)

I gCatagóir 14.2.1 (Beoir agus deochanna braiche), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

70

(1) (60)

beoir gan alcól nó beoir ina bhfuil cion alcóil nach mó ná 1,2 % de réir toirte, agus é sin amháin; ‘Bière de table/Tafelbier/Table beer’ (cion braichlis is lú ná 6 %) ach amháin i gcás ‘Obergäriges Einfachbier’; beoracha le haigéadacht íosta de 30 milleachoibhéis a shloinntear mar NaOH; Beoracha donna den chineál ‘oud bruin’”

(27)

I gCatagóir 14.2.8 (Deochanna alcólacha eile lena n-áirítear deochanna alcólacha a mheasctar le deochanna neamh-mheisciúla agus biotáillí ina bhfuil níos lú ná 15 % d’alcól), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

150

(1)(60)”

 

(28)

I gCatagóir 15.1 (Sneaiceanna atá bunaithe ar phrátaí, ghránaigh, plúr nó stáirse), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

20

(1) (60)”

 

(29)

I gCatagóir 15.2 (Cnónna próiseáilte), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

20

(1) (60)”

 

(30)

I gCatagóir 16 (Milseoga seachas na táirgí a chumhdaítear i gcatagóirí 1, 3 agus 4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

100

(1) (60)

fuinneamhlaghdaithe nó gan aon siúcra breise curtha leo amháin”

(31)

I gCatagóir 17.1 (Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, seachas forbhianna le haghaidh naíonáin agus leanaí óga), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

670

(1) (60)

 

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

1800

(1) (60)

forbhianna i bhfoirm coganta amháin”

(32)

I gCatagóir 17.2 (Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, seachas forbhianna le haghaidh naíonáin agus leanaí óga), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh E 960 (Gliocóisídí steibhióil):

 

“E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

200

(1) (60)

 

 

E 960a – 960c

Gliocóisídí steibhióil

1800

(1) (60)

forbhianna i bhfoirm síoróipe amháin”


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 mar a leanas:

(1)

San iontráil a bhaineann le E 960 Gliocóisídí steibhióil, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

E 960a GLIOCÓISÍDÍ STEIBHIÓIL Ó STEVIA

(2)

Cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 960:

E 960c(i) RIBIDIÓISÍD M A THÁIRGTEAR TRÍ MHODHNÚ EINSÍME AR GHLIOCÓISÍDÍ STEIBHIÓIL Ó STEVIA

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Is gliocóisíd steibhióil é ribidióisíd M atá comhdhéanta de ribidióisíd M den chuid is mó, le mionmhéideanna de ghliocóisídí steibhióil eile, ribidióisíd A, ribidióisíd B, ribidióisíd D, ribidióisíd I, agus steibhiósíd, mar shampla.

Faightear ribidióisíd M trí bhith-chomhshó einsíme d’úisc duilleoga gliocóisídí steibhióil íonaithe (95 % gliocóisídí steibhióil) ón bplanda Bertoni stevia rebaudiana trí úsáid bhaint as UDP-glúcóisíoltraschuráis agus einsímí siontáise siúcróis a thairgtear leis na giostaí géinmhodhnaithe K. phaffi (dá ngairtí Pichia pastoris roimhe seo) UGT-a agus K. phaffi UGT-b lena n-éascaítear glúcós a aistriú go siúcrós agus UDP-glúcós a aistriú go gliocóisídí steibhióil trí naisc gliocóisídí.

Tar éis na heinsímí a bhaint trí dheighilt sholadach-leachtach agus trí chóireáil teasa, is éard atá i gceist leis an íonú ribidióisíd M a thiúchan trí asú roisín, agus athchriostalú ribidióisíd M ina dhiaidh sin as a dtiocfaidh táirge deiridh ina mbeidh rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd M. Ní bhraithfear cealla inmharthana de na giostaí K. phaffìi UGT-a agus K. phaffii UGT-b ná a gcuid DNA sa bhreiseán bia.

Ainm ceimiceach

Ribidióisíd M: 13-[(2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-glúcaipioranóisil)osca]aigéad cúir-16-éan-18-óch, 2-O-β-D-glúcaipioranóisil-3-O-β-D-glúcaipioranóisil-β-D-eistear glúcaipioranóisil

An fhoirmle mhóilíneach

Ainm Tagartha

An fhoirmle

Fachtóir coinbheartaithe

Ribidióisíd M

C56 H90 O33

0,25

Meáchan móilíneach agus Uimhir CAS

Ainm Tagartha

Uimhir CAS

Meáchan móilíneach (g/mol)

 

 

 

Ribidióisíd M

1220616-44-3

1,291.29

Measúnacht

Rud nach lú ná 95 % de ribidióisíd M ar an mbonn triomaithe.

Tuairisc

Púdar ar dhath bán nó gealbhuí, idir thart ar 200 agus 350 uaire níos milse ná siúcrós (ag coibhéis siúcróis 5 %).

Sainaithint

Intuaslagthacht

Intuaslagtha in uisce, cuid de nó é ar fad

pH

Idir 4,5 agus 7,0 (tuaslagán 1 sa 100)

Íonacht

Iomlán na luatha

Rud nach mó ná 1 %

Caillteanas de bharr a thriomaithe

Rud nach mó ná 6 % (105 °C, 2h)

Tuaslagóir iarmharach

Rud nach mó ná 5 000  mg/kg d’eatánól

Arsanaic

Rud nach mó ná 0.015 mg/kg

Luaidhe

Rud nach mó ná 0.2 mg/kg

Caidmiam

Rud nach mó ná 0.015 mg/kg

Mearcair

Rud nach mó ná 0.07 mg/kg

Próitéin iarmharach

Rud nach mó ná 5 mg/kg

Méid na gcáithníní

Nach lú ná 74 μm [trí úsáid a bhaint as #200 criathar ag a bhfuil teorainn 74 μm le méid an chaithnín]”


Top