EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Íoschaighdeáin sábháilteachta agus sláinte agus trealamh oibre á úsáid ag an obair

Íoschaighdeáin sábháilteachta agus sláinte agus trealamh oibre á úsáid ag an obair

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/104/CE — maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’úsáid trealaimh oibre ag oibrithe ar an láthair oibre

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos léi na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le húsáid trealaimh oibre ar an láthair oibre.
  • Is í an dara treoir ar leith laistigh de bhrí Threoir 89/391/CEE lena dtugtar isteach rialacha ginearálta chun feabhsuithe ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe ag an obair a spreagadh.
  • Déantar Treoir 89/655/CEE ar a ndearnadh roinnt leasuithe suntasacha cúpla uair a chódú agus a aisghairm léi.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór d’fhostóirí gach beart a dhéanamh chun sábháilteacht an trealaimh oibre a chuirtear ar fáil d’oibrithe a áirithiú.

Agus an trealamh oibre á roghnú, ní mór d’fhostóirí aird a thabhairt ar na dálaí sainiúla oibre atá i bhfeidhm sa láthair oibre ag féachaint do shábháilteacht agus do shláinte na n-oibrithe. I gcás nach féidir na rioscaí a dhíothú go hiomlán le linn oibriú an trealaimh oibre, ní mór d’fhostóirí na bearta cuí a dhéanamh chun iad a íoslaghdú. I gcás go bhfuil reachtaíocht AE lena rialaítear obair ann, ní mór d’fhostóirí a áirithiú go gcomhlíonann an trealamh ceanglais na reachtaíochta sin nó na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn I den treoir seo.

Tá fostóirí freagrach as an méid seo a áirithiú maidir leis an trealamh oibre:

  • go ndéantar é a chothabháil go rialta chun na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh i gcónaí;
  • go bhfuil sé suiteáilte mar is ceart agus go bhfuil sé ag obair mar is ceart trí chigireacht/tástáil an trealaimh oibre ag daoine cuícháilithe a áirithiú. Ní mór torthaí na gcigireachtaí a thaifeadadh agus a choinneáil.

I gcás gur cosúil go mbeadh riosca faoi leith do shláinte agus do shábháilteacht oibrí i gceist le trealamh oibre, ní mór d’fhostóirí a áirithiú go bhfuil rochtain air teoranta dóibh siúd a bhfuil sé le húsáid acu. Ní mór d’fhostóirí a áirithiú chomh maith go ndéanfaidh oibrithe a ceapadh go speisialta, agus iad sin amháin, obair dheisiúcháin, mhodhnúcháin, chothabhála nó sheirbhísithe.

Ní mór d’fhostóirí chomh maith na prionsabail eirgeanamaíocha agus gnéithe sláinte ceirde a chur san áireamh maidir le hoibrithe agus trealamh oibre á úsáid acu.

Ní foláir nó go soláthróidh fostóirí faisnéis dhóthanach agus shoiléir d’fhostaithe (i bhfoirm scríofa más cuí) ar an trealamh oibre, maidir le:

  • coinníollacha úsáide,
  • cásanna neamhghnácha intuartha,
  • conclúidí a fuarthas ó thaithí.

Ní mór d’fhostóirí a áirithiú go bhfuil an oiliúint chuí ag oibrithe, go háirithe maidir le trealamh a mbaineann riosca sonrach leis, agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na rioscaí a d’fhéadfadh bheith i gceist le húsáid an trealaimh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 23 Deireadh Fómhair 2009. Le Treoir 2009/104/AE códaítear Treoir 89/655/CEE agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuirtear í in ionad na Treorach sin. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir 89/655/CEE i dtíortha AE faoi 1992.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/104/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’úsáid trealaimh oibre ag oibrithe ar an láthair oibre (an dara Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (leagan códaithe) (IO L 260, 3.10.2009, lgh. 5-19)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 89/655/CE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’úsáid trealaimh oibre ag oibrithe ar an láthair oibre (an dara Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 393, 30.12.1989, lgh. 13-17)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/655/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1-8)

Féach leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.11.2017

Top