EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005S/TTE

Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin, i dtaobh aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach

IO L 157, 21.6.2005, p. 11–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

21.6.2005   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

11


CONRADH

IDIR

RÍOCHT NA BEILGE, POBLACHT NA SEICE, RÍOCHT NA DANMHAIRGE, POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, POBLACHT NA hEASTÓINE, AN PHOBLACHT HEILLÉANACH, RÍOCHT NA SPÁINNE, POBLACHT NA FRAINCE, ÉIRE, POBLACHT NA hIODÁILE, POBLACHT NA CIPIRE, POBLACHT NA LAITVIA, POBLACHT NA LIOTUÁINE, ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG, POBLACHT NA hUNGÁIRE, POBLACHT MHÁLTA, RÍOCHT NA hÍSILTÍRE, POBLACHT NA hOSTAIRE, POBLACHT NA POLAINNE, POBLACHT NA PORTAINGÉILE, POBLACHT NA SLÓIVÉINE, POBLACHT NA SLÓVAICE, POBLACHT NA FIONLAINNE, RÍOCHT NA SUALAINNE, RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN

(BALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH)

AGUS

POBLACHT NA BULGÁIRE AGUS AN RÓMÁIN,

I dTAOBH AONTACHAS PHOBLACHT NA BULGÁIRE AGUS NA RÓMÁINE LEIS AN AONTAS EORPACH

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,

POBLACHT NA BULGÁIRE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,

A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,

UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,

UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ,

A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,

UACHTARÁN NA hÉIREANN,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,

A MHÓRGACHT RÍOGA ARD‐DIÚC LUCSAMBURG,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,

UACHTARÁN MHÁLTA,

A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,

UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,

UACHTARÁN NA RÓMÁINE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,

RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,

A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

AR BHEITH DÓIBH D'AON AIGNE gnóthú chuspóirí an Aontais Eorpaigh a shaothrú,

AR BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU leanúint den phróiseas chun aontas buandlúite idir pobail na hEorpa a chur ar bun ar na fothaí atá leagtha síos cheana,

DE BHRÍ go dtugann Airteagal I‐58 den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, ar nós Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, deis do Stáit Eorpacha chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas,

DE BHRÍ go bhfuil Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas,

DE BHRÍ gur dhearbhaigh an Chomhairle, tar éis di tuairim an Choimisiúin agus aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil, go bhfuil sí i bhfabhar na Stáit sin a ligean isteach,

DE BHRÍ go bhfuil an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, tráth sínithe an Chonartha seo, sínithe ach gan a bheith daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais agus go n‐aontóidh Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin don Aontas Eorpach mar atá an 1 Eanáir 2007,

A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,

Karel DE GUCHT

Aire Gnóthaí Eachtracha

Didier DONFUT

Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, a ghabhann leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha

POBLACHT NA BULGÁIRE,

Georgi PARVANOV

Uachtarán

Simeon SAXE-COBURG

Príomh-Aire

Solomon PASSY

Aire Gnóthaí Eachtracha

Meglena KUNEVA

Aire Gnóthaí Eorpacha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,

Vladimír MÜLLER

Leas-Aire Gnóthaí Aontais

Jan KOHOUT

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht na Seice chuig an Aontas Eorpach

A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,

Friis Arne PETERSEN

Buan-Rúnaí Stáit

Claus GRUBE

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Ríocht na Danmhairge chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

Hans Martin BURY

Aire Stáit um an Eoraip

Wilhelm SCHÖNFELDER

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,

Urmas PAET

Aire Gnóthaí Eachtracha

Väino REINART,

Buanionadaí Phoblacht na hEastóine chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ,

Yannis VALINAKIS

Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha

Vassilis KASKARELIS

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí na Poblachta Heilléanaí chuig an Aontas Eorpach

A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,

Miguel Angel MORATINOS CUYAUBÉ

Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair

Alberto NAVARRO GONZÁLEZ

Rúnaí Stáit um an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,

Claudie HAIGNERÉ

Aire le freagracht i leith Gnóthaí Eorpacha, a ghabhann leis an Aire Gnóthaí Eachtracha

Pierre SELLAL

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht na Fraince chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN NA hÉIREANN,

Dermot AHERN

Aire Gnóthaí Eachtracha

Noel TREACY

Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,

Roberto ANTONIONE

Fo-Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eachtracha

Rocco Antonio CANGELOSI

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht na hIodáile chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,

George IACOVOU

Aire Gnóthaí Eachtracha

Nicholas EMILIOU

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,

Artis PABRIKS

Aire Gnóthaí Eachtracha

Eduards STIPRAIS

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht na Laitvia chuig an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,

Antanas VALIONIS

Aire Gnóthaí Eachtracha

Albinas JANUSKA

Fo-Rúnaí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha

A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG,

Jean-Claude JUNCKER

Príomh-Aire, Aire Stáit, Aire Airgeadais

Jean ASSELBORN

Leas-Phríomhaire, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Inimirce

UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,

An Dr. Ferenc SOMOGYI

Aire Gnóthaí Eachtracha

Dr. Etele BARÁTH

Aire gan cúram roinne freagrach as Gnóthaí an Aontais Eorpaigh

UACHTARÁN MHÁLTA,

An tOnórach Michael FRENDO

Aire Gnóthaí Eachtracha

Richard CACHIA CARUANA

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht Mhálta chuig an Aontas Eorpach

A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,

An Dr. B.R. BOT

Aire Gnóthaí Eachtracha

Atzo NICOLAÏ

Aire Gnóthaí Eorpacha

UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,

Hubert GORBACH

Leas-Sheansailéir

An Dr. Ursula PLASSNIK

Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,

Adam Daniel ROTFELD

Aire Gnóthaí Eachtracha

Jarosław PIETRAS

Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eorpacha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,

Diogo PINTO DE FREITAS DO AMARAL

Aire Stáit agus Gnóthaí Eachtracha

Fernando Manuel de MENDONÇA D'OLIVEIRA NEVES

Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN NA RÓMÁINE,

Traian BĂSESCU

Uachtarán na Rómáine

Călin POPESCU - TĂRICEANU

Príomh-Aire na Rómáine

Mihai - Răzvan UNGUREANU

Aire Gnóthaí Eachtracha

Leonard ORBAN

Príomh-Chaibidleoir leis an Aontas Eorpach

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,

Božo CERAR

Rúnaí Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,

Eduard KUKAN

Aire Gnóthaí Eachtracha

József BERÉNYI

Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eachtracha

UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,

Eikka KOSONEN

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Phoblacht na Fionlainne chuig an Aontas Eorpach

RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,

Laila FREIVALDS

Aire Gnóthaí Eachtracha

Sven-Olof PETERSSON

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Ríocht na Sualainne chuig an Aontas Eorpach

A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

Sir John GRANT KCMG

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach,

Buanionadaí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann chuig an Aontas Eorpach

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

1.   Déantar leis seo de Phoblacht na Bulgáire agus den Rómáin comhaltaí den Aontas Eorpach.

2.   Déantar leis seo de Phoblacht na Bulgáire agus den Rómáin Páirtithe sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, mar atá arna leasú nó arna bhforlíonadh.

3.   Tá na coinníollacha agus na socruithe maidir le ligean isteach leagtha amach sa Phrótacal atá i gceangal leis an gConradh seo. Is cuid dhílis den Chonradh seo forálacha an Phrótacail sin.

4.   Déanfar an Prótacal, lena n‐áirítear a Iarscríbhinní agus a Fhoscríbhinní, a chur i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus is cuid dhílis de na Conarthaí sin a chuid forálacha.

Airteagal 2

1.   Sa chás nach mbeidh an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i bhfeidhm ar dháta an aontachais, déanfar de Phoblacht an Bulgáire agus den Rómáin Páirtithe sna Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar atá arna leasú nó arna bhforlíonadh.

Sa chás sin, tiocfaidh Airteagal 1(2) go (4) chun bheith infheidhme ó dháta an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm.

2.   Leagtar amach san Ionstraim atá i gceangal leis an gConradh seo na coinníollacha maidir le ligean isteach agus na hoiriúnuithe is gá dá chionn sin ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a mbeidh feidhm leo ó dháta an aontachais go dtí dáta an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip a theacht i bhfeidhm. Is cuid dhílis den Chonradh seo forálacha na hIonstraime sin.

3.   Sa chás go dtiocfaidh an Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i bhfeidhm tar éis an aontachais, déanfaidh an Prótacal dá dtagraítear in Airteagal 1(3) ionad na hIonstraime dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a ghlacadh ar dháta an Chonartha sin a theacht i bhfeidhm. Sa chás sin, measfar nach gcruthaíonn forálacha an Phrótacail réamhluaite éifeacht nua dlí ach go ndéanann siad na héifeachtaí dlí atá cruthaithe cheana ag forálacha na hIonstraime dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chaomhnú faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus sa Phrótacal sin.

Gníomhartha arna nglacadh roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail dá dtagraítear in Airteagal 1(3) ar bhonn an Chonartha seo nó ar bhonn na hIonstraime dá dtagraítear i mír 2, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus caomhnófar a n‐éifeachtaí dlí go dtí go ndéanfar na gníomhartha sin a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 3

Beidh feidhm i leith an Chonartha seo ag na forálacha a bhaineann le cearta agus oibleagáidí na mBallstát agus le cumhachtaí agus dlínse institiúidí an Aontais mar atá siad leagtha amach sna Conarthaí a dtiocfaidh Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin chun bheith ina bPáirtithe iontu.

Airteagal 4

1.   Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile lá nach déanaí ná an 31 Nollaig 2006.

2.   Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007 ar chuntar go mbeidh na hionstraimí daingniúcháin go léir taiscthe roimh an dáta sin.

Ar a shon sin, mura mbeidh Stát dá dtagraítear in Airteagal 1(1) tar éis a ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh i dtráth cuí, tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm don Stát eile a rinne an taisceadh sin. Sa chás sin, ag gníomhú di d'aon toil, cinnfidh an Chomhairle láithreach cad iad na hoiriúnuithe nach foláir a dhéanamh ar an gConradh seo, ar Airteagail 10, 11(2), 12, 21(1), 22, 31, 34 agus 46, ar Iarscríbhinn III, pointe 2(1)(b), 2(2) agus 2(3), agus ar Iarscríbhinn IV, Roinn B, den Phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus, de réir mar a bheidh, ar Airteagail 9 go 11, 14(3), 15, 24(1), 31, 34, 46 agus 47, ar Iarscríbhinn III, pointe 2(1)(b), 2(2) agus 2(3), agus ar Iarscríbhinn IV, Roinn B, den Ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 2(2); féadfaidh sí chomh maith, ag gníomhú di d'aon toil, a dhearbhú go bhfuil na forálacha sin den Phrótacal réamhluaite, lena n‐áirítear a Iarscríbhinní agus a Fhoscríbhinní, agus, de réir mar a bheidh, na forálacha sin den Ionstraim réamhluaite, lena n‐áirítear a hIarscríbhinní agus a Foscríbhinní, a thagraíonn go sainráite do Stát nár thaisc a ionstraim dhaingniúcháin, imithe i léig, nó féadfaidh sí na forálacha sin a oiriúnú.

D'ainneoin thaisceadh na n‐ionstraimí daingniúcháin go léir is gá i gcomhréir le mír 1, tiocfaidh an Conradh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2008, má ghlacann an Chomhairle cinneadh maidir leis an dá Stát aontacha faoi Airteagal 39 den Phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 1(3), nó faoi Airteagal 39 den Ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 2(2) roimh theacht i bhfeidhm an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip.

Má ghlactar an cinneadh sin i dtaca le ceann amháin de na Stáit aontacha, tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm i leith an Stáit sin an 1 Eanáir 2008.

3.   D'ainneoin mhír 2, féadfaidh institiúidí an Aontais na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(6), sa dara fomhír d'Airteagal 6(2), sa dara fomhír d'Airteagal 6(4), sa dara fomhír agus sa tríú fomhír d'Airteagal 6(7), sa dara fomhír d'Airteagal 6(8), sa tríú fomhír d'Airteagal 6(9), in Airteagail 17, 19, 27(1) agus (4), 28(4) agus (5), 29, 30(3), 31(4), 32(5), 34(3) agus (4), 37, 38, 39(4), 41, 42, 55, 56 agus 57 agus in Iarscríbhinní IV go VIII den Phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a ghlacadh roimh an aontachas. Roimh theacht i bhfeidhm an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip glacfar an bearta sin faoi na forálacha coibhéiseacha in Airteagal 3(6), sa dara fomhír d'Airteagal 6(2), sa dara fomhír d'Airteagal 6(4), sa dara fomhír agus sa tríú fomhír d'Airteagal 6(7), sa dara fomhír d'Airteagal 6(8), sa tríú fomhír d'Airteagal 6(9), in Airteagail 20, 22, 27(1) agus (4), 28(4) agus (5), 29, 30(3), 31(4), 32(5), 34(3) agus (4), 37, 38, 39(4), 41, 42, 55, 56 agus 57 agus in Iarscríbhinní IV go VIII den Ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

Ní thiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm ach amháin faoi réir an Chonartha seo agus ar an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 5

Déanfar téacs an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip arna tharraingt suas sa Bhulgáiris agus sa Rómáinis a chur i gceangal leis an gConradh seo. Beidh comhúdarás ag na téacsanna sin faoi na coinníollacha céanna leis na téacsanna den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip arna dtarraingt suas sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.

Cuirfidh Rialtas Phoblacht na hIodáile cóip dheimhnithe den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip sna teangacha go léir dá dtagraítear sa chéad mhír chuig Rialtas Phoblacht na Bulgáire agus Rialtas na Rómáine.

Airteagal 6

Déanfar an Conradh seo, arna tharraingt suas i scríbhinn bhunaidh amháin, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag téacs gach teanga díobh, a thaisceadh i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de Stáit a shínithe.

В ПОТВЪРЖДЕНИЕ НА КОЕТО, долуподписаните упълномощени представители подписаха настоящия договор.

EN FE DE LO CUAL, los plenipotenciarios abajo firmantes suscriben el presente Tratado.

NA DŮKAZ ČEHOŽ připojili níže podepsaní zplnomocnění zástupci k této smlouvě své podpisy.

TIL BEKRÆFTELSE HERAF har undertegnede befuldmægtigede underskrevet denne traktat.

ZU URKUND DESSEN haben die unterzeichneten Bevollmächtigten ihre Unterschriften unter diesen Vertrag gesetzt.

SELLE KINNITUSEKS on nimetatud täievolilised esindajad käesolevale lepingule alla kirjutanud.

ΣΕ ΠΙΣΤΩΣΗ ΤΩΝ ΑΝΩΤΕΡΩ, οι κάτωθι υπογεγραμμένοι πληρεξούσιοι υπέγραψαν την παρούσα Συνθήκη.

IN WITNESS WHEREOF the undersigned Plenipotentiaries have signed this Treaty.

EN FOI DE QUOI, les plénipotentiaires soussignés ont apposé leurs signatures au bas du présent traité.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.

IN FEDE DI CHE, i plenipotenziari sottoscritti hanno apposto le loro firme in calce al presente trattato.

TO APLIECINOT, Pilnvarotie ir parakstījuši šo Līgumu.

TAI PALIUDYDAMI šią Sutartį pasirašė toliau nurodyti įgaliotieji atstovai.

FENTIEK HITELÉÜL az alulírott meghatalmazottak aláírták ezt a szerződést.

B’XIEHDA TA’ DAN il-Plenipotenzjarji sottoskritti iffirmaw dan it-Trattat.

TEN BLIJKE WAARVAN de ondergetekende gevolmachtigden hun handtekening onder dit Verdrag hebben gesteld.

W DOWÓD CZEGO niżej podpisani pełnomocnicy złożyli swoje podpisy pod niniejszym Traktatem.

EM FÉ DO QUE, os plenipotenciários abaixo-assinados apuseram as suas assinaturas no final do presente Tratado.

DREPT CARE subsemnaţii plenipotenţiari au semnat prezentul tratat.

NA DÔKAZ TOHO splnomocnení zástupcovia podpísali túto zmluvu.

V POTRDITEV TEGA so spodaj podpisani pooblaščenci podpisali to pogodbo.

TÄMÄN VAKUUDEKSI ALLA MAINITUT täysivaltaiset edustajat ovat allekirjoittaneet tämän sopimuksen.

SOM BEKRÄFTELSE PÅ DETTA har undertecknade befullmäktigade ombud undertecknat detta fördrag.

Съставено в Люксембург на двадесет и пети април две хиляди и пета година.

Hecho en Luxemburgo, el veinticinco de abril del dos mil cinco.

V Lucemburku dne dvacátého pátého dubna dva tisíce pět.

Udfærdiget i Luxembourg den femogtyvende april to tusind og fire.

Geschehen zu Luxemburg am fünfundzwanzigsten April zweitausendfünf.

Kahe tuhande viienda aasta aprillikuu kahekümne viiendal päeval Luxembourgis.

Έγινε στo Λουξεμβούργο, στις είκοσι πέντε Απριλίου δύο χιλιάδες πέντε.

Done at Luxembourg on the twenty‐fifth day of April in the year two thousand and five.

Fait à Luxembourg, le vingt‐cinq avril deux mille cinq.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an cúigiú lá fichead d'Aibreán sa bhliain dhá mhíle is a cúig.

Fatto a Lussembourgo, addi' venticinque aprile duemilacinque.

Luksemburgā, divtūkstoš piektā gada divdesmit piektajā aprīlī.

Priimta du tūkstančiai penktų metų balandžio dvidešimt penktą dieną Liuksemburge.

Kelt Luxembourgban, a kettőezer ötödik év április huszonötödik napján.

Magħmul fil-Lussemburgu, fil-ħamsa u għoxrin jum ta' April tas-sena elfejn u ħamsa.

Gedaan te Luxemburg, de vijfentwintigste april tweeduizend vijf.

Sporządzono w Luksemburgu dnia dwudziestego piątego kwietnia roku dwutysięcznego piątego.

Feito em Luxemburgo, em vinte e cinco de Abril de dois mil e cinco.

Întocmit la Luxemburg la douăzecişicinci aprilie anul două mii cinci.

V Luxembourgu, petindvajsetega aprila leta dva tisoč pet.

V Luxemburgu dňa dvadsiateho piateho apríla dvetisícpäť.

Tehty Luxemburgissa kahdentenakymmenentenäviidentenä päivänä huhtikuuta vuonna kaksituhattaviisi.

Som skedde i Luxemburg den tjugofemte april tjugohundrafem.

Pour Sa Majesté le Roi des Belges

Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen

Für Seine Majestät den König der Belgier

Image

Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.

Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.

Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.

За Република България

Image

Za prezindenta České republiky

Image

For Hendes Majestæt Danmarks Dronning

Image

Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland

Image

Eesti Vabariigi Presidendi nimel

Image

Για τον Пρόεδρο της Еλληνικής Δημοκρατίας

Image

Por Su Majestad el Rey de España

Image

Pour le Président de la République française

Image

Thar ceann Uachtarán na hÉireann

For the President of Ireland

Image

Per il Presidente della Repubblica italiana

Image

Για τον Пρόεδρο της Кυπριαкής Δημοκρατίας

Image

Latvijas Republikas Valsts prezidentes vārdā

Image

Lietuvos Respublikos Prezidento vardu

Image

Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg

Image

A Magyar Köztársaság Elnöke részéről

Image

Għall-President ta' Malta

Image

Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden

Image

Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich

Image

Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej

Image

Pelo Presidente da República Portuguesa

Image

Pentru Preşedintele României

Image

Za predsednika Republike Slovenije

Image

Za prezindeta Slovenkej republiky

Image

Suomen Tasavallan Presidentin puolesta

För Republiken Finlands President

Image

För Konungariket Sveriges regering

Image

For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland

Image


Top