EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1099
Commission Regulation (EU) 2021/1099 of 5 July 2021 amending Annexes II and III to Regulation (EC) No 1223/2009 of the European Parliament and of the Council on cosmetic products (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2021/1099 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2021/1099 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4836
IO L 238, 6.7.2021, p. 29–31
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/29 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1099 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 31(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tagann de thoradh na substainte 4-[(teitrihidrea-2H-pioran-2-il)ocsa]feanól (gnáthainm: dé-ocsarbúitin, ainm INCI: Tetrahydropyranyloxy Phenol), ar substaint í nach ndéantar rialáil uirthi i Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, go scaoiltear 1,4-Déhiodrocsabeinséin (ainm INCI: Hydroquinone). Áirítear hidreacuineon ar na substaintí a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid i dtáirgí cosmaideacha, agus a liostaítear faoi iontráil 1339 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, cé is moite d’iontráil 14 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(2) |
Rinne an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) measúnú ar úsáid dé-ocsarbúitin i dtáirgí cosmaideacha. Sa tuairim a glacadh an 25 Meitheamh 2015 (2), tháinig CEST ar an gconclúid nach féidir, i ngeall ar ábhair imní maidir le sábháilteacht a ardaíodh maidir le saolré táirgí ina bhfuil an tsubstaint sin, a mheas go bhfuil sé sábháilte dé-ocsarbúitin ag leibhéal suas le 3 % a úsáid in uachtair don aghaidh (3). |
(3) |
Bunaithe ar an tuairim sin, ba cheart toirmeasc a bheith ar úsáid dé-ocsarbúitin i dtáirgí cosmaideacha agus ba cheart é a chur le liosta na substaintí toirmiscthe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. |
(4) |
Is comhábhar cosmaideach é an tsubstaint 1,3-Déhiodrocsa-2-própánón (ainm INCI: Dihydroxyacetone) arb iad na feidhmeanna tuairiscithe atá leis feabhsú agus donnúchán craicinn. Faoi láthair, ní dhéantar rialáil ar dhéhiodrocsaicéatón faoi Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. |
(5) |
Ina thuairim a glacadh an 3-4 Márta 2020 (4), mheas CEST go raibh Déhiodrocsaicéatón sábháilte nuair a úsáidtear é mar chomhábhar dathúcháin gruaige i dtáirgí neamhshruthlaithe (táirgí neamhocsaídiúcháin) ag tiúchan suas go huastiúchan 6,25 %. Thairis sin, tháinig CEST ar an gconclúid sa tuairim sin gur sábháilte Déhiodrocsaicéatón a úsáid mar chomhábhar dathúcháin gruaige i dtáirgí neamhshruthlaithe (táirgí neamhocsaídiúcháin) ag tiúchan suas go huastiúchan 6,25 % agus gur sábháilte freisin lóis féin-donnúcháin agus uachtar don aghaidh ina bhfuil Déhiodrocsaicéatón ag tiúchan suas go huastiúchan 10 % a úsáid. |
(6) |
Bunaithe ar na conclúidí sin, is gá iontráil nua a chur isteach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 lena gceadófar úsáid shrianta Déhiodrocsaicéatóin i dtáirgí neamh-ocsaídiúcháin chun gruaig a ruaimniú agus i dtáirgí féin-donnúcháin, agus iontu sin amháin, ag tiúchan suas go huastiúchan 6,25 % agus 10 % faoi seach. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a leasú dá réir sin. |
(8) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí ama réasúnta chun go mbeidh an tionscal in ann oiriúnú do na ceanglais nua maidir le húsáid déhiodrocsaicéatóin i dtáirgí cosmaideacha agus chun go mbeidh sé in ann stad de réir a chéile de tháirgí cosmaideacha nach gcomhlíonann na ceanglais sin a chur ar an margadh agus a chur ar fáil ar an margadh. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.
(2) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), Tuairim maidir le dé-ocsarbúitin – Feanól Teitrihidripiorainiolocsa, 25 Meitheamh 2015, SCCS/1554/15.
(3) Féach pointe 4 den tuairim.
(4) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), Tuairim maidir le Déhiodrocsaicéatón - DHA, 3-4 Márta 2020, SCCS/1612/19.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
(*1) Maidir le táirgí chun gruaig a ruaimniú agus táirgí féin-donnúcháin ina bhfuil an tsubstaint sin agus nach gcomhlíonann na srianta, ní chuirfear ar mhargadh an Aontais iad ón 26 Eanáir 2022 amach. Maidir le táirgí chun gruaig a ruaimniú agus táirgí féin-donnúcháin ina bhfuil an tsubstaint sin agus nach gcomhlíonann na srianta, ní chuirfear ar mhargadh an Aontais iad ón 22 Aibreán 2022 amach.”