EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0206

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS

COM/2021/206 final

An Bhruiséil,21.4.2021

COM(2021) 206 final

2021/0106(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS

{SEC(2021) 167 final} - {SWD(2021) 84 final} - {SWD(2021) 85 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga). Grúpa teicneolaíochtaí atá san Intleacht Shaorga (IS) atá ag athrú go tapa agus lena bhféadfaí réimse leathan tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha a chur ar fáil sa raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile. Trí fheabhas a chur ar an tuar, oibríochtaí optamúcháin agus leithdháileadh acmhainní, agus soláthar seirbhísí a phearsanú, le húsáid na hintleachta saorga, féadfar tacú le torthaí atá chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil agus féadfar príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do chuideachtaí agus don gheilleagar Eorpach. Tá gá leis na gníomhaíochtaí sin go háirithe in earnálacha ard-tionchair, lena n‑áirítear athrú aeráide, sláinte agus comhshaol, an earnáil phoiblí, airgeadas, soghluaisteacht, gnóthaí baile agus talmhaíocht. Na heilimintí agus teicnící céanna arb iad is cúis le tairbhí socheacnamaíocha na hintleachta saorga, d’fhéadfadh siad freisin, áfach, rioscaí nua nó iarmhairtí diúltacha a thabhairt chun cinn le haghaidh daoine aonair nó le haghaidh na sochaí. I bhfianaise luas an athraithe teicneolaíochta agus na ndúshlán a d’fhéadfadh a bheith ann, is de thiomantas an Aontais Eorpaigh gach iarracht a dhéanamh cur chuige cothrom a bhaint amach. Is é leas an Aontais ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais Eorpaigh a chosaint agus a áirithiú gur féidir le muintir na hEorpa tairbhiú de theicneolaíochtaí nua a fhorbraítear agus a fheidhmíonn de réir luachanna, chearta agus phrionsabail an Aontais.

Leis an togra seo, comhlíontar gealltanas polaitiúil an Uachtaráin von der Leyen, a d’fhógair ina treoirlínte polaitiúla maidir le Coimisiún 2019-2024 ‘I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach’ 1 , go gcuirfeadh an Coimisiún reachtaíocht ar aghaidh i ndáil le cur chuige comhordaithe Eorpach maidir leis na himpleachtaí daonna agus eiticiúla a ghabhann leis an intleacht shaorga. Tar éis an fhógra sin, an 19 Feabhra 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga – Cur chuige Eorpach i leith an bhairr feabhais agus na hiontaoibhe 2 . Leis an bPáipéar Bán, leagtar amach roghanna beartais i dtaca leis an dá chuspóir a bhaint amach, is iad sin glacadh na hintleachta saorga a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí áirithe na teicneolaíochta sin. Is é is aidhm don togra seo an dara cuspóir a chur chun feidhme maidir le héiceachóras muiníne a fhorbairt trí chreat dlíthiúil a mholadh le haghaidh intleacht shaorga iontaofa. Tá an togra bunaithe ar luachanna an Aontais Eorpaigh agus ar chearta bunúsacha agus is é aidhm dó muinín a thabhairt do dhaoine agus d’úsáideoirí eile glacadh le réitigh atá bunaithe ar an intleacht shaorga, agus ag an am céanna gnólachtaí a spreagadh iad a fhorbairt. Ba cheart don intleacht shaorga a bheith ina huirlis do dhaoine agus maitheas a dhéanamh sa tsochaí agus é mar aidhm dheiridh léi dea-bhail an duine a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha maidir leis an intleacht shaorga atá ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a dhéanann difear do dhaoine san Aontas a bheith duinelárnach, ionas go mbeidh muinín ag daoine go n‑úsáidtear an teicneolaíocht ar bhealach sábháilte agus i gcomhréir leis an dlí, lena n‑áirítear urramú na gcearta bunúsacha. Tar éis fhoilsiú an Pháipéir Bháin, sheol an Coimisiún comhairliúchán le raon leathan páirtithe leasmhara, a raibh suim mhór ag líon ard páirtithe leasmhara ann a thacaigh le hidirghníomhú rialála chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus an imní a ardaítear leis an méadú atá ag teacht ar úsáid intleachta saorga.

Is freagairt an togra seo freisin ar iarrataí sainráite ó Pharlaimint na hEorpa (PE) agus ón gComhairle Eorpach, lenar iarradh arís agus arís ar ghníomhaíocht reachtach chun margadh inmheánach dea-fheidhmithe a áirithiú le haghaidh córais intleachta saorga (‘Córais IS’) ina dtugtar aghaidh ar thairbhí agus rioscaí intleachta saorga go leormhaith ar leibhéal an Aontais. Tacaíonn sé le cuspóir an Aontais a bheith ina cheannródaí domhanda i bhforbairt na hintleachta saorga sláine iontaofa eiticiúla, mar a shonraigh an Chomhairle Eorpach 3 , agus áirithítear leis go ndéantar prionsabail eiticiúla a chosaint, arna iarraidh sin go sonrach ag Parlaimint na hEorpa 4 . 

In 2017 d’iarr an Chomhairle Eorpach ‘aghaidh a thabhairt ar threochtaí atá ag teacht chun cinn mar shaincheist phráinneach’ lena n‑áirítear saincheisteanna amhail an intleacht shaorga ..., agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta sonraí, cearta digiteacha agus caighdeáin eiticiúla a áirithiú’ 5 . I gConclúidí 2019 ón gComhairle maidir le Plean Comhordaithe um fhorbairt agus úsáid na hintleachta saorga arna ndéanamh san Eoraip. 6 , leag sí béim bhreise ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar cearta na saoránach Eorpach a urramú go hiomlán agus d’iarr sí athbhreithniú ar an reachtaíocht ábhartha atá ann cheana chun í a oiriúnú le haghaidh na ndeiseanna agus na ndúshlán nua a ardaítear leis an intleacht shaorga. D’iarr an Chomhairle Eorpach freisin go ndéanfaí cinneadh soiléir maidir leis na feidhmchláir ar cheart a aicmiú mar fheidhmchláir ardriosca 7 .

Sna Conclúidí is déanaí ón 21 Deireadh Fómhair 2020 iarradh freisin go dtabharfaí aghaidh ar dhoiléireacht, castacht, claontacht, leibhéal áirithe neamh-intuarthachta agus iompraíocht pháirt-uathrialaitheach córas intleachta saorga áirithe, chun comhoiriúnacht na gcóras leis na cearta bunúsacha a áirithiú agus chun gur féidir rialacha dlíthiúla a fhorfheidhmiú 8 .

Tá méid mór oibre déanta ag Parlaimint na hEorpa freisin i réimse na hintleachta saorga. I mí Dheireadh Fómhair 2020 ghlac sí roinnt rún a bhaineann leis an intleacht shaorga, lena n‑áirítear maidir le heitic 9 , dliteanas 10 agus cóipcheart 11 . Agus ina dhiaidh sin in 2021 roinnt rún maidir leis an intleacht shaorga in ábhair choiriúla 12 agus san oideachas agus sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc 13 . Sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Creat na nGnéithe Eiticiúla den Intleacht Shaorga, den Róbataic agus de Theicneolaíochtaí gaolmhara, moltar go sonrach don Choimisiún gníomhaíocht reachtach a bheartú chun leas a bhaint as deiseanna agus tairbhí na hintleachta saorga, ach cosaint na bprionsabal eiticiúil a áirithiú freisin. Áirítear sa rún, téacs an togra reachtach le haghaidh rialachán maidir le prionsabail eiticiúla chun an intleacht shaorga, róbataic agus teicneolaíochtaí gaolmhara a fhorbairt, a chur in úsáid agus úsáid. I gcomhréir le gealltanas polaitiúil an Uachtaráin von der Leyen a rinne sí ina Treoirlínte Polaitiúla a mhéid a bhaineann le rúin arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa faoi Airteagal 225 de CFAE, cuirtear san áireamh leis an togra seo an rún thuasluaite ó Pharlaimint na hEorpa agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal na comhréireachta, prionsabal na coimhdeachta, agus don phrionsabal maidir le reachtóireacht níos fearr.

Sa chomhthéacs polaitiúil sin, cuireann an Coimisiún ar aghaidh an creat rialála atá beartaithe maidir leis an Intleacht Shaorga ag a bhfuil na cuspóirí sonracha seo a leanas:

·a áirithiú go mbeidh na córais intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais sábháilte agus go n‑urramaítear an dlí atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais;

·deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chun infheistiú agus nuálaíocht in intleacht shaorga a éascú;

·rialachas agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí a fheabhsú maidir le cearta bunúsacha agus ceanglais sábháilteachta is infheidhme ar chórais intleachta saorga;

·forbairt margaidh aonair a éascú le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga dhleathacha shábháilte iontaofa agus ilroinnt sa mhargadh a sheachaint.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, cuirtear i láthair sa togra seo cur chuige cothrománach rialála cothrom agus comhréireach maidir leis an intleacht shaorga atá teoranta do na híoscheanglais is gá chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus fadhbanna a bhaineann leis an intleacht shaorga, gan srian ná bac míchuí a chur ar an bhforbairt theicneolaíoch nó gan an costas a bhaineann le réitigh intleachta saorga a chur ar an margadh a mhéadú go díréireach. Sa togra socraítear creat dlíthiúil stóinseach solúbtha. Ar thaobh amháin, tá sé cuimsitheach agus stóinseach don todhchaí maidir lena roghanna bunúsacha rialála, lena n‑áirítear na ceanglais bunaithe ar phrionsabail ar cheart do chórais intleachta saorga a chomhlíonadh. Ar an taobh eile, cuirtear i bhfeidhm leis córas comhréireach rialála atá dírithe ar chur chuige dea-shainithe rialála rioscabhunaithe nach gcruthaíonn srianta neamhriachtanacha maidir le trádáil, sa chaoi go ndéantar idirghabháil dhlíthiúil a shaincheapadh le haghaidh na gcásanna coincréiteacha sin lena bhfuil cúis imní chuí nó lena bhféadfaí a bheith ag súil le réasún leis an gcúis imní go luath amach anseo. Ag an am céanna, áirítear sásraí solúbtha sa chreat dlíthiúil lenar féidir é a oiriúnú go dinimiciúil de réir mar a thiocfaidh forbairt ar an teicneolaíocht agus de réir mar a thiocfaidh cásanna imníocha nua chun cinn.

Socraítear leis an togra rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a fhorbairt, a chur ar an margadh nó a úsáid san Aontas i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe comhréireach. Beartaítear leis sainmhíniú aonair atá stóinseach don todhchaí le haghaidh na hintleachta saorga. Tá toirmeasc ar chleachtais intleachta saorga áirithe a mbaineann díobháil ar leith leo ós rud é go sáraíonn siad luachanna an Aontais, agus tá srianta agus coimircí sonracha beartaithe i ndáil le húsáidí áirithe cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ chun críoch fhorfheidhmiú an dlí. Leagtar síos leis an togra modheolaíocht riosca dhaingean chun córais intleachta saorga ‘ardriosca’ a shainmhíniú, ar córais iad a mbaineann rioscaí suntasacha leo don tsláinte agus don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine. Beidh ar na córais intleachta saorga sin tacar ceanglas sainordaitheach cothrománach maidir le hintleacht shaorga iontaofa a chomhlíonadh agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leanúint sula gcuirfear na córais sin ar mhargadh an Aontais. Cuirtear oibleagáidí intuartha comhréireacha soiléire ar sholáthraithe agus úsáideoirí na gcóras sin freisin chun sábháilteacht a áirithiú agus chun urramú a thabhairt do reachtaíocht atá ann cheana lena gcosnaítear cearta bunúsacha ar feadh shaolré iomlán na gcóras intleachta saorga. Le haghaidh roinnt córais intleachta saorga sonracha, níl beartaithe ach oibleagáidí trédhearcachta íosta, go háirithe i gcásanna ina n‑úsáidtear ríomhróbait chomhrá agus ‘domhainbhrionnuithe’.

Déanfar na rialacha atá beartaithe a fhorfheidhmiú trí chóras rialachais ar leibhéal na mBallstát, trí chur le struchtúir atá ann cheana, agus sásra comhair ar leibhéal an Aontais trí Bhord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú. Tá bearta breise beartaithe freisin chun tacú leis an nuálaíocht, go háirithe trí bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga agus bearta eile chun an t‑ualach riaracháin a laghdú agus chun tacú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (‘FBManna’) agus gnólachtaí nuathionscanta.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I bhfianaise nádúr an togra a bheith de chineál cothrománach, tá ceanglas ann a bheith i gcomhréir go hiomlán le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, reachtaíocht is infheidhme maidir le hearnálacha ina n‑úsáidtear córais intleachta saorga ardriosca nó inar dócha go mbeidh siad in úsáid go luath.

Áirithítear comhsheasmhacht leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le reachtaíocht thánaisteach an Aontais atá ann cheana maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí, neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne. Comhlánaíonn an togra an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679) agus an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (Treoir (AE) 2016/680) agus tá sé gan dochar dóibh, le tacar rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir le dearadh, forbairt agus úsáid córas intleachta saorga ardriosca áirithe agus srianta i dtaca le húsáidí áirithe cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí. Thairis sin, comhlánaíonn an togra dlí an Aontais atá ann cheana maidir le neamh-idirdhealú le ceanglais shonracha a bhfuil sé d’aidhm acu an riosca maidir le hidirdhealú algartamach a íoslaghdú, go háirithe i ndáil le dearadh agus cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear chun córais intleachta saorga a fhorbairt agus comhlánaithe le hoibleagáidí maidir le tástáil, bainistiú riosca, doiciméadacht agus formhaoirseacht dhaonna ar feadh shaolré na gcóras intleachta saorga. Tá an togra gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.

A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad, déanfar an togra seo a chomhtháthú sa reachtaíocht sábháilteachta earnála atá ann cheana chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbláil a sheachaint agus ualaigh bhreise a íoslaghdú. Go sonrach, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Chreata Reachtaigh Nua (NLF) (e.g. innealra, feistí leighis, bréagáin), seiceálfar na ceanglais le haghaidh córais intleachta saorga a leagtar amach sa togra seo mar chuid de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá ann cheana faoi reachtaíocht ábhartha an Chreata Reachtaigh Nua. Maidir le hidirghníomhú na gceanglas, cé gur cheart na rioscaí sábháilteachta a bhaineann go sonrach le córais intleachta saorga a bheith cumhdaithe le ceanglais an togra seo, tá sé d’aidhm ag reachtaíocht an Chreata Reachtaigh Nua sábháilteacht fhoriomlán an táirge deiridh a áirithiú agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh ceanglais shonracha inti maidir le córas intleachta saorga a chomhtháthú go sábháilte sa táirge deiridh. Léirítear an cur chuige sin go hiomlán sa togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra arna ghlacadh ar an lá céanna leis an togra seo. A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an tSeanchuir Chuige (e.g. eitlíocht, gluaisteáin), ní bheadh feidhm dhíreach ag an togra seo orthu. Maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ex ante le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar amach sa togra seo, áfach, ní mór iad a chur san áireamh agus reachtaíocht ábhartha cur chun feidhme nó tarmligthe á glacadh faoi na gníomhartha sin.

A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a sholáthraíonn nó a úsáideann institiúidí creidmheasa, ba cheart na húdaráis atá freagrach as maoirseacht reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais a ainmniú mar údaráis inniúla maidir leis na ceanglais sa togra seo a mhaoirsiú chun forfheidhmiú comhleanúnach na n‑oibleagáidí faoin togra seo agus faoi reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais a áirithiú i gcás ina rialaítear córais intleachta saorga go hintuigthe go méid áirithe i ndáil le córas rialachais inmheánach na n‑institiúidí creidmheasa. Chun comhsheasmhacht a fheabhsú a thuilleadh, déantar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe a chomhtháthú sna nósanna imeachta faoi Threoir 2013/36/AE maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus ar an maoirseacht stuamachta 14 .

Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le seirbhísí, lena n‑áirítear maidir le seirbhísí idirghabhálacha a rialaítear le Treoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach 15 agus leis an togra is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) 16 .

I ndáil le córais intleachta saorga is comhpháirteanna córas mhórscála TF iad sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais a bhainistítear le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF (eu-LISA), ní bheidh feidhm ag an togra maidir leis na córais intleachta saorga sin a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh atá bliain amháin caite ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach amháin má dhéantar athrú suntasach ar dhearadh an chórais intleachta saorga nó na gcóras intleachta saorga lena mbaineann nó don chríoch atá beartaithe dó nó dóibh de thoradh na ngníomhartha dlí sin a leasú nó a ionadú.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid é an togra de phacáiste leathan cuimsitheach beart lena dtugtar aghaidh ar fhadhbanna a bhaineann le forbairt agus úsáid na hintleachta saorga, mar a scrúdaíodh sa Pháipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga. Dá bhrí sin, áirithítear comhsheasmhacht agus comhlántacht le tionscnaimh eile an Choimisiúin atá ar bun nó atá beartaithe a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, lena n‑áirítear athbhreithniú ar reachtaíocht earnála táirgí (e.g. an Treoir maidir le hInnealra, an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí) agus tionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna dliteanais a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, lena n‑áirítear córais intleachta saorga. Leis na tionscnaimh sin, cuirfear leis an togra seo agus comhlánófar é chun soiléireacht dhlíthiúil a thabhairt agus chun forbairt éiceachórais mhuiníne maidir leis an intleacht shaorga san Eoraip a chothú.

Tá an togra comhleanúnach freisin le straitéis fhoriomlán dhigiteach an Choimisiúin maidir leis an rannchuidiú a dhéantar chun teicneolaíocht a oibríonn do dhaoine a chur chun cinn, rud atá ar cheann de thrí phríomhcholún an treoshuímh bheartais agus na gcuspóirí a fógraíodh sa Teachtaireacht dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ 17 . Leagtar síos creat comhleanúnach éifeachtach comhréireach chun a áirithiú go bhforbraítear an intleacht shaorga ar bhealaí a n‑urramóidh cearta na ndaoine agus ar bhealaí a fhágfaidh go mbeidh muinín ag daoine aisti, chun an Eoraip a chur in oiriúint don aois dhigiteach agus na 10 mbliana atá romhainn a thiontú ina nDeacáid Dhigiteach 18 .

Thairis sin, tá dlúthbhaint ag cur chun cinn na nuálaíochta atá dírithe ar an intleacht shaorga leis an nGníomh um Rialachas Sonraí 19 , an Treoir maidir le Sonraí Oscailte 20 agus tionscnaimh eile faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le sonraí 21 , faoina mbunófar sásraí agus seirbhísí iontaofa i ndáil le sonraí a athúsáid, a chomhroinnt agus a chomhthiomsú, rud atá fíor-riachtanach chun samhlacha intleachta saorga a fhorbairt atá bunaithe ar shonraí agus atá ar ardcháilíocht.

Leis an togra freisin neartaítear ról an Aontais go mór maidir le cuidiú le múnlú norm agus caighdeán domhanda agus chun intleacht shaorga iontaofa a chur chun cinn atá i gcomhréir le luachanna agus leasanna an Aontais. Tugann sé bunús cumhachtach don Aontas chun gníomhú níos mó lena pháirtithe seachtracha, lena n‑áirítear tríú tíortha, agus ag fóraim idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an intleacht shaorga.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo, ar an gcéad dul síos, lena ndéantar foráil maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Is croíchuid é an togra seo de straitéis an Aontais um an margadh aonair digiteach. Is é príomhchuspóir an togra seo dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí rialacha comhchuibhithe a shocrú go háirithe maidir le forbairt, cur ar mhargadh an Aontais agus úsáid táirgí agus seirbhísí a úsáideann teicneolaíochtaí intleachta saorga nó a sholáthraítear mar chórais intleachta saorga neamhspleácha. Tá rialacha náisiúnta á meas ag Ballstáit áirithe cheana féin chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga sábháilte agus go bhforbraítear agus go n‑úsáidtear í i gcomhréir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha. Is dócha go mbeidh dhá phríomhfhadhb mar thoradh ar an méid sin: i) ilroinnt sa mhargadh inmheánach i ndáil le heilimintí fíor-riachtanacha maidir leis na ceanglais go háirithe le haghaidh táirgí agus seirbhísí intleachta saorga, agus le haghaidh mhargaíocht, úsáid, agus dhliteanas na dtáirgí agus seirbhísí sin agus na maoirseachta ag na húdaráis phoiblí, agus (ii) laghdú substaintiúil na deimhneachta dlíthiúil le haghaidh soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga araon maidir leis an gcaoi a gcuirfear na rialacha nua agus na rialacha atá ann cheana i bhfeidhm ar na córais sin san Aontas. I bhfianaise chúrsaíocht leathan na dtáirgí agus seirbhísí thar theorainneacha, féadfaidh teacht ar an réiteach is fearr maidir leis an dá fhadhb sin trí bhíthin reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais Eorpaigh.

Go deimhin, sainítear leis an togra ceanglais shainordaitheacha choiteanna is infheidhme maidir le dearadh agus forbairt córas intleachta saorga áirithe sula gcuirfear ar an margadh iad, ceanglais a dhéanfar a shainiú a thuilleadh trí chaighdeáin theicniúla chomhchuibhithe. Leis an togra freisin, tugtar aghaidh ar an gcás tar éis do chóras intleachta saorga a bheith curtha ar an margadh tríd an mbealach a dhéantar na rialuithe ex post a chomhchuibhiú.

Ina theannta sin, mar gheall go bhfuil rialacha sonracha áirithe sa togra seo maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta, eadhon srianta ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, is iomchuí an rialachán seo a bhunú, a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin, ar Airteagal 16 de CFAE.

2.2.Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Maidir le cineál na hintleachta saorga, a bhraitheann go minic ar thacair sonraí mhóra éagsúla agus a d’fhéadfadh a bheith leabaithe in aon táirge nó seirbhís i saorchúrsaíocht laistigh den Aontas, ciallaíonn sin nach féidir leis na Ballstáit astu féin cuspóirí an togra seo a bhaint amach go héifeachtach. Thairis sin, leis an iomad rialacha náisiúnta atá ag teacht chun cinn faoi láthair a d’fhéadfadh a bheith éagsúil, cuirfear bac ar shaorchúrsaíocht na dtáirgí agus na seirbhísí a bhaineann le córais intleachta saorga ar fud an Aontais agus beidh siad neamhéifeachtach ó thaobh shábháilteacht agus chosaint chearta bunúsacha agus luachanna an Aontais a áirithiú sna Ballstáit éagsúla. Trí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna le cur chuige náisiúnta, ní chruthófar ach éiginnteacht dhlíthiúil agus bacainní, agus cuirfear moill ar ghlacadh na hintleachta saorga ar an margadh.

Is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais chun ilroinnt an Mhargaidh Aonair i gcreataí náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith contrártha a sheachaint, rud a chuirfeadh bac ar shaorchúrsaíocht na n‑earraí agus na seirbhísí ina bhfuil an intleacht shaorga leabaithe. Le creat rialála daingean Eorpach le haghaidh na hintleachta saorga iontaofa, áiritheofar cothrom na Féinne agus cosnófar na daoine uile freisin, agus ag an am céanna neartófar iomaíochas agus bonn tionsclaíoch na hEorpa san intleacht shaorga. Is trí chomhghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin gur féidir ceannasacht dhigiteach an Aontais a chosaint agus uirlisí agus cumhachtaí rialála an Aontais a ghiaráil chun rialacha agus caighdeáin dhomhanda a mhúnlú.

2.3.Comhréireacht

Leis an togra cuirtear leis na creataí dlíthiúla atá ann cheana agus tá an togra comhréireach agus riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach, toisc go n‑úsáidtear cur chuige rioscabhunaithe agus nach gcuirtear ualach rialála i bhfeidhm ach amháin i gcás inar dócha go mbeadh ardriosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga do chearta bunúsacha agus don tsábháilteacht. Le haghaidh córais intleachta saorga eile neamh-ardriosca, ní chuirtear ach oibleagáidí trédhearcachta an-teoranta i bhfeidhm, mar shampla i dtéarmaí faisnéis a sholáthar chun úsáid córais intleachta saorga a chur in iúl le linn idirghníomhú le daoine. Le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca, tá fíorghá leis na ceanglais maidir le sonraí ar ardcháilíocht, doiciméadacht agus inrianaitheacht, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna, cruinneas agus stóinseacht chun na rioscaí do chearta bunúsacha agus don tsábháilteacht a mhaolú, ar rioscaí iad a bhaineann leis an intleacht shaorga agus nach gcumhdaítear faoi chreataí dlíthiúla eile atá ann cheana. Le caighdeáin chomhchuibhithe agus treoir tacaíochta agus uirlisí um chomhlíonadh, tabharfar cúnamh do sholáthraithe agus d’úsáideoirí i gcomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos leis an togra agus laghdófar a gcostais. Tá na costais arna dtabhú ag oibreoirí comhréireach leis na cuspóirí arna mbaint amach agus leis na tairbhí eacnamaíocha agus cáile ar féidir oibreoirí a bheith ag súil leo ón togra seo.

2.4.An rogha ionstraime

Is é is bonn cirt rogha an rialacháin mar an ionstraim dlí an gá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach de na rialacha nua, amhail sainmhíniú na hintleachta saorga, an toirmeasc ar chleachtais dhíobhálacha áirithe a chumasaítear leis an intleacht shaorga agus aicmiú córas intleachta saorga áirithe. Le hinfheidhmeacht dhíreach an Rialacháin, i gcomhréir le hAirteagal 288 de CFAE, laghdófar ilroinnt dhlíthiúil agus éascófar forbairt margaidh aonair le haghaidh córais intleachta saorga dhleathacha shábháilte iontaofa. Déanfaidh sé amhlaidh, go háirithe trí thacar comhchuibhithe príomhcheanglas a thabhairt isteach maidir le córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais ardriosca agus oibleagáidí do sholáthraithe agus d’úsáideoirí, trí fheabhas a chur ar chosaint na gceart bunúsach agus trí dheimhneacht dhlíthiúil a sholáthar le haghaidh oibreoirí agus tomhaltóirí araon.

Ag an am céanna, níl forálacha an Rialacháin ródhírithe agus fágtar spás do leibhéil éagsúla gníomhaíochta ó na Ballstáit maidir le heilimintí nach ndéanann dochar do chuspóirí an tionscnaimh, go háirithe i ndáil le heagrú inmheánach an chórais maidir le faireachas margaidh agus i ndáil le glacadh beart chun an nuálaíocht a chothú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Is toradh é an togra seo ar chomhairliúchán fhairsing leis na príomhpháirtithe leasmhara uile, inar cuireadh i bhfeidhm prionsabail ghinearálta agus íoschaighdeáin an Choimisiúin maidir le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

Seoladh comhairliúchán poiblí ar líne an 19 Feabhra 2020 mar aon le foilsiú an Pháipéir Bháin maidir leis an Intleacht Shaorga agus bhí sé ar siúl go dtí an 14 Meitheamh 2020. Ba é cuspóir an chomhairliúcháin sin barúlacha agus tuairimí a bhailiú faoin bPáipéar Bán. Dhírigh sé ar na páirtithe leasmhara uile as na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, lena n‑áirítear rialtais, údaráis áitiúla, eagraíochtaí tráchtála agus neamhthráchtála, comhpháirtithe sóisialta, saineolaithe, daoine acadúla agus saoránaigh. Tar éis anailís a dhéanamh ar na freagairtí go léir a fuarthas, d’fhoilsigh an Coimisiún achoimre ar an toradh agus ar na freagairtí aonair ar a shuíomh gréasáin 22 .

San iomlán, fuarthas 1215 aighneacht, agus as na haighneachtaí sin, tháinig 352 acu ó chuideachtaí nó eagraíochtaí gnó / comhlachais ghnó, 406 acu ó dhaoine aonair (92 % acu ina ndaoine aonair as an Aontas), 152 acu thar ceann institiúidí acadúla / taighde, agus 73 acu as údaráis phoiblí. Rinne 160 freagróir ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta (ina measc 9 n‑eagraíocht tomhaltóirí, 129 n‑eagraíocht neamhrialtasacha agus 22 cheardchumann), thug 72 fhreagróir aighneacht faoi ‘eile’. As 352 ionadaí gnó agus tionsclaíochta, ba iad cuideachtaí agus ionadaithe gnó 222 acu, ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide iad 41.5 % acu sin. Comhlachais ghnó a bhí sa chuid eile. Ar an iomlán, tháinig 84 % de fhreagraí gnó agus tionsclaíochta ó AE-27. De réir an tsaghais ceiste, d’úsáid idir 81 agus 598 de fhreagróirí an rogha saorthéacs chun barúlacha a chur isteach. Cuireadh isteach breis is 450 páipéar seasaimh trí shuíomh gréasáin Shuirbhé an Aontais, sa bhreis ar fhreagraí ceistneora (breis is 400) nó mar aighneachtaí ar leith (breis is 50).

Ar an iomlán, tá comhaontú ginearálta i measc páirtithe leasmhara maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht. Tá formhór mór páirtithe leasmhara d’aon tuairim go bhfuil bearnaí reachtacha ann nó go bhfuil gá le reachtaíocht nua. Tugann roinnt páirtithe leasmhara rabhadh don Choimisiún dúbláil, easaontachtaí oibleagáidí agus ró-rialáil a sheachaint. Bhí roinnt mhaith barúlacha ina cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá sé creat rialála a bheith i bhfeidhm atá comhréireach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

Ar an iomlán, d’iarr na páirtithe leasmhara sainmhíniú cúng soiléir beacht le haghaidh na hintleachta saorga. Chuir na páirtithe leasmhara i dtábhacht freisin, chomh maith le soiléiriú an téarma intleachta saorga, go bhfuil sé tábhachtach ‘riosca’, ‘ardriosca’, ‘ísealriosca’, ‘cian-sainaithint bhithmhéadrach’ agus ‘díobháil’ a shainmhíniú.

Tá formhór na bhfreagróirí go sainráite i bhfabhar an chuir chuige rioscabhunaithe. Maidir le creata rioscabhunaithe a úsáid, measadh é a bheith ina rogha níos fearr ná bratrialáil le haghaidh na gcóras intleachta saorga uile. Ba cheart cineálacha na rioscaí agus na mbagairtí a bhunú ar chur chuige earnáil ar earnáil agus cás ar chás. Ba cheart an tionchar ar chearta agus ar shábháilteacht a chur san áireamh agus na rioscaí á ríomh freisin.

D’fhéadfadh boscaí gainimh rialála a bheith an-úsáideach chun an intleacht shaorga a chur chun cinn agus is díol sásaimh iad do pháirtithe leasmhara áirithe, go háirithe do na Comhlachais Ghnó.

Ar na freagróirí a thug tuairim uathu maidir leis na samhlacha forfheidhmithe, bhí breis is 50 % acu, as na comhlachais ghnó go háirithe, i bhfabhar comhcheangail d’fhéinmheasúnú riosca ex ante agus forfheidhmiú ex post le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca.

3.2.Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra seo le 2 bhliain anailíse agus dlúthbhainteacht na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear daoine acadúla, gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, na Ballstáit agus saoránaigh. Cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin in 2018 nuair a cuireadh ar bun an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga (HLEG), ar grúpa é a raibh comhdhéanamh cuimsitheach agus leathan aige le 52 shaineolaí aitheanta a raibh de chúram orthu comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le Straitéis an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga a chur chun feidhme. I mí Aibreáin 2019 thacaigh an Coimisiún leis 23 na príomhcheanglais a leagtar amach sna treoirlínte eitice le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa de chuid an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga 24 , ar treoirlínte iad a athbhreithníodh chun breis is 500 aighneacht ó pháirtithe leasmhara a chur san áireamh. Léirítear cur chuige coiteann forleathan leis na príomhcheanglais, mar is léir ó iliomad cóid agus prionsabail eiticiúla atá forbartha ag roinnt mhaith eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí san Eoraip agus níos faide i gcéin, gur cheart forbairt agus úsáid na hintleachta saorga a threorú le prionsabail áirithe fhíor-riachtanacha atá dírithe ar luach. Leis an Liosta Measúnaithe maidir leis an Intleacht Shaorga Iontaofa (ALTAI) 25 cuireadh na ceanglais sin i bhfeidhm i dtreoirphróiseas le breis is 350 eagraíocht.

Thairis sin, bunaíodh an Chomhghuaillíocht um an Intleacht Shaorga 26 mar ardán le haghaidh thart ar 4000 páirtí leasmhara chun impleachtaí teicneolaíocha agus sochaíocha na hintleachta saorga a phlé, arbh é tionól bliantúil maidir leis an Intleacht Shaorga a toradh.

Sa Pháipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga rinneadh an cur chuige cuimsitheach sin a fhorbairt a thuilleadh, rud a spreag barúlacha ó bhreis is 1250 páirtí leasmhara, lena n‑airítear breis is 450 páipéar seasaimh breise. Dá thoradh sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Measúnú ar Thionchar Tionscanta, rud a mheall breis is 130 barúil 27 . Eagraíodh ceardlanna agus imeachtaí breise le páirtithe leasmhara agus tacaíonn torthaí na gceardlanna agus na n‑imeachtaí sin leis an anailís sa mheasúnú tionchair agus na roghanna beartais sa togra seo 28 . Soláthraíodh staidéar seachtrach freisin chun cur leis an measúnú tionchair.

3.3.Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas ‘Rialáil Níos Fearr’, rinne an Coimisiún measúnú tionchair le haghaidh an togra seo arna scrúdú ag Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin. Eagraíodh cruinniú an 16 Nollaig 2020 leis an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, ar lean tuairim neamhfhabhrach é. I ndiaidh athbhreithniú substaintiúil ar an measúnú tionchair chun aghaidh a thabhairt ar na barúlacha agus an measúnú tionchair a bheith curtha isteach arís, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 21 Márta 2021. Cuirtear i láthair tuairimí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, na moltaí agus míniú ar an mbealach ar cuireadh iad san áireamh in Iarscríbhinn 1 den mheasúnú tionchair.

Rinne an Coimisiún scrúdú ar roghanna éagsúla beartais chun cuspóir ginearálta an togra a bhaint amach, is é sin chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú trí na coinníollacha a chruthú le haghaidh fhorbairt agus úsáid na hintleachta saorga iontaofa san Aontas.

Rinneadh measúnú ar cheithre rogha beartais ag céimeanna éagsúla idirghabhála rialála:

·Rogha 1: Ionstraim reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh lena gcuirtear scéim dheonach lipéadaithe ar bun;

·Rogha 2: cur chuige earnála ‘ad-hoc’;

·Rogha 3: Ionstraim reachtach chothrománach de chuid an Aontais Eorpaigh lena n‑úsáidtear cur chuige rioscabhunaithe comhréireach;

·Rogha 3+: Ionstraim reachtach chothrománach de chuid an Aontais Eorpaigh lena n‑úsáidtear cur chuige rioscabhunaithe comhréireach + cóid iompair le haghaidh córais intleachta saorga neamh-ardriosca;

·Rogha 4: Ionstraim reachtach chothrománach de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na gcóras intleachta saorga uile, gan beann ar an riosca a bhaineann leo.

De réir mhodheolaíocht bhunaithe an Choimisiúin, rinneadh measúnú ar gach rogha beartais in aghaidh tionchair eacnamaíocha agus shochaíocha, agus béim ar leith ar thionchair maidir leis na cearta bunúsacha. Is é rogha 3+ an rogha thosaíochta, creat rialála le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca amháin, agus an fhéidearthacht a bheith ann do na soláthraithe uile córas intleachta saorga neamh-ardriosca chun cód iompair a leanúint. Bainfidh na ceanglais le sonraí, doiciméadacht agus inrianaitheacht, soláthar faisnéise agus trédhearcacht formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht agus cruinneas agus bheadh siad sainordaitheach le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Maidir le cuideachtaí a thabharfaí cóid iompair isteach le haghaidh córais intleachta saorga eile, dhéanfaidís an méid sin go deonach.

Measadh an rogha thosaíochta a bheith oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an togra seo ar an mbealach is éifeachtaí. Trí thacar gníomhaíochtaí srianta ach éifeachtach a éileamh ar fhorbróirí agus úsáideoirí na hintleachta saorga, leis an rogha thosaíochta, cuirtear srian ar na rioscaí go ndéanfar sárú ar chearta bunúsacha agus ar shábháilteacht daoine agus cothaítear maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach, trí na ceanglais a dhíriú ar na córais a bhfuil ardriosca ag baint leo i dtaca leis na sáruithe sin agus ar na córais sin amháin. Dá thoradh sin, coinnítear costais chomhlíontachta ar íosleibhéal, agus sa chaoi sin seachnaítear aon mhoill nach bhfuil gá leis ar ghlacadh na gcóras de dheasca praghsanna agus costais chomhlíontachta níos airde. Chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh FBManna, cumhdaítear leis an rogha sin forálacha éagsúla chun tacú lena gcomhlíontacht agus chun a gcostais a laghdú, lena n‑áirítear boscaí gainimh rialála a chruthú agus oibleagáid a chur i bhfeidhm maidir le leasanna FBManna a chur san áireamh agus táillí á socrú a bhaineann le measúnú comhréireachta.

Leis an rogha thosaíochta, méadófar muinín na ndaoine in intleacht shaorga agus deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh cuideachtaí, agus ní bheidh aon ghá do na Ballstáit gníomh aontaobhach a ghlacadh, rud a d’fhéadfadh an margadh aonair a ilroinnt. De thoradh éileamh níos mó mar gheall ar leibhéal iontaoibhe níos airde, níos mó tairiscintí a bheith ar fáil de thairbhe deimhneacht dhlíthiúil, agus easpa constaicí ar ghluaiseacht trasteorann córas intleachta saorga, is dócha go dtiocfaidh borradh faoin margadh aonair le haghaidh na hintleachta saorga. Leanfaidh an tAontas Eorpach d’éiceachóras intleachta saorga atá ag fás go tapa a fhorbairt, is é sin éiceachóras seirbhísí agus táirgí ina leabaítear teicneolaíocht intleachta saorga nó córais intleachta saorga neamhspleácha, rud a chruthóidh uathriail dhigiteach mhéadaithe.

Gnólachtaí nó údaráis phoiblí a fhorbraíonn nó a úsáideann feidhmchláir intleachta saorga a mbaineann ardriosca leo maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha na saoránach, bheadh orthu ceanglais shonracha agus oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh. Le comhlíonadh na gceanglas sin    thabhófaí costais thart ar EUR 6000 go EUR 7000 le haghaidh soláthar gnáthchórais intleachta saorga ardriosca dar luach EUR 170 000 faoi 2025. Le haghaidh úsáideoirí intleachta saorga, bheadh costas bliantúil i gceist freisin maidir leis an am a chaithfear chun formhaoirseacht dhaonna a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, ag brath ar chás na húsáide. Meastar go mbeadh na costais sin thart ar EUR 5000 go EUR 8000 in aghaidh na bliana. D’fhéadfadh costais fíoraithe EUR 3000 go EUR 7500 a bheith i gceist freisin do sholáthraithe intleachta saorga ardriosca. Ní bheadh ach mionoibleagáidí maidir le faisnéis ar ghnólachtaí nó údaráis phoiblí a fhorbraíonn nó a úsáideann feidhmchláir intleachta saorga nach n‑aicmítear mar fheidhmchláir ardriosca. D’fhéadfadh siad a chinneadh, áfach, dul i bpáirt le gnólachtaí agus údaráis eile agus cód iompair a ghlacadh le chéile chun ceanglais oiriúnacha a chomhlíonadh, agus chun a áirithiú go bhfuil a gcórais intleachta saorga iontaofa. I gcás den sórt sin, bheadh na costais chomh hard le costais na gcóras intleachta saorga ardriosca ar a mhéad, ach is dócha go mbeadh siad níos ísle.

Maidir le tionchair na roghanna beartais ar chatagóirí éagsúla páirtithe leasmhara (oibreoirí eacnamaíocha / gnólachtaí; comhlachtaí um measúnú comhréireachta, comhlachtaí um chaighdeánú agus comhlachtaí poiblí eile; daoine aonair/saoránaigh; taighdeoirí), mínítear an méid sin go mion in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair a thacaíonn leis an togra seo.

3.4.Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leagtar síos leis an togra seo oibleagáidí a bheidh feidhm acu maidir le soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca. Cruthófar deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe a fhorbraíonn agus a chuireann na córais sin ar mhargadh an Aontais agus áireofar nach dtiocfaidh aon chonstaic chun cinn maidir le soláthar trasteorann seirbhísí agus táirgí a bhaineann leis an intleacht shaorga. Le haghaidh cuideachtaí a úsáideann an intleacht shaorga, cuirfear muinín chun cinn i measc a gcustaiméirí. Le haghaidh córais riaracháin phoiblí náisiúnta, cuirfear muinín an phobail chun cinn maidir le húsáid na hintleachta saorga agus neartófar sásraí forfheidhmithe (trí shásra Eorpach um chomhordúchán a thabhairt isteach, cumais iomchuí a sholáthar, agus iniúchtaí córas intleachta saorga a éascú le ceanglais nua maidir le doiciméadacht, inrianaitheacht agus trédhearcacht). Thairis sin, leis an gcreat beartófar bearta sonracha a thacóidh leis an nuálaíocht, lena n‑áirítear boscaí gainimh rialála agus bearta sonracha a thacóidh le húsáideoirí agus soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca ar mhionscála chun na rialacha nua a chomhlíonadh.

Tá sé mar chuspóir sonrach ag an togra iomaíochas agus bonn tionsclaíoch na hEorpa san intleacht shaorga a neartú. Áirithítear comhsheasmhacht iomlán le reachtaíocht earnála an Aontais atá ann cheana, reachtaíocht is infheidhme maidir le córais intleachta saorga (e.g. i ndáil le táirgí agus seirbhísí) lena dtabharfar soiléireacht bhreise agus lena ndéanfar forfheidhmiú na rialacha nua a shimpliú.

3.5.Cearta bunúsacha

Le húsáid na hintleachta saorga agus na saintréithe sonracha a bhaineann léi (e.g. doiléireacht, castacht, spleáchas ar shonraí, iompraíocht uathrialaitheach) d’fhéadfadh sé go ndéanfaí dochar do roinnt cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘An Chairt’). Féachann an togra seo le hardleibhéal cosanta a áirithiú do na cearta bunúsacha sin agus tá sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar fhoinsí éagsúla rioscaí trí bhíthin cur chuige rioscabhunaithe atá sainithe go soiléir. Le tacar ceanglas le haghaidh na hintleachta saorga iontaofa agus oibleagáidí comhréireacha maidir le rannpháirtithe uile luachshlabhra, déanfaidh an togra seo cosaint na gcearta a chosnaítear leis an gCairt a fheabhsú agus a chur chun cinn: an ceart chun dínite daonna (Airteagal 1), an ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagail 7 agus 8), an ceart chun neamh-idirdhealú (Airteagal 21) agus an ceart chun comhionannais idir mná agus fir (Airteagal 23). Tá sé d’aidhm ag an togra éifeacht athchomhairleach a chosc maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh (Airteagal 11) agus an ceart chun saoirse comhthionóil (Airteagal 12 ), agus cosaint a áirithiú maidir leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, an ceart chun toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta (Airteagail 47 agus 48), chomh maith le prionsabal ginearálta an dea-riaracháin. Thairis sin, de réir mar is infheidhme i réimsí áirithe, déanfaidh an togra difear dearfach do chearta roinnt grúpaí speisialta, amhail cearta oibrithe chun dálaí oibre cothroma agus córa (Airteagal 31), an ceart chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí (Airteagal 28), cearta an linbh (Airteagal 24) agus lánpháirtiú daoine atá faoi mhíchumas (Airteagal 26). Tá an ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol agus feabhais maidir le mianach an chomhshaoil (Airteagal 37) ábhartha freisin, lena n‑áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine. Leis na hoibleagáidí maidir le tástáil ex ante, bainistiú riosca agus formhaoirseacht dhaonna, éascófar urramú cearta bunúsacha eile trí na rioscaí a íoslaghdú a bhaineann le cinntí earráideacha nó claonta a dhéantar le cúnamh intleachta saorga i réimsí criticiúla amhail oideachas agus oiliúint, fostaíocht, seirbhísí tábhachtacha, forfheidhmiú an dlí agus na breithiúna. I gcás ina mbeadh cearta bunúsacha fós á sárú, beifear in ann cúiteamh éifeachtach a áirithiú le haghaidh daoine a ndéanfar difear dóibh trí thrédhearcacht agus inrianaitheacht na gcóras intleachta saorga a áirithiú mar aon le rialuithe dochta ex post.

Leis an togra cuirtear roinnt srianta ar shaoirse fiontraíochta (Airteagal 16) agus saoirse na n‑ealaíon agus na n‑eolaíochtaí (Airteagal 13) chun comhlíontacht a áirithiú le cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail amhail sláinte, sábháilteacht, cosaint tomhaltóirí agus cosaint cearta bunúsacha eile (‘nuálaíocht fhreagrach’) nuair a fhorbraítear agus nuair a úsáidtear teicneolaíocht intleachta saorga ardriosca. Tá na srianta sin comhréireach agus teoranta don íosmhéid is gá chun rioscaí sábháilteachta tromchúiseacha agus sáruithe dóchúla ar chearta bunúsacha a chosc agus a mhaolú.

I dtaca leis na hoibleagáidí breise trédhearcachta, ní dhéanfar difear díréireach don cheart chun maoin intleachtúla a chosaint (Airteagal 17(2)), ós rud é go mbeidh siad teoranta don fhaisnéis íosta is gá chun go mbeidh daoine aonair in ann a gceart a fheidhmiú maidir le tuairimí a nochtadh agus don trédhearcacht is gá i leith maoirseachta agus údaráis forfheidhmithe, i gcomhréir lena sainorduithe. Déanfar aon nochtadh faisnéise i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha sa réimse, lena n‑áirítear Treoir 2016/943 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach. Cuirtear údaráis phoiblí agus comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoi oibleagáidí rúndachta ceangailteacha nuair is gá rochtain a thabhairt dóibh ar fhaisnéis rúnda nó cód foinseach chun comhlíontacht le hoibleagáidí substaintiúla a scrúdú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh ar na Ballstáit údaráis mhaoirseachta a ainmniú a bheidh i bhfeighil ar na ceanglais reachtacha a chur chun feidhme. D’fhéadfadh feidhm mhaoirseachta na n‑údarás sin cur le socruithe atá ann cheana, mar shampla, maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta nó faireachas margaidh, ach bheadh gá le saineolas leormhaith teicneolaíochta agus acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha. De réir an struchtúir atá ann cheana i ngach Ballstát, d’fhéadfadh 1 go 25 coibhéis lánaimseartha in aghaidh an Bhallstáit a bheith i gceist leis seo.

Cuirtear ar fáil forléargas mionsonraithe ar na costais atá i gceist sa ‘ráiteas airgeadais’ atá nasctha leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le sásra stóinseach faireacháin agus meastóireachta chun a áirithiú go mbeidh an togra éifeachtach ó thaobh a chuspóirí a bhaint amach. Beidh an Coimisiún i bhfeighil ar fhaireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an togra. Cuirfidh sé córas ar bun maidir le feidhmchláir intleachta saorga ardriosca neamhspleácha a chlárú i mbunachar sonraí poiblí uile-Aontais. Leis an gclárú sin, beidh údaráis inniúla, úsáideoirí agus daoine eile a bhfuil suim acu in ann a dheimhniú má tá an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa togra agus beidh siad in ann formhaoirseacht níos fearr a dhéanamh ar na córais intleachta saorga sin a bhfuil ardrioscaí ag baint leo do na cearta bunúsacha. Chun an bunachar sonraí sin a chothú, beidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe intleachta saorga faisnéis fhóinteach a sholáthar faoina gcórais agus faoin measúnú comhréireachta a dhéantar ar na córais sin.

Thairis sin, beidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe intleachta saorga na húdaráis inniúla náisiúnta a chur ar an eolas maidir le teagmhais thromchúiseacha nó mífheidhmiú ar sárú iad ar na hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha agus é sin a dhéanamh chomh luath agus a fhaigheann siad amach fúthu, chomh maith le haon aisghairm nó tarraingt siar de chórais intleachta saorga ón margadh. Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta imscrúdú ar na teagmhais/nó mífheidhmiú, baileoidh siad an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad é a tharchur chuig an gCoimisiún go rialta le meiteashonraí leordhóthanacha. Comhlánfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin maidir le teagmhais le hanailís chuimsitheach ar an margadh foriomlán le haghaidh na hintleachta saorga.

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar meastóireacht agus athbhreithniú ar an gcreat intleachta saorga atá beartaithe 5 bliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé chun bheith infheidhme.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

5.2.1.RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE (TEIDEAL I)

I dTeideal I sainmhínítear ábhar an rialacháin agus raon feidhme chur i bhfeidhm na rialacha nua lena gcumhdaítear cur ar an margadh, cur i mbun seirbhíse agus úsáid córas intleachta saorga. Leagtar amach freisin ann na sainmhínithe a úsáidtear tríd an ionstraim. Leis an sainmhíniú ar chóras intleachta saorga sa chreat dlíthiúil, tá sé d’aidhm aige a bheith chomh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus chomh stóinseach don todhchaí agus is féidir, mar gheall ar na forbairtí gasta teicneolaíocha agus margaidh a bhaineann leis an intleacht shaorga. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a bhfuil gá léi a sholáthar, comhlánaítear Teideal I le hIarscríbhinn I, ina bhfuil liosta mionsonraithe cur chuige agus teicnící maidir le forbairt na hintleachta saorga atá le hoiriúnú ag an gCoimisiún i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta nua. Sainmhínítear go soiléir na príomh-rannpháirtithe tríd an luachshlabhra intleachta saorga amhail soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga agus cumhdaítear oibreoirí poiblí agus príobháideacha araon chun cothrom na Féinne a áirithiú.

5.2.2.CLEACHTAIS INTLEACHTA SAORGA A bhFUIL TOIRMEASC ORTHU (TEIDEAL II)

I dTeideal II bunaítear liosta intleachta saorga a bhfuil toirmeasc orthu. Úsáidtear cur chuige rioscabhunaithe sa rialachán seo, lena ndéantar idirdhealú idir úsáidí intleachta saorga a bhfuil (i) riosca do-ghlactha, (ii) ardriosca, agus (iii) riosca íseal nó íosta ag baint leo. Sa liosta cleachtas a bhfuil toirmeasc orthu i dTeideal II cuimsítear na córais intleachta saorga uile a mheastar go bhfuil a n‑úsáid do-ghlactha toisc go sáraíonn siad luachanna an Aontais, mar shampla, trí chearta bunúsacha a shárú. Leis an toirmeasc, cumhdaítear cleachtais a bhfuil an poitéinseal acu tionchar a imirt ar dhaoine trí theicnicí fothairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó dul i dtír ar leochaileachtaí atá ag grúpaí sonracha leochaileacha amhail leanaí nó daoine faoi mhíchumas chun iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha ar mhodh ar dócha gurb é is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile. Maidir le cleachtais eile ionramhálacha nó dhúshaothraithe a dhéanann difear do dhaoine fásta a d’fhéadfadh córais intleachta saorga a éascú, d’fhéadfaí iad a chumhdach le reachtaíocht atá ann cheana maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí agus seirbhís dhigiteach lena ráthaítear go gcuirtear daoine nádúrtha ar an eolas mar is ceart agus go bhfuil saor-rogha acu gan bheith faoi réir próifíliú nó cleachtais eile a dhéanfadh difear dá n‑iompraíocht. Leis an togra seo, cuirtear toirmeasc ar scóráil shóisialta IS-bhunaithe le haghaidh cuspóir ginearálta ag údaráis phoiblí. Ar deireadh, tá toirmeasc freisin ar úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag eisceachtaí teoranta áirithe.

5.2.3.CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA (TEIDEAL III)

I dTeideal III tá rialacha sonracha le haghaidh córais intleachta saorga a chruthaíonn ardriosca do sláinte agus sábháilteacht nó cearta bunúsacha daoine nádúrtha. I gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe, ceadaítear na córais intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh Eorpach faoi réir a gcomhlíontacht le ceanglais shainordaitheacha áirithe agus measúnú comhréireachta ex ante. Tá aicmiú na gcóras intleachta saorga mar chórais ardriosca bunaithe ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga, i gcomhréir le reachtaíocht atá ann cheana maidir le sábháilteacht táirgí. Dá bhrí sin, ní ar fheidhm an chórais intleachta saorga amháin a bhraitheann an t‑aicmiú mar chóras ardriosca ach braitheann sé freisin ar an gcríoch shonrach agus na módúlachtaí mionsonraithe lena n‑úsáidtear an córas sin.

Socraítear na rialacha aicmithe le Caibidil 1 de Theideal III agus sainaithnítear dhá phríomhchatagóir córas intleachta saorga ardriosca:

·córais intleachta saorga atá ceaptha lena n‑úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta táirgí atá faoi réir measúnú comhréireachta ex ante tríú páirtí;

·córais intleachta saorga neamhspleácha eile le himpleachtaí do na cearta bunúsacha a liostaítear go sainráite in Iarscríbhinn III.

Sa liosta córas intleachta saorga ardriosca sin in Iarscríbhinn III tá líon teoranta córas intleachta saorga a bhfuil a rioscaí tagtha chun cinn cheana féin nó ar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn go luath amach anseo. Chun a áirithiú gur féidir an rialachán a chur in oiriúint d’úsáidí agus feidhmeanna atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún an liosta córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear laistigh de réimsí réamhshainithe áirithe a leathnú, trí thacar critéar agus modheolaíocht um measúnú riosca a chur i bhfeidhm.

Leagtar amach le Caibidil 2 na ceanglais dlí le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i ndáil le sonraí agus rialachas sonraí, doiciméadacht agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí, formhaoirseacht dhaonna, stóinseacht, cruinneas agus slándáil. Tá na híoscheanglais atá beartaithe úrscothach ag roinnt mhaith oibreoirí díograiseacha cheana féin agus is toradh iad ar obair ullmhúcháin a rinneadh thar 2 bhliain, a tháinig as na treoirlínte eitice de chuid an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe 29 , agus a rinne 350 eagraíocht ar bhonn píolótach 30 . Tá siad comhsheasmhach den chuid is mó le moltaí agus prionsabail idirnáisiúnta eile, rud a áirithíonn go bhfuil an creat intleachta saorga atá beartaithe comhoiriúnach le moltaí agus prionsabail atá glactha ag páirtithe trádála idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh. Maidir leis na réitigh theicniúla bheachta chun comhlíonadh na gceanglas sin a bhaint amach, feadfaidh iad a sholáthar trí chaighdeáin nó trí shonraíochtaí teicniúla eile nó féadfaidh iad a fhorbairt ar shlí eile i gcomhréir le heolas ginearálta innealtóireachta nó eolaíoch faoi rogha sholáthraí an chórais intleachta saorga. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tsolúbthacht sin, toisc go gcuireann sé ar chumas na soláthraithe an bealach a roghnú lena gcomhlíonfaidh siad a gceanglais, ag cur san áireamh an dul chun cinn úrscothach agus teicneolaíochta agus eolaíoch sa réimse seo.

Le Caibidil 3 cuirtear tacar soiléir oibleagáidí cothrománacha i bhfeidhm ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca. Cuirtear oibleagáidí comhréireacha i bhfeidhm ar úsáideoirí agus rannpháirtithe eile tríd an luachshlabhra intleachta saorga (e.g. allmhaireoirí, dáileoirí, ionadaithe údaraithe).

Socraítear le Caibidil 4 an creat chun go mbeidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh páirteach mar thríú páirtithe neamhspleácha i nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, agus i gCaibidil 5 mínítear go grinn na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá le déanamh ar gach cineál córais intleachta saorga ardriosca. Tá sé d’aidhm ag an gcur chuige um measúnú comhréireachta an t‑ualach ar oibreoirí eacnamaíocha a íoslaghdú chomh maith leis an ualach ar chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, ar gá a n‑inniúlacht a mhéadú de réir a chéile le himeacht ama. Córais intleachta saorga a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar comhpháirteanna sábháilteachta táirgí a rialaítear faoi reachtaíocht an Chreata Reachtaigh Nua (e.e innealra, bréagáin, feistí leighis etc.), beidh siad faoi réir na sásraí céanna comhréireachta agus forfheidhmithe ex ante agus ex post leis na táirgí ina bhfuil siad mar chomhpháirt. Is é an phríomhdhifríocht go n‑áireofar leis na sásraí ex ante agus ex post go bhfuil na córais i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear leis an reachtaíocht earnála ach freisin leis na ceanglais a bhunaítear leis an rialachán seo.

A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, bunófar córas comhréireachta agus forfheidhmithe nua. Is é reachtaíocht an Chreata Reachtaigh Nua is múnla dó sin a chuirtear chun feidhme trí sheiceálacha rialaithe inmheánacha ag na soláthraithe ach amháin i gcás cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí a bheadh faoi réir measúnú comhréireachta tríú páirtí. D´fhéadfadh measúnú comhréireachta cuimsitheach ex ante trí sheiceálacha inmheánacha mar aon le forfheidhmiú docht ex post a bheith ina réiteach éifeachtach agus réasúnach le haghaidh na gcóras sin, ós rud é gur chéim luath é san idirghabháil agus gur earnáil an-nuálach é an intleacht shaorga agus nach bhfuiltear ach ag tiomsú saineolas maidir le hiniúchóireacht anois. Le measúnú trí sheiceálacha inmheánacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca 'neamhspleácha’, bheadh gá le comhlíontacht iomlán éifeachtach chuí-dhoiciméadaithe ex ante le ceanglais uile an rialacháin agus comhlíontacht le córais stóinseacha bhainistíochta cáilíochta agus riosca agus faireachán iarmhargaidh. Tar éis don soláthraí an measúnú comhréireachta ábhartha a dhéanamh, ba cheart dó na córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha sin a chlárú i mbunachar sonraí de chuid an Aontais a bhainisteoidh an Coimisiún chun trédhearcacht agus formhaoirseacht phoiblí a mhéadú agus chun maoirseacht ex post ag na húdaráis inniúla a neartú. Os a choinne sin, ar chúiseanna comhsheasmhachta leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le sábháilteacht táirgí, beidh measúnuithe comhréireachta na gcóras intleachta saorga is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad faoi réir córais le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta tríú páirtí a bunaíodh cheana faoi reachtaíocht earnála ábhartha atá ann cheana maidir le sábháilteacht táirgí. Beidh gá le hath-mheasúnuithe ex ante ar chomhréireacht i gcás modhnuithe substaintiúla ar na córais intleachta saorga (agus eadhon athruithe a théann thar a bhfuil réamhchinntithe ag an soláthraí ina doiciméadacht theicniúil agus a dhéantar a sheiceáil tráth an mheasúnaithe comhréireachta ex-ante).

5.2.4.OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA AR CHÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ÁIRITHE (TEIDEAL IV)

Baineann Teideal IV le córais intleachta saorga áirithe chun na rioscaí sonracha ionramhála a bhaineann leo a chur san áireamh. Beidh feidhm ag oibleagáidí trédhearcachta maidir le córais (i) a idirghníomhaíonn le daoine, (ii) a úsáidtear chun mothúcháin a bhrath nó chun chomhlachas le catagóirí (sóisialta) a chinneadh bunaithe ar shonraí bithmhéadracha, nó (iii) a dhéanann inneachar a ghiniúint nó a ionramháil (‘domhainbhrionnuithe’). Nuair a idirghníomhaíonn daoine le córas intleachta saorga nó nuair a aithnítear a mothúcháin nó a saintréithe trí mhodhanna uathoibrithe, ní mór daoine a chur ar an eolas faoin imthosca sin. Má úsáidtear córas intleachta saorga chun inneachar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a ionramháil atá an-chosúil le hinneachar barántúil, ba cheart oibleagáid a bheith ann a nochtadh gur gineadh an t‑inneachar trí mhodhanna uathoibrithe, faoi réir eisceachtaí chun críoch dlisteanach (forfheidhmiú an dlí, saoirse tuairimí a nochtadh). A bhuí leis sin, beidh daoine in ann roghanna eolasacha a dhéanamh nó seasamh siar ó shuíomh áirithe.

5.2.5.BEARTA CHUN TACÚ LEIS AN NUÁLAÍOCHT (TEIDEAL V)

I dTeideal V cuirtear leis an gcuspóir creat dlíthiúil a chruthú atá fabhrach don nuálaíocht, stóinseach don todhchaí agus athléimneach in aghaidh suaite. Chuige sin, spreagtar na húdaráis inniúla náisiúnta chun boscaí gainimh rialála a chur ar bun agus socraítear creat bunúsach i dtéarmaí rialachais, maoirseachta agus dliteanais. Le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, bunaítear timpeallacht rialaithe chun teicneolaíochtaí nuálacha a thástáil ar feadh tréimhse teoranta ar bhonn plean tástála arna gcinneadh leis na húdaráis inniúla. I dTeideal V tá bearta ann freisin chun an t‑ualach rialála a laghdú le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.

5.2.6.RIALACHAS AGUS CUR CHUN FEIDHME (TEIDIL VI, VII agus VIII)

I dTeideal VI cuirtear córais rialachais ar bun ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ar leibhéal an Aontais, bunaítear leis an togra Bord Eorpach um Intleacht Shaorga (an ‘Bord’), comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Déanfaidh an Bord cur chun feidhme an rialacháin seo ar bhealach rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe a éascú trí rannchuidiú le comhar éifeachtach na n‑údarás maoirseachta náisiúnta agus an Choimisiúin agus trí chomhairle agus saineolas a sholáthar don Choimisiún. Baileoidh agus roinnfidh sé dea-chleachtais i measc na mBallstát freisin.

Ar an leibhéal náisiúnta, beidh ar na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú agus, ina measc, an t‑údarás maoirseachta náisiúnta, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an rialacháin. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ag feidhmiú mar údarás inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais nuair a thagann siad faoi raon feidhme an rialacháin seo.

Tá sé d’aidhm ag Teideal VII obair faireacháin an Choimisiúin agus na n‑údarás náisiúnta a éascú trí bhunachar sonraí uile-Aontais a bhunú le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca neamhspleácha a bhfuil impleachtaí ag baint leo do chearta bunúsacha den chuid is mó. Oibreoidh an Coimisiún an bunachar sonraí agus soláthróidh soláthraithe na gcóras intleachta saorga na sonraí, agus ceanglófar orthu a gcórais a chlárú sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad ar shlí eile.

Le Teideal VIII leagtar amach na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh soláthraithe córas intleachta saorga maidir le faireachán iarmhargaidh agus tuairisciú agus imscrúdú i dtaca le teagmhais agus mífheidhmiú a bhaineann leis an intleacht shaorga. Dhéanfadh na húdaráis um fhaireachas margaidh an margadh a rialú agus imscrúdú ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí agus na ceanglais le haghaidh na gcóras intleachta saorga ardriosca uile atá curtha ar an margadh cheana féin. Bheadh na cumhachtaí uile faoi Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh. Le forfheidhmiú ex post, ba cheart a áirithiú go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis phoiblí agus go bhfuil na hacmhainní acu idirghníomhú i gcás ina nginfeadh córais intleachta saorga rioscaí neamhthuartha agus go bhfuil gá gníomhú go tapa. Déanfaidh siad faireachán freisin ar chomhlíontacht na n‑oibreoirí lena n‑oibleagáidí ábhartha faoin rialachán. Leis an togra, ní dhéantar foráil maidir le cruthú uathoibríoch comhlachtaí nó údarás breise ar leibhéal na mBallstát. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit údaráis earnála atá ann cheana a cheapadh (agus tarraingt ar a gcuid saineolais), agus cumhachtaí a thabhairt dóibh freisin chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha an rialacháin agus iad a fhorfheidhmiú.

Tá an méid sin ar fad gan dochar don chóras atá ann cheana agus don leithdháileadh cumhachtaí atá ann cheana maidir le forfheidhmiú ex post na n‑oibleagáidí a bhaineann le cearta bunúsacha sna Ballstáit. Nuair is gá le haghaidh a sainordú, beidh de chumhacht freisin ag na húdaráis maoirseachta agus forfheidhmithe atá ann cheana aon doiciméadacht a choinnítear ar bun tar éis an rialacháin seo a iarraidh agus a rochtain agus, i gcás inar gá, iarraidh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh tástáil a eagrú ar chóras intleachta saorga ardriosca trí mhodhanna teicniúla.

5.2.7.CÓID IOMPAIR (TEIDEAL IX)

Le Teideal IX cuirtear creat ar bun chun cóid iompair a chruthú, a bhfuil d’aidhm acu soláthraithe córas intleachta saorga neamh-ardriosca a spreagadh chun na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a chur i bhfeidhm go deonach (mar a leagtar amach i dTeideal III). Is féidir le soláthraithe córas intleachta saorga neamh-ardriosca na cóid iompair a chruthú agus a chur chun feidhme iad féin. Leis na cóid sin, d’fhéadfadh gealltanais dheonacha a bheith san áireamh a bhaineann le, mar shampla, inbhuaine comhshaoil, inrochtaineacht le haghaidh daoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i ndearadh agus forbairt na gcóras intleachta saorga, agus éagsúlacht na bhfoirne forbartha.

5.2.8.FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA (TEIDIL X, XI agus XII)

I dTeideal X cuirtear i dtábhacht oibleagáid na bpáirtithe uile i ndáil le rúndacht na faisnéise agus na sonraí a urramú agus leagtar amach rialacha maidir le malartú na faisnéise a fuarthas le linn chur chun feidhme an rialacháin. Áirítear i dTeideal X freisin bearta chun cur chun feidhme éifeachtach an rialacháin a áirithiú trí phionóis éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar na forálacha.

I dTeideal XI leagtar amach rialacha maidir le feidhmiú cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme. Leis an togra tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an rialacháin a áirithiú nó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na liostaí in Iarscríbhinní I go VII a thabhairt cothrom le dáta nó a chomhlánú.

I dTeideal XII tá oibleagáid le haghaidh an Choimisiúin chun measúnú tráthrialta a dhéanamh ar an ngá Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta agus chun tuarascálacha tráthrialta a ullmhú maidir le meastóireacht agus athbhreithniú an rialacháin. Leagtar síos i dTeideal XII freisin forálacha críochnaitheacha, lena n‑áirítear idirthréimhse idirdhealaithe maidir le dáta bunaidh infheidhmeacht an rialacháin chun cur chun feidhme rianúil a éascú le haghaidh na bpáirtithe uile lena mbaineann.

2021/0106 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 31 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 32 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais. Leis an Rialachán seo, déantar roinnt cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail a shaothrú, amhail ardleibhéal cosanta maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, agus áirithítear leis saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí IS-bhunaithe, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margú agus úsáid córas intleachta saorga, ach amháin i gcás údarú sainráite ag an Rialachán seo.

(2)Is féidir córais intleachta saorga (córais IS) a úsáid go héasca in earnálacha éagsúla an gheilleagair agus na sochaí, lena náirítear ar bhonn trasteorann, agus a bheith i gcúrsaíocht ar fud an Aontais. Tá fiosruithe déanta ag Ballstáit áirithe cheana féin maidir le rialacha náisiúnta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an intleacht shaorga sábháilte agus go bhforbraítear agus go núsáidtear í i gcomhréir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha. Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus laghdú ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí a fhorbraíonn nó a úsáideann córais intleachta saorga, sin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann. Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú, agus dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht córas intleachta saorga laistigh den mhargadh inmheánach, mar aon leis na táirgí agus na seirbhísí a bhaineann leo, a chosc trí oibleagáidí aonfhoirmeacha le haghaidh oibreoirí a leagan síos agus trí chosaint aonfhoirmeach cúiseanna sáraitheacha a ráthú a bhaineann le leas an phobail agus cosaint daoine ar fud an mhargaidh inmheánaigh de réir Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sa mhéid go bhfuil rialacha sonracha sa Rialachán seo maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le srianta ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, is iomchuí an Rialachán seo a bhunú ar Airteagal 16 de CFAE a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin. I bhfianaise na rialacha sonracha sin agus iontaoibh Airteagal 16 de CFAE, is iomchuí dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

(3)Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga, atá ag athrú go tapa agus lenar féidir cur le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha sa raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile. Trí fheabhas a chur ar an tuar, oibríochtaí optamúcháin agus leithdháileadh acmhainní agus réitigh dhigiteacha atá ar fáil le haghaidh daoine aonair agus eagraíochtaí a phearsantú, le húsáid na hintleachta saorga, féadfar príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do chuideachtaí agus tacú le torthaí atá chun tairbhe an chomhshaoil agus na sochaí, mar shampla, maidir le cúram sláinte, feirmeoireacht, oideachas agus oiliúint, bainistíocht bonneagair, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, seirbhísí poiblí, slándáil, ceartas, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide.

(4)Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca maidir lena húsáid agus cur i bhfeidhm, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an intleacht shaorga agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna agus cearta an phobail atá faoi chosaint dhlí an Aontais. D’fhéadfadh an díobháil sin a bheith ábhartha nó neamhábhartha.

(5)Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht agus cosaint na gceart bunúsach, mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart rialacha a leagan síos lena rialaítear cur ar an margadh agus cur i mbun seirbhíse córas intleachta saorga áirithe, agus sa dóigh sin dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ligeann do na córais sin tairbhe a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí. Trí na rialacha sin a leagan síos, tacaíonn an Rialachán seo le cuspóir an Aontais a bheith ina cheannródaí domhanda i bhforbairt na hintleachta saorga sláine iontaofa eiticiúil, mar a shonraigh an Chomhairle Eorpach 33 , agus áirithítear leis go ndéantar prionsabail eiticiúla a chosaint, arna iarraidh sin go sonrach ag Parlaimint na hEorpa 34 .

(6)Ba cheart coincheap an chórais intleachta saorga a shainmhíniú go soiléir chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus solúbthacht a sholáthar chun freastal ar fhorbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo. Ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar phríomh-shaintréithe feidhmiúla an bhogearra, go háirithe an cumas aschuir a ghiniúint maidir le tacar áirithe cuspóirí sainithe ag an duine, amhail inneachar, tuartha, moltaí nó cinntí a mbeadh tionchar acu ar an timpeallacht lena mbíonn an córas ag idirghníomhú, bíodh sé sin i ngné fhisiciúil nó dhigiteach. Is féidir córais intleachta saorga a dhearadh ionas go noibreoidh siad le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus is féidir iad a úsáid ar bhonn neamhspleách nó mar chomhpháirt táirge, gan beann ar cé acu a bhfuil an córas comhtháite go fisiciúil sa táirge (leabaithe) nó ag freastal ar fheidhm an táirge gan a bheith comhtháite ann (neamhleabaithe). Ba cheart an sainmhíniú ar an gcóras intleachta saorga a chomhlánú le liosta teicnící agus cuir chuige sonracha arna núsáid lena fhorbairt, ar liosta é ar cheart a choinneáil cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíocha trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún chun an liosta sin a leasú.

(7)Coincheap na sonraí bithmhéadracha a úsáidtear sa Rialachán seo, tá sé i gcomhréir le coincheap na sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(14) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , Airteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 agus Airteagal 3(13) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 agus ba cheart é a léiriú i gcomhréir leis an gcoincheap mar a shainmhínítear é sna hAirteagail sin.

(8)Ba cheart coincheap an chianchórais sainaitheanta bithmhéadraí mar a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú ar bhonn feidhmiúil mar chóras intleachta saorga atá beartaithe chun daoine nádúrtha i gcéin a shainaithint trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha an duine agus na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, agus gan réamheolas ar cé acu a mbeidh an duine spriocdhírithe i láthair nó nach mbeidh agus cé acu ar féidir é a shainaithint nó nach féidir, gan beann ar an teicneolaíocht, próisis nó cineálacha sonraí bithmhéadracha áirithe a úsáidtear. Agus na saintréithe éagsúla a bhaineann leo agus na bealaí ina núsáidtear iad á gcur san áireamh, chomh maith leis na rioscaí éagsúla lena mbaineann, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí‘iar-aimseartha’. I gcás na gcóras ‘fíor-ama’, déantar gabháil na sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint ar fad go meandrach, go meandrach nach mór nó in aon chás gan moill mhór. I dtaca leis sin, níor cheart aon fhéidearthacht a bheith ann dul timpeall ar rialacha an Rialacháin seo maidir le húsáid ‘fíor-ama’ na gcóras intleachta saorga atá i gceist trí fhoráil a dhéanamh maidir le mionmhoilleanna. Bíonn úsáid ábhair ‘bheo’ nó ‘neasbheo’ i gceist le córais ‘fíor-ama’, amhail píosa scannánaíochta, arna ghiniúint le ceamara nó le gaireas eile ag a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil. I gcás na gcóras ‘iar-aimseartha’, i gcodarsnacht leis sin, tá na sonraí bithmhéadracha gafa cheana féin agus déantar an chomparáid agus an tsainaithint tar éis moill mhór. Is éard atá i gceist leis sin ábhar amhail pictiúir nó píosa scannánaíochta, arna nginiúint le ceamaraí teilifíse ciorcaid iata nó le gairis phríobháideacha, a gineadh roimh úsáid an chórais i leith na ndaoine nádúrtha lena mbaineann.

(9)Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart coincheap an spáis a bhfuil rochtain ag an bpobal air a thuiscint mar aon áit fhisiciúil a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi, gan beann ar an áit a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an gcoincheap áiteanna de chineál príobháideach nach bhfuil rochtain shaor orthu ag tríú páirtithe, lena náirítear údaráis forfheidhmithe dlí, ach amháin má tugadh cuireadh nó údarú sonrach do na páirtithe sin, amhail tithe, clubanna príobháideacha, oifigí, stórais agus monarchana. Ní chumhdaítear spásanna ar líne ach oiread, ós rud é nach spásanna fisiciúla iad. Cé go bhféadfadh coinníollacha áirithe a bheith i bhfeidhm chun spás ar leith a rochtain, amhail ticéid iontrála nó aoisteorainneacha, ní chiallaíonn sin, áfach, nach spás é a bhfuil rochtain ag an bpobal air de réir bhrí an Rialacháin seo. Dá réir sin, i dteannta spásanna poiblí amhail sráideanna, codanna ábhartha d’fhoirgnimh rialtais agus formhór an bhonneagair iompair, is spásanna iad pictiúrlanna, amharclanna, siopaí agus ionaid siopadóireachta a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu freisin de ghnáth. Cé acu atá spás a bhfuil rochtain ag an bpobal air nó nach bhfuil, áfach, ba cheart sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint do shonraíochtaí an cháis aonair faoi chaibidil.

(10)Chun cothrom na Féinne agus cosaint éifeachtach cearta agus saoirsí daoine aonair ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar iad a bheith bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír, agus maidir le húsáideoirí córas intleachta saorga atá bunaithe laistigh den Aontas.

(11)I bhfianaise a nádúr digiteach, ba cheart córais intleachta saorga áirithe a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fiú mura gcuirtear ar an margadh iad, nó mura gcuirtear i mbun seirbhíse iad nó mura núsáidtear san Aontas iad. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás oibreoir atá bunaithe san Aontas a dhéanann conradh maidir le seirbhísí áirithe le hoibreoir atá bunaithe lasmuigh den Aontas i ndáil le gníomhaíocht atá le déanamh ag córas intleachta saorga a cháileodh mar ghníomhaíocht ardriosca agus a mbeadh tionchar ag a héifeachtaí ar dhaoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas. Sna himthosca sin, maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáideann an oibreoir lasmuigh den Aontas, d’fhéadfadh sé sonraí a bhailítear san Aontas agus a aistrítear amach as an Aontas go dlíthiúil a phróiseáil, agus aschur an chórais intleachta saorga sin atá mar thoradh ar an bpróiseáil sin a sholáthar don oibreoir conarthach san Aontas, gan an córas intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid san Aontas. Chun dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus chun cosaint éifeachtach daoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga atá bunaithe i dtríú tír, sa mhéid a úsáidtear an taschur san Aontas a tháirgtear leis na córais sin. Mar sin féin, chun socruithe atá ann cheana a chur san áireamh chomh maith le riachtanais speisialta i gcás comhar le páirtithe eachtracha a ndéantar malartú faisnéise agus fianaise leo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí tríú tír agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó leis na Ballstáit. Tá comhaontuithe den sórt sin tugtha i gcrích go déthaobhach idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas Eorpach, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(12)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hinstitiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar sholáthraí nó úsáideoir córais intleachta saorga. Ba cheart córais intleachta saorga a fhorbraítear nó a úsáidtear chun críoch míleata a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo i gcás ina dtagann an úsáid sin faoi chúram eisiach an Comhbheartais Eachtraigh agus Slándála a rialaítear faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le dliteanas na soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha a leagtar amach i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [arna leasú leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

(13)Chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do leasanna poiblí maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, ba cheart caighdeáin normatacha choiteanna a bhunú le haghaidh gach córas intleachta saorga ardriosca. Ba cheart na caighdeáin sin a bheith i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) agus ba cheart dóibh a bheith neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta trádála an Aontais.

(14)Chun tacar rialacha ceangailteacha atá comhréireach agus éifeachtach a thabhairt isteach maidir le córais intleachta saorga, ba cheart cur chuige rioscabhunaithe atá sainithe go soiléir a leanúint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cineál agus inneachar na rialacha sin a chur in oiriúint do dhéine agus raon feidhme na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais intleachta saorga. Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar chleachtais intleachta saorga áirithe, ceanglais a leagan síos maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh na noibreoirí ábhartha, agus oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos maidir le córais intleachta saorga áirithe.

(15)Cé is moite de na húsáidí tairbhiúla éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, d’fhéadfaí an teicneolaíocht sin a mhí-úsáid freisin agus uirlisí úra cumhachtacha a sholáthar le haghaidh cleachtais ionramhálacha dhúshaothraithe agus cleachtais smachta shóisialta. D’fhéadfadh cleachtais den chineál sin dochar ar leith a dhéanamh agus ba cheart iad a thoirmeasc toisc go dtagann siad salach ar luachanna an Aontais maidir le meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha an Aontais, lena náirítear an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun cosaint sonraí, an ceart chun príobháideachais agus cearta an linbh.

(16)Maidir le córais intleachta saorga áirithe a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó iad a úsáid, ar córais iad atá beartaithe chun iompraíocht an duine a shaobhadh, i gcás inar dócha go ndéanfaí díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch, ba cheart na córais sin a thoirmeasc. Úsáideann na córais intleachta saorga sin comhpháirteanna fothairseachúla nach bhfuil le brath ag an duine aonair nó saothraíonn na córais sin leochaileachtaí leanaí agus daoine mar gheall ar a naois nó a néagumais fhisiciúil nó mheabhrach. Déanann siad amhlaidh d’fhonn iompar an duine a shaobhadh go hábhartha agus ar bhealach lena ndéantar díobháil don duine sin nó do dhuine eile nó gur dócha go ndéanfar díobháil. Ní fhéadfaí an aidhm a thoimhdiú má tá saobhadh iompar an duine mar thoradh ar thosca atá neamhspleách ar an gcóras intleachta saorga agus nach bhfuil smacht ag an soláthraí nó ag an úsáideoir orthu. Maidir le taighde chun críoch dlisteanach i ndáil leis na córais intleachta saorga sin, níor cheart é a phlúchadh leis an toirmeasc, mura bhfuil baint ag an taighde sin le húsáid an chórais intleachta saorga i gcaidreamh idir duine agus an meaisín lena gcuirtear daoine nádúrtha i mbaol agus má dhéantar an taighde sin i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla aitheanta i ndáil leis an taighde eolaíoch.

(17)D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh grúpaí áirithe ann de thoradh scóráil shóisialta daoine nádúrtha le haghaidh cuspóir ginearálta ag údaráis phoiblí nó thar a gceann, rud a sholáthraítear le córais intleachta saorga áirithe. D’fhéadfadh sé go sárófaí leo an ceart chun dínite agus an ceart chun neamh-idirdhealú agus luachanna maidir le comhionannas agus an ceartas. Déanann na córais intleachta saorga sin meastóireacht agus rangú ar iontaofacht daoine nádúrtha bunaithe ar iompraíocht shóisialta na ndaoine sin i gcomhthéacsanna éagsúla nó bunaithe ar shaintréithe pearsanta nó saintréithe pearsantachta aitheanta nó tuartha. De thoradh an scóir shóisialta arna fháil ó na córais intleachta saorga sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go neamhfhabhrach nó go díobhálach le daoine nádúrtha nó grúpaí iomlána daoine nádúrtha i gcomhthéacsanna sóisialta nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcomhthéacs inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach báire nó d’fhéadfadh sé go gcaithfí leo go díobhálach ar bhealach atá gan bonn cirt nó díréireach le tromchúis a niompraíochta sóisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar na córais intleachta saorga sin.

(18)Maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ daoine nádúrtha i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, measfar í a bheith an-ionrach maidir le cearta agus saoirsí na ndaoine lena mbaineann, sa mhéid go bhfuil féidearthacht ann go ndéanfadh sé difear do shaol príobháideach cuid mhór den phobal, go nginfeadh sé mothúchán go bhfuiltear faoi fhaireachas leanúnach agus go ndéanfadh sé feidhmiú saoirse tionóla agus cearta bunúsacha eile a dhíspreagadh. Thairis sin, i bhfianaise neasacht an tionchair agus na ndeiseanna teoranta atá ann maidir le seiceálacha agus ceartuithe breise i ndáil le húsáid na gcóras sin a oibríonn i ‘bhfíor-am’, bíonn rioscaí níos mó ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine a mbaineann na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí leo.

(19)Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar úsáid na gcóras sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin maidir le trí chás atá liostaithe go cuimsitheach agus sainithe go cúng, cásanna lena bhfuil dianghá le húsáid na gcóras sin chun freastal ar leas substaintiúil maidir leis an bpobal, ina mheastar gur mó a dtábhacht ná na rioscaí. Baineann na cásanna sin le cuardach daoine a d’fhéadfadh a bheith ina níospartaigh coireachta, lena náirítear leanaí ar iarraidh; bagairtí áirithe ar bheatha nó sábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta; agus brath, logánú, sainaithint nó ionchúiseamh duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 38 más cionta cóiriúla iad atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad agus mar a dhéantar sainmhíniú orthu i ndlí an Bhallstáit sin. An tairseach sin maidir leis an bpianbhreith choimeádta nó ordú coinneála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rannchuidíonn sé chun a áirithiú gur cheart an cion a bheith tromchúiseach go leor le bonn cirt a thabhairt le húsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’. Thairis sin, ar an 32 chion chóiriúla a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle, is dócha, i gcleachtas, go mbeidh cuid acu níos ábhartha ná a chéile, ós rud é go mbeidh gá ar leibhéal éagsúla go hintuartha le hiontaoibh cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus go mbeadh sé comhréireach ar leibhéil éagsúla den chur chun cinn praiticiúil maidir le brath, logánú, sainaithint nó ionchúiseamh duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla éagsúla a liostaítear agus ag féachaint do na héagsúlachtaí dóchúla maidir le tromchúis, dóchúlacht agus leibhéal na díobhála nó na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

(20)Chun a áirithiú go núsáidtear na córais sin ar bhealach freagrach comhréireach, tá sé tábhachtach freisin a shuí gur cheart eilimintí áirithe a chur san áireamh i ngach ceann de na trí chás a liostaítear go cuimsitheach agus a sainítear go cúng, go háirithe a mhéid a bhaineann le nádúr an cháis ba chúis leis an iarraidh agus iarmhairtí na húsáide i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine uile lena mbaineann agus na coimircí agus coinníollacha dá bhforáiltear leis an úsáid. Thairis sin, maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart í a bheith faoi réir teorainneacha iomchuí i dtaca le ham agus spás, ag féachaint go háirithe don fhianaise nó do na tásca maidir leis na bagairtí, na híospartaigh nó an déantóir. Ba cheart bunachar sonraí tagartha na ndaoine a bheith iomchuí lena úsáid i ngach ceann de na trí chás a luaitear thuas.

(21)Maidir le gach úsáid de chianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart di a bheith faoi réir údarú sonrach sainráite ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách Ballstáit. Ba cheart an túdarú sin a fháil i bprionsabal sula núsáidfear an córas, ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil bonn cirt leo, is é sin, cásanna ina bhfuil sé dodhéanta go héifeachtúil agus go hoibiachtúil údarú a fháil sula núsáidfear an córas de thairbhe na húsáide sin. Sna cásanna práinneacha sin, ba cheart an úsáid a theorannú don íosmhéid a bhfuil géarghá leis agus í a bheith faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha iomchuí, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta agus a shonraítear i gcomhthéacs gach cás práinneach ar leith ag an údarás forfheidhmithe dlí féin. Ina theannta sin, ba cheart don údarás forfheidhmithe dlí féachaint le húdarú a fháil a luaithe is féidir sna cásanna sin, agus na cúiseanna nach rabhthas in ann é a iarraidh níos luaithe a thabhairt.

(22)Thairis sin, is iomchuí a fhoráil, laistigh de chreat uileghabhálach an Rialacháin seo, nár cheart úsáid den sórt sin ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith indéanta ach amháin i gcás inar chinn an Ballstát i dtrácht, agus sa mhéid gur chinn an Ballstát i dtrácht, foráil a dhéanamh go sainráite go bhféadfaí an úsáid sin a údarú ina rialacha mionsonraithe den dlí náisiúnta. Dá réir sin, beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit faoin Rialachán seo gan foráil a dhéanamh in aon chor maidir le féidearthacht den sórt sin nó gan foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht den sórt sin ach amháin i leith cuid de na cuspóirí a bhfuil sé de chumas acu bonn cirt a thabhairt le húsáid údaraithe a shainaithnítear sa Rialachán seo.

(23)Is gá sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun córas intleachta saorga a úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ daoine nádúrtha i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí. Na rialacha sa Rialachán seo maidir le toirmeasc a chur ar an úsáid sin, faoi réir eisceachtaí áirithe, atá bunaithe ar Airteagal 16 CFAE, ba cheart feidhm a bheith acu mar lex specialis i leith na rialacha atá in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha, agus dá bhrí sin an úsáid sin agus an phróiseáil sonraí bithmhéadracha lena mbaineann a rialáil go cuimsitheach. Dá bhrí sin, ba cheart an úsáid agus an phróiseáil sin gan bheith ach indéanta a mhéid atá siad comhoiriúnach leis an gcreat a leagtar amach leis an Rialachán seo, gan féidearthacht a bheith ann, lasmuigh den chreat sin, do na húdaráis inniúla, agus iad ag gníomhú chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, na córais sin a úsáid agus na sonraí sin lena mbaineann a phróiseáil ar na forais a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Sa chomhthéacs seo, níl an Rialachán seo beartaithe a bheith ina bhunús dlí leis an bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 8 de Threoir 2016/680. Maidir le húsáid cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, lena náirítear úsáid ag údaráis inniúla, níor cheart í a chumhdach, áfach, leis an gcreat sonrach maidir leis an úsáid sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí a shocraítear leis an Rialachán seo. An úsáid sin chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, níor cheart, dá bhrí sin, í a bheith faoi réir an cheanglais údaraithe faoin Rialachán seo ná na rialacha mionsonraithe is infheidhme sa dlí náisiúnta lena dtabharfaí éifeacht dó.

(24)Maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach, ach amháin i ndáil le húsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí mar a rialaítear leis an Rialachán seo, lena náirítear cásanna ina núsáideann údaráis inniúla na córais sin i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart an phróiseáil sin leanúint de bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá mar thoradh ar Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.

(25)I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (d), (2) agus (3) den Rialachán seo arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16 de CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

(26)I gcomhréir le hAirteagal 2 agus 2a de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), (2) agus (3) den Rialachán seo a glacadh ar bhonn Airteagal 16 de CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar an Danmhairg.

(27)Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur i mbun seirbhíse ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais shainordaitheacha áirithe. Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá ar fáil san Aontas nó a úsáidtear a naschur san Aontas ar shlite eile, nach mbeadh rioscaí do-ghlactha ag baint leo do leasanna tábhachtacha poiblí an Aontais mar atá aitheanta agus faoi chosaint ag dlí an Aontais. Ba cheart líon na gcóras intleachta saorga a shainaithnítear mar chórais ardriosca a theorannú dóibh siúd a bhfuil tionchar suntasach díobhálach acu ar an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha na ndaoine san Aontas agus leis an teorannú sin laghdaítear aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le trádáil idirnáisiúnta, más ann dó.

(28)D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí neamhfhabhracha ag córais intleachta saorga ar shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe i gcás ina noibríonn na córais sin mar chomhpháirteanna táirgí. I gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a éascú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar an margadh, tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta a sheachaint nó a mhaolú go hiomchuí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar tháirge ina iomláine de thoradh a chomhpháirteanna digiteacha, lena náirítear córais intleachta saorga. Cuir i gcás, róbait uathrialaitheacha a bhfuil a nuathriail ag dul i méid de réir a chéile, cé acu a bhfuil siad i gcomhthéacs monaraíochta nó cúnaimh phearsanta agus cúraim, ba cheart iad a bheith in ann oibriú agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh go sábháilte i dtimpeallachtaí casta. Ar an gcuma chéanna, san earnáil sláinte, áit a bhfuil go leor i ngeall léi maidir le beatha agus sláinte, ba cheart córais diagnóisice agus córais a thacaíonn cinntí daonna, ar córais iad atá ag éirí níos sofaisticiúla, a bheith iontaofa agus cruinn. Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge tionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorga á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínite daonna, an ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart ar chosaint sonraí pearsanta, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, an ceart chun neamh-idirdhealú, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, an ceart chun toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta, an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (a léirmhíníodh tuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach), ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. An ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir córas intleachta saorga a dhéanamh, lena náirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine.

(29)Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 , Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 , Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 , Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 , agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 , is iomchuí na gníomhartha sin a leasú chun a áirithiú, ar bhonn sainiúlachtaí teicniúla agus rialála gach earnála, agus gan cur isteach ar shásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta agus forfheidhmithe atá ann cheana agus na húdaráis arna mbunú iontu, go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon ghníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á ghlacadh aige amach anseo ar bhonn na ngníomhartha sin.

(30)Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo má chuirtear an nós imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar an táirge i gceist le comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha sin de chuid an Aontais. Go sonrach, is éard atá i gceist leis na táirgí sin innealra, bréagáin, ardaitheoirí, trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, i dtrealamh raidió, i mbrú-threalamh, i dtrealamh le haghaidh árthaí áineas, i suiteálacha cábla-bhealaigh, i bhfearais a dhónn breoslaí gásacha, i bhfeistí leighis agus i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro.

(31)Maidir le haicmiú córas intleachta saorga mar chóras ardriosca de bhun an Rialacháin seo, níor cheart go gciallódh sin go measfar an táirge a bhfuil an córas intleachta saorga ann mar chomhpháirt sábháilteachta, nó an córas intleachta saorga féin mar tháirge, a bheith ‘ardriosca’ faoi na critéir a bhunaítear sa reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aici ar an táirge. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás Rialachán (AE) Uimh. 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 agus Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 , ina soláthraítear measúnú comhréireachta tríú páirtí le haghaidh táirgí meánriosca agus ardriosca.

(32)A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga neamhspleácha, is é sin córais intleachta saorga ardriosca cé is moite de na córais is comhpháirteanna sábháilteachta iad, nó is táirgí iad féin, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca más rud é, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, go bhfuil ardriosca díobhála ag baint leo do shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha daoine, agus ag cur san áireamh déine na díobhála féideartha agus an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil agus más rud é go núsáidtear iad i roinnt limistéir réamhshainithe shonracha a shonraítear sa Rialachán. Tá sainaithint na gcóras sin bunaithe ar an modheolaíocht chéanna agus na critéir chéanna atá beartaithe freisin maidir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca.

(33)Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe a mhéid a bhaineann le haois, bunadh eitneach, gnéas nó míchumais. Dá bhrí sin, ba cheart cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus ‘iar-aimseartha’ araon a aicmiú mar chórais ardriosca. I bhfianaise na rioscaí a bhaineann leo, ba cheart an dá chineál cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí a bheith faoi réir ceanglais shonracha maidir le cumais logála agus formhaoirseacht dhaonna.

(34)Maidir le bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar na córais intleachta saorga atá beartaithe lena núsáid mar comhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú tráchta bóthair agus i soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais, ós rud é go bhféadfadh a dteip nó a mífheidhmiú beatha agus sláinte daoine a chur i mbaol agus go bhféadfadh cur isteach suntasach a bheith ann i ngnáthchúrsa na ngníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha de bharr na gcóras sin.

(35)Córais intleachta saorga a úsáidtear san oideachas nó sa ghairmoiliúint, go sonrach na córais maidir le cinntí a dhéanamh faoi rochtain nó daoine a chur chuig institiúidí oideachais agus gairmoiliúna nó meastóireacht a dhéanamh ar scrúduithe daoine mar chuid de réamhchoinníoll nó mar réamhchoinníoll ar a noideachas, ba cheart iad a mheas mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfadh siad cúrsaí oideachais agus treo gairme duine a chinneadh agus dá bhrí sin difear a dhéanamh dá gcumas a slí bheatha a bhaint amach. Má dheartar nó má úsáidtear iad go míchuí, d’fhéadfadh na córais sin an ceart chun oideachais agus oiliúna chomh maith leis an gceart nach ndéantar idirdhealú ina naghaidh a shárú agus d’fhéadfadh siad patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú.

(36)Córais intleachta saorga a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistíocht fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht, go sonrach maidir le daoine a earcú agus a roghnú, maidir le cinntí a dhéanamh i dtaca le hardú céime agus foirceannadh agus maidir le sannadh cúraimí, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfadh siad mórthionchar a bheith acu ar ghairmréime agus slite beatha na ndaoine sin amach anseo. Maidir le caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart fostaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí trí ardáin dá dtagraítear i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 a bheith rannpháirteach iontu. Níor cheart na daoine sin a mheas, i bprionsabal, mar úsáideoirí de réir bhrí an Rialacháin seo. Le linn an phróisis earcaíochta agus i dtaca le meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, nó ardú céime a thabhairt dóibh nó iad a choinneáil, d’fhéadfadh na córais sin patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe. Córais intleachta saorga a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht na ndaoine sin, d’fhéadfadh siad tionchar a bheith acu ar a gcearta chun cosaint sonraí agus príobháideachais.

(37)Réimse eile ar cheart aird ar leith a thabhairt air is ea rochtain ar sheirbhísí agus sochair áirithe fíor-riachtanacha príobháideacha agus poiblí agus tairbhiú díobh chun go mbeidh daoine in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí nó feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála. Go sonrach, córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha, ba cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinneann siad rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí bunriachtanacha ar nós tithíochta, leictreachais agus seirbhísí teileachumarsáide. De thoradh na gcóras intleachta saorga a úsáidtear chun na críche sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh idirdhealú in aghaidh daoine nó grúpaí, agus go mbuanófar patrúin idirdhealaitheacha stairiúla, mar shampla, bunaithe ar bhunadh ciníoch nó eitneach, míchumais, aois, gnéaschlaonadh nó go gcothófar cineálacha nua tionchar idirdhealaithe. Mar gheall ar scála teoranta an tionchair agus na roghanna eile atá ar an margadh, is iomchuí córais intleachta saorga a dhíolmhú chun críche measúnaithe acmhainneachta creidmheasa agus scórála creidmheasa nuair a chuireann soláthraithe ar mhionscála i mbun seirbhíse iad le haghaidh a núsáide féin. Daoine nádúrtha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar shochair chúnaimh phoiblí nó ar sheirbhísí cúnaimh poiblí nó a fhaigheann na sochair nó na seirbhísí sin ó údaráis phoiblí, is iondúil a bhíonn siad ag brath ar na sochair agus seirbhísí sin agus is iondúil a bhíonn siad i riocht soghonta i ndáil leis na húdaráis fhreagracha. Má úsáidtear córais intleachta saorga chun a chinneadh cé acu a dhéanfaidh na húdaráis na tairbhí agus seirbhísí sin a dhiúltú, a laghdú, a chúlghairm nó a aiséileamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach acu ar shlí bheatha na ndaoine agus go ndéanfaí a gcearta bunúsacha a shárú, amhail an ceart chun cosanta sóisialta, an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun dínite daonna nó an ceart chun leighis éifeachtaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, na córais sin a aicmiú mar chórais ardriosca. Mar sin féin, níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar fhorbairt ná úsáid cur chuige nuálacha sa riarachán poiblí, ar riarachán é a bhainfeadh leas as úsáid níos forleithne a bhaint as córais intleachta saorga chomhlíontacha shábháilte, ar choinníoll nach mbeadh ardriosca ag baint leo do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha. Ar deireadh, córais intleachta saorga a úsáidtear chun seirbhísí céad fhreagartha éigeandála a sheoladh nó tosaíocht a thabhairt maidir le seoladh na seirbhísí sin, ba cheart iad a aicmiú freisin mar chórais ardriosca, ós rud é go ndéanann siad cinntí i gcásanna criticiúla maidir le beatha agus sláinte daoine agus a maoin.

(38)Gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí a bhaineann le húsáidí áirithe córas intleachta saorga, is iad saintréithe na ngníomhaíochtaí sin éagothroime cumhachta suntasach agus dá thoradh sin d’fhéadfadh sé go ndéanfaí faireachas ar dhuine nádúrtha, nó é a ghabháil nó saoirse a bhaint dó chomh maith le tionchair dhíobhálacha eile maidir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt. Go sonrach, mura gcuirtear oiliúint ar an gcóras intleachta saorga le sonraí ardcháilíochta, mura gcomhlíonann an córas ceanglais leormhaithe i dtéarmaí cruinnis nó stóinseachta, nó mura ndéantar é a dhearadh agus a thástáil go hiomchuí sula gcuirfear é ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile, d’fhéadfadh sé go ndíreofaí ar dhaoine i mbealach idirdhealaithe nó ar shlí eile atá mícheart nó éagórach. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar fheidhmiú cearta nós imeachta bunúsacha, amhail an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa chomh maith le cearta na cosanta agus an ceart chun toimhde na neamhchiontachta, i gcás nach bhfuil na córais intleachta saorga sin trédhearcach, inmhínithe agus doiciméadaithe go leor. Dá bhrí sin, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar roinnt córais intleachta saorga atá beartaithe lena núsáid i gcomhthéacs forfheidhmithe an dlí, comhthéacs ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, iontaofacht agus trédhearcacht chun tionchair dhíobhálacha a sheachaint, muinín an phobail a chaomhnú agus cuntasacht agus cúiteamh éifeachtach a áirithiú. I bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí i gceist agus na rioscaí a bhaineann leo, leis na córais intleachta saorga ardriosca sin, ba cheart, go háirithe, córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena núsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh measúnuithe riosca aonair, brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath, chun ‘domhainbhrionnuithe’ a bhrath, chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht fianaise in imeachtaí coiriúla, chun tarlú nó atarlú cionta cóiriúla iarbhír nó féideartha a thuar bunaithe ar phróifíliú daoine nádúrtha, nó measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí roimhe seo, le haghaidh próifíliú a dhéantar le linn na gcionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, chomh maith le hanailísíocht choireachta maidir le daoine nádúrtha. Córais intleachta saorga atá beartaithe go sonrach lena núsáid le haghaidh imeachtaí riaracháin ag na húdaráis chánach nó na húdaráis chustaim, níor cheart iad a mheas mar chórais intleachta saorga ardriosca a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. 

(39)Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na núdarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha an duine a ndearnadh difear dóibh a ráthú, go háirithe maidir lena gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealú, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. Is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena núsáid ag na húdaráis phoiblí inniúla a bhfuil cúraimí orthu i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath; chun rioscaí áirithe a mheasúnú a bhaineann le daoine nádúrtha ag teacht isteach i gcríoch Bhallstáit nó ag déanamh iarratas ar víosa nó ar thearmann; chun fírinneacht dhoiciméad ábhartha na ndaoine nádúrtha a dheimhniú; chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 , le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 agus le haon reachtaíocht ábhartha eile.

(40)Maidir le córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe lena núsáid chun próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, mar gheall ar an tionchar suntasach a d’fhéadfaí a bheith acu ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar shaoirsí aonair agus ar an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Go sonrach, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí claonta, earráidí agus doiléireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena núsáid chun cúnamh a thabhairt d’údaráis bhreithiúnachta maidir le taighde agus léirmhíniú fíoras agus an dlí agus maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm ar thacar coincréiteach fíoras. Níor cheart an cháilíocht sin a leathnú, áfach, chun córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena núsáid le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin atá coimhdeach amháin agus nach ndéanann difear do riaradh iarbhír an cheartais i gcásanna aonair, amhail anaithnidiú nó bréagainmniú cinntí breithiúnacha, doiciméad nó sonraí, cumarsáid idir pearsanra, cúraimí riaracháin nó leithdháileadh acmhainní.

(41)Ós rud é go dtugtar aicme ardriosca ar chóras intleachta saorga faoin Rialachán seo, níor cheart a léirmhíniú leis sin go léirítear gur gá úsáid an chórais a bheith dleathach faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, amhail cosaint sonraí pearsanta, úsáid brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó córais eile chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath. Ba cheart leanúint den úsáid sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá mar thoradh ar an gCairt agus ar na gníomhartha is infheidhme de dhlí tánaisteach an Aontais agus den dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na ceanglais sin amháin. Níor cheart a thuiscint leis an Rialachán seo go bhforáiltear maidir leis an bhforas dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena náirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, i gcás inarb ábhartha.

(42)Na rioscaí a bhaineann le córais ardriosca intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear i mbun seirbhíse ar shlí eile, chun na rioscaí sin a mhaolú le haghaidh úsáideoirí agus daoine a ndéanfar difear dóibh, ba cheart feidhm a bheith ag roinnt ceanglais shainordaitheacha, agus an chríoch atá beartaithe d’úsáid an chórais á cur san áireamh agus de réir an chórais bainistíochta riosca atá le bunú ag an soláthraí.

(43)Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí, formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na gcríche atá beartaithe don chóras, agus nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, chun srianta trádála nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint.

(44)Tá sonraí ardcháilíochta fíor-riachtanach i dtaca le feidhmíocht roinnt mhaith córas intleachta saorga, go háirithe i gcásanna ina núsáidtear teicnící a bhaineann le hoiliúint a chur ar shamhlacha, d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas intleachta saorga ardriosca go sábháilte agus de réir mar atá beartaithe dó agus nach mbeidh sé mar fhoinse d’idirdhealú, rud atá toirmiscthe faoi dhlí an Aontais. Le tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála ar ardcháilíocht, is gá cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bhainistíochta a chur chun feidhme. Ba cheart do thacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a bheith ábhartha go leor, ionadaíoch agus saor ó earráidí agus iomlán i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras. Ba cheart, freisin, na hairíonna staidrimh iomchuí a bheith acu, lena náirítear a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid orthu. Go sonrach, leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, sa mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, ba cheart na gnéithe, saintréithe nó eilimintí a chur san áireamh a bhaineann go sonrach leis an suíomh nó comhthéacs geografach agus bealach iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid. Chun cearta daoine eile a chosaint ar an idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh claonta sna córais intleachta saorga, ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil, mar ábhar a bhaineann le leas an phobail, chun monatóireacht, brath agus ceartú an chlaonta a áirithiú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.

(45)Maidir le forbairt na gcóras intleachta saorga, ba cheart d’úsáideoirí áirithe, amhail soláthraithe, comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus eintitis ábhartha eile, amhail moil nuálaíochta digití, saoráidí agus taighdeoirí tástála agus turgnamhaíochta, a bheith in ann tacair sonraí ardcháilíochta a rochtain agus a úsáid laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí faoi seach a bhaineann leis an Rialachán seo. Beidh tábhacht ar leith ag baint le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha arna mbunú ag an gCoimisiún agus le héascú comhroinnte sonraí idir gnólachtaí agus leis an rialtas ar mhaithe le leas an phobail chun rochtain iontaofa, chuntasach agus neamh-idirdhealaithe a sholáthar ar shonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu. Mar shampla, i gcás sonraí sláinte, leis an spás Eorpach sonraí sláinte, éascófar rochtain neamh-idirdhealaithe ar shonraí sláinte agus oiliúint na nalgartam intleachta saorga maidir leis na tacair sonraí sin, ar bhealach slán tráthúil trédhearcach agus iontaofa a chosnaíonn an phríobháideacht, agus le rialachas iomchuí institiúideach. Údaráis inniúla ábhartha, lena náirítear údaráis earnála, a sholáthraíonn an rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis, féadfaidh siad tacú freisin leis an soláthar sonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu.

(46)Tá sé fíor-riachtanach faisnéis a bheith ann maidir leis an mbealach a fhorbraítear córais intleachta saorga agus an bealach a fheidhmíonn na córais ar feadh a saolré chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú. Chuige sin, is gá taifid a choimeád agus doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais ábhartha. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na saintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta maidir leis na córais, na halgartaim, na sonraí, na nósanna imeachta tástála agus bailíochtaithe arna núsáid chomh maith le doiciméadacht i dtaca leis an gcóras ábhartha bainistíochta riosca. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a choimeád cothrom le dáta.

(47)Chun aghaidh a thabhairt ar an doiléireacht a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh córais intleachta saorga áirithe dothuigthe nó róchasta le haghaidh daoine nádúrtha, ba cheart ceangal a bheith ann maidir le méid áirithe trédhearcachta i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart úsáideoirí a bheith in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus a úsáid go hiomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, doiciméadacht ábhartha agus treoracha maidir le húsáid a bheith ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca, ina gcumhdófaí faisnéis ghonta shoiléir, lena náirítear faisnéis i ndáil le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta bunúsacha agus maidir le hidirdhealú.

(48)Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi gur féidir le daoine nádúrtha formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras sin. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraí an chórais bearta iomchuí maidir le maoirseacht dhaonna a shainaithint sula gcuirfear an córas ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Go sonrach, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a ráthú leis na bearta sin go bhfuil an córas faoi réir srianta oibríochtúla ionsuite nach féidir leis an gcóras é féin a shárú agus atá freagrúil don oibreoir daonna, agus go bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá ag na daoine nádúrtha ar sannadh an mhaoirseacht dhaonna orthu chun an ról sin a dhéanamh.

(49)Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne. Ba cheart an leibhéal cruinnis agus an mhéadracht chruinnis a chur in iúl do na húsáideoirí.

(50)Is ceanglas bunriachtanach é an stóinseacht theicniúil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach in aghaidh rioscaí a bhaineann le teorainneacha an chórais (e.g. earráidí, lochtanna, eachtraí gan choinne) agus in aghaidh gníomhaíochtaí mailíseacha a d’fhéadfadh cur isteach ar shlándáil an chórais agus a d’fhéadfadh iompraíocht dhíobhálach nó iompraíocht neamh-inmhianaithe ar shlí eile a bheith ann mar thoradh orthu. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair ar an tsábháilteacht nó go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar chearta bunúsacha mar thoradh ar mhainneachtain na rioscaí sin a chosaint, mar shampla, de bharr cinntí earráideacha nó aschuir mhíchearta nó chlaonta a ghin an córas intleachta saorga.

(51)Tá ról ríthábhachtach ag an gcibearshlándáil chun a áirithiú go bhfuil na córais intleachta saorga athléimneach in aghaidh iarrachtaí a dhéanfadh tríú páirtithe mailíseacha úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht na gcóras a athrú nó cur isteach ar a nairíonna slándála agus leochaileachtaí an chórais á saothrú acu. Féadfaidh cibirionsaithe in aghaidh córais intleachta saorga sócmhainní sonracha intleachta saorga a ghiaráil, amhail tacair sonraí oiliúna (e.g. nimhiú sonraí) nó samhlacha oilte (e.g. ionsaithe sáraíochta), nó leochaileachtaí i sócmhainní digiteacha an chórais nó ina bhonneagar foluiteach TFC a shaothrú. Chun leibhéal cibearshlándála atá i gcomhréir leis na rioscaí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca bearta oiriúnacha a dhéanamh, agus an bonneagar foluiteach TFC á cur san áireamh freisin de réir mar is iomchuí.

(52)Mar chuid de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, ba cheart na rialacha maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a leagan síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 maidir le creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí (‘Creat Reachtach Nua chun Táirgí a Mhargú’).

(53)Is iomchuí go nglacfadh duine sonrach nádúrtha nó dlítheanach, atá sainmhínithe mar an soláthraí, an fhreagracht maidir le córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse, gan beann ar cé acu a ndearna an duine nádúrtha nó dlítheanach an córas a dhearadh nó a fhorbairt nó nach ndearna.

(54)Ba cheart don soláthraí córas bainistíochta cáilíochta fónta a bhunú, a áirithiú go gcomhlíontar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is gá, an doiciméadacht ábhartha a tharraingt suas agus córas faireacháin iarmhargaidh stóinseach a bhunú. Féadfaidh na húdaráis phoiblí a chur córais intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse le haghaidh a núsáide féin na rialacha maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus sainiúlachtaí na hearnála agus inniúlachtaí agus eagrú an údaráis phoiblí i gceist á gcur san áireamh.

(55)I gcás ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca ina chomhpháirt sábháilteachta de tháirge a chumhdaítear le reachtaíocht earnála ábhartha den Chreat Reachtach Nua agus nach gcuirtear an córas ardriosca intleachta saorga sin ar an margadh ná i mbun seirbhíse go neamhspleách ar an táirge, ba cheart do mhonaróir an táirge deiridh, mar a shainmhínítear faoi reachtaíocht ábhartha an Chreata Reachtaigh Nua, oibleagáidí an tsoláthraí a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus ba cheart dó a áirithiú, go háirithe, go gcomhlíonann an córas intleachta saorga, atá leabaithe sa táirge deiridh, ceanglais an Rialacháin seo.

(56)Chun gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus chun cothrom na Féinne a chruthú le haghaidh oibreoirí, agus ag cur san áireamh na bhfoirmeacha éagsúla chun táirgí digiteacha a chur ar fáil, tá sé tábhachtach a áirithiú, i ngach cás, gur féidir le duine atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis maidir le comhlíontacht an chórais intleachta saorga. Dá bhrí sin, sula gcuirfear a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, i gcás nach féidir an tallmhaireoir a shainaithint, ainmneoidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas, trí shainordú i scríbhinn.

(57)I gcomhréir le prionsabail an Chreata Reachtaigh Nua, ba cheart oibleagáidí sonracha a shocrú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha ábhartha, amhail allmhaireoirí agus dáileoirí, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun an chomhlíonadh rialála a éascú le haghaidh na noibreoirí ábhartha sin.

(58)I bhfianaise chineál na gcóras intleachta saorga agus na rioscaí maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na gcóras sin, lena náirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá faireachán iomchuí ar fheidhmíocht córais intleachta saorga i suíomh fíorshaoil a áirithiú, is iomchuí freagrachtaí sonracha a shocrú le haghaidh úsáideoirí. Ba cheart, go háirithe, d’úsáideoirí na córais intleachta saorga ardriosca a úsáid i gcomhréir leis na treoracha maidir le húsáid agus ba cheart a fhoráil maidir le hoibleagáidí eile a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras intleachta saorga agus a mhéid a bhaineann le coimeád taifead, de réir mar is iomchuí.

(59)Is iomchuí a bheartú gur cheart d’úsáideoir an chórais intleachta saorga a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina údarás poiblí, ina ghníomhaireacht nó comhlacht eile faoina núdarás a noibrítear an córas intleachta saorga ach amháin i gcás ina ndéantar an úsáid le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil.

(60)I bhfianaise chastacht luachshlabhra na hintleachta saorga, maidir le tríú páirtithe ábhartha, eadhon na páirtithe a bhfuil baint acu le bogearraí, uirlisí agus comhpháirteanna bogearraí, samhlacha agus sonraí réamhoilte, nó soláthraithe seirbhísí líonra a dhíol nó a sholáthar, ba cheart dóibh dul i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le soláthraithe agus úsáideoirí chun a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus leis na húdaráis inniúla a bhunaítear faoin Rialachán seo a chumasú.

(61)Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gcaighdeánú chun réitigh theicniúla a sholáthar do sholáthraithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 , ba cheart é a bheith ina mhodh ag soláthraithe chun comhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a léiriú. D’fhéadfadh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna a ghlacadh i réimsí nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe cheana féin nó i gcás nach leor iad.

(62)Chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú i gcórais intleachta saorga ardriosca, ba cheart na córais sin a bheith faoi réir measúnú comhréireachta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad.

(63)Chun an tualach ar oibreoirí a íoslaghdú agus chun aon dúbláil a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana mar thoradh ar chur chuige an Chreata Reachtaigh Nua , is iomchuí gur cheart comhlíontacht na gcóras intleachta saorga sin le ceanglais an Rialacháin seo a mheasúnú mar chuid den mheasúnú comhréireachta dá bhforáiltear cheana faoin reachtaíocht sin. Níor cheart d’infheidhmeacht na gceanglas sa Rialachán seo difear a dhéanamh do loighic, modheolaíocht nó struchtúr ginearálta an mheasúnaithe comhréireachta faoi reachtaíocht ábhartha shonrach an Chreata Reachtaigh Nua. Léirítear an cur chuige sin go hiomlán san idirghníomhú idir an Rialachán seo agus an [Rialachán maidir le hInnealra]. Cé go dtugtar aghaidh ar rioscaí sábháilteachta córas intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo, lena náirithítear feidhmeanna sábháilteachta in innealra, le ceanglais shonracha áirithe sa [Rialachán maidir le hInnealra], áiritheofar go ndéanfar an córas intleachta saorga a chomhtháthú go sábháilte san innealra foriomlán, ionas nach gcuirfear isteach ar shábháilteacht an innealra ar an iomlán. Is ionann an sainmhíniú ar chóras intleachta saorga atá sa [Rialachán maidir le hInnealra] agus atá sa Rialachán seo.

(64)I bhfianaise thaithí fhairsing na ndeimhneoirí réamh-mhargaidh gairmiúla i réimse na sábháilteachta táirgí agus chineál éagsúil na rioscaí lena mbaineann, is iomchuí, ar a laghad le linn na chéad chéime de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, an raon feidhme a theorannú maidir le cur i bhfeidhm measúnaithe comhréireachta tríú páirtithe le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca cé is moite dóibh siúd a bhaineann leis na táirgí. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don soláthraí measúnú comhréireachta na gcóras sin a dhéanamh faoina fhreagracht féin, ach amháin i gcás córais intleachta saorga atá beartaithe lena núsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine, lenar cheart a fhoráil maidir le rannpháirtíocht comhlacht a dtugtar fógra dóibh sa mheasúnú comhréireachta, sa mhéid nach mbeidh toirmeasc orthu.

(65)Chun measúnuithe comhréireachta tríú páirtithe a dhéanamh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena núsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a ainmniú faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad le tacar ceanglas, go sonrach maidir leis an neamhspleáchas, an inniúlacht agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

(66)I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil, le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, is iomchuí go ndéanfaí measúnú comhréireachta nua ar chóras intleachta saorga aon uair a tharlaíonn athrú a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais leis an Rialachán seo nó nuair a athraítear an chríoch atá beartaithe don chóras. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse (i.e. déanann siad oiriúnú uathoibríoch ar an mbealach a dhéantar feidhmeanna), is iomchuí rialacha a sholáthar lena leagtar amach nár cheart a mheas gur modhnuithe substaintiúla iad na hathruithe a dhéantar ar an algartam agus a fheidhmíocht a rinne an soláthraí a réamhchinneadh agus a ndearnadh measúnú orthu ag an measúnú comhréireachta.

(67)Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

(68)Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh rochtain thapa ar theicneolaíochtaí nuálacha a bheith ríthábhachtach do shláinte agus sábháilteacht na ndaoine agus na sochaí ina hiomláine. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcás cúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint beatha nó sláinte daoine nádúrtha agus cosaint maoine tionsclaíche agus tráchtálaí, go bhféadfadh na Ballstáit údarú a thabhairt maidir le córais intleachta saorga nach ndearnadh measúnú comhréireachta orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

(69)Chun obair an Choimisiúin agus na mBallstát i réimse na hintleachta saorga a éascú chomh maith leis an trédhearcacht i leith an phobail a mhéadú, ba cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca, cé is moite dóibh siúd a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, a gcóras intleachta saorga ardriosca a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais, bunachar sonraí atá le bunú agus le bainistiú ag an gCoimisiún. Ba cheart an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar an mbunachar sonraí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 . Chun feidhmiúlacht iomlán an bhunachair sonraí a áirithiú, nuair atá sé in úsáid, ba cheart mionsaothrú na sonraíochtaí feidhmiúla ag an gCoimisiún agus ag tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta a áireamh mar chuid den nós imeachta chun an bunachar sonraí a shocrú.

(70)Córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe le hidirghníomhú le daoine nádúrtha nó le hinneachar a ghiniúint, d’fhéadfadh siad rioscaí sonracha a chothú maidir le pearsanú nó meabhlaireacht gan beann ar cé acu a bhfuil siad incháilithe mar ardriosca nó nach bhfuil. In imthosca áirithe, ba cheart, dá bhrí sin, úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir oibleagáidí sonracha trédhearcachta gan dochar do na ceanglais agus na hoibleagáidí le haghaidh córas intleachta saorga ardriosca. Go sonrach, ba cheart a chur in iúl do dhaoine nádúrtha go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin má tá an méid sin soiléir ó imthosca agus comhthéacs na húsáide. Thairis sin, ba cheart a chur in iúl do dhaoine nádúrtha nuair atá siad neamhchosanta ar chóras aitheanta mothúcháin nó ar chóras catagóirithe bhithmhéadraigh. Ba cheart an fhaisnéis agus na fógraí sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Thairis sin, maidir le húsáideoirí a úsáideann córas intleachta saorga chun inneachar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a láimhsiú atá an-chosúil le daoine, áiteanna nó imeachtaí atá ann cheana agus a mbeadh an chuma bhréige air do dhuine go bhfuil sé barántúil, ba cheart dóibh a nochtadh gur cruthaíodh nó gur láimhsíodh an tinneachar go saorga trí aschur na hintleachta saorga a lipéadú dá réir sin agus a thionscnamh saorga a nochtadh.

(71)Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag forbairt go tapa agus lena bhfuil cineálacha nua formhaoirseachta rialála agus spás sábháilte le haghaidh turgnamhaíochta ag teastáil, ach lena náirithítear nuálaíocht fhreagrach agus comhtháthú coimircí iomchuí agus bearta maolaithe riosca. Chun creat dlíthiúil atá fabhrach don nuálaíocht, stóinseach don todhchaí agus athléimneach in aghaidh suaite a áirithiú, ba cheart na húdaráis inniúla náisiúnta ó Bhallstát amháin nó níos mó a spreagadh boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú chun forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga nuálach faoi fhormhaoirseacht rialála dhian a éascú sula gcuirfear na córais sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile.

(72)Ba cheart cuspóirí na mboscaí gainimh rialála a bheith chun nuálaíocht intleachta saorga a chothú trí thimpeallacht rialaithe turgnamhaíochta agus tástála a bhunú ag an gcéim forbartha agus ag an gcéim réamh-mhargaidh d’fhonn comhlíontacht na gcóras intleacht saorga leis an Rialachán seo agus reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais agus na mBallstát a áirithiú; chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú le haghaidh nuálaithe agus formhaoirseacht agus tuiscint na núdarás inniúla ar na deiseanna, na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus tionchair na húsáide intleachta saorga a fheabhsú, agus chun dlús a chur le rochtain ar an margadh, lena náirítear trí dheireadh a chur le bacainní le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta. Chun chur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus barainneacht scála a áirithiú, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir leis na boscaí gainimh rialála a chur chun feidhme agus creat a bhunú maidir le comhar idir na húdaráis ábhartha atá rannpháirteach i maoirseacht na mboscaí gainimh. Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí le sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch eile a úsáid chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679, agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart do rannpháirtithe an bhosca gainimh rialála coimircí iomchuí a áirithiú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla, lena náirítear trína dtreoir a leanúint agus trí ghníomhú go tapa agus de mheon macánta chun aon ardriosca a mhaolú maidir le sábháilteacht nó cearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na forbartha agus na turgnamhaíochta sa bhosca gainimh. Ba cheart iompar na rannpháirtithe sa bhosca gainimh a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag na húdaráis inniúla an ngearrfar fíneáil riaracháin faoi Airteagal 83(2) de Rialachán 2016/679 agus Airteagal 57 de Threoir 2016/680.

(73)Chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, tá sé tábhachtach leasanna na soláthraithe ar mhionscála agus úsáideoirí córas intleachta saorga a chur san áireamh go háirithe. I bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh a fhorbairt atá dírithe ar na hoibreoirí sin, lena náirítear maidir le hardú feasachta agus cumarsáid faisnéise. Thairis sin, cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais na soláthraithe ar mhionscála san áireamh agus táillí measúnaithe comhréireachta á socrú ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh. D’fhéadfadh costais suntasach a bheith i gceist le costais aistriúcháin a bhaineann le doiciméadacht shainordaitheach agus cumarsáid leis na húdaráis, le haghaidh soláthraithe agus oibreoirí eile, eadhon iad siúd ar mhionscála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, más féidir, maidir leis na teangacha a chinnfidh siad agus a ghlacfaidh siad le doiciméadacht ábhartha na soláthraithe agus cumarsáid leis na soláthraithe inti, gur teanga í ceann amháin de na teangacha sin a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi.

(74)Chun na rioscaí maidir le cur chun feidhme mar thoradh ar easpa eolais agus saineolais sa mhargadh a íoslaghdú agus chun comhlíontacht na soláthraithe agus na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh lena noibleagáidí faoin Rialachán seo a éascú, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, do na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus do na Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta arna mbunú ag an gCoimisiún agus na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Laistigh dá misean agus réimsí inniúlachta faoi seach, féadfaidh siad tacaíocht theicniúil agus eolaíoch go háirithe a thabhairt do sholáthraithe agus comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh.

(75)Is iomchuí go néascóidh an Coimisiún, a mhéid agus is féidir, rochtain ar Shaoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta le haghaidh comhlachtaí, grúpaí nó saotharlanna arna mbunú nó arna gcreidiúnú de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais agus a chomhlíonann cúraimí i gcomhthéacs measúnaithe comhréireachta táirgí nó gaireas a chumhdaítear leis an reachtaíocht chomhchuibhithe sin de chuid an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás painéil saineolaithe, sain-saotharlanna agus saotharlanna tagartha i réimse na bhfeistí leighis de bhun Rialachán (AE) 2017/745 agus Rialachán (AE) 2017/746.

(76)Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, ba cheart Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena náirítear tuairimí, moltaí, comhairle nó treoir a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena náirítear maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le ceisteanna áirithe a bhaineann leis an intleacht shaorga.

(77)Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun éifeachtúlacht eagraíochta na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe aonair teagmhála a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart údarás náisiúnta amháin a ainmniú i ngach Ballstát mar údarás maoirseachta náisiúnta.

(78)Chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca taithí a chur san áireamh maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar an bpróiseas deartha agus forbartha nó gur féidir leo aon bheart ceartaitheach a dhéanamh go tráthúil, ba cheart do gach soláthraí córas faireacháin iarmhargaidh a bheith i bhfeidhm aige. Tá an córas sin ríthábhachtach freisin chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla agus níos tráthúla le rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe freisin córas a bheith i bhfeidhm acu chun tuairisciú do na húdaráis ábhartha maidir le haon teagmhas tromchúiseach nó aon sárú ar dhlí náisiúnta nó dlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, atá mar thoradh ar úsáid a gcóras intleachta saorga.

(79)Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás inar gá le haghaidh a sainordaithe, ba cheart d’údaráis náisiúnta phoiblí nó comhlachtaí náisiúnta poiblí, a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena náirítear comhlachtaí comhionannais, rochtain a bheith acu ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo.

(80)Le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cumhdaítear rialachas inmheánach agus rialacha agus ceanglais i dtaca le bainistíocht riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais a rialaítear le linn sholáthar na seirbhísí sin, lena náirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais intleachta saorga. Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na noibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun rialacha agus ceanglais ábhartha reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart na húdaráis atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta seirbhísí airgeadais, lena náirítear an Banc Ceannais Eorpach i gcás inarb infheidhme, a ainmniú mar údaráis inniúla chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhaoirsiú, lena náirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a sholáthraíonn nó a úsáideann institiúidí airgeadais rialáilte faoi mhaoirseacht. Chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , is iomchuí freisin an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe maidir le bainistiú riosca, faireachán iarmhargaidh agus doiciméadacht a chomhtháthú sna hoibleagáidí agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE. Chun forluí a sheachaint, ba cheart maoluithe teoranta a bheartú i ndáil le córas bainistíochta cáilíochta na soláthraithe agus an oibleagáid maidir le faireachán a chuirtear ar úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca sa mhéid go bhfuil feidhm acu ar institiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE.

(81)De thoradh forbairt córas intleachta saorga cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh glacadh níos fairsinge ar intleacht shaorga iontaofa san Aontas. Ba cheart soláthraithe córas intleachta saorga neamh-ardriosca a spreagadh chun cóid iompair a chruthú atá beartaithe chun cur chun feidhme deonach na gceanglas is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chothú. Ba cheart soláthraithe a spreagadh freisin chun ceanglais bhreise a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach, ceanglais a bhaineann le, mar shampla, inbhuaine comhshaoil, inrochtaineacht le haghaidh daoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i ndearadh agus forbairt na gcóras intleachta saorga, agus éagsúlacht na bhfoirne forbartha. D’fhéadfadh an Coimisiún tionscnaimh a fhorbairt, lena náirítear tionscnaimh de chineál earnála, chun laghdú baic theicniúla a éascú, lena gcuirtear isteach ar mhalartú sonraí trasteorann maidir le forbairt intleachta saorga, lena náirítear sonraí maidir le bonneagar rochtana sonraí, idir-inoibritheacht shéimeantach agus theicniúil cineálacha éagsúla sonraí.

(82)Maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí nach meastar a bheith ina nardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chaoi sin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh siad sábháilte, mar sin féin, nuair a chuirtear iad ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, beidh feidhm ag Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 mar líontán sábhála.

(83)Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú.

(84)Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme, lena náirítear trí phionóis éifeachtúla chomhréireacha agus athchomhairleacha ar shárú na bhforálacha sin a leagan síos. I gcás sáruithe sonracha áirithe, ba cheart do na Ballstáit na corrlaigh agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(85)Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na teicnící agus cuir chuige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a leasú chun córais intleachta saorga a shainiú, ba cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II, na córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, na forálacha maidir le doiciméadacht theicniúil a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ábhar an dearbhaithe comhréireachta de chuid an AE in Iarscríbhinn V, na forálacha maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta in Iarscríbhinní VI agus VII agus na forálacha lena mbunaítear na córais intleachta saorga ardriosca ar cheart feidhm ina leith a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú an chórais bainistíochta cáilíochta agus measúnú na doiciméadachta teicniúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 58 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(86)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 .

(87)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(88)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta arna bhunú in Airteagal 85]. Ba cheart an bonneagar a bhaineann leis an rialachas agus an córas um measúnú comhréireachta a bheith i mbun oibríochta roimh an dáta sin, áfach, agus dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus struchtúr rialachais ón ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta – 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis a leagan síos agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, lena náirítear fíneálacha riaracháin, agus a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin chun feidhme go héifeachtach iomchuí faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le pionóis ón [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta – 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(89)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad tuairim uathu an [...]’.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga (‘córais IS’) a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas;

(a)toirmisc ar chleachtais intleachta saorga áirithe;

(b)ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí oibreoirí na gcóras sin;

(c)rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha chun idirghníomhú le daoine nádúrtha, maidir le córais aitheanta mothúcháin agus córais chatagóirithe bhithmhéadraigh, agus córais intleachta saorga a úsáidtear chun ábhar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a láimhsiú;

(d)rialacha maidir le faireachán agus faireachas a dhéanamh ar an margadh.

Airteagal 2
Raon Feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)soláthraithe a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas, is cuma cé acu an bhfuil na soláthraithe sin bunaithe san Aontas nó i dtríú tír;

(b)úsáideoirí córas intleachta saorga atá lonnaithe laistigh den Aontas;

(c)soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an taschur a tháirgtear leis an gcóras;

2.Córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha seo a leanas, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 84 den Rialachán seo maidir leo:

(a)Rialachán (CE) 300/2008;

(b)Rialachán (AE) Uimh. 167/2013;

(c)Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;

(d)Treoir 2014/90/AE;

(e)Treoir (AE) 2016/797;

(f)Rialachán (AE) 2018/858;

(g)Rialachán (AE) 2018/1139;

(h)Rialachán (AE) 2019/2144.

3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga a fhorbraítear nó a úsáidtear go heisiach chun críoch míleata.

4.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina núsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó.

5.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le dliteanas na soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha a leagtar amach i gCaibidil II, Roinn IV de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 [faoi mar atá forálacha comhfhreagracha na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha le cur ina nionad].

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ (córas IS) bogearraí a fhorbraítear de réir ceann amháin nó níos mó de na teicnící agus cur chuige a liostaítear in Iarscríbhinn I, bogearraí is féidir aschuir a ghiniúint amhail ábhar, tuartha, moltaí nó cinntí a imríonn tionchar ar na timpeallachtaí lena nidirghníomhaíonn siad, le haghaidh sraith áirithe cuspóirí arna sainiú ag an duine;

(2)ciallaíonn ‘soláthraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó a bhfuil córas intleachta saorga forbartha aige d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(3)ciallaíonn ‘soláthraí ar mhionscála’ soláthraí is micrifhiontar nó fiontar beag de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún 61 ;

(4)ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige faoina údarás féin, ach amháin i gcás ina núsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;

(5)ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó sholáthraí córais intleachta saorga chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcrích;

(6)ciallaíonn ‘soláthraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe lasmuigh den Aontas air;

(7)ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthraí nó an tallmhaireoir, ar duine é a chuireann córas intleachta saorga ar fáil ar mhargadh an Aontais gan difear a dhéanamh d’airíonna an chórais intleachta saorga;

(8)ciallaíonn ‘oibreoir’ an soláthraí, an túsáideoir, an tionadaí údaraithe, an tallmhaireoir agus an dáileoir;

(9)ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ córas intleachta saorga a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(10)ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar de chóras intleachta saorga lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

(11)ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin ar mhargadh an Aontais chun na críche atá beartaithe dó;

(12)ciallaíonn ‘an chríoch atá beartaithe dó’ an úsáid a beartaigh an soláthraí do chóras intleachta saorga, lena náirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó sna hábhair agus ráitis díolacháin, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil;

(13)ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile;

(14)ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta de tháirge nó de chóras’ comhpháirt de tháirge nó de chóras a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge sin nó don chóras sin nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol;

(15)ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí chun an túsáideoir a chur ar an eolas faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga áirithe agus an úsáid cheart atá beartaithe dó, lena náirítear an suíomh geografach agus bealach iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas IS ardriosca a úsáid;

(16)ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí a thabhairt ar ais don soláthraí;

(17)ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aistarraingt’ aon bheart arb é is aidhm dó dáileadh, taispeántas agus tairiscint córais intleachta saorga a chosc;

(18)ciallaíonn ‘feidhmíocht córais intleachta saorga’ an inniúlacht atá ag córas intleachta saorga an chríoch atá beartaithe dó a bhaint amach;

(19)ciallaíonn ‘an túdarás a thugann fógra’ an túdarás atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu;

(20)ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a fhíorú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo maidir le córas intleachta saorga;

(21)ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe ar chomhréireacht tríú páirtí, lena náirítear tástáil, deimhniúchán agus iniúchadh;

(22)ciallaíonn ‘comhlacht a dtugtar fógra dó’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais;

(23)ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an gcóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse, athrú lena ndéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras IS agus a ndearnadh measúnú air ina leith;

(24)ciallaíonn ‘marcáil comhréireachta CE’ (marcáil CE) marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas IS i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán seo agus le haon reachtaíocht infheidhme eile de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú (‘reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais’) agus lena ndéantar foráil maidir lena ghreamú;

(25)ciallaíonn ‘faireachán iarmhargaidh’ na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soláthraithe córas intleachta saorga, ar gníomhaíochtaí réamhghníomhach iad lena mbailítear agus lena ndéantar athbhreithniú ar thaithí a fhaightear ó úsáid na gcóras intleachta saorga a chuireann siad ar an margadh nó a chuireann siad i mbun seirbhíse d’fhonn a shainaithint an gá aon ghníomhaíocht riachtanach cheartaitheach nó choisctheach a chur i bhfeidhm láithreach;

(26)ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ an túdarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020;

(27)ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 é;

(28)ciallaíonn ‘sonraíochtaí coiteanna’ doiciméad, seachas caighdeán, ina bhfuil réitigh theicniúla lena gcuirtear modh ar fáil chun ceanglais agus oibleagáidí áirithe arna mbunú faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(29)ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnú, lena náirítear ualaí an líonra néaraigh;

(30)ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, i measc nithe eile, d’fhonn ró-oiriúnú a chosc; is féidir leis an tacar sonraí bailíochtaithe a bheith ina thacar sonraí ar leithligh nó ina chuid den tacar sonraí oiliúna, bíodh sin mar scoilt sheasta nó mar scoilt athraitheach;

(31)ciallaíonn ‘sonraí tástála’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus bailíochtaithe chun feidhmíocht ionchasach an chórais sin a dheimhniú sula gcuirtear ar an margadh é nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;

(32)ciallaíonn ‘sonraí ionchuir’ sonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschur;

(33)ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

(34)ciallaíonn ‘córas aitheanta mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a tharraingt as a gcuid sonraí bithmhéadracha;

(35)ciallaíonn ‘córas catagóirithe bhithmhéadraigh’ córas intleachta saorga chun críche daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha, amhail inscne, aois, dath gruaige, dath súile, tatúnna, bunús eitneach nó treoshuíomh gnéasach nó polaitiúil, ar bhonn a sonraí bithmhéadracha;

(36)ciallaíonn ‘cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ córas intleachta saorga chun críche daoine nádúrtha a shainaithint go cianda trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, agus gan eolas roimh ré a bheith ag úsáideoir an chórais intleachta saorga an mbeidh an duine i láthair agus an bhféadfar é a shainaithint;

(37)ciallaíonn ‘cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach. Is éard atá i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta freisin chun teacht timpeall a sheachaint.

(38)ciallaíonn cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘iar-aimseartha’ cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí seachas cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama;

(39)ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil ar a bhfuil rochtain ag an bpobal, gan beann ar choinníollacha áirithe maidir le rochtain a bheith i bhfeidhm;

(40)ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe dlí’:

(a)aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tsláinte phoiblí agus bagairtí don tsláinte phoiblí a chosc; nó

(b)aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag dlí Bhallstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tsláinte phoiblí agus bagairtí don tsláinte phoiblí a chosc;

(41)ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tsláinte phoiblí agus bagairtí don tsláinte phoiblí a chosc;

(42)ciallaíonn ‘údarás maoirseachta náisiúnta’ an túdarás dá sannann Ballstát an fhreagracht as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, as comhordú na ngníomhaíochtaí a chuirtear ar iontaoibh an Bhallstáit sin, gníomhú mar phointe teagmhála aonair don Choimisiún, agus ionadaíocht a dhéanamh ar an mBallstát ar an mBord Eorpach um Intleacht Shaorga;

(43)ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ an túdarás maoirseachta náisiúnta, an túdarás a thugann fógra agus an túdarás um fhaireachas margaidh;

(44)ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ aon teagmhas arb é an toradh atá air, an toradh d’fhéadfaí a bheith air cheana nó a d’fhéadfaí a bheith air amach anseo, go díreach nó go hindíreach, aon cheann acu seo a leanas:

(a)bás duine nó damáiste tromchúiseach do shláinte duine, do mhaoin nó don chomhshaol,

(b)cur isteach tromchúiseach agus do-athraithe ar bhainistíocht agus ar oibriú bonneagair chriticiúil.

Airteagal 4
Leasuithe ar Iarscríbhinn I

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun liosta na dteicnící agus na gcineálacha cur chuige a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú, d’fhonn an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta maidir le forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha ar bhonn saintréithe atá cosúil leis na teicnící agus na cineálacha cur chuige a liostaítear san iarscríbhinn sin.

TEIDEAL II

CLEACHTAIS INTLEACHTA SAORGA A bhFUIL TOIRMEASC ORTHU

Airteagal 5

1.Toirmeascfar ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:

(a)córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a gcuirtear teicnící fothairseachúla in úsáid nach bhfuil fios ag an duine orthu chun iompar an duine a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

(b)córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a naois, ar a míchumas fisiciúil nó meabhrach, d’fhonn iompar duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

(c)maidir le córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid ag údaráis phoiblí nó é sin thar a gceann chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht daoine nádúrtha nó chun é a aicmiú thar thréimhse áirithe ama bunaithe ar a niompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta ar eolas nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;

(ii)cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh nach bhfuil bonn cirt léi nó atá díréireach lena niompraíocht shóisialta lena thromchúis atá sí;

(d)úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:

(i)cuardach spriocdhírithe ar íospartaigh shonracha coireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear leanaí ar iarraidh;

(ii)garbhagairt shonrach shubstaintiúil láithreach ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;

(iii)déantóir ciona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 62 , nó duine atá faoi dhrochamhras ina leith, a bhrath, a logánú, a shainaithint nó a ionchúiseamh, ar cion is inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad agus mar a shainmhínítear i ndlí an Bhallstáit sin.

2.Maidir le cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 pointe d), cuirfear san áireamh na heilimintí seo a leanas:

(a)staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach núsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;

(b)iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na niarmhairtí sin.

Ina theannta sin, maidir le cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 pointe d), comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil leis an úsáid sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta.

3.A mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (d) agus mír 2, maidir le gach úsáid aonair a bhaintear den chianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ chun críoch fhorfheidhmiú an dlí i spásanna atá inrochtana don phobal, beidh an úsáid sin faoi réir údarú roimh ré arna dheonú ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an úsáid le baint as an gcóras, údarú arna eisiúint ar iarraidh réasúnaithe agus i gcomhréir le rialacha mionsonraithe an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4. Mar sin féin, i gcás práinne a bhfuil bonn cirt leis, féadfar tús a chur le húsáid an chórais gan údarú agus ní fhéadfar an túdarú a iarraidh ach le linn nó i ndiaidh na húsáide.

Ní thabharfaidh an t‑údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin an t‑údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, pointe (d), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t‑údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh.

4.Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i míreanna 1, pointe (d), 2 agus 3. Leagfaidh an Ballstát sin síos ina dhlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, pointe (d), lena náirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (iii) de, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu cuspóirí sin agus cé acu cionta sin a fhéadfar na húdaráis inniúla a údarú ina leith chun na córais sin a úsáid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí.

TEIDEAL III

CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA

Caibidil 1

CÓRAS INTLEACHTA SAORGA A AICMIÚ MAR CHÓRAIS ARDRIOSCA

Airteagal 6
Rialacha aicmithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca

1.Gan beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse beag beann ar na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), measfar an córas intleachta saorga sin a bheith ina chóras ardriosca i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)tá an córas intleachta saorga ceaptha lena úsáid mar chomhpháirt sábháilteachta de tháirge, nó is táirge é féin a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)maidir leis an táirge sin ar comhpháirt sábháilteachta de an córas intleachta saorga, nó an córas intleachta saorga ar táirge sábháilteachta é, ceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar an táirge sin d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II.

2.I dteannta na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1, measfar na córais intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina gcórais ardriosca freisin.

Airteagal 7
Leasuithe ar Iarscríbhinn III

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an liosta in Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta trí chórais intleachta saorga ardriosca a chur leis i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)go bhfuil na córais intleachta saorga ceaptha lena núsáid in aon cheann de na réimsí a liostaítear i bpointí 1 go 8 d’Iarscríbhinn III;

(b)go bhfuil baol ann mar gheall ar na córais intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó go nimreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha, atá cothrom leis an mbaol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, i ndáil lena thromchúisí agus a dhóchúla atá an díobháil sin nó an drochthionchar sin.

2.Nuair a dhéantar measúnú chun críocha mhír 1 an bhfuil baol ann mar gheall ar chóras intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht nó go nimreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha, atá cothrom leis an mbaol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;

(b)a mhéid a úsáideadh córas intleachta saorga nó a mhéid is dócha go núsáidfear é;

(c)a mhéid a bhfuil díobháil déanta cheana leis an gcóras intleachta saorga, díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht nó ar imríodh drochthionchar cheana ar na cearta bunúsacha mar gheall ar úsáid córais intleachta saorga nó a mhéid atá an úsáid sin ina cúis le húdair imní thromchúiseacha maidir le teacht ann don díobháil nó drochthionchar sin, faoi mar a léirítear i dtuairiscí nó i líomhaintí doiciméadaithe arna gcur faoi bhráid na núdarás inniúil náisiúnta;

(d)méid na díobhála nó an drochthionchair sin a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ó thaobh dhéine na díobhála sin agus ó thaobh chumas na díobhála sin difear a dhéanamh d’iolrachas daoine;

(e)maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin ag brath ar an toradh a tháirgtear le córas intleachta saorga, go háirithe toisc nach féidir le réasún gan a bheith páirteach sa toradh sin ar chúiseanna praiticiúla nó dlíthiúla;

(f)maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin i staid leochaileach i ndáil le húsáid an chórais intleachta saorga, go háirithe mar gheall ar éagothroime cumhachta, eolais, imthosca eacnamaíocha nó sóisialta, nó aoise;

(g)a mhéid is féidir an toradh a thagann as córas intleachta saorga a mhalartú go héasca, sa chaoi nach measfar torthaí a bhfuil tionchar acu ar shláinte nó ar shábháilteacht daoine a bheith inmhalartaithe go héasca;

(h)i ndáil le reachtaíocht an Aontais atá ann faoi láthair, a mhéid a dhéantar foráil maidir leis an méid a leanas:

(i)bearta éifeachtacha sásaimh i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le córas intleachta saorga agus éilimh ar dhamáistí a eisiamh uathu;

(ii)bearta éifeachtacha chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú go suntasach.

Caibidil 2

ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca

Airteagal 8
Na ceanglais a chomhlíonadh

1.Beidh gach córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear sa Chaibidil seo.

2.An chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca agus don chóras bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9, cuirfear san áireamh iad agus comhlíontacht leis na ceanglais sin á háirithiú.

Airteagal 9
Córas bainistíochta riosca

1.Bunófar córas bainistíochta riosca, cuirfear chur chun feidhme é, déanfar é a dhoiciméadú agus a choimeád ar bun i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.

2.Is é a bheidh sa chóras bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a bheidh á reáchtáil i rith shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas lena néileofar nuashonrú rialta córasach. Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:

(a)sainaithint agus anailís ar na rioscaí ar eolas agus intuartha a bhaineann le gach córas intleachta saorga ardriosca;

(b)meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha;

(c)meastóireacht ar rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61;

(d)bearta bainistíochta riosca oiriúnacha a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha sna míreanna seo a leanas.

3.Leis na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) tabharfar aird chuí ar na héifeachtaí agus ar na hidirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhpháirteach na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2. Cuirfear san áireamh leo staid na teicneolaíochta a nglactar léi i gcoitinne, lena náirítear mar a léirítear i gcaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i sonraíochtaí coiteanna.

4.Fágfaidh na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) go measfar go bhfuil aon riosca iarmharach a bhaineann le gach guais ar leith agus riosca iarmharach foriomlán na gcóras intleachta saorga ardriosca inghlactha, ar choinníoll go núsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha. Cuirfear na rioscaí iarmharacha sin in iúl don úsáideoir.

Agus na bearta bainistíochta riosca is iomchuí á sainaithint, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)díothú nó laghdú rioscaí a mhéid is féidir trí dhearadh agus forbairt leormhaith;

(b)i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme bearta maolaithe agus rialaithe leormhaithe maidir le rioscaí nach féidir a dhíothú;

(c)soláthar faisnéise leormhaithe de bhun Airteagal 13, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rioscaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) den Airteagal seo, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar úsáideoirí.

Agus na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á ndíothú nó á laghdú, tabharfar aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint a mbeidh an t‑úsáideoir agus an timpeallacht ina bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ann.

5.Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a thástáil chun críocha shainaithint na mbearta bainistíochta riosca is iomchuí. Áiritheofar leis an tástáil go bhfeidhmeoidh córais intleachta saorga ardriosca go comhsheasmhach don chríoch atá beartaithe dóibh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo.

6.Beidh nósanna imeachta tástála oiriúnach chun an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga a bhaint amach agus ní gá dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.

7.Déanfar an tástáil ar na córais intleachta saorga ardriosca, de réir mar is iomchuí, tráth ar bith le linn an phróisis forbartha, agus in aon chás, sula gcuirfear ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Déanfar tástáil in aghaidh méadrachtaí a shaineofar roimh ré agus tairseach dóchúil a bheidh iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

8.Agus an córas bainistíochta riosca a dtugtar tuairisc air i mír 1 go mír 7 á chur chun feidhme, tabharfar aird ar leith ar cibé an dócha go mbeidh rochtain ag leanaí ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó an mbeidh tionchar aige orthu.

9.Maidir le hinstitiúidí creidmheasa arna rialú ag Treoir 2013/36/AE, beidh na gnéithe a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 go mír 8 mar chuid de na nósanna imeachta bainistíochta riosca arna mbunú ag na hinstitiúidí sin de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

Airteagal 10
Sonraí agus rialachas sonraí

1.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann úsáid as teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha le sonraí, déanfar iad a fhorbairt ar bhonn tacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5.

2.Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bainistíochta. Bainfidh na cleachtais sin go háirithe leis an méid seo a leanas,

(a)na roghanna ábhartha maidir le dearadh;

(b)bailiú sonraí;

(c)oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí ábhartha, amhail anótáil, lipéadú, glanadh, saibhriú agus comhiomlánú;

(d)toimhdí ábhartha a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha a thomhas agus ionadaíocht a dhéanamh uirthi;

(e)measúnú roimh ré ar infhaighteacht, ar chainníocht agus ar oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;

(f)iniúchadh i bhfianaise claonta a d’fhéadfadh a bheith ann;

(g)aon bhearnaí nó easnaimh sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin.

3.Maidir leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, beidh siad ábhartha ionadaíoch, saor ó earráidí agus iomlán. Beidh na hairíonna staidrimh iomchuí acu, lena náirítear i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid orthu. Féadfar saintréithe na dtacar sonraí sin a chomhlíonadh ar leibhéal na dtacar aonair sonraí nó ar mheascán díobh sin.

4.Maidir leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, cuirfear san áireamh na saintréithe nó eilimintí a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid.

5.Sa mhéid a bhfuil géarghá leis chun faireachán, brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a phróiseáil, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, lena náirítear srianta teicniúla ar bhearta slándála úrscothacha agus ar bhearta cosanta príobháideachais a athúsáid agus a úsáid, amhail bréagainmniú nó criptiú i gcás ina bhféadfadh anaithnidiú difear suntasach a dhéanamh don chuspóir atá leis na córais sin.

6.Beidh feidhm ag cleachtais iomchuí rialachais agus bhainistíochta sonraí maidir le córais intleachta saorga ardriosca a fhorbairt seachas na córais sin a bhaineann leas as teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha chun a áirithiú go gcomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca sin mír 2.

Airteagal 11
Doiciméadacht theicniúil

1.Déanfar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus coinneofar cothrom le dáta í.

Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ar bhealach ina léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo agus cuirfear an fhaisnéis go léir is gá ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí náisiúnta a dtugtar fógraí dóibh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglas sin. Beidh, ar a laghad, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti.

2.Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirge, a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn II maidir leis, i gcás ina gcuirtear ar an margadh é nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, déanfar doiciméadacht theicniúil aonair amháin a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis go léir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar gá chun a áirithiú, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil, go soláthraíonn an doiciméadacht theicniúil an fhaisnéis uile is gá chun comhlíontacht an chórais leis na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo a mheasúnú.

Airteagal 12
Coimeád taifead

1.Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt agus inniúlacht acu maidir le himeachtaí (‘logaí’) a thaifeadadh go huathoibríoch fad atá na córais intleachta saorga ardriosca ag oibriú. Beidh na hacmhainní logála sin i gcomhréir le caighdeáin aitheanta nó le sonraíochtaí coiteanna.

2.Áiritheofar leis na hacmhainní logála leibhéal inrianaitheachta d’fheidhmiú an chórais intleachta saorga feadh a shaolré a bheidh oiriúnach don chuspóir atá beartaithe don chóras.

3.Go sonrach, trí na hacmhainní logála beifear in ann faireachán a dhéanamh ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca maidir le staideanna a d’fhéadfadh bheith ann ina mbeadh baol ann de réir bhrí Airteagal 65(1), nó ina mbeadh modhnú substaintiúil ann, mar gheall ar an gcóras intleachta saorga, agus éascófar an faireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61.

4.Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) d’Iarscríbhinn III, soláthrófar an méid seo a leanas ar a laghad leis na hacmhainní logála:

(a)taifead ar thréimhse gach úsáide den chóras (dáta agus am tosaigh agus dáta deiridh agus am gach úsáide);

(b)an bunachar sonraí tagartha ar seiceáladh na sonraí ionchuir ina leith leis an gcóras;

(c)na sonraí ionchuir ar tháinig meaitseáil ina leith as an gcuardach;

(d)sainaithint na ndaoine nádúrtha a bhfuil baint acu le fíorú na dtorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 14 (5).

Airteagal 13
Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí

1.Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go náiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh úsáideoirí in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus é a úsáid mar is iomchuí. Áiritheofar cineál agus méid iomchuí trédhearcachta d’fhonn comhlíontacht an úsáideora agus an tsoláthraí lena noibleagáidí ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 3 den Teideal seo.

2.Beidh treoracha úsáide ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó ar bhealach eile lena náireofar faisnéis ghonta, iomlán, cheart agus shoiléir a bheidh ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí.

3.Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, sonrófar an méid seo a leanas::

(a)céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora;

(b)saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena náirítear an méid seo a leanas:

(i)an chríoch atá beartaithe dó;

(ii)an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;

(iii)aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha;

(iv)feidhmíocht an chórais a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine a mbeartaítear an córas a úsáid orthu;

(v)nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéis ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna núsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleacht shaorga á cur san áireamh.

(c)na hathruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh, más ann dó;

(d)na bearta formhaoirseachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 14, lena náirítear na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun léirmhíniú na núsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú;

(e)saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena náirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí.

Airteagal 14
Formhaoirseacht dhaonna

1.Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt le huirlisí iomchuí comhéadain duine le meaisín ar bhealach lenar féidir le daoine nádúrtha iad a mhaoirsiú go héifeachtach le linn na tréimhse ina bhfuil an córas intleachta saorga in úsáid.

2.Beidh sé d’aidhm ag an bhformhaoirseacht dhaonna na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chosc nó a íoslaghdú nuair a úsáidtear córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi choinníollacha mí-úsáide atá measartha intuartha, go háirithe nuair a leanann na rioscaí sin de bheith ann d’ainneoin chur i bhfeidhm na gceanglas eile a leagtar amach sa Chaibidil seo.

3.Áiritheofar formhaoirseacht dhaonna trí cheann amháin nó trí gach ceann de na bearta seo a leanas:

(a)bearta arna sainaithint agus arna dtógáil sa chóras intleachta saorga ardriosca ag an soláthraí nuair is indéanta go teicniúil, sula gcuirfear é ar an margadh nó i mbun seirbhíse;

(b)bearta arna sainaithint ag an soláthraí sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é, bearta atá iomchuí don úsáideoir a chur chun feidhme.

4.Trí na bearta dá dtagraítear i mír 3, maidir leis na daoine aonair a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, beidh siad in ann an méid seo a leanas a dhéanamh de réir mar is iomchuí sna himthosca:

(a)tuiscint iomlán a fháil ar inniúlachtaí agus ar theorainneacha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, sa chaoi go mbeifear in ann aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir;

(b)a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (‘claontacht uathoibrithe’), go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil do chinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;

(c)a bheith in ann aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus saintréithe an chórais agus na huirlisí agus na modhanna ateangaireachta atá ar fáil á gcur san áireamh go háirithe;

(d)a bheith in ann a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca nó gan neamhaird a dhéanamh ar aon slí eile, aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a shárú nó a aisiompú;

(e)a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó an córas a idirbhriseadh trí chnaipe “stad” nó trí nós imeachta eile den chineál sin.

5.Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, beidh na bearta dá dtagraítear i mír 3 de chineál a áiritheoidh, ina theannta sin, nach ndéanfaidh an túsáideoir aon ghníomh ná cinneadh ar bhonn an tsainaitheantais a dhéanfar leis an gcóras mura mbeidh sé sin fíoraithe agus dearbhaithe ag beirt daoine nádúrtha ar a laghad.

Airteagal 15
An cruinneas, an stóinseacht agus an chibearshlándáil

1.Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go mbainfidh siad amach, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála, agus go bhfeidhmeoidh siad go comhsheasmhach ar feadh a saolré.

2.Sna treoracha úsáide a ghabhann le córais intleachta saorga ardriosca dearbhófar a leibhéil chruinnis agus a méadrachtaí cruinnis ábhartha.

3.Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach a mhéid a bhaineann le hearráidí, fabhtanna nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh tarlú sa chóras nó sa timpeallacht ina noibríonn an córas, go háirithe mar gheall ar a nidirghníomhú le daoine nádúrtha nó córais eile.

Féadfar stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta teicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.

Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach lena n‑áiritheofar go dtabharfar aghaidh go cuí, le bearta maolaithe iomchuí, ar aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta mar thoradh ar aschuir a úsáidtear mar ionchur le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo (‘lúbanna aischothaithe’).

4.Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach maidir le hiarrachtaí tríú páirtithe a núsáid nó a bhfeidhmíocht a athrú trí theacht i dtír ar leochaileachtaí an chórais.

Maidir leis na réitigh theicniúla atá dírithe ar chibearshlándáil na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, beidh siad iomchuí sna himthosca ábhartha agus do na rioscaí.

Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, i gcás inarb iomchuí, áireofar sna réitigh sin bearta chun ionsaithe atá dírithe ar an tacar sonraí oiliúna a ionramháil (‘nimhiú sonraí’), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail botún mar gheall orthu (‘samplaí sáraíochta’), nó lochtanna na samhla, a chosc agus a rialú.

Caibidil 3

OIBLEAGÁIDÍ SHOLÁTHRAITHE AGUS ÚSÁIDEOIRÍ NA gCÓRAS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA mar aon le páirtithe eile

Airteagal 16
Oibleagáidí sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca

Déanfaidh soláthraí córas intleachta saorga ardriosca an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

(b)córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm lena gcomhlíontar Airteagal 17;

(c)doiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga ardriosca a tharraingt suas;

(d)logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a chóras intleachta saorga ardriosca a choimeád nuair atá siad faoina rialú;

(e)a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a chóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é;

(f)na hoibleagáidí maidir le clárú dtagraítear in Airteagal 51 a chomhlíonadh;

(g)na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh mura bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

(h)údaráis inniúla an Bhallstáit inar chuir sé an córas intleachta saorga ar fáil, nó inar chuir siad é i mbun seirbhíse, agus i gcás inarb iomchuí, an comhlacht a dtugtar fógra dó, a chur ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh;

(i)an mharcáil CE a ghreamú dá chóras intleachta saorga ardriosca chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 49;

(j)arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta, comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo a léiriú.

Airteagal 17
Córas bainistíochta cáilíochta

1.Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena náiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:

(a)straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena náirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar na córais intleachta saorga a bhainistiú;

(b)teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;

(c)teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;

(d)nósanna imeachta iniúchóireachta, scrúdaithe agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;

(e)sonraíochtaí teicniúla, lena náirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina niomláine, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

(f)córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena náirítear bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na gcríoch sin;

(g)an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;

(h)córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 61;

(i)nósanna imeachta a bhaineann le teagmhais thromchúiseacha agus mífheidhmiú a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 62;

(j)cumarsáid le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis inniúla, lena náirítear údaráis earnála, a láimhseáil, trí rochtain a thabhairt ar shonraí nó trí thacú léi, le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;

(k)córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;

(l)bainistiú acmhainní, lena náirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;

(m)creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí na bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo.

2.Beidh cur chun feidhme na ngnéithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le méid eagraíocht an tsoláthraí.

3.I gcás soláthraithe ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid maidir le córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, cuirfear san áireamh aon chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40 den Rialachán seo.

Airteagal 18
An oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas

1.Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11 a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

2.Maidir le soláthraithe ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfaidh siad an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar bun mar chuid den doiciméadacht a bhaineann le rialachas inmheánach, socruithe, próisis agus sásraí de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

Airteagal 19
Measúnú comhréireachta

1.Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a gcórais i gcomhréir le hAirteagal 43 sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. I gcás inar léiríodh comhlíontacht na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo tar éis an mheasúnaithe comhréireachta sin, tarraingeoidh na soláthraithe suas dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 48 agus déanfaidh siad an mharcáil comhréireachta CE a ghreamú de i gcomhréir le hAirteagal 49.

2.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a chuireann soláthraithe ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ar institiúidí creidmheasa iad na soláthraithe sin a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfar an measúnú comhréireachta mar chuid den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 97 go 101 den Treoir sin.

Airteagal 20
Logaí a ghintear go huathoibríoch

1.Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí a ghintear go huathoibríoch lena gcóras intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí. Coimeádfar na logaí ar feadh tréimhse is iomchuí i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca agus i bhfianaise na noibleagáidí dlí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

2.Maidir le soláthraithe ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, coimeádfaidh siad ar bun na logaí a ghintear go huathoibríoch lena gcórais intleachta saorga ardriosca mar chuid den doiciméadacht faoi Airteagal 74 den Treoir sin.

Airteagal 21
Bearta ceartaitheacha

Soláthraithe córas intleachta saorga a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh siad na dáileoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, an t‑ionadaí údaraithe agus na hallmhaireoirí, ar an eolas faoin gcóras intleachta saorga ardriosca dá réir sin.

Airteagal 22
Dualgas maidir le faisnéis

I gcás ina bhfuil riosca ag baint le córas intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1) agus gurb eol do sholáthraí an chórais an riosca sin, cuirfidh an soláthraí sin údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir sé an córas ar fáil ar an eolas, mar aon leis an gcomhlacht a dtugtar fógra dó a d’eisigh deimhniú don chóras intleachta, i gcás inarb iomchuí, go háirithe maidir leis an neamhchomhlíonadh agus maidir le haon bheart ceartaitheach a rinneadh.

Airteagal 23
Comhar le húdaráis inniúla

Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh siad an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údaráis inniúla náisiúnta, tabharfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca rochtain don údarás sin ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí.

Airteagal 24
Oibleagáidí monaróirí an táirge

Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II, roinn A maidir leo, i gcás ina gcuirtear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse in éineacht leis an táirge a mhonaraítear i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla sin agus faoi ainm an mhonaróra táirge, glacfaidh monaróir an táirge freagracht as comhlíontacht an chórais intleachta saorga leis an Rialachán seo, agus a mhéid a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga, forchuirfear leis an Rialachán seo na hoibleagáidí céanna ar an soláthraí.

Airteagal 25
Ionadaithe údaraithe

1.Sula gcuirfí a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, i gcás nach féidir an tallmhaireoir a shainaithint, ainmneoidh soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas, trí shainordú i scríbhinn.

2.Feidhmeoidh an tionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a)cóip den dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 63(7);

(b)ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil d’údarás inniúil náisiúnta chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, lena náirítear rochtain ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí;

(c)comhoibriú le húdaráis náisiúnta inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, maidir le haon bheart a dhéanfaidh na húdaráis sin i ndáil leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin.

Airteagal 26
Oibleagáidí na n
‑allmhaireoirí

1.Sula gcuirfear córas intleachta saorga ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí córais den sórt sin an méid seo a leanas:

(a)gur chuir soláthraí an chórais intleachta saorga sin an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i bhfeidhm

(b)gur tharraing an soláthraí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

(c)go bhfuil an mharcáil chomhréireachta is gá ar an gcóras agus go bhfuil an doiciméadacht agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis.

2.I gcás ina measann allmhaireoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh sé an córas ar an margadh go dtí go mbeidh an córas intleachta saorga sin tugtha chun comhréireachta. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an tallmhaireoir soláthraí an chórais intleachta saorga agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

3.Déanfaidh allmhaireoirí a léiriú sa chóras intleachta saorga, a nainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála, nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó sa doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras.

4.Áiritheoidh allmhaireoirí fad is atá córas intleachta saorga ardriosca faoina bhfreagracht agus i gcás inarb infheidhme, nach gcuirfear comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo i mbaol leis na dálaí stórála nó iompair.

5.Ar iarraidh réasúnaithe cuirfidh allmhaireoirí ar fáil d’údaráis inniúla an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, i dteanga is éasca don údarás inniúil náisiúnta sin a thuiscint, lena náirítear rochtain ar na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí de bhua socrú conarthach leis an úsáideoir nó ar shlí eile de réir an dlí. Comhoibreoidh siad leis na húdaráis sin freisin maidir le haon bheart a dhéanfaidh an túdarás inniúil náisiúnta i ndáil leis an gcóras sin.

Airteagal 27
Oibleagáidí na ndáileoirí

1.Sula gcuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad go bhfuil an mharcáil comhréireachta CE is gá sa chóras, go bhfuil an doiciméadacht agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis, agus gur chomhlíon an soláthraí agus an tallmhaireoir, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.I gcás ina measann dáileoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, ní chuirfidh sé an córas intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh go dtí go mbeidh an córas sin tugtha chun comhréireachta leis na ceanglais sin. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an dáileoir soláthraí nó allmhaireoir an chórais, de réir mar is infheidhme, ar an eolas faoi sin.

3.Áiritheoidh allmhaireoirí fad is atá córas intleachta saorga ardriosca faoina bhfreagracht agus i gcás inarb infheidhme, nach gcuirfear comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo i mbaol leis na dálaí stórála nó iompair.

4.Dáileoir a mheasann, nó a bhfuil cúis aige a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir sé ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, déanfaidh sé na bearta ceartaitheacha is gá chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an soláthraí, an tallmhaireoir nó aon oibreoir ábhartha, de réir mar is iomchuí, na bearta ceartaitheacha sin. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 65(1), cuirfidh an dáileoir údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir sé an táirge ar fáil ar an eolas maidir leis sin, agus tabharfaidh sé tuairisc, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

5.Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann córas ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás inniúil náisiúnta sin freisin maidir le haon bheart a dhéanfaidh an túdarás sin.

Airteagal 28
Oibleagáidí dáileoirí, allmhaireoirí, úsáideoirí nó aon tríú páirtí

1.Measfar gur soláthraí é aon dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)cuireann sé córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(b)modhnaíonn sé an chríoch a beartaíodh do chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana;

(c)déanann sé modhnú substaintiúil ar an gcóras intleachta saorga ardriosca.

2.Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) nó (c), ní mheasfar a thuilleadh gur soláthraí chun críocha an Rialacháin seo é an soláthraí a chuir an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh ar dtús nó i mbun seirbhíse ar dtús.

Airteagal 29
Oibleagáidí úsáideoirí na gcóras intleachta saorga ardriosca

1.Bainfidh úsáideoirí córas intleachta saorga úsáid as na córais sin i gcomhréir leis na treoracha úsáide a ghabhann leo, de bhun mhíreanna 2 agus 5.

2.Tá na hoibleagáidí i mír 1 gan dochar d’oibleagáidí eile úsáideoirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus do rogha an úsáideora a acmhainní féin agus a ghníomhaíochtaí féin a eagrú chun na bearta formhaoirseachta daonna arna gcur in iúl ag an soláthraí a chur chun feidhme.

3.Gan dochar do mhír 1, sa mhéid go bhfeidhmíonn an túsáideoir smacht ar na sonraí ionchuir, áiritheoidh an túsáideoir sin go mbeidh na sonraí ionchuir ábhartha i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.

4.Déanfaidh úsáideoirí faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide. Nuair a bheidh cúiseanna acu chun a mheas go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 65(1) mar thoradh ar an úsáid i gcomhréir leis na treoracha úsáide, cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir ar an eolas agus cuirfidh siad úsáid an chórais ar fionraí. Cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir ar an eolas freisin nuair a shainaithníonn siad aon teagmhas tromchúiseach nó aon mhífheidhmiú de réir bhrí Airteagal 62 agus nuair a idirbhriseann siad úsáid an chórais intleachta saorga. Mura féidir leis an úsáideoir teagmháil a dhéanamh leis an tsoláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 62 mutatis mutandis.

I gcás úsáideoirí ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin a chomhlíonadh.

5.Maidir le húsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú. Coimeádfar na logaí ar feadh tréimhse is iomchuí i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca agus i bhfianaise na noibleagáidí dlí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Maidir le húsáideoirí ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, coimeádfaidh siad ar bun na logaí mar chuid den doiciméadacht theicniúil a bhaineann le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun Airteagal 74 den Treoir sin.

6.Bainfidh úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca úsáid as an bhfaisnéis arna soláthar faoi Airteagal 13 chun a noibleagáid measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680, i gcás inarb infheidhme.

Caibidil 4

NA hÚDARÁIS A THUGANN FÓGRA AGUS NA COMHLACHTAÍ A dTUGTAR FÓGRA DÓIBH

Airteagal 30
Na húdaráis a thugann fógra

1.Ainmneoidh gach Ballstát an túdarás a thugann fógra nó cuirfidh sé é ar bun, beidh an túdarás sin freagrach as na nósanna imeachta is a gá a chur ar bun agus a dhéanamh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu.

2.Féadfaidh na Ballstáit comhlacht creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a ainmniú mar údarás a thugann fógra.

3.Bunófar, eagrófar agus riarfar údarás a thugann fógra ar bhealach chun aon choinbhleacht leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a sheachaint agus chun go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí.

4.Eagrófar údaráis a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú ar na comhlachtaí sin, a dhéanfaidh cinntí a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.

5.Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh na húdaráis a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

6.Déanfaidh na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a choimirciú.

7.Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ag na húdaráis a thugann fógra le húsáid chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart.

8.Áiritheoidh na húdaráis a thugann fógra go ndéanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach, agus go seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar sholáthraithe agus go ndéanfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina noibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga atá i gceist.

Airteagal 31
Iarratas ar fhógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta

1.Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

2.Beidh ag gabháil leis an iarratas ar fhógra tuairisc ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, an modúl nó na modúil mheasúnaithe comhréireachta agus na teicneolaíochtaí intleachta saorga a mhaíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé inniúil ina leith, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena ndearbhaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33. Cuirfear isteach aon doiciméad bailí a bhaineann le hainmniúcháin an chomhlachta is iarratasóir a dtugtar fógra dó faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais.

3.I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglas a leagtar síos in Airteagal 33 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán rialta a dhéanamh air sin. Maidir le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a ainmnítear faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, féadfar gach doiciméad agus deimhniú atá nasctha leis na hainmniúcháin sin a úsáid chun tacú lena nós imeachta ainmniúcháin faoin Rialachán seo, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 32
An nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.

2.Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.Beidh san fhógra sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, an modúil nó modúil um measúnú comhréireachta agus na teicneolaíochtaí intleachta saorga lena mbaineann.

4.Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht a dtugtar fógra dó a dhéanamh ach i gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit eile agóid laistigh d’aon mhí ón uair a thugtar an fógra.

5.Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha ar an bhfógra dá éis sin.

Airteagal 33
Comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh

1.Fíoróidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 43.

2.Comhlíonfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh na ceanglais maidir le heagrúcháin, bainistíocht cáilíochta, acmhainní agus próisis is gá chun na cúraimí sin a chomhlíonadh.

3.Beidh an struchtúr eagrúcháin, leithdháileadh freagrachtaí, na línte tuairiscithe agus oibriú na gcomhlachta a dtugtar fógra dóibh de chineál lena náirithítear go bhfuil muinín i bhfeidhmíocht an chomhlachta a dtugtar fógra dó agus i dtorthaí na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann sé.

4.Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh neamhspleách ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a ndéanann siad gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ina leith. Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh neamhspleách freisin ar aon oibreoir eile a bhfuil leas eacnamaíoch aige sa chóras intleachta saorga ardriosca a ndéantar measúnú air, agus ar aon iomaitheoir de chuid an tsoláthraí chomh maith.

5.Eagrófar agus oibreofar na comhlachtaí dá dtugtar fógra sa chaoi go gcaomhnófar neamhspleáchas, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh struchtúr agus nósanna imeachta a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun neamhchlaontacht a choimirciú agus chun prionsabail na neamhchlaontachta a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta agus ina ngníomhaíochtaí measúnaithe agus i measc a gcuid foirne.

6.Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh lena áirithiú go nurramóidh foirne, coistí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí sin agus aon chomhlacht comhlachais nó foireann de chuid comhlachtaí seachtracha rúndacht na faisnéise a thagann ina seilbh le linn fheidhmiú na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin de réir an dlí. Beidh sé de cheangal ar fhoireann an chomhlachta a dtugtar fógra dó rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích.

7.Beidh ag comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina noibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an teicneolaíocht lena mbaineann.

8.Beidh árachas dliteanais iomchuí ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh le haghaidh a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina nglacann an Ballstát atá i gceist dliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil an Ballstát sin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

9.Beidh sé de chumas ag comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh na cúraimí ar fad a thugtar dóibh faoin Rialachán seo a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil is féidir agus leis an inniúlacht is gá sa réimse sonrach, bíodh na cúraimí sin á ndéanamh ag na comhlachtaí dá dtugtar fógra féin nó thar a gceann agus faoina bhfreagracht.

10.Beidh go leor inniúlachtaí inmheánacha ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh chun gur féidir leo meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar na cúraimí a dhéanann páirtithe seachtracha thar a gceann. Chuige sin, maidir le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál córas intleachta saorga ardriosca ar ina leith a ainmníodh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, beidh foireann leordhóthanach riaracháin, theicniúil agus eolaíoch ar fáil don chomhlacht a dtugtar fógra dó i gcónaí, foireann ag a bhfuil taithí agus eolas a bhaineann leis na teicneolaíochta intleachta saorga, na sonraí agus an ríomhaireacht sonraí ábhartha agus leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo.

11.Beidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38. Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt go díreach in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, nó déanfar ionadaíocht orthu sna heagraíochtaí sin, nó áiritheoidh siad go bhfuil siad ar an eolas faoi na caighdeáin ábhartha agus cothrom le dáta ina leith.

12.Déanfaidh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh an doiciméadacht ábhartha uile, lena náirítear doiciméadacht an tsoláthraí, a chur ar fáil agus a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra dá dtagraítear in Airteagal 30, arna iarraidh sin orthu, ionas go mbeidh sé in ann dul i mbun a ghníomhaíochtaí maidir le measúnú, ainmniú, fógra a thabhairt, faireachán agus faireachas agus chun an measúnú a leagtar amach sa Chaibidil seo a éascú.

Airteagal 34
Fochuideachtaí comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus fochonraitheoireacht ag na comhlachtaí sin

1.I gcás ina ndéanfaidh comhlacht a dtugtar fógra dó cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 33 agus cuirfidh sé an túdarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

2.Glacfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit a mbeidh sé bunaithe.

3.Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón soláthraí.

4.Déanfaidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 35
Uimhir aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo

1.Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh. Sannfaidh sé uimhir aonair fiú i gcás ina dtugtar fógra do chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo, lena náireofar na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina dtaobh, agus cuirfear ar fáil don phobal é. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an liosta cothrom le dáta i gcónaí.

Airteagal 36
Athruithe ar fhógraí

1.I gcás ina bhfuil amhras ar údarás a thugann fógra nó gur cuireadh in iúl dó nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht a dtugtar fógra dó, nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí a thuilleadh, déanfaidh an túdarás sin an tábhar a imscrúdú gan mhoill agus a dhúthracht a chaitheamh leis. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh sé an comhlacht a dtugtar fógra dóibh lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hagóidí a rinneadh agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl. Má thagann an túdarás a thugann fógra ar an gconclúid nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht a dtugtar fógra dó atá faoi imscrúdú nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an túdarás sin an fógra a shrianadh, cuirfidh sé ar fionraí é nó déanfaidh sé é a aistarraingt, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2.I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó aistarraingthe, nó i gcás deireadh a bheith le gníomhaíocht an chomhlachta a dtugtar fógra dó, déanfaidh an túdarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go dtabharfaidh comhlacht eile a dtugtar fógra dó ar láimh comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra a bheidh freagrach arna niarraidh sin dóibh.

Airteagal 37
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh

1.Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, imscrúdú ar gach cás ina bhfuil cúiseanna amhrais ann an gcomhlíonann comhlacht a dtugtar fógra dó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33.

2.Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra gach faisnéis ar fáil don Choimisiún, má iarrtar sin, maidir leis an bhfógra a thug an comhlacht a dtugtar fógra dó lena mbaineann.

3.Áiritheoidh an Coimisiún gur ar mhodh rúin a dhéileálfar leis an bhfaisnéis rúnda uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe de bhua an Airteagail seo.

4.I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht a dtugtar fógra dó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena niarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena náirítear an fógra a aistarraingt más gá. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 38
Comhordú na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh

1.Áiritheoidh an Coimisiún, maidir leis na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go gcuirfear ar bun comhordúchán agus comhar iomchuí idir comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh atá gníomhach i nósanna imeachta um measúnú comhréireachta na gcóras intleachta saorga de bhun an Rialacháin seo agus go noibreofar mar is ceart iad i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí a dtugann siad fógra fúthu rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

Airteagal 39
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta i dtríú tíortha

Maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna mbunú faoi dhlí tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas léi, féadfar na comhlachtaí sin a údarú chun gníomhaíochtaí comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Caibidil 5

CAIGHDEÁIN, MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA, DEIMHNITHE, CLÁRÚ

Airteagal 40
Caighdeáin chomhchuibhithe

Córas intleachta saorga ardriosca atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, sa mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin.

Airteagal 41
Sonraíochtaí coiteanna

1.I gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40 nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach leor na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha imní maidir le sábháilteacht nó le cearta bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

2.Agus na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 á nullmhú aige, gheobhaidh an Coimisiún na tuairimí ó chomhlachtaí ábhartha nó grúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú faoi dhlí earnála ábhartha an Aontais.

3.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin.

4.I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh theicniúla atá coibhéiseach ar a laghad leo.

Airteagal 42
Toimhde comhréireachta le ceanglais áirithe

1.Agus an chríoch atá beartaithe dóibh á cur san áireamh, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá oilte agus tástáilte ar shonraí a bhaineann leis an suíomh sonrach geografach, iompraíochta agus feidhmiúil ina mbeartaítear iad a úsáid, measfar na córais sin a bheith i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 10(4).

2.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cibearshlándáil a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna díobh.

Airteagal 43
Measúnú comhréireachta

1.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, leanfaidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;

(b)an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht a dtugtar fógra dó, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

Más rud é, agus é á léiriú aige go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, nár chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó nár chuir sé i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe sin ach i bpáirt, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Chun críoch an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh a roghnú. Nuair a bheidh sé beartaithe an córas a chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t‑údarás um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 63(5) nó (6), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht a dtugtar fógra dó.

2.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III, leanfaidh soláthraithe an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI, nach ndéantar foráil leis maidir le rannpháirtíocht comhlachta a dtugtar fógra dó. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí creidmheasa ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ar institiúidí creidmheasa iad sin a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfar an measúnú comhréireachta mar chuid den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 97 go 101 den Treoir sin.

3.Maidir le córais intleachta saorga a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn II, roinn A, maidir leo, leanfaidh an soláthraí an measúnú comhréireachta ábhartha de réir mar a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca sin agus beidh siad mar chuid den mheasúnú sin. Beidh feidhm freisin ag pointí 4.3., 4.4., 4.5. agus ag an gcúigiú mír de phointe 4.6 d’Iarscríbhinn VII.

Chun críoch an mheasúnaithe sin, na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh ar tugadh fógra dóibh faoi na gníomhartha dlí sin, beidh siad i dteideal rialú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar chomhlíontacht na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33(4), (9) agus (10) i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi na gníomhartha dlí sin.

I gcás ina ligeann na gníomhartha dlí a liostaítear i roinn A d’Iarscríbhinn II gur féidir le monaróir an táirge roghnú gan a bheith páirteach i measúnú comhréireachta tríú páirtí, ar choinníoll gur chuir an monaróir sin na caighdeáin chomhchuibhithe uile i bhfeidhm lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha uile, ní fhéadfaidh an monaróir sin úsáid a bhaint as an rogha sin ach amháin má tá caighdeáin chomhchuibhithe nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 curtha i bhfeidhm aige freisin, lena gcumhdaítear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo.

4.Cuirfear nós imeachta nua um measúnú comhréireachta i bhfeidhm maidir le córais intleachta saorga ardriosca aon uair a dhéanfar modhnú substaintiúil orthu, gan beann ar an mbeartaítear an córas modhnaithe a dháileadh a thuilleadh nó an leanann an túsáideoir reatha d’úsáid a bhaint as.

Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, ní modhnú substaintiúil a bheidh in athruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht, athruithe arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh agus ar cuid iad den fhaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2(f) d’Iarscríbhinn IV.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn gnéithe de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a thabhairt isteach a mbeidh gá leo i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil.

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun míreanna 1 agus 2 a leasú d’fhonn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III a chur faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII nó codanna de. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin, agus éifeachtacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta á cur san áireamh aige bunaithe ar an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI maidir leis na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht, agus do chosaint na gceart bunúsach a thugtar leis na córais sin, a chosc nó a íoslaghdú chomh maith le hinfhaighteacht inniúlachtaí leordhóthanacha na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh.

Airteagal 44
Deimhnithe

1.Maidir le deimhnithe a eiseoidh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais a shocróidh an Ballstát ina bhfuil an comhlacht a dtugtar fógra dó bunaithe nó i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais atá inghlactha don chomhlacht a dtugtar fógra dó.

2.Beidh deimhnithe bailí feadh na tréimhse a luaitear orthu, tréimhse nach faide ná cúig bliana. Ar iarratas ón soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná cúig bliana, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme.

3.Má chinneann comhlacht a dtugtar fógra dó nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 2 den Teideal seo á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a aistarraingt nó cuirfidh sé aon srian air, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le beart ceartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de spriocdháta a leagtar síos ag an gcomhlacht a dtugtar fógra dó. Tabharfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó na cúiseanna lena chinneadh.

Airteagal 45
Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh ar fáil do pháirtithe a bhfuil leas dlisteanach acu sa chinneadh sin.

Airteagal 46
Oibleagáidí faisnéise ar údaráis a dtugtar fógra dóibh

1.Cuirfidh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)aon deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais, aon fhorlíonadh a ghabhann leis na deimhnithe sin, formheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a eisítear i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

(b)aon diúltú, srianadh, fionraí nó aistarraingt a rinneadh ar dheimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais nó ar fhormheas ar chóras bainistíochta cáilíochta arna eisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;

(c)aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;

(d)aon iarratas ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(e)má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena náirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.Cuirfidh gach comhlacht a dtugtar fógra dó na comhlachtaí eile a dtugtar fógra dóibh ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a)formheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a aistarraing sé, agus, arna iarraidh sin dó, formheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé;

(b)Deimhnithe de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil nó aon fhorlíonadh orthu a dhiúltaigh sé, a aistarraing sé, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile, agus, arna iarraidh sin dó, na deimhnithe agus/nó na forlíontaí orthu a d’eisigh sé.

3.Soláthróidh gach comhlacht a dtugtar fógra dó faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna niarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile a dtugtar fógra dóibh a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na teicneolaíochta intleachta saorga céanna.

Airteagal 47
Maolú ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta

1.De mhaolú ar Airteagal 43, féadfaidh aon údarás um fhaireachas margaidh a údarú córais intleachta saorga ardriosca shonracha a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint beatha agus sláinte daoine, le cosaint an chomhshaoil agus le príomhshócmhainní tionsclaíocha agus bonneagair a chosaint. Is ar feadh tréimhse teoranta ama a bheidh an túdarú sin, fad a bheidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is gá á gcur i gcrích, agus tiocfaidh deireadh leis a luaithe a bheidh na nósanna imeachta sin curtha i gcrích. Tabharfar faoi na nósanna imeachta sin gan moill mhíchuí.

2.Ní eiseofar an túdarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chinneann an túdarás um fhaireachas margaidh go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais Chaibidil 2 den Teideal seo. Tabharfaidh an túdarás um fhaireachas margaidh fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údarú arna eisiúint de bhun mhír 1.

3.Más rud é, laistigh de 15 lá tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le húdarú arna eisiúint ag údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát i gcomhréir le mír 1, measfar bonn cirt a bheith leis an údarú sin.

4.Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne údarú arna eisiúint ag údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an túdarú contrártha le dlí an Aontais nó le conclúid na mBallstát maidir le comhlíontacht an chórais dá dtagraítear i mír 2 a bheith gan bhunús, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát ábhartha gan mhoill; rachfar i gcomhairle leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí lena mbaineann agus beidh an deis acu a dtuairimí a chur in iúl. I bhfianaise an mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an oibreoir nó chuig na hoibreoirí lena mbaineann.

5.Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an údarú, déanfaidh údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann é a aistarraingt.

6.De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá ceaptha lena núsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta feistí, nó ar feistí iad féin iad, a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745 agus le Rialachán (AE) 2017/746, beidh feidhm ag Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2017/745 agus ag Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2017/746 maidir leis an maolú ar an measúnú comhréireachta ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo.

Airteagal 48
Dearbhú comhréireachta AE

1.Déanfaidh an soláthraí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i scríbhinn le haghaidh gach córais intleachta saorga agus coimeádfaidh sé é ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an córas intleachta saorga dá bhfuil sé tarraingthe suas. Tabharfar cóip den dearbhú comhréireachta AE do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha arna iarraidh sin.

2.Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca atá i gceist na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Beidh i ndearbhú comhréireachta AE an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus aistreofar é go dtí teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla de chuid an Aontais a éileoidh an Ballstát nó na Ballstáit ina gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar fáil.

3.I gcás ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe Aontais eile lena néilítear dearbhú comhréireachta AE freisin, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca. Áireofar sa dearbhú an fhaisnéis uile is gá chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a shainaithint lena mbaineann an dearbhú.

4.Trí dhearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, glacfaidh an soláthraí freagracht as comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo. Coinneoidh an soláthraí an dearbhú comhréireachta AE cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun críche ábhar dhearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V a thabhairt cothrom le dáta agus chun eilimintí is gá i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a thabhairt isteach.

Airteagal 49
An mharcáil comhréireachta CE

1.Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach inléite doscriosta maidir le córais intleachta saorga ardriosca. Mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá léi mar gheall ar chineál an chórais intleachta saorga ardriosca, greamófar í den phacáistíocht nó den doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, de réir mar is iomchuí.

2.Beidh an mharcáil CE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.I gcás inarb infheidhme, i ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta a dtugtar fógra dó atá freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43. Cuirfear an uimhir aitheantais in iúl freisin ar aon ábhar fógraíochta ar a luaitear go bhfuil na ceanglais maidir le marcáil CE á gcomhlíonadh ag an gcóras intleachta saorga.

Airteagal 50
Coinneáil doiciméid

Déanfaidh an soláthraí, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, na nithe seo a leanas a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta:

(a)an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11;

(b)an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17;

(c)an doiciméadacht a bhaineann leis na hathruithe arna bhformheas ag na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh i gcás inarb infheidhme;

(d)na cinntí agus na doiciméid eile a d’eisigh na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh i gcás inarb infheidhme;

(e)an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 48.

Airteagal 51
Clárú

Maidir le córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑ionadaí údaraithe, an córas sin i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 60.

TEIDEAL IV

OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA AR CHÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ÁIRITHE

Airteagal 52
Oibleagáidí trédhearcachta ar chórais intleachta saorga áirithe

1.Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a chuirfidh daoine nádúrtha ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó na himthosca agus ó chomhthéacs na húsáide. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna núdarú leis an dlí cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú.

2.Cuirfidh úsáideoirí córais aitheanta mothúcháin nó córais catagóirithe bhithmhéadraigh daoine a nochtar an córas dóibh ar an eolas faoi oibriú an chórais. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, ar córais iad a cheadaítear de réir an dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc agus a imscrúdú.

3.Maidir le húsáideoirí córais intleachta saorga a ghineann nó a chúblálann inneachar íomhá, fuaime nó físe atá cosúil go suntasach le daoine, nithe, áiteanna nó eintitis nó teagmhais eile atá ann cheana agus a bhfeicfear do dhuine go bhfuil sé barántúil nó fírinneach ach go bhfuil sé bréagach (‘domhainbhrionnú’), nochtfaidh na húsáideoirí sin gur gineadh nó gur cúbláladh an tábhar go saorga.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina n‑údaraítear an úsáid le dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó i gcás inar gá sin maidir le feidhmiú an chirt chun saoirse tuairimí a nochtadh agus feidhmiú an chirt maidir saoirse na n‑ealaíon agus na n‑eolaíochtaí a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí tríú páirtithe.

4.Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 agus 3 difear do na ceanglais ná do na hoibleagáidí a leagtar amach i dTeideal III den Rialachán seo.

teideal v

BEARTA CHUN TACÚ LEIS AN NUÁLAÍOCHT

Airteagal 53
Bosca gainimh rialála IS

1.Maidir le gach bosca gainimh rialála IS arna mbunú ag údarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó nó ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, soláthróidh sé timpeallacht rialaithe lena néascaítear forbairt, tástáil agus bailíochtú córas nuálach intleachta saorga ar feadh tréimhse teoranta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad de bhun plean sonrach. Déanfar é sin faoi mhaoirseacht dhíreach agus faoi threoir dhíreach na núdarás inniúil d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus na mBallstát a ndéantar maoirseacht orthu laistigh den bhosca gainimh.

2.Maidir lena mhéid a bhaineann na córais intleachta saorga nuálacha le próiseáil sonraí pearsanta nó go dtagann siad ar shlí eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta eile nó údarás inniúil eile a sholáthraíonn rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baint ag na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí agus ag na húdaráis náisiúnta eile sin le hoibriú an bhosca gainimh rialála IS.

3.Ní dhéanfaidh boscaí gainimh rialála IS difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na núdarás inniúil. Má shainaithnítear aon riosca suntasach don tsláinte agus don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras sin, beidh maolú láithreach ann agus, ina éagmais sin, cuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí go dtí go ndéanfar an maolú sin.

4.Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála IS faoi dhliteanas i gcónaí faoi reachtaíocht dliteanais is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát i leith aon dochair a dhéantar do thríú páirtithe mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar sa bhosca gainimh.

5.Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil boscaí gainimh rialála IS bunaithe acu a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Intleacht Shaorga. Cuirfidh siad tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Bhoird agus an Choimisiúin maidir le torthaí chur chun feidhme na scéime sin, lena náirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena mbunú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais a ndéantar maoirseacht orthu laistigh den bhosca gainimh.

6.Leagfar amach i ngníomhartha cur chun feidhme rialacha mionsonraithe agus coinníollacha oibríochta na mboscaí gainimh rialála IS, lena náirítear na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh, agus cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

Airteagal 54
Próiseáil bhreise sonraí pearsanta chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail sa bhosca gainimh rialála IS

1.Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go dleathach chun críoch eile, déanfar iad a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála chun córais intleachta saorga nuálacha áirithe a fhorbairt agus a thástáil sa bhosca gainimh faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)go bhforbrófar na córais intleachta saorga nuálacha chun leas mór an phobail a choimirciú i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; faoi rialú agus freagracht na núdarás inniúil. Beidh an phróiseáil bunaithe ar dhlí an Bhallstáit nó ar dhlí an Aontais;

(ii)sábháilteacht phoiblí agus sláinte phoiblí, lena náirítear galair a chosc, a rialú agus a chóireáil;

(iii)leibhéal ard coimirce do cháilíocht an chomhshaoil agus leibhéal ard feabhsaithe uirthi;

(b)go bhfuil gá leis na sonraí a phróiseálfar chun ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh i gcás nach féidir na ceanglais sin a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí anaithnide, sintéiseacha nó neamhphearsanta eile a phróiseáil;

(c)go bhfuil sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a aithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta bunúsacha na nábhar sonraí teacht chun cinn le linn thástáil an bhosca gainimh chomh maith leis an sásra freagartha chun na rioscaí sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, deireadh a chur leis an bpróiseáil;

(d)go bhfuil aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh i dtimpeallacht próiseála sonraí atá scartha ó thaobh feidhme, leithlisithe agus cosanta faoi rialú na rannpháirtithe agus nach bhfuil rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;

(e)maidir le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear, nach ndéanfar iad a tharchur, a aistriú ná nach mbeidh rochtain ag páirtithe eile orthu ar bhealach eile;

(f)nach mbeidh bearta ná cinntí a théann i gcion ar na hábhair sonraí ina dtoradh ar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh;

(g)go scriosfar aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhosca gainimh nuair a bheidh deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;

(h)go gcoinneofar logaí próiseála na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ar feadh tréimhse rannpháirtíochta sa bhosca gainimh agus ar feadh tréimhse aon bhliain amháin tar éis a fhoirceannta, chun críche na noibleagáidí cuntasachta agus doiciméadachta faoin Airteagal seo, nó faoi reachtaíocht ábhartha infheidhme eile an Aontais nó na mBallstát a chomhlíonadh, agus chun na críche sin amháin agus fad is gá sin;

(i)go gcoinneofar i dteannta a chéile tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus an bunús le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú an chórais intleachta saorga mar aon le torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil in Iarscríbhinn IV;

(j)go bhfoilseofar ar shuíomh gréasáin na núdarás inniúil achoimre ghearr ar an tionscadal intleachta saorga a forbraíodh sa bhosca gainimh, a chuspóirí agus na torthaí a bhfuil coinne leo.

2.Tá mír 1 gan dochar do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht na mBallstát cé is moite de phróiseáil chun críoch eile seachas na críocha a luaitear go sainráite sa reachtaíocht sin.

Airteagal 55
Bearta maidir le soláthraithe agus úsáideoirí ar mhionscála

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:

(a)rochtain tosaíochta a sholáthar do sholáthraithe ar mhionscála agus do ghnólachtaí nuathionscanta ar bhoscaí gainimh rialála IS sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta;

(b)gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gníomhaíochtaí atá curtha in oiriúint do riachtanais na soláthraithe agus núsáideoirí ar mhionscála;

(c)i gcás inarb iomchuí, bealach tiomnaithe a bhunú le haghaidh cumarsáide le soláthraithe agus úsáideoirí ar mhionscála agus le nuálaithe eile chun treoir a thabhairt agus chun freagairt d’fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar mhionscála san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid agus méid an mhargaidh.

TEIDEAL VI

RIALACHAS

Caibidil 1

An Bord Eorpach um Intleacht Shaorga

Airteagal 56
An Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú

1.Bunaítear ‘an Bord Eorpach um Intleacht Shaorga’ (an Bord).

2.Cuirfidh an Bord comhairle agus cúnamh ar fáil don Choimisiún chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)rannchuidiú le comhar éifeachtach na núdarás maoirseachta náisiúnta agus an Choimisiúin maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(b)comhordú a dhéanamh maidir le agus cur le treoir agus anailís ón gCoimisiún agus ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ó údaráis inniúla eile maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(c)cuidiú leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus leis an gCoimisiún cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 57
Struchtúr an Bhoird

1.Is éard a bheidh sa Bhord na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, a ndéanfaidh ceann an údaráis sin nó oifigeach ardleibhéil coibhéiseach de chuid an údaráis sin ionadaíocht orthu, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Féadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta eile le freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

2.Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta féin trí thromlach simplí a chomhaltaí, tar éis thoiliú an Choimisiúin. Beidh sna rialacha nós imeachta freisin gnéithe oibríochtúla a bhaineann le forghníomhú chúraimí an Bhoird mar a liostaítear iad in Airteagal 58. Féadfaidh an Bord foghrúpaí a bhunú de réir mar is cuí chun ceisteanna sonracha a imscrúdú.

3.Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus lena rialacha nós imeachta. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

4.Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe agus malartú a dhéanamh le tríú páirtithe leasmhara chun iad a chur ar an eolas maidir lena gcuid gníomhaíochtaí a mhéid is iomchuí. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún malartuithe a éascú idir an Bord agus comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 58
Cúraimí an Bhoird

Le linn dó comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gcomhthéacs Airteagal 56(2), déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

(a)saineolas agus dea-chleachtais a bhailiú agus a roinnt idir na Ballstáit;

(b)rannchuidiú le cleachtais riaracháin aonfhoirmeacha sna Ballstáit, lena náirítear le haghaidh feidhmiú na mboscaí gainimh rialála dá dtagraítear in Airteagal 53;

(c)tuairimí, moltaí nó aighneachtaí i scríbhinn a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas

(i)sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2,

(ii)caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid,

(iii)doiciméid treorach a ullmhú, lena náirítear na treoirlínte maidir le fíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 71 a shocrú.

Caibidil 2

údaráis inniúla náisiúnta

Airteagal 59
Ainmniú údarás inniúil náisiúnta

1.Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údaráis inniúla náisiúnta chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Eagrófar údarás inniúil náisiúnta sa chaoi go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí agus cúraimí.

2.Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta náisiúnta as measc na núdarás inniúil náisiúnta. Gníomhóidh an túdarás maoirseachta náisiúnta mar údarás a thugann fógra agus údarás um fhaireachas margaidh ach amháin má tá cúiseanna eagraíochtúla agus riaracháin ag Ballstát le níos mó ná údarás amháin a ainmniú.

3.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nainmniú nó a nainmnithe agus, i gcás inarb infheidhme, faoi na cúiseanna le níos mó ná údarás amháin a ainmniú.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha d’údaráis inniúla náisiúnta chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Go sonrach, beidh líon leordhóthanach foirne ag na húdaráis inniúla náisiúnta a mbeidh fáil buan orthu agus a náireofar ar a ninniúlachtaí agus ar a saineolas tuiscint dhomhain ar theicneolaíochtaí na hintleachta saorga, sonraí agus ríomhaireacht sonraí, cearta bunúsacha, rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht agus ar eolas faoi na caighdeáin agus na ceanglais dlí atá ann faoi láthair.

5.Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le stádas acmhainní airgeadais agus daonna na núdarás inniúil náisiúnta trí mheasúnú ar a leordhóthanacht. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBord lena plé agus le haghaidh moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

6.Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.

7.Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena náirítear treoir agus comhairle a thabhairt do sholáthraithe ar mhionscála. Nuair atá sé beartaithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a thabhairt maidir le córas intleachta saorga i réimsí a chumhdaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta faoin reachtaíocht sin, de réir mar is iomchuí. Thairis sin féadfaidh na Ballstáit pointe teagmhála lárnach amháin a bhunú le haghaidh cumarsáide le hoibreoirí.

8.Nuair a thagann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar an túdarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh orthu.

TEIDEAL VII

BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS LE hAGHAIDH CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA NEAMHSPLEÁCHA

Airteagal 60
Bunachar sonraí an Aontais le haghaidh córais intleachta saorga neamhspleácha

1.I gcomhar leis na Ballstáit cuirfidh an Coimisiún bunachar sonraí an Aontais ar bun, agus déanfaidh sé é a chothabháil, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 51.

2.Cuirfidh soláthraithe na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII isteach i mbunachar sonraí an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus riaracháin ar fáil dóibh.

3.Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis i mbunachar sonraí an Aontais.

4.Ní bheidh sonraí pearsanta i mbunachar sonraí an Aontais ach amháin a mhéid is gá chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an gcóras a chlárú agus a mbeidh an túdarás dlíthiúil acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an tsoláthraí.

5.Is é an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais. Áiritheoidh sé freisin go mbeidh tacaíocht theicniúil agus riaracháin leormhaith ag soláthraithe.

TEIDEAL VIII

FAIREACHÁN IARMHARGAIDH, COMHROINNT FAISNÉISE, FAIREACHAS MARGAIDH

Caibidil 1

Faireachán iarmhargaidh

Airteagal 61
Faireachán iarmhargaidh a dhéanann soláthraithe agus plean faireacháin maidir le córais intleachta saorga ardriosca

1.Bunóidh soláthraithe córas faireacháin iarmhargaidh agus déanfaidh siad é a dhoiciméadú ar bhealach atá comhréireach le cineál na dteicneolaíochtaí intleachta saorga agus leis na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca.

2.Maidir le sonraí ábhartha arna soláthar ag úsáideoirí nó arna mbailiú trí fhoinsí eile maidir le feidhmiú córas intleachta saorga ardriosca ar feadh a saolré, leis an gcóras faireacháin iarmhargaidh déanfar na sonraí a bhailiú, a dhoiciméadú agus a anailísiú go gníomhach agus go córasach agus tríd an gcóras sin is féidir le an soláthraí measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leanúnach na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2.

3.Beidh an córas faireacháin iarmhargaidh bunaithe ar phlean faireacháin iarmhargaidh. Beidh an plean faireacháin iarmhargaidh mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe lena mbunófar teimpléad don phlean faireacháin iarmhargaidh agus liosta na neilimintí atá le cur san áireamh sa phlean.

4.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear leis na gníomhartha dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, i gcás ina bhfuil córas faireacháin iarmhargaidh agus plean bunaithe cheana faoin reachtaíocht sin, déanfar na heilimintí a thuairiscítear i míreanna 1, 2 agus 3 a chomhtháthú sa chóras agus sa phlean sin de réir mar is iomchuí.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí creidmheasa ar an margadh nó i mbun seirbhíse, institiúidí creidmheasa a rialaítear le Treoir 2013/36/AE.

Caibidil 2

Comhroinnt na faisnéise maidir le teagmhais agus mífheidhmiú

Airteagal 62
Teagmhais thromchúiseacha agus mífheidhmiú a thuairisciú

1.Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus i dtaca le haon teagmhas tromchúiseach nó aon mhífheidhmiú maidir leis na córais sin ar sárú é ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha chun cearta bunúsacha a chosaint, tuairisceoidh an soláthraí sin d’údaráis um fhaireachas margaidh sa Bhallstát inar tharla an teagmhas nó an sárú sin.

Déanfar an fógra sin láithreach tar éis don soláthraí nasc cúisíoch a bhunú idir an córas intleachta saorga agus an teagmhas nó an mífheidhmiú nó dóchúlacht réasúnta a bhunú maidir le nasc den sórt sin, agus, in aon chás, déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis do na soláthraithe fáil amach faoin teagmhas tromchúiseach nó faoin mífheidhmiú.

2.Ar fhógra a fháil maidir le sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, cuirfidh an túdarás um fhaireachas margaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 64(3) ar an eolas. Forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun comhlíonadh na noibleagáidí a leagtar amach i mír 1 a éascú. Eiseofar an treoir sin 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí.

3.Maidir le córais ardriosca intleachta saorga dá dtagraítear i bpointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí creidmheasa ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE agus maidir le córais ardriosca intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta feistí iad, nó ar feistí iad féin, a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745 agus le Rialachán (AE) 2017/746, beidh an fógra faoi theagmhais thromchúiseacha nó faoi mhífheidhmiú teoranta dóibh ar sárú iad ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha chun cearta bunúsacha a chosaint.

Caibidil 3

Forfheidhmiú

Airteagal 63
Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga i margadh an Aontais

1.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:

(a)aon tagairt d’oibreoir eacnamaíoch faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sé na hoibreoirí uile a shainaithnítear i dTeideal III, Caibidil 3 den Rialachán seo;

(b)aon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sé gach córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.Tuairisceoidh an túdarás maoirseachta náisiúnta don Choimisiún ar bhonn rialta maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha i ndáil le faireachas margaidh. Tuairisceoidh an túdarás maoirseachta náisiúnta, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le rialacha iomaíochta.

3.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a bhfuil feidhm ag na gníomhartha dlí a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn II maidir leo, is é an túdarás um fhaireachas margaidh a ainmneofar faoi na gníomhartha dlí sin a bheidh ina údarás um fhaireachas margaidh chun críocha an Rialacháin seo.

4.Maidir le córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun i seirbhíse, nó a úsáideann institiúidí airgeadais a rialaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, is é an túdarás um fhaireachas margaidh chun críocha an Rialacháin seo an túdarás ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht airgeadais na ninstitiúidí sin faoin reachtaíocht sin.

5.Maidir le córais intleachta saorga a liostaítear i bpointe 1(a) sa mhéid a úsáidtear na córais sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, i bpointí 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, chun críocha an Rialacháin seo, ainmneoidh na Ballstáit mar údaráis um fhaireachas margaidh na húdaráis mhaoirseachta inniúla um chosaint sonraí faoi Threoir (AE) 2016/680, nó Rialachán 2016/679 nó na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na núdarás forfheidhmithe dlí, na núdarás inimirce nó na núdarás tearmainn a chuireann na córais sin i mbun seirbhíse nó a bhaineann úsáid astu.

6.Más rud é go dtagann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar an túdarás um fhaireachas margaidh.

7.Éascóidh na Ballstáit an comhordú idir údaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear faoin Rialachán seo agus údaráis nó comhlachtaí náisiúnta ábhartha eile a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

Airteagal 64
Rochtain ar shonraí agus ar dhoiciméadacht

1.I gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí, tabharfar rochtain iomlán d’údaráis um fhaireachas margaidh ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideann an soláthraí, lena náirítear trí chomhéadain feidhmchlár (API) nó trí mhodhanna agus uirlisí iomchuí eile lenar féidir rochtain cianda a thabhairt.

2.I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar chód foinseach an chórais intleachta saorga.

3.Maidir le húdaráis phoiblí náisiúnta nó comhlachtaí náisiúnta a dhéanann maoirseacht nó forfheidhmiú ar urramú na noibleagáidí faoi dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha i ndáil le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, beidh sé de chumhacht acu aon doiciméadacht arna cruthú nó arna coimeád ar bun faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair atá gá leis sin chun na hinniúlachtaí faoina sainordú a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha a ndlínse. Cuirfidh an túdarás poiblí nó an comhlacht poiblí ábhartha an túdarás um fhaireachas margaidh sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

4.Faoi 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint agus cuirfidh sé liosta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an údaráis maoirseachta náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin liosta sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go léir agus coinneoidh siad an liosta cothrom le dáta.

5.I gcás nach leor an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 3 chun a fháil amach ar tharla sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, féadfaidh an túdarás poiblí nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 3 iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis um fhaireachas margaidh chun tástáil an chórais intleachta saorga ardriosca a eagrú trí mhodhanna teicniúla. Eagróidh an túdarás um fhaireachas margaidh an tástáil trí dhlúthbhaint leis an údarás poiblí iarrthach nó leis an gcomhlacht poiblí iarrthach laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis na hiarrata.

6.Aon fhaisnéis agus aon doiciméadacht a gheobhaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 de bhun fhorálacha an Airteagail seo, déileálfar léi sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 70.

Airteagal 65
An nós imeachta um déileáil le córais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta

1.Maidir le córais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo, tuigfear iad a bheith mar tháirge a bhfuil riosca ag baint leis mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19 de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann le rioscaí don tsláinte nó don tsábháilteacht nó do chosaint cearta bunúsacha daoine.

2.I gcás ina mbeidh cúiseanna leormhaithe ag an údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát lena mheas go bhfuil riosca dá dtagraítear i mír 1 ag baint le córas intleachta saorga, déanfaidh siad meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann maidir le comhlíonadh na gceanglas agus na noibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Nuair a bhíonn rioscaí ann do chosaint na gceart bunúsach, cuirfidh an túdarás um fhaireachas margaidh na húdaráis nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 64(3) ar an eolas freisin. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus leis na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 64(3).

Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t‑údarás um fhaireachas margaidh nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé gan mhoill ar an soláthraí gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, nó chun é a aistarraingt ón margadh, nó chun é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhéadfaidh sé a fhorordú.

Cuirfidh an t‑údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha a dtugtar fógra dó ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír.

3.I gcás ina measann an túdarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir a dhéanamh.

4.Áiritheoidh an toibreoir go ndéantar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na gcóras intleachta saorga uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

5.I gcás nach ndéanfaidh soláthraí córais intleachta saorga beart ceartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an túdarás um faireachas margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an córas intleachta saorga a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta sin, chun an táirge a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm. Cuirfidh túdarás sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi na bearta sin.

6.San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga, an cineál neamhchomhlíontachta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an toibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)nár chomhlíon córas intleachta saorga na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2;

(b)go raibh easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 lena mbronntar toimhde comhréireachta.

7.Maidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstát nach iad an túdarás um fhaireachas margaidh sa Bhallstáit atá ag tionscnamh an nós imeachta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach naontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina nagóidí.

8.Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.

9.Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i ngach Ballstát go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge lena mbaineann, amhail an táirge a aistarraingt óna margadh gan mhoill.

Airteagal 66
Nós imeachta coimirce an Aontais

1.Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 65(5) a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an beart contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta sin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 65(5) a fháil agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

2.I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3.I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gceanglaítear neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga le heasnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

Airteagal 67
Córais intleachta saorga chomhlíontacha a bhfuil riosca ag baint leo

1.Más rud é, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 65, go gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit, cé go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil riosca ag baint leis do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh na noibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha nó gnéithe eile de leas an phobail a chosaint, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é nó nuair a chuirfear i mbun seirbhíse é, chun an córas intleachta saorga a aistarraingt nó a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca, de réir mar a fhéadfaidh sé a fhorordú.

2.Áiritheoidh an soláthraí nó na hoibreoirí ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na córais intleachta saorga ar fad lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

3.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an córas intleachta saorga lena mbaineann, áit tionscnamh agus slabhra soláthair an chórais intleachta saorga, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

4.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar maith leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

5.Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit.

Airteagal 68
Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.I gcás ina ndéanann údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát aon cheann de na cinntí seo a leanas, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)gur sárú é ar Airteagal 49 an mharcáil chomhréireachta a ghreamú;

(b)nár greamaíodh an mharcáil chomhréireachta;

(c)nár tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE;

(d)nár tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE;

(e)nár greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta a dtugtar fógra dó atá bainteach leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, i gcás inarb infheidhme;

2.I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun an córas intleachta saorga a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a aistarraingt ón margadh.

TEIDEAL IX

CÓID IOMPAIR

Airteagal 69
Cóid iompair

1.Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú agus atá ceaptha chun cur i bhfeidhm deonach na gceanglas a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chothú maidir le córais intleachta saorga, seachas córais intleachta saorga ardriosca, ar bhonn sonraíochtaí teicniúla agus réiteach atá iomchuí chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú i bhfianaise chuspóir beartaithe na gcóras.

2.Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú chun cur i bhfeidhm deonach na gceanglas maidir le córais intleachta saorga a chothú, ceanglais a bhaineann mar shampla le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara i ndearadh agus i bhforbairt na gcóras intleachta saorga agus éagsúlacht na bhfoirne forbartha ar bhonn cuspóirí soiléire agus príomhtháscairí feidhmíochta chun gnóthú na gcuspóirí sin a thomhas.

3.Féadfaidh soláthraithe aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena náirítear i dteannta rannpháirtíocht úsáideoirí agus aon pháirtí leasmhar agus a eagraíocht ionadaíoch. Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht chuspóir beartaithe na gcóras ábhartha.

4.Cuirfidh an Coimisiún agus an Bord leasanna agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar mhionscála agus na ngnólachtaí nuathionscanta san áireamh nuair atá tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á éascú acu.

TEIDEAL X

RÚNDACHT AGUS PIONÓIS

Airteagal 70
Rúndacht

1.Maidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh atá bainteach le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena náirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2016/943 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach.

(b)cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críocha cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí, (c); leas an phobail agus leas náisiúnta;

(c)sláine imeachtaí coiriúla nó riaracháin.

2.Gan dochar do mhír 1, maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúnta tionscnaimh agus leis an úsáideoir nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe an dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, nuair a chuirfeadh nochtadh den sórt sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol.

Maidir le húdaráis forfheidhmithe an dlí, na húdaráis inimirce agus na húdaráis tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, i bpointe 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n‑údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 63(5) agus (6), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip de a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis um fhaireachas margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip de.

3.Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

4.I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith imréitigh slándála.

Airteagal 71
Pionóis

1.I gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis, lena náirítear fíneálacha riaracháin, is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad mar is cuí agus go héifeachtach. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh siad san áireamh go sonrach leas agus inmharthanacht eacnamaíoch na soláthraithe ar mhionscála agus na ngnólachtaí nuathionscanta.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

3.Beidh na sáruithe seo a leanas faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 30 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 6 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10.

4.Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 10, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 20 000 000 nó, más cuideachta é an ciontóir, faoi réir fíneála suas le 4 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

5.Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus d’údaráis inniúla náisiúnta mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000, nó, más cuideachta an é ciontóir, faoi réir fíneála suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

6.Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

(b)ar chuir údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna.

(c)méid agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;

7.Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

8.Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla de chuid comhlachtaí eile na fíneálacha de réir mar is infheidhme sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.

Airteagal 72
Fíneálacha riaracháin ar institiúidí, gníomhaireachta agus comhlachtaí an
Aontais

1.Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

(b)an comhoibriú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena náirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, ghníomhaireacht nó chomhlacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;

(c)aon sárú den chineál céanna a rinne institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht an Aontais roimhe;

2.Beidh na sáruithe seo a leanas faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 500 000:

(a)neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10.

3.Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 10, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 250 000.

4.Sula ndéantar cinneadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí deis d’institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht an Aontais is ábhar do na himeachtaí atá á riar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí éisteacht a fháil ar na nithe a bhfuil agóid ardaithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ina leith. Ní bhunóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chinntí ar aon ní ach amháin ar na heilimintí agus imthosca a raibh ar chumas na bpáirtithe lena mbaineann tuairim a thabhairt ina leith. Beidh dlúthbhaint ag na gearánaigh, más ann dóibh, leis na himeachtaí.

5.Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na nimeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, faoi réir leas dlisteanach daoine aonair nó gnólachtaí maidir lena gcuid sonraí pearsanta nó a gcuid rúin ghnó a chosaint.

6.Beidh cistí a bhailítear trí fhíneálacha a ghearradh faoin Airteagal seo ina ioncam de chuid bhuiséad ginearálta an Aontais.

TEIDEAL XI

TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 73
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 7(1), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6) agus Airteagal 48(5) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ó [theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 7(1), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6) agus Airteagal 48(5) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4, Airteagal 7(1), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6) agus Airteagal 48(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 74
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL XII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 75
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 300/2008

In Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) 300/2008, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Agus bearta mionsonraithe á nglacadh a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta chun trealamh slándála i ndáil le córais intleachta saorga a cheadú agus a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2, Teideal III den Rialachán sin san áireamh.’

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’

Airteagal 76
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013

In Airteagal 17 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin san áireamh.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’

Airteagal 77
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013

In Airteagal 22 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX maidir leis [an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin san áireamh.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’

Airteagal 78
Leasú ar Threoir 2014/90/AE

In Airteagal 8 de Threoir 2014/90/AE, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4. Maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an Intleacht Shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus a ghníomhaíochtaí á ndéanamh aige de bhun mhír 1 agus le linn dó sonraíochtaí teicniúla agus caighdeáin tástála a ghlacadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’.

Airteagal 79
Leasú ar Threoir (AE) 2016/797

In Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘12. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 11 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin san áireamh.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’.

Airteagal 80
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/858

In Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/858, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 3 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin san áireamh.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’.

Airteagal 81
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:

(1) In Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin san áireamh.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’

(2) In Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga], cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin.’

(3) In Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4. Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga], cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin.’

(4) In Airteagal 47, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga], cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin.’

(5) In Airteagal 57, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga], cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin.’

(6) In Airteagal 58, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga], cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin.’.

Airteagal 82
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144

In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2144, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3. Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 2 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 den Rialachán sin san áireamh.

__________

* Rialachán (AE) BBBB/XX [maidir leis an intleacht shaorga] (IO...).’.

Airteagal 83
Córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin

1.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais TF mhórscála arna mbunú leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse roimh [12 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)], mura rud é go mbeidh athrú suntasach ar dhearadh an chórais intleachta saorga nó na gcóras intleachta saorga lena mbaineann, nó ar an gcríoch atá beartaithe dóibh.

Cuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo san áireamh, i gcás inarb infheidhme, sa mheastóireacht ar gach córas mórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus atá le cur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sna gníomhartha sin faoi seach.

2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, seachas na córais dá dtagraítear i mír 1, a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)], más rud é, ón dáta sin ar aghaidh, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha maidir lena ndearadh nó leis an gcríoch atá beartaithe dóibh.

Airteagal 84
Meastóireacht agus athbhreithniú

1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an liosta atá in Iarscríbhinn III uair sa bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.Faoin [trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dtagraítear in Airteagal 85(2)], agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

3.Sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, tabharfar aird shonrach ar an méid seo a leanas:

(a)stádas acmhainní airgeadais agus daonna na núdarás inniúil náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;

(b)staid na bpionós, agus go háirithe, staid na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 71(1), arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo.

4.Laistigh de [thrí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 85(2)] agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht na gcód iompair chun cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chothú, mar aon le ceanglais bhreise eile maidir le córais intleachta saorga, más féidir, seachas córais intleachta saorga ardriosca.

5.Chun críoch mhíreanna 1 go 4, cuirfidh an Bord, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ar fáil don Choimisiún ar iarraidh sin dó.

6.I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na nathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na cinntí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile chomh maith.

7.Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí d’fhonn an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe forbairtí maidir leis an teicneolaíocht agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.

Airteagal 85
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

3.De mhaolú ar mhír 2:

(a)Beidh feidhm ag Teideal III, Caibidil 4 agus Teideal VI ón [trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(b)Beidh feidhm ag Airteagal 71 ón [dáta dhá mhí dhéag tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2. Cuspóirí sonracha

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4. Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2. Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4. Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5 Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6. Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1. An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2. Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3. Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena Leagtar Síos Rialacha Comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena Leasaítear Gníomhartha Áirithe Reachtacha de chuid an Aontais

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Na Líonraí Cumarsáide, an tÁbhar Digiteach agus an Teicneolaíocht;

An Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide;

Baineann an tionchar buiséadach leis na cúraimí nua a thugtar don Choimisiún, lena n‑áirítear na cúraimí maidir le tacaíocht don Bhord Eorpach um Intleacht Shaorga;

Gníomhaíocht: Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 64  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an idirghníomhaithe dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú trí na coinníollacha a chruthú le haghaidh fhorbairt agus úsáid na hintleachta saorga iontaofa san Aontas.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

Ceanglais a bhaineann go sonrach le córais intleachta saorga agus oibleagáidí comhréireacha maidir le rannpháirtithe uile luachshlabhra a shocrú chun a áirithiú go mbeidh na córais intleachta saorga a chuirtear ar mhargadh an Aontais sábháilte agus go n‑urramófar an dlí atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais;

Cuspóir Sonrach Uimh. 2

Deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chun infheistíocht agus nuálaíocht in intleacht shaorga a éascú trína soiléiriú cad iad na ceanglais, na hoibleagáidí, chomh maith leis na nósanna imeachta comhréireachta agus comhlíontachta nach mór a leanúint chun córais intleachta saorga a chur ar mhargadh an Aontais nó a úsáid sa mhargadh sin;

Cuspóir Sonrach Uimh. 3

Rialachas agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí atá ann cheana a fheabhsú maidir le cearta bunúsacha agus ceanglais sábháilteachta is infheidhme ar chórais intleachta saorga trí chumhachtaí, acmhainní agus rialacha soiléire nua a sholáthar le haghaidh údaráis ábhartha i ndáil le measúnú comhréireachta agus nósanna imeachta faireacháin ex post agus an leithroinnt cúraimí rialachais agus maoirseachta idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais;

Cuspóir Sonrach Uimh. 4

Forbairt an mhargaidh aonair a éascú le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga dhleathacha shábháilte iontaofa agus ilroinnt sa mhargadh a sheachaint trí ghníomhaíocht an Aontais chun íoscheanglais a shocrú maidir le córais intleachta saorga atá le cur ar mhargadh an Aontais nó atá le húsáid sa mhargadh sin i gcomhréir leis an dlí atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha agus sábháilteacht.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Ba cheart do sholáthraithe intleachta saorga tairbhiú de thacar íoscheanglas soiléir, lena gcruthaítear deimhneacht dhlíthiúil agus lena n‑áirithítear rochtain ar an margadh aonair iomlán.

Ba cheart d’úsáideoirí intleachta saorga tairbhiú den deimhneacht dhlíthiúil go bhfuil na córais intleachta saorga ardriosca a cheannaíonn siad i gcomhréir le dlíthe agus luachanna Eorpacha.

Ba cheart do thomhaltóirí tairbhiú tríd an riosca a laghdú go ndéanfaí sárú ar a sábháilteacht nó ar a gcearta bunúsacha.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscaire 1

Líon na dteagmhas tromchúiseach nó na bhfeidhmíochtaí intleachta saorga ar teagmhas tromchúiseach iad nó ar sárú iad ar na hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha (leath-bhliantúil) de réir raon feidhme agus arna ríomh a) i ndearbhthéarmaí, b) mar sciar d’fheidhmchláir arna gcur in úsáid agus c) mar sciar de shaoránaigh lena mbaineann.

Táscaire 2

a) Infheistíocht iomlán in intleacht shaorga san Aontas Eorpach (bliantúil)

b) Infheistíocht iomlán in intleacht shaorga ag Ballstát (bliantúil)

c) Sciar cuideachtaí a úsáideann an intleacht shaorga (bliantúil)

d) Sciar FBManna a úsáideann an intleacht shaorga (bliantúil)

Déanfar a) agus b) a ríomh bunaithe ar fhoinsí oifigiúla agus a thagarmharcáil in aghaidh meastacháin phríobháideacha

Baileofar c) agus d) trí ghnáthshuirbhéanna cuideachta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ba cheart an Rialachán a bheith infheidhme go hiomlán aon bhliain go leith tar éis a ghlactha. Ba cheart, áfach, eilimintí den struchtúr rialachais a bheith i bhfeidhm roimhe sin. Go sonrach, beidh údaráis atá ann cheana féin ainmnithe ag na Ballstáit agus/nó údaráis nua bunaithe chun na cúraimí a leagtar amach níos luaithe sa reachtaíocht a dhéanamh, agus ba cheart an Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bheith bunaithe agus éifeachtach. Faoi thráth na hinfheidhmeachta, ba cheart an bunachar sonraí Eorpach maidir le córais intleachta saorga a bheith go hiomlán feidhmiúil. I gcomhthreo leis an bpróiseas glactha, is gá, dá bhrí sin, an bunachar sonraí a fhorbairt, ionas go mbeidh deireadh lena fhorbairt faoin am a thiocfaidh an rialachán i bhfeidhm.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Leis an gcreat bearnach de rialacha náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith éagsúil atá ag teacht chun cinn, cuirfear bac ar sholáthar rianúil na gcóras intleachta saorga ar fud an Aontais agus ní bheidh an creat éifeachtach maidir le sábháilteacht agus cosaint na gcearta bunúsacha agus luachanna an Aontais a áirithiú sna Ballstáit éagsúla. Le comhghníomhaíocht reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh maidir leis an intleacht shaorga, d’fhéadfaí borradh a chur faoin margadh inmheánach agus bheadh an poitéinseal ann buntáiste iomaíoch a thabhairt do thionscal na hEorpa ar an ardán domhanda agus barainneacht scála a sholáthar nach féidir leis na Ballstáit aonair a bhaint amach astu féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Soláthraítear le Treoir 2000/31/CE maidir le Ríomhthráchtáil an croíchreat d’fheidhmiú an mhargaidh aonair agus do mhaoirseacht seirbhísí digiteacha agus socraíonn sí bunstruchtúr le haghaidh sásra comhair ginearálta i measc na mBallstát, ina gcumhdaítear i bprionsabal na ceanglais go léir a bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí digiteacha. Léiríodh sa mheastóireacht ar an Treoir go raibh easnaimh i roinnt gnéithe den sásra comhair sin, lena n‑áirítear gnéithe tábhachtacha nós imeachta amhail easpa achair ama soiléire le haghaidh freagraí ó na Ballstáit chomh maith le heaspa sofhreagrachta i gcoitinne d’iarrataí óna gcontrapháirtithe. Dá bharr sin, thar na blianta cruthaíodh easpa muiníne idir na Ballstáit maidir le dul i ngleic le himní faoi sholáthraithe a thairgeann seirbhísí digiteacha trasteorann. Léiríodh sa mheastóireacht ar an Treoir go bhfuil gá tacar rialacha agus ceanglas difreáilte a shainmhíniú ar leibhéal Eorpach. Ar an gcúis sin, bheadh gá le sásra comhair sonrach ar leibhéal an Aontais le haghaidh fhorfheidhmiú na n‑oibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo, le struchtúr rialachais chun comhordú ar na comhlachtaí freagracha sonracha ar leibhéal an Aontais a áirithiú.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Leis an Rialachán lena Leagtar Síos Rialacha Comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga agus lena Leasaítear Gníomhartha Áirithe Reachtacha de chuid an Aontais, sainmhínítear creat comhchoiteann nua i dtaca leis an ceanglais is infheidhme maidir le córais intleachta saorga, atá i bhfad níos cuimsithí ná an creat a sholáthraítear le reachtaíocht atá ann cheana. Ar an gcúis sin, ní mór feidhm rialála agus chomhordúcháin nua Eorpach a bhunú leis an togra seo.

A mhéid a bhaineann le sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile, na húdaráis náisiúnta a bhfuil feidhmeanna comhchosúla á gcomhlíonadh acu faoi rialacháin eile de chuid an Aontais Eorpaigh, féadfaidh siad an ról a ghlacadh maidir le fógra a thabhairt d’údaráis ar an leibhéal náisiúnta.

Thairis sin, trí mhuinín a mhéadú in intleacht shaorga agus dá réir sin infheistíocht a spreagadh i bhforbairt agus glacadh na hintleachta saorga, comhlánaítear an clár don Eoraip Dhigiteach, arb é leathadh na hintleachta saorga a chur chun cinn ceann de na cúig thosaíocht atá ann.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Déanfar na hoibrithe foirne a ath-imlonnú. Tacófar leis na costais eile as imchlúdach an chláir don Eoraip Dhigiteach, ós rud é go gcuireann cuspóir an rialacháin – intleacht shaorga iontaofa a áirithiú – go díreach le ceann de phríomhchuspóirí an chláir don Eoraip Dhigiteach – dlús a chur le forbairt agus cur in úsáid na hintleachta saorga san Eoraip.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

X tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB (le deimhniú),

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 65  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar an Rialachán a athbhreithniú agus a mheas 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin. Tuairisceoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Leis an rialachán bunaítear beartas nua a mhéid a bhaineann le rialacha comhchuibhithe maidir le soláthar córas intleachta saorga sa mhargadh inmheánach agus urraim a áirithiú don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha. Leis na rialacha nua sin, tá gá le sásra comhsheasmhachta le haghaidh chur i bhfeidhm trasteorann na n‑oibleagáidí faoin Rialachán, i bhfoirm grúpa comhairleach nua a chomhordóidh gníomhaíochtaí na n‑údarás náisiúnta.

Chun aghaidh a thabhairt ar na cúraimí nua sin, is gá acmhainní iomchuí a sholáthar do sheirbhísí an Choimisiúin. Meastar go n‑éileoidh forfheidhmiú an Rialacháin nua 10 FTE in aghaidh an chórais (5 FTE chun tacú le gníomhaíochtaí an Bhoird agus 5 FTE le haghaidh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ag gníomhú mar chomhlacht a dtugtar fógra dó le haghaidh córais intleachta saorga arna gcur in úsáid ag comhlacht de chuid an Aontais).

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Chun a áirithiú go mbeidh an deis ag comhaltaí an Bhoird anailís eolach a dhéanamh ar bhonn fianaise fíorasach, foráiltear gur cheart do struchtúr riaracháin an Choimisiúin tacú leis an mBord agus gur cheart grúpa saineolaithe a bhunú chun saineolas breise a chur ar fáil nuair is gá.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Maidir leis an gcaiteachas a bhaineann le cruinnithe, de bharr an luacha ísil in aghaidh an idirbhirt (e.g. aisíocaíocht ar chostais taistil toscaire le haghaidh cruinniú), mheasfaí gur leor gnáthnósanna imeachta um rialú. Maidir leis an mbunachar sonraí a fhorbairt, tá córas láidir rialaithe inmheánach i bhfeidhm ag Ard-Stiúrthóireacht CNECT i dtaca le sannadh conarthaí trí ghníomhaíochtaí soláthair láraithe.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Leis na bearta coiscthe calaoise is infheidhme don Choimisiún atá ann cheana, cumhdófar aon leithreasú breise is gá maidir leis an Rialachán seo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 66 .

ó thíortha de chuid CSTE 67

ó thíortha is iarrthóirí 68

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

7

20 02 06 Caiteachas riaracháin

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

1

02 04 03 DEP maidir leis an Intleacht Shaorga

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

1

02 01 30 01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh an chláir don Eoraip Dhigiteach

Neamhdhifreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

1

Ard-Stiúrthóireacht: CNECT

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 69

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 70 02 04 03

Gealltanais

(1a)

1.000

1.000

Íocaíochtaí

(2a)

0.600

0.100

0.100

0.100

0.100

1.000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 71  

Líne bhuiséid 02 01 30 01

(3)

0.240

0.240

0.240

0.240

0.240

1.200

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht CNECT

Gealltanais

=1a+1b +3

1.240

0.240

0.240

0.240

2.200

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0.840

0.340

0.340

0.340

0.340

2.200

 



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1.000

1.000

Íocaíochtaí

(5)

0.600

0.100

0.100

0.100

0.100

1.000

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

0.240

0.240

0.240

0.240

0.240

1.200

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

1.240

0.240

0.240

.0.240

0.240

2.200

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.840

0.340

0.340

0.340

0.340

2.200

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 2027

Tar éis 2027 72

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: CNECT

• Acmhainní daonna

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

3.800

• Caiteachas riaracháin eile

0.010

0.010

0.010

0.010

0.010

0.010

0.050

IOMLÁN AS CNECT

Leithreasuithe

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

3.850

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

• Acmhainní daonna

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

3.800

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN MECS

Leithreasuithe

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

0.760

3.800

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.530

1.530

1.530

1.530

1.530

1.530

7.650

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 2026

Bliain 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

2.770

1.770

1.770

1.770

1.770

9.850

Íocaíochtaí

2.370

1.870

1.870

1.870

1.870

9.850

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Tar éis 
2027 73

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 74

Bunachar Sonraí

1

1.000

1

1

1

1

1

0.100

1

1.000

Cruinnithe- Aschur

10

0.200

10

0.200

10

0.200

10

0.200

10

0.200

10

0.200

50

1.000

Gníomhaíochtaí cumarsáide

2

0.040

2

0.040

2

0.040

2

0.040

2

0.040

2

0.040

10

0.040

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

13

0.240

13

0.240

13

0.240

13

0.240

13

0.240

13

0.100

65

2.200

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliantúil tar éis

2027 75

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.520

1.520

1.520

1.520

1.520

1.520

7.600

Caiteachas riaracháin eile

0.010

0.010

0.010

0.010

0.010

0.010

0.050

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.530

1.530

1.530

1.530

1.530

1.530

7.650

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 76  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

0.240

0.240

0.240

0.240

0.240

0.240

1.20

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.240

0.240

0.240

0.240

0.240

0.240

1.20

IOMLÁN

1.770

1.770

1.770

1.770

1.770

1.770

8.850

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

.

Bliain 
2023

Bliain 2024

Bliain 2025

2026

2027

Tar éis 2027 77

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

10

10

10

10

10

10

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 78

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 79

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

10

10

10

10

10

10

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Táthar ag meas go gcuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí leath de na hacmhainní a bhfuil gá leo ar fáil.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Chun 13-16 cruinniú ar an iomlán a ullmhú, tuarascálacha a dhréachtú, leanúint le hobair bheartais e.g. maidir le leasuithe a dhéanfar amach anseo ar an liosta feidhmchlár intleachta saorga ardriosca, agus caidreamh a chothú le húdaráis na mBallstát, beidh gá le ceithre AD FTE agus aon AST FTE amháin.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as córais intleachta saorga arna bhforbairt ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise na taithí roimhe seo is féidir a mheas go mbeidh gá le cúig AD FTE chun freagrachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a chomhlíonadh faoin dréachtreachtaíocht.

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Níl aon ghá le hath-chlársceidealú. 

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid. 

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 
N 80

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar ioncam eile

   ar ioncam eile

Má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 81

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf
(2)    European Commission, White Paper on Artificial Intelligence - A European approach to excellence and trust, [Páipéar Bán ón gCoimisiún maidir leis an Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach i leith an bhairr feabhais agus na hiontaoibhe], COM(2020) 65 final, 2020.
(3)    An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (1 agus 2 Deireadh Fómhair 2020), – Conclúidí , EUCO 13/20, 2020, lch. 6.
(4)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat na ngnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara, 2020/2012(INL).
(5)    An Chomhairle Eorpach, Cruinniú den Chomhairle Eorpach (19 Deireadh Fómhair 2017) – Conclúid  EUCO 14/17, 2017, lch. 8.
(6)    Comhairle an Aontais Eorpaigh, An Intleacht Shaorga b) Conclúidí maidir leis an bplean comhordaithe um an intleacht shaorga - Glacadh  6177/19, 2019.
(7)    An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (1 agus 2 Deireadh Fómhair 2020), – Conclúidí  EUCO 13/20, 2020.
(8)    Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón Uachtaránacht - An Chairt um Chearta Bunúsacha i gcomhthéacs na hIntleachta Saorga agus an Athraithe Dhigitigh , 11481/20, 2020.
(9)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir le creat na ngnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara 2020/2012(INL) .
(10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir le córas dliteanais shibhialta i leith na hintleachta saorga, 2020/2014(INL).
(11)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga, (2020/2015(INI).
(12)    Dréacht-Thuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa, An intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla, 2020/2016(INI) .
(13)    Dréacht-Thuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa, An intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc, 2020/2017(INI) . I dtaca leis sin, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: An t ‑oideachas agus an oiliúint a athshocrú don aois dhigiteach, lena ndéantar foráil maidir le treoirlínte eiticiúla a fhorbairt in úsáid na hintleachta saorga agus sonraí san oideachas – Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 624 final.
(14)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338–436.
(15)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’) IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1–16.
(16)    Féach an Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE COM/2020/825 final.
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] COM/2020/67 final.
(18)     Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha .
(19)    Togra le haghaidh Rialachán maidir le rialachas sonraí Eorpach (an Gníomh um Rialachas Sonraí) COM/2020/767 .
(20)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid PE/28/2019/REV/1, (IO L 172, 26.6.2019, lgh. 56–83).
(21)     Teachtaireacht ón gCoimisiún, Straitéis na hEorpa maidir le sonraí COM/2020/66 final.
(22)     Féach torthaí uile an chomhairliúcháin anseo.
(23)    An Coimisiún Eorpach, Muinín a Chothú san Intleacht Shaorga Dhuine-Lárnach , COM(2019) 168.
(24)    HLEG, Treoirlínte Eitice le haghaidh IS Iontaofa , 2019.
(25)    HLEG, Liosta Measúnaithe maidir leis an Intleacht Shaorga Iontaofa (ALTAI) le haghaidh féinmheasúnú , 2020.
(26)    Is fóram il-pháirtithe leasmhara é an Chomhghuaillíocht um an Intleacht Shaorga a seoladh i mí an Mheithimh 2018, Comhghuaillíocht um an Intleacht Shaorga https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/european-ai-alliance
(27)    An Coimisiún Eorpach, Measúnú ar Thionchar Tionscanta i ndáil le Togra le haghaidh gníomh dlíthiúil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais maidir leis an Intleacht Shaorga .  
(28)    Má tá eolas uait ar na comhairliúcháin uile a rinneadh, féach Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an measúnú tionchair.
(29)    Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, Treoirlínte Eitice le haghaidh IS Iontaofa , 2019.
(30)    Rinne an Coimisiún iad a fhormhuiniú freisin sa teachtaireacht uaidh ó 2019 maidir le cur chuige duinelárnach i leith na hintleachta saorga.
(31)    IO C […], […], lch. […].
(32)    IO C […], […], lch. […].
(33)    An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020), – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6.
(34)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara 2020/2012(INL).
(35)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(36)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)
(37)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(38)    Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(39)    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
(42)    Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
(43)    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).
(44)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(45)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(46)    Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).
(47)    Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(48)    Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(49)    Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(50)    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(51)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(52)    Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(53)    Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus ar chomhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 169, 25.6.2019, lgh. 1–44).
(54)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(55)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(56)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(57)    Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
(58)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(59)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(60)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(61)    Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(62)    Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(63)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(64)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais    
(65)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(66)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(67)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(68)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(69)    Táscach agus ag brath ar bhuiséad a bheith ar fáil.
(70)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(71)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(72)    Is figiúirí táscacha iad na figiúirí uile sa cholún seo agus tá siad faoi réir leanúint na gclár agus infhaighteacht leithreasuithe
(73)    Is figiúirí táscacha iad na figiúirí uile sa cholún seo agus tá siad faoi réir leanúint na gclár agus infhaighteacht leithreasuithe
(74)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(75)    Is figiúirí táscacha iad na figiúirí uile sa cholún seo agus tá siad faoi réir leanúint na gclár agus infhaighteacht leithreasuithe.
(76)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(77)    Is figiúirí táscacha iad na figiúirí uile sa cholún seo agus tá siad faoi réir leanúint na gclár agus infhaighteacht leithreasuithe.
(78)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(79)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(80)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(81)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,21.4.2021

COM(2021) 206 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle

LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS














{SEC(2021) 167 final} - {SWD(2021) 84 final} - {SWD(2021) 85 final}


IARSCRÍBHINN I
TEICNÍCÍ AGUS CUIR CHUIGE INTLEACHTA SAORGA

dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 1

(a)Cuir chuige meaisínfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim faoi mhaoirseacht, foghlaim neamh-mhaoirsithe agus foghlaim trí atreisiúcháin, trí réimse modhanna lena n‑áirítear an domhainfhoghlaim;

(b)Cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe, lena n‑áirítear léiriú ar eolas, ríomhchlárú ionduchtach (loighciúil), bunachair eolais, innill infeiris agus asbhainte, córais réasúnaíochta agus shaineolacha (siombalach);

(c)Cuir chuige staidrimh, meastachán Bayes, modhanna cuardaigh agus optamúcháin.

IARSCRÍBHINN II
LIOSTA DE REACHTAÍOCHT CHOMHCHUIBHITHE AN AONTAIS

Roinn A – Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua

1.Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24) [arna haisghairm leis an Rialachán maidir le hInnealra];

2.Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1);

3.Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90);

4.Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251);

5.Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309);

6.Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62);

7.Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164);

8.Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1);

9.Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n‑aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51);

10.Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99);

11.Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1);

12.Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n‑aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

Roinn B. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais

1.Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).

2.Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52);

3.Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1);

4.Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);

5.Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir‑inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

6.Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1); 3. Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch 1.);

7.Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1), a mhéid a bhaineann le dearadh, táirgeadh agus cur ar an margadh aerárthaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1) de, i gcás ina mbaineann sé le haerárthaí gan foireann agus a n‑innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh lena ndéantar cianrialú orthu.

IARSCRÍBHINN III
CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA
 DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6(2)

Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:

1.Sainaithint bhithmhéadrach agus catagóiriú daoine nádúrtha:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ agus ‘iar-aimseartha’ daoine nádúrtha;

2.Bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus in oibriú tráchta bóthair agus i soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais.

3.Oideachas agus gairmoiliúint:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a shannadh orthu;

(b)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid chun measúnú a dhéanamh ar mhic léinn in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna agus chun measúnú a dhéanamh ar rannpháirtithe i scrúduithe a bhfuil gá coitianta leo chun cead isteach in institiúidí oideachais a fháil.

4.Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun folúntais a fhógairt, scagthástáil nó scagadh a dhéanamh ar iarratais agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí le linn agallaimh nó scrúduithe;

(b)Intleacht shaorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh maidir le caidrimh chonarthacha a chur chun cinn agus a fhoirceannadh, ar caidrimh chonarthacha iad a bhaineann leis an obair, chun tascanna a leithdháileadh agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar iompraíocht daoine i gcaidrimh den sórt sin.

5.Rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí cúnaimh phoiblí, agus chun sochair agus seirbhísí den sórt sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;

(b)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a chuireann soláthraithe ar mhionscála i mbun seirbhíse le haghaidh a n‑úsáide féin;

(c)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó chun tosaíocht a bhunú agus seirbhísí céadfhreagartha éigeandála á seoladh, lena n‑áirítear ag comhraiceoirí dóiteáin agus cúnamh leighis.

6. Forfheidhmiú an dlí:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun measúnuithe riosca aonair a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion nó go ndéanfaidh sé cion athuair nó ar an riosca d’íospartaigh ionchasacha cionta coiriúla;

(b)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath;

(c)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun domhainbhrionnuithe dá dtagraítear in Airteagal 52(3) a bhrath;

(d)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht na fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(e)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun tarlú nó atarlú ciona choiriúil iarbhír nó fhéideartha a thuar bunaithe ar phróifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;

(f)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(g)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid le haghaidh anailísíocht choireachta maidir le daoine nádúrtha, lena gceadaítear d’údaráis forfheidhmithe dlí tacair sonraí móra casta gaolmhara agus neamhghaolmhara, tacair atá ar fáil i bhfoinsí sonraí éagsúla nó i bhformáidí sonraí éagsúla, a chuardach chun patrúin anaithnide a shainaithint nó chun gaolmhaireachtaí folaithe a aimsiú sna sonraí.

7.Bainistíocht imirce, tearmainn agus rialaithe teorann:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis phoiblí inniúla mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath;

(b)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis inniúla phoiblí chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n‑áirítear riosca slándála, riosca imirce folaithí, nó riosca sláinte, riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;

(c)Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n‑úsáid ag údaráis phoiblí inniúla chun barántúlacht doiciméad taistil agus doiciméadachta tacaíochta daoine nádúrtha a fhíorú agus chun doiciméid neamhbharántúla a bhrath trína ngnéithe slándála a sheiceáil;

(d)Córais intleachta saorga atá beartaithe chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú.

8.Próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar:

(a)Córais intleachta saorga atá beartaithe cuidiú le húdarás breithiúnach maidir le taighde agus léirmhíniú fíoras agus an dlí agus maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm ar thacar coincréiteach fíoras.

IARSCRÍBHINN IV
DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL dá dtagraítear in Airteagal 11(1)

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), de réir mar is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ábhartha:

1.tuairisc ghinearálta ar an gcóras intleachta saorga, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(a)an chríoch atá beartaithe don chóras, an duine/na daoine atá á fhorbairt, dáta agus leagan an chórais;

(b)an chaoi a n‑idirghníomhaíonn an córas intleachta saorga nó an chaoi ar féidir é a úsáid chun idirghníomhú le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;

(c)na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglas a bhaineann le leagan nuashonraithe;

(d)an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas intleachta saorga ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é;

(e)an tuairisc ar na crua-earraí ar a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a rith;

(f)i gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga ina chomhpháirt de tháirgí, de ghrianghraif nó de léaráidí ina léirítear gnéithe seachtracha, marcáil agus leagan amach inmheánach na dtáirgí sin;

(g)treoracha úsáide don úsáideoir agus, i gcás inarb infheidhme, treoracha suiteála;

2.Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí an chórais intleachta saorga agus ar an bpróiseas chun é a fhorbairt, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(a)na modhanna agus na céimeanna a rinneadh chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, iontaoibh ar chórais agus ar uirlisí réamhoilte arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe agus an chaoi a ndearna an soláthraí iad a úsáid, a chomhtháthú nó a mhodhnú;

(b)sonraíochtaí deartha an chórais, eadhon loighic ghinearálta an chórais intleachta saorga agus na n‑algartam; na roghanna deartha tábhachtacha lena n‑áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, maidir le daoine nó grúpaí daoine chomh maith a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh;

(c)tuairisc ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán; na hacmhainní ríomhaireachta a úsáidtear chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, chun oiliúint a chur air, é a thástáil agus a bhailíochtú;

(d)i gcás inarb ábhartha, na ceanglais sonraí i dtéarmaí bileoga sonraí ina ndéantar cur síos ar na modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna agus ar na tacair sonraí oiliúna a úsáidtear, lena n‑áirítear faisnéis maidir le foinse na dtacar sonraí sin, a raon feidhme agus a bpríomh-shaintréithe; an chaoi a bhfuarthas agus a roghnaíodh na sonraí; nósanna imeachta lipéadaithe (e.g. i gcás foghlaim faoi mhaoirseacht), modheolaíochtaí glanta sonraí (e.g. asluitigh a bhrath);

(e)measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n‑áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n‑úsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagail 13 (3)(d);

(f)i gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar athruithe réamhshocraithe ar an gcóras intleachta saorga agus ar a fheidhmíocht, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na réitigh theicniúla a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an córais intleachta saorga go leanúnach na ceanglais ábhartha a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2;

(g)na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n‑áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht, cibearshlándáil agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n‑áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f).

3.Faisnéis mhionsonraithe maidir le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n‑áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n‑áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n‑úsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;

4.Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras bainistíochta riosca i gcomhréir le hAirteagal 9;

5.Tuairisc ar aon athrú a dhéantar ar an gcóras le linn a shaolré;

6.Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 a chomhlíonadh, lena n‑áirítear liosta de na caighdeáin agus na sonraíochta teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm;

7.Cóip den dearbhú comhréireachta AE;

8.Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chórais intleachta saorga sa chéim iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 61, lena n‑áirítear an plean faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61(3).

IARSCRÍBHINN V
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE

Beidh i ndearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 48, an fhaisnéis seo uile a leanas:

1.Ainm agus cineál an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;

2.Ainm agus seoladh an tsoláthraí nó, más infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe;

3.Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear an dearbhú comhréireachta AE;

4.Ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga atá i gceist i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, más infheidhme, le haon reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais faoina bhforáiltear d’eisiúint dhearbhú comhréireachta AE;

5.Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó d’aon sonraíocht chomhchoiteann eile lena ndearbhaítear go bhfuil sé i gcomhréir leis nó léi;

6.I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta a dtugtar fógra dó, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh;

7.Ionad agus dáta eisiúna an dearbhaithe, ainm agus feidhm an duine a shínigh é chomh maith le tásc don duine ar thar a cheann a shínigh an duine sin, síniú.

IARSCRÍBHINN VI
NÓS IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA BUNAITHE AR RIALÚ INMHEÁNACH

1.An nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach, is é sin an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2 go 4.

2.Fíoraíonn an soláthraí go bhfuil an córas bainistíochta cáilíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 17.

3.Déanann an soláthraí scrúdú ar an bhfaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2.

4.Fíoraíonn an soláthraí freisin go bhfuil próiseas deartha agus forbartha an chórais intleachta saorga agus a fhaireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 61 comhsheasmhach leis an doiciméadacht theicniúil.

IARSCRÍBHINN VII
COMHRÉIREACHT BUNAITHE AR MHEASÚNÚ AR CHÓRAS BAINISTÍOCHTA CÁILÍOCHTA AGUS AR MHEASÚNÚ AR AN DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL

1.Réamhrá

Is í an chomhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2 go 5.

2.Forbhreathnú

An córas bainistíochta cáilíochta formheasta chun córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a thástáil de bhun Airteagal 17, déanfar scrúdú air i gcomhréir le pointe 3 agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 5. Déanfar scrúdú ar dhoiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga i gcomhréir le pointe 4.

3.Córas bainistíochta cáilíochta

3.1.Cuimseofar an méid seo a leanas in iarratas an tsoláthraí:

(a)ainm agus seoladh an tsoláthraí agus, más é an t‑ionadaí údaraithe a thaisceann an t‑iarratas, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;

(b)liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;

(c)an doiciméadacht theicniúil le haghaidh gach córais intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;

(d)an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta lena gcumhdófar na gnéithe uile a liostaítear faoi Airteagal 17;

(e)tuairisc ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an córas bainistithe cáilíochta leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí;

(f)dearbhú i scríbhinn nach bhfuil an t-iarratas céanna taiscthe le haon chomhlacht eile a dtugtar fógra dó.

3.2.Déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó an córas bainistíochta cáilíochta a mheasúnú, agus cinnfidh sé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 17.

Tabharfar fógra faoin gcinneadh don soláthraí nó dá ionadaithe údaraithe.

Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

3.3.Leanfaidh an soláthraí den chóras bainistíochta cáilíochta mar atá formheasta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.

3.4.Tarraingeoidh an soláthraí aird an chomhlachta a dtugtar fógra dó ar aon athrú atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta nó ar liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear leis.

Déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó scrúdú ar na hathruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an mbeidh an córas bainistíochta cáilíochta modhnaithe in ann leanúint de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá le hathmheasúnú.

Tabharfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó fógra don soláthraí maidir lena chinneadh. Beidh san fhógra sin conclúidí an scrúdaithe ar na hathruithe, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

4.Rialú ar an doiciméadacht theicniúil.

4.1.I dteannta an iarratais a leagtar síos i bpointe 3, déanfaidh soláthraí iarratas a thaisceadh lena rogha comhlachta a dtugtar fógra dó maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga a bhfuil sé i gceist aige a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse agus a chumhdaítear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear i Roinn 3.

4.2.Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)ainm agus seoladh an tsoláthraí;

(b)dearbhú scríofa nár taisceadh an t‑iarratas céanna le haon chomhlacht eile a dtugtar fógra dó;

(c)an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

4.3.Is é an comhlacht a dtugtar fógra dó a dhéanfaidh scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil. Chun na críche sin, tabharfar rochtain iomlán don chomhlacht a dtugtar fógra dó ar na tacair sonraí oiliúna agus tástála a úsáideann an soláthraí, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár (API) nó trí mhodhanna agus uirlisí iomchuí eile lenar féidir rochtain cianda a thabhairt.

4.4.Féadfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar nó tuilleadh tástálacha a dhéanamh chun measúnú ceart a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2. Aon uair nach mbeidh an comhlacht a dtugtar fógra dó sásta leis na tástálacha a dhéanann an soláthraí, déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó tástálacha leordhóthanacha go díreach, de réir mar is iomchuí.

4.5.I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2 agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht a dtugtar fógra dó ar chód foinseach an chórais intleachta saorga.

4.6.Tabharfar fógra faoin gcinneadh don soláthraí nó dá ionadaithe údaraithe. Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.

I gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2, eiseoidh an comhlacht a dtugtar fógra dó deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an tsoláthraí, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga a shainaithint.

Beidh sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis gach faisnéis ábhartha chun gur féidir comhréireacht an chórais intleachta saorga a mheas, agus chun gur féidir an córas intleachta saorga a rialú agus é in úsáid, i gcás inarb infheidhme.

I gcás nach bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2, diúltóidh an comhlacht a dtugtar fógra dó deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

I gcás nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga an ceanglas a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur air, beidh gá le hathoiliúint an chórais intleachta saorga sula ndéanfar iarratas ar mheasúnú comhréireachta nua. Sa chás sin, beidh breithnithe sonracha maidir leis na sonraí cáilíochta a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an gcóras intleachta saorga, go háirithe maidir leis na cúiseanna le neamhchomhlíonadh, i gcinneadh measúnaithe réasúnaithe an chomhlachta a dtugtar fógra dó agus a dhiúltaíonn deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil a eisiúint.

4.7.Aon athrú ar an gcóras intleachta saorga a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais nó don chríoch atá beartaithe dó, déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó a d’eisigh an deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil an t-athrú sin a fhormheas. Cuirfidh an soláthraí an comhlacht sin a dtugtar fógra dó ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige aon cheann de na hathruithe thuasluaite a thabhairt isteach nó cuirfidh sé ar an eolas é má tá fhaigheann sé amach ar bhealach eile faoi athruithe den sórt sin a tharla. Déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó na hathruithe atá beartaithe a mheasúnú agus cinnfidh sé an éilítear measúnú nua comhréireachta leis na hathruithe atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 43(4) nó an bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin forlíonadh leis an deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil. Sa chás deiridh, déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó measúnú ar na hathruithe, tabharfaidh sé fógra don soláthraí faoina chinneadh, agus i gcás ina bhformheasfar na hathruithe, tabharfaidh sé forlíonadh don soláthraí leis an deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil.

5.Faireachas ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta.

5.1.Is é is cuspóir don fhaireachas a dhéanann an comhlacht a dtugtar fógra dó dá dtagraítear i bPointe 3 a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí téarmaí agus coinníollacha an chórais bainistíochta cáilíochta formheasta.

5.2.Chun críoch measúnaithe, tabharfaidh an soláthraí cead don chomhlacht a dtugtar fógra dó rochtain a fháil ar an áitreabh ina bhfuil dearadh, forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga á ndéanamh. Thairis sin, roinnfidh an soláthraí an fhaisnéis uile is gá leis an gcomhlacht a dtugtar fógra dó.

5.3.Déanfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an soláthraí an córas bainistíochta cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóra don soláthraí. I gcomhthéacs na n-iniúchtaí sin, féadfaidh an comhlacht a dtugtar fógra dó tástálacha breise a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ar eisíodh deimhniú AE maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil ina leith.

IARSCRÍBHINN VIII
FAISNÉIS LE TÍOLACADH AR CHLÁRÚ CÓRAS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 51

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 51.

1.Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;

2.I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;

3.Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaithe údaraithe, i gcás inarb infheidhme;

4.Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;

5.Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;

6.Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; nach bhfuil curtha i bhfeidhm ar an margadh/i mbun seirbhíse a thuilleadh, arna aisghairm);

7.Cineál, uimhir agus dáta éaga an deimhnithe arna eisiúint ag an gcomhlacht a dtugtar fógra dó agus ainm nó uimhir aitheantais an chomhlachta sin a dtugtar fógra dó, i gcás inarb infheidhme;

8.Cóip scanta den deimhniú dá dtagraítear i bpointe 7, i gcás inarb infheidhme;

9.Na Ballstáit ina gcuirtear nó inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas;

10.Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 48;

11.Treoracha leictreonacha úsáide; ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i réimsí amhail forfheidhmiú an dlí agus imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointí 1, 6 agus 7.

12.URL chun tuilleadh eolais a fháil (roghnach).

IARSCRÍBHINN IX
Reachtaíocht an Aontais maidir le córais TF ar mhór-scála i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais

1.Córas Faisnéise Schengen

(a)Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(b)Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14)

(c)Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

2.An Córas Faisnéise Víosaí

(a)Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán XX/2018 [An Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle - COM(2018) 302 final. Le tabhairt cothrom le dáta a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí an Rialachán (Aibreán/Bealtaine 2021).

3.Eurodac

(a)Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] agus Rialachán (AE) XXX/XXX [an Rialachán maidir le hAthlonnú], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáid le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 – COM(2020) 614 final.

4.An Córas Dul Isteach-Imeachta

(a)Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

5.an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil

(a)Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(b)Rialachán (AE) Uimh. 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lch. 72).

6.An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát

(a)Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

7.Idir-inoibritheacht

(a)Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(b)Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

Top