EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L2673

Treoir (AE) 2023/2673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE

PE/37/2023/REV/1

IO L, 2023/2673, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2673/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2673/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2673

28.11.2023

TREOIR (AE) 2023/2673 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

lena leasaítear Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos rialacha ar leibhéal an Aontais a bhaineann le cianmhargú seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí. An tráth céanna, leagtar síos i dTreoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i measc rialacha eile, rialacha is infheidhme maidir le cianchonarthaí i ndáil le díol earraí agus soláthar seirbhísí a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le hAirteagal 169(2), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil an tAontas le rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí na bearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 de. Le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) foráiltear go bhfuil ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí le háirithiú le beartais de chuid an Aontais.

(3)

Faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh, chun saoirse rogha a chosaint, tá gá le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí i réimse na gconarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda d’fhonn iontaoibh agus muinín na dtomhaltóirí sa chiandíol a fheabhsú.

(4)

Is trí chomhchuibhiú iomlán is fearr is féidir an t-ardleibhéal céanna cosanta do thomhaltóirí a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá gá le comhchuibhiú iomlán chun a áirithiú go mbeidh leasanna na dtomhaltóirí uile san Aontas cosanta ar ardleibhéal agus ar leibhéal coibhéiseach agus chun margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a chruthú. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú do na Ballstáit forálacha ina gcuid reachtaíochta náisiúnta a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach seachas iad siúd a leagtar síos sa Treoir seo, i ndáil le gnéithe a chumhdaítear leis an Treoir seo, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo. I gcás nach ann d’aon fhoráil chomhchuibhithe den sórt sin, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun forálacha a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach ina gcuid reachtaíochta náisiúnta.

(5)

Bhí Treoir 2002/65/CE faoi réir athbhreithnithe difriúla. Léirigh na hathbhreithnithe sin go bhfuil forluí suntasach sa reachtaíocht sin le Treoir 2002/65/CE mar thoradh ar reachtaíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais a thabhairt isteach de réir a chéile agus go ndearnadh leis an digitiú roinnt gnéithe nach dtugtar aghaidh orthu go hiomlán leis an Treoir sin a mhéadú.

(6)

Rannchuidigh an digitiú le forbairtí margaidh nár tuaradh tráth a glacadh Treoir 2002/65/CE. Go deimhin, tá athruithe suntasacha tagtha ar mhargadh na seirbhísí airgeadais de bharr na bhforbairtí tapa teicneolaíocha atá déanta ó shin. Cé gur glacadh go leor gníomhartha dlí earnáilsonracha ar leibhéal an Aontais, tá forbairt agus éagsúlú suntasach déanta ar sheirbhísí airgeadais a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí. Tá táirgí nua tagtha chun cinn, go háirithe sa timpeallacht ar líne, agus tá forbairt leanúnach ag teacht ar a n-úsáid, go minic ar bhealach tapa neamhthuartha. I ndáil leis sin, tá cur i bhfeidhm cothrománach Threoir 2002/65/CE ábhartha i gcónaí. Mar thoradh ar an Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí nach bhfuil á rialú ag reachtaíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais, tá feidhm ag sraith rialacha comhchuibhithe maidir le leas tomhaltóirí agus trádálaithe. Cuidíonn an ghné ‘líontán sábhála’ sin le hardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus cothrom iomaíochta á áirithiú idir trádálaithe an tráth céanna.

(7)

Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfíric go bhfuil forluí suntasach sa reachtaíocht sin le Treoir 2002/65/CE mar thoradh ar reachtaíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais a thabhairt isteach de réir a chéile agus go ndearnadh leis an digitiú roinnt gnéithe nach dtugtar aghaidh orthu go hiomlán leis an Treoir sin a mhéadú, lena n-áirítear conas agus cathain ba cheart faisnéis a sholáthar don tomhaltóir, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda idir tomhaltóir agus trádálaí, agus ag an am céanna cur i bhfeidhm na gné ‘líontán sábhála’ a áirithiú maidir le seirbhísí airgeadais nach gcumhdaítear le reachtaíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais, nó a eisiatar ó raon feidhme ghníomhartha an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais.

(8)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta do thomhaltóirí ar fud an Aontais a áirithiú agus chun dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar thabhairt i gcrích conarthaí seirbhísí airgeadais laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, ní mór rialacha a bheith ann chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar do thrádálaithe, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus chun cearta agus oibleagáidí atá in-fhorfheidhmithe de réir dlí a sholáthar do thomhaltóirí i ngach Ballstát. Moltar do na Ballstáit riachtanais shonracha na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide a chur san áireamh agus na rialacha lena dtrasuitear an Treoir seo á gcur i bhfeidhm. Ba cheart coincheap na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus meánmhéide a thuiscint mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (5).

(9)

Le Treoir 2011/83/AE, ar an gcaoi chéanna le Treoir 2002/65/CE, déantar foráil do cheart chun faisnéise réamhchonarthaí agus ceart chun tarraingt siar le haghaidh conarthaí áirithe tomhaltóra a thugtar i gcrích go cianda. Tá an chomhlántacht idir an dá threoir sin teoranta, áfach, ós rud é nach gcumhdaítear le Treoir 2011/83/AE seirbhísí airgeadais a shainmhínítear sa Treoir sin mar sheirbhísí de chineál baincéireachta, creidmheasa, árachais, pinsin phearsanta, infheistíochta nó íocaíochta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart cuntas coigiltis tithíochta agus comhaontú creidmheasa tomhaltóra a mheas mar sheirbhísí airgeadais. Níor cheart díol earraí mar mhiotail lómhara, diamaint, fíon nó uisce beatha a mheas mar sheirbhís airgeadais per se.

(10)

Trí raon feidhme Threoir 2011/83/AE a leathnú chun conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda a chumhdach, ba cheart an chomhlántacht is gá a áirithiú. Mar sin féin, de bharr chineál sonrach na seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí, go háirithe mar gheall ar a gcastacht, níl sé iomchuí feidhm a bheith ag forálacha uile Threoir 2011/83/AE maidir le seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí a thugtar i gcrích go cianda. Trí chaibidil thiomnaithe a chur isteach i dTreoir 2011/83/AE, ina mbeadh rialacha nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí a thugtar i gcrích go cianda, is féidir an tsoiléireacht agus an deimhneacht dhlíthiúil is gá a áirithiú.

(11)

Ní chumhdaítear leis an Treoir seo conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích ar bhealach éigin eile seachas go cianda. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, cé na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí den sórt sin, lena n-áirítear trí na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí nach n-áirítear laistigh dá raon feidhme.

(12)

Cé nár cheart feidhm a bheith ag forálacha uile Threoir 2011/83/AE maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda mar gheall ar chineál sonrach na seirbhísí sin, ba cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha i dTreoir 2011/83/AE, mar shampla sainmhínithe ábhartha agus na rialacha maidir le híocaíochtaí breise, forfheidhmiú, díol gan iarraidh agus tuairisciú, maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda. Áirithítear le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin comhlántacht idir na cineálacha éagsúla conarthaí a thugtar i gcrích go cianda.

(13)

Maidir le pionóis, ba cheart do na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha a gcuid reachtaíochta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Threoir 2011/83/AE. Ba cheart forálacha sonracha a áireamh sa Treoir seo freisin maidir le pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le cianchonarthaí a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir chun seirbhísí airgeadais a sholáthar. Na forálacha eile a bhaineann le pionóis a leagtar amach in Airteagal 24(2) go (5) de Threoir 2011/83/AE, níl feidhm acu maidir le cianchonarthaí a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir chun seirbhísí airgeadais a sholáthar.

(14)

Na rialacha sin de Threoir 2002/65/CE atá fós ábhartha agus riachtanach, ba cheart iad a chur i gcaibidil ar leith i dTreoir 2011/83/AE, go háirithe rialacha a bhaineann leis an gceart chun faisnéise réamhchonarthaí agus an ceart chun tarraingt siar, agus rialacha lena n-áirithítear cothroime ar líne nuair a thugtar conarthaí seirbhíse airgeadais i gcrích go cianda.

(15)

Ós rud é gur trí mhodh leictreonach is minice a thugtar conarthaí seirbhísí airgeadais i gcrích, ba cheart rialacha maidir le cothroime ar líne a áirithiú agus seirbhísí airgeadais á gconrú go cianda bheith ag rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 114 CFAE agus in Airteagal 38 den Chairt a bhaint amach. Leis an riail maidir le mínithe leordhóthanacha, ba cheart trédhearcacht bhreise a áirithiú agus an ceart a thabhairt don tomhaltóir idirghabháil dhaonna a iarraidh nuair a idirghníomhaíonn sé nó sí leis an trádálaí trí chomhéadain lán-uathoibrithe ar líne, ar nós botaí comhrá, uathchomhairle, uirlisí idirghníomhacha nó meáin chomhchosúla.

(16)

Mar sin féin, tá seirbhísí áirithe airgeadais do thomhaltóirí á rialú ag gníomhartha sonracha de chuid an Aontais, a leanann d’fheidhm a bheith acu maidir leis na seirbhísí airgeadais sin. Ní leasaítear leis an Treoir seo gníomhartha earnála de chuid an Aontais atá ann cheana. I gcás ina bhfuil rialacha i ngníomhartha eile de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha maidir le faisnéis réamhchonarthach, maidir leis an gceart chun tarraingt siar nó maidir le mínithe leordhóthanacha, agus gan beann ar an oiread mionsonraí atá sna rialacha sin, ba cheart a shoiléiriú, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun a áirithiú nach ann do dhúbailt ná forluí, nach mbeadh feidhm maidir leis na seirbhísí airgeadais sonracha sin do thomhaltóirí ach ag na forálacha faoi seach de na gníomhartha eile sin de chuid an Aontais mura bhforáiltear dá mhalairt sna gníomhartha sin, lena n-áirítear rogha shainráite a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm na rialacha sonracha sin a eisiamh. Sa chomhthéacs sin, aon uair a leagtar síos i ngníomh sonrach de chuid an Aontais rialacha lena dtugtar deis do na Ballstáit gan an gníomh sonrach sin de chuid Aontais a chur i bhfeidhm ach, ina ionad sin, tagairt a dhéanamh do chur i bhfeidhm gnímh shonraigh eile de chuid an Aontais, mar a dhéantar in Airteagal 3(3), pointe (a), de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), mar shampla, ba cheart forlámhas a bheith ag rialacha an ghnímh shonraigh sin de chuid Aontais, agus níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo. Ar an gcaoi chéanna, sna cásanna sin ina ndéantar foráil sa ghníomh sonrach de chuid an Aontais do rialacha a bhaineann le socruithe leordhóthanacha eile chun a áirithiú go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis thráthúil ag an gcéim réamhchonarthach, mar a dhéantar in Airteagal 3(5) de Threoir 2014/17/AE, mar shampla, ba cheart forlámhas a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa ghníomh sonrach sin de chuid an Aontais agus níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo.

(17)

Maidir le faisnéis réamhchonarthach, cuimsítear, i ngníomhartha áirithe de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, rialacha atá oiriúnaithe do na seirbhísí airgeadais sonracha sin agus atá ceaptha chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí in ann saintréithe bunriachtanacha an chonartha atá beartaithe a thuiscint. Mar shampla, le Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus Treoracha 2014/92/AE (9), 2014/65/AE (10) agus (AE) 2016/97 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle déantar foráil d’fhaisnéis réamhchonarthach sa bhunghníomh sonrach de chuid an Aontais agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin. Is iad na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach a leagtar síos i ngníomhartha den sórt sin de chuid an Aontais, agus na ceanglais sin amháin, ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis na seirbhísí sonracha airgeadais sin do thomhaltóirí, mura bhforáiltear dá mhalairt sna gníomhartha sin. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh freisin i gcás ina bhforáiltear leis an ngníomh de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha rialacha éagsúla nó íosta maidir le faisnéis réamhchonarthach i gcomparáid leis na rialacha a leagtar síos leis an Treoir seo.

(18)

Maidir leis an gceart chun tarraingt siar, i gcás ina dtugtar i ngníomh an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha am do thomhaltóirí impleachtaí an chonartha arna shíniú a mheas, agus gan beann ar a dtugtar air i ngníomh sin an Aontais, is iad na forálacha faoi seach i ngníomh sin an Aontais, agus iad sin amháin, ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis na seirbhísí sonracha airgeadais sin do thomhaltóirí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa ghníomh sin. Mar shampla, nuair a bhíonn feidhm ag Airteagal 186 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), is iad na rialacha a bhaineann leis an ‘tréimhse chealaithe’ a leagtar síos i dTreoir 2009/138/CE a mbíonn feidhm acu agus ní na rialacha maidir leis an gceart chun tarraingt siar a leagtar síos sa Treoir seo agus nuair a bhíonn feidhm ag Airteagal 14(6) de Threoir 2014/17/AE, is iad na rialacha a bhaineann leis an bhféidearthacht rogha a dhéanamh idir an ceart chun tarraingt siar agus an tréimhse mhachnaimh a leagtar síos i dTreoir 2014/17/AE a mbíonn feidhm acu, agus ní na rialacha maidir leis an gceart chun tarraingt siar a leagtar síos sa Treoir seo.

(19)

I gcomhréir le Treoir 2014/17/AE agus Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), is féidir leis na Ballstáit na Treoracha sin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le réimsí nach gcumhdaítear faoina raon feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú gur féidir leis na Ballstáit Airteagal 14(6) de Threoir 2014/17/AE a chur i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa, in ainneoin go bhfuil comhaontuithe den sórt sin díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach sin le hAirteagal 3(2) di. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart a shoiléiriú gur féidir leis na Ballstáit Airteagail 26 agus 27 de Threoir (AE) 2023/2225 a chur i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa, in ainneoin go bhfuil comhaontuithe den sórt sin díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach sin le hAirteagal 2(2) di.

(20)

Ó thaobh rialacha maidir le mínithe leordhóthanacha de, i ngníomhartha áirithe de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí sonracha airgeadais, mar shampla Treoracha 2014/17/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97, leagtar rialacha síos cheana féin maidir le mínithe leordhóthanacha atá le soláthar ag trádálaithe do thomhaltóirí i ndáil leis an gconradh atá beartaithe. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le mínithe leordhóthanacha a leagtar amach sa Treoir seo maidir le seirbhísí airgeadais a thagann faoi ghníomhartha de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha ina bhfuil rialacha maidir le mínithe leordhóthanacha atá le soláthar don tomhaltóir sula dtugtar an conradh i gcrích, gan beann ar a dtugtar air i ngníomh sin an Aontais.

(21)

I gcás ina ndéantar, le gníomhartha de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, foráil do rialacha maidir le faisnéis réamhchonarthach ach nach mbunaítear leo rialacha maidir leis an gceart chun tarraingt siar, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann leis an gceart chun tarraingt siar faoin Treoir seo. Mar shampla, i dTreoir 2009/138/CE, leagtar amach rialacha maidir le ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach ach, i ndáil le hárachas nach árachas saoil é, ní leagtar amach ceart lena dtugtar am don tomhaltóir impleachtaí an chonartha arna shíniú a mheas. Sa chás sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le faisnéis réamhchonarthach a leagtar síos i ngníomh an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha agus ag na rialacha maidir leis an gceart chun tarraingt siar mar a leagtar síos sa Treoir seo iad. I gcás nach bhfuil forálacha maidir le faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar i ngníomh de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, ba cheart don trádálaí an fhaisnéis sin a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir ar an eolas go cuí faoin bhfaisnéis ábhartha.

(22)

I gcás ina ndéantar, le gníomhartha de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, foráil do rialacha maidir le faisnéis réamhchonarthach ach nach mbunaítear leo rialacha maidir leis an gceart chun tarraingt siar, ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse tarraingt siar a leagtar amach sa Treoir seo agus ba cheart di tosú ón lá a thugtar an cianchonradh i gcrích i gcomhréir leis an Treoir seo, nó ón dáta a fhaigheann an tomhaltóir na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis réamhchonarthach i gcomhréir le gníomhartha an Aontais lena rialaítear na seirbhísí airgeadais sonracha sin, má tá an lá sin níos déanaí ná an lá a thugtar an cianchonradh i gcrích. I gcás nach bhfuil, i ngníomh de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, forálacha a bhaineann le faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar, chun tús a chur leis an tréimhse tarraingt siar, ba cheart don trádálaí, sa bhreis ar na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis réamhchonarthach i gcomhréir leis an ngníomh de chuid an Aontais lena rialaítear na seirbhísí airgeadais sonracha sin, an fhaisnéis faoin gceart chun tarraingt siar a leagtar amach sa Treoir seo a sholáthar freisin.

(23)

Nuair a dhéantar conarthaí maidir le seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí a chaibidliú go cianda, úsáidtear modhanna cianchumarsáide mar chuid de scéim ciandíola nó de scéim soláthair seirbhíse gan an trádálaí agus an tomhaltóir beirt a bheith i láthair an tráth céanna. Chun freagairt d’fhorbairt leanúnach na modhanna cumarsáide sin, ba cheart prionsabail a shainiú atá bailí fiú amháin do na modhanna sin nach bhfuil in úsáid fhorleathan go fóill nó nach bhfuil ar eolas go fóill.

(24)

Féadfaidh conradh seirbhíse airgeadais amháin faoina ndéantar oibríochtaí comhleanúnacha nó sraith oibríochtaí ar leithligh den chineál céanna thar thréimhse ama a bheith faoi réir dlí éagsúil sna Ballstáit éagsúla, ach tá sé tábhachtach go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna sna Ballstáit ar fad. Chuige sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go mbeadh feidhm ag na forálacha lena rialaítear conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda maidir leis an gcéad sraith d’oibríochtaí comhleanúnacha nó d’oibríochtaí ar leithligh den chineál céanna a dhéantar thar thréimhse ama a d’fhéadfaí a mheas mar aon aonad amháin, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an oibríocht sin nó an tsraith oibríochtaí sin ina hábhar nó ina n-ábhar do chonradh amháin nó do roinnt conarthaí comhleanúnacha. I gcás nach mbeidh aon chomhaontú tosaigh ann, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha lena rialaítear na conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda maidir le gach oibríocht chomhleanúnach nó gach oibríocht ar leithligh, cé is moite den fhaisnéis réamhchonarthach, nár cheart feidhm a bheith aici ach maidir leis an gcéad oibríocht. Mar shampla, d’fhéadfaí a mheas gur ‘comhaontú seirbhíse tosaigh’ é cuntas bainc a oscailt agus d’fhéadfaí a mheas gur ‘oibríochtaí’ iad cistí a thaisceadh sa chuntas bainc nó a aistarraingt as. Ní ‘oibríocht’ ach conradh breise a bheidh ann i gcás ina gcuirfear eilimintí nua le comhaontú seirbhíse tosaigh, mar shampla an fhéidearthacht ionstraim íocaíochta leictreonaí a úsáid in éineacht le cuntas bainc atá ann cheana.

(25)

Chun raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo a theorannú, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí a thugtar i gcrích go cianda maidir le seirbhísí a sholáthraítear ar bhonn ócáideach amháin agus lasmuigh de struchtúr tráchtála atá tiomnaithe do chianchonarthaí a thabhairt i gcrích.

(26)

Bíonn deiseanna maithe chun faisnéis a fháil ag gabháil le modhanna cianchumarsáide a úsáid agus níor cheart go mbeadh úsáid na modhanna sin ina cúis le srian nach bhfuil gá leis a bheith ar an bhfaisnéis a sholáthraítear don tomhaltóir. Agus cumarsáid ghuth-theileafónaíochta á húsáid aige, ní fhéadfaidh an trádálaí, má aontaíonn an tomhaltóir go sainráite, ach tacar teoranta faisnéise réamhchonarthaí a sholáthar sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcianchonradh. Ba cheart don trádálaí an fhaisnéis atá fágtha a sholáthar díreach tar éis thabhairt i gcrích an chonartha. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le cathain ba cheart an fhaisnéis a sholáthar don tomhaltóir sula dtabharfar an cianchonradh i gcrích agus conas ba cheart don tomhaltóir an fhaisnéis sin a fháil. Ionas go mbeidh siad in ann a gcinntí a dhéanamh agus láneolas acu ar na fíricí, ba cheart do na tomhaltóirí an fhaisnéis réamhchonarthach uile a fháil in am trátha sula dtabharfar an cianchonradh nó aon tairiscint chomhfhreagrach i gcrích agus ní an tráth céanna leis. Déantar sin chun a áirithiú go mbeidh go leor ama ag an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach a léamh agus a thuiscint, tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile agus cinneadh eolasach a dhéanamh. I gcás ina soláthrófaí an fhaisnéis níos lú ná lá amháin sula dtabharfar an cianchonradh le haghaidh seirbhísí airgeadais i gcrích, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an trádálaí a mheabhrú don tomhaltóir, ar mheán marthanach, go bhféadfaí tarraingt siar ón gcianchonradh le haghaidh seirbhís airgeadais. I gcás ina soláthrófaí faisnéis réamhchonarthach níos lú ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chianchonradh, ba cheart don trádálaí a mheabhrú don tomhaltóir, ar mheán marthanach, idir lá amháin agus 7 lá tar éis thabhairt i gcrích an chonartha, go bhféadfadh sé tarraingt siar ón gcianchonradh.

(27)

Ba cheart na ceanglais faisnéise a nuachóiriú agus féachaint chuige go seasfaidh siad an aimsir. Dá bhrí sin, ba cheart don trádálaí a uimhir theileafóin a chur in iúl don tomhaltóir, ach freisin a sheoladh ríomhphoist nó mionsonraí faoi mhodhanna eile cumarsáide a fhéadfaidh modhanna éagsúla cumarsáide a chuimsiú, chomh maith leis an bhfaisnéis faoin áit ar cheart gearáin a chur chuici. Is féidir leis na Ballstáit na ceanglais maidir leis an mbeartas láimhseála gearán a chinneadh. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na costais shonracha bhreise a bhaineann leis an modh cianchumarsáide a úsáid. Baineann roinnt trádálaithe úsáid as cinnteoireacht uathoibrithe chun praghsanna a idirdhealú idir grúpaí tomhaltóirí éagsúla agus i gcásanna áirithe cuirtear praghsanna in oiriúint d’íogaireacht praghsanna aonair na dtomhaltóirí. Ar an gcúis sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas sula mbeidh siad faoi cheangal ag cianchonradh go ndearnadh praghas na seirbhíse airgeadais a phearsantú ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.

(28)

Faoi Threoir 2002/65/CE, bhí na Ballstáit in ann forálacha níos déine maidir le ceanglais faisnéise roimh ré a choinneáil nó a thabhairt isteach ar choinníoll go raibh na forálacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá ceanglais níos déine faisnéise coinnithe nó tugtha isteach ag roinnt Ballstát sa chomhthéacs sin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann go fóill leibhéal níos airde cosanta a chur ar fáil do thomhaltóirí i ndáil leis na rialacha maidir le faisnéis réamhchonarthach. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir leis an gcatalóg faisnéise agus maidir leis na bealaí le faisnéis a chur i láthair araon. Le cur i bhfeidhm rialacha níos déine, d’fhéadfaí a áireamh freisin cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i ngníomhartha de chuid an Aontais a bhaineann le seirbhísí airgeadais sonracha maidir le seirbhísí airgeadais nach gcumhdaítear leis na gníomhartha earnála sin de chuid an Aontais.

(29)

D’fhéadfadh seirbhísí airgeadais áirithe tosca comhshaoil nó sóisialta a chomhtháthú ina straitéis infheistíochta. Chun bheith in ann cinneadh eolasach a dhéanamh, ba cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas freisin faoi na cuspóirí comhshaoil nó sóisialta ar leith a ndíríonn an tseirbhís airgeadais orthu.

(30)

Ba cheart an fhaisnéis réamhchonarthach uile a sholáthar ar mheán marthanach i bhformáid inléite agus ar bhealach a mbeidh sé éasca don tomhaltóir an fhaisnéis a thuiscint. Ciallaíonn formáid inléite go n-úsáidtear carachtair atá inléite ó thaobh méide de agus dathanna nach laghdaíonn sothuigtheacht na faisnéise, lena n-áirítear nuair is sna dathanna dubh agus bán amháin a chuirtear an doiciméad i láthair nó i gcló nó a ndéantar fótachóip de. Ina theannta sin, ba cheart tuairiscí rófhada agus casta, cló beag agus úsáid iomarcach hipearnasc a sheachaint a mhéid is féidir, toisc gur modhanna iad sin a bhaineann de thuiscint na dtomhaltóirí. Mura féidir an fhaisnéis a sholáthar ar mheán marthanach sula dtabharfar an conradh i gcrích mar gheall ar na meáin a roghnaigh an tomhaltóir, ba cheart í a sholáthar díreach tar éis thabhairt i gcrích an chonartha.

(31)

Ba cheart na ceanglais faisnéise a oiriúnú chun na srianta teicniúla a bhaineann le meáin áirithe a chur san áireamh, mar shampla srianta ar líon na gcarachtar ar scáileáin áirithe teileafón soghluaiste. I gcás scáileáin fón póca, nuair atá inneachar agus cur i láthair an chomhéadain ar líne saincheaptha ag an trádálaí do ghléasanna den sórt sin, ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar an mbealach is túisce agus is feiceálaí: faisnéis a bhaineann le céannacht an trádálaí; príomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais an tomhaltóra; an praghas iomlán atá le híoc ag an tomhaltóir leis an trádálaí ar an tseirbhís airgeadais do thomhaltóirí, lena n-áirítear na cánacha ar fad arna n-íoc tríd an trádálaí nó, nuair nach féidir praghas beacht a shonrú, an bonn le haghaidh an praghas a ríomh a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra é a dheimhniú; agus an ceart chun tarraingt siar a bheith ann nó gan bheith ann, lena n-áirítear na coinníollacha, an teorainn ama agus na nósanna imeachta chun an ceart sin a fheidhmiú. D’fhéadfadh an chuid eile den fhaisnéis a bheith srathach. Mar sin féin, ní mór an fhaisnéis ar fad a sholáthar ar mheán marthanach sula dtabharfar an cianchonradh i gcrích.

(32)

Agus faisnéis réamhchonarthach á cur ar fáil trí mhodh leictreonach, ba cheart an faisnéis den sórt sin a chur i láthair ar bhealach soiléir sothuigthe. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí an fhaisnéis a aibhsiú, a cheapadh agus a chur i gcomhthéacs go héifeachtach laistigh den scáileán taispeána. Maidir le teicníc an tsrathaithe, trína measfar ceanglais áirithe maidir le faisnéis réamhchonarthach a bheith ina bpríomheilimintí agus, dá bhrí sin, go gcuirtear iad go feiceálach ar an gcéad sraith agus go gcuirtear codanna mionsonraithe eile den fhaisnéis réamhchonarthach i láthair i sraitheanna tionlacain, rinneadh tástáil uirthi agus cruthaíodh go bhfuil sí úsáideach do sheirbhísí airgeadais áirithe. Agus úsáid á baint as teicníc an tsrathaithe de bhun na Treorach seo, ba cheart don trádálaí an méid seo a leanas a sholáthar ar an gcéad sraith den mhodh leictreonach ar a laghad: céannacht agus príomhghnó an trádálaí, príomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais, an praghas iomlán atá le híoc ag an tomhaltóir, fógra go bhféadfadh cánacha nó costais eile a bheith ann agus ceart chun tarraingt siar a bheith ann nó gan é a bheith ann. D’fhéadfaí na ceanglais eile maidir le faisnéis réamhchonarthach a thaispeáint i sraitheanna eile. Nuair a úsáidtear srathú, ba cheart rochtain éasca a bheith ag an tomhaltóir ar an bhfaisnéis go léir. Le húsáid sraitheanna tionlacain níor cheart aird an chustaiméara a tharraingt ó ábhar an doiciméid ná faisnéis bhunriachtanach a cheilt. Ba cheart a bheith in ann gach cuid den fhaisnéis réamhchonarthach a phriontáil in aon doiciméad amháin.

(33)

Is bealach féideartha eile le faisnéis réamhchonarthach a sholáthar trí mhodh leictreonach an cur chuige ‘clár ábhar’ trí úsáid a bhaint as ceannteidil inleathnaithe. Ar an leibhéal is airde, d’fhéadfadh tomhaltóirí teacht ar na príomhthopaicí, agus beidh siad in ann gach ceann díobh a leathnú trí chliceáil air, ionas go dtreorófar na tomhaltóirí chuig cur i láthair níos mionsonraithe den fhaisnéis ábhartha. Ar an gcaoi sin, tá an fhaisnéis ar fad is gá ag an tomhaltóir in aon áit amháin, agus smacht á choinneáil aige ar an méid ar cheart athbhreithniú a dhéanamh air agus cathain a dhéanfar sin. Ba cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí an doiciméad faisnéise réamhchonarthach go léir a íoslódáil agus é a shábháil mar dhoiciméad neamhspleách.

(34)

Ba cheart ceart chun tarraingt siar a bheith ag tomhaltóirí gan phionós agus gan aon oibleagáid a bheith orthu údar cuí a thabhairt leis. Nuair nach bhfuil feidhm ag an gceart chun tarraingt siar toisc gur iarr an tomhaltóir go sainráite go gcomhlíonfaí cianchonradh roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar, ba cheart don trádálaí é sin a chur in iúl don tomhaltóir sula gcuirtear tús le feidhmiú an chonartha.

(35)

Ba cheart an tréimhse tarraingt siar dul in éag 14 lá féilire tar éis an lá a thugtar an cianchonradh i gcrích nó an lá a fhaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach agus na téarmaí agus coinníollacha conarthacha araon, más déanaí an lá sin ná an dáta a thugtar an cianchonradh i gcrích. Ba cheart síneadh 30 lá féilire a chur leis an tréimhse sin i gcás cianchonarthaí a bhaineann le hoibríochtaí pinsin phearsanta. Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, mura mbeidh an fhaisnéis réamhchonarthach sin agus na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha sin faighte ag an tomhaltóir, ba cheart an tréimhse tarraingt siar dul in éag 12 mhí agus 14 lá féilire ar a dhéanaí tar éis thabhairt i gcrích an chianchonartha. Níor cheart an tréimhse tarraingt siar dul in éag murar cuireadh an tomhaltóir ar an eolas, ar mheán marthanach, faoin gceart chun tarraingt siar.

(36)

Chun feidhmiú éifeachtach an chirt chun tarraingt siar a áirithiú, níor cheart an nós imeachta chun an ceart sin a fheidhmiú a bheith níos déine ná an nós imeachta chun an cianchonradh a thabhairt i gcrích.

(37)

De bhreis ar mhodh eile tarraingt siar atá ann cheana, amhail an fhoirm a leagtar síos in Iarscríbhinn I(B) de Threoir 2011/83/AE, i gcás ina dtairgeann an trádálaí an fhéidearthacht cianchonarthaí a thabhairt i gcrích trí chomhéadan ar líne, amhail trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an trádálaí a chur ar chumas an tomhaltóra tarraingt siar as conradh den sórt sin trí bhíthin feidhme. Ba cheart a áirithiú leis sin gur féidir le tomhaltóirí tarraingt siar as an gconradh chomh héasca agus is féidir leo é a thabhairt i gcrích. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart don trádálaí feidhm tarraingt siar a sholáthar don tomhaltóir atá éasca don tomhaltóir a aimsiú, atá ar fáil go leanúnach agus atá infheicthe go soiléir le linn na tréimhse tarraingt siar. Ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann an fheidhm a aimsiú agus a rochtain ar bhealach éasca simplí. Mar shampla, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir tabhairt faoi nósanna imeachta chun an fheidhm a aimsiú nó a rochtain, amhail iarratas a íoslódáil murar tugadh an conradh i gcrích tríd an iarratas sin. Chun an próiseas a éascú, d’fhéadfadh an trádálaí, mar shampla, hipearnaisc a sholáthar chun an tomhaltóir a threorú chuig an bhfeidhm tarraingt siar. Ba cheart cead a bheith ag an tomhaltóir an ráiteas tarraingt siar a dhéanamh agus an fhaisnéis a thabhairt nó a dhearbhú atá riachtanach chun an conradh a shainaithint. Mar shampla, ba cheart do thomhaltóir a shainaithin é féin nó í féin cheana, cuir i gcás trí logáil isteach, a bheith in ann tarraingt siar as an gconradh gan é a bheith riachtanach an méid seo a leanas a sholáthar athuair: a chéannacht nó a céannacht ná, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an chonartha as ar mian leis nó léi tarraingt siar. Chun feidhmiú neamhbheartaithe an chirt chun tarraingt siar ag an tomhaltóir a sheachaint, ba cheart don trádálaí ceangal a chur ar an tomhaltóir an cinneadh tarraingt siar a dhearbhú ar bhealach a léiríonn gurb é rún an tomhaltóra é sin a dhéanamh. Má d’ordaigh an tomhaltóir earraí nó seirbhísí iomadúla laistigh den chianchonradh céanna, féadfaidh an trádálaí an deis a thabhairt don tomhaltóir tarraingt siar ó chuid den chonradh seachas ón gconradh ina iomláine. Nuair a úsáideann an tomhaltóir an fheidhm chun an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú, ba cheart don trádálaí a chur in iúl don tomhaltóir, ar mheán marthanach gan moill mhíchuí, go bhfuil an tarraingt siar faighte aige. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin ní hamháin maidir le cianchonarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais, ach maidir le gach cianchonradh atá faoi réir an chirt chun tarraingt siar faoi Threoir 2011/83/AE. Is é is cuspóir don fheidhm tarraingt siar feasacht tomhaltóirí a mhéadú faoina gceart chun tarraingt siar agus an fhéidearthacht tairbhiú den cheart sin a shimpliú, ós rud é, i gcás ciandíol táirgí nó seirbhísí airgeadais agus neamhairgeadais araon, nach bhfuil an deis ag an tomhaltóir mínithe a fháil i bpearsa, ná foghlaim i bpearsa faoi chineál táirge nó seirbhís a d’fhéadfadh a bheith casta nó fairsing. Dá bhrí sin, chun feabhas a chur ar na deiseanna do thomhaltóirí conarthaí a scor trí bhíthin tarraingt siar, ba cheart an oibleagáid sin a leagan síos ní hamháin do chianchonarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais, ach freisin do chianchonarthaí le haghaidh earraí agus seirbhísí eile i gcás ina bhforáiltear le dlí an Aontais do cheart chun tarraingt siar.

(38)

De bhreis ar an bhfaisnéis réamhchonarthach a thabharfaidh an trádálaí dóibh, d’fhéadfadh cúnamh a bheith ag teastáil fós ó thomhaltóirí chun a chinneadh cén tseirbhís airgeadais is iomchuí dá riachtanais agus dá staid airgeadais. Is é an príomhchuspóir atá le míniú leordhóthanach a thabhairt ná a áirithiú go dtuigeann an tomhaltóir an tseirbhís airgeadais a thairgeann an trádálaí sula síníonn sé nó sí an conradh. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cuspóir sin, ba cheart míniú leordhóthanach a thabhairt go tráthúil lena dtugtar a dhóthain ama don tomhaltóir athbhreithniú a dhéanamh air sula dtabharfar an conradh i gcrích. D’fhéadfadh sé nár leor gan ach an fhaisnéis réamhchonarthach a atáirgeadh agus ba cheart é a sheachaint mar sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, sula dtabharfar conradh seirbhíse airgeadais i gcrích go cianda, go soláthraíonn trádálaithe cúnamh den sórt sin i ndáil leis na seirbhísí airgeadais a thairgeann siad don tomhaltóir, trí mhínithe leordhóthanacha a thabhairt, ar mínithe iad a bhaineann le saintréithe bunriachtanacha an chonartha, lena n-áirítear na seirbhísí coimhdeacha féideartha, agus na héifeachtaí sonracha a fhéadfaidh a bheith ag an gconradh ar an tomhaltóir. Maidir le saintréithe bunriachtanacha an chonartha, ba cheart don trádálaí príomhghnéithe na tairisceana a mhíniú, mar shampla an praghas iomlán atá le híoc ag an tomhaltóir leis an trádálaí agus tuairisc ar phríomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais, agus a tionchar ar an tomhaltóir, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an féidir nó nach féidir na seirbhísí coimhdeacha a fhoirceannadh ar leithligh, agus iarmhairtí foirceanta den sórt sin. Maidir le héifeachtaí sonracha an chonartha atá beartaithe, ba cheart don trádálaí míniú a thabhairt freisin ar na príomhiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha sin de.

(39)

D’fhéadfadh sé gur de chineálacha éagsúla airgeadais atá na conarthaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith eatarthu. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na Ballstáit an bealach a dtugtar mínithe den sórt sin a oiriúnú do na himthosca ina dtairgtear an tseirbhís airgeadais agus don ghá atá ag an tomhaltóir le cúnamh, agus eolas agus taithí an tomhaltóra ar an tseirbhís airgeadais agus ar a cineál á gcur san áireamh. Chun a áirithiú go bhfaighidh an tomhaltóir mínithe leordhóthanacha, ba cheart do na Ballstáit trádálaithe a spreagadh chun mínithe den sórt sin a thabhairt don tomhaltóir ar bhealach éasca simplí, chun leas an tomhaltóra.

(40)

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an oibleagáid maidir le mínithe leordhóthanacha a thabhairt nuair a bheartaíonn tomhaltóirí conradh seirbhíse airgeadais a thabhairt i gcrích go cianda agus nuair a thugann an trádálaí mínithe trí uirlisí lán-uathoibrithe ar líne mar shampla botaí comhrá, uathchomhairle, uirlisí idirghníomhacha nó modhanna comhchosúla. Chun a áirithiú go dtuigeann an tomhaltóir na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gconradh ar a staid eacnamaíoch, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann an idirghabháil dhaonna a dhéantar thar ceann an trádálaí a fháil i gcónaí, ag an gcéim réamhchonarthach, saor in aisce, le linn uaireanta gnó an trádálaí. Ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus gan ualach míchuí a chur ar an trádálaí, idirghabháil dhaonna a iarraidh tar éis don chianchonradh a bheith tugtha i gcrích. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an ceart chun idirghabhála daonna agus conradh á athnuachan, i gcás deacrachtaí móra a bheith ag an tomhaltóir nó nuair is gá míniú breise a thabhairt a bhaineann leis na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha.

(41)

Is éard is patrúin dhorcha ar chomhéadain trádálaithe ar líne ann cleachtais a shaobhann cumas tomhaltóirí a fhaigheann an tseirbhís airgeadais roghanna nó cinntí uathrialacha agus eolasacha a dhéanamh go hábhartha nó a chuireann bac ábhartha ar an gcumas sin, bíodh sin d’aon ghnó nó go hiarbhír. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda. Is féidir le trádálaithe cleachtais den sórt sin a úsáid chun a chur ina luí ar na tomhaltóirí ar faighteoirí a seirbhíse iad dul i mbun iompraíocht neamh-inmhianaithe nó cinntí míchuibhiúla a dhéanamh a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith acu dóibh. Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar thrádálaithe meabhlú a dhéanamh ar thomhaltóirí ar faighteoirí a seirbhíse iad ná sonc a thabhairt dóibh agus a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht nó a rogha a shaobhadh nó a lagú trí struchtúr, dearadh nó feidhmiúlachtaí comhéadain ar líne nó cuid de. Is féidir a áireamh leis sin roghanna dúshaothraithe dearaidh chun an tomhaltóir a stiúradh i dtreo roghanna nó gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don trádálaí, ach a bhféadfadh sé nach bhfuil siad chun leasa an tomhaltóra, trí roghanna a chur i láthair ar bhealach neamhneodrach, amhail níos mó suntais a tharraingt ar roghanna áirithe trí chomhpháirteanna amhairc, éisteachta nó eile, nuair a iarrtar ar thomhaltóir cinneadh a dhéanamh, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Cé go gcuirtear toirmeasc, le Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha a oibríonn ardáin ar líne patrúin dhorcha a úsáid i ndearadh agus in eagrú a gcomhéadan ar líne, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a chur ar na Ballstáit cosc a chur ar thrádálaithe a thairgeann seirbhísí airgeadais go cianda patrúin den sórt sin a úsáid agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu le haghaidh seirbhísí den sórt sin. Dá bhrí sin, tá forálacha an Rialacháin sin agus na Treorach seo comhlántach, ós rud é go bhfuil feidhm acu maidir le trádálaithe atá ag gníomhú i gcáileanna éagsúla. Ós rud é, mar gheall ar a gcastacht agus a rioscaí tromchúiseacha bunúsacha, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le ceanglais mhionsonraithe bhreise maidir le patrúin dhorcha maidir le seirbhísí airgeadais, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, de mhaolú ar an leibhéal iomlán comhchuibhithe, forálacha níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach, ar choinníoll go bhfuil forálacha den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá an fhéidearthacht sin i gcomhréir le hAirteagal 3(9) de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i ndáil le cleachtais tráchtála éagóracha a bhaineann le seirbhísí airgeadais, lena bhforáiltear gur féidir leis na Ballstáit ceanglais atá níos sriantaí nó níos saintreoraí a fhorchur faoi chuimsiú seirbhísí airgeadais.

(42)

Is féidir le tionchairí mar shampla, conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda a mhargú ar na meáin shóisialta. D’fhéadfaí tomhaltóirí a spreagadh chun cinntí a dhéanamh gan machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí agus na rioscaí atá i gceist agus d’fhéadfaidís seirbhísí airgeadais a cheannach nach gcomhfhreagraíonn dá riachtanais. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chleachtais mhargaíochta trádálaithe ar na meáin shóisialta a chuireann conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda chun cinn agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le gníomhaíocht ina leith sin. Ba cheart é sin a dhéanamh, mar shampla, i bhfianaise chur i bhfeidhm Threoir 2005/29/CE agus reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le cleachtais den sórt sin. Bhí cásanna sna Ballstáit inar chuir cleachtais mhargaíochta tionchairí tomhaltóirí amú trí fhógraíocht a dhéanamh ar ardáin na meán sóisialta faoi tháirgí seirbhísí airgeadais áirithe gan faisnéis a thabhairt faoin riosca caillteanais do thomhaltóirí. Tá forálacha i dTreoir 2005/29/CE chun a áirithiú go gcuirfear toirmeasc ar chleachtais mhíthreoracha a mheabhlódh an gnáth-thomhaltóir nó ar dócha go meabhlóidís iad agus nach féidir faisnéis ábhartha a theastaíonn ón ngnáth-thomhaltóir chun cinneadh idirbhirt eolasach a dhéanamh a fhágáil ar lár. Is féidir a mheas go gcumhdaítear leis na forálacha sin cleachtais mhargaíochta tionchairí ar ardáin na meán sóisialta.

(43)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú dá réir sin.

(44)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2002/65/CE a aisghairm.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh trí ardleibhéal cosanta do thomhaltóírí a thabhairt, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(46)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (16), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE

Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1b.   I gcás cianchonarthaí a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir chun seirbhísí airgeadais a sholáthar, ní bheidh feidhm ach ag Airteagail 1 agus 2, Airteagal 3(2), (5) agus (6), Airteagal 4, Airteagal 6a, Airteagal 8(6), Airteagal 11a, Airteagail 16a go 16e, Airteagal 19, Airteagail 21 go 23, Airteagal 24(1) agus (6), Airteagail 25 go 27 agus Airteagal 29.

Cé is moite d’Airteagal 21, i gcás ina gcuimsíonn conradh aonair den chineál dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhaontú seirbhíse tosaigh a ndéantar, le himeacht ama, sraith oibríochtaí comhleanúnacha nó sraith oibríochtaí ar leithligh den chineál céanna ina dhiaidh, ní bheidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir leis an gcomhaontú tosaigh.

I gcás nach ndéantar aon chomhaontú seirbhíse tosaigh ach ina ndéantar oibríochtaí comhleanúnacha, nó oibríochtaí ar leithligh, den chineál céanna le himeacht ama a bhaineann leis na páirtithe conarthacha céanna, ní bheidh feidhm ag Airteagal 16a ná ag Airteagal 16d ach amháin maidir leis an gcéad oibríocht.

Sa chás nach ndéantar aon oibríocht den chineál céanna ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin, áfach, measfar gurb í an chéad oibríocht i sraith nua oibríochtaí í an chéad oibríocht eile, agus, dá réir sin, beidh feidhm ag Airteagail 16a agus 16d.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

i gcás seirbhísí airgeadais nach gcumhdaítear le hAirteagal 3(1b);’;

(2)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

i gcás ina bhfuil ceart chun tarraingt siar ann, na coinníollacha, an teorainn ama agus na nósanna imeachta maidir leis an gceart sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 11(1), chomh maith leis an bhfoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B), agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoin bhfeidhm tarraingt siar dá dtagraítear in Airteagal 11a a bheith ann agus a shuíomh;’;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Feidhmiú an chirt chun tarraingt siar as cianchonarthaí a thugtar i gcrích trí chomhéadan ar líne

1.   Maidir le cianchonarthaí a thugtar i gcrích trí chomhéadan ar líne, áiritheoidh an trádálaí gur féidir leis an tomhaltóir tarraingt siar as an gconradh trí fheidhm tarraingt siar a úsáid.

Déanfar an fheidhm tarraingt siar a lipéadú leis na focail ‘tarraing siar ón gconradh anseo’ nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí, ar bhealach soléite. Beidh an fheidhm tarraingt siar ar fáil go leanúnach le linn na tréimhse tarraingt siar. Beidh sí le feiceáil go feiceálach ar an gcomhéadan ar líne agus beidh rochtain éasca ag an tomhaltóir uirthi.

2.   Cuirfidh an fheidhm tarraingt siar ar chumas an tomhaltóra ráiteas tarraingt siar ar líne a chomhlánú chun a chinneadh nó a cinneadh tarraingt siar ón gconradh a chur in iúl don trádálaí. Cuirfidh an ráiteas tarraingt siar ar líne sin ar chumas an tomhaltóra an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar nó a dhearbhú go héasca:

(a)

a ainm nó a hainm;

(b)

mionsonraí lena sainaithnítear an conradh ar mian leis nó léi tarraingt siar uaidh;

(c)

mionsonraí maidir leis an modh leictreonach trína seolfar admháil chuig an tomhaltóir á rá go bhfuarthas an tarraingt siar.

3.   A luaithe a bheidh an ráiteas tarraingt siar ar líne comhlánaithe ag an tomhaltóir i gcomhréir le mír 2, cuirfidh an trádálaí ar chumas an tomhaltóra é a chur faoina bhráid trí bhíthin feidhm dhearbhúcháin.

Déanfar an fheidhm dhearbhúcháin sin a lipéadú ar bhealach soléite leis na focail ‘dearbhaigh an tarraingt siar’ nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí.

4.   A luaithe a ghníomhachtóidh an tomhaltóir an fheidhm dhearbhúcháin, seolfaidh an trádálaí admháil chuig an tomhaltóir á rá go bhfuarthas an tarraingt siar ar mheán marthanach, ina mbeidh faisnéis faoin ábhar atá inti agus faoin dáta agus faoin am a cuireadh isteach í, gan moill mhíchuí.

5.   Measfar gur fheidhmigh an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar laistigh den tréimhse tarraingt siar ábhartha má chuir sé nó sí an ráiteas siar dá dtagraítear san Airteagal seo isteach sula ndeachaigh an tréimhse sin in éag.’;

(4)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

Caibidil IIIa

Rialacha a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda

Airteagal 16a

Ceanglais faisnéise maidir le cianchonarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí

1.   In am trátha sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, tabharfaidh an trádálaí an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe:

(a)

céannacht agus príomhghnó an trádálaí agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus príomhghnó an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann;

(b)

an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí, nó mionsonraí aon mhodh eile cumarsáide a thairgeann an trádálaí agus, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann; na modhanna cumarsáide sin uile a thairgeann an trádálaí, cuirfidh siad ar chumas an tomhaltóra teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh leis agus ráthóidh siad go mbeidh an tomhaltóir in ann aon chomhfhreagras i scríbhinn leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach;

(c)

mionsonraí teagmhála ábhartha lena gcuirtear ar chumas an tomhaltóra aon ghearáin a dhéanamh leis an trádálaí, agus i gcás inarb infheidhme, leis an trádálaí a bhfuil sé nó sí ag gníomhú thar a cheann;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí comhchosúil, an clár inar cláraíodh an trádálaí agus an chláruimhir nó an modh coibhéiseach aitheantais sa chlár sin;

(e)

i gcás ina bhfuil gníomhaíocht an trádálaí faoi réir scéim údarúcháin, ainm, seoladh, suíomh gréasáin agus aon fhaisnéis teagmhála eile an údaráis maoirseachta is ábhartha;

(f)

tuairisc ar phríomh-shaintréithe na seirbhíse airgeadais;

(g)

an praghas iomlán atá le híoc ag an tomhaltóir leis an trádálaí as an tseirbhís airgeadais, na táillí, na muirir agus na costais ar fad lena mbaineann san áireamh, agus na cánacha ar fad arna n-íoc tríd an trádálaí nó, nuair nach féidir teacht ar phraghas beacht, an bonn le haghaidh an praghas a ríomh a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra é a fhíorú;

(h)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi iarmhairtí íocaíochtaí déanacha nó íocaíochtaí a chailltear;

(i)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;

(j)

i gcás inarb infheidhme, fógra lena léirítear go mbaineann an tseirbhís airgeadais le hionstraimí a bhfuil rioscaí speisialta ag gabháil leo a bhaineann lena gcuid sainghnéithe nó na hoibríochtaí atá le déanamh nó i gcás ina mbraitheann praghas na n-ionstraimí sin ar luaineachtaí sna margaí airgeadais nach bhfuil smacht ag an trádálaí orthu agus fógra lena léirítear nach táscairí ar bith iad na feidhmíochtaí roimhe seo le haghaidh na bhfeidhmíochtaí a bheidh ann amach anseo;

(k)

fógra go bhféadfadh cánacha agus/nó costais eile a bheith ann nach n-íoctar tríd an trádálaí nó nach é an trádálaí a fhorchuireann iad;

(l)

mionsonraí maidir le haon teorannuithe ar an tréimhse ar lena linn atá an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an mír seo bailí;

(m)

mionsonraí maidir leis na socruithe íocaíochta agus feidhmíochta;

(n)

mionsonraí maidir le haon chostas breise shonracha don tomhaltóir as a bheith ag úsáid modh cianchumarsáide, má ghearrtar costas den sórt sin air;

(o)

i gcás ina ndéanfar tosca comhshaoil nó sóisialta a chomhtháthú i straitéis infheistíochta na seirbhíse airgeadais, faisnéis faoi aon chuspóirí comhshaoil nó sóisialta ar a bhfuil an tseirbhís airgeadais dírithe;

(p)

fógra maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir tarraingt siar, agus, i gcás ina bhfuil an ceart sin ann, faisnéis faoin tréimhse tarraingt siar agus na coinníollacha a ghabhann leis an gceart sin a fheidhmiú, lena n-áirítear faisnéis faoin méid a bhféadfaí a cheangal ar an tomhaltóir é a íoc, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann le gan an ceart a fheidhmiú;

(q)

íostréimhse an chianchonartha i gcás seirbhísí airgeadais nach mór a dhéanamh go buan nó arís agus arís eile;

(r)

faisnéis faoi aon chearta a bhféadfadh na páirtithe a bheith acu chun an conradh a fhoirceannadh go luath nó go haontaobhach de bhua théarmaí an chianchonartha, lena n-áirítear aon phionóis arna bhforchur faoin gconradh sin i gcásanna den sórt sin;

(s)

treoracha praiticiúla agus nósanna imeachta praiticiúla chun an ceart chun tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 16b(1) a fheidhmiú, lena léirítear, inter alia, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí nó mionsonraí faoi mhodhanna eile cumarsáide atá ábhartha maidir leis an ráiteas tarraingt siar a sheoladh agus, i gcás conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích trí chomhéadan ar líne, faisnéis faoin bhfeidhm tarraingt siar dá dtagraítear in Airteagal 11a a bheith ann agus a shuíomh;

(t)

aon chlásal conarthach lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir leis an gcianchonradh agus/nó an chúirt inniúil;

(u)

fógra maidir leis an teanga, nó na teangacha, lena ndéantar na téarmaí agus coinníollacha conarthacha, agus an fhaisnéis roimhe seo dá dtagraítear san Airteagal seo, a sholáthar, chomh maith leis an teanga, nó na teangacha, ina ndéanfaidh an trádálaí, ar chomhaontú leis an tomhaltóir, cumarsáid leis an tomhaltóir le linn fhad an chianchonartha;

(v)

nuair is infheidhme, fógra maidir leis an bhféidearthacht dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt, a mbeidh an trádálaí faoina réir agus na modhanna chun rochtain a fháil ar an sásra sin;

(w)

fógra maidir le cistí ráthaíochta nó socruithe cúitimh eile a bheith ann, nach gcumhdaítear le Treoracha 2014/49/AE (*1) agus 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

2.   Féadfaidh na Ballstáit ceanglais teanga maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil ar bun nó a chur isteach ina ndlí náisiúnta chun a áirithiú go dtuigfidh an tomhaltóir faisnéis den sórt sin go héasca.

3.   I gcás cumarsáid ghuth-theileafónaíochta, cuirfear aitheantas an trádálaí agus cuspóir tráchtála an ghlao arna chur ag an trádálaí in iúl go soiléir ag tús aon ghlao teileafóin leis an tomhaltóir. Nuair atá glao teileafóin á thaifeadadh, nó nuair a d’fhéadfaí é a thaifeadadh, cuirfidh an trádálaí an méid sin in iúl don tomhaltóir freisin.

4.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás cumarsáid guth-theileafónaíochta dá dtagraítear i mír 3, má aontaíonn an tomhaltóir go sainráite, féadfaidh an trádálaí gan ach an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (f), (g), (k) agus (p) de mhír 1 a sholáthar sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcianchonradh. I gcás den sórt sin, cuirfidh an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas faoi chineál agus infhaighteacht na faisnéise eile dá dtagraítear i mír 1. Soláthróidh an trádálaí an fhaisnéis eile sin a cheanglaítear le mír 1 ar mheán marthanach díreach tar éis thabhairt i gcrích an chianchonartha.

5.   I gcás ina soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i dtréimhse is gairide ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcianchonradh, ceanglóidh na Ballstáit ar an trádálaí meabhrúchán a sheoladh chuig an tomhaltóir á rá gur féidir tarraingt siar as an gcianchonradh agus faoin nós imeachta atá le leanúint chun tarraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 16b. Cuirfear an meabhrúchán sin ar fáil don tomhaltóir, ar mheán marthanach, idir lá amháin agus 7 lá tar éis thabhairt i gcrích an chianchonartha.

6.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 don tomhaltóir ar mheán marthanach agus beidh sí éasca le léamh.

Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin, i bhformáid iomchuí, inrochtana do thomhaltóirí faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil lagú amhairc orthu.

7.   Cé is moite den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (f), (g), (k), agus (p), ceadófar don trádálaí faisnéis a shrathú i gcás ina soláthrófar í trí mhodh leictreonach.

I gcás ina ndéantar an fhaisnéis a shrathú, beidh sé indéanta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fheiceáil, a shábháil agus a phriontáil mar dhoiciméad aonair amháin.

I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an trádálaí go dtabharfar an fhaisnéis réamhchonarthach uile dá dtagraítear i mír 1 don tomhaltóir sula dtabharfar an cianchonradh i gcrích.

8.   Agus cinneadh á dhéanamh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais faisnéise a leagtar síos san Airteagal seo, is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais.

9.   Forálacha maidir le ceanglais faisnéise réamhchonarthach a bhí ann roimhe seo atá níos déine ná na forálacha dá dtagraítear san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit na forálacha sin a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, i gcás ina mbeidh na forálacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

10.   I gcás ina bhfuil rialacha i ngníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar don tomhaltóir sula dtabharfar an conradh i gcrích, ní bheidh feidhm maidir leis na seirbhísí airgeadais sonracha sin ach ag rialacha an ghnímh sin de chuid an Aontais, gan beann ar a mhionsonraithe atá na rialacha sin, mura bhforáiltear dá mhalairt sa ghníomh sin de chuid an Aontais.

I gcás nach bhfuil rialacha maidir le faisnéis faoin gceart chun tarraingt siar sa ghníomh eile sin de chuid an Aontais, cuirfidh an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas faoi cheart den sórt sin a bheith ann nó gan a bheith ann i gcomhréir le mír 1, pointe (p).

Airteagal 16b

Ceart chun tarraingt siar as cianchonarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh tréimhse 14 lá féilire ag an tomhaltóir chun tarraingt siar as conradh gan phionós agus gan cúis a thabhairt. Cuirfear síneadh 30 lá féilire leis an tréimhse sin i gcás cianchonarthaí a bhaineann le hoibríochtaí pinsin phearsanta.

Tosóidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó cheachtar de na laethanta seo a leanas:

(a)

ón lá a thugtar an cianchonradh i gcrích; nó

(b)

ón lá a fhaigheann an tomhaltóir na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 16a, más déanaí an lá sin ná an dáta i bpointe (a) den fhomhír seo.

Mura bhfuil na téarmaí agus coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis faighte ag an tomhaltóir i gcomhréir le hAirteagal 16a, rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag, in aon chás, 12 mhí agus 14 lá tar éis an cianchonradh a thabhairt i gcrích. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás nár cuireadh an tomhaltóir ar an eolas ar chor ar bith faoina cheart nó faoina ceart chun tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 16a(1), pointe (p).

2.   Ní bheidh feidhm ag an gceart chun tarraingt siar maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí a mbraitheann a bpraghas ar luaineachtaí sa mhargadh airgeadais nach bhfuil smacht ag an trádálaí orthu, a d’fhéadfadh tarlú le linn na tréimhse tarraingt siar, mar shampla seirbhísí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

malairt eachtrach,

ionstraimí margaidh airgid,

urrúis inaistrithe,

aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta,

conarthaí todhchaíochtaí airgeadais, lena n-áirítear ionstraimí coibhéiseacha airgeadsocraithe,

comhaontuithe ar réamhráta úis (FRAnna),

babhtálacha rátaí úis, airgeadra agus cothromais,

roghanna chun aon ionstraimí dá dtagraítear sa phointe seo a fháil nó a dhiúscairt, lena n-áirítear ionstraimí coibhéiseacha airgeadsocraithe. Áirítear sa chatagóir sin roghanna maidir le rátaí airgeadra agus rátaí úis go háirithe;

(b)

polasaithe taistil agus polasaithe árachais bagáiste nó polasaithe árachais gearrthéarmacha comhchosúla nach faide ná aon mhí amháin iad;

(c)

conarthaí a bhfuil a bhfeidhmiú curtha i gcrích go hiomlán ag an dá pháirtí ar iarraidh shainráite an tomhaltóra sula bhfeidhmeoidh an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar.

3.   Measfar gur fheidhmigh an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar laistigh den tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 má sheol sé nó sí an teachtaireacht a bhaineann le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar sula ndeachaigh an tréimhse sin in éag.

4.   I gcás ina soláthraíonn an trádálaí nó tríú páirtí seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcianchonradh le haghaidh seirbhís airgeadais ar bhonn comhaontú idir tríú páirtí agus an trádálaí, ní bheidh an tomhaltóir faoi cheangal an chonartha choimhdigh má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar i gcomhréir leis an Airteagal seo. I gcás ina roghnóidh an tomhaltóir an conradh coimhdeach a fhoirceannadh, ní ghearrfar táille ar an tomhaltóir.

5.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena mbunaítear tréimhse nach bhféadfar tús a chur le comhlíonadh an chonartha lena linn.

6.   I gcás ina bhfuil rialacha maidir leis an gceart chun tarraingt siar i ngníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, ní bheidh feidhm ach ag rialacha an ghnímh sin de chuid an Aontais i dtaca leis an gceart chun tarraingt siar maidir leis na seirbhísí airgeadais sonracha sin, mura bhforáiltear dá mhalairt sa ghníomh eile sin de chuid an Aontais. I gcás ina dtugtar an ceart do na Ballstáit leis an ngníomh eile sin de chuid an Aontais roghnú idir an ceart chun tarraingt siar agus rogha mhalartach, ar nós tréimhse mhachnaimh, ní bheidh feidhm ach ag rialacha comhfhreagracha an ghnímh sin de chuid an Aontais maidir leis na seirbhísí airgeadais sonracha sin, mura bhforáiltear dá mhalairt sa ghníomh eile sin de chuid an Aontais.

7.   De mhaolú ar an Airteagal seo, ina ionad sin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú na forálacha seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí airgeadais seo a leanas i ndáil leis an gceart chun tarraingt siar nó tréimhse mhachnaimh:

(a)

Airteagal 14(6) de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) maidir le comhaontuithe creidmheasa atá díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach sin le hAirteagal 3(2) di; agus

(b)

Airteagail 26 agus 27 de Threoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) maidir le comhaontuithe creidmheasa atá díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach sin le hAirteagal 2(2) di.

Airteagal 16c

Íocaíocht as an tseirbhís a soláthraíodh roimh an tarraingt siar

1.   I gcás ina bhfeidhmeoidh an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar faoi Airteagal 16b, ní cheanglófar ar an tomhaltóir ach íoc as na seirbhísí a sholáthair an trádálaí i gcomhréir leis an gcianchonradh, agus as na seirbhísí sin amháin. Íocfaidh an tomhaltóir as na seirbhísí sin gan moill mhíchuí. Maidir le haon mhéid is iníoctha:

(a)

ní bheidh sé níos mó ná an méid atá i gcoibhneas le méid na seirbhíse a soláthraíodh cheana féin i gcomparáid le cumhdach iomlán an chianchonartha;

(b)

in aon chás, ní bheidh sé de mhéid a bhféadfaí tuiscint as gur pionós é.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach féidir a cheangal ar thomhaltóirí aon mhéid a íoc as tarraingt siar as conradh árachais.

3.   Ní fhéadfaidh an trádálaí a chur de cheangal ar an tomhaltóir aon mhéid a íoc ar bhonn mhír 1 den Airteagal seo ach amháin más féidir leis an trádálaí a chruthú gur cuireadh an méid is iníoctha in iúl go cuí don tomhaltóir, i gcomhréir le hAirteagal 16a(1), pointe (p). Ní fhéadfaidh an trádálaí ceangal a chur ar an tomhaltóir, áfach, íocaíocht den sórt sin a dhéanamh má chuir an trádálaí tús le feidhmiú an chonartha roimh dhul in éag na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 16b(1) gan iarraidh ón tomhaltóir a fháil roimh ré.

4.   Maidir le haon suim airgid atá faighte ag an trádálaí ón tomhaltóir i gcomhréir leis an gcianchonradh, tabharfaidh an trádálaí ar ais don tomhaltóir í gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 30 lá féilire ón dáta a fhaigheann an trádálaí an fógra um tharraingt siar, cé is moite den mhéid dá dtagraítear i mír 1.

5.   Tabharfaidh an tomhaltóir aon suim airgid atá faighte aige ón trádálaí ar ais dó gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 30 lá féilire ón dáta a sheolann an tomhaltóir an fógra maidir leis an tarraingt siar.

Airteagal 16d

Mínithe leordhóthanacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar thrádálaithe mínithe leordhóthanacha a sholáthar don tomhaltóir a bhaineann leis na conarthaí seirbhísí airgeadais atá beartaithe agus lena gcuirtear ar chumas an tomhaltóra a mheas an bhfuil an conradh atá beartaithe agus na seirbhísí coimhdeacha oiriúnaithe dá riachtanais agus dá staid airgeadais. Cuirfear mínithe den sórt sin ar fáil don tomhaltóir saor in aisce agus sula dtabharfar an conradh i gcrích. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna mínithe:

(a)

an fhaisnéis réamhchonarthach a cheanglaítear;

(b)

saintréithe bunriachtanacha an chonartha atá beartaithe, lena n-áirítear na seirbhísí coimhdeacha a d’fhéadfadh a bheith ann;

(c)

na héifeachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith ag an gconradh beartaithe ar an tomhaltóir, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar mhainneachtain íocaíochta nó íocaíocht dhéanach an tomhaltóra.

2.   Féadfaidh na Ballstáit an bealach a dtabharfar, chomh maith lena mhéid a thabharfar, na mínithe dá dtagraítear i mír 1 a shonrú. Féadfaidh na Ballstáit an bealach a dtabharfar, agus a mhéid a thabharfar, na mínithe a oiriúnú d’imthosca an cháis ina dtairgtear an tseirbhís airgeadais, don duine dá dtairgtear í agus do chineál na seirbhíse airgeadais a thairgtear.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-úsáidfidh an trádálaí uirlisí ar líne, go mbeidh sé de cheart ag an tomhaltóir idirghabháil dhaonna a iarraidh agus a fháil ag an gcéim réamhchonarthach agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo tar éis don chianchonradh a bheith tugtha i gcrích, sa teanga chéanna leis an teanga a úsáideadh don fhaisnéis réamhchonarthach arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 16a(1).

4.   Agus cinneadh á dhéanamh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais maidir le mínithe leordhóthanacha a leagtar síos san Airteagal seo, is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais.

5.   I gcás ina bhfuil, i ngníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear seirbhísí airgeadais sonracha, rialacha maidir le mínithe leordhóthanacha atá le soláthar don tomhaltóir, ní bheidh feidhm maidir leis na seirbhísí airgeadais sonracha sin ach ag na rialacha maidir le mínithe leordhóthanacha sa ghníomh sin de chuid an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt sa ghníomh sin de chuid an Aontais.

Airteagal 16e

Cosaint bhreise maidir le comhéadain ar líne

1.   Gan dochar do Threoir 2005/29/CE agus Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh trádálaithe, agus conarthaí seirbhísí airgeadais á dtabhairt i gcrích acu go cianda, a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(m) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), ar bhealach a ndéanfaí cumas tomhaltóirí ar faighteoirí a seirbhíse iad a mheabhlú nó a ionramháil, nó ar bhealach eile trína ndéanfaí a gcumas cinntí saora, feasacha a dhéanamh a shaobhadh nó a lagú. Go háirithe, glacfaidh na Ballstáit bearta lena dtabharfar aghaidh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar cheann amháin ar a laghad de na cleachtais seo a leanas a dhéanann trádálaithe:

(a)

tosaíocht níos mó a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ó thomhaltóirí ar faighteoirí a seirbhíse iad;

(b)

iarraidh a dhéanamh arís agus arís eile go ndéanfaidh tomhaltóirí ar faighteoirí a seirbhíse iad rogha a rinneadh cheana, go háirithe trí fhuinneog aníos a chuireann isteach ar an taithí úsáideora; nó

(c)

an nós imeachta chun seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh níos deacra ná an nós imeachta chun liostáil di.

2.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine maidir leis na ceanglais ar thrádálaithe a leagtar amach i mír 1 a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, i gcás ina mbeidh na forálacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(*1)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)."

(*2)  Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22)."

(*3)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le réadmhaoin chónaithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34)."

(*4)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE (IO L 2023/2225, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2225/oj)."

(*5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).’;"

(5)

in Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   Maidir le sáruithe ar na bearta arna nglacadh de bhun fhorálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1b) is infheidhme maidir le cianchonarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais tomhaltóirí, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, go n-áireofar iontu an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud.’

(6)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as aon cheann de na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 6(7), Airteagal 6(8), Airteagal 7(4), Airteagal 8(6), Airteagal 9(1a) agus (3), Airteagal 16, an dara mír agus an tríú mír, Airteagal 16a(2) agus (9), Airteagal 16b(7) agus Airteagal 16e, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 19 Nollaig 2025, agus faoi athruithe ar bith ina dhiaidh sin.’;

(7)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí agus athbhreithniú

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 19 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 19 Meitheamh 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Faoin 31 Iúil 2030, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear an fheidhm tarraingt siar, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin meastóireacht ar fheidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda san Aontas agus ar thionchar na Treorach seo ar dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 3

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2002/65/CE le héifeacht ón 19 Meitheamh 2026.

Is mar thagairtí do Threoir 2011/83/AE, arna leasú leis an Treoir seo, a dhéanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 139.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023.

(3)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 a bhaineann le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

(4)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(5)  Moladh ón gCoimisiún 2003/361/CE an 6 Bealtaine 2003 a bhaineann le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

(10)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(11)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(12)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2023/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/48/CE (IO L, 2023/2225, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2225/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(15)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 a bhaineann le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(16)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/83/AE mar a leanas:

In ‘A. Treoracha samplacha maidir le tarraingt siar’, faoin gceannteideal ‘Treoracha maidir le faisnéis a líonadh isteach’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad threoir 3:

‘[3]

Má tá tú faoi oibleagáid feidhm a sholáthar chun ligean don tomhaltóir tarraingt siar ón gconradh a tugadh i gcrích ar líne, cuir isteach an méid seo a leanas: ‘Is féidir leat do cheart chun tarraingt siar a fheidhmiú ar líne freisin ag [cuir isteach seoladh Idirlín nó míniú iomchuí eile ar an áit a bhfuil an fheidhm tarraingt siar ar fáil]. Má úsáideann tú an ghné shábháilteachta seo ar líne, seolfaimid admháil chugat ar mheán marthanach (e.g. trí ríomhphost) go bhfuarthas an tarraingt siar, lena n-áirítear an t-ábhar atá inti agus an dáta agus an t-am a cuireadh isteach é, gan mhoill’. Má thugann tú an rogha don tomhaltóir an fhaisnéis a líonadh agus a chur isteach go leictreonach ar do shuíomh gréasáin maidir lena tharraingt siar as an gconradh nó lena tarraingt siar as an gconradh, cuir isteach an méid seo a leanas: ‘Is féidir leat an fhoirm shamplach tarraingt siar nó aon ráiteas soiléir eile a líonadh isteach agus a chur isteach ar ár suíomh gréasáin [cuir isteach an seoladh idirlín]. Má thograíonn tú sin a dhéanamh, cuirfimid admháil chugat go bhfuarthas an t-iarratas ar tharraingt siar ar mheán marthanach (e.g. le ríomhphost) gan mhoill’.’.

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Treoir 2002/65/CE

Treoir 2011/83/AE, arna leasú leis an Treoir seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1b), an dara fomhír

Airteagal 1(2), an dara fomhír

Airteagal 3(1b), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (b)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 2, pointe (c)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (d)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (f)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (g)

Airteagal 3(1)

Airteagal 16a(1)

Airteagal 3(1), pointe 1(a), (b) agus (c)

Airteagal 16a(1), pointe (a) agus (b)

Airteagal 3(1), pointe 1(d)

Airteagal 16a(1), pointe (d)

Airteagal 3(1), pointe 1(e)

Airteagal 16a(1), pointe (e)

Airteagal 3(1), pointe 2(a)

Airteagal 16a(1), pointe (f)

Airteagal 3(1), pointe 2(b)

Airteagal 16a(1), pointe (g)

Airteagal 3(1), pointe 2(c)

Airteagal 16a(1), pointe (j)

Airteagal 3(1), pointe 2(d)

Airteagal 16a(1), pointe (k)

Airteagal 3(1), pointe 2(e)

Airteagal 16a(1), pointe (l)

Airteagal 3(1), pointe 2 (f)

Airteagal 16a(1), pointe (m)

Airteagal 3(1), pointe 2 (g)

Airteagal 16a(1), pointe (n)

Airteagal 3(1), pointe 3(a)

Airteagal 16a(1), pointe (p)

Airteagal 3(1), pointe 3(b)

Airteagal 16a(1), pointe (q)

Airteagal 3(1), pointe 3(c)

Airteagal 16a(1), pointe (r)

Airteagal 3(1), pointe 3(d)

Airteagal 16a(1), pointe (s)

Airteagal 3(1), pointe 3(e)

Airteagal 3(1), pointe 3(f)

Airteagal 16a(1), pointe (t)

Airteagal 3(1), pointe 3(g)

Airteagal 16a(1), pointe (u)

Airteagal 3(1), pointe 4(a)

Airteagal 16a(1), pointe (v)

Airteagal 3(1), pointe 4(b)

Airteagal 16a(1), pointe (w)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 16a(3)

Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (b), agus an dara fomhír

Airteagal 16a(4)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1) agus (5)

Airteagal 16a(10)

Airteagal 4 (2)

Airteagal 16a(9)

Airteagal 4(3) agus (4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 16a(1), an chéad fhomhír, (5) agus (6), an chéad fhomhír

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 16b(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 6(1), an dara fomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 16b(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 6(1), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 16b(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 6(1), an tríú fomhír

Airteagal 6(2), pointe (a)

Airteagal 16b(2), pointe (a)

Airteagal 6(2), pointe (b)

Airteagal 16b(2), pointe (b)

Airteagal 6(2), pointe (c)

Airteagal 16b(2), pointe (c)

Airteagal 6(3), (4), (5), (6), (7) agus (8)

Airteagal 7(1), foclaíocht tosaigh

Airteagal 16c(1), foclaíocht tosaigh

Airteagal 7(1), an chéad fhleasc

Airteagal 16c(1), pointe (a)

Airteagal 7(1), an dara fleasc

Airteagal 16c(1), pointe (b)

Airteagal 7(2)

Airteagal 16c(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 16c(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 16c(4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 16c(5)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11, an chéad mhír agus an tríú mír

Airteagal 24(1)

Airteagal 11, an dara mír

Airteagal 12(1)

Airteagal 25, an chéad mhír

Airteagal 12(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2673/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top